Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0738

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise

COM/2025/738 final

An Bhruiséil,27.11.2025

COM(2025) 738 final

2025/0380(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Treoir(AE) 2023/959 1 , leasaíodh Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú i gcomhair scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus bunaíodh cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (CCCM) le haghaidh córas trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise (CTA2). Is é is aidhm do CCCM an riosca maidir le míchothromaíochtaí i ndáil le soláthar-éileamh a mhaolú maidir le tosú CTA2 agus chun é a dhéanamh níos frithsheasmhaí in aghaidh suaití margaidh. Tá cobhsaíocht an mhargaidh fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh CTA2 i gceart chun go mbainfear spriocanna an chórais amach maidir le dreasachtaí eacnamaíochta a sholáthar chun astaíochtaí a laghdú ar fud na nearnálacha a chumhdaítear agus tionchair mhíchuí ar phraghsanna á seachaint.

Le Cinneadh (AE) 2015/1814, cuirtear de chúram ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste agus a áirithiú go gcoinneofar é oiriúnach dá fheidhm. Más gá, ar bhonn an fhaireacháin sin, ba cheart don Choimisiún togra a dhéanamh chun feabhas a chur ar éifeachtacht, riarachán agus cur i bhfeidhm praiticiúil na trádála astaíochtaí le haghaidh na n‑earnálacha sin.

Ó tháinig CTA2 i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2023, thug roinnt forbairtí tuilleadh léargais agus faisnéise ar leachtacht an mhargaidh, na leibhéil praghsanna agus an luaineacht a mheastar a bheidh ann amach anseo i margadh CTA2. Áirítear ar na forbairtí sin an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme CTA2 ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta, tús a chur le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí, an raon leathan réamh-mheastachán i ndáil le praghsanna lamháltais CTA2 amach anseo agus an chastacht a bhaineann le táscairí margaidh ar thaobh an éilimh a thuar. Thug siad léargas freisin ar thosca foluiteacha a mheastar a mbeidh tionchar acu ar chobhsaíocht an mhargaidh agus ar intuarthacht fhadtéarmach. Áirítear ar na tosca sin luas chur chun feidhme bheartais agus bhearta comhlántacha na mBallstát i dtreo spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030, agus neamhbhailíochtú lamháltas nach scaoilfear ón gcúlchiste faoin 31 Nollaig 2030, rud a chuireann le héiginnteacht maidir le hacmhainneacht idirghabhála fhadtéarmach CCCM.

Thairis sin, an 5 Samhain 2025, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an Dlí Aeráide Eorpach, lenar tugadh isteach foráil chun cur i bhfeidhm CTA2 a chur siar aon bhliain amháin go 2028. Ghlac Parlaimint na hEorpa seasamh comhchosúil maidir le CTA2 a chur siar aon bhliain amháin an 13 Samhain 2025. Ina theannta sin, dhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige bearta a mholadh maidir le creat chur chun feidhme CTA2 faoi dheireadh 2025, mar obair leantach ar thograí ó thromlach leathan na mBallstát agus ó roinnt mhaith Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun seoladh infheistíochtaí a éascú agus dlús a chur leo sula gcuirfear tús le CTA2. Tá an togra seo mar chuid de na bearta a fógraíodh.

