This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025XC06074
Publication of an application for registration of a geographical indication pursuant to Article 15(4) of Regulation (EU) 2024/1143 of the European Parliament and of the Council
Foilsiú iarratais ar chlárú táisc gheografaigh de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Foilsiú iarratais ar chlárú táisc gheografaigh de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2025/7497
IO C, C/2025/6074, 10.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6074/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6074 |
10.11.2025 |
Foilsiú iarratais ar chlárú táisc gheografaigh de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(C/2025/6074)
Laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
DOICIMÉAD AONAIR
Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i ndáil le táirgí talmhaíochta
‘Aitoo perunarieska’
Uimh. AE: PGI-FI-03318 — 13.8.2024
1. Ainm (nó ainmneacha)
‘Aitoo perunarieska’
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC ☐ TGFC ☒
3. Tír ar léi an limistéar geografach sainithe
An Fhionlainn
4. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta
4.1. Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir le ceannteideal agus cód na hAinmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143
19 — ULLMHÓIDÍ GRÁNACH, PLÚIR, STÁIRSE NÓ BAINNE; TÁIRGÍ CÓCAIRÍ TAOSRÁIN
1905 — Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus táirgí eile báicéirí, bíodh cócó iontu nó ná bíodh; abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá oiriúnach d’úsáid chógaisíochta, sliseoga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla
4.2. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe
Is arán leathan cruinn gan laibhín (‘rieska’) é ‘Aitoo perunarieska’, arb iad prátaí bruite neamhscafa an príomh-chomhábhar ann. In éineacht le prátaí, is éard atá sa taos plúr cruithneachta nó meascáin phlúir eile, ola ráibe nó ola cholsa, salann, mar aon le siúcra agus/nó calóga prátaí, b’fhéidir. Má theastaíonn dath nó blas breise, féadfar glasraí fréimhe eile, amhail cairéid, tornapaí, biatas nó svaeideanna úrghrátáilte, a chur isteach sa taos. Féadfar arán leathan ‘Aitoo perunarieska’ a dhéanamh i méideanna éagsúla agus as meascán plúir atá saor ó ghlútan freisin. Is éard a fhéadfaidh a bheith sa phlúr saor ó ghlútan a úsáidtear sa taos plúr ríse leis féin nó meascán roinnt plúr. Féadfaidh éagsúlacht a bheith i gcomhábhair an mheascáin plúir. Féadfar leasaitheach (sorbáit photaisiam nó eastóscán caor caorthainn) a úsáid chun a áirithiú go seasfaidh an táirge go maith.
‘Aitoo perunarieska’:
|
— |
bíonn sé breac, ós rud é go mbíonn blúirí craicinn prátaí sa taos. Bíonn spotaí le feiceáil ar an arán leathan tar éis na bácála freisin, go háirithe má bhí na craicne prátaí tiubh. |
|
— |
bíonn fíorbhlas agus fíorbholadh prátaí air. |
|
— |
bíonn sé dlúth ó thaobh raimhre de nuair a bhaintear greim as, ós rud é nach ndéantar an t-arán leathan a laibhíniú le giosta ná le haon oibreán ardaithe eile. |
4.3. Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le Tásc Geografach faoi Chosaint agus sa chás sin amháin)
—
4.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Táirgtear taos ‘Aitoo perunarieska’ agus ullmhaítear an t-arán leathan lena bhácáil sa limistéar geografach sainithe. Déantar an t-arán leathan a bhácáil a thapúla is féidir. Braitheann an clár bácála ar thiús agus méid an táirge atá le déanamh agus ar an oigheann a úsáidtear. Is é + 240-300 céim an teocht bhácála tháscach, agus is é 12-22 nóiméad an t-am bácála.
Ina theannta sin, féadfar arán leathan atá réidh le bácáil ach nach bhfuil cócaráilte a reo sa limistéar geografach sainithe agus féadfar é a iompar (agus é reoite) lasmuigh den limistéar geografach sainithe chun é a bhácáil.
4.5. Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Déantar ‘Aitoo perunarieska’ a phacáistiú agus é bácáilte nó reoite gan bheith cócaráilte sa limistéar geografach sainithe chun úire agus cáilíocht an táirge a áirithiú.
Má tá an t-arán leathan le díol scaoilte, moltar mála páipéir mar phacáistíocht. Arán leathan a sheachadtar go bialanna agus é úr, déantar é a sholáthar ag teocht an tseomra fhuar sa slabhra fuar agus i málaí plaisteacha.
