AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.12.2025
COM(2025) 989 final
2025/0419(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/956 a mhéid a bhaineann lena raon feidhme a leathnú chuig earraí iartheachtacha agus bearta frith-imchéimniúcháin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2025) 989 final} - {SWD(2025) 987 final} - {SWD(2025) 988 final} - {SWD(2025) 989 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tháinig Rialachán (AE) 2023/956 lena mbunaítear Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (‘an Rialachán maidir le SCCT’) i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2023. Áirithítear le SCCT nach mbainfear an bonn d’uaillmhian aeráide an Aontais mar gheall ar sceitheadh carbóin, rud a tharlaíonn nuair a aistríonn cuideachtaí atá bunaithe san Aontas táirgeadh earraí ar mór a lorg carbóin chuig tríú tíortha ag a bhfuil beartais aeráide nach bhfuil chomh dian céanna. Is féidir leis tarlú freisin nuair a chuirtear allmhairí atá níos saoire ach atá níos déine ar charbón in ionad tháirgí an Aontais. Dá bhrí sin, is é an toradh a bhíonn ar sceitheadh carbóin go n‑easáitítear astaíochtaí ón Aontas chuig tríú tíortha seachas an laghdú ar astaíochtaí carbóin domhanda a beartaíodh a bheith mar thoradh air. Tugann SCCT aghaidh ar an riosca sin trí earraí ag a bhfuil lorg mór carbóin agus a allmhairítear isteach san Aontas a chur faoi réir praghas carbóin atá coibhéiseach leis an bpraghas atá ar tháirgeoirí intíre faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (‘CTA AE’). Tar éis idirthréimhse is infheidhme ó mhí Dheireadh Fómhair 2023, cuirfear tús leis an gcéad chéim eile de SCCT i mí Eanáir 2026, agus déanfar praghsáil carbóin ar astaíochtaí leabaithe allmhairithe a thabhairt isteach de réir a chéile.
Is é cuspóir foriomlán an togra reachtaigh éifeachtacht SCCT a neartú, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an t‑athrú aeráide a chomhrac ar fud an domhain.
Chun cur chun feidhme éifeachtach SCCT a áirithiú, leasófar an Rialachán maidir le SCCT leis an togra chun aghaidh a thabhairt ar thrí phríomh-shaincheist. Ar an gcéad dul síos, leathnófar leis an togra raon feidhme SCCT chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin i gcás táirgí atá níos faide síos slabhra luacha na dtáirgí cruach agus alúmanaim atá faoi raon feidhme SCCT faoi láthair. Ar an dara dul síos, rachaidh an togra i ngleic le hiarrachtaí lena seachnaítear oibleagáid SCCT a chomhlíonadh. Ar an tríú dul síos, cuirfidh an togra feabhas ar na rialacha teicniúla maidir le hastaíochtaí a shannadh do leictreachas d’fhonn dícharbónú allmhairí leictreachais a spreagadh. I gcás inar gá, leis an togra cuirfear roinnt simplithe beaga agus feabhsuithe beaga ar chur i bhfeidhm an tsásra ar fáil freisin agus chun gurb ann do limistéar comhtháite SCCT le tíortha CSTE LEE.
Tá feidhm ag SCCT faoi láthair maidir le tacar teoranta earraí bunábhair, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán maidir le SCCT (alúmanam, stroighin, leictreachas, leasacháin, hidrigin, agus iarann agus cruach). Is minic a úsáidtear na bunábhair sin mar ionchuir idirmheánacha chun earraí níos faide síos an slabhra luacha (táirgí iartheachtacha) a tháirgeadh. Bíonn dé-bhrú costais roimh tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann na táirgí iartheachtacha sin, rud a spreagfadh athlonnú, agus dá bhrí sin bheadh an tAontas ag ‘onnmhairiú’ a astaíochtaí thar lear, rud a chuirfeadh éifeachtacht bheartas aeráide an Aontais ar neamhní. Ar an gcéad dul síos, le huaillmhian mhéadaithe aeráide an Aontais agus trí dheireadh a chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce faoi CTA AE, meastar go méadófar costas na n‑ábhar bunúsach a fhoinsítear ar bhonn intíre. Ar an dara dul síos, le céimniú isteach céimnitheach SCCT, meastar go méadófar costas na n‑ábhar bunúsach allmhairithe atá laistigh dá raon feidhme. Mar thoradh ar an dé-bhrú costais sin, is ag dul i méid atá an bhearna idir na costais charbóin iomlána a bhíonn ar tháirgeoirí iartheachtacha intíre agus na costais charbóin ar tháirgeoirí tríú tír. Mar thoradh air sin, tá baol suntasach sceite carbóin ann maidir le táirgí iartheachtacha áirithe.
Agus an riosca sin á aithint aige, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 30(3) den Rialachán maidir le SCCT táirgí iartheachtacha atá i mbaol sceite carbóin a shainaithint chun go bhféadfaí iad a chuimsiú faoi raon feidhme SCCT. Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Eorpach an Choimisiúin maidir le Cruach agus Miotail na cuspóirí maidir le raon feidhme SCCT a leathnú, ag díriú ar tháirgí iartheachtacha atá dian ar chruach agus ar alúmanam. I gcomhréir leis an gcuspóir sin agus bunaithe ar mheasúnú lena sainaithnítear na táirgí iartheachtacha is mó atá i mbaol sceite carbóin agus ina bhfuil sciar suntasach earraí SCCT, leathnófar leis an togra seo raon feidhme SCCT chuig táirgí iartheachtacha roghnaithe atá dian ar chruach agus ar alúmanam. Pléitear an fhéidearthacht leathnú chuig táirgí iartheachtacha in earnálacha SCCT eile a dhéanamh, eadhon iad siúd a bhaineann le stroighin, leasacháin agus hidrigin, sa tuarascáil athbhreithnithe ón gCoimisiún a leagtar amach faoi Airteagal 30(2) den Rialachán maidir le SCCT. Déanfar leathnú na n‑earraí sin a mheas in athbhreithniú reachtach amach anseo.
Sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail, leagadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le SCCT a imchéimniú agus a sheachaint, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht SCCT maidir leis an mbaol sceite carbóin a chosc. Leis an gcreat forfheidhmiúcháin SCCT atá ann faoi láthair, cuirtear roinnt coimircí frith-imchéimniúcháin ar fáil cheana féin, lena n‑áirítear chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí go ndéanfaí earraí a mhí-aicmiú agus a thearcdhearbhú. Mar sin féin, le linn na hidirthréimhse, chuir geallsealbhóirí éagsúla (lena n‑áirítear na húdaráis inniúla náisiúnta, na húdaráis chustaim, comhlachais ghnó, chomh maith le cuideachtaí aonair) ábhair imní in iúl nach bhfuil coimircí leordhóthanacha i Rialachán SCCT in aghaidh an riosca go ndéanfaí déine astaíochtaí a mhídhearbhú agus in aghaidh an riosca go mbeadh cleachtais mhí-úsáideacha ann. Tá forálacha sa togra atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.
Is léir ón taithí a fuarthas le cur chun feidhme SCCT le linn na hidirthréimhse agus ón aiseolas ó gheallsealbhóirí go bhfuil na rialacha maidir le hallmhairí leictreachais ródhocht. Go háirithe, ní aithnítear go leordhóthanach sa chreat atá ann faoi láthair an dul chun cinn atá déanta ag táirgeoirí leictreachais nach táirgeoirí de chuid an Aontais iad maidir lena nginiúint leictreachais a dhícharbónú, agus ar an gcaoi sin t déantar trádáil i leictreachas ísealcharbóin a dhíspreagadh agus gan ach dreasachtaí teoranta a chur ar fáil do tháirgeoirí leictreachais tríú tír chun astaíochtaí a laghdú. Tá dhá phríomhchúis leis na heasnaimh sin. Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le SCCT, ní léiríonn luachanna astaíochtaí réamhshocraithe le haghaidh allmhairí leictreachais ach an táirgeadh leictreachais ó bhreoslaí iontaise. Dá bhrí sin, leis na luachanna réamhshocraithe sin d’fhéadfaí rómheastachán a dhéanamh ar chion carbóin leictreachais ó thríú tíortha a onnmhairíonn cumhacht réasúnta glan chuig an Aontas. Ar an dara dul síos, is léir maidir leis na coinníollacha atá le comhlíonadh chun astaíochtaí leictreachais iarbhír a dhearbhú gur deacair iad a chomhlíonadh sa chleachtas. Tá forálacha sa togra chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.
Ar deireadh, leis an togra cuirfear feabhsuithe beaga ar chur i bhfeidhm an tsásra freisin, amhail síneadh a chur leis an bhféidearthacht atá ag na húdaráis inniúla náisiúnta ráthaíocht a iarraidh, a shoiléiriú go bhféadfaidh oibreoirí sonraí astaíochtaí fíoraithe a chomhroinnt le hoibreoirí eile, nó cuíchóiriú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar an dearbhóir SCCT údaraithe taifid a choinneáil.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
An togra, arb é is aidhm dó éifeachtacht SCCT a fheabhsú, cuideoidh sé lena áirithiú go mbainfidh an tAontas a chuspóirí uaillmhianacha aeráide amach. Leagtar síos leis an Dlí Aeráide Eorpach sprioc don Aontas atá ceangailteach ó thaobh dlí de, is é sin aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Níos luaithe i mbliana, mhol an Coimisiún Eorpach sprioc bhreise, is é sin laghdú 90 % a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2040. Leis an laghdú atá beartaithe ar líon foriomlán lamháltais CTA AE, meastar go méadófar an praghas carbóin a íoctar ar astaíochtaí san Aontas. Méadaíonn sé sin an gá atá le hionstraimí éifeachtacha inchreidte chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin. Cuireann bearna níos leithne sa chostas carbóin idir táirgeoirí intíre agus táirgeoirí tríú tír leis na rioscaí sceite carbóin iartheachtacha agus leis an riosca seachanta agus imchéimnithe araon.
Tá an togra ina chuid d’iarracht níos leithne chun éifeachtacht SCCT a neartú. Cuireann sé le Rialachán (AE) 2025/2083 a mhéid a bhaineann le SCCT a shimpliú agus a neartú trí shimplithe breise a chur ar fáil agus cuspóir comhshaoil an tsásra a chaomhnú freisin. Mar shampla, leis an togra seo feabhsófar na rialacha maidir le luachanna réamhshocraithe a úsáid le haghaidh allmhairí leictreachais, agus beidh sé níos éasca luachanna iarbhír le haghaidh leictreachais a dhearbhú freisin.
Rinne an Coimisiún athbhreithniú leathan ar SCCT freisin i gcomhréir le hAirteagal 30(2) den Rialachán maidir le SCCT. San athbhreithniú sin breithníodh an chaoi a d’oibrigh an sásra go dtí seo, rinneadh measúnú ar an gcaidreamh le tíortha i mbéal forbartha agus ar na tionchair ar na tíortha sin, lena n‑áirítear na tíortha is lú forbairt, agus breithnítear na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann. Rinneadh an fhéidearthacht SCCT a leathnú amach anseo chuig earnálacha eile CTA AE atá i mbaol sceite carbóin a mheas freisin san athbhreithniú, chomh maith le táirgí iartheachtacha in earnálacha eile (stroighin, leasacháin agus hidrigin). Ag an am céanna, tá sraith gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe á nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach ina leagfar amach na rialacha teicniúla maidir le feidhmiú SCCT ina raon feidhme reatha.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Is cuid den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan é an tionscnamh atá beartaithe agus tá sé ag teacht go dlúth le cuspóirí an Ghnímh um um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht atá ar na bacáin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an Rialachán maidir le SCCT bunaithe ar Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I gcomhréir le hAirteagail 191 agus 192(1) de CFAE, rannchuideoidh an tAontas, inter alia, le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, le bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, agus go háirithe leis an athrú aeráide a chomhrac.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Le SCCT, cruthaítear creat coiteann aonfhoirmeach chun a áirithiú gurb ann do choibhéis idir an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm i margadh inmheánach an Aontais agus an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí. Tá ríthábhacht le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach SCCT chun nach mbeidh aon earra a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas faoi réir SCCT. Braitheann éifeachtacht SCCT ar chomhartha aonfhoirmeach faoi phraghas an charbóin a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach le haghaidh na n‑earnálacha ábhartha ar fud Bhallstáit uile an Aontais. Ceanglaítear cur i bhfeidhm aonfhoirmeach den sórt sin freisin leis na leasuithe atá beartaithe ar an Rialachán maidir le SCCT.
Ní thugann neamhchosaintí éagsúla ar an mbaol sceite carbóin údar leordhóthanach le beart ar an leibhéal náisiúnta. Dírítear leis an sásra ar astaíochtaí a scaoiltear lasmuigh den Aontas agus, amhail CTA AE, baintear éifeachtúlacht níos fearr amach le SCCT nuair a chuirtear i bhfeidhm go haonfhoirmeach é ar scála níos leithne.
•Comhréireacht
Is é is aidhm don togra éifeachtacht an Rialacháin maidir le SCCT a neartú d’fhonn éifeachtacht agus sláine bheartais aeráide an Aontais a chaomhnú. An tráth céanna, ceapadh roghanna beartais d’fhonn teorainn a chur leis an tionchar ar an ualach riaracháin atá ar chuideachtaí, ar údaráis agus ar gheallsealbhóirí eile.
Leis an leathnú a beartaíodh ar raon feidhme SCCT chuig táirgí iartheachtacha atá dian ar chruach agus ar alúmanam, cuirtear le loighic an Rialacháin maidir le SCCT atá ann faoi láthair agus CTA AE, agus dírítear ar na táirgí agus ar na hearnálacha ina bhfuil na hastaíochtaí leabaithe is mó agus an baol sceite carbóin is airde. Ina theannta sin, mar a thuairiscítear i roinn 8.1 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra, rinneadh measúnú ar na roghanna beartais maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu i dtéarmaí castachta agus ualach riaracháin. Rinneadh meastóireacht air sin trí úsáid a bhaint as tacar táscairí éifeachtúlachta agus comhréireachta, lena n‑áirítear na hastaíochtaí iomlána táirgthe agus allmhairiúcháin in aghaidh an chóid AC agus táscaire lena ngabhtar comhdhéanamh ábhartha táirgí iartheachtacha. Baineann breis astaíochtaí leabaithe le táirgí a bhfuil sciar níos airde d’ábhair bhunúsacha ina meáchan i gcoibhneas le meáchan iomlán an táirge agus dá bhrí sin is iad is mó atá i mbaol sceite de ghnáth. Thairis sin, baineadh úsáid as táscairí chun a áirithiú go gcuirtear castacht na slabhraí soláthair san áireamh freisin agus earraí á roghnú. Ar an mbonn sin, leathnaítear leis an togra raon feidhme SCCT chuig táirgí iartheachtacha roghnaithe atá dian ar chruach agus ar alúmanam ar bhealach a uasmhéadaíonn na sochair chomhshaoil trí astaíochtaí breise a chumhdach, agus a theorannaíonn an t‑ualach riaracháin agus castachtaí d’allmhaireoirí agus d’oibreoirí tríú tír, a mhéid is féidir.
Leis an togra maidir leis an riosca imchéimniúcháin agus seachanta, cruthaítear cothromaíocht idir na riachtanais chun éifeachtacht SCCT a áirithiú agus chun castacht agus ualach riaracháin an tsásra a theorannú. Baintear leas as cur chuige solúbtha agus spriocdhírithe, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe, chun sainaithint a dhéanamh ar allmhairí atá i mbaol imchéimniúcháin nó cleachtais eile arb é seachaint oibleagáidí SCCT is aidhm dóibh, oibleagáidí ar cheart feidhm a bheith ag coinníollacha breise ina leith maidir le húsáid astaíochtaí iarbhír.
Leis an togra maidir le hallmhairí leictreachais, simpleofar na coinníollacha a bhaineann le luachanna astaíochta iarbhír a dhearbhú. Cuirfidh sé sin feabhas ar éifeachtacht SCCT chun dícharbónú i dtríú tíortha a dhreasú agus úsáid luachanna astaíochtaí iarbhír a dhéanamh níos indéanta do na geallsealbhóirí uile freisin. Ní chruthaíonn na hathruithe ar an gcur chuige maidir le luachanna réamhshocraithe le haghaidh allmhairí leictreachais aon chastacht bhreise d’allmhaireoirí ná d’oibreoirí tríú tír.
•An rogha ionstraime
Is gá an Rialachán maidir le SCCT a leasú chun críocha an togra. Leagtar síos leis na rialacha sonracha is gá chun an Rialachán maidir le SCCT a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ceanglaítear leis an Rialachán sin cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú aonfhoirmeach comhsheasmhach ar fud an Aontais chun cuspóirí Airteagal 32 (maidir le cur chuige coiteann i leith beartas eachtrach) agus Airteagal 207 CFAE (maidir le comhbheartais tráchtála agus trádála) a shaothrú.
Ar an gcúis sin, is le Rialachán is fearr is féidir cuspóirí an togra seo a shaothrú. Áiritheofar leis sin go mbeidh a fhorálacha infheidhme go díreach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Tá an togra ag brath ar an taithí a fuarthas agus an Rialachán maidir le SCCT á chur chun feidhme ó thosaigh an sásra d’fheidhm a bheith aige le linn a chéime idirthréimhsí ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
•Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí
Ó tháinig SCCT i bhfeidhm le linn a chéime idirthréimhsí an 1 Deireadh Fómhair 2023, tá seirbhísí an Choimisiúin ag dul i gcomhairle go leanúnach le geallsealbhóirí san Aontas agus i dtríú tíortha trí chainéil chumarsáide éagsúla. Rinneadh Glao ar Fhianaise agus comhairliúchán poiblí ón 1 Iúil go dtí an 26 Lúnasa 2025 maidir leis na topaicí seo a leanas: go leathnófaí an raon feidhme chuig táirgí iartheachtacha, riosca imchéimniúcháin agus cleachtais a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí SCCT, agus leictreachas. Bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí, measann formhór na ngeallsealbhóirí iartheachtacha go bhfuil baol sceite carbóin ann mar gheall ar SCCT in earnálacha iartheachtacha. Aontaíonn siad den chuid is mó ach SCCT a leathnú chuig táirgí iartheachtacha go laghdófaí an baol sceite carbóin sin, go bhfeabhsófaí beartas aeráide an Aontais, go gcuirfí nuálaíocht ísealcharbóin chun cinn agus go dtabharfaí spreagadh do thomhaltas táirgí ísealcharbóin san Aontas agus d’iarrachtaí domhanda praghsála carbóin araon. Thug formhór na bhfreagróirí le fios go bhfuil an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha atá ann faoi láthair i mbaol imchéimniúcháin, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint dá éifeachtacht. Thug formhór na bhfreagróirí le fios freisin nach iomchuí an mhodheolaíocht atá ann faoi láthair chun na luachanna réamhshocraithe le haghaidh leictreachais a ríomh toisc nach gcuirtear san áireamh leo leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí breosla neamhiontaise. Ina theannta sin, thug formhór na bhfreagróirí le fios gur gá simpliú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm i leictreachas allmhairithe.
Ina theannta sin, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i mbun comhairliúcháin fhorleathana le húdaráis phoiblí laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, chomh maith le hionadaithe tionscail, ionadaithe na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó idir-rialtasacha. Bhí siad sin i bhfoirm cruinnithe déthaobhacha, pléití sa ghrúpa saineolaithe SCCT, agallamh i gcomhthéacs staidéir atá tiomnaithe don raon feidhme a leathnú chuig táirgí iartheachtacha agus leictreachas, chomh maith le suirbhéanna ar na húdaráis inniúla náisiúnta agus ar na húdaráis chustaim i gcomhthéacs chreat bainistithe riosca SCCT.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Rinneadh an togra a mhionsaothrú ar bhonn roinnt staidéar agus comhairle ó shaineolaithe, ina ndearnadh anailís ar na roghanna deartha a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith lena thionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha.
Rinneadh staidéar tacaíochta tiomnaithe sular ullmhaíodh an togra, inar díríodh ar raon feidhme SCCT a leathnú chuig earraí iartheachtacha atá dian ar chruach agus ar alúmanam. Sa bhreis ar an staidéar sin, rinneadh samhaltú tiomnaithe ar na tionchair shocheacnamaíocha agus chomhshaoil le tacaíocht ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, agus rinne seirbhísí an Choimisiúin taighde fairsing deisce agus grinnanailís staidrimh. Thairis sin, rinneadh an fhaisnéis a bailíodh i gcomhthéacs staidéir earnála lena n‑áirítear staidéar ar leictreachas mar earra SCCT a mheas i gcomhthéacs an tionscnaimh.
Chun cur leis an anailís thuas, thug seirbhísí an Choimisiúin faoi chomhairliúcháin spriocdhírithe le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus leis na Ballstáit agus rinne siad malartuithe le geallsealbhóirí trí Ghrúpa Saineolaithe SCCT agus i gcruinnithe tiomnaithe le geallsealbhóirí. Rinne seirbhísí an Choimisiúin anailís freisin ar na sonraí a bailíodh trí thuarascáil ráithiúil SCCT arna thíolacadh ag dearbhóirí le linn na hidirthréimhse.
•Measúnú tionchair
D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach maille le forchoimeádais maidir leis an measúnú tionchair, agus bhí san áireamh ann moltaí maidir le feabhsúchán. Rinneadh an tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a athbhreithniú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin.
Leagtar amach sa mheasúnú tionchair na roghanna beartais a measadh i gcomhair leathnú iartheachtach, i gcomhair coimircí breise in aghaidh imchéimniú agus cleachtais a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí SCCT agus i gcomhair rialacha athbhreithnithe maidir leis na coinníollacha chun astaíochtaí leabaithe iarbhír i leictreachas allmhairithe a chur i bhfeidhm. Déantar meastóireacht sa mheasúnú ar na roghanna uile i dtéarmaí a éifeachtachtaí atá siad maidir le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ábhartha. Ina theannta sin, déantar cur síos ann ar thionchar na roghanna beartais féideartha ar tháscairí eacnamaíocha agus sóisialta agus ar an ualach riaracháin, agus ar deireadh ar an rogha ab fhearr. Cuirtear roghanna beartais i gcomparáid le cás bunlíne lena léirítear SCCT mar atá sa reachtaíocht faoi láthair. Áirítear sa chás bunlíne freisin cur chun feidhme ‘Oiriúnach do 55’, pacáiste an Aontais de bhearta aeráide, lena n‑áirítear deireadh a chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce faoi CTA AE. Thairis sin, glactar leis sa chás bunlíne go ndéanfar simpliú SCCT, a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2025, a chur chun feidhme lena n‑áirítear an tairseach mhaisbhunaithe de minimis 50 tona d’earraí SCCT in aghaidh an allmhaireora in aghaidh na bliana (i gcás ceithre chatagóir earraí SCCT).