Leis an togra seo, coigeartaítear roinnt paraiméadar de chuid CCCM le haghaidh CTA2 ar bhonn faisnéis a tugadh cothrom le dáta faoin margadh agus iarrataí ó fhormhór na mBallstát agus ó pháirtithe leasmhara, chun feabhas a chur ar leachtacht sa chothromaíocht i ndáil le soláthar-éileamh agus chun feabhas a chur ar intuarthacht na leibhéal praghsanna tosaigh, gan difear a dhéanamh do cheapadh foriomlán CCCM. Rannchuidíonn na leasuithe spriocdhírithe le tús margaidh agus conair praghsanna atá ordúil, rianúil agus éifeachtúil a chosaint le haghaidh eintitis rialáilte, rud a chuireann ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta agus do na tomhaltóirí breosla ullmhú chomh maith agus is féidir trí bhearta leordhóthanacha tacaíochta agus cúitimh. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar fhaisnéis faoin margadh agus í a fhoilsiú go tráthrialta freisin chun é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara tuiscint shoiléir a bheith acu ar na dálaí margaidh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is uirlis é CCCM maidir le CTA2 chun cobhsaíocht an mhargaidh a áirithiú le haghaidh lamháltais astaíochtaí CTA2. Áirithítear comhsheasmhacht CCCM maidir le CTA2 le beartais eile de chuid an Aontais go príomha trí chomhsheasmhacht CTA2 le beartais eile de chuid an Aontais. Leis an togra reatha, ní dhéantar ach athruithe spriocdhírithe ar pharaiméadair CCCM maidir le CTA2 gan difear a dhéanamh do cheapadh foriomlán CCCM, agus ní dhéanann sé difear díreach do bheartais eile de chuid an Aontais.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Áirithítear comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais trí chomhsheasmhacht an chreata reachtaigh atá i bhfeidhm chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach. Déantar measúnú air sin sa mheasúnú tionchair a ghabhann le Treoir (AE) 2023/959 an 10 Bealtaine 2023 lenar leasaíodh Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 leis an gcuid eile den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Áirítear leis sin na measúnuithe tionchair a bhaineann leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill; an Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht; caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna; an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite; an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh; an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh. Léiríonn an t‑athrú atá beartaithe ar CCCM maidir le CTA2 athruithe ar an éileamh mar gheall ar na beartais chomhlántacha fhíor-riachtanacha sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra. I gcomhréir le hAirteagail 191 agus 192(1) CFAE, ceanglaítear ar an Aontas Eorpach rannchuidiú le roinnt cuspóirí a bhaint amach, lena n‑áirítear: cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus feabhas a chur uirthi, bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, go háirithe, an t‑athrú aeráide a chomhrac. Rannchuidíonn CTA AE leis an athrú aeráide a chomhrac; mar uirlis maidir le cobhsaíocht an mhargaidh le haghaidh lamháltais a bunaíodh leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, tá ról tábhachtach ag CCCM maidir le hoibriú CTA AE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Is fadhb thrasteorann é an t‑athrú aeráide. I gcás fadhbanna trasteorann, is féidir le gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais gníomhaíocht náisiúnta agus áitiúil a fhorlíonadh agus a threisiú ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a d’fhéadfadh gníomhaíocht neamhchomhordaithe na mBallstát a bhaint amach. Cuireann comhordú ar leibhéal an Aontais feabhas ar éifeachtacht an ghníomhaithe ar son na haeráide.

Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí CTA AE, a oibríonn mar chóras uile-Aontais ar bhealach atá comhchuibhithe go hiomlán, a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú go haontaobhach. Mar gheall ar scála agus éifeachtaí an chórais, is fearr is féidir na cuspóirí a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é gur uirlis é CCCM le haghaidh chobhsaíocht an mhargaidh i lamháltais astaíochtaí CTA2 a bunaíodh leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, ní féidir a chuspóir a bhaint amach go leordhóthanach trí ghníomhaíocht neamhchomhordaithe na mBallstát ach oiread.

Is beart de chuid an Aontais é Cinneadh (AE) 2015/1814 atá ann cheana sa réimse maidir leis an athrú aeráide a chomhrac. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE, ní féidir leasú, ar cuid den togra seo é, a dhéanamh air ar an leibhéal náisiúnta ná ar an leibhéal áitiúil, ach teastaíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ina leith.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta toisc nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do 2030 a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh i lamháltais astaíochtaí CTA2 a bunaíodh leis an Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí á áirithiú.