4.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
5. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is éard atá i limistéar geografach ‘Aitoo perunarieska’ Pirkanmaa agus Kanta-Häme.
6. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an tásc geografach ‘Aitoo perunarieska’ bunaithe ar shainiúlacht an táirge, ar an saineolas is gá chun é a dhéanamh agus ar an gcáil atá air.
Cineál ar leith
Is táirge bácála ar leith é ‘Aitoo perunarieska’, toisc nach n-úsáidtear aon uisce, giosta, uibheacha ná táirgí déiríochta chun é a tháirgeadh. Ina theannta sin, tá ‘Aitoo perunarieska’ éagsúil le gach arán leathan eile a dhéantar san Fhionlainn ó thaobh a mhodha táirgthe, a uigeachta agus a bhlais de.
Tá rud ar leith faoi ‘Aitoo perunarieska’, is é sin go ndéantar na prátaí a úsáidtear mar chomhábhar a bhruith agus a bhrú agus iad neamhscafa, gan uisce a chur leo. Tugann sé sin saintréithe orgánaileipteacha tipiciúla an táirge dó, amhail fíorbhlas prátaí agus cuma bhreac mar gheall ar na blúirí craicinn prátaí. Mothaíonn an raimhre dlúth nuair a bhaintear plaic as an táirge, ós rud é nach ndéantar an t-arán leathan a laibhíniú le giosta ná le haon oibreán ardaithe eile.
Ní gá oibreáin frithdhonnaithe a úsáid le haghaidh na bprátaí a úsáidtear chun an táirge a ullmhú, ós rud é go gcosnaíonn an craiceann iad go dtí go ndéantar an taos, agus déantar an t-arán leathan a bhácáil ansin.
Más gá, féadfar leasaitheach (sorbáit photaisiam nó eastóscán caor caorthainn) a úsáid. Má tá an táirge saor ó bhreiseán agus más inmhianaithe seilfré is faide, ní mór é a choinneáil/a láimhsiú i slabhra fuar nó é a reo.
Saineolas
Nuair a tháirgtear ‘Aitoo perunarieska’, déantar an chainníocht leachta a choigeartú de réir shaintréithe sonracha taise an amhábhair prátaí. Teastaíonn saineolas chun taos aráin leathain a tháirgeadh a bhíonn ar cháilíocht aonfhoirmeach i gcónaí. Níl an cineál prátaí tábhachtach, toisc gur féidir an taos a chuimilt chun toradh aonchineálach a bhaint amach.
Is féidir siúcra a úsáid le linn na bácála chun blas aonfhoirmeach a choinneáil ar bun, ós rud é go n-athraíonn saintréithe na bprátaí sa trádstóras (éiríonn práta thart ar 10 % níos éadroime le linn na tréimhse trádstórála). Féadfar calóga prátaí a úsáid chun cion an ábhair thirim a mhéadú má tá na prátaí atá ar fáil ró-uisciúil chun iad a bhácáil.
Tar éis an taos a dhéanamh as na comhábhair, ní mór an t-arán leathan a bhácáil a luaithe is féidir sula n-éiríonn an taos rófhliuch. Ar an gcúis chéanna, ní féidir cainníochtaí móra taois a dhéanamh agus a stóráil. Tá an idirghníomhaíocht idir prátaí agus plúr cinntitheach maidir le huigeacht an taois. Briseann an plúr síos struchtúr ceallach na bprátaí agus, mura ndéantar an taos a bhácáil láithreach, éiríonn sé uisciúil agus cailleann sé a cháilíochtaí bácála. Chun é sin a bhainistiú, tá gá le tuiscint dhomhain ar airíonna ceimiceacha agus bitheolaíocha na gcomhábhar, agus mar gheall ar an ngné sin, is léir go bhfuil an táirge éagsúil leis an táirgeadh tionsclaíoch tapa. Déantar taos roinnt uaireanta sa lá má dhéantar go leor arán leathan a bhácáil.
Féadfar cainníochtaí beaga taois atá fágtha ón mbaisc bhácála roimhe a mheascadh leis an gcéad bhaisc eile. Féadfar méid beag taois atá fágtha faoi thráthnóna a stóráil i seomra fuar agus a úsáid le haghaidh thaos an lae dár gcionn. Tá an taos in ann reo a sheasamh freisin. Agus an taos á ullmhú, moltar taos reoite a úsáid le haghaidh cuid den bhaisc atá le táirgeadh agus an méid sin amháin.