Chun an raon feidhme a leathnú chuig táirgí iartheachtacha na mbunábhar cruach agus alúmanaim, measúnaíodh riosca sceite carbóin na dtáirgí trí úsáid a bhaint as dhá phríomhchritéar. Ar an gcéad dul síos, glacadh le déine trádála na n‑earraí mar ionadú ar a intrádála atá siad. Maidir le hearraí ar fusa iad a thrádáil, is mó an baol sceite carbóin a bhaineann leo tríd an táirgeadh a dhíláithriú nó allmhairí ó thríú tíortha a chur ina n‑ionad. Ar an dara dul síos, gabhtar le táscaire brú costais a oiread a spreagtar costais fhoriomlána earra iartheachtaigh, i gcomparáid lena bhreisluach foriomlán, de bharr costas carbóin ionchuir SCCT. Ina theannta sin, chun a áirithiú nach gcuirtear ar áireamh ach táirgí a mbaineann an ábharthacht aeráide is mó leo, rinneadh earraí faoi bhun íosráta sonraithe d’astaíochtaí leabaithe iomlána ar leibhéal na hearnála a eisiamh ón roghnú. Mar thoradh ar thairseacha éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh na gcritéar sin, bhí trí rogha ionadaíocha ann maidir le leathnú iartheachtach. Faoi Rogha 1 cumhdaítear leathnú spriocdhírithe a dhíríonn ar na hearraí lena mbaineann an riosca sceite carbóin agus an déine astaíochtaí is airde, agus orthu sin amháin. Faoi Rogha 2 cumhdaítear leathnú cothrom a dhíríonn ar earraí iartheachtacha lena mbaineann riosca agus ardleibhéal déine astaíochtaí. Faoi Rogha 3 cumhdaítear leathnú leathan chuig na hearraí iartheachtacha uile a mbaineann riosca leo.
Sa mheasúnú tionchair glactar leis gurb í rogha 2 an rogha ab fhearr, i bhfianaise an chuspóra na sochair chomhshaoil a uasmhéadú agus na costais a theorannú freisin i dtéarmaí castacht bhreise agus ualach riaracháin breise. Faoin rogha sin, is mó i bhfad na sochair chomhshaoil i dtéarmaí astaíochtaí a chumhdaítear, laghdú ar sceitheadh carbóin agus laghdú measta ar astaíochtaí ná na sochair faoi rogha 1. Ag an am céanna, tá na sochair chomhshaoil faoi rogha 2 cosúil leo siúd faoi rogha 3 agus tá na costais ionchasacha i bhfad níos teoranta. I gcomparáid le rogha 3, déanann rogha 2 difear do líon níos lú allmhaireoirí, cuimsítear líon níos lú cód AC nua léi agus baineann sí go ginearálta le hearraí a bhfuil castacht níos ísle ag baint leo maidir le hastaíochtaí leabaithe a ríomh.
Chun aghaidh a thabhairt thairis sin ar an mbaol sceite carbóin, cuireadh dhá phríomhrogha san áireamh maidir le dramh. Déantar foráil i Rogha 1 maidir le dramh réamhthomhaltais a áireamh i raon feidhme SCCT mar réamhtheachtaí SCCT. Áirítear le Rogha 2 dramh réamhthomhaltais agus iarthomhaltais araon mar réamhtheachtaithe SCCT. Sa mheasúnú tionchair glactar leis go léirítear an cur chuige foriomlán is fearr le rogha 1, nach ndíríonn ach ar réimsí ardriosca amháin chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a íoslaghdú. Go háirithe, measadh dá n‑áireofaí dramh iarthomhaltais mar réamhtheachtaí SCCT, rud a mholtar faoi rogha 2, go bhféadfaí an geilleagar ciorclach a dhídhreasú agus nach mbeadh sé comhsheasmhach le roinnt beartas de chuid an Aontais sa réimse sin.
Maidir le cleachtais imchéimnithe a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí SCCT, rinneadh dhá rogha beartais a mheas, a raibh tacar coiteann beart acu araon.
Is éard atá i gceist leis an tacar coiteann beart, ar an gcéad dul síos, an Coimisiún a chumhachtú chun cóid AC a mhionsonrú a thuilleadh chun gur fearr an ghabháil a dhéanfar ar chomhdhéanamh sonrach na dtáirgí éagsúla a thagann faoi aon chód AC ar leith faoi raon feidhme SCCT. Leis an gcumhachtú sin, beifear in ann comhdhéanaimh ábhartha táirgí laistigh den chód AC céanna a ghabháil. Ar an dara dul síos, tugtar de chumhacht don Choimisiún coinníollacha breise a chur i gceangal le húsáid astaíochtaí iarbhír le haghaidh cóid AC áirithe/suiteálacha tríú tíortha i gcás ina bhfuil ardriosca cleachtas mí-úsáideach ann. Leis sin, beifear in ann coinníollacha breise a thabhairt isteach a bheidh le comhlíonadh chun úsáid a bhaint as luachanna fíoraithe iarbhír a bhaineann le cásanna sonracha earraí, chomh maith le fianaise lena léirítear nár tháinig na cleachtais mhí-úsáideacha chun cinn. Ba cheart na coinníollacha agus an fhianaise sin a dhearadh ar bhealach atá comhréireach, agus nach gcuireann ualach gan ghá ar oibreoirí ná ar allmhaireoirí.
Moltar i Rogha 1 dramh réamhthomhaltais alúmanaim agus cruach a áireamh mar réamhtheachtaí, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí astaíochtaí a shannadh do dhramh mar réamhtheachtaí. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin fianaise bhreise a iarraidh chun an láthair táirgthe a chruthú, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar an riosca go ndéanfar déine astaíochtaí a mhídhearbhú mar gheall ar an easpa inrianaitheachta. Dhíreofaí an ceanglas fianaise bhreise a sholáthar ar allmhairí de chóid AC shonracha agus ar thionscnaimh shonracha, agus an riosca imchéimniúcháin is ábhartha ann mar gheall ar mhídhearbhú déine astaíochtaí.
Cuireann Rogha 2 le Rogha 1, ach leathnaítear raon feidhme a beart beartais a thuilleadh. Anuas ar dhramh réamhthomhaltais, d’áireofaí dramh iarthomhaltais mar réamhtheachtaí SCCT faoin rogha sin freisin. Bheadh feidhm ag an gceanglas fianaise bhreise ar an láthair táirgthe a sholáthar maidir le gach cód AC agus gach tionscnamh. Dá bhrí sin, dhéanfadh sé difear do na dearbhuithe SCCT uile a bhraitheann ar luachanna iarbhír i gcás astaíochtaí.
Is í Rogha 1 an rogha thosaíochta mar gheall ar a cur chuige cothrom comhréireach lenar féidir aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar rioscaí imchéimnithe.
Breithníodh ceithre rogha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh maidir leis an gcaoi a gcaitear le hallmhairí leictreachais. Tá difríochtaí idir na roghanna sin maidir leis an modheolaíocht a úsáidtear chun an fachtóir astaíochta a ríomh agus na coinníollacha chun luachanna iarbhír a dhearbhú. Cumhdaítear leo na teaglaim éagsúla de dhá phríomhrogha beartais: (i) an cur chuige atá ann faoi láthair a choinneáil maidir le fachtóir astaíochta CO2 atá bunaithe ar bhreosla iontaise de chuid na tíre is onnmhaireoir nó maidir le hathrú go meánfhachtóir astaíochta eangaí de chuid na tíre is onnmhaireoir; (ii) an critéar a bhaineann le plódú a mhodhnú trí thagairt a dhéanamh don easpa plódaithe struchtúraigh, nó é a bhaint ar fad. Ina theannta sin, tá dhá ghné a bhfuil feidhm acu maidir le gach rogha freisin. Ar an gcéad dul síos, tá critéar modhnaithe ann lena soiléirítear nach n‑áirítear i gcomhaontuithe ceannaigh cumhachta (CCCanna) ach CCCanna fisiceacha cé go gceadaítear CCCanna indíreacha a úsáid freisin. Ar an dara dul síos, modhnaítear an coinníoll a bhaineann le hainmniú na hacmhainneachta, agus níl feidhm aige ach amháin i gcás leithdháileadh acmhainneachta sainráite.
Is é an rogha ab fhearr maidir le hallmhairí leictreachais athrú go meánfhachtóir astaíochta eangaí i gcás tíortha onnmhairiúcháin agus deireadh a chur leis an gcritéar maidir le luachanna astaíochta iarbhír a bhaineann le plódú a úsáid. Is fearr a léireoidh an meánfhachtóir astaíochta eangaí treocht dícharbónúcháin na tíre tionscnaimh, ós rud é go gcuirfear leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite san áireamh freisin. In éineacht leis na hathruithe ar na coinníollacha a bhaineann le CCCanna agus ainmniú acmhainneachta, éascófar tuairisciú luachanna iarbhír a thuilleadh trí dheireadh a chur leis an gcoinníoll maidir le heaspa plódú líonra.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Le leathnú raon feidhme SCCT chuig táirgí iartheachtacha atá dian ar chruach agus ar alúmanam baintear tairbhe as simpliú an tsásra a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2025. Leis an tairseach de minimis 50 tona d’earraí SCCT allmhairithe, eisiatar thart ar 182,000 allmhaireoir ó raon feidhme SCCT atá ann faoi láthair, rud a laghdaíonn an costas riaracháin d’allmhaireoirí faoi thart ar EUR 1,123 milliún in aghaidh na bliana. Téann an tairseach de minimis chun tairbhe d’allmhaireoirí iartheachtacha freisin, agus eisiatar ó oibleagáidí SCCT níos mó ná 90 % d’allmhaireoirí atá gníomhach in earnálacha a chumhdaítear leis an leathnú faoin togra seo agus coinnítear os cionn 99 % d’astaíochtaí faoin raon feidhme freisin.
Rinneadh measúnú cúramach ar thionchar gach rogha beartais a cuireadh san áireamh (a dtugtar tuairisc orthu sa roinn maidir le measúnaithe tionchair) maidir lena dtionchar ar an ualach riaracháin. Roghnaíodh an pacáiste beartas a áirítear sa togra seo trí na sochair chomhshaoil a chur sa mheá leis an ngá atá ann an t‑ualach riaracháin breise a theorannú agus gan SCCT a dhéanamh níos coimpléascaí. Tugtar tuairisc air sin freisin sa roinn maidir le comhréireacht agus san achoimre ar an measúnú tionchair sa mheabhrán seo.
Tá tionchar measartha ag leathnú iartheachtach SCCT ar an líon allmhaireoirí ar FBManna iad (agus táirgeoirí tríú tír ar FBManna iad) a tugadh isteach i raon feidhme SCCT, agus is FBManna iad thart ar leath na n‑allmhaireoirí nua i raon feidhme SCCT. San iomlán, is é an toradh atá air go mbeidh thart ar 3,800-3,900 FBM breise ann ar a mbeidh oibleagáidí SCCT.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, rannchuidítear leis an gcuspóir maidir le hardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níor díríodh sa leathnú iartheachtach ar ioncam a ghiniúint ach ar éifeachtacht SCCT a neartú ó thaobh aeráide de maidir le sceitheadh carbóin a chosc. De réir an mheasúnaithe tionchair, meastar go nginfidh an togra thart ar EUR 0,58 billiún d’ioncam bliantúil faoi 2030. Tar éis 2030, ós rud é go bhfuiltear ag cur deireadh de réir a chéile le leithdháiltí saor in aisce faoi CTA AE agus go bhfuil SCCT á chéimniú isteach, ba cheart go leanfadh an t‑ioncam de bheith ag méadú, go dtí thart ar EUR 0,69 billiún faoi 2035. Meastar gurb ionann an tionchar ar bhuiséad an Aontais agus EUR 0.2 billiún ar an meán in aghaidh na bliana i gcaitheamh ba tréimhse 2028-2034 de réir an togra ón gCoimisiún le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034.
Rannchuideoidh na bearta atáthar a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí seachanta agus imchéimnithe chun a áirithiú go dtiocfaidh na hioncaim réamh-mheasta chun cinn sa chleachtas.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá idirthréimhse SCCT infheidhme go dtí deireadh 2025, agus cuirfear tús leis an gcéim chinntitheach in 2026.
Roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus i gcomhréir le hAirteagal 30(2) de Rialachán SCCT, tá an Coimisiún le tuarascáil chuimsitheach athbhreithnithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón idirthréimhse. Leagfar amach sa tuarascáil sin freisin na céimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo chun athbhreithnithe breise a dhéanamh agus an raon feidhme a leathnú. Ina theannta sin, tá an Coimisiún Eorpach ag ullmhú chun sraith gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh ina leagfar amach na rialacha teicniúla maidir le feidhmiú SCCT sa raon feidhme de atá i bhfeidhm faoi láthair.
Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme SCCT agus tuairisceoidh sé ina leith i gcomhréir le ceanglais an rialacháin maidir le SCCT.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Déantar leis an Rialachán seo na leasuithe seo a leanas ar Rialachán (AE) 2023/956:
Soiléirítear le hAirteagal 1(1) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 tráth a ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin a mhodhnú dá réir.
Foráiltear le hAirteagal 1(1), pointí (c) agus (d) maidir leis an bhféidearthacht trasuí acquis ábhartha an mhargaidh leictreachais a aithint, chun críche comhtháthú margaidh leictreachais tríú tír i margadh leictreachais an Aontais trí mhargadhchúpláil a iarraidh, trí bhíthin Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus na tríú tíortha.
Déantar foráil in Airteagal 1(1), pointe (e), agus (19) maidir leis an bhféidearthacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i nós imeachta práinne chun tríú tír nó críoch a chur le liosta na dtríú tíortha díolmhaithe nó na gcríoch díolmhaithe in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2023/956.
Foráiltear le hAirteagal 1(1), pointe (e) go bhféadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha chun sásra praghsála carbóin a chur san áireamh agus chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do chomhlachtaí creidiúnaithe.
Le hAirteagal 1(3), (5), pointí (a)(2) agus (c), agus (8), pointí (b) agus (c), tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena gceanglaítear, i gcásanna ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann a léiríonn go bhfuil ardriosca cleachtas mí-úsáideach ann, go gcuirfear fianaise bhreise ar fáil chun a léiriú nár tháinig cleachtais mhí-úsáideacha den sórt sin chun cinn.
Le hAirteagal 1(2), (6), pointe (c), (21) go (23), pointe (b), leathnaítear raon feidhme Rialachán (AE) 2023/956 chuig earraí iartheachtacha áirithe atá dian ar chruach agus ar alúmanam agus soláthraítear an fhéidearthacht corrlach céimnithe isteach a chur i bhfeidhm maidir le cuid de na hearraí sin.
Le hAirteagal 1(4) cuirtear isteach ceanglas ar an ionadaí custaim indíreach a bhfuil iarratas ar údarú á dhéanamh aige uimhir EORI nó uimhir aitheantais náisiúnta eile na n‑allmhaireoirí a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu a léiriú ina iarratas.
Le hAirteagal 1(5), pointe (a)(1), agus (8), pointe (a), déantar foráil maidir le clárú an oibreora i gclárlann SCCT chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh ar bhonn astaíochtaí fíoraithe iarbhír.
Le hAirteagal 1(5), pointí (b) agus (c), ceanglaítear ar an dearbhóir SCCT údaraithe fianaise a sholáthar, i gcás inarb infheidhme, ar láthair táirgthe agus am táirgthe na n‑earraí a dhearbhaítear ar bhonn na n‑astaíochtaí iarbhír.
Le hAirteagal 1(5), pointe (b), soiléirítear go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na nósanna imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT.
Le hAirteagal 1(6), pointe (a), agus (24), déantar foráil maidir le hábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a áireamh sa mhodheolaíocht chun astaíochtaí leabaithe in earraí a chinneadh.
Le hAirteagal 1(6), pointe (b), (8), pointe (d), agus (23), soláthraítear deis don oibreoir gan ach fothacar a nochtadh don dearbhóir SCCT údaraithe de na heilimintí sonraí a cheanglaítear chun astaíochtaí iarbhír a thuairisciú, a ríomh agus a fhíorú.
Le hAirteagal 1(7) soiléirítear go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na coinníollacha chun fionnadh a dhéanamh ar cháilíochtaí an duine neamhspleách atá freagrach as deimhniú an phraghais carbóin a íocadh, lena n‑áirítear creidiúnú arna dheonú ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta.
Le hAirteagal 1(9), pointe (b) soiléirítear go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cuntas a thabhairt ar an bpraghas carbóin a íocadh thar lear ar bhonn phrionsabal na coibhéise agus na hiarrachtaí a rinneadh maidir le creidmheasanna carbóin á gcur san áireamh.
Le hAirteagal 1(8), pointe (c), soiléirítear go bhféadfaidh oibreoir faisnéis a bhaineann le fíorú astaíochtaí atá leabaithe in ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a nochtadh d’oibreoir eile.
Le hAirteagal 1(9) ceadaítear d’údaráis inniúla a cheangal go soláthrófar ráthaíocht i gcásanna breise agus í a úsáid, i gcás nach dtugann an dearbhóir SCCT údaraithe suas an méid leordhóthanach deimhnithe SCCT, chun aon choigeartú airgeadais gan íoc a aisghabháil.
Le hAirteagal 1(10) soiléirítear go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na nósanna imeachta fíorúcháin a bheidh le húsáid ag fíoraitheoirí.
Le hAirteagal 1(11) soiléirítear go bhféadfaidh an Coimisiún nó an t‑údarás inniúil, mar chuid den athbhreithniú ar dhearbhú SCCT, a iarraidh ar an dearbhóir SCCT údaraithe fianaise a sholáthar gur sa tsuiteáil dhearbhaithe a táirgeadh na hearraí allmhairithe, agus maidir leis an tréimhse táirgthe dhearbhaithe.
Foráiltear le hAirteagal 1(12) riail shonrach ríomha maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT i gcás nach bhfuil ach ceant amháin ar siúl ar an ardán ceantála.
Le hAirteagal 1(13) soiléirítear gur ar thimthriall bliantúil a bhunaítear an ceanglas atá ar dhearbhóirí SCCT údaraithe a áirithiú go gcomhfhreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a gcuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe do 50 % ar a laghad, dá bhrí sin ba cheart dó deimhnithe ríofa ráithiúla a ceannaíodh le linn blianta eile seachas an bhliain féilire a eisiamh.
Le hAirteagal 1(14) déantar an próiseas athcheannaigh a chuíchóiriú trí dheireadh a chur le rannpháirtíocht an Choimisiúin sa phróiseas athcheannaigh.
Le hAirteagal 1(15), pointe (a), soiléirítear ról uimhir chuntais SCCT maidir le cinneadh an duine atá freagrach as oibleagáidí SCCT a ghlacadh.
Le hAirteagal 1(15), pointí (b) agus (c), ceadaítear d’údaráis inniúla fíorú ar chruinneas na sonraí agus na faisnéise custaim ábhartha a chuirtear in iúl trí chlárlann SCCT a iarraidh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainaithnítear comhdhéanaimh ábhair agus cheimiceacha earra agus ceadaítear d’údaráis chustaim an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún.
Le hAirteagal 1(15), pointí (a) agus (d), tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainaithnítear comhdhéanaimh ábhair agus cheimiceacha earra agus ceadaítear d’údaráis chustaim an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún.
Le hAirteagal 1(16) sainítear cleachtas nua imchéimnithe arb é atá ann slabhraí soláthair earraí a choigeartú go saorga chun tairbhe a bhaint as luach réamhshocraithe níos ísle.
Le hAirteagal 1(17) tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun earra a bhaint d’Iarscríbhinn I i gcás imthosca tromchúiseacha gan choinne a dhéanann díobháil thromchúiseach do mhargadh inmheánach an Aontais.
Le hAirteagal 1(18), leasaítear na cumhachtuithe a thug na comhreachtóirí don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i bhfianaise na simplithe a dhéantar leis an togra seo.
Le hAirteagal 1(20) soiléirítear gur cheart, sa tuarascáil ina ndéantar meastóireacht ar fheidhmiú SCCT, measúnú a dhéanamh ar thionchar SCCT ar earnálacha a chumhdófar amach anseo, agus go bhféadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.
Le hAirteagal 1(22) athraítear an fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachas allmhairithe chun an leictreachas a tháirgtear ó gach foinse a chur san áireamh. Athraítear leis freisin na coinníollacha chun astaíochtaí leabaithe iarbhír i leictreachas allmhairithe a chur i bhfeidhm chun iad a dhéanamh níos solúbtha.
Tá forálacha in Airteagal 2 maidir le teacht i bhfeidhm na mbeart atá beartaithe agus maidir lena gcur i bhfeidhm. Chun go bhféadfar na chéad dearbhuithe SCCT a chur isteach go tráthúil faoin 30 Meán Fómhair 2027 beidh feidhm, maidir le hallmhairí leictreachais a tharla ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ag na hathruithe ar an modh a úsáidtear chun an fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachas allmhairithe a ríomh agus ar na coinníollacha chun astaíochtaí leabaithe iarbhír i leictreachas allmhairithe a chur i bhfeidhm. Maidir leis na hathruithe a cheanglaítear a chur chun feidhme i gclárlann SCCT nó a lainseáil ag tús na bliana féilire, lena n‑áirítear an raon feidhme a leathnú chuig táirgí iartheachtacha, beidh feidhm acu an 1 Eanáir 2028.
2025/0419 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/956 a mhéid a bhaineann lena raon feidhme a leathnú chuig earraí iartheachtacha agus bearta frith-imchéimniúcháin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ceapadh Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar dtús agus raon feidhme teoranta aige, ag cumhdach na n‑earraí sin a bhfuil an neamhchosaint is mó acu i leith riosca sceite carbóin agus arb iad is déine ó thaobh carbóin de. Ba cheart raon feidhme an Rialacháin sin a leathnú de réir a chéile chun táirgí a chumhdach atá níos faide síos slabhra luacha na n‑earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.
(2)Ina Theachtaireacht dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail’, leag an Coimisiún amach na cuspóirí a bhaineann le raon feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) a leathnú chuig táirgí iartheachtacha áirithe atá dian ar chruach agus ar alúmanam, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an riosca imchéimniúcháin agus ar chleachtais a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí SCCT, lena n‑áirítear earraí atá dian ar astaíochtaí ísle á n‑atreorú ag tríú tíortha chuig margadh an Aontais in éagmais iarrachtaí chun a dtáirgeadh ina iomláine a dhícharbónú.
(3)Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag SCCT dreasachtaí a chruthú chun go ndéanfaidh oibreoirí i dtríú tíortha astaíochtaí a laghdú, tá an tAontas tiomanta d’oibriú le tríú tíortha ísealioncaim agus meánioncaim, agus tacú leo, i dtreo dhícharbónú a dtionscal monaraíochta mar chuid den ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na tíortha sin trí bhuiséad an Aontais, go háirithe TLFanna, chun rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear in oiriúint iad do na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt don mhaolú ar an athrú aeráide agus don ghníomhaíochtaí oiriúnúcháin don athrú aeráide sna tíortha sin, lena n‑áirítear ina n‑iarrachtaí i dtreo a dtionscal a dhícharbónú agus a chlaochlú, laistigh d’uasteorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil agus den tacaíocht airgeadais a thugann an tAontas don mhaoiniú idirnáisiúnta don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Treisítear é sin a thuilleadh i bhfís dhomhanda aeráide agus fuinnimh an Aontais, ina léirítear go rachaidh an tAontas i dteagmháil go réamhghníomhach le comhpháirtithe chun comhleanúnachas níos fearr a áirithiú idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais. Agus SCCT á chur i bhfeidhm de réir a chéile, tá sé beartaithe ag an Aontas comhpháirtíochtaí a neartú agus tacú le hiarrachtaí níos leithne chun maolú ar an athrú aeráide, lena n‑áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’iarrachtaí tíortha chun dícharbónú.
(4)Ar ionchorprú Rialachán (AE) 2023/956 i gComhaontú LEE, níor cheart Stáit CSTE a chuireann SCCT i bhfeidhm a mheas mar thríú tíortha chun críocha an Rialacháin seo agus ba cheart iad a scriosadh ó Iarscríbhinn III a ghabhann leis. Chruthófaí limistéar coiteann SCCT i gcás ina mbeadh an tairseach de bhun Airteagal 2a de Rialachán (AE) 2023/956 infheidhme go comhpháirteach maidir le hallmhairiú isteach san Aontas agus i gcríocha custaim na Stát CSTE a chuireann SCCT i bhfeidhm.
