Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0855

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Spáinn maidir leis na tuilte i Réigiún Valencia na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus sa Fhrainc tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025

COM/2025/855 final

An Bhruiséil,3.10.2025

COM(2025) 855 final

2025/0318(BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Spáinn maidir leis na tuilte i Réigiún Valencia na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus sa Fhrainc tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Comhthéacs an togra

Cumhdaítear leis an gcinneadh seo slógadh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘CDAE’ anseo feasta) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 1 ón gComhairle (dá ngairtear ‘an Rialachán CDAE’ anseo feasta) le haghaidh EUR 1 057 018 077 chun cúnamh a thabhairt don Spáinn tar éis na dtuillte i Réigiún Valencia i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus don Fhrainc tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025.

Tá ag gabháil leis an slógadh sin DEC16/2025 lena moltar EU927 926 981 a aistriú ó líne chúlchiste an Chúlchiste Eorpaigh Dlúthpháirtíochta chuig líne bhuiséid oibríochtúil CDAE, ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí araon.

2.Faisnéis agus coinníollacha

2.1.An tSpáinn – mórthubaiste nádúrtha: tuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024

(1)An 20 Eanáir 2025, chuir an Spáinn iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na dtuilte i Réigiún Valencia i mí Mheán Fómhair 2024. An 14 Lúnasa 2025, chuir an Spáinn soiléirithe breise isteach maidir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a soláthraíodh in iarratas CDAE.

(2)Rinne an Spáinn iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste a rinneadh de dheasca na tubaiste a tharla an 28 Deireadh Fómhair 2024. Tá an fhaisnéis go léir atá ag teastáil faoi Airteagal 4 den Rialachán CDAE san iarratas.

(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.

(4)Is é EUR 20,28 billiún meastachán údaráis na Spáinne ar chostas iomlán an damáiste dhírigh a rinneadh de dheasca na tubaiste. Ghlac an Coimisiún le EUR 18,08 billiún mar dhamáiste díreach iomlán sochreidte. Is mó an méid sin ná an tairseach ‘mórthubaiste nádúrtha’ le haghaidh na Spáinne arb é atá ann 0,6 % dá hOllioncam Náisiúnta (OIN), arbh fhiú EUR 3,96 billiún in 2025 2 . Dá bhrí sin, cáilítear an tubaiste mar ‘mhórthubaiste nádúrtha’ de réir Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE.

(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.

(6)D’iarr an Spáinn go níocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE. Ar bhonn an réamh-mheasúnaithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha le go níocfaí airleacan ó CDAE. Dá bhrí sin, bronnadh airleacan EUR 100 000 000 le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2025) 1798 ón gCoimisiún an 20 Márta 2025. Íocadh an tairleacan leis an Spáinn an 8 Aibreán 2025.

(7)Idir an 28 Deireadh Fómhair agus an 4 Samhain 2024, stoirm a thug báisteach throm léi, bhuail sí réigiún Valencia na Spáinne ar fad, rud as ar eascair tuilte tromchúiseacha. Bhuail an tubaiste 2600 teach agus achar os cionn 500 ciliméadar cearnach. Fágadh na mílte teaghlach gan leictreachas, uisce óil ná seirbhís fóin, agus rinneadh damáiste suntasach don bhonneagar poiblí agus d’earraí poiblí. Rinneadh difear do bhreis agus 170 foras oideachais agus do bhreis agus 50 institiúid sláinte. Maraíodh 232 dhuine de dheasca na dtuilte.

(8)D’iarr údaráis na Spáinne cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Chuir roinnt Ballstát in iúl go bhfuil siad réidh chun tacaíocht a thairiscint. Ghlac an Spáinn leis na tairiscintí ón bhFrainc agus ón bPortaingéil a sholáthair innealra agus feithiclí speisialaithe bainistithe dramhaíola go tapa. Imscaradh beirt Oifigeach Idirchaidrimh de chuid an Aontais chun an tacaíocht sin a chomhordú ar an láthair.

(9)Ba é EUR 4,39 billiún meastachán na Spáinne ar chostas na noibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na noibríochtaí. Baineann an sciar is mó de na costais le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce, an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 3,51 billiún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas leis an limistéar ar bhuail an tubaiste é, ar fiú EUR 561 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le cóiríocht shealadach agus le seirbhísí tarrthála, ar fiú EUR 326 milliún é sin.

