Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex
Έγγραφο 52025XC00951
Publication of an application for registration of a name pursuant to Article 50(2), point (a), of Regulation (EU) No 1151/2012 of the European Parliament and of the Council on quality schemes for agricultural products and foodstuffs
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
C/2025/685
IO C, C/2025/951, 6.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/951/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/951 |
6.2.2025 |
Foilsiú iarratais ar chlárú ainm de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(C/2025/951)
Tar éis an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air nó uirthi i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Tá an tsonraíocht táirge a chomhlíonann Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 le fáil i gclár an Aontais um thásca geografacha.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Afyon Pastırması’
Uimh. AE: PGI-TR-03216-19.3.2024
TGFC (X) ATFC ()
1. Ainm nó ainmneacha (an ATFC nó an TGFC)
‘Afyon Pastırması’
2. Ballstát nó Tríú Tír
Poblacht na Tuirce
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó an táirge bia
3.1. Cineál an táirge (a liostaítear in Iarscríbhinn XI)
Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is táirge feola triomaithe é ‘Afyon Pastırması’ a fhaightear tar éis leasú (sailleadh), níochán, fáscadh, triomú, clúdach le feinigréag agus triomú a dhéanamh ar leadhbanna feola a thógtar ó na codanna boga de chonablach eallaigh agus conablach buabhaill Anatólach a ramhraítear ar feadh 3 mhí ar a laghad laistigh de theorainneacha chúige Afyonkarahisar. Úsáidtear feinigréag i leasú ‘Afyon Pastırması’, a ullmhaítear trí mheascán de phlúr síl feinigréig, piobar dearg púdraithe, gairleog, salann agus uisce a mheascadh chun sciodar tiubh a fháil.
Ag seo roinnt saintréithe comhdhéanaimh atá ag ‘Afyon Pastırması’.
Taisleach (%): ≤50
Salann (%) (mais in ábhar tirim): ≤8
Saill (%): ≤40
Nítrít sóidiam (mg/kg): ≤50
pH: 4,5-5,8
Ag seo roinnt saintréithe comhdhéanaimh atá ag an bhfheinigréag a úsáidtear in ‘Afyon Pastırması’.
Plúr síl feinigréig (%): ~25
Paiprice púdraithe (%): ~7
Gairleog (%): ~18
Uisce (%): ~60
Bíonn ‘Afyon Pastırması’ donn ar an taobh amuigh, mar gheall ar fheinigréag, agus donn dorcha scothdhearg ar an taobh istigh. Taobh istigh, d’fhéadfadh codanna bána a bheith ann de bharr na saille. Tá na dromchlaí uachtair agus íochtair éirithe cothrom mar gheall ar an mbrú a chuirtear orthu. Nuair a chuirtear slisne tanaí de ‘Afyon Pastırması’ sa bhéal, leánn sé go tapa. Murab ionann agus pastrami eile, níl cuimín ina chuid den fheinigréag a úsáidtear in ‘Afyon Pastırması’, mar sin is é blas na feola an blas is mó a fhaightear.
Tairgtear ‘Afyon Pastırması’ lena dhíol ina iomláine nó ina shlisní dar tiús 2-3 mm. Ag brath ar an éileamh ó chustaiméirí, baintear an ciseal feinigréig uaireanta roimh an bpacáistiú.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Toisc amháin a chuireann le saintréithe an táirge is ea an córas beathaithe eallaigh agus buabhall Anatólach. I dtáirgeadh ‘Afyon Pastırması’, úsáidtear feoil eallaigh agus buabhall Anatólach a bheathaítear i bhfeirmeacha oscailte agus dúnta ar feadh 3 mhí ar a laghad laistigh de theorainneacha chúige Afyonkarahisar. Beathaítear buabhaill Anatólacha agus eallach le farae de réir an tséasúir, le seamair thirim agus le giolcacha úra ar a dtugtar ‘ frig ’, a fhásann i mbogaigh. Beathaítear na hainmhithe i bhféaraigh, a bhfuil flóra uathúil acu. Bíonn flóra uathúil ag Afyonkarahisar ina fhéarach de thoradh na haeráide crua agus na ngnéithe geografacha a bhaineann leis. Tá 1 800 speiceas agus fospeiceas tacsain ann ar le 110 fine iad a aithnítear i bhflóra Afyonkarahisar. Ina theannta sin, tá 234 speiceas dhúchasacha in Afyonkarahisar. Níos tábhachtaí fós, an císte síolta poipín (a dtugann muintir na háite ‘haşkeş’ air) a chuimsítear sa chiondáil d’ainmhithe feola, cuireann sé le blas uathúil ‘Afyon Pastırması’.