(5)Ar ionchorprú Rialachán (AE) 2023/956 i gComhaontú LEE, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le táirgí próiseáilte ó earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de thionscnamh tríú tír a eascraíonn as an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, i gcás ina n‑ath-onnmhairítear iad chuig críoch chustaim Stáit CSTE inar ionchorpraíodh SCCT, ar choinníoll go n‑allmhairítear iad chuig ceann de na críocha custaim sin. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir le SCCT a chur i bhfeidhm i gcás na n‑earraí sin.
(6)Ar ionchorprú Rialachán (AE) 2023/956 i gComhaontú LEE, ba cheart a shoiléiriú nach mbeidh feidhm ag an Rialachán sin maidir le hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht roimhe sin i gcríoch chustaim Stát CSTE ar ionchorpraíodh SCCT iontu, ar choinníoll go léiríonn an dearbhóir custaim sa dearbhú custaim ina dhiaidh sin gur scaoileadh na hearraí i saorchúrsaíocht roimhe sin laistigh de chríoch chustaim na Stát CSTE.
(7)Ar ionchorprú Rialachán (AE) 2023/956 i gComhaontú LEE, níor cheart Stáit CSTE a chuireann SCCT i bhfeidhm a mheas mar thríú tíortha chun críocha an Rialacháin seo agus ba cheart iad a scriosadh ó Iarscríbhinn III a ghabhann leis. Chruthófaí limistéar coiteann SCCT i gcás ina mbeadh an tairseach de bhun Airteagal 2a de Rialachán (AE) 2023/956 infheidhme go comhpháirteach maidir le hallmhairiú isteach san Aontas agus i gcríocha custaim na Stát CSTE a chuireann SCCT i bhfeidhm.
(8)Maidir le sreafaí leictreachais ó thríú tíortha a eascraíonn as gníomhaíochtaí a dhéanann oibreoirí córais tarchurtha chun oibriú sábháilte agus slán a ngréasán a áirithiú, lena n‑áirítear éigeandálaí agus sreafaí neamhsceidealaithe a láimhseáil, níor cheart iad a bheith faoi réir an Rialacháin seo.
(9)Trí aitheantas cuí a thabhairt don dul chun cinn atá déanta ag na tríú tíortha ábhartha i dtreo mhargadhchúpláil na gcóras leictreachais, áirithítear go mbeidh aon díolúine a bhfuil teorainn ama léi dá bhforáiltear sa Rialachán seo ag ailíniú go hiomlán le cuspóirí straitéiseacha an Aontais agus le gnóthachtálacha sonracha na dtríú tíortha sin. Tá sé fíor-riachtanach úsáid éifeachtúil a bhaint as an mbonneagar leictreachais atá ann cheana agus margaí leictreachais tríú tíortha a chomhtháthú i margadh inmheánach leictreachais an Aontais chun costais a laghdú do na Ballstáit agus do na tríú tíortha ábhartha araon, agus chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. Ba cheart an t‑aitheantas sin a chur ar aghaidh trí bhíthin Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus na tríú tíortha a bhfuil acquis ábhartha an mhargaidh leictreachais trasuite go hiomlán acu, arna fhíorú ag an gCoimisiún. Ba cheart a leagan síos sa Mheabhrán Tuisceana an amlíne chun an díolúine dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/956 a chur i bhfeidhm, agus breithniú á dhéanamh freisin ar rialacha ábhartha an mhargaidh agus institiúidí ábhartha oibreoirí córais tarchurtha (OCT) a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún, agus ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha ábhartha maidir le hionstraimí praghsála carbóin atá coibhéiseach le CTA AE a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais.
(10)Chun a áirithiú nach mó an tairseach mhaisbhunaithe aonair ná 1 % de na hastaíochtaí atá leabaithe sna hearraí allmhairithe agus sna táirgí próiseáilte tar éis Rialachán (AE) 2023/956 a leathnú chuig táirgí iartheachtacha, ba cheart measúnú bliantúil na tairsí sa bhliain 2027 a dhéanamh ar bhonn sonraí allmhairiúcháin lena gcumhdaítear na hearraí iartheachtacha a chumhdaítear faoin leathnú sin.
(11)Féachann SCCT le haghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin trína áirithiú go mbeidh táirgí, gan beann ar cé acu a allmhairítear nó a tháirgtear san Aontas iad, faoi réir praghas carbóin coibhéiseach. Mar sin féin, fad atá cineálacha cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais nach mbaintear amach an leibhéal céanna uaillmhéine aeráide leo, beidh baol sceite carbóin ann, agus mar thoradh air astaíochtaí foriomlána níos airde ná mar a bheidís in éagmais sceitheadh carbóin.
(12)D’fhéadfadh cleachtais mhí-úsáideacha tarlú nuair a bhaineann gníomhaithe leas as an bhféidearthacht astaíochtaí iarbhír a úsáid chun dliteanas airgeadais SCCT a sheachaint go míchuí, go hiomlán nó go páirteach, agus, ar an gcaoi sin, an bonn a bhaint d’éifeachtacht SCCT maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin san Aontas agus cuspóirí beartais aeráide an Aontais a bhaint amach.
(13)Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar thionchar SCCT ar mhargadh inmheánach an Aontais d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbainfeadh cleachtais mhí-úsáideacha an bonn d’éifeachtacht SCCT agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an méid sin ar mhargadh inmheánach an Aontais, lena n‑áirítear trí anailís a dhéanamh ar dhearbhuithe allmhairiúcháin custaim agus ar dhearbhuithe SCCT nó ar bhonn aon fhoinse ábhartha faisnéise, lena n‑áirítear ó na Ballstáit trí mhalartuithe sa Ghrúpa Saineolaithe maidir le SCCT nó trí mhalartuithe ábhartha eile.
(14)Chun freagairt thapa a chumasú i gcás fianaise a léiríonn go bhfuil ardriosca ann go mbeidh cleachtais mhí-úsáideacha ann, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an fhaisnéis a bheidh le dearbhú a leagan síos maidir le hastaíochtaí iarbhír a úsáid i gcás teaglaim d’earraí agus de thionscnaimh, chomh maith leis an bhfianaise lena léirítear nár tháinig cleachtais mhí-úsáideacha den sórt sin chun cinn. I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ann a léiríonn go bhfuil ardriosca ann go mbeidh cleachtais mhí-úsáideacha ann, ba cheart a cheangal ar an gCoimisiún gníomhú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe laistigh de 3 mhí tar éis an chinnidh. Ba cheart na coinníollacha agus an fhianaise sin a cheapadh ar bhealach comhréireach agus níor cheart dóibh ualach nach bhfuil gá leis a chur ar oibreoirí ná ar allmhaireoirí.
(15)Chun na hallmhaireoirí a ndéanann ionadaí indíreach custaim ionadaíocht orthu a shainaithint, ba cheart uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíocha (uimhir EORI), nó aon chineál eile uimhreach aitheantais náisiúnta, na n‑allmhaireoirí a ndéantar ionadaíocht orthu a áireamh san iarratas ar údarú.
(16)Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le mídhearbhú na n‑astaíochtaí leabaithe arna gcinneadh ar bhonn na n‑astaíochtaí iarbhír, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún agus ag an údarás inniúil a iarraidh ar an dearbhóir SCCT údaraithe fianaise a sholáthar gur táirgeadh na hearraí allmhairithe sa tsuiteáil dhearbhaithe, agus maidir leis an tréimhse táirgthe a dearbhaíodh. I gcás earraí áirithe, amhail na hearraí sin atá faoi réir ilchineálacht níos airde maidir le déine astaíochtaí, nó i gcásanna áirithe amháin, ba cheart an fhianaise a cheangal mar chuid den dearbhú SCCT. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na hearraí a shainaithint ar cheart an fhianaise sin a cheangal ina leith mar chuid den dearbhú SCCT chomh maith leis an gcineál sonrach fianaise a bheidh le soláthar.
(17)Chun próiseáil faisnéise faoi oibreoirí i dtríú tíortha a éascú, chun an t‑ualach riaracháin ar an oibreoir agus ar an dearbhóir SCCT údaraithe a laghdú agus chun an t‑athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT a éascú, ba cheart clárú oibreoirí a bheith ina chéim riachtanach chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh ar bhonn astaíochtaí fíoraithe iarbhír.
(18)Chun cur chuige comhchuibhithe a chothú maidir leis an athbhreithniú ar dhearbhuithe SCCT, ba cheart a shoiléiriú go bhféadfaidh an Coimisiún, mar chuid den ghníomh cur chun feidhme a bhaineann le formáid chaighdeánach an dearbhaithe SCCT, nósanna imeachta a leagan amach chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT.
(19)Tá astaíochtaí ó tháirgeadh dramh réamhthomhaltais san Aontas faoi réir praghas carbóin ós rud é, faoi CTA AE, go dtomhaistear astaíochtaí ar leibhéal na suiteála. Ós rud é go sanntar astaíochtaí nialasacha d’alúmanam réamhthomhaltais agus do dhramhchruach réamhthomhaltais faoi Rialachán (AE) 2023/956, tá earraí allmhairithe ina n‑úsáidtear dramhalúmanam réamhthomhaltais agus dramhchruach réamhthomhaltais mar ábhar ionchuir faoi réir praghas carbóin níos ísle i gcomparáid le hearraí a tháirgtear san Aontas, rud a lagaíonn éifeachtacht SCCT maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin i gcás earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I.
(20)D’fhonn éifeachtacht SCCT a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin i gcás earraí, ba cheart astaíochtaí dramhalúmanaim réamhthomhaltais agus dramhchruach réamhthomhaltais a chur san áireamh chun astaíochtaí leabaithe earraí a ríomh. Ós rud é gur comhtháirge é dramh réamhthomhaltais a ghintear go neamhbheartaithe sa phróiseas táirgthe earraí miotail agus atá in-athúsáidte láithreach i bpróiseas táirgthe, ní mheastar é ina bhaol sceite carbóin ann féin. Dá bhrí sin, níor cheart astaíochtaí dramhalúmanaim réamhthomhaltais agus dramhchruach réamhthomhaltais a chur san áireamh ach amháin nuair a úsáidtear iad mar réamhtheachtaí i gcás earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach ndéanfar imchéimniú maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí atá leabaithe i ndramh réamhthomhaltais a úsáidtear mar ábhar ionchuir (réamhtheachtaí), lena n‑áirítear trí dhramh réamhthomhaltais a mhí-thuairisciú mar dhramh iarthomhaltais chun cinneadh na n‑astaíochtaí leabaithe a ísliú.
(21)Chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 a éascú, féadfaidh an tAontas, i gcomhthéacs an Rialacháin Cur Chun Feidhme maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar an bpraghas carbóin a íocadh thar lear, na creidmheasanna carbóin faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras a mheas.
(22)Ba cheart a shoiléiriú, mar gheall ar íogaireacht tráchtála roinnt eilimintí sonraí a cheanglaítear chun astaíochtaí iarbhír a thuairisciú, a ríomh agus a fhíorú, go bhféadfaidh an t‑oibreoir a roghnú gan a nochtadh ach achoimre ar na heilimintí sin is gá chun na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh agus a fhíorú, agus i gcomhair cur i bhfeidhm na gcoinníollacha maidir le húsáid astaíochtaí iarbhír le haghaidh teaglamaí ábhartha earraí agus tionscnamh. Níor cheart a cheangal ar an dearbhóir SCCT údaraithe ach taifid ar an bhfaisnéis a nochtadh a choimeád.
(23)Tagann dúshláin shonracha chun cinn maidir le húsáid astaíochtaí iarbhír atá leabaithe in earraí iartheachtacha a tháirgtear le hábhar ionchuir iolrach (réamhtheachtaithe), agus i gcás ina mbaineann na hábhair sin le hearnálacha éagsúla SCCT nó le hearnálacha nach gcumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is iondúil go mbíonn slabhraí luacha domhanda níos faide agus níos coimpléascaí ag na hearraí sin, agus go mbíonn céimeanna táirgthe iomadúla i gceist lena dtáirgeadh. Beidh sé deacair ó thaobh riaracháin de faisnéis fhíoraithe maidir le hastaíochtaí iarbhír a n‑ábhar ionchuir (réamhtheachtaithe) a fhoinsiú, rud a dhídhreasódh úsáid astaíochtaí iarbhír. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ba cheart úsáid luachanna réamhshocraithe na n‑earraí sonracha sin a éascú le neamhchur i bhfeidhm an chorrlaigh, gan dochar do shláine comhshaoil SCCT.
(24)Ós rud é go bhféadfar an doiciméadacht maidir le praghas carbóin a dheimhniú sula n‑allmhairítear an t‑earra isteach san Aontas, ní iomchuí a cheangal ar an duine a dheimhníonn an fhaisnéis atá sa doiciméadacht maidir le praghas carbóin a bheith neamhspleách ar an dearbhóir SCCT údaraithe.
(25)Ós rud é go gceanglaítear le hasbhaint an phraghais carbóin a íoctar go héifeachtach i dtríú tír go mbunófar na hastaíochtaí leabaithe ar astaíochtaí fíoraithe iarbhír, agus ós rud é nach mór deimhniú dhoiciméadacht an phraghais carbóin a bheith ag brath ar fhíorú astaíochtaí leabaithe roimh ré, tá dlúthbhaint idir fíorú astaíochtaí leabaithe agus deimhniú an phraghais carbóin a íoctar ar na hastaíochtaí sin agus d’fhéadfadh sé gurb é an duine céanna a dhéanfadh é. Thairis sin, ba cheart deimhniú an phraghais carbóin a bheith faoi réir rialú agus formhaoirseacht ar aon dul leis an rialú agus an fhormhaoirseacht a fheidhmítear chun astaíochtaí a fhíorú. Ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, go dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na coinníollacha lena gcinnteofar cáilíochtaí an duine atá freagrach as an bhfaisnéis atá i ndoiciméadacht an phraghais carbóin a dheimhniú, trí chlárlann SCCT, agus lena n‑áirítear creidiúnú arna dheonú ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, agus na nósanna imeachta deimhniúcháin agus an malartú faisnéise is gá a chumhdach.
(26)Chun fíorú astaíochtaí leabaithe a éascú i gcás earraí coimpléascacha, ba cheart a shoiléiriú gur cheart oibreoir a bheith in ann faisnéis a chomhroinnt, lena n‑áirítear maidir le fíorú astaíochtaí atá leabaithe in ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe), le hoibreoir eile.
(27)Chun seasamh airgeadais iarratasóra nó dearbhóra SCCT údaraithe a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla a cheangal go soláthrófaí ráthaíocht i gcásanna eile seachas i gcás nach raibh iarratasóir bunaithe sa 2 bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh an t‑iarratas isteach. Chun bailiú cuí ioncam a choimirciú, is iomchuí freisin é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla an ráthaíocht a sholáthraítear a úsáid, i gcás nach gcomhlíonann an dearbhóir SCCT údaraithe a n‑oibleagáid an líon deimhnithe SCCT a bheith aige ag deireadh gach ráithe, ar deimhnithe iad a chomhfhreagraíonn do 50 % de na hastaíochtaí atá leabaithe sna hearraí a d’allmhairigh siad isteach san Aontas ó thús na bliana.
(28)Ba cheart a shoiléiriú, chun é a chur ar a gcumas do chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, don Choimisiún agus d’údaráis inniúla fíoraitheoirí a rialú agus faireachán a dhéanamh orthu, gur gá na nósanna imeachta fíorúcháin atá le húsáid ag fíoraitheoirí a leagan síos.
(29)Chun a éifeachtacht a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc, tá praghas dheimhnithe SCCT le ríomh ag an gCoimisiún bunaithe ar mheáin sheachtainiúla na lamháltas a chuirtear ar ceant i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (‘CTA AE’). Chun a áirithiú go mbeidh praghas an deimhnithe SCCT ina léiriú dlúth ar phraghsanna CTA i gcónaí, is iomchuí riail ríomha shonrach a sholáthar le haghaidh na seachtainí féilire nach mbeidh ach aon cheant amháin ar siúl ar an ardán ceantála lena linn.
(30)Ó 2027 ar aghaidh, beidh dearbhóirí SCCT údaraithe os cionn na tairsí maisbhunaithe aonair le háirithiú go gcomhfhreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a gcuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe do 50 % ar a laghad de na hastaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe ó thús na bliana sin. Ós rud é go mbunaítear an riail sin ar thimthriall bliantúil, ar a mbraitheann teorainn athcheannaigh dheimhnithe SCCT, is iomchuí deimhnithe a ceannaíodh le linn blianta eile seachas an bhliain féilire sin a eisiamh ón líon deimhnithe SCCT a ndéanann an ríomh ráithiúil difear dóibh.
(31)Chun an próiseas athcheannaigh a chuíchóiriú, éifeachtúlacht an phróisis a mhéadú agus an t‑ualach riaracháin a laghdú agus, an tráth céanna, an tsláine slándála agus formhaoirseacht láidir a choinneáil ar bun, ba cheart gur féidir le dearbhóir SCCT údaraithe a dheimhnithe SCCT iomarcacha a chur á n‑athcheannach go díreach ag an údarás inniúil.
(32)I gcás earraí áirithe, amhail cion clincir stroighne, cion nítrigine leasachán nó eilimintí cóimhiotalaithe cruach, is fachtóir tábhachtach cinntitheach de na hastaíochtaí leabaithe é comhdhéanamh ábhair agus cheimiceacha an earra. Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le mídhearbhú na n‑astaíochtaí leabaithe a chinntear ar bhonn na n‑astaíochtaí iarbhír le haghaidh earraí áirithe atá faoi réir ilchineálacht níos airde déine astaíochtaí, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun comhdhéanaimh ábhair agus cheimiceacha earra a shainaithint sa dearbhú custaim.
(33)Chun a áirithiú go soláthróidh na húdaráis chustaim do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún an fhaisnéis chustaim agus na sonraí custaim uile is gá chun Rialachán (AE) 2023/956 a chur chun feidhme, is gá na doiciméid tacaíochta ábhartha, an fhaisnéis tacaíochta ábhartha agus na sonraí tacaíochta ábhartha, lena n‑áirítear an bille urscaoilte, atá le cur in iúl ag na húdaráis chustaim a shonrú.
(34)An uimhir chuntais SCCT a áirítear sa dearbhú custaim, sa bhille urscaoilte, sa dearbhú fála, nó in aon doiciméad custaim ábhartha eile tráth a scaoiltear earraí i saorchúrsaíocht, ba cheart a shoiléiriú gur cheart an uimhir sin a úsáid chun a chinneadh cé atá freagrach as glacadh leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.
(35)Chun cruinneas na sonraí agus na faisnéise custaim atá ar fáil do na húdaráis inniúla i gclárlann SCCT a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla a iarraidh ar na húdaráis chustaim nó ar an gCoimisiún an fhaisnéis sin a bhailíochtú. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear raon feidhme na faisnéise, agus an tréimhsiúlacht, uainiú agus an modh chun an fhaisnéis sin a chur in iúl.
(36)Chun cosc a chur ar chleachtais a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí SCCT a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ar chleachtais imchéimnithe arb é atá iontu slabhra soláthair na n‑earraí a choigeartú go saorga chun na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/956 a sheachaint.
(37)Chun freagairt thapa a chumasú i gcás iarmhairtí tromchúiseacha agus neamh-intuartha mar thoradh ar earra a áireamh i raon feidhme SCCT, as a n‑eascraíonn díobháil thromchúiseach do mhargadh inmheánach an Aontais, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun earra a bhaint de raon feidhme Rialachán (AE) 2023/956.
(38)Chun ailíniú níos fearr leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (‘AC’) a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle a áirithiú, ba cheart an tuairisc ar chóid AC áirithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a shoiléiriú.
(39)Leis an gcéimniú amach de réir a chéile ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce idirthréimhseach faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (‘CTA AE’), agus céimniú isteach SCCT de réir a chéile, is dócha go n‑aistreofar an baol sceite carbóin ó na hearnálacha réamhtheachtacha a chumhdaítear faoi láthair le SCCT chuig táirgí iartheachtacha. Chun éifeachtacht chuspóirí SCCT a chaomhnú, is gá, dá bhrí sin, raon feidhme Rialachán (AE) 2023/956 a leathnú chuig táirgí atá níos faide síos an slabhra luacha.
(40)I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail, ba cheart don leathnú ar raon feidhme Rialachán (AE) 2023/956 díriú ar na hearnálacha miotail agus ar na hearraí ina bhfuil sciar suntasach de tháirgí SCCT. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis earraí iartheachtacha atá dian ar chruach agus alúmanam arb iad na hearraí iartheachtacha iad is mó a allmhairítear isteach san Aontas i dtéarmaí lín, luacha agus méide, agus a bhfuil an baol is mó sceite carbóin ag baint leo. Léiríonn na hearnálacha cruach agus alúmanaim freisin an indéantacht theicniúil is airde chun astaíochtaí iarbhír atá leabaithe in earraí a ríomh.
(41)Ba cheart roghnú na n‑earraí iartheachtacha atá dian ar chruach agus ar alúmanam a bheith bunaithe ar chritéir agus ar thairseacha atá sainithe go soiléir, lena léirítear an baol sceite carbóin a bhaineann le gach táirge, lena n‑áirítear a sciar d’astaíochtaí leabaithe, a n‑ábharthacht ó thaobh na haeráide de agus a indéanta atá sé go teicniúil iad a áireamh faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/956. Ba cheart an baol sceite carbóin a thuiscint maidir lena intrádála atá an táirge agus maidir leis an gcomparáid idir an costas carbóin atá leabaithe in ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) an táirge agus breisluach foriomlán an táirge. Bunaithe ar na critéir chéanna, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh amach anseo ar raon feidhme an Rialacháin sin a leathnú chuig earraí iartheachtacha breise agus a chonclúidí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtuarascáil.
(42)De réir na bprionsabal agus na modhanna ríofa is infheidhme maidir le hearraí eile, ba cheart astaíochtaí leabaithe in earraí iartheachtacha a ríomh ar bhonn na n‑astaíochtaí iarbhír arna bhfíorú ag fíoraitheoir, nó faoi threoir luachanna réamhshocraithe arna ríomh agus arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún. Ós rud é go bhfuil teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe teoranta do theorainneacha córais na bpróiseas táirgthe a chumhdaítear le CTA AE, ba cheart sannadh na n‑astaíochtaí atá leabaithe in earraí iartheachtacha a theorannú do na hastaíochtaí atá in ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe). Ba cheart ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) earraí iartheachtacha nach liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a chur san áireamh agus astaíochtaí leabaithe á ríomh.
(43)I gcás líon teoranta earraí iartheachtacha, d’fhéadfadh na hastaíochtaí leabaithe, ag brath ar chomhdhéanamh ábharach an earra, a bheith go hiomlán lasmuigh de raon feidhme SCCT. Is gá, dá bhrí sin, a shonrú nár cheart earraí iartheachtacha a dhéantar go heisiach as ábhair nach dtagann faoi raon feidhme SCCT a chumhdach faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956.
(44)Tagann dúshláin shonracha chun cinn maidir le húsáid astaíochtaí iarbhír atá leabaithe in earraí iartheachtacha a tháirgtear le hábhar ionchuir iolrach (réamhtheachtaithe), agus i gcás ina mbaineann na hábhair sin le hearnálacha éagsúla SCCT nó le hearnálacha nach gcumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is iondúil go mbíonn slabhraí luacha domhanda níos faide agus níos coimpléascaí ag na hearraí sin, agus go mbíonn céimeanna táirgthe iomadúla i gceist lena dtáirgeadh. Beidh sé deacair ó thaobh riaracháin de faisnéis fhíoraithe maidir le hastaíochtaí iarbhír a n‑ábhar ionchuir (réamhtheachtaithe) a fhoinsiú, rud a dhídhreasódh úsáid astaíochtaí iarbhír. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ba cheart úsáid luachanna réamhshocraithe na n‑earraí sonracha sin a éascú le neamhchur i bhfeidhm an chorrlaigh, gan dochar do shláine comhshaoil SCCT.
