Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0652

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe

COM/2025/652 final

An Bhruiséil,21.10.2025

COM(2025) 652 final

2025/0329(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) 2023/1115 (RAEDF) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar 1 , leagtar síos rialacha maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas. Go sonrach, is é is aidhm dó a áirithiú go ndéanfar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil air nó a onnmhairiú uaidh, ach amháin má tá siad gan dífhoraoisiú, gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe agus go gcumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí.

Mar chuid de dhearadh reatha RAEDF, ceanglaítear ar oibreoirí ag an gcéad chéim de shlabhraí soláthair, lena n‑áirítear táirgeoirí príomhúla ar daoine nádúrtha, micrifhiontair nó fiontair bheaga iad, dícheall cuí a dhéanamh chun a chruthú go gcomhlíonann na táirgí ábhartha a chuireann siad ar an margadh ceanglais an Rialacháin sin. I gcomhréir le hAirteagal 4(2), cuirtear oibleagáid ar na hoibreoirí sin ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula gcuirfidh siad na táirgí ábhartha ar an margadh. Tá oibreoirí freagrach as scrúdú agus anailís chríochnúil a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí gnó féin, agus chuige sin, ní mór dóibh sonraí atá ábhartha do RAEDF, agus doiciméadacht iomchuí lena dtacaítear leo, a bhailiú ó gach soláthróir ar leith. Go dtí seo, tá sé de cheanglas ar thrádálaithe nach FBManna iad chomh maith le hoibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad dícheall cuí a dhéanamh agus ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach tríd an gcóras faisnéise.

Cuirtear de chúram ar an gCoimisiún leis an Rialachán an córas faisnéise sin a bhunú agus a bhainistiú de bhun Airteagal 33. Tá forfheidhmiú an Rialacháin ag údaráis inniúla ag brath go mór ar an gcóras faisnéise freisin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach inoibritheacht an chórais faisnéise a áirithiú agus ní mór é a bheith in ann gach idirbheart TF a láimhseáil le haghaidh táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán a thionscnaíonn oibreoirí eacnamaíocha faoi raon feidhme an Rialacháin.

Dhear an Coimisiún an córas bunaithe ar an gCóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES), arb é ardán ar líne an Choimisiúin um dheimhniú sláinte ainmhithe agus plandaí a bunaíodh de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus a chomhpháirteanna córais 2 , agus raon feidhme níos leithne RAEDF á chur san áireamh an tráth céanna. Le TRACES, cuireadh ardán TF seanbhunaithe ar fáil a bhí i bhfeidhm cheana féin agus a bhí in úsáid ar roinnt réimsí. Dá bhrí sin, measadh gur réiteach oiriúnach tráthúil é chun an córas faisnéise a bhunú agus chun an comhéadan leictreonach ar an Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail maidir le Custam a fhorbairt laistigh de na teorainneacha ama a leagadh síos le Rialachán (AE) 2023/1115.

Tar éis RAEDF a ghlacadh in 2023, rinne an Coimisiún dearadh an chórais a oiriúnú de réir an téacs a chomhaontaigh na comhreachtóirí. Ó shin i leith, tá an córas faisnéise á fhorbairt aige i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile. Cuireadh an chéad leagan taispeána den chóras faisnéise faoi bhráid na bpáirtithe leasmhara ag cruinniú tiomnaithe de ghrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin an 8 Meitheamh 2023. Rinneadh tástáil phíolótach a sheoladh ag deireadh 2023. Rinneadh é sin agus é mar chuspóir aige cur isteach cuíchóirithe agus éifeachtúil ráiteas maidir le dícheall cuí a áirithiú i gcomhréir le riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus údarás inniúil agus a n‑aiseolas a bhailiú maidir le feidhmiú an chórais. Aistríodh an córas chuig bonneagar néalríomhaireachta chun an inscálaitheacht is gá a áirithiú.

Osclaíodh an córas faisnéise an 6 Samhain 2024 le haghaidh clárú agus seoladh é an 4 Nollaig 2024, rud a chuir ar a gcumas d’oibreoirí, trádálaithe nach FBManna iad agus a n‑ionadaithe údaraithe ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach. Seoladh freastalaí oiliúna comhthreomhar an lá céanna, rud a thug deis do pháirtithe leasmhara eolas a chur ar ghnéithe an chórais agus ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach gan stádas dlí.

Go comhthreomhar, thacaigh an Coimisiún le páirtithe leasmhara le doiciméadacht mhíniúcháin ábhartha maidir le húsáid an chórais, lena n‑áirítear Treoraíocht d’Úsáideoirí agus físeáin oiliúna atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Europa. Tá seisiúin oiliúna ar líne ar fáil ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2024 ann, agus sroicheadh breis agus 20 000 páirtí leasmhar le linn 67 seisiún oiliúna faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2025. Tá cur chuige comhsheasmhach glactha ag an gCoimisiún freisin i dtaca le measúnú a dhéanamh ar ullmhacht an chórais agus cumarsáid a dhéanamh ina leith sin.

Thairis sin, arna iarraidh sin don tionscal agus do na Ballstáit, forbraíodh agus foilsíodh Comhéadan Feidhmchláir (API) sa dara ráithe de 2024, rud a d’fhág go bhféadfaí idirghníomhaíochtaí uathoibrithe a dhéanamh idir córas faisnéise RAEDF agus córais TF dhílseánacha nó logánta oibreoirí eacnamaíocha nó údarás inniúil chun cur isteach na ráiteas maidir le dícheall cuí a bhainistiú ar bhealach saoráideach.

Le linn na mblianta 2024 agus 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoirdhoiciméid 3 agus thug sé aghaidh ar Cheisteanna Coitianta a bhaineann le cur chun feidhme RAEDF. Áiríodh leis na doiciméid sin, inter alia, soiléirithe a bhaineann le minicíocht chur isteach na ráiteas maidir le dícheall cuí. Ceanglaítear le hAirteagal 3 den Rialachán go