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Is ceart gach próiseas a dhéanamh sa limistéar geografach a shonraítear in Airteagal 4. Maidir le táirgeadh ‘Afyon Pastırması’, ní mór ainmhithe feola a bheathú faoi dhálaí Afyonkarahisar ar feadh 3 mhí ar a laghad. Ní mór ainmhithe feola a mharú, an fheoil a bhaint le haghaidh pastrami, leasú (sailleadh), níochán, brú, triomú agus triomú i bhfeinigréag a dhéanamh laistigh de theorainneacha chúige Afyonkarahisar.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
---
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Sa bhreis ar an bhfaisnéis éigeantach dá bhforáiltear sa reachtaíocht maidir le lipéadú agus cur i láthair táirgí bia, ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar na lipéid:
|
— |
Ainm an ainmniúcháin ‘Afyon Pastırması’, |
|
— |
Trádainm agus seoladh nó ainm gairid agus seoladh nó marc cláraithe an táirgeora, |
|
— |
Lógó TGFC an Aontais Eorpaigh |
|
— |
An lógó seo a leanas:
|
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Is é cúige Afyonkarahisar an réigiún geografach ina dtáirgtear ‘Afyon Pastırması’ go hoifigiúil. Tá Afyonkarahisar suite ar imeall thiar theas an mhachaire a bhfuil an t-ainm céanna air i Roinn Lár-Iarthar na hAnatóile den Réigiún Aeigéach. Tá suíomh matamaiticiúil an chúige idir domhanleithead 37° 47’ agus 39° 12’ ó thuaidh agus idir domhanfhad 29° 50’ agus 31° 38’ soir. Tá cúige Afyonkarahisar timpeallaithe ag cúigí Uşak san iarthar, Kütahya san iarthuaisceart, Eskişehir sa tuaisceart, Konya san oirthear, Isparta san oirdheisceart, Burdur sa deisceart agus Denizli san iardheisceart. Tá 18 gceantar i gcúige Afyonkarahisar: Merkez, Başmakçı, Bayat, Bolvadin, Çay, Çobanlar, Dazkırı, Dinar, Emirdağ, Evciler, Hocalar, İhsaniye, İscehisar, Kızılören, Sandıklı, Sinanpaşa, Şuhut agus Sultandağı.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá ‘Afyon Pastırması’ á tháirgeadh go traidisiúnta i gcúige Afyonkarahisar leis na céadta blianta. Eascraíonn an nasc idir ‘Afyon Pastırması’ agus an limistéar geografach as cáil an táirge agus saineolas na dtáirgeoirí maidir leis na comhábhair a roghnú agus a ullmhú, na céimeanna éagsúla den phróiseas táirgthe lena n-áirithítear blas agus dea-bholadh sainiúil an táirge (lena n-áirítear roghnú na feola), agus córas beathaithe na n-ainmhithe.
Dealaítear ‘Afyon Pastırması’ ó chineálacha pastrami eile de chuid na Tuirce mar gheall ar a uigeacht níos boige agus a blas láidir feola. Is eolas áitiúil é go mbíonn uigeacht níos boige ann, rud atá fíor-riachtanach le haghaidh cáilíocht bia níos airde, mura n-úsáidtear ach na codanna is boige d’ainmhithe, amhail stéig muiníl, easna, gearrluan agus caoldroim, a fhaightear ó chuid uachtarach na n-ainmhithe feola agus arb iad na matáin nach bhfuil chomh gníomhach céanna. Nuair a chuirtear slisne tanaí de ‘Afyon Pastırması’ sa bhéal, tá coinne leis go leáfaidh sé go tapa; léirítear an blas coiteann áitiúil le húsáid níos lú spíosra, go háirithe gan aon úsáid a bhaint as cuimín i gcomparáid le cineálacha pastrami eile de chuid na Tuirce. Creidtear go gceiltear blas sainiúil ‘Afyon Pastırması’ má bhaintear ró-úsáid as spíosraí, go háirithe cuimín. Ar deireadh, cuireann córas beathaithe áitiúil na n-ainmhithe feola, go háirithe císte síolta poipín, atá saibhir in aigéid shailleacha neamhsháithithe, leis an ‘mblas feola’ sainiúil.