(45)Tagann dúshláin shonracha chun cinn maidir le húsáid astaíochtaí iarbhír atá leabaithe in earraí iartheachtacha a chumhdaítear sna hearnálacha ‘Iarann agus Cruach’, ‘Alúmanam’ agus ‘Earraí Miotail Comhcheangailte’ dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956. Mar gheall ar dhúshláin a bhaineann le sonraí a bhailiú feadh an tslabhra soláthair maidir le cuid de chomhpháirteanna na n‑earraí sin, ba cheart sainastaíochtaí leabaithe na n‑earraí uile a chumhdaítear sna ranna sin a ríomh mar fheidhm d’astaíochtaí leabaithe na n‑ábhar ionchuir (réamhtheachtaithe) atá sna hearraí.
(46)Ba cheart modhnú a dhéanamh ar an modh a úsáidtear chun an fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachas allmhairithe a ríomh chun an leictreachas a tháirgtear ó gach foinse, lena n‑áirítear foinsí breosla neamhiontaise, a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, ba cheart don Choimisiún luachanna réamhshocraithe athbhreithnithe le haghaidh leictreachas allmhairithe a ríomh agus a chur ar fáil.
(47)Chun cur chuige modheolaíochta comhsheasmhach a áirithiú i ndáil leis na luachanna réamhshocraithe a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh astaíochtaí indíreacha, ba cheart a shoiléiriú gur cheart an luach réamhshocraithe malartach le haghaidh astaíochtaí indíreacha a d’fhéadfadh tríú tír, nó grúpa de thríú tíortha, a léiriú a bheith níos ísle ná an ceann arna suí ag an gCoimisiún, a bheith bunaithe ar an modh ríofa céanna leis na luachanna réamhshocraithe le haghaidh astaíochtaí indíreacha arna gcinneadh ag an gCoimisiún.
(48)Chun cinneadh astaíochtaí leabaithe leictreachais a éascú ar bhonn astaíochtaí iarbhír, ba cheart na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm astaíochtaí leabaithe iarbhír i leictreachas allmhairithe a dhéanamh níos solúbtha. Ba cheart a shoiléiriú go bhféadfar úsáid a bhaint as comhaontuithe ceannaigh cumhachta áirithe a thugtar i gcrích idir idirghabhálaithe. Thairis sin, i bhfianaise deacrachtaí praiticiúla maidir lena léiriú nach bhfuil plódú líonra fisiceach ann ag aon phointe den líonra tráth an allmhairithe, ba cheart an critéar sin, chomh maith leis an gcritéar malartach lena gcruthófar an nasc díreach le córas tarchurtha an Aontais, a bhaint. Ar deireadh, níor cheart é a bheith riachtanach a léiriú go ndearnadh ainmniúchán cinnte maidir leis an acmhainneacht idirnaisc arna leithdháileadh i gcás ina leithdháiltear an acmhainneacht tarchurtha trí leithdháileadh acmhainneachta intuigthe.
(49)Mar gheall ar íogaireacht roinnt eilimintí sonraí atá mar bhonn taca le fíorú astaíochtaí leabaithe ó thaobh na tráchtála de, níor cheart a bheith sa tuarascáil fíorúcháin ach an fhaisnéis is gá chun astaíochtaí leabaithe na n‑earraí a shuí. Níor cheart a áireamh sa tuarascáil fíorúcháin faisnéis maidir leis na hastaíochtaí arna scaoileadh ag an tsuiteáil nó maidir le hearraí nach gcuimsítear i raon feidhme an Rialacháin seo, cé go bhfuil sí faoi réir athbhreithniú ón bhfíoraitheoir mar sin féin.
(50)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (AE) 2023/956 a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith earraí a bhaint de raon feidhme Iarscríbhinn I, i gcás inar gá, mar gheall ar dhíobháil thromchúiseach do mhargadh inmheánach an Aontais de bharr imthosca tromchúiseacha nárbh fhéidir a thuar, agus go dtí go mbeidh na himthosca tromchúiseacha sin nárbh fhéidir a thuar imithe in éag. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(51)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin, i ndáil le leathnú a dhéanamh ar an sásra a ghlac an tAontas chun an baol sceite carbóin a chosc agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú, agus chun aghaidh a thabhairt ar an riosca imchéimniúcháin agus ar chleachtais a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chuspóirí SCCT, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leormhaith ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais de bharr scála nó éifeachtaí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(52)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/956 a leasú dá réir,
(53)Chun astaíochtaí leabaithe leictreachais a chinneadh, chun go bhféadfar na chéad dearbhuithe SCCT a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2027 ar bhonn an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith ag na hathruithe ar an modh a úsáidtear chun an fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachas allmhairithe a ríomh agus ar na coinníollacha chun astaíochtaí leabaithe iarbhír i leictreachas allmhairithe a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí leictreachais a tharla ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. Chun intuarthacht leordhóthanach a sholáthar, ba cheart feidhm ón 1 Eanáir 2028 a bheith ag an leathnú ar raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 agus chuig ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a liostaítear in Iarscríbhinn VIII,
(54)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/956 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/956
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/956 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Ar a ionchorprú i gComhaontú LEE, beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le táirgí próiseáilte ó earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de thionscnamh tríú tír, ar tháirgí iad a eascraíonn as an nós imeachta próiseála isteach dá dtagraítear in Airteagal 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, i gcás ina n‑ath-onnmhairítear iad chuig críoch chustaim na hIorua nó na hÍoslainne, ar choinníoll go n‑allmhairítear chuig na tíortha sin iad.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na coinníollacha mionsonraithe maidir le SCCT a chur i bhfeidhm ar tháirgí den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo.’;
(b)i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:
‘Ar a ionchorprú i gComhaontú LEE, de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí de thionscnamh tríú tíortha a scaoileadh i saorchúrsaíocht roimhe sin i gcríoch chustaim na Stát CSTE a bhfuil SCCT ionchorpraithe iontu, ar choinníoll go léiríonn an dearbhóir custaim sa dearbhú custaim a taisceadh i gcríoch chustaim an Aontais ina dhiaidh sin gur scaoileadh na hearraí i saorchúrsaíocht roimhe sin i gcríoch chustaim na Stát CSTE sin agus ar choinníoll, arna iarraidh sin don údarás custaim, go gcuireann an dearbhóir custaim doiciméadacht nó faisnéis ar fáil lena gcruthaítear gur scaoileadh na hearraí i saorchúrsaíocht roimhe sin laistigh de chríoch chustaim na Stát CSTE faoi seach. Is ar an dearbhóir custaim a bheidh an fhreagracht as an gcruthúnas sin a bheith ar fáil tráth a dtaiscfear an dearbhú custaim.’;
(c)cuirtear an mhír 7a seo a leanas isteach:
‘I gcás inar iarr tríú tír a margadh leictreachais a chomhtháthú le margadh leictreachais an Aontais trí mhargadhchúpláil de bhun comhaontú idirnáisiúnta, féadfaidh an Coimisiún, agus é ag suí go bhfuil acquis an mhargaidh leictreachais trasuite go hiomlán ag an tríú tír ábhartha, Meabhrán Tuisceana a thabhairt i gcrích leis an tríú tír sin.
Sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, socrófar an amlíne maidir le cur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2(7) agus an amlíne maidir le cur chun feidhme ionstraime praghsála carbóin atá coibhéiseach le CTA AE, a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais.’;
(d)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 8:
‘Déanfar tríú tír nó tríú críoch a chomhlíonann na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 7 a liostú i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III. Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 7 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an dul chun cinn i gcomhréir leis an amlíne a leagtar síos i Meabhrán Tuisceana faoi Airteagal 2(7a).
(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 11 agus 12:
‘11. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun na liostaí de thríú tíortha nó de thríú críocha a liostaítear i bpointe 1 nó 2 d’Iarscríbhinn III a leasú trí thríú tír nó tríú críoch a chur leis nó a bhaint as, ag brath ar cibé atá nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 6, 7 nó 9 den Airteagal seo á gcomhlíonadh i ndáil leis an tríú tír nó leis an tríú críoch sin, nó mar thoradh ar ionchorprú SCCT i gComhaontú LEE. Más rud é, i gcás tríú tír a chur leis an liosta de thríú tíortha nó de thríú críocha a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, go n‑éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 28a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na míre seo.
Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le tríú críocha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha nó sna críocha sin a chur san áireamh chun Airteagal 9 a chur i bhfeidhm chomh maith le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chomhlachtaí creidiúnaithe tríú tíortha chun duine dlítheanach a chreidiúnú mar fhíoraitheoir de bhun Airteagal 18.’;
(2)cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 2a(3):
‘Maidir lena mheasúnú 2027 atá dlite faoin 30 Aibreán 2027, úsáidfidh an Coimisiún na sonraí allmhairiúcháin maidir le hearraí atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) XX/XX [Rialachán Leasaitheach]’;
(3)in Airteagal 3, cuirtear isteach an pointe (35) seo a leanas:
‘(35) Is cleachtais iad ‘cleachtais mhí-úsáideacha’ a bhíonn á saothrú ag gníomhaí chun sochar a bhaint amach trí dhliteanas airgeadais SCCT a sheachaint go míchuí, go hiomlán nó go páirteach, agus ar an gcaoi sin a bhaineann an bonn d’éifeachtacht SCCT chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin san Aontas.’;
(4)in Airteagal 5(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):
‘(h) uimhir EORI nó uimhir aitheantais náisiúnta eile, ainmneacha agus faisnéis teagmhála na ndaoine sin a bhfuil an t‑iarratasóir ag gníomhú ar a son, más infheidhme.’;
(5)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) iomlán na n‑astaíochtaí leabaithe sna hearraí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, arna sloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí CO2e in aghaidh na huaire meigeavata leictreachais nó, i gcás earraí eile, i dtonaí d’astaíochtaí CO2e in aghaidh an tona de gach cineál earraí, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 agus, i gcás ina gcinntear na hastaíochtaí leabaithe ar bhonn na n‑astaíochtaí iarbhír arna soláthar ag an oibreoir trí bhíthin chlárlann SCCT i gcomhréir le hAirteagal 10, arna bhfíorú i gcomhréir le hAirteagal 8;’;
(2)cuirtear na pointí (e) agus (f) seo a leanas isteach:
‘(e) i gcás inarb infheidhme chun aghaidh a thabhairt ar an riosca mídhearbhaithe mar thoradh ar easpa inrianaitheachta sa slabhra soláthair, fianaise gur táirgeadh na hearraí a allmhairíodh le linn na bliana féilire roimhe sin ag an tsuiteáil dhearbhaithe agus ag am iarbhír an táirgthe dá dtagraítear sa dearbhú SCCT;
(f) i gcás ina ndéantar na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh, i gcomhréir le gníomh tarmligthe a glacadh i gcomhréir le mír 7, ar bhonn astaíochtaí iarbhír do theaglaim d’earraí agus de thionscnaimh atá faoi réir ardriosca go mbeidh cleachtais mhí-úsáideacha ann, fianaise lena léirítear nár tháinig an t‑ardriosca go mbeidh cleachtais mhí-úsáideacha ann chun cinn.’;
(b)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le formáid chaighdeánach an dearbhaithe SCCT, lena n‑áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le gach suiteáil agus tír thionscnaimh nó tríú tír eile agus cineál na n‑earraí atá le tuairisciú, a thacaíonn leis na hiomláin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí leabaithe, an praghas carbóin a íocadh, an praghas carbóin réamhshocraithe chun críoch Airteagal 9(4), an nós imeachta chun an dearbhú SCCT a chur isteach trí chlárlann SCCT, lena n‑áirítear nósanna imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbuithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 19, agus na socruithe chun deimhnithe SCCT dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), den Airteagal seo a thabhairt suas, i gcomhréir le hAirteagal 22(1), go háirithe maidir leis an bpróiseas agus maidir le roghnú na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas ag an dearbhóir SCCT údaraithe.’;
(c)cuirtear an mhír 6a agus an mhír 7 seo a leanas leis:
‘6a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le sainaithint earraí nó teaglaim d’earraí agus de thionscnaimh a bhfuil fianaise le cur san áireamh ina leith sa dearbhú SCCT de bhun mhír 2, pointe (e), chomh maith leis an gcineál sonrach fianaise atá le soláthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
7. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar leibhéal an Aontais ar thionchar SCCT ar mhargadh inmheánach an Aontais. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, agus faisnéis ábhartha á cur san áireamh, lena n‑áirítear faisnéis ó dhearbhuithe allmhairiúcháin custaim agus ó dhearbhuithe SCCT, go bhfuil fianaise leordhóthanach ann a léiríonn go bhfuil ardriosca ann go mbeidh cleachtais mhí-úsáideacha ann i gcás teaglaim d’earraí agus de thionscnaimh, féadfaidh sé allmhaireoirí agus dearbhóirí SCCT údaraithe a chur ar an eolas faoi na rioscaí sin, féadfaidh sé údaráis inniúla agus údaráis custaim a chur ar an eolas faoi na rioscaí sin d’fhonn a leibhéal rialaithe a mhéadú, agus tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na modhanna a leagan síos chun an teaglaim d’earraí agus de thionscnaimh a shainaithint, an fhaisnéis atá le dearbhú chun astaíochtaí iarbhír a úsáid le haghaidh na dteaglamaí sin d’earraí agus de thionscnaimh chomh maith leis an bhfianaise atá le soláthar chun a léiriú nár tharla aon mhí-úsáid.
Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh de 3 mhí tar éis dó a fháil amach go bhfuil fianaise leordhóthanach ann a léiríonn go bhfuil ardriosca ann go mbeidh cleachtais mhí-úsáideacha ann’;
(6)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:
‘2a. Déanfar astaíochtaí leabaithe in ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a mheas agus astaíochtaí leabaithe in earraí á gcinneadh.’;
(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Coimeádfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe taifid den fhaisnéis a nochtar i gcomhréir le hAirteagal 10(7) ar fianaise í a cheanglaítear chun na hastaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V. Beidh na taifid sin mionsonraithe go leordhóthanach chun a chur ar a chumas don Choimisiún agus don údarás inniúil an dearbhú SCCT a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 19(2).’;
(c)i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:
‘Féadfar a sholáthar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír liosta d’earraí iartheachtacha nach mbeidh feidhm ag aon chorrlach maidir leo, mar gheall ar chastacht an tslabhra soláthair agus gan dochar do shláine comhshaoil SCCT.’;
(7)Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:
‘Is duine atá neamhspleách ar údaráis an tríú tír a dhéanfaidh an fhaisnéis sa doiciméadacht sin a dheimhniú.’;
(2)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Féadfaidh an duine neamhspleách dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith ina dhuine dlítheanach atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta le haghaidh raon feidhme ábhartha an chreidiúnaithe.’;
(b)leasaítear mír 5 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, bunaithe ar phrionsabal na coibhéise, maidir leis an meánphraghas bliantúil carbóin a íoctar go héifeachtach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus leis na praghsanna réamhshocraithe bliantúla carbóin a chinntear i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo a chomhshó ina laghdú comhfhreagrach ar an líon deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas. Is leis na rialacháin sin a rialófar an praghas carbóin arna shloinneadh in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag an meánráta malairte bliantúil, an fhianaise a cheanglaítear gur íocadh an praghas carbóin go hiarbhír, samplaí d’aon lacáiste ábhartha nó de chineál eile cúitimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cáilíochtaí an duine neamhspleách dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus na coinníollacha chun cáilíochtaí agus neamhspleáchas an duine sin a fhionnadh. Áireofar ar na cáilíochtaí a luaitear sa mhír roimhe seo creidiúnú arna dheonú ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, na nósanna imeachta deimhniúcháin a shonrú, agus na malartuithe iomchuí faisnéise idir an duine neamhspleách, comhlachtaí creidiúnúcháin náisiúnta, an Coimisiún Eorpach agus údaráis inniúla. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin rialáil a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le creidmheasanna carbóin a asbhaint faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
(2)cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘Áireofar ar na cáilíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír creidiúnú arna dheonú ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, sonrú na nósanna imeachta deimhniúcháin agus na malartuithe iomchuí faisnéise idir an duine neamhspleách, comhlachtaí creidiúnúcháin náisiúnta, an Coimisiún agus údaráis inniúla.’;
(8)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Chun gur féidir astaíochtaí leabaithe a fhíorú ar bhonn astaíochtaí iarbhír agus chun an praghas carbóin a íocadh i dtríú tír a chinneadh, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú sa chlárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14.’;
(b)i mír 5, cuirtear an pointe (e) seo a leanas isteach:
‘(e) a áirithiú, i gcás inarb infheidhme de bhun Airteagal 6(7), go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos maidir le húsáid astaíochtaí iarbhír, le haghaidh teaglamaí ábhartha earraí agus tionscnamh.’;
(c)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis faoi na coinníollacha maidir le húsáid astaíochtaí iarbhír, maidir leis na teaglamaí ábhartha earraí agus tionscnamh de bhun Airteagal 6(7), fíorú astaíochtaí leabaithe agus an praghas carbóin a íocadh i dtríú tír dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo le dearbhóir SCCT údaraithe nó le hoibreoir eile a nochtadh.
(d)i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Ní fhéadfaidh an t‑oibreoir ach achoimre ar an bhfaisnéis atá i mír 5, pointí (a), (b), (c) agus (e) a nochtadh don dearbhóir SCCT údaraithe. Beidh an dearbhóir SCCT údaraithe i dteideal úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nochta sin chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.
I gcás ina roghnaíonn an dearbhóir SCCT údaraithe an dearbhú SCCT a chur isteach ar bhonn na faisnéise nochta sin, leanfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe de bheith freagrach as an líon ceart deimhnithe SCCT a thabhairt suas de bhun Airteagal 22(1).’;
(9)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)cuirtear an mhír 5a seo a leanas isteach:
‘5a. De mhaolú ar mhír 5, i gcás ina gcinnfidh an t‑údarás inniúil nach léiríonn an t‑iarratasóir ná an dearbhóir SCCT údaraithe a acmhainneacht airgeadais chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n‑áirítear trí mhainneachtain an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 22(2) a chomhlíonadh, féadfaidh an t‑údarás inniúil a cheangal go soláthrófar ráthaíocht.
Socróidh an t‑údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag an méid arna ríomh mar luach comhiomlán an lín deimhnithe SCCT a bheadh ar an dearbhóir SCCT údaraithe a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 22 i leith ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)
allmhairí earraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (g);
(b)
an méid earraí allmhairithe a dearbhaíodh sa dearbhú custaim agus faisnéis ábhartha eile atá ar fáil don údarás inniúil ón dá bhliain féilire roimhe sin; nó
(c)
meastachán amhail is gur sáraíodh an tairseach mhaisbhunaithe aonair le meán a chomhfhreagraíonn do na hearnálacha ábhartha a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
Ráthaíocht bhainc a bheidh sa ráthaíocht a sholáthrófar, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach.’;
(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 7:
‘7. I gcás ina gceanglaítear ráthaíocht i gcomhréir le mír 5, scaoilfidh an t‑údarás inniúil an ráthaíocht go díreach tar éis an 30 Meán Fómhair den dara bliain inar thug an dearbhóir SCCT údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.
I gcás ina gceanglaítear ráthaíocht i gcomhréir le mír 5a, scaoilfidh an t‑údarás inniúil an ráthaíocht go díreach tar éis an 30 Meán Fómhair den dara bliain inar thug an dearbhóir SCCT údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22. D’ainneoin an mhéid sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh a dhéanamh síneadh a chur le fad na ráthaíochta i gcás ina bhfuil údar cuí le síneadh den sórt sin.
I gcás dearbhóir SCCT údaraithe nach dtugann suas an líon leordhóthanach deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22 agus tar éis cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19(5), úsáidfidh an t‑údarás inniúil an ráthaíocht a soláthraíodh chun an coigeartú airgeadais gan íoc a aisghabháil.
Cinnfidh an t‑údarás inniúil an méid atá le haisghabháil bunaithe ar líon na ndeimhnithe ba cheart a thabhairt suas agus ar phraghas na ndeimhnithe ar an dáta a rinneadh an cinneadh.’;
(10)in Airteagal 18(3), cuirtear isteach an abairt seo a leanas:
‘Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin freisin na nósanna imeachta fíorúcháin a bheidh le húsáid ag fíoraitheoirí.’;
(11)in Airteagal 19, cuirtear isteach an mhír 2a seo a leanas:
‘2a. I gcás astaíochtaí leabaithe a chinntear ar bhonn astaíochtaí iarbhír, féadfaidh an Coimisiún nó údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an dearbhóir SCCT bunaithe, mar chuid den athbhreithniú ar an dearbhú SCCT, a iarraidh ar an dearbhóir SCCT údaraithe fianaise a sholáthar gur táirgeadh na hearraí allmhairithe ag an tsuiteáil dá dtagraítear sa dearbhú SCCT.’;
(12)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:
‘I gcás na seachtainí féilire sin nach mbíonn aon cheant ar siúl ar an ardán ceantála, is é an praghas a bheidh ar dheimhnithe SCCT meán phraghsanna scoir lamháltais CTA AE ón tseachtain dheireanach ina raibh ceantanna ar siúl ar an ardán ceantála. I gcás na seachtainí féilire sin nach mbíonn ach aon cheant amháin ar siúl ar an ardán ceantála, is é an praghas a bheidh ar dheimhnithe SCCT meán an phraghais scoir sin agus na bpraghsanna scoir ón tseachtain dheireanach ina raibh roinnt ceantanna ar siúl ar an ardán ceantála.’;
(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
Foilseoidh an Coimisiún praghas na ndeimhnithe SCCT ar a shuíomh gréasáin nó ar aon bhealach iomchuí eile ar an gcéad lá oibre den tseachtain féilire dár gcionn.’;
(13)in Airteagal 22(2), cuirtear isteach an fhomhír seo leanas:
‘Ó 2028 ar aghaidh, bunófar an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar dheimhnithe SCCT a cheannaigh an dearbhóir SCCT údaraithe le linn na bliana céanna sin agus ar na deimhnithe SCCT sin amháin.’;
(14)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara fomhír d’Airteagal 23(1):
‘Athcheannófar na deimhnithe SCCT iomarcacha tríd an ardán lárnach coiteann dá dtagraítear in Airteagal 20.’;
(15)Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfaidh na húdaráis chustaim go tréimhsiúil agus go huathoibríoch, go háirithe trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, faisnéis shonrach maidir leis na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairiú a chur in iúl don Choimisiún. Áireofar leis an bhfaisnéis sin uimhir EORI nó cineál aitheantais an allmhaireora nó an dearbhóra SCCT údaraithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, chomh maith le huimhir chuntais SCCT an dearbhóra SCCT údaraithe, cód AC ocht ndigit na n‑earraí, an chainníocht, an tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe custaim agus an nós imeachta custaim, chomh maith le haon sonraí eile is ábhartha chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, billí urscaoilte, dearbhuithe ath-onnmhairiúcháin agus doiciméadacht chustaim choibhéiseach. I gcás nach bhfuil aon uimhir EORI ag an allmhaireoir, cuirfidh na húdaráis chustaim ainm, seoladh agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis teagmhála an allmhaireora in iúl don Choimisiún freisin.