An rogha ionstraime

Ionstraim chuí atá i gcinneadh chun an cinneadh lena leagtar amach CCCM a leasú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Cuirtear san áireamh sa togra an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme na Treorach Eorpaí maidir le Córas Trádála Astaíochtaí i dtaca leis an gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise ó tháinig sí i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2023. Cuirtear i dtábhacht sa mheasúnú tionchair maidir le hathbhreithniú 2021 ar CTA AE agus ar CCCM go mbraithfidh praghas lamháltais CTA2 ar chur chun feidhme beartas agus beart comhlántach a thacaíonn le dícharbónú na n‑earnálacha sin. Léirítear i measúnú an Choimisiúin in 2025 ar Phleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le beartais agus bearta comhlántacha na mBallstát i dtreo spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030. Sainaithnítear ann freisin na bearnaí atá fós ann in earnáil an iompair de bhóthar agus earnáil na bhfoirgneamh ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun na spriocanna sin a bhaint amach de réir a chéile.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Déantar foráil sa togra maidir le leasú spriocdhírithe ar pharaiméadair CCCM maidir le CTA2 chun feabhas a chur ar a fheidhmiú faoi thús an mhargaidh le haghaidh lamháltais astaíochtaí CTA2. Cuireann sé leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ó athbhreithniú 2021 ar CTA AE agus ar CCCM agus le haiseolas ina dhiaidh sin ó fhormhór na mBallstát agus le plé tráthrialta le húdaráis inniúla náisiúnta agus le páirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le cur chun feidhme CTA2 chun feabhas a chur ar a fheidhmiú agus a éifeachtacht. Tá raon leathan ionchas i ndáil le praghsanna lamháltais CTA2 a bheidh ann amach anseo ann mar thoradh ar na léirithe éagsúla ar bheartais agus bearta comhlántacha i réamh-mheastacháin sheachtracha ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha ar phraghsanna CTA2. Chuir formhór na mBallstát ábhair imní in iúl maidir le neamhchinnteacht na leibhéal praghsanna tosaigh le haghaidh lamháltais CTA2, rud a fhágann go bhfuil na hullmhúcháin níos casta do bheartais chomhlántacha agus do bhearta tacaíochta is gá chun na hearnálacha sin a dhícharbónú.

Chun sláine oibríochtúil agus intuarthacht chóras CTA2 a áirithiú, ba cheart na leasuithe spriocdhírithe ar CCCM teacht i bhfeidhm go tapa. Tá an togra faoi réir srianta ama breise ós rud é go bhfuil sé nasctha leis an leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa. Leis sin, cuirtear ceantáil lamháltas ar aghaidh go dtí an dara leath de 2026, rud a thugann le tuiscint gur cheart an togra seo teacht i bhfeidhm faoin tráth a chuirfear tús leis an margadh le haghaidh lamháltais astaíochtaí CTA2.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ar bhonn na n‑imthosca sin agus na hamlíne, tá aiseolas bailithe ag an gCoimisiún ó na Ballstáit agus ó pháirtithe leasmhara chun na bearta is fearr a ghlacadh chun cuspóirí an togra a bhaint amach maidir le feabhas a chur ar leachtacht, cobhsaíocht agus intuarthacht an mhargaidh le haghaidh lamháltais astaíochtaí CTA2.

Measúnú tionchair

Cé nach ndearnadh measúnú tionchair ar leithligh le haghaidh an togra seo, rannchuidíonn roinnt gnéithe sa mheasúnú tionchair a ghabhann le Treoir (AE) 2023/959 lenar bunaíodh CCCM maidir le CTA2 leis an measúnú ar na hathruithe spriocdhírithe ar pharaiméadair CCCM sa togra reatha.

Cuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Chinneadh (AE) 2015/1814 faireachán leanúnach a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste agus, más gá, athbhreithniú a mholadh chun feabhas a chur ar éifeachtacht, riarachán agus cur i bhfeidhm praiticiúil ar bhonn an fhaireacháin.

Tugadh faoi deara cheana féin sa mheasúnú tionchair a ghabhann le togra 2021 ón gCoimisiún an chastacht a bhaineann le paraiméadair tosaigh CCCM a shocrú maidir le CTA2 agus aithníodh go mbeadh gá, dá bhrí sin, le feabhas a chur ar na paraiméadair sin ag céim níos déanaí. Baineann castacht bhreise leis an raon leathan ionchas maidir le praghsanna CTA2 ó pháirtithe leasmhara i ndáil le léirithe éagsúla ar bheartais agus bearta comhlántacha.