(10)Sa Spáinn, rinneadh Treoir 2007/60/CE 3 a thrasuí trí Fhoraithne Ríoga 903/2010 an 9 Iúil 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte.

(11)Ar an dáta a cuireadh isteach an tiarratas, ní raibh an Spáinn faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.

2.2.An Fhrainc - tubaiste nádúrtha réigiúnach: cioclón in Mayotte i mí na Nollag 2024

(1)An 7 Márta 2025, chuir an Fhrainc iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in oileán Mayotte na Fraince i mí na Nollag 2024.

(2)Rinne an Fhrainc iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste mar thoradh ar thubaiste an 14 Nollaig 2024. Tá an fhaisnéis go léir atá ag teastáil faoi Airteagal 4 den Rialachán CDAE san iarratas.

(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.

(4)Chuir údaráis na Fraince an tiarratas isteach faoin gcritéar ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a neascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1.5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin nó 1 % de OTI réigiúnach i gcás na réigiún is forimeallaí. Is é EUR 3,8 billiún meastachán údaráis na Fraince ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Ghlac an Coimisiún le EUR 3,6 billiún mar dhamáiste díreach iomlán sochreidte. Sáraíonn an méid sin an tairseach is infheidhme a léirítear le haghaidh ‘tubaiste réigiúnach’, is é sin EUR 33,47 milliún i gcás Mayotte in 2025 4 .

(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.

(6)D’iarr an Fhrainc go níocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE. Ar bhonn an réamh-mheasúnaithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha le go níocfaí airleacan ó CDAE. Dá bhrí sin, bronnadh airleacan EUR 23 782 012 le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2025) 3192 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025. Íocadh an tairleacan leis an bhFrainc an 4 Meitheamh 2025.

(7)An 14 Nollaig 2024, bhuail béal cioclóin darb ainm Chido oileán Mayotte na Fraince. Ba mhó ná 180 ciliméadar in aghaidh na huaire ar fud na críche séideáin ghaoithe an chioclóin. Thug an cioclón báisteach throm leis go dtí an toileán freisin, agus meastar go raibh idir 100 agus 150 mm báistí ann laistigh de 12 uair an chloig. Tháinig an bháisteach throm agus na gaotha láidre in éineacht le tonnairde idir 5 agus 9 méadar a mbaineann contúirt lena airde iad. Ina dhiaidh sin, scriosadh gach teaghais. Dúnadh an eangach leictreachais agus an gréasán uisce go hiomlán agus cuireadh isteach go mór ar roinnt bealaí trasnaithe idir dhá oileán Mayotte. Cuireadh iallach ar sheirbhísí iompair phoiblí agus ar sheirbhísí iompair scoile a noibríochtaí a chur ar fionraí go sealadach nó a laghdú go mór. Maraíodh 39 nduine ar a laghad de dheasca an chioclóin.

(8)D’iarr údaráis na Fraince cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. I measc na riachtanas bhí pubaill, leapacha campa, málaí codlata, fearais sláinteachais agus trealamh cumarsáide agus tarchurtha. Chuir an Bheilg, an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSualainn cúnamh ar fáil.

(9)Ba é EUR 1 256,8 milliún meastachán na Fraince ar chostas na noibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na noibríochtaí. Baineann an sciar is mó de chostais na noibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 883,1 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le costas seirbhísí tarrthála agus is fiú EUR 323,5 milliún é. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le glanadh an limistéir ar bhuail an tubaiste é agus is fiú EUR 50,2 milliún é.

(10)Ar an dáta a cuireadh isteach an tiarratas, ní raibh an Fhrainc faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.

2.3.An Fhrainc - tubaiste nádúrtha réigiúnach: cioclón in La Réunion i mí Feabhra 2025

(1)An 23 Bealtaine 2025, chuir an Fhrainc iarratas isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE chun oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh a mhaoiniú tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Garance in oileán La Réunion na Fraince, i mí Feabhra 2025.

(2)Rinne an Fhrainc iarratas ar ranníocaíocht ó CDAE laistigh den sprioc-am, is é sin 12 sheachtain tar éis an chéad damáiste mar thoradh ar thubaiste an 28 Feabhra 2025. Tá an fhaisnéis go léir atá ag teastáil faoi Airteagal 4 den Rialachán CDAE san iarratas.

(3)Is de bhunús nádúrtha an tubaiste, agus dá bhrí sin tagann sí faoi raon feidhme CDAE.