Is leis an uimhir chuntais SCCT a sholáthraítear sa dearbhú custaim nó in aon doiciméad ábhartha eile agus earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó táirgí próiseáilte a fuarthas ó na hearraí sin, á ndearbhú lena n‑allmhairiú, a chinnfear an dearbhóir SCCT údaraithe a ghlacfaidh leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.’;
(b)i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:
‘I gcás ina measann an t‑údarás inniúil go bhfuil an fhaisnéis mícheart nó míchruinn, féadfaidh an t‑údarás inniúil a iarraidh ar na húdaráis chustaim nó ar an gCoimisiún a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis sin cruinn nó i gceart.’;
(c)i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear raon na faisnéise, agus an tréimhsiúlacht, uainiú agus an modh chun an fhaisnéis a chur in iúl de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.’;
(d)cuirtear an mhír 7 seo a leanas isteach:
‘7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun ábhar agus comhdhéanaimh cheimiceacha earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).’;
(16)in Airteagal 27(2), cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:
‘(c) na slabhraí soláthair a choigeartú go saorga chun a shocrú go mbainfidh na hearraí tairbhe as luachanna réamhshocraithe níos ísle.’;
(17)cuirtear an tAirteagal 27a a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 27a
Imthosca tromchúiseacha gan choinne
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar staid na himeartha ag leibhéal an Aontais d’fhonn faireachán a dhéanamh ar thionchar SCCT ar mhargadh inmheánach an Aontais. I gcás ina measann an Coimisiún, agus an fhianaise ábhartha á cur san áireamh aige, go ndéantar díobháil thromchúiseach do mhargadh inmheánach an Aontais de dheasca earra a áireamh in Iarscríbhinn I de bharr imthosca tromchúiseacha gan choinne a bhaineann leis an tionchar ar phraghsanna earraí, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an t‑earra sin a bhaint d’Iarscríbhinn I go dtí go mbeidh na himthosca tromchúiseacha sin nárbh fhéidir a thuar imithe in éag.’;
(18)Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:
‘2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(10) agus (11), Airteagal 2a(3), Airteagal 6(7), Airteagal 18(3), Airteagal 20(5a) agus (6), Airteagal 27(6) agus Airteagal 27a, a ghlacadh go ceann tréimhse 5 bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid breise, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(10) agus (11), Airteagal 2a(3), Airteagal 6(7), Airteagal 18(3), Airteagal 20(5a) agus (6), Airteagal 27(6) agus Airteagal 27a, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth,’;
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 7:
‘7. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(10) agus (11), Airteagal 2a(3), Airteagal 6(7), Airteagal 18(3), Airteagal 20(5a) agus (6) nó Airteagal 27(6) agus Airteagal 27a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
(19)cuirtear an tAirteagal 28a a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 28
Nós imeachta práinne
1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 7 d’Airteagal 28. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.’;
(20)in Airteagal 30(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
‘Roimh an 1 Eanáir 2028, agus gach 2 bhliain dá éis sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú SCCT. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach nó gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:
(a) measúnú ar thionchar SCCT ar an méid seo a leanas:
(i) sceitheadh carbóin, lena n‑áirítear i ndáil le honnmhairí;
(ii) na hearnálacha a chumhdaítear;
(iii) an margadh inmheánach, lena n‑áirítear tionchar eacnamaíoch agus críochach ar fud an Aontais;
(iv) boilsciú agus praghas tráchtearraí;
(v) an éifeacht ar thionscail a úsáideann earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(vi) trádáil idirnáisiúnta, lena n‑áirítear athdháileadh acmhainní; agus
(vii) TLFanna.
(b) measúnú ar an méid seo a leanas:
(i) an córas rialachais, lena n‑áirítear measúnú ar chur chun feidhme agus riar na ráthaíochtaí agus údarú dhearbhóirí SCCT a dhéanfaidh na Ballstáit;
(ii) raon feidhme an Rialacháin seo, lena n‑áirítear an fhéidearthacht raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig earraí breise atá i mbaol sceite carbóin;
(iia) oiriúnacht na ngníomhartha cur chun feidhme agus na ngníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin seo;
(iib) oiriúnacht na modhanna chun luachanna réamhshocraithe a shocrú agus an corrlach a chuirtear i bhfeidhm ar na luachanna réamhshocraithe;
(ii) cleachtais imchéimnithe;
(iv) cur i bhfeidhm pionós sna Ballstáit;
(v) cur i bhfeidhm na tairsí maisbhunaithe aonair, lena n‑áirítear an fhéidearthacht an tairseach sin a mhéadú agus tairseach choinsíneacht-bhunaithe fhorlíontach a thabhairt isteach;
(c) torthaí imscrúduithe agus pionóis arna bhforchur;
(d) faisnéis chomhiomlánaithe maidir le déine astaíochtaí do gach tír thionscnaimh le haghaidh na n‑earraí éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn I.;’
(21)leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
(22)leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
(23)in Iarscríbhinn VI, leasaítear pointe 2 mar a leanas:
(a)scriostar pointí (g) go (j);
(b)cuirtear an pointe (ka) seo a leanas isteach:
‘(ka) comhdhéanamh ábharach gach earra iartheachtaigh;’;
(24)cuirtear leis Iarscríbhinn VIII nua mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointí 1 agus 6 d’Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2026.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1(6), pointe (a), Airteagal 1(8), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 1(21), (23), agus (24), agus pointe 2 d’Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2028.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Foras an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar10
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12
3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24
3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25
3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26
3.2.4.3.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach26
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29
4.Gnéithe digiteacha29
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30
4.2.Sonraí30
4.3.Réitigh dhigiteacha31
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
I bhfianaise an mhéadaithe ar uaillmhianta aeráide an Aontais, tá sé de chuspóir uileghabhálach le tabhairt isteach Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí astaíochtaí GCT a laghdú san Aontas agus ar fud an domhain.
Is é is aidhm don togra leasaitheach éifeachtacht SCCT a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
An cuspóir uileghabhálach maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, déantar mionléiriú breise air i roinnt cuspóirí sonracha, mar atá: (i) Aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin a ghabhann le huaillmhian mhéadaithe an Aontais. (ii) Rannchuidiú chun creat beartais cobhsaí agus slán a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin nó i dteicneolaíochtaí saor ó charbón. (iii) A áirithiú go mbeidh an táirgeadh baile agus na hallmhairí faoi réir leibhéal comhchosúil praghsála carbóin. (iv) Táirgeoirí i dtríú tíortha a bhíonn ag onnmhairiú chuig an Aontas a spreagadh chun teicneolaíochtaí ísealcharbóin a úsáid. (v) A áirithiú gur beart éifeachtach a bheidh ann agus go n‑íoslaghdófar an riosca go ndéanfar imchéimniú air, agus dá réir sin go soláthrófar sláine comhshaoil. (vi) A áirithiú gur ualach riaracháin comhréireach a bheidh ar ghnólachtaí agus ar údaráis phoiblí agus an beart á chur i bhfeidhm.
Is é is aidhm don togra leasaitheach éifeachtacht SCCT a neartú chun cosaint a thabhairt ar an mbaol sceite carbóin, tríd an raon feidhme a leathnú chuig táirgí iartheachtacha, forálacha frithsheachanta breise a thabhairt isteach agus na rialacha is infheidhme maidir le hallmhairí leictreachais a shoiléiriú.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Le tabhairt isteach sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, beartaítear laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in AE-27 agus sa chuid eile den domhan sna hearnálacha a chumhdaítear leis an sásra. Táthar ag dréim le laghdú ar na rioscaí sceite carbóin freisin mar thoradh ar SCCT, agus dá bhrí sin go ngabhfaidh sé, de réir a chéile, ionad an leithdháilte lamháltas saor in aisce faoi CTA AE.
A mhéid a bhaineann le tionchair eacnamaíocha, léiríonn an samhaltú a rinneadh roimh ghlacadh an Rialacháin maidir le SCCT go bhféadfadh laghdú 0,22 % go 0,23 % teacht, in 2030, ar an olltáirgeacht intíre i gcás AE-27 mar gheall ar thabhairt isteach SCCT agus beart eile a bhfuil gá leo chun uaillmhianta méadaithe aeráide an Aontais a bhaint amach. Tionchar measartha a imreofar ar thaobh na hinfheistíochta. Ar thaobh an tomhaltais, dealraíonn sé go bhfuil éifeacht dhiúltach beagán níos láidre ag SCCT i gcoibhneas leis an gcás ina mbeadh uaillmhian mhéadaithe aeráide ann gan aon SCCT.
Trí sceitheadh carbóin a laghdú go héifeachtach, beidh laghdú ar allmhairí in AE-27 mar thoradh ar SCCT a thabhairt isteach. Ar an iomlán, is teoranta an tionchar sóisialta atá ag SCCT.
Meastar go mbeidh tionchair riaracháin ar an gCoimisiún, ar ghnólachtaí agus ar údaráis náisiúnta. Ar an iomlán, is é a mheastar, i dtaca leis na costais chomhlíontachta ar ghnólachtaí agus ar na húdaráis, go mbeidh na costais sin comhréireach agus go mbeidh siad inbhainistithe i bhfianaise shochair chomhshaoil an bhirt.
Meastar go laghdófar astaíochtaí GCT domhanda bliantúla thart ar 0.7 Mt CO2e faoi 2030 leis an togra leasaitheach. Ina theannta sin, meastar go laghdófar sceitheadh carbóin a thuilleadh leis. Bunaithe ar shamhaltú a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, meastar go dtiocfaidh laghdú 43 % ar an ráta sceite carbóin le SCCT mar atá sa reachtaíocht faoi láthair i gcomparáid leis an gcás gan SCCT. Meastar go laghdófar an ráta sceite carbóin a thuilleadh fós ach an raon feidhme a leathnú chuig táirgí iartheachtacha roghnaithe cruach agus alúmanaim, agus laghdú iomlán 76 % ann i gcomparáid le cás gan SCCT. Tá na tionchair mhaicreacnamaíocha a bhaineann le leathnú iartheachtach diomaibhseach, agus meastar go mbeidh tionchar níos lú ná 0.001 % aige ar OTI an Aontais agus gan ach miontionchair fhoriomlána aige ar thrádáil, ar tháirgeadh agus ar phraghsanna do thomhaltóirí san Aontas.
Níor díríodh sa leathnú iartheachtach ar ioncam a ghiniúint ach ar éifeachtacht SCCT a neartú ó thaobh aeráide de maidir le sceitheadh carbóin a chosc. Agus é sin ráite, meastar go nginfidh an togra thart ar EUR 0,58 billiún d’ioncam bliantúil faoi 2030. Tar éis 2030, de réir mar a chuirfear deireadh de réir a chéile le leithdháiltí saor in aisce faoi CTA AE agus de réir mar a thabharfar SCCT isteach de réir a chéile, ba cheart go mbeadh an t‑ioncam ag méadú i gcónaí, agus go sroichfí thart ar EUR 0,69 billiún faoi 2035.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
|
Cuspóirí
|
Táscairí
|
Uirlisí tomhais/foinsí sonraí
|
|
Astaíochtaí GCT a laghdú
|
-Leibhéal na n‑astaíochtaí san Aontas Eorpach
-Leibhéal na n‑astaíochtaí ar fud an domhain
|
-Staidreamh maidir le hastaíochtaí
-Staidreamh earnála
-Ráitis ó thríú tíortha maidir lenar dreasaíodh a bpraghsáil carbóin féin mar thoradh ar SCCT
|
|
Próisis táirgthe níos glaine a dhreasú i dtríú tíortha
|
-Athrú ar astaíochtaí iarbhír i gcás earnálacha SCCT i dtríú tíortha
-Leibhéal na n‑allmhairí leictreachais
-Sciar na luachanna iarbhír a thuairiscítear maidir le leictreachas
|
-Leibhéal astaíochtaí arna léiriú ag táirgeoirí tríú tíortha atá faoi réir SCCT
-Clárlann SCCT
|
|
Sceitheadh carbóin a chosc
|
-Mar tháscairí ar astaíochtaí thuasluaite
-Leibhéal astaíochtaí san Aontas i gcoibhneas le hastaíochtaí domhanda
-Sreafaí trádála in earnálacha SCCT
-Sreafaí trádála iartheachtacha
|
-Staidreamh maidir le hastaíochtaí
-Staidreamh trádála
-Staidreamh earnála
|
|
Comhleanúnachas le beartais an Aontais a áirithiú
|
-Praghas na ndeimhnithe allmhairiúcháin i gcomhréir leis an bpraghas in CTA AE
|
-Staidreamh ó CTA AE agus ó údaráis SCCT
|
|
An t‑ualach riaracháin a theorannú
|
-Déileáil ar bhealach tráthúil le forfheidhmiú SCCT (e.g. féidearthacht nós imeachta réitigh)
-Seiceálacha, a dhéanfaidh an t‑allmhaireoir, ar leibhéal iarbhír na n‑astaíochtaí
|
-Aiseolas ón earnáil tionscail agus ó na húdaráis phoiblí atá freagrach as SCCT a chur chun feidhme
-An líon foirne is gá le haghaidh riarachán SCCT
|
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
leathnú ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Tugadh an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha isteach ó mhí Dheireadh Fómhair 2023. Tá córas simplithe de scéim SCCT i bhfeidhm faoi láthair go dtí deireadh 2025. Go sonrach, tá feidhm faoi láthair ag idirthréimhse (triail maidir le bailiú sonraí) chun feidhmiú rianúil SCCT a éascú agus chun deis a thabhairt do na trádálaithe agus do na hallmhaireoirí dul in oiriúint dó.
Tá seirbhísí an Choimisiúin i gceannas ar SCCT a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú le linn na hidirthréimhse (2023-2025) agus le linn na céime cinntithí freisin (ó 2026 ar aghaidh).
Le linn na hidirthréimhse, tugadh le tuiscint leis sin go mbaileofar faisnéis ó allmhaireoirí earraí SCCT san Aontas maidir le hastaíochtaí GCT leabaithe na n‑earraí sin agus go ndéanfar anailís ar shonraí.
Iarrtar leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) go dtabharfaí isteach de réir a chéile na feidhmeanna éagsúla is gá chun é a chur chun feidhme go héifeachtach. Ar an gcéad dul síos, ní mór roinnt tuarascálacha agus athbhreithnithe a ullmhú d’fhonn an oibleagáid airgeadais atá le socrú a éascú. I bhfianaise an mhéid sin, foráiltear leis an Rialachán maidir le SCCT go gcuirfear chun feidhme é in dhá thréimhse i ndiaidh a chéile: an Idirthréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 go dtí deireadh 2025 agus an Tréimhse Cinntitheach ó thús 2026 amach.
Le linn na hIdirthréimhse, tá an oibleagáid a chuirtear ar allmhaireoirí agus ar Údaráis an Aontais (údaráis chustaim) teoranta do chomhdú na dtuarascálacha ráithiúla SCCT chomh maith leis na dearbhuithe allmhairiúcháin.
Le linn na hidirthréimhse, cuireadh córas idirthréimhseach bainistíochta faisnéise i bhfeidhm chun tacú le cur isteach agus bailiú tuarascálacha ráithiúla, chomh maith le sonraí ó gach tuarascáil a chomhshamhlú i mbunachar sonraí comhiomlánaithe, chun gur féidir anailís éifeachtach a dhéanamh orthu chun críoch tuairiscithe i gcomhréir le forálacha an Rialacháin.
Ina theannta sin, le linn na hidirthréimhse, cuirtear de chúram ar údaráis chustaim na dearbhóirí custaim a chur ar an eolas faoin oibleagáid faisnéis a thuairisciú, chun rannchuidiú le bailiú faisnéise chomh maith leis an bhfeasacht ar an ngá atá le stádas dearbhóra údaraithe a iarraidh i gcás inarb infheidhme (roimh an gcéad allmhairiú earraí SCCT ón 1 Eanáir 2026 amach).
Tá sé beartaithe tús a chur leis an Tréimhse Cinntitheach an 01.01.26 le haghaidh an dearbhaithe SCCT agus na seirbhísí bainistithe deimhnithe mar a liostaítear anseo agus bliain roimhe sin le haghaidh clárú dearbhóirí údaraithe agus próiseáil údaruithe SCCT ag na húdaráis inniúla:
- níl allmhaireoirí i dteideal na hearraí sin a allmhairiú ach amháin tar éis d’údaráis inniúla údarú a dheonú dóibh (seachas i gcás an mhaolaithe), nó má cheapann siad ionadaí atá údaraithe mar dhearbhóir SCCT. Níor cheart d’údaráis chustaim allmhairiú earraí SCCT a cheadú gan dearbhóir SCCT údaraithe a bheith rannpháirteach. Thairis sin, féadfaidh na húdaráis chustaim seiceálacha a dhéanamh ar na hearraí, lena n‑áirítear déanamh amhlaidh i ndáil le sainaithint an dearbhóra SCCT údaraithe, cód AC ocht ndigit, cainníocht agus tír thionscnaimh na n‑earraí allmhairithe, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim. Ba cheart don Choimisiún na rioscaí a bhaineann le SCCT a chur san áireamh i ndearadh na gcritéar agus na gcaighdeán coiteann riosca de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013
- Ba cheart SCCT a bheith bunaithe ar chóras dearbhaitheach ina ndéanann dearbhóir SCCT údaraithe, a fhéadfaidh gníomhú thar a cheann féin nó ionadaíocht a dhéanamh ar allmhaireoir amháin nó níos mó, dearbhú a chur isteach ar bhonn bliantúil maidir leis na hastaíochtaí leabaithe sna hearraí a allmhairíodh isteach i gcríoch chustaim an Aontais, agus líon áirithe deimhnithe SCCT a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí arna ndearbhú.
- Ba cheart dearbhóir SCCT údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar an líon deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin a íocadh cheana iarbhír i leith na n‑astaíochtaí sin i ndlínsí eile. Moltar sa Rialachán leasaitheach praghas carbóin réamhshocraithe a thabhairt isteach lena gceadófaí do dhearbhóirí laghdú a éileamh i gcás nach féidir a léiriú gur íocadh praghas carbóin go héifeachtach.
- I gcás ina ndearbhaítear na hastaíochtaí iarbhír, ba cheart do dhuine atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de chuid an Aontais na hastaíochtaí leabaithe arna ndearbhú a fhíorú.
- Ba cheart do lárchóras SCCT a cheadú d’oibreoirí suiteálacha táirgthe i dtríú tíortha clárú i gclárlann SCCT agus a n‑astaíochtaí GCT leabaithe ó tháirgeadh earraí a chur ar fáil do dhearbhóirí SCCT údaraithe. Ba cheart don Choimisiún clárlann SCCT ina bhfuil sonraí maidir leis na dearbhóirí SCCT údaraithe, na hoibreoirí SCCT údaraithe agus na suiteálacha SCCT údaraithe i dtríú tíortha a bhainistiú. Moltar sa Rialachán leasaitheach cead a thabhairt d’fhíoraitheoirí creidiúnaithe rochtain a fháil ar an gclárlann chun iontaofacht na sonraí astaíochtaí arna gcomhroinnt ag oibreoirí le dearbhóirí tríd an gclárlann a fheabhsú.
- Chun an riosca sceite carbóin a laghdú, ba cheart don Choimisiún beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais imchéimnithe
- Ba cheart ardán lárnach coiteann a bhunú chun deimhnithe SCCT a dhíol agus a athcheannach. D’fhonn formhaoirseacht a dhéanamh ar na hidirbhearta ar an ardán lárnach coiteann, ba cheart don Choimisiún malartú faisnéise agus comhar idir na húdaráis inniúla, agus idir na húdaráis sin agus an Coimisiún, a éascú. Sa bhreis air sin, ba cheart sreabhadh tapa faisnéise a chur ar bun idir an t‑ardán lárnach coiteann agus clárlann SCCT.
- Ba cheart don Choimisiún rialuithe rioscabhunaithe a dhéanamh agus ba cheart dó athbhreithniú a dhéanamh dá réir sin ar inneachar na ndearbhuithe SCCT. Chun críoch forfheidhmithe, féadfaidh na Ballstáit athbhreithnithe a dhéanamh freisin ar dhearbhuithe SCCT aonair. Ba cheart conclúidí na n‑athbhreithnithe ar dhearbhuithe SCCT aonair a roinnt leis an gCoimisiún agus ba cheart iad a chur ar fáil d’údaráis inniúla eile i gclárlann SCCT.
- Ba cheart na Ballstáit a bheith freagrach as an ioncam a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shuí agus a bhailiú i gceart.
Dá bhrí sin, le linn na tréimhse cinntithí, tiocfaidh méadú mór ar an líon cúraimí a shannfar don Choimisiún Eorpach, rud lena méadófar na riachtanais foirne. Áireofar ar na cúraimí a dhéanfaidh an fhoireann sin maoirseacht ar údarú na ndearbhóirí SCCT arna dheonú ag údaráis inniúla na mBallstát, bainistiú an bhunachair sonraí lárnaigh agus na clárlainne lárnaí, comhordú agus malartú faisnéise le húdaráis inniúla na mBallstát, athbhreithniú ar dhearbhuithe agus formhaoirseacht ar an ardán seachtrach agus ar deireadh, cúraimí lena n‑éilítear inniúlachtaí dlíthiúla amhail dlíthíocht agus aisghabháil agus formhaoirseacht freagrachta airgeadais. Déantar struchtúr na foirne a shainiú a thuilleadh thíos.
Le linn na tréimhse cinntithí, is é an Coimisiún a bheidh i gceannas ar fhormhór na gcúraimí a eascraíonn as an Rialachán maidir le SCCT.
Leis an togra leasaitheach, tugtar isteach forálacha frithsheachanta nua lena dtugtar cúraimí breise le tuiscint, ar cúraimí iad atá le déanamh ag an gCoimisiún ó 2027 ar aghaidh. Áirítear orthu sin forbairt, cur chun feidhme agus formhaoirseacht ar oibríochtú na bhforálacha frithsheachanta nua. Go háirithe, leis na bearta sin ceanglófar seiceálacha bailíochta breise ar fhianaise arna soláthar ag allmhaireoirí atá ceaptha fíorú a dhéanamh ar bhailíocht na faisnéise a soláthraíodh sa dearbhú SCCT.
Ina theannta sin, de bharr na n‑athruithe a beartaíodh sa togra leasaitheach a tugadh isteach, tagann riachtanais mhaoiniúcháin bhreise chun cinn chun ionchur anailíseach a sholáthraítear don Choimisiún a mhaoiniú chun cúraimí fíor-riachtanacha a fhorghníomhú, ar cúraimí iad a bheidh le déanamh ó 2027 ar aghaidh. Go sonrach, beidh ar an gCoimisiún luachanna réamhshocraithe a fhorbairt (agus a nuashonrú go bliantúil) le haghaidh na n‑earraí nua a cuireadh le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán. Thairis sin, leathnaíodh a fhreagrachtaí maidir le faireachán a dhéanamh ar chleachtais imchéimnithe agus seachanta agus iad a bhrath, ionas gur gá bunachair sonraí agus faisnéis mhargaidh a fháil chun cur le córas láidir anailíse riosca agus braite riosca. Chun é sin a dhéanamh meastar go mbeidh gá le EUR 2 mhilliún de chaiteachas neamh-TF le haghaidh 2027, anuas ar na riachtanais bhuiséadacha a shainaithnítear sa ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach a ghabhann leis an togra chun SCCT a shimpliú agus a threisiú (+EUR 2 mhilliún ar bhonn bliantúil).
