Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0665

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a thabhairt i gcrích

COM/2025/665 final

An Bhruiséil,10.11.2025

COM(2025) 665 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a thabhairt i gcrích


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Bhí an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ina lánchomhalta d’Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) ó bhí 1997 ann. Ba é príomhchuspóir KEDO dhá imoibreoir éadromuisce núicléacha a sholáthar do DPDC (Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré - an Chóiré Thuaidh), mar chuid d’iarrachtaí idirnáisiúnta neamhleata ar Leithinis na Cóiré. Mar thoradh ar chliseadh DPDC a oibleagáidí neamhleata a chur chun feidhme, cuireadh deireadh le gníomhaíochtaí oibriúcháin KEDO agus an 31 Bealtaine 2007 dúnadh an rúnaíocht a mhair 12 bhliain. In ainneoin an mhéid sin, chinn Bord Feidhmiúcháin KEDO gan an eagraíocht a fhoirceannadh láithreach, ach í a choinneáil ar bun i bhfoirm caocha folmha (mar chnámharlach, le rúnaíocht a fhostaítear ar bhonn sealadach) ionas go mbeidh sí in ann a leas airgeadais agus dlíthiúil agus a cheathrar comhaltaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an mBord Feidhmiúcháin (Euratom, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus SAM) a chosaint. Dá leanfadh KEDO ar aghaidh ina fhormáid caocha folmha, bheadh a chomhaltaí in ann seasamh le héilimh airgeadais i gcoinne DPDC i leith caillteanais airgeadais (ar fiú USD 1,89 billiún iad), cosaint dlí a thabhairt dóibh i gcoinne éilimh dliteanais nó cúitimh agus úinéireacht an bhonneagair agus na sócmhainní eile i DPDC a choinneáil. Dá bhrí sin, d’fhormheas an Bord Feidhmiúcháin pleananna le haghaidh oibriú leanúnach na Rúnaíochta lena gcumhdaítear an tréimhse 5 bliana dar críoch an 31 Bealtaine 2012, agus ansin chinn sé síneadh a chur leis an athnuachan ar feadh tréimhsí 3 bliana ina dhiaidh sin dar críoch an 31 Bealtaine 2015, an 31 Bealtaine 2018, an 31 Bealtaine 2021 agus an 31 Bealtaine 2024.

Measadh roimhe seo go bhféadfaí réiteach críochnaitheach ar na saincheisteanna dlíthiúla agus airgeadais sin a bhaint amach faoin 31 Bealtaine 2024. Dá bhrí sin, mhair ballraíocht an Chomhphobail go dtí an dáta sin faoi Chomhaontú Euratom-KEDO is déanaí. Mar sin féin, ós rud é go dteastaíonn níos mó ama ó KEDO chun bailchríoch a chur ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach, is gá Comhaontú nua idir Euratom agus KEDO a thabhairt i gcrích chun leasanna an Chomhphobail a chosaint go leanúnach. Chuige sin, dheonaigh an Chomhairle treoracha caibidlíochta don Choimisiún, an 16 Nollaig 2024, lenar údaraíodh don Choimisiún caibidlíocht chúlghabhálach a dhéanamh ar athnuachaintí Chomhaontú Euratom-KEDO tar éis an 31 Bealtaine 2024.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an togra, sínítear bailíocht an Chomhaontaithe a bhí ann roimhe seo idir Comhphobal Euratom agus KEDO. Tá an tábhar i gcomhréir le cinntí ón gComhairle a glacadh chun na críche céanna 1 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Le hathnuachan an Chomhaontaithe idir Euratom agus KEDO, cuirtear ar a chumas do Euratom a leasanna airgeadais agus dlíthiúla a chosaint mar cheann de chomhaltaí KEDO.

2.Caibidlíochtaí

Bunús dlí agus conclúidí

Ar bhonn an téacs a mhol seirbhísí an Choimisiúin, thángthas ar chomhaontú ad referendum le KEDO maidir leis an téacs atá i gceangal leis seo chun an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a athnuachan. I dtuairim sheirbhísí an Choimisiúin, tá an téacs seo comhsheasmhach leis na treoracha caibidlíochta a d’eisigh an Chomhairle an 16 Nollaig 2024 2 .

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún don Chomhairle athnuachan an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) san Iarscríbhinn a fhormheas, de bhun an dara mír d’Airteagal 101 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Coimhdeacht

Ní iarrtar sa togra cinneadh ón gComhairle ach amháin a mhéid a bhaineann le réimsí inniúlachta Euratom. Dá bhrí sin, ní aon choimhlint ann le prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le síneadh ama a chur le ballraíocht Euratom in KEDO, i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta arna n‑eisiúint ag an gComhairle. Thairis sin, ní chruthaíonn an togra aon chostas airgeadais do Chomhphobal Euratom, do bhuiséad an Aontais, do rialtais náisiúnta, d’údaráis réigiúnacha nó áitiúla, d’oibreoirí eacnamaíocha ná do shaoránaigh.