Déantar foráil sa togra maidir le leasú spriocdhírithe ar pharaiméadair CCCM maidir le CTA2 gan ceapadh foriomlán CCCM a athrú, chun tuilleadh feabhais a chur ar a éifeachtacht ar bhonn faisnéis a tugadh cothrom le dáta sula mbeidh an córas ag feidhmiú go hiomlán.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 2 . Go sonrach, rannchuidíonn sé leis an gcuspóir maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Le CTA2, ginfear ioncam mór le haghaidh bhuiséid na mBallstát nach mór a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cothroime shóisialta. Tugtar an chuid is mó den ioncam ceantála do na Ballstáit, agus d’fhéadfadh an togra difear indíreach a dhéanamh do na buiséid náisiúnta go príomha mar gheall ar an nasc sin. D’fhéadfadh leachtacht fheabhsaithe an mhargaidh fáltais cheant na mBallstát a mhéadú. Mar sin féin, meastar go gcúiteofar é sin leis an éifeacht a bheidh ag leachtacht bhreise an mhargaidh ar phraghas. Leis an togra, rannchuideofar freisin le feabhas a chur ar intuarthacht fhadtéarmach praghsanna do na Ballstáit trí luaineacht praghsanna a laghdú.

Ní bheidh gá le méadú ar acmhainneacht an Choimisiúin chun an togra seo a chur chun feidhme, mar a leagtar amach sa ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach atá i gceangal leis seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déantar foráil sa togra maidir le leasú spriocdhírithe ar pharaiméadair CCCM maidir le CTA2, agus ceapadh foriomlán CCCM á urramú, chun feabhas a chur ar a fheidhmiú faoin tráth a bheidh an margadh le haghaidh lamháltais astaíochtaí CTA2 ag feidhmiú. Cuireann an togra le conclúidí an mheasúnaithe tionchair ar CTA AE 2021 agus le hathbhreithniú ar CCCM agus cuirtear san áireamh ann aiseolas ó fhormhór na mBallstát agus ó pháirtithe leasmhara eile.

I dteannta na n‑athruithe atá beartaithe ar Chinneadh (AE) 2015/1814, luann an Coimisiún an méid seo a leanas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 30h de Threoir 2003/87/CE:

Chun feabhas a chur ar intuarthacht agus deimhneacht mhargadh carbóin na hEorpa le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, measann an Coimisiún, má chomhlíontar an coinníoll in Airteagal 30h(2) de Threoir 2003/87/CE arís tar éis 6 mhí, gur cheart gan mír 6 d’Airteagal 30h a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 7.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá trí bheart sa togra chun feabhas a chur ar leachtacht an mhargaidh d’fhonn intuarthacht an mhargaidh a neartú, luaineacht a laghdú agus aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar mhéaduithe iomarcacha ar phraghsanna:

·Chun feabhas a chur ar leachtacht agus intuarthacht fhadtéarmach sa mhargadh, le hAirteagal 1(1) scriostar an dara habairt a bhaineann le neamhbhailíochtú lamháltas nach scaoilfear ón gcúlchiste faoin 31 Nollaig 2030. Faoi láthair, níl na 600 milliún lamháltas tosaigh a choinnítear i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh (CCCM) bailí ach go dtí an 31 Nollaig 2030, agus ina dhiaidh sin ní bheidh aon lamháltas nár scaoileadh ón gcúlchiste bailí a thuilleadh. Trí dheireadh a chur leis an gclásal sin, cuidítear le hintuarthacht agus muinín an mhargaidh a mhéadú i measc gníomhaithe airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh, agus ar an gcaoi sin cuirtear cobhsaíocht praghsanna chun cinn le himeacht ama.