Buiséad TF SCCT
Buiséad SCCT atá le húsáid/gealladh don tréimhse 2023-2027, measadh gur fiú EUR 120,69 milliún é. Cuimsítear i mbuiséad TF SCCT seirbhísí anailíse agus forbartha, seirbhísí cur in úsáid, seirbhísí oibríochtaí, néalseirbhísí agus/nó ceadúnais crua-earraí agus bogearraí ar an láthair le haghaidh Chóras Idirthréimhseach SCCT agus Chóras Cinntitheach SCCT mar a shonraítear thíos:
- Rinneadh meastachán ar an gcaiteachas caipitiúil ar bhonn an bhuiséid iarbhír a úsáideadh agus ar bhonn an bhuiséid a d’údaraigh Rialachas Corparáideach TF an Choimisiúin i bhfoirm Doiciméid Físe fhormheasta do na tionscadail TF seo a leanas de chuid AS TAXUD a bhí ann roimhe seo, mar gheall ar a gcosúlachtaí i dtéarmaí na Samhla Ailtireachta TF: CDS, CBRC2, SURV3, REX, CSRD2, EBTI, Córais Bainistíochta an Dearbhaithe Custaim Thras-Eorpach arna bhforbairt agus arna n‑oibriú ag AS TAXUD.
- Rinneadh measúnú ar an gcaiteachas oibriúcháin ar bhonn chostais bhliantúla reatha bhonneagair agus oibriúcháin AS TAXUD, a soláthairtí maidir le bonneagar TF, tacaíocht TF agus gníomhaíochtaí deisce seirbhíse le haghaidh na gcóras táirgthe a sholáthraítear leis na tionscadail dá dtagraítear thuas.
- Tá an phraghsáil bunaithe ar an bpraghsáil Creatchonarthaí atá i bhfeidhm faoi láthair.
I líne bhuiséid an Bheartais TF, ní áirítear buiséad an tsoláthair chomhpháirtigh idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir leis an ardán chun deimhnithe a dhíol agus a cheannach, ar deimhnithe iad chun oibríochtaí a bhainistiú.
90 ball foirne ón gCoimisiún Eorpach (lena n‑áirítear 15 bhall foirne TF) a bheadh ar fhoireann SCCT in 2027.
Is mar seo a leanas a bheadh miondealú na foirne iomláine, lena n‑áirítear foireann TF, ó 2023 go 2027:
|
Bliain
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
An líon Acmhainní Iomlána
|
20
|
33
|
44
|
66
|
90
|
|
Foireann SCCT
|
12
|
21
|
29
|
50
|
74
|
|
Foireann TF SCCT
|
8
|
12
|
15
|
16
|
16
|
Mar gheall ar thábhacht straitéiseach, méid agus castacht thionscadal TF SCCT, ní mór foireann thiomnaithe TF SCCT a bhunú chun cur chun feidhme foriomlán agus oibríochtaí foriomlána an tionscadail a bhainistiú.
Tá 16 chomhalta ar fhoireann TF SCCT a bhfuil próifílí speisialaithe TF acu chun na nithe seo a leanas a shainiú agus a bhainistiú, maidir le córais TF idirthréimhseacha agus chinntitheacha SCCT araon: Ailtireacht Chórais agus Eagrú agus Pleanáil Tionscadail TF SCCT, na gníomhaíochtaí maidir le forbairt, cur in úsáid agus eagrú na Samhla Seirbhíse, bainistiú oibríochtaí agus tacaíochta i ndáil leis an earnáil trádála, seirbhísí an Choimisiúin, údaráis aeráide agus chustaim.
Is é seo a leanas an plean atá beartaithe chun foireann TF SCCT a chur in úsáid:
|
Bliain
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
An líon Acmhainní
|
8
|
12
|
15
|
15
|
15
|
|
AD
|
4
|
5
|
5
|
5
|
5
|
|
CA
|
4
|
7
|
10
|
10
|
10
|
Earcófar baill foirne bhreise sheachtracha (PXE) ó bhuiséad TF SCCT de réir na riachtanas.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Cúiseanna le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais (ex ante): Go bunúsach, is saincheist thrasteorann é laghdú na n‑astaíochtaí GCT lena n‑éilítear gníomhaíocht éifeachtach ar an scála is mó is féidir. Is maith is féidir leis an Aontas Eorpach, mar eagraíocht fhornáisiúnta, beartas aeráide éifeachtach a bhunú san Aontas, faoi mar a rinne sé i gcás CTA AE.
Tá praghas comhchuibhithe carbóin ann cheana féin ar leibhéal an Aontais. Is éard atá sa mhéid sin an praghas atá mar thoradh ar CTA AE le haghaidh na n‑earnálacha a chumhdaítear leis an gcóras. Beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, sin é an t‑aon bhealach fóinteach chun coibhéis a áirithiú idir an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm i margadh inmheánach an Aontais agus an beartas praghsála carbóin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairí.
Aon tionscnamh a dhéanfar, ní mór é a chur chun feidhme ar bhealach a chuirfidh ar fáil d’allmhaireoirí – gan beann ar an tír thionscnaimh nó ar an gcalafort iontrála ná ar an gceann scríbe laistigh den Aontas – coinníollacha aonfhoirmeacha agus dreasachtaí le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí GCT atá coibhéiseach leo siúd atá ag na táirgeoirí baile. Is é an t‑aon bhealach amháin chun an méid sin a dhéanamh go héifeachtach beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.
Is ar leibhéal an Aontais is fearr a dhéantar an simpliú atá beartaithe agus a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht a áirithiú. Áiritheofar leis sin cothrom iomaíochta do chuideachtaí agus d’údaráis ar fud an Aontais, agus bainfidh siad tairbhe as cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe a eascraíonn as an togra seo.
An breisluach Eorpach a mheastar a ghinfear (ex post) i dtaca le laghdú na n‑astaíochtaí GCT agus le cosaint ar an mbaol sceite carbóin i margadh aonair an Aontais, is ar leibhéal an Aontais is fearr a dhéanfar an méid sin, i gcomhthráth le CTA AE. Ina theannta sin, i dtaca leis an ngá atá le costais riaracháin íosta, is é an bealach is fearr chun é sin a bhaint amach rialacha comhsheasmhacha a bhunú don mhargadh aonair ina iomláine, rud lena leagtar béim bhreise ar an mbreisluach a ghabhann le hidirghabháil ar leibhéal an Aontais.
Dheimhnigh an comhairliúchán poiblí go ngabhann breisluach le beart a dhéanamh maidir le SCCT ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, aontaíonn na geallsealbhóirí go bhfuil gá le SCCT AE mar gheall ar na difríochtaí uaillmhéine atá ann faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an chuid eile den domhan agus chun tacú leis na hiarrachtaí domhanda maidir leis an aeráid. Ina theannta sin, i bhfianaise sheasamh an Aontais sa trádáil idirnáisiúnta, má thugann sé SCCT isteach, is éifeachtaí a bheidh an éifeacht chomhshaoil ar uaillmhianta aeráide idirnáisiúnta mar eiseamláir a d’fhéadfaí a leanúint.
Dá réir sin, tá gá – d’uireasa beartais dhomhanda a bheadh chomh huaillmhianach céanna – le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun an cuspóir maidir le hastaíochtaí a laghdú agus neodracht aeráide a bhaint amach.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Tá an togra leasaitheach ag brath ar an taithí a fuarthas agus SCCT á chur chun feidhme ó thosaigh an sásra d’fheidhm a bheith aige le linn a chéime idirthréimhsí ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
An 16 Iúil 2025, chuir an Coimisiún a thogra le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil (‘CAI’) uaillmhianach dinimiciúil dar luach beagnach EUR 2 thrilliún i láthair. Chuir an Coimisiún cúig acmhainn dhílse nua i láthair chun a thosaíochtaí a mhaoiniú agus an méid a fuair an tAontas ar iasacht faoi NextGenerationEU a aisíoc freisin agus teorainn a chur leis na ranníocaíochtaí náisiúnta le buiséad an Aontais. Áirítear leis na hacmhainní dílse nua atá beartaithe SCCT, a mheastar a ghinfidh thart ar EUR 1,45 billiún in aghaidh na bliana (praghsanna reatha), ar an meán, idir 2028 agus 2034.
Leis an togra leasaitheach, méadaítear cúraimí agus freagrachtaí an Choimisiúin a thuilleadh maidir lena áirithiú go gcuirfear SCCT chun feidhme go héifeachtach agus nach n‑imchéimneofar/nach seachnófar é. Chuige sin, beidh gá le tacaíocht bhuiséadach bhreise laistigh den CAI reatha. Thairis sin, agus gan dochar do thoradh na caibidlíochta maidir leis an gcéad CAI eile, ós rud é gur ar bhonn athfhillteach a bhíonn formhór na gcúraimí i gceist, ní mór na modhanna maoinithe iomchuí a chur ar fáil mar chuid den chéad CAI eile.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Is le buiséad an Aontais a mhaoineofar costais chur chun feidhme SCCT.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
–
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–
tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus chun meastóireacht a dhéanamh air i dtaca leis na príomhchuspóirí beartais.
Roimh dheireadh na hidirthréimhse ag deireadh 2025 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún measúnuithe cuimsitheacha ar fheidhmiú SCCT, lena n‑áirítear a rialachas.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Le leagan amach atá láraithe go mór, is féidir SCCT a chur chun feidhme go haonfhoirmeach agus go héifeachtúil ar fud an Aontais, lena n‑áirítear déanamh amhlaidh sna Ballstáit ina bhfuil acmhainneacht riaracháin níos teoranta maidir le saincheisteanna aeráide. Cuireadh formhór na bhfeidhmeanna cur chun feidhme agus forfheidhmithe i leith sheirbhísí an Choimisiúin. Éilítear leo sin freisin líon méadaithe feidhmeanna rialaithe chun cur chun feidhme agus bainistiú ceart SCCT a áirithiú. Tá foráil déanta ag an gCoimisiún freisin maidir le líon méadaithe beart chun calaois a chosc.
Áirítear sa togra leasaitheach seo roinnt forálacha chun an riosca imchéimniúcháin agus seachanta a laghdú d’fhonn SCCT a dhéanamh níos éifeachtaí. Tugtar le tuiscint leis sin, ar a sheal, go mbeidh riachtanais bhreise chistiúcháin ag an gCoimisiún chun na cúraimí breise sin a fhorghníomhú agus chun Clárlann SCCT a leathnú.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Beidh SCCT bunaithe ar chóras dearbhaitheach, rud lena mbaineann an riosca go mbeadh neamhdhearbhú nó mídhearbhú ann. Sainaithníodh rioscaí maidir le neamhdhearbhú agus mídhearbhú (e.g. déine astaíochtaí earraí SCCT, méideanna earraí SCCT a allmhairíodh, láthair táirgthe earraí SCCT).
Tá córas rialaithe inmheánaigh á chur ar bun lena gcomhtháthófar línte cosanta i gcás ina bhfuil rialuithe uathoibrithe, breithiúnais saineolaithe uathoibrithe agus measúnuithe riosca araon á gcur in úsáid. Beartaítear teicnící anailíse sonraí a chur i bhfeidhm de réir a chéile chun rioscaí den sórt sin a bhrath.
Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le neamhdhearbhú, teastaíonn údarú ón gcóras sula n‑allmhairítear earraí atá faoi raon feidhme an Rialacháin. Beidh sé de chúram ar na hÚdaráis Chustaim Náisiúnta an riail sin a fhorfheidhmiú trí gan na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht fad is nach bhfuil údarú ag an dearbhóir i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán go minic freisin le linn bliain ar leith ar chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann nár thionscain allmhaireoirí próiseas údarúcháin d’ainneoin an tairseach le haghaidh tuairisciú SCCT a bheith bainte amach acu nó iad i ngar di (lena n‑áirítear i gcás allmhairí trasteorann).
Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca mídhearbhaithe, bunófar cur chuige rioscabhunaithe bunaithe ar chritéir réamhchinntithe agus déanfar iniúchtaí randamacha freisin. Foráiltear leis an togra reatha maidir le SCCT seirbhísí an Choimisiúin a chumhachtú chun fianaise a iarraidh lena gceadaítear astaíochtaí iarbhír a úsáid i gcás cóid AC áirithe nó tionscnaimh áirithe. Foráiltear leis an togra freisin coinníollacha breise a chur le húsáid astaíochtaí iarbhír i gcás cóid AC áirithe agus/nó tionscnaimh áirithe.
Feidhmeoidh córas pionóis díspreagthach mar bhac freisin ar aon imchéimniú a d’fhéadfaí a dhéanamh. Déanfar iniúchóireacht ar leibhéal na ndearbhuithe SCCT – is iad na húdaráis náisiúnta a dhéanfaidh í – agus ar leibhéal na ndearbhuithe allmhairiúcháin, rud a dhéanfaidh údaráis chustaim.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin rialú ar chur i bhfeidhm ceart SCCT, go háirithe tabhairt suas deimhnithe SCCT agus cur i bhfeidhm ceart na tairsí de minimis. Cuirfear córas láidir bainistithe riosca i bhfeidhm chun rialuithe costéifeachtacha a áirithiú agus chun dul i ngleic le rioscaí imchéimniúcháin.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.
Éilítear ó ghníomhaíochtaí éifeachtúla frithchalaoise comhar gníomhach, lena n‑áirítear comhroinnt eolais agus malartú faisnéise, idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; d’fhéadfadh comhar le tríú tíortha a bheith ag teastáil freisin. Foráiltear cheana féin sa leagan den Rialachán maidir le SCCT atá ann faoi láthair do bhealaí láidre comhair idir na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta agus na húdaráis Chustaim. Bunaíodh líonra bainistithe riosca SCCT a thosaigh cheana féin ag obair ar fhrith-imchéimniú SCCT, agus é ina spreagadh go háirithe don togra atá ann faoi láthair maidir le feabhsuithe oibríochtúla ar an Rialachán maidir le SCCT chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí imchéimniúcháin.
Leis an togra leasaitheach, neartaítear a thuilleadh na rioscaí imchéimnithe a bhfuil SCCT neamhchosanta orthu leis an méid seo a leanas go háirithe 1) acmhainneachtaí feabhsaithe lena ndéanfar faireachán ar an inrianaitheacht d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an riosca go ndéanfar déine astaíochtaí a mhídhearbhú, 2) gráinneacht mhéadaithe maidir le comhdhéanamh ábharach agus ceimiceach chóid AC a thuairisciú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an riosca go ndéanfar déine astaíochtaí a mhídhearbhú agus ar deireadh 3) bearta in aghaidh cleachtais mhí-úsáideacha. Ar deireadh, tá sé beartaithe a áireamh ina réamhtheachtaí SCCT dramh réamhthomhaltais a sainaithníodh mar bhealach imchéimnithe chun astaíochtaí próisis táirgthe a laghdú go saorga agus, dá réir sin, a dhliteanas airgeadais SCCT a laghdú freisin.
Ba cheart aird ar leith a tharraingt ar oibreoirí eacnamaíocha neamhiontaofa (e.g. cuideachtaí caocha, trádálaithe ar iarraidh) agus ar thrádáil trasteorann laistigh den Aontas. Beidh sé d’aidhm ag an líonra bainistithe riosca SCCT thuasluaite aghaidh a thabhairt ar rioscaí den chineál sin.
Ba cheart gníomhaíocht frithchalaoise thapa a chur i bhfeidhm chun freagairt do rioscaí calaoise nua/nua-aimsithe. Ba cheart do na húdaráis atá i gceannas eolas ar phatrúin chalaoiseacha a thuairisciú agus a chomhroinnt. Tá Clárlann SCCT á cur in úsáid agus prionsabail aici maidir le comhroinnt eolais, agus rialuithe uathoibrithe, agus seiceáil faisnéise agus comhroinnt faisnéise i measc geallsealbhóirí. Déanfaidh an córas bainistithe riosca SCCT é féin a bhunú go háirithe ar chomhéadain chumarsáide sheanbhunaithe agus fheidhmiúla leis na hÚdaráis Chustaim (CBRC2) chun cásanna imchéimnithe a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl.
I gcás nach gcomhlíonann dearbhóir SCCT údaraithe nó allmhaireoir na hoibleagáidí atá sa Rialachán maidir le SCCT, cuirfear pionóis i bhfeidhm. I gcás ina ndéantar cionta arís agus arís eile, féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta cinneadh a dhéanamh cuntas an dearbhóra a chur ar fionraí.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
7
|
20 01 02 01
|
LD/LN
|
NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
3
|
09 20 04 01 (SCCT)
|
Difreáilte
|
NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
Is méideanna táscacha iad na méideanna a bhaineann le clárthréimhse 2028-2034 agus ní réamhbhreith iad ar thoradh na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an gcéad CAI eile.
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
3
|
Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol (TF)
|
|
AS: TAXUD
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
Líne bhuiséid 09 20 04 01(SCCT)
|
Gealltanais
|
(1a)
|
28,090
|
34,750
|
33,700
|
35,150
|
131,690
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
17,530
|
21,157
|
32,090
|
34,067
|
104,844
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
le haghaidh AS TAXUD
|
Gealltanais
|
=1a+1b+3
|
28,090
|
34,750
|
33,700
|
35,150
|
131,690
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
17,530
|
21,157
|
32,090
|
34,067
|
104,844
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
28,090
|
34,750
|
33,700
|
35,150
|
131,690
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
17,530
|
21,157
|
32,090
|
34,067
|
104,844
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 3
|
Gealltanais
|
=4+6
|
28,090
|
34,750
|
33,700
|
35,150
|
131,690
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
17,530
|
21,157
|
32,090
|
34,067
|
104,844
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
28,090
|
34,750
|
33,700
|
35,150
|
131,690
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
17,530
|
21,157
|
32,090
|
34,067
|
104,844
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 6
|
Gealltanais
|
=4+6
|
28,090
|
34,750
|
33,700
|
35,150
|
131,690
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
17,530
|
21,157
|
32,090
|
34,067
|
104,844
|
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
29,100
|
24,823
|
25,568
|
26,335
|
27,125
|
27,939
|
28,777
|
189,667
|
|
|
Íocaíochtaí
|
18,042
|
15,142
|
15,852
|
16,064
|
25,769
|
26,542
|
31,367
|
148,778
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 3
|
Gealltanais
|
29,100
|
24,823
|
25,568
|
26,335
|
27,125
|
27,939
|
28,777
|
189,667
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Íocaíochtaí
|
18,042
|
15,142
|
15,852
|
16,064
|
25,769
|
26,542
|
31,367
|
148,778
|
* Is figiúirí táscacha amach is amach iad na figiúirí a bhaineann le CAI 2028-2034 sa tábla thuas go dtí go bhfaighfear toradh na caibidlíochta nach féidir réamhbhreith a dhéanamh air.
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
|
AS TAXUD
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
8,572
|
6,271
|
8,740
|
11,700
|
35,283
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,600
|
0,300
|
0,306
|
0,312
|
1,518
|
|
FORIOMLÁN AS TAXUD
|
Leithreasuithe
|
9,172
|
6,571
|
9,046
|
12,012
|
36,801
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
9,172
|
6,571
|
9,046
|
12,012
|
36,801
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
AS TAXUD
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Acmhainní daonna
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
93,051
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.310
|
0.319
|
0.329
|
0.339
|
0.349
|
0.359
|
0.370
|
2,375
|
|
FORIOMLÁN AS TAXUD
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
* Is figiúirí táscacha amach is amach iad na figiúirí a bhaineann le CAI 2028-2034 sa tábla thuas go dtí go bhfaighfear toradh na caibidlíochta nach féidir réamhbhreith a dhéanamh air.
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7 (clárthréimhse 2021-2027); CEANNTEIDEAL 4 (clárthréimhse 2028-2034)
|
|
Acmhainní daonna
|
8,572
|
6,271
|
8,740
|
11,700
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
13,293
|
128,334
|
|
Caiteachas riaracháin eile - misin
|
0,600
|
0,300
|
0,306
|
0,312
|
0.310
|
0.319
|
0.329
|
0.339
|
0.349
|
0.359
|
0.370
|
3,893
|
|
Iomlán CHEANNTEIDEAL 7 (clárthréimhse 2021-2027); CEANNTEIDEAL 4 (clárthréimhse 2028-2034)
|
9,172
|
6,571
|
9,046
|
12,012
|
13,603
|
13,612
|
13,622
|
13,632
|
13,642
|
13,652
|
13,663
|
132,227
|
* Is figiúirí táscacha amach is amach iad na figiúirí a bhaineann le CAI 2028-2034 sa tábla thuas go dtí go bhfaighfear toradh na caibidlíochta nach féidir réamhbhreith a dhéanamh air.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
|
Gealltanais
|
37,262
|
41,321
|
42,746
|
47,162
|
168,491
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
26,702
|
27,728
|
41,136
|
46,079
|
141645
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
|
Gealltanais
|
42,703
|
38,435
|
39,190
|
39,967
|
40,767
|
41,591
|
42,440
|
285,091
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
29,892
|
26,904
|
26,257
|
26,778
|
39,136
|
39,928
|
44,986
|
233,881
|
* Is figiúirí táscacha amach is amach iad na figiúirí a bhaineann le CAI 2028-2034 sa tábla thuas go dtí go bhfaighfear toradh na caibidlíochta nach féidir réamhbhreith a dhéanamh air.
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDI 1 go 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
37,262
|
41,321
|
42,746
|
47,162
|
42,703
|
38,435
|
39,190
|
39,967
|
40,767
|
41,591
|
42,440
|
453,584
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
26,702
|
27,728
|
41,136
|
46,079
|
29,892
|
26,904
|
26,257
|
26,778
|
39,136
|
39,928
|
44,986
|
375,526
|
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Cuir isteach na blianta uile is gá chun fad an tionchair a léiriú (féach Roinn 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2021 - 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
8,572
|
6,271
|
8,740
|
11,700
|
35,283
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,600
|
0,300
|
0,306
|
0,312
|
1,518
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
9,172
|
6,571
|
9,046
|
12,012
|
36,801
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
9,172
|
6,571
|
9,046
|
12,012
|
36,801
|
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
CAI
2028-34
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
21
|
21
|
25
|
30
|
30 cinn in aghaidh na bliana
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
|
20 02 01 (AC, SNI ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
12
|
23
|
40
|
60
|
60 cinn in aghaidh na bliana
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- sa Cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
- i dToscaireachtaí an Aontais
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
01 01 01 02 (AC, SNI - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
IOMLÁN
|
33
|
44
|
65
|
90
|
90 cinn in aghaidh na bliana
|
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
|
Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin
|
Foireann bhreise eisceachtúil*
|
|
|
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde
|
Le maoiniú ó líne BA
|
Le maoiniú ó tháillí
|
|
Poist sa phlean bunaíochta
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Leis an Rialachán maidir le SCCT, ceanglaítear ar an gCoimisiún roinnt gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh nuair a ghlacfar an Rialachán maidir le SCCT. Beidh foireann an Choimisiúin ag teastáil freisin chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú chóras SCCT agus chun an córas TF a chur chun feidhme.
Leis an togra leasaitheach, tugtar isteach forálacha frithsheachanta nua lena dtugtar le tuiscint cúraimí breise atá le déanamh ag an gCoimisiún ó 2027 ar aghaidh. Go háirithe, leis na bearta sin ceanglófar seiceálacha bailíochta breise ar fhianaise arna soláthar ag allmhaireoirí atá ceaptha fíorú a dhéanamh ar bhailíocht na faisnéise a soláthraíodh sa dearbhú SCCT.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
Is iomaí cúraim is féidir le gníomhairí seachtracha a dhéanamh.
Leis an togra leasaitheach, tugtar isteach forálacha frithsheachanta nua lena dtugtar le tuiscint cúraimí breise atá le déanamh ag an gCoimisiún ó 2027 ar aghaidh. Go háirithe, leis na bearta sin ceanglófar seiceálacha bailíochta breise ar fhianaise arna soláthar ag allmhaireoirí atá ceaptha fíorú a dhéanamh ar bhailíocht na faisnéise a soláthraíodh sa dearbhú SCCT.
|
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.
Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 7 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.