An rogha ionstraime

Tá an rogha ionstraime i gcomhréir le hAirteagal 101, an dara mír, den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, lena bhforáiltear go dtabharfaidh an Coimisiún comhaontuithe idir Comhphobal Euratom agus eagraíocht idirnáisiúnta i gcrích le formheas ón gComhairle.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleacht bhuiséadach i gceist.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a thabhairt i gcrích

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 101, an dara mír, de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích.

(2)Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 31 Bealtaine 2024 agus ba cheart dó fanacht i bhfeidhm go dtí an 31 Bealtaine 2027,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal Aonair

Formheastar leis seo go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a thabhairt i gcrích.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Féach Cinneadh (Euratom) 2023/2781 ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a thabhairt i gcrích, IO L, 2023/2781, 12.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2781/oj.
(2)    Cinneadh (AE) 2025/51 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena núdaraítear an Coimisiún athnuachaintí ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a chaibidil, IO L, 2025/51, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/51/oj.
Top

An Bhruiséil,10.11.2025

COM(2025) 665 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom) agus Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré (KEDO) a thabhairt i gcrích


IARSCRÍBHINN

COMHAONTÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH AGUS EAGRAÍOCHT FORBARTHA FUINNIMH LEITHINIS NA CÓIRÉ

TÁ AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH,

Dá ngairtear ‘an Comhphobal’ anseo feasta, agus

EAGRAÍOCHT FORBARTHA FUINNIMH LEITHINIS NA CÓIRÉ,

Dá ngairtear ‘KEDO’ anseo feasta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bunaíodh KEDO de bhun an Chomhaontaithe an 9 Márta 1995 maidir le Bunú Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré, arna leasú an 19 Meán Fómhair 1997, idir Rialtais Phoblacht na Cóiré, na Seapáine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá;

(2)Chuaigh an t-ochtú Comhaontú a tugadh i gcrích idir an Comhphobal agus KEDO in éag an 31 Bealtaine 2024;

(3)Tar éis do Bhord Feidhmiúcháin KEDO cinneadh a dhéanamh tionscadal imoibreora éadromuisce núicléach a fhoirceannadh agus tar éis chinneadh 2007 freagrachtaí na Rúnaíochta a chomhlíonadh le foireann laghdaithe go mór agus saoráidí oifige íosta, chinn an Bord in 2024 leanúint de KEDO tar éis an 31 Bealtaine 2024;

(4)Tá sé curtha in iúl ag an gComhphobal agus ag KEDO gur mian leo leanúint dá gcomhoibriú leis an gcuspóir foirceannadh thionscadal an Imoibreora Éadromuisce a chur chun feidhme agus foirceannadh ordúil KEDO;

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Forálacha an Chomhaontaithe roimhe seo a chur i bhfeidhm

Mura sonraítear a mhalairt i gceann de na hAirteagail thíos, leanfaidh forálacha an Chomhaontaithe a bhí ann roimhe seo idir an Comhphobal agus KEDO, a chuaigh in éag an 31 Bealtaine 2024, d’fheidhm a bheith acu faoin gComhaontú seo.

Airteagal 2

Ranníocaíocht an Chomhphobail

Ní dhéanfar aon ranníocaíocht airgeadais ón gComhphobal le buiséad KEDO faoin gComhaontú seo.

Airteagal 3

Fad ama

Rachaidh an Comhaontú seo in éag an 31 Bealtaine 2025. Déanfar é a athnuachan go huathoibríoch gach bliain go ceann tréimhse bliana eile, ach amháin má chuireann páirtí in iúl don pháirtí eile gur mian leis an Comhaontú a fhoirceannadh mí amháin ar a laghad roimh an dáta éaga. Féadfaidh aon cheann de na Comhaltaí eile a bhfuil ionadaíocht acu faoi láthair ar an mBord Feidhmiúcháin é a fhoirceannadh freisin le héifeacht láithreach tar éis tarraingt siar ó KEDO. Ní dhéanfar an Comhaontú seo a athnuachan tar éis an 31 Bealtaine 2027.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm nuair a shíneoidh an Comhphobal agus KEDO é agus gabhfaidh éifeacht chúlghabhálach leis ón 1 Meitheamh 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an        2025, in dhá scríbhinn bhunaidh

Don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an        2025, in dhá scríbhinn bhunaidh

D’Eagraíocht Forbartha Fuinnimh Leithinis na Cóiré

Top