(4)Chuir údaráis na Fraince an tiarratas isteach faoin gcritéar ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ mar a leagtar síos in Airteagal 2(3) de Rialachán CDAE, is é sin aon tubaiste nádúrtha i réigiún ar leibhéal NUTS 2 de Stát incháilithe as a neascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1.5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin nó 1 % de OTI réigiúnach i gcás na réigiún is forimeallaí. Is é EUR 849,45 milliún meastachán údaráis na Fraince ar chostas an damáiste dhírigh iomláin a tháinig den tubaiste. Sáraíonn an méid sin an tairseach is infheidhme a léirítear le haghaidh ‘tubaiste réigiúnach’, is é sin EUR 216,68 milliún i gcás La Réunion in 2025.

(5)Is é costas an damáiste dhírigh iomláin a rinneadh an bonn le méid na ranníocaíochta airgeadais ó CDAE a ríomh. Ní féidir an ranníocaíocht airgeadais a úsáid ach le haghaidh oibríochtaí éigeandála agus téarnaimh fíor-riachtanacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán CDAE.

(6)D’iarr an Fhrainc go níocfaí airleacan de bhun Airteagal 4a de Rialachán CDAE. Ar bhonn an réamh-mheasúnaithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha le go níocfaí airleacan ó CDAE. Dá bhrí sin, bronnadh airleacan EUR 5 309 084 le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2025) 5615 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2025. Íocadh an tairleacan leis an bhFrainc an 26 Lúnasa 2025.

(7)An 28 Feabhra 2025, bhuail cioclón darb ainm Garance oileán La Réunion na Fraince. Shroich na gaotha cioclónacha i roinnt limistéar luas 215 chiliméadar in aghaidh na huaire agus thug siad leo báisteach throm agus dálaí farraige contúirteacha. Ina dhiaidh sin, bhí tionchar mór ar an ngréasán bóithre, agus cuireadh isteach go mór ar an ngeilleagar. Earnáil na talmhaíochta, go háirithe earnáil an chána, chomh maith le cuideachtaí a bhíonn ag brath ar an turasóireacht, d’fhulaing siad damáistí móra mar gheall ar an gcioclón. Chun cabhrú leis an daonra a buaileadh, osclaíodh 123 ionad lóistín do dhaoine chun dídean a lorg. Maraíodh 5 nduine ar a laghad de dheasca an chioclóin.

(8)Níor iarr údaráis na Fraince cúnamh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

(9)Ba é EUR 125,38 milliún meastachán na Fraince ar chostas na noibríochtaí is incháilithe faoi Airteagal 3(2) de Rialachán CDAE agus chuir sí na costais i láthair agus iad miondealaithe de réir chineál na noibríochtaí. Baineann an sciar is mó de chostais na noibríochtaí éigeandála le hathchóiriú feidhmiúlachta bonneagair agus gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, na sláinte agus an oideachais, ar fiú EUR 84,97 milliún é sin. Baineann an dara sciar is mó den chostas le glanadh an limistéir ar bhuail an tubaiste é agus is fiú EUR 21,98 milliún é sin. Baineann an tríú sciar is mó den chostas le bonneagar coisctheach a dhaingniú agus is fiú EUR 11,55 milliún é sin. Baineann an ceathrú sciar is mó den chostas le costas cóiríochta sealadaí agus le seirbhísí tarrthála agus is fiú EUR 6,88 milliún é sin.

(10)Ar an dáta a cuireadh isteach an tiarratas, ní raibh an Fhrainc faoi réir imeachtaí um shárú maidir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le cineál na tubaiste.

2.4.Conclúid

I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach thuas agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tíolacadh, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na tubaistí dá dtagraítear sna hiarratais a thíolaic an Spáinn agus an Fhrainc na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CDAE chun CDAE a shlógadh.

3.Maoiniú

Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 5 (‘Rialachán CAI’ anseo feasta), déantar foráil maidir le CDAE a shlógadh i gcomhthéacs an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála. Le pointe 10 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais 6 (IIA), chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, leagtar síos na módúlachtaí le haghaidh shlógadh CDAE i gcomhthéacs an Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála.