Is mar ‘Chaiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-6 a chur in iúl. Is é rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ ceannach/ forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
5,000
|
5,000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
5,000
|
5,000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
5,000
|
5,000
|
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
–
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
Tá gá le EUR 3 mhilliún de chaiteachas breise TF le haghaidh 2027 chun go gcumhdófar dearadh TF agus an fhorbairt is gá chun Clárlann SCCT a chur in oiriúint don raon feidhme nua agus do na samhlacha nua, feabhas a chur ar na huirlisí anailíse bainistithe riosca, na táirgí iartheachtacha breise agus na seirbhísí frithsheachanta/frith-imchéimniúcháin breise a chomhtháthú agus feabhas a chur ar na seirbhísí agus tacaíocht TF a mhéad is gá, ar an leathnú iartheachtach agus feidhmiúlachtaí a thacaíonn le bainistiú riosca agus chun imchéimniú agus seachaint a bhrath, mar chuid de chlárlann SCCT agus/nó de spás saotharlainne sonraí SCCT.
Ina theannta sin, tá gá le EUR 2 mhilliún sa bhreis ar bhonn bliantúil ó 2027 ar aghaidh, gan dochar do thoradh na caibidlíochta maidir leis an gcéad CAI eile, chun leas a bhaint as saineolas anailíseach lena bhféadfaí na cúraimí a leithdháilfear ar an gCoimisiún sa togra leasaitheach a fhorghníomhú. Go sonrach, beidh ar an gCoimisiún luachanna réamhshocraithe a fhorbairt (agus a nuashonrú go bliantúil) le haghaidh na n‑earraí nua a cuireadh le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán. Thairis sin, leathnaíodh a fhreagrachtaí maidir le faireachán ar chleachtais imchéimnithe agus seachanta agus iad a bhrath, rud a éilíonn bunachair sonraí agus faisnéis mhargaidh a fháil chun cur le córas láidir anailíse riosca agus braite riosca. Níor cumhdaíodh na costais sin sna ráitis airgeadais reachtacha roimhe seo agus tiocfaidh siad chun cinn go héifeachtach ó 2027 ar aghaidh.
–
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
– ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
3.3.
An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
–
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–
ar acmhainní dílse
–
ar ioncam eile
–
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
|
Airteagal
|
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
iontráil mheabhráin
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
Léirítear an tionchar ar acmhainní dílse mar ‘p.m.’ mar a léirítear i ndáil leis an togra ón gCoimisiún COM(2025)574 chun an cinneadh maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh a leasú.
Léirítear an tionchar ar ioncam eile mar ‘p.m.’ mar a léirítear i ndáil le bailiú an ioncaim ó na táillí (Airteagal 20) chun ardán coiteann SCCT a mhaoiniú nach mbeidh an meastachán ina leith ar eolas go dtí tar éis módúlachtaí na dtáillí a shuí.
4.Gnéithe digiteacha
Níl aon athrú ar na coincheapa digiteacha ná ar an ailtireacht dhigiteach arna bhformheas le cairt tionscadail chóras cinntitheach SCCT, i dtéarmaí na gceanglas digiteach, na sonraí arna n‑úsáid, an réitigh dhigitigh, an mheasúnaithe ar in-athúsáidteacht agus na mbeart chun tacú leis an gcur chun feidhme digiteach.
Beidh thart ar 7500 allmhaireoir nua ann mar thoradh ar thionchar an leathnaithe ar líon earraí SCCT (180 AC breise) – leathnú le táirgí iartheachtacha. Déanfar an bainistiú riosca, faireachán ar imchéimniú a ndearnadh anailís agus measúnú air agus a áiríodh i gcairt an Tionscadail a leathnú anois chun earraí breise agus gnéithe gaolmhara a chumhdach. Is é príomhchuspóir chomhpháirt an bhainistithe Riosca tacú le neamhrialtachtaí a bhrath agus an riosca calaoise a theorannú.
Ina theannta sin, beidh gnéithe breise /próisis bhreise le cur leis chun leictreachas a bhainistiú mar earra SCCT, ach ní athróidh siad dearadh SCCT.
Chomh maith leis sin, ní thiocfaidh athrú ar ailtireacht na réiteach digiteach mar thoradh ar na hathruithe i dtreo simplithe, ach beidh gá le buiséad breise chun an t‑athrú ar phróisis ghnó SCCT atá ann cheana féin agus an leathnú orthu a chur chun feidhme.
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
|
Mar a léirítear sa léaráid thuas, faigheann Clárlann SCCT faisnéis allmhairiúcháin le haghaidh earraí SCCT ó chórais chustaim an Aontais, bíodh sin ó na Ballstáit nó trí AS TAXUD, mar aon le haitheantas custaim na n‑allmhaireoirí agus aicmiú custaim na n‑earraí allmhairithe. Le córas SCCT, cuirtear údaruithe SCCT na ndearbhóirí SCCT ar fáil do na Córais Allmhairiúcháin Custaim Náisiúnta chun an Rialachán maidir le SCCT a fhorfheidhmiú tráth imréiteach allmhairiúcháin na n‑earraí SCCT. Malartaíonn córas faisnéise SCCT faisnéis bainistithe riosca freisin le córais chustaim an Aontais. Is foinse eolas ríthábhachtach d’oibriú SCCT é an comhéadan le córais chustaim an Aontais toisc gurb é atá i gcoincheap foriomlán SCCT gabháil dhúbailte faisnéise a sheachaint trína iarraidh ar dhearbhóirí SCCT a n‑allmhairí a chomhlánú le tuarascáil ar na hastaíochtaí a tabhaíodh le linn a dtáirgthe i dtríú tíortha. ‘Soláthraítear sonraí aon uair amháin’, is bunphrionsabal de chuid SCCT é sin.
Idirghníomhóidh SCCT freisin le sásra nua SCCT (córais TF nó modhanna eile) na nÚdarás Inniúil Náisiúnta lena gcothófar comhtháthú na bpróiseas forfheidhmiúcháin náisiúnta SCCT ar fud na mBallstát agus comhtháthú na bpróisis náisiúnta chun pionóis agus faisnéis aisghabhála a bhailiú.
Príomhchóras seachtrach nua eile le haghaidh SCCT is ea an tArdán Lárnach Coiteann, an córas faisnéise trína gceannóidh dearbhóirí SCCT deimhnithe SCCT ó na Ballstáit. Socrófar praghas na ndeimhnithe de réir an phraghais lamháltais a shainítear sa chóras CTA. Beidh ar dhearbhóirí SCCT iarmhéid 50 % a choinneáil ar a gcuntais SCCT ar bhonn ráithiúil chun a áirithiú go mbeidís in ann an líon deimhnithe is gá a thabhairt suas chun a n‑astaíochtaí dearbhaithe agus a bpraghsanna astaíochtaí arna n‑íoc cheana i dtríú tíortha a fhritháireamh. Athcheannóidh an Coimisiún na deimhnithe barrachais ó na dearbhóirí SCCT in ainm na mBallstát. Ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit an t‑ardán sin a bhunú agus a bhainistiú go comhpháirteach, rud atá lasmuigh de raon feidhme Chlárlann SCCT, áfach. Tá an comhéadan leis an Ardán Lárnach Coiteann ríthábhachtach do dhearbhóirí SCCT chun na deimhnithe is gá a sholáthar ina gcuntais SCCT. Faisnéis an-íogair a bheidh sna cuntais agus sna deimhnithe.
Ní shocrófar le córas CTA ach praghas díola na ndeimhnithe.
Is iad dearbhóirí SCCT príomhúsáideoirí Chlárlann SCCT. Tá AS TAXUD ag dréim le thart ar 20 000 dearbhóir in 2026 tar éis don simpliú a ghlacadh, ach táimid ag pleanáil le haghaidh 40 000 dearbhóir mar thoradh ar an méadú ag eascairt as leathnú SCCT chuig earraí iartheachtacha.). Úsáidfidh siad Clárlann SCCT chun na hastaíochtaí arna dtabhú trí tháirgeadh a n‑earraí allmhairithe a dhearbhú ar bhonn bliantúil (Mí na Bealtaine gach bliain), chun faireachán a dhéanamh ar iarmhéid ráithiúil a gcuntas SCCT maidir le deimhnithe i gcomparáid le hallmhairí dearbhaithe agus chun idirghníomhú leis na hÚdaráis Chustaim Náisiúnta le linn athbhreithniú a dhéanamh ar a ndearbhuithe SCCT. Déanfaidh na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta grinnfhiosrúchán ar na dearbhóirí SCCT ar dtús trí bhíthin chlárlann SCCT, agus tabharfar údarú do na dearbhóirí SCCT ansin chun earraí SCCT a allmhairiú agus tabharfar cuntas SCCT dóibh. Beidh dearbhóirí SCCT in ann ansin a n‑astaíochtaí a dhearbhú ar bhonn bliantúil i gClárlann SCCT agus na deimhnithe riachtanacha a thabhairt suas.
Oibreoirí na Suiteálacha a tháirgeann na hearraí SCCT sna tríú tíortha, cláróidh siad ar Chlárlann SCCT sula ndéanfaidh siad sonraí astaíochta a dtáirgí a iontráil. Beidh dearbhóirí SCCT in ann tagairt a dhéanamh d’iontrálacha na nOibreoirí chun údar a thabhairt lena n‑astaíochtaí tuairiscithe. Is beart suntasach é chun ualach comhlíontachta na ndearbhóirí SCCT a laghdú agus chun cáilíocht sonraí SCCT a fheabhsú. Cé nach bhfuil aon fhianaise ann chun tacú le meastachán ag an gcéim seo, déanann AS TAXUD meastachán garbh ar an líon Oibreoirí ag 20 000 - 50 000 in 2026.
Bainfidh Údaráis Inniúla Náisiúnta (ÚIN) SCCT úsáid as Clárlann SCCT chun an rochtain a thabhairt do dhearbhóirí SCCT, chun údaruithe SCCT a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh ar chuntais agus dearbhuithe SCCT agus chun idirghníomhú le dearbhóirí SCCT chun a áirithiú go bhfuil an Rialachán maidir le SCCT á chomhlíonadh acu. Is iad sin an pointe teagmhála aonair do dhearbhóirí SCCT.
Tabharfar rochtain d’Údaráis eile ar Chlárlann SCCT chun rannchuidiú leis an mbainistiú riosca agus leis an bhforfheidhmiú óna réimsí freagrachtaí faoi seach. Déanfaidh Clárlann SCCT an comhar idir gníomhaireachtaí a chomhordú agus tacóidh sí leis an gcomhar sin chun comhlíonadh a chothú. Déanfaidh na Riaracháin Chustaim Náisiúnta Údarú SCCT a bhailíochtú le linn rialú na ndearbhuithe allmhairiúcháin trí úsáid a bhaint as seirbhísí macasamhlaithe agus bailíochtaithe Chlárlann SCCT trí CSW-CERTEX AE.
Déanfaidh an Coimisiún cuntais SCCT na ndearbhóirí SCCT a shannadh agus a choinneáil cothrom le dáta i gClárlann SCCT, tríd an bhfaisnéis seo a leanas a chomhcheangal: an fhaisnéis maidir leis na hallmhairí arna fáil ó na Riaracháin Chustaim Náisiúnta, na hastaíochtaí ó na dearbhuithe bliantúla, cainníocht na ndeimhnithe, ceannach na ndeimhnithe, arna thuairisciú ag an Ardán Lárnach Coiteann, tabhairt suas bliantúil na ndeimhnithe, arna dheimhniú ag an dearbhóir SCCT, agus athcheannach na ndeimhnithe nár úsáideadh. Úsáidfidh an Coimisiún Clárlann SCCT chun faireachán a dhéanamh ar na hearraí allmhairithe agus ar na hastaíochtaí gaolmhara, maidir leis an mbainistiú riosca, agus go háirithe an riosca imchéimnithe. Cuirfidh Clárlann SCCT comhéadan sonrach ar fáil freisin chun gearradh siar a dhéanamh ar chóras bainistíochta riosca CBRC2 chun riosca a bhaineann le SCCT a roinnt leis an bhfearann Custaim. Cuirfidh Clárlann SCCT comhpháirt Bainistithe Cásanna ar fáil freisin a chuirfidh ar chumas na n‑údarás cásanna a chruthú, a shaibhriú, a rianú agus a réiteach, fógraí agus torthaí a mhalartú, agus faireachán a dhéanamh ar liosta cothrom le dáta de na cásanna uile ar fud an chórais.
Tugtar rochtain do na gníomhaithe uile ar Chlárlann SCCT trí thairseacha tiomnaithe a dtacaíonn bainistiú rochtana dáilte leo ar fud na ngeallsealbhóirí:
·Bainisteoidh Údaráis Inniúla Náisiúnta an rochtain atá ag dearbhóirí SCCT ar thairseach na nDearbhóirí SCCT, trí úsáid a bhaint as dintiúir náisiúnta a dheonaigh na Riaracháin Chustaim Náisiúnta cheana féin nó as dintiúir EU Login;
·Bainisteoidh an Coimisiún rochtain Oibreoirí na Suiteálacha tríú tír ar an tairseach a bhfuil an ainm céanna air, trí úsáid a bhaint as dintiúir arna ndeonú le EU Login. Tá sé fós le soiléiriú an mbeidh an Coimisiún ag brath ar pháirtithe iontaofa seachtracha trí dheonú an údaraithe chun rochtain a fháil ar Chlárlann SCCT a tharmligean dóibh;
·Déanfaidh Údaráis Inniúla Náisiúnta, an Coimisiún agus Údaráis eile rochtain a n‑úsáideoirí féin a bhainistiú.
Léirítear i gClárlann Lárnach SCCT na próisis uathoibrithe a oibreoidh an Coimisiún chun a oibleagáidí faoin Rialachán maidir le SCCT a chomhlíonadh, mar a achoimrítear thuas. Beidh an Bainistiú Sonraí Tagartha ina phríomhphróiseas oifige lena n‑áiritheofar comhsheasmhacht agus sláine na bpróiseas uathoibrithe uile a fhónfaidh don chomhoibriú agus don chomhar idir na geallsealbhóirí uile. Taobh amuigh den ‘bhunliosta’ d’earraí, d’Údaráis Inniúla Náisiúnta, agus de phraghsanna astaíochtaí, liostóidh siad na paraiméadair shonracha a úsáidtear chun astaíochtaí a thuairisciú de réir modheolaíochtaí sonracha agus luach réamhshocraithe na n‑astaíochtaí a suíodh. Tá an luach réamhshocraithe ríthábhachtach maidir le bailíochtú inchreidteachta na n‑astaíochtaí dearbhaithe.
|
4.2.Sonraí
|
Le SCCT, próiseálfar na sócmhainní sonraí seo a leanas:
·Sonraí maidir le Dearbhóirí SCCT. (Céim2)
·Sonraí maidir le hOibreoirí Tríú Tír agus lena Suiteálacha. (Céim2)
·Sonraí Tagartha SCCT. (Céim2)
·Sonraí maidir le Bainistiú Rochtana Úsáideoirí SCCT. (Céim2)
·Feidhmeanna Dearbhóirí/Allmhaireoirí SCCT. (Céim2)
·Feidhmeanna an Choimisiún Eorpaigh maidir le SCCT. (Céim2)
·Feidhmeanna Oibreoirí na Suiteálacha Tríú Tír do Chéim 2 & Feidhmeanna Fíoraitheoirí Creidiúnaithe (Céim 3, le deimhniú).
·Sonraí maidir le Dearbhuithe SCCT, le hAthbhreithniú ar na Dearbhuithe sin agus le Saolré na nDearbhuithe sin. (Céim3)
·Sonraí maidir le hEarraí Allmhairithe SCCT. (Céim3)
·Sonraí maidir le hAstaíochtaí & Ríomhanna SCCT. (Céim3)
·Sonraí maidir le Mórleabhar (Clárlann) SCCT. (Céim3)
·Sonraí maidir le Bainistiú Deimhnithe SCCT. (Céim3)
·Sonraí maidir le Faireachán ar Neamh-Chomhlíonadh SCCT, Imscrúdú Imchéimniúcháin agus Bainistiú Riosca. (Céim3)
·Sonraí maidir le Tuairisciú, Deaiseanna, Fógraí, agus Bainistiú Doiciméad SCCT. (Céim3)
·Tairseach Malartaithe Riosca SCCT Ri. (Céim3)
·Feidhmeanna na nÚdarás Inniúil Náisiúnta. (Céim3)
Tá tuilleadh sonraí maidir le gach sócmhainn sonraí le fáil sa tábla thíos:
|
Tuairisc ar Shócmhainní Príomhúla Cinntitheacha SCCT
|
Tuairisc ar na Comhpháirteanna Gnó/Próisis Ghnó Ábhartha
|
|
Sonraí maidir le Bainistiú Deimhnithe SCCT
|
Le Bainistiú Saolré Deimhnithe SCCT, soláthraítear faisnéis maidir le deimhnithe, leis an líon deimhnithe arna bpróiseáil agus leis an luach atá acu, bainistítear saolré na ndeimhnithe, agus soláthraítear faisnéis chun críoch faireacháin ar riosca agus ar neamhchomhlíonadh.
|
|
Sonraí maidir le Dearbhóirí SCCT
|
Sonraí maidir le hÚdarú Dearbhóirí agus maidir le Macasamhlú agus Bailíochtú Dearbhóirí.
Sonraí maidir le Cuntas Dearbhóirí agus maidir le Bainistiú Cuntas.
Bainistiú údaraithe SCCT atá i gceannas ar bhainistiú saolré an údaraithe SCCT arna dheonú ag Údarás Inniúil Náisiúnta d’allmhaireoirí nó d’ionadaithe indíreacha.
An fhaisnéis is gá maidir le Cuntas Dearbhóra SCCT a chur in iúl do Sheirbhísí um Macasamhlú agus Bailíochtú Údaraithe SCCT, lena gcoinnítear ar bun an fhaisnéis maidir le Dearbhóirí SCCT Údaraithe atá le soláthar d’Údaráis Inniúla Náisiúnta agus do Riaracháin Inniúla Chustaim Náisiúnta atá i gceannas ar mheasúnú a dhéanamh ar údaruithe allmhaireora.
|
|
Sonraí maidir le Dearbhuithe SCCT, le hAthbhreithniú ar na Dearbhuithe sin agus le Saolré na nDearbhuithe sin.
|
Sonraí maidir le Bainistiú Saolré Dearbhaithe agus Tuairisciú Dearbhaithe.
Bainistiú Saolré (Cruthú Dearbhaithe, Earraí Allmhairithe, Astaíochtaí, Athbhreithniú, Críochnú nó Diúltú) agus Tuairisciú maidir Dearbhú SCCT.
|
|
Sonraí maidir le hAstaíochtaí & Ríomhanna SCCT.
|
Astaíochtaí earraí allmhairithe Dearbhóra SCCT a ríomh ar bhonn sonraí arna bhfáil in aghaidh an dearbhóra, sonraí tagartha, sonraí clárlainne (luachanna an dearbhóra féin), Oibreoirí & Tríú Tíortha (tuarascáil fíorúcháin), etc.
|
|
Sonraí maidir le hEarraí Allmhairithe SCCT.
|
Tá comhéadain ag baint le Tairseacha na nÚdarás Inniúil Náisiúnta agus an Choimisiúin lena ndéantar faireachán ar iontráil shonraí SURV3 (lena n‑áirítear saincheisteanna a shainaithint) agus lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí sonraí a ionchur de láimh, trí uaslódáil bhaisc-chomhaid, le haghaidh earraí allmhairithe chomh maith le sonraí chun earraí a phróiseáil isteach. Déanfar próiseáil ar na sonraí sin ansin, stórálfar iad laistigh de na Tairseacha, agus ina dhiaidh sin cuirfear ar aghaidh chuig Cúl na Clárlainne iad lena gcomhdhlúthú.
|
|
Sonraí maidir le Mórleabhar (Clárlann) SCCT.
Tabhair faoi deara: Níl cinneadh críochnaitheach déanta go fóill maidir leis na sonraí beachta a bheidh le stóráil sa Mhórleabhar. Is é an príomhchoincheap gur iris dho-athraithe é an Mórleabhar agus gur tugadh aghaidh ar bhearta slándála cuí. Déanfar athmheasúnú ar an tsócmhainn sin le linn Chéim 3.
|
Sonraí maidir le Próiseáil agus Idirbhearta Chuntas Mórleabhar na Clárlainne.
Déanann Mórleabhar Clárlainne SCCT iontrálacha dialainne maidir le sonraí Dearbhóra (lena n‑áirítear uimhir chuntais) agus idirbhearta idir gaolmhaireachtaí comhpháirteanna SCCT gaolmhara a bhainistiú, a chur san áireamh agus a chlárú trí phróiseas ina gcuirtear sonraí leis an mórleabhar gan aon fhaisnéis atá ann cheana a scriosadh, agus trí stór sonraí do-athraithe (lena n‑áirítear le haghaidh bainistiú saolré dearbhaithe, bainistiú údaraithe & cuntas, bainistiú deimhnithe, faireachán ar riosca & neamhchomhlíonadh, Seirbhísí um Macasamhlú agus Bailíochtú Údaraithe, etc.).
|
|
Sonraí maidir le Faireachán ar Neamh-Chomhlíonadh SCCT, Imscrúdú Imchéimniúcháin agus Bainistiú Riosca.
|
Córas faisnéise SCCT a úsáidtear chun rianú, faireachán agus feabhsú a dhéanamh ar chásanna féideartha nó deimhnithe neamhrialtachtaí agus neamhchomhlíonta i scéim SCCT.
Imchéimniú agus cleachtais neamhdhleathacha eile maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin maidir le SCCT a shainaithint agus faireachán, imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh orthu.
Measúnú riosca (lena n‑áirítear torthaí measúnuithe dearbhuithe) ina bhfuil comhpháirt bhainistíochta chun rioscaí a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu (e.g. anailís ar theagmhais riosca, tuarascálacha fíorúcháin, torthaí rialaithe riosca, etc.) a bhaineann le próiseas athbhreithnithe dearbhaithe, Cúl Clárlainne SCCT maidir le neamhrialtachtaí, agus imchéimniú féideartha (imscrúdú breise).
Comhtháthaíonn sé faisnéis agus feidhmiúlacht idir imscrúduithe, bainistiú riosca, agus fóram slán le haghaidh gníomhaíochtaí faoi seach.
|
|
Sonraí Tagartha SCCT.
|
Príomhfhoinse na sonraí tagartha SCCT uile lena n‑áirithítear comhsheasmhacht agus sláine sonraí ar fud chomhpháirteanna SCCT uile (go díreach nó go hindíreach).
|
|
Sonraí maidir le Tuairisciú, Deaiseanna, Fógraí, agus Bainistiú Doiciméad SCCT.
|
Uirlis ríthábhachtach chun scéim SCCT agus KPInna a rianú agus faireachán a dhéanamh orthu agus chun méadrachtaí gnó ábhartha a bhailiú agus a anailísiú.
Úsáidtear iad chun faisnéis ghnó a chur in iúl d’úsáideoirí ábhartha chóras agus scéim SCCT; áirítear leis sin an cumas freagra a thabhairt ar fhógraí i gcás inar gá/i gcás ina n‑éilítear amhlaidh.
Úsáidtear iad chun doiciméid a dhéanann difear do go leor urranna ar fud chóras SCCT a stóráil, a aisghabháil agus a bhainistiú.
|
|
Tairseach Malartaithe Riosca SCCT.
|
Nasc idir beartas SCCT agus an beartas Custaim lena roinntear riosca laghdaithe SCCT le Custaim. Leis an mbealach sin atá mar chuid de Chlárlann SCCT, roinnfear rioscaí ó Chlárlann SCCT le Córas Bainistíochta Riosca Custaim 2, trí chomhéadan Córas go Córas. .