·Le hAirteagal 1(3), modhnaítear an sásra um ráta insteallta chun scaoileadh lamháltas de réir a chéile agus níos freagrúla ón gcúlchiste isteach sa mhargadh a sholáthar. Moltar ann instealladh CCCM nuair a bhíonn líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht idir 210 milliún agus 260 milliún. I gcás den sórt sin, is éard a bheidh san instealladh 100 milliún lamháltas lúide dhá oiread na difríochta idir líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht agus an tairseach 210 milliún. Leis an togra, tugtar aghaidh ar an ‘éifeacht tairsí’ a tharlódh i gcás ina mbeadh líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht an-ghar don tairseach is ísle, lena gcinntear instealladh na lamháltas ó CCCM isteach sa mhargadh. Sa chás sin, d’fhéadfadh lamháltas amháin níos mó nó níos lú i líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht instealladh a spreagadh, ag brath ar cé acu atá líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht os cionn na tairsí nó faoina bun. Tá baol ann, mar gheall ar éiginnteacht cé acu a dtarlódh nó nach dtarlódh sé sin, go gcruthófaí luaineacht praghsanna ar an margadh. Cuidíonn an leasú seo le luaineachtaí tobanna géara soláthair sa mhargadh a chosc agus le luaineacht praghsanna a laghdú, agus ar an gcaoi sin cuirtear le cobhsaíocht fheabhsaithe an mhargaidh agus le comhartha praghais cobhsaí sa mhargadh le haghaidh lamháltais astaíochtaí CTA2 araon.

·Le hAirteagal 1(4), cuirtear sásra breisiúcháin 20 milliún lamháltas leis an líon lamháltas atá le hinstealladh faoin sásra rialaithe praghsanna iomarcacha in Airteagal 30h(2) de Threoir 2003/87/CE. Is é an cuspóir atá ann tuilleadh feabhais a chur ar fhreagairtí an tsásra sin ar luaineachtaí ar phraghsanna gan údar agus feabhas a chur ar intuarthacht an mhargaidh. Le Treoir 2003/87/CE, déantar foráil maidir le sásra chun cobhsaíocht praghsanna a áirithiú i mblianta tosaigh CTA2 trí 20 milliún lamháltas a scaoileadh ó CCCM má sháraíonn an praghas carbóin an leibhéal EUR 45 in aghaidh an tona. I gcomhréir le hAirteagal 30h(7), is féidir an beart sin a chur i bhfeidhm faoi dhó laistigh de thréimhse 12 mhí. Leis an leasú seo, neartaítear an sásra sin go cúramach tríd é a bheith indéanta líon níos airde lamháltas a scaoileadh sa mhargadh chun tuilleadh feabhais a chur ar mhuinín an mhargaidh, rud atá tábhachtach chun infheistíochtaí dícharbónúcháin a phleanáil.

2025/0380 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollaig 2015 faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (‘Comhaontú Pháras’). Chomhaontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(2)Le Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , bunaíodh cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh chun an riosca míchothromaíochtaí i ndáil le soláthar-éileamh a mhaolú maidir le tosú na trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise agus chun é a dhéanamh níos frithsheasmhaí in aghaidh suaití margaidh.

(3)Léirítear san anailís a rinneadh ar fheidhmiú an chúlchiste a bhfuil coinne leis, agus faisnéis a fuarthas le déanaí á cur san áireamh, go rannchuideodh leasuithe spriocdhírithe ar roinnt paraiméadar le feabhas a chur ar intuarthacht an mhargaidh agus le cobhsaíocht gluaiseachtaí praghsanna i mblianta tosaigh an chórais nua.

(4)Chun intuarthacht fhadtéarmach an mhargaidh a mhéadú, ba cheart na lamháltais a chuirtear sa chúlchiste le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise agus nár scaoileadh a bheith fós bailí tar éis an 31 Nollaig 2030.