Ós rud é gurbh í an dlúthpháirtíocht, den chuid is mó, ba bhonn dlisteanachta le bunú CDAE, is dóigh leis an gCoimisiún gur cheart an chabhair a bheith ina cabhair fhorásach. Dá bhrí sin, ba cheart déine cabhrach is airde ná an sciar den damáiste atá faoi bhun na tairsí a bheith ann mar thoradh ar an sciar den damáiste ar mó é ná tairseach ‘na mórthubaiste nádúrtha’ chun CDAE a shlógadh (i.e. 0,6 % de OIN nó EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011, cibé acu is lú, cf. Airteagal 2(2) de Rialachán CDAE). Ciallaíonn sé sin go ríomhtar méid na cabhrach do thír atá buailte ag tubaiste a chomhlíonann na coinníollacha le haghaidh ‘mórthubaiste nádúrtha’ trí dhá mhéid a shuimiú: 2,5 % den damáiste díreach iomlán faoin tairseach agus 6 % don chuid den damáiste díreach iomlán os cionn na tairsí.

Is é 2,5 % den damáiste díreach iomlán an ráta a chuirtear i bhfeidhm chun na méideanna cabhrach a shainiú le haghaidh ‘tubaistí nádúrtha réigiúnacha’, ráta atá faoi bhun na tairsí náisiúnta i gcónaí. Ní fhéadfaidh ranníocaíocht CDAE a bheith níos mó ná costas iomlán measta na n‑oibríochtaí incháilithe.

Leagadh amach an mhodheolaíocht chun an chabhair a ríomh i dTuarascáil Bhliantúil CDAE 2002-2003, agus ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa léi.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don údarás buiséadach na méideanna seo a leanas a shlógadh:



Tír/  
Tubaiste

Damáiste díreach iomlán

Tairseach tubaistí a chuirtear i bhfeidhm

2,5 % den damáiste díreach iomlán (suas leis an tairseach i gcás mórthubaistí)

6 % den damáiste díreach iomlán os cionn na tairsí i gcás mórthubaistí

Méid iomlán na cabhrach atá beartaithe

Airleacan arna íoc

An t‑iarmhéid atá le híoc

(EUR)

(EUR)

(EUR)

(EUR)

(EUR)

(EUR)

(EUR)

An Spáinn — tuilte

18 078 315 857.

3 958 436 000.

98 960 900.

847 192 791.

946 153 691.

100 000 000.

846 153 691.

(mórthubaiste)

An Fhrainc (Mayotte) — cioclón

3 585 122 000.

33 470 000.

89 628 050.

Neamhbhainteach

89 628 050.

23 782 012.

65 846 038.

(tubaiste réigiúnach)

An Fhrainc (La Réunion) — cioclón

849 453 473.

216 680 000.

21 236 336.

Neamhbhainteach

21 236 336.

5 309 084.

15 927 252.

(tubaiste réigiúnach)

IOMLÁN

1 057 018 077.

129 091 096.

927 926 981.

Le Rialachán 2024/765 ón gComhairle 7 an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, roinntear an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála in dhá ionstraim ar leith: an Cúlchiste Eorpach Dhlúthpháirtíochta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála. Úsáidfear an Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta ag a bhfuil méid bliantúil EUR 1 016 mhilliún (i bpraghsanna 2018, agus atá coibhéiseach le EUR 1,167,064,638 i bpraghsanna 2025) le haghaidh cúnamh chun freagairt do chásanna éigeandála a chumhdaítear le CDAE.

I gcomhréir le hAirteagal 3(7) de Rialachán CDAE agus le hAirteagal 9(2), an dara fomhír, de Rialachán CAI leasaithe, ní mór 25 % de leithdháileadh bliantúil CDAE (i.e. EUR 291 766 160 in 2025) a chur ar fáil an 1 Deireadh Fómhair gach bliain.

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán CAI, féadfar aon chuid den mhéid bliantúil, nár úsáideadh i mbliain ar leith ‘n’, a úsáid suas go dtí bliain ‘n+1’. Tugadh EUR 194 316 162 anonn ó 2024.

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 4a(4) de Rialachán CDAE, cuireadh EUR 50 000 000 isteach i mbuiséad ginearálta 2025 an Aontais (i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) cheana chun airleacain a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a íoc. Tá ceithre airleacan íoctha ag an gCoimisiún cheana in 2025. EUR 10 663 587 leis an Ostair maidir leis na tuilte i mí Mheán Fómhair 2024; EUR 100 000 000 leis an Spáinn tar éis na dtuilte i Réigiún Valencia i mí Dheireadh Fómhair 2024 8 ; EUR 23 782 012 leis an bhFrainc maidir leis an gcioclón in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus EUR 5 309 084 leis an bhFrainc maidir leis an gcioclón in La Réunion i mí Feabhra 2025.