An fhaisnéis/na sonraí struchtúrtha agus/nó neamhstruchtúrtha eile uile a fhaightear ó agus/nó a bhaintear de chóras SCCT agus a stóráiltear agus/nó a phróiseáiltear i suíomhanna stórála agus meán atá lasmuigh de chóras SCCT.
|
|
Sonraí maidir le Bainistiú Rochtana Úsáideoirí SCCT.
|
Sonraí maidir le rochtain, logáil isteach agus bainistiú rochtana úsáideoirí (e.g. dearbhóirí, Údaráis Chustaim na mBallstát, Údaráis an Choimisiúin, etc.) ar chóras SCCT.
|
|
Sonraí maidir le hOibreoirí Tríú Tír agus lena Suiteálacha.
|
Ceadaítear d’oibreoirí suiteálacha tríú tír a tháirgeann earraí is infheidhme maidir le SCCT clárú/díchlárú (e.g. scor d’oibríochtaí) mar oibreoirí SCCT agus faisnéis ábhartha a sholáthar maidir le próisis/modhanna táirgthe, paraiméadair cháilitheacha, sonraí astaíochtaí, agus tuarascálacha fíorúcháin, etc.
Féadfar an tuarascáil fíorúcháin ábhartha a chur ar fáil lena húsáid ag Dearbhóirí SCCT - áirítear san fhaisnéis sin sonraí rúnda faoi tháirgeadh agus faoi pharaiméadair cháilitheacha, sonraí a bhféadfadh sé nach mbeidís ar fáil do Dhearbhóirí ach do Choimisiún an Aontais Eorpaigh agus d’Údaráis Inniúla Náisiúnta amháin.
|
|
Feidhmeanna Dearbhóirí/Allmhaireoirí SCCT
|
Príomhfheidhmeanna gnó a dhéanann an Dearbhóir/trádálaí, ar feidhmeanna iad atá ag brath ar phróisis a fhorghníomhaítear/a thionscnaítear trí thairseach Dearbhóra SCCT.
|
|
Feidhmeanna an Choimisiún Eorpaigh maidir le SCCT
|
Príomhfheidhmeanna gnó a dhéanann an Coimisiún Eorpach, ar feidhmeanna iad atá ag brath ar phróisis a fhorghníomhaítear/a thionscnaítear trí thairseach SCCT le haghaidh an Choimisiúin.
|
|
Feidhmeanna a bhaineann le Faireachán ar Neamh-Chomhlíonadh SCCT, Imscrúdú Imchéimniúcháin agus Bainistiú Riosca
|
Córas faisnéise SCCT a úsáidtear chun rianú, faireachán agus feabhsú a dhéanamh ar chásanna féideartha nó deimhnithe neamhrialtachtaí agus neamhchomhlíonta i scéim SCCT.
|
|
Feidhmeanna na nÚdarás Inniúil Náisiúnta
|
Na príomhfheidhmeanna gnó a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát (ÚINanna/Riaracháin Inniúla Chustaim Náisiúnta), ar feidhmeanna iad a bhraitheann ar phróisis a fhorghníomhaítear/a thionscnaítear trí thairseach Údaráis Náisiúnta Inniúla SCCT.
|
|
Feidhmeanna Oibreoirí Suiteálacha Tríú Tíortha agus Fíoraitheoirí Creidiúnaithe
|
Príomhfheidhmeanna gnó a dhéanann Oibreoirí na Suiteálacha Tríú Tíortha agus Fíoraitheoirí Creidiúnaithe (le deimhniú), ar feidhmeanna iad atá ag brath ar phróisis a fhorghníomhaítear/a thionscnaítear trí thairseach SCCT maidir le hOibreoirí na Suiteálacha Tríú Tíortha.
|
|
4.3.Réitigh dhigiteacha
|
3 shraith a bheidh in ailtireacht ardleibhéil Chlárlann SCCT:
·Sraith na tairsí lena gcuirtear tairseacha éagsúla ar fáil do gach ceann de phobail úsáideoirí Chlárlann SCCT: Dearbhóirí SCCT, Oibreoirí na Suiteálacha tríú tír, Údaráis Náisiúnta Inniúla SCCT, an Coimisiún, na Riaracháin Chustaim Náisiúnta, OLAF, agus seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin;
·Sraith na Bainistíochta Rochtana Úsáideoirí: chun Fíordheimhniú agus Údarú úsáideoirí Chlárlann SCCT a bhainistiú. Beidh ar na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta rochtain dearbhóirí SCCT a sholáthar agus a bhainistiú (meastar go mbeidh os cionn 20 000 dearbhóir ann in 2026) agus déanfaidh an Coimisiún amhlaidh le haghaidh na nOibreoirí tríú tír (meastar go mbeidh 50 000 páirtí ann in 2026). Beidh gach Ballstát agus gach riarachán de chuid an Aontais i gceannas ar rochtain a úsáideoirí féin;
·An Cúl: tacú leis na sonraí agus leis an mbainistiú rialacha uile is gá le haghaidh SCCT chomh maith leis na hidirghníomhaíochtaí uile le córais sheachtracha. Tá an méid seo a leanas le tabhairt faoi deara: tacú leis na sonraí agus leis an mbainistiú rialacha uile is gá le haghaidh SCCT chomh maith leis na hidirghníomhaíochtaí uile le córais sheachtracha. Tá an méid seo a leanas le tabhairt faoi deara:
ogo gcuirfidh SCCT go leor sreafaí oibre, fógraí agus malartuithe faisnéise chun feidhme ar fud an Choimisiúin, na nÚdarás Inniúil Náisiúnta agus na nDearbhóirí SCCT, go háirithe sna réimsí a bhaineann le dearbhú a chur isteach, athbhreithniú (lena n‑áirítear measúnú riosca);
oTá ceanglais arda slándála ag baint le cuntais Dearbhóirí a bhainistiú, le deimhnithe SCCT a bhainistiú (d’fhéadfadh sócmhainní airgeadais a bheith i gceist), le bainistiú riosca agus le malartú slán faisnéise.
|
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
|
Is sásra trasteorann trí dhearadh é SCCT toisc go dtacaíonn sé le saolré SCCT ar fud an Aontais, agus go háirithe le heagrú an Mheasúnaithe Riosca agus le hathbhreithniú ar Dhearbhuithe SCCT ar fud na n‑údarás inniúil náisiúnta uile agus an Choimisiúin.
Áiritheofar comhar ar fud na gcóras Custaim Náisiúnta, trí sheirbhísí agus comhéadain TF an Choimisiúin a ghiaráil (amhail SURV3, CSW – CERTEX AE, CBRC2), chomh maith le comhpháirteanna nua, atá deartha go sonrach chun críocha SCCT.
Dearadh Clárlann SCCT chun tacú le hidir-inoibritheacht trí bhéim a leagan ar úsáid na hoscailteachta, na modúlachta, na díchúplála agus comhéadan láidir. Idirghníomhóidh sí le córais náisiúnta SCCT, leis an Ardán Lárnach Coiteann, le córais Chustaim an Aontais ó AS TAXUD agus ó na Riaracháin Chustaim Náisiúnta, agus le córais na nArd-Stiúrthóireachtaí eile trí chomhéadain oscailte
Bainfidh Stór Lárnach SCCT úsáid as comhéadain Chórais Chustaim an Aontais atá ann cheana agus atá á mbainistiú ag AS TAXUD agus saineoidh sé formáidí tiomnaithe le haghaidh na dtaifead Allmhairithe Custaim agus Próiseála Isteach atá le soláthar ag na Riaracháin Chustaim Náisiúnta. Foilseofar na comhéadain nua leis na Córais Náisiúnta Chustaim go luath in 2024 chun aga tionscanta leordhóthanach a thabhairt do na Riaracháin Chustaim Náisiúnta chun a gcórais a ullmhú dá réir sin.
Beidh an comhéadan S2S idir Clárlann SCCT agus an tArdán Lárnach Coiteann bunaithe ar mhalartú teachtaireachtaí struchtúrtha agus beidh sé ar fáil go luath in 2024 chun aga tionscanta leordhóthanach a thabhairt do Chlárlann SCCT agus don Ardán Lárnach Coiteann araon a gcomhéadain faoi seach a chomhtháthú faoi lár 2025.
Beidh na comhéadain sin uile bunaithe ar theachtaireachtaí struchtúrtha agus comhlíonfaidh siad, a mhéid is féidir, Samhail Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh agus Iarscríbhinn B de Chód Custaim an Aontais. Déanfar tagairt do na sonraíochtaí A2B (riarachán le gnólacht) agus B2B (gnólacht le gnólacht) i nGníomh Cur Chun Feidhme maidir le SCCT
Srianta In-athúsáidteachta
Tá an in-athúsáidteacht i gcroílár na bprionsabal ailtireachta a glacadh maidir le Clár Lárnach SCCT. Tá dhá thaobh leis an in-athúsáidteacht sin: úsáid seirbhísí seachtracha ag Clárlann SCCT agus athúsáid comhpháirteanna i dtógáil Chlárlann SCCT.
In-athúsáidteacht sheirbhísí agus chomhpháirteanna AS TAXUD
Le Clárlann SCCT, bainfear úsáid as Seirbhísí Custaim an Aontais a thairgeann AS TAXUD atá réidh le húsáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
·faisnéis EORI an trádálaí a aisghabháil;
·na taifid allmhairithe custaim atá ar fáil ó Fhaireachas 3 a fháil;
·na hearraí SCCT a fháil ón gcóras TARIC;
·seirbhís Macasamhlaithe agus Bailíochtaithe Údaruithe SCCT a thairiscint do na Córais Chustaim Náisiúnta trí CSW-CERTEX AE agus;
·faisnéis shlán a mhalartú leis an gcóras CBRC2.
Cuirfear bainistiú na rochtana úsáideora ar thairseacha Chlárlann SCCT de chúram ar chóras Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh (CABÚSD), lena gceadófar do na Ballstáit, más mian leo, dintiúir chustaim Dhearbhóirí SCCT a athúsáid chun rochtain a thabhairt dóibh ar thairseach Dhearbhóirí SCCT agus lena gceadófar don Choimisiún (nó do thríú páirtithe iontaofa) ceart rochtana a dheonú d’Oibreoirí na Suiteálacha tríú tír ar a ndintiúir fíordheimhnithe EU Login. Déanfaidh Oibreoirí thairseach Suiteálacha 3ú Tíortha úsáid EU Access le haghaidh údarú úsáideora a ghiaráil agus iad ag brath ar EU Login le haghaidh fíordheimhniú úsáideora.
Déanfaidh Clárlann SCCT roinnt comhpháirteanna teicneolaíochta a bhaineann le tírdhreach AS TAXUD agus TF Corparáideach a athúsáid gan cur isteach ar a chomhlíontacht le prionsabal na hinaistritheachta a leagtar amach san Fhorbhreathnú ar an Ailtireacht i bhfoscríbhinn 2, is é sin le rá:
·Ailtireacht mheánearraí TSOAP AS TAXUD a athúsáidfear i ngach ceann d’urranna Chlárlann SCCT;
·Faireachán agus iniúchadh a dhéanamh le COTS ELK agus Kafka;
·Foinsí bhainistiú creata cur i bhfeidhm custaim (TATAFng) AS TAXUD;
·Doiciméadacht agus cód foinseach Chóras Bainistíochta Cinntí Custaim AS TAXUD do thógáil chóras Údaraithe SCCT;
·Doiciméadacht agus cód foinseach Chóras Tagartha Custaiméara AS TAXUD chun Údaruithe SCCT a sholáthar do na Córais Chustaim Náisiúnta lena rialú le linn an imréitigh allmhairiúcháin;
·doiciméadacht agus cód foinseach Chóras Bainistíochta Riosca Custaim 2 (CBRC2) de chuid AS TAXUD chun an Tairseach Malartaithe Riosca a sholáthar;
·Modheolaíocht TEMPO AS TAXUD, lena n‑áirítear PM²;
·An dá lárionad sonraí AS TAXUD le haghaidh tástála agus comhtháthaithe (fad a chuirtear oibriú Chlárlann SCCT de chúram ar AS TAXUD), mar aon lena mballaí dóiteáin, braisliú gníomhach-gníomhach, cothromú ualaigh agus leagan amach gníomhach-éighníomhach an dara lárionad sonraí chun inscálaitheacht, ard-infhaighteacht, athshlánú ó thubaiste agus cuid den tslándáil a cheanglaítear le clárlann SCCT a áirithiú.
Tá sé le tabhairt faoi deara gur lean AS TAXUD na moltaí uile ó DIGIT ó bhí 2014 ann agus Seirbhísí Feidhmchláir Ghnó, Seirbhísí Sonraí agus Seirbhísí Fóntais á ndearadh aige chun feidhmchláir ailtireachta seirbhísbhunaithe a ghiniúint.
In-athúsáidteacht sheirbhísí agus chomhpháirteanna corparáideacha an Aontais
Bainfidh Clárlann SCCT úsáid as EU Login, ós rud é gur CABÚSD de chineál D é, chun dearbhóirí SCCT na mBallstát, Oibreoirí na Suiteálacha tríú tír agus oifigigh uile na nÚdarás Inniúil Náisiúnta, an Choimisiúin, an Riaracháin Custaim Náisiúnta agus sheirbhísí eile an Choimisiúin a fhíordheimhniú. Úsáidfidh Clárlann SCCT líonra ríomh-shainaitheantais eIDAS Custam le haghaidh fíordheimhniú Dhearbhóirí SCCT ó CABÚSD de chineál A, B & C na mBallstát.
Úsáidfidh Clárlann SCCT CABÚSD agus EU Access chun a húsáideoirí uile a údarú.
Déanfar ascnamh iomlán ó CABÚSD go EU Access a mheas nuair a thairgfidh EU Access feidhmiúlachtaí uile CABÚSD, lena n‑áirítear tacaíocht ó líonra ríomh-shainaitheantais eIDAS Custam. Faoi láthair, braitheann Oibreoirí thairseach Suiteálacha 3ú Tíortha ar EU Access le haghaidh údarú úsáideora.
Bainfidh Clárlann SCCT úsáid as EU Sign, seirbhís arna bainistiú ag an gCoimisiún lena láimhseáiltear Ríomhshínithe Cáilithe, chun tionscnamh agus sláine doiciméad leictreonach a áirithiú, rud a chuirfidh feabhas ar a slándáil fhoriomlán agus ar a mbarántúlacht laistigh de chreat SCCT.
Cuirfidh Clárlann SCCT faisnéis phoiblí SCCT ar fáil ar Europa.
Ina theannta sin, is mian le AS TAXUD athúsáid seirbhísí agus comhpháirteanna corparáideacha a uasmhéadú, rud a chomhlíonfadh cuid de cheanglais SCCT, a bhainfeadh an baol óna chur in úsáid tráthúil agus a dhaingneodh cáilíocht a oibríochta, agus a CAPEX agus a OPEX á n‑ísliú an tráth céanna.
|
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
|
Sainítear sa Rialachán maidir le SCCT cur in úsáid Chlárlann SCCT in dhá thréimhse, arna roinnt i dtrí chéim as a chéile:
·Taobh na dtréimhsí: cur in úsáid céimnitheach le linn na hIdirthréimhse ó R4 2023 go R4 2025, agus Tréimhse Cinntitheach ina dhiaidh sin ó R1 2026 amach.
oLe linn na hIdirthréimhse, tuairiscíonn allmhaireoirí SCCT astaíochtaí a n‑earraí allmhairithe ar bhonn ráithiúil ach ní gá dóibh deimhnithe a cheannach ná a thabhairt suas. Is é sin tréimhse briste isteach scéim SCCT.
oLe linn na Tréimhse Cinntithí, dar tús an 1 Eanáir 2026, ní mór do Dhearbhóirí SCCT a bheith údaraithe, a n‑astaíochtaí a dhearbhú uair sa bhliain, deimhnithe a cheannach chun iarmhéid 50 % ar a laghad idir a n‑astaíochtaí agus na deimhnithe arna gceannach a choinneáil ar a gcuntas SCCT, agus a ndeimhnithe a thabhairt suas mar aon lena ndearbhuithe bliantúla.
·Taobh na Céime & na Coda:
oCéim 1 SCCT: na ‘tuarascálacha SCCT’ arna soláthar ag allmhaireoirí earraí SCCT (ar a dtugtar Cuid 1), atá le húsáid le linn na hIdirthréimhse iomláine ó R4 2023 (lasmuigh de raon feidhme na Cairte Tionscadail);
oCéim 2 SCCT: na ‘tuarascálacha SCCT’ arna soláthar ag allmhaireoirí earraí SCCT (Cuid 1), Údarú Dearbhóra SCCT agus clárú Oibreoirí na Suiteálacha tríú tír (ar a dtugtar Cuid 2) ón 31 Nollaig 2024 in oirchill na Tréimhse Cinntithí;
Céim 3 SCCT: Cuid 2 arna breisiú le dearbhuithe agus deimhnithe SCCT mar aon le bainistiú iomlán cuntais SCCT (ar a dtugtar Cuid 3) ó thús na Tréimhse Cinntithí ach gan Cuid 1 ‘Tuarascálacha SCCT’ ó dheireadh na hIdirthréimhse, sin ón 31 Nollaig 2025.
Cur in úsáid in dhá chéim/chuid de Chlárlann SCCT
Céim 1 SCCT (cur chun feidhme Chuid 1 SCCT agus a hoibriú ó R4 2023 go dtí deireadh 2025), cumhdaítear go hiomlán í le Cairt Tionscadail na hIdirthréimhse
Léirítear leis an dá fhigiúr thíos an cur chuige chun raon feidhme iomlán an Chórais Chinntithigh a sholáthar in dhá chéim, agus léirítear na pobail úsáideoirí, na córais sheachtracha atá i bhfeidhm agus na príomheintitis atá á mbainistiú faoi raon feidhme na gcéimeanna faoi seach. Féach an chéad roinn eile chun sainmhíniú a fháil ar na córais sheachtracha agus ar na heintitis sheachtracha.
Raon feidhme Chuid 2 SCCT: anuas ar Chuid 1 - na ‘tuarascálacha SCCT’ ó allmhaireoirí earraí SCCT - tagann Cuid 2 ‘Údarú SCCT agus Suiteálacha’ (iad araon glas sna léaráidí seo a leanas), a tháinig i bhfeidhm an 31 Nollaig 2024 mar a shainordaítear leis an Rialachán maidir le SCCT. Déanfar Cuid 1 agus Cuid 2 araon a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh le linn a mbeidh fágtha den Idirthréimhse. Déanfar ‘Údarú SCCT agus Suiteálacha’ a chomhtháthú i gCóras Cinntitheach SCCT agus cuirfear deireadh de réir a chéile le ‘tuarascálacha SCCT’ ag deireadh na hIdirthréimhse. Le Cuid 1 agus Cuid 2, cruthaítear comhéadan idir Clárlann SCCT agus na Córais Allmhairiúcháin Custaim Náisiúnta, na Córais Náisiúnta um Próiseáil Isteach Custaim agus córais Chustaim an Aontais de chuid AS TAXUD a thacaíonn leis na córais náisiúnta sin chun comhlíonadh a chothú agus an ualach is lú is féidir i gceist don trádáil. Tagann Cuid 2 SCCT in oirchill an Chórais Chinntithigh trína chéad chomhpháirt a sheachadadh.
Amlíne Chéim 2 SCCT: Tosaíonn sí an 31 Nollaig 2024 agus críochnaíonn sí an 31 Nollaig 2025 tráth thús na Tréimhse Cinntithí. Leathnaítear an pobal úsáideoirí chuig Oibreoirí na Suiteálacha sna tríú tíortha agus beidh ar dhearbhóirí SCCT na húdaruithe is gá a fháil le haghaidh na Tréimhse Cinntithí.
Raon feidhme Chuid 3 SCCT: Rachaidh an chuid ‘Dearbhuithe, Cuntais agus Bainistiú Riosca SCCT’ (an chuid chorcra sa léaráid seo a leanas) i mbun oibríochtaí ag tús na Tréimhse Cinntithí atá sceidealaithe don 1 Eanáir 2026. Is é croílár chóras cinntitheach SCCT é. Áirítear freisin i gCuid 3 SCCT na comhéadain leis na Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta le haghaidh Údaruithe SCCT trí bhíthin CSW-CERTEX AE, leis an Ardán Lárnach Coiteann chun Deimhnithe SCCT a cheannach, leis an gCóras Trádála Astaíochtaí, le OLAF, agus le córais na nÚdarás Inniúil Náisiúnta. Thairis sin, cuireann sé cumais Deimhnithe SCCT le Clárlann SCCT chomh maith leis na cumais Bainistiú Riosca uile. Ós rud é go láimhseálann na modúil a bhaineann le Deimhnithe SCCT agus Bainistiú Riosca faisnéis rúnda agus go ndéanann siad faireachán ar chásanna imchéimnithe agus neamhchomhlíontachta, bainistíonn Cuid 3 SCCT faisnéis íogair, rud lena n‑éilítear próisis ar ardchaighdeán slándála. Déanfar an chuid seo a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh le linn na Tréimhse Cinntithí.
Amlíne Chéim 3 SCCT: Tosaíonn sí an 1 Eanáir 2026 agus comhfhreagraíonn sé don Tréimhse Chinntitheach. Le linn na céime sin, ní oibreoidh ach codanna 2 agus 3 de SCCT go comhthreomhar agus i ndlúth-idirghníomhaíocht lena chéile, ós rud é gur bhain Cuid 1 go sonrach leis an Idirthréimhse agus go gcuirtear deireadh léi de réir a chéile. Leathnaítear an pobal úsáideoirí chuig na Riaracháin Chustaim Náisiúnta
Raon feidhme Chuid 3 SCCT: Rachaidh an chuid ‘Dearbhuithe, Cuntais agus Bainistiú Riosca SCCT’ (an chuid chorcra sa léaráid seo a leanas) i mbun oibríochtaí ag tús na Tréimhse Cinntithí atá sceidealaithe don 1 Eanáir 2026. Is é croílár chóras cinntitheach SCCT é. Áirítear freisin i gCuid 3 SCCT na comhéadain leis na Córais Allmhairiúcháin Náisiúnta le haghaidh Údaruithe SCCT trí CSW-CERTEX AE, leis an Ardán Lárnach Coiteann chun Deimhnithe SCCT a cheannach, le CBRC2 chun faisnéis a mhalartú ar faisnéis í a bhaineann le Bainistiú Riosca Custaim an Aontais, leis an gCóras Trádála Astaíochtaí, le OLAF, agus le córais na nÚdarás Inniúil Náisiúnta. Thairis sin, cuireann sé cumais Deimhnithe SCCT le Clárlann SCCT chomh maith leis na cumais Bainistiú Riosca uile. Ós rud é go láimhseálann na modúil a bhaineann le Deimhnithe SCCT agus Bainistiú Riosca faisnéis rúnda agus go ndéanann siad faireachán ar chásanna imchéimnithe agus neamhchomhlíontachta, bainistíonn Cuid 3 SCCT faisnéis íogair, rud lena n‑éilítear próisis ar ardchaighdeán slándála. Déanfar an chuid seo a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh le linn na Tréimhse Cinntithí.
Amlíne Chéim 3 SCCT: Tosaíonn sí an 1 Eanáir 2026 agus comhfhreagraíonn sé don Tréimhse Chinntitheach. Le linn na céime sin, ní oibreoidh ach codanna 2 agus 3 de SCCT go comhthreomhar agus i ndlúth-idirghníomhaíocht lena chéile, ós rud é gur bhain Cuid 1 go sonrach leis an Idirthréimhse agus go gcuirtear deireadh léi de réir a chéile. Leathnaítear an pobal úsáideoirí chuig na Riaracháin Chustaim Náisiúnta.
Céim 3 SCCT - Ailtireacht Ardleibhéil
|