(5)I gcás ina sroicheann líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht leibhéal faoi bhun 260 milliún lamháltas, chuideodh scaoileadh lamháltas de réir a chéile agus níos freagrúla le tuilleadh feabhais a chur ar chobhsaíocht agus intuarthacht an mhargaidh do rannpháirtithe sa mhargadh. Dá bhrí sin, ba cheart a chur san áireamh leis an sásra um instealladh an difríocht idir líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht agus an tairseach níos ísle.

(6)Chun tuilleadh feabhais a chur ar fhreagairtí an tsásra ar luaineachtaí ar phraghsanna gan údar agus intuarthacht an mhargaidh a mhéadú, ba cheart é a neartú go cúramach chun feabhas a chur ar chobhsaíocht praghsanna sna chéad 3 bliana den chóras trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise. D’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin méid níos airde lamháltas a scaoileadh sa mhargadh. Má chuirtear an beart i bhfeidhm faoi dhó le linn na tréimhse 12 mhí céanna, ba cheart an scaoileadh breise a dhéanamh faoi dhó.

(7)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1814 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 1a de Chinneadh (AE) 2015/1814 mar a leanas:

(1)I mír 3, scriostar an dara habairt;

(2)I mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: ‘Is éard a bheidh i líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht faoin Airteagal seo i mbliain ar leith líon carnach na lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil sin a eisíodh, lúide na tonaí carnacha d’astaíochtaí fíoraithe a chumhdaítear leis an gCaibidil sin don tréimhse idir an 1 Eanáir [2027] agus an 31 Nollaig den bhliain áirithe chéanna sin agus aon lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil sin a cuireadh ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE.’;

(3)I mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: ‘In aon bhliain ar leith, má tá líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht idir 210 milliún agus 260 milliún, scaoilfear lamháltais bhreise ón gcúlchiste. Ríomhfar an méid breise trí 100 milliún a thógáil agus dhá oiread na difríochta idir líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht agus 210 milliún a dhealú. Cuirfear an méid breise sin le cainníocht na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin.’;

(4)I mír 7, cuirtear an abairt seo a leanas isteach idir an chéad agus dara habairt: ‘I gcás ina scaoilfear lamháltais ón gcúlchiste i gcomhréir le hAirteagal 30h(2) de Threoir 2003/87/CE, cuirfear 20 milliún lamháltas eile leis an méid atá le scaoileadh ón gcúlchiste.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

Clár

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Comhréireacht

An rogha ionstraime

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bailiú agus úsáid saineolais

Measúnú tionchair

Cearta bunúsacha

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

1.3.2.Cuspóirí sonracha

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha

4.2.Sonraí

4.3.Réitigh dhigiteacha

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le feidhmiú chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Gníomhaíocht ar son na haeráide

Ceannteideal 3 – Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

Teideal 9 – An comhshaol agus gníomhaíocht ar son na haeráide

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Is é is aidhm don togra feabhas a chur ar éifeachtacht chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise i ndáil leis an gcothromaíocht ar an margadh.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Déantar foráil sa togra maidir le leasuithe spriocdhírithe ar pharaiméadair chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh maidir le hearnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise chun feabhas a chur ar a fheidhmiú faoin tráth a bheidh CTA2 ag feidhmiú go hiomlán.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tá coinne ann go gcuirfear leis an togra feabhas ar leachtacht, cobhsaíocht agus intuarthacht an mhargaidh faoin trátha a bheidh CTA2 ag feidhmiú go hiomlán.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Leis an gcúlchiste, tugtar aghaidh ar an gcothromaíocht struchtúrach i ndáil le soláthar-éileamh le haghaidh lamháltais sa mhargadh.

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 6  

✓ síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Is é is aidhm do leasuithe spriocdhírithe ar pharaiméadair chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh maidir le hearnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise feabhas a chur ar a fheidhmiú faoin tráth a bheidh CTA2 ag feidhmiú go hiomlán.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

Is ionstraim uile-Aontais é an córas trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

I bhfianaise na sprice maidir le hastaíochtaí a laghdú do 2030 agus an chuspóra aeráidneodrachta atá le baint amach faoi 2050, tá gá le gníomhaíocht an Aontais níos láidre, lena n‑áirítear trí mhargadh carbóin níos éifeachtaí, níos dea-fheidhmiúla agus níos athléimní a áirithiú.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is é is aidhm don togra an creat beartais atá ann cheana a chomhlánú.