Ar deireadh, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2025/1525 9 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2025, cuirfidh an Ciste cúnamh ar fáil don Ostair, don Pholainn, don tSeicia, don tSlóvaic, don Mholdóiv agus don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis na tuilte i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2024 dar luach EUR 280 740 903. D’úsáid an slógadh sin méid EUR 270 077 316 ó líne chúlchiste an Chúlchiste Eorpaigh Dlúthpháirtíochta (‘an CED’).

Dá bhrí sin, is é EUR 928 376 487 an leithdháileadh iomlán atá ar fáil (lena n‑áirítear 25 % den leithdháileadh bliantúil a bheidh ar fáil an 1 Deireadh Fómhair ach gan an méid atá fós le húsáid le haghaidh airleacain fhéideartha go dtí deireadh na bliana a áireamh), rud atá leordhóthanach chun riachtanais íocaíochta na teachtaireachta sin a chumhdach. Fágann sé sin iarmhéid EUR 23 172 314 atá fágtha chun aon iarratas nua ar airleacain a chumhdach agus EUR 449 506 breise ar an líne chúlchiste.

An méid atá ar fáil faoi CDAE in 2025 (EUR):

 

Leithdháileadh iomlán bliantúil CDAE 2025 (lena n‑áirítear tráinse an 1 Deireadh Fómhair EUR 291 766 160)

1 167 064 638.

An méid a tugadh anonn ó 2024 lena n‑áirítear airleacain nár úsáideadh (+)

194 316 162.

An méid a úsáideadh cheana le haghaidh airleacain (-)

139 754 683.

An méid a slógadh cheana in 2025 (-)

270 077 316.

An méid iomlán atá ar fáil, lena n‑áirítear:

951 548 801.

An méid atá ar fáil le haghaidh an Chinnidh reatha maidir le Slógadh

928 376 487.

An méid atá le húsáid le haghaidh airleacain fhéideartha go dtí deireadh na bliana

23 172 314.

An méid atá beartaithe faoin gCinneadh reatha maidir le Slógadh (an méid atá le híoc amháin)

927 926 981.

2025/0318 (BUD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Spáinn maidir leis na tuilte i Réigiún Valencia na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus sa Fhrainc tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024 agus cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 10 agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 11 , agus go háirithe pointe 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) é a chur ar a chumas don Aontas freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a bhuailtear le tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha nó ag mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(2)Ní fhéadfaidh níos mó ná na huasteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom)  2020/2093 ón gComhairle a bheith sa Chiste 12 .

(3)An 20 Eanáir 2025, chuir an Spáinn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na dtuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024.

(4)An 7 Márta 2025, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024.

(5)An 23 Bealtaine 2025, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Garance in La Réunion i mí Feabhra 2025.

(6)Comhlíonann na hiarratais sin na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Spáinn agus don Fhrainc.

(8)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a theastaíonn chun an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)soláthrófar EUR 946 153 691 don Spáinn i ndáil leis na tuilte i mí Dheireadh Fómhair 2024;

(b)soláthrófar EUR 89 628 050 don Fhrainc tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Chido in Mayotte i mí na Nollag 2024;

(c)soláthrófar EUR 21 236 336 don Fhrainc tar éis na ndamáistí a rinne cioclón Garance in La Réunion i mí na Nollag 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha] 13*.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán        An tUachtarán

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj).
(2)    Cuireadh an tiarratas isteach in 2025, dá bhrí sin, is é tairseach 2025 an tairseach is infheidhme.
(3)    Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte (an ‘Treoir maidir le Tuilte’) (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/60/oj).
(4)    Ós rud é gur cuireadh an tiarratas isteach in 2025, is é tairseach 2025 an tairseach is infheidhme.
(5)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.
(6)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020Q1222(01)
(7)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
(8)    Iarraidh ar aistriú leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi Airteagal 31 den Rialachán Airgeadais DEC 2/2025.
(9)    IO L, 2025/1525, 23.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1525/oj.
(10)    IO L 311, 14.11.2002, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/2012/oj.
(11)    IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020Q1222(01)
(12)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).
(13) *    An dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilsítear san Iris Oifigiúil é.
Top