Go stairiúil, tá cúige Afyonkarahisar suite ar Bhóthar an tSíoda, an príomhbhealach trádála spíosraí le linn thréimhse na nOtamánach. Mar gheall ar an suíomh sin bhí rochtain éasca ag na táirgeoirí áitiúla ar spíosraí a úsáidtear in ‘Afyon Pastırması’, amhail púdar piobar dearg, cuimín agus piobar dubh.
Ina theannta sin, chuir suíomh geografach agus dálaí aeráide chúige Afyonkarahisar na dálaí is fearr ar fáil don talmhaíocht agus d’fheirmeoireacht ainmhithe ó bhí an chianaois ann. Tá an fheirmeoireacht ainmhithe ar cheann de shlite beatha tábhachtacha na ndaoine áitiúla leis na céadta blianta. Dá bhrí sin, roghnaítear go speisialta an fheoil a úsáidtear chun ‘Afyon Pastırması’ a tháirgeadh. Tacaíonn an aeráid agus an struchtúr ithreach freisin le fás méid suntasach barr foráiste (peasair, seamair, arbhar sadhlais agus coirm choiligh) sa réigiún, ar gné fíor-riachtanach é sin d’fheirmeoireacht ainmhithe.
Tá difríochtaí móra teochta (níos mó ná 10°C) idir lá agus oíche san fhómhar tábhachtach i dtáirgeadh rialaithe ‘Afyon Pastırması’. Tarlaíonn coipeadh agus triomú i rith an lae nuair a bhíonn na teochtaí ard (idir 19-25°C) agus tarlaíonn siad ar bhealach níos moille san oíche nuair a bhíonn na teochtaí íseal (idir 6-8°C). Bogann uisce sa chuid istigh den leadhb feola go dtí an dromchla san oíche agus cruthaíonn sé braoiníní uisce ar maidin, rud a éascaíonn triomú tapa an lá dar gcionn. Is í an tréimhse sin, ar a dtugtar ‘samhradh Pastirami’, an tréimhse ina dtiteann bogthaise choibhneasta an réigiúin faoi bhun 64 %.
Is cúige rathúil é Afyonkarahisar i dtéarmaí éagsúlachta plandaí. Is eol go bhfuil tuairim agus 2 000 tacsan scaipthe laistigh de theorainneacha na gcúigí. As na plandaí sin, is plandaí dúchasacha de chuid na Tuirce iad 330 díobh. In Afyonkarahisar, is iad na finte plandaí Asteraceae, Fabaceae, Lamiaceae agus Caryophyllaceae Verbascum agus an speiceas Astragalus na finte plandaí is forleithne. I measc na 330 speiceas sin, is speicis dhúchasacha Afyonkarahisar iad sé cheann díobh. Fásann na speicis dhúchasacha sin i móinéir ghlasa agus is iad an fhoinse beatha d’ainmhithe iad, agus tá blátholaí agus flavóin ina struchtúr ag roinnt speiceas, rud a chuireann le blas sainiúil ‘Afyon Pastırması’. Ina theannta sin, an císte a bhíonn fágtha tar éis phróiseáil na síolta poipín, úsáidtear é chun ainmhithe feola a bheathú sa réigiún, go háirithe buabhaill. Tá an Tuirc sa dara háit ar domhan i dtáirgeadh síolta poipín, agus í ag táirgeadh 12 240 tona agus limistéar táirgthe 26 501 ha aici (FAOSTAT, 2023). De réir shonraí 2022 ó Institiúid Staidrimh na Tuirce (TUIK), is é Afyonkarahisar an cúige is mó ina dtáirgtear síolta poipín sa Tuirc, ós rud é go leithdháiltear 31,3 % de limistéar an chúige le haghaidh táirgthe agus go dtáirgtear 34,9 % d’aschur na tíre ansin.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
Feasachán um Thásc Geografach Oifigiúil, Ainmniúchán Tionscnaimh agus Sainearra Traidisiúnta faoi Ráthaíocht de chuid Oifig Paitinne agus Trádmharcanna na Tuirce Uimh. 100 an 3 Bealtaine 2021, leathanach 118.
(1) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/951/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)