Tá sé comhoiriúnach do chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

-

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí dlí poiblí

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

Leanfaidh an fhoireann atá ann faoi láthair den tionscnamh a bhainistiú. Níl foireann bhreise de dhíth.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Cuireann an togra leis an Dlí Aeráide Eorpach, lena n‑áirítear na measúnuithe céanna atá le déanamh ag an gCoimisiún (mar atá cheana féin). Cuireann an Dlí Aeráide Eorpach leis an gcreat láidir trédhearcachta le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa agus le faisnéis aeráide eile a leagtar amach sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, seachas sruthanna tuairiscithe breise na mBallstát a chruthú.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Neamhbhainteach. Leis an togra, ní chuirtear clár airgeadais chun feidhme ach ceaptar beartas fadtéarmach. Ní bhaineann modh bainistíochta, sásraí chun cistiú a chur chun feidhme, módúlachtaí socruithe íocaíochta agus straitéisí rialaithe i ndáil le rátaí earráide le hábhar.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Faoin Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí, déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar dhul chun cinn le moltaí agus bearta breise a d’fhéadfadh a bheith ann.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Ní eascraíonn rialuithe/rioscaí móra nua nach gcumhdófaí le creat rialaithe inmheánaigh atá ann cheana féin mar gheall ar an tionscnamh seo. Níor beartaíodh aon bheart sonrach seachas cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Níor beartaíodh aon bheart sonrach seachas cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 7 .

ó thíortha de chuid CSTE 8

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 9

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

3

09.02.03.00

LD

NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1a)

 

 

 

 

0,000

Íocaíochtaí

(2a)

 

 

 

 

0,000

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

 

 

 

 

0,000

Íocaíochtaí

(2b)

 

 

 

 

0,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 

Líne bhuiséid

 

(3)

 

 

 

 

0,000

IOMLÁN leithreasuithe

i gcomhair AS <…….>

Gealltanais

=1a+1b+3

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí  

Gealltanais

(4)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

(5)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <….>

Gealltanais

=4+6

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain  
2024

Bliain  
2025

Bliain  
2026

Bliain  
2027

Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 10

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 11

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2021 - 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2024

2025

2026

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0

0

0

0

20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 11 (Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

Riarachán Líne thacaíochta 
[XX.01.YY.YY]

- sa cheanncheathrú

0

0

0

0

- i dToscaireachtaí an Aontais

0

0

0

0

01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7

0

0

0

0

IOMLÁN

0

0

0

0

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.

Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 7 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.

Is mar ‘Chaiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-6 a chur in iúl. Is é rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ ceannach/ forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Caiteachas TF (corparáideach) 

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

Níl acmhainní breise de dhíth. Leanfaidh an fhoireann atá ann faoi láthair den tionscnamh a bhainistiú.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain  
2024

Bliain  
2025

Bliain  
2026

Bliain  
2027

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

 
3.3.    An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 12

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Airteagal ………….

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha

Níl ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha ann.

4.2.Sonraí

Níor sainaithníodh aon cheanglas a bhaineann le cúrsaí digiteacha.

4.3.Réitigh dhigiteacha

Níor sainaithníodh aon cheanglas a bhaineann le cúrsaí digiteacha.

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

Níor sainaithníodh aon cheanglas a bhaineann le cúrsaí digiteacha.

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

Níor sainaithníodh aon cheanglas a bhaineann le cúrsaí digiteacha.

(1)    IO L 130, 16.5.2023, lgh. 134–202.
(2)    IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.
(3)    IO C , , lch. .
(4)    IO C , , lch. .
(5)    Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú i gcomhair scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1814/oj ).
(6)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(7)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(8)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(9)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar arb iarrthóirí ionchasacha iad.
(10)    Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, an líon iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(11)    Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóirí sonracha’
(12)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top