Tosaíonn ullmhú an taois leis na prátaí a ní, iad a bhruith neamhscafa agus iad a fhuarú. Sula ndéantar an taos, féadfar na prátaí a mhionú nó féadfar iad a chur i meascthóir leis na comhábhair eile agus iad a mhionú. In éineacht leis na prátaí, cuirtear plúr leis an taos chun slaodacht a chruthú agus chun cion an ábhair thirim a mhéadú. Is iondúil go n-úsáidtear plúr cruithneachta, agus is féidir meascáin phlúir eile – amhail meascáin phlúir atá saor ó ghlútan – a úsáid freisin. Ina theannta sin, cuirtear ola ráibe nó ola cholsa, salann agus b’fhéidir siúcra agus/nó calóga prátaí leis an taos.
Déantar aon ghlasra fréimhe eile (cairéid, tornapaí, biatas nó svaeideanna) a úsáid/a chur leis an taos úrghrátáilte agus ní chócarálann siad go dtí go bhfuil siad san oigheann, in éineacht leis an arán leathan, murab ionann agus na prátaí, a bhruitear sula ndéantar an taos.
Chun an táirge a ullmhú, teastaíonn an-aire agus ceardaíocht chun a áirithiú go gcuirtear na prátaí agus an plúr le chéile ar bhealach comhréireach optamach. Cuireadh an t-eolas traidisiúnbhunaithe sin ar aghaidh agus is saineolas uathúil é nach féidir modhanna tionsclaíocha caighdeánaithe a chur ina ionad.
Féadfar an taos a mhúnlú de láimh ina gcodanna aráin leathain de mheáchan áirithe, a mhúnlaítear agus a leacaítear de láimh ansin go dtí go mbíonn siad tanaí. Féadfar rollóirí taois éagsúla a úsáid freisin chun arán leathan a bhfuil cruth aonfhoirmeach air a dhéanamh. Gearrtar an t-arán leathan as an mbileog taois a eascraíonn as sin le múnla cruinn.
Tar éis na bácála, fuaraítear an t-arán leathan sula ndéantar é a phacáistiú. Tá an fuarú tábhachtach, toisc go mbíonn an cion taise in arán leathan níos airde de ghnáth ná an cion taise in arán a cheannaítear ó shiopa.
Cáil
Tá aitheantas speisialta faighte ag cáilíocht ‘Aitoo perunarieska’. Mar shampla, mhol príomhchócaire Fionlannach a bhfuil aithne air inter alia mar gheall ar chláir theilifíse (e.g. mar bhreitheamh de chuid Master Chef Finland) an táirge mar a leanas: ‘Tá sé fíor-bhlasta ar fad le him. Arán bog agus blasta a bhfuil an méid salainn foirfe ann.’ (Sydän-Hämeen lehti, 2017)
I bhfíseán a d’fhoilsigh an miondíoltóir bia K-Citymarket in Pirkkala, moltar ‘Aitoo perunarieska’ mar a leanas: ‘Arán leathan úr ó Aitoo a chuirfeadh cúr le do bhéal. Déantar an t-arán leathan de láimh as prátaí nach féidir a dhíol i siopaí mar gheall ar a méid nó a gcruth ach ar comhábhar den scoth iad chun arán leathan a dhéanamh.’ (YouTube 19 Lúnasa 2020: https://www.youtube.com/watch?v=9uom1vczcRA)
In 2024, roghnaíodh ‘Aitoo perunarieska’ mar an t-arán leathan prátaí is fearr san Fhionlainn. Tagann an sliocht seo a leanas as an deimhniú oinigh: ‘Bíonn painéal blaiste Ghastranómachas na Fionlainne sa tóir ar tháirgí uathúla ceardaí, ar a bhfuil blas agus atá ar cháilíocht ar léir gur fearr iad ná táirgí bia eile sa chatagóir chéanna ar an margadh.’
Cuireadh an táirge i dtábhacht freisin in alt a foilsíodh san iris ar líne Viisi tähteä [‘Cúig réalta’] an 25 Deireadh Fómhair 2021, inar cuireadh i láthair raon na n-arán leathan táirgeora áitiúil, arbh é ‘Aitoo perunarieska’ ceann acu.
Is féidir ‘Aitoo perunarieska’ a riar ar bhealaí éagsúla. Is táirge veigeánach é ‘Aitoo perunarieska’ a dhíoltar úr. Baineadh uibheacha den oideas in 2020.
Tagairt d’fhoilsiú shonraíocht táirge an táisc gheografaigh
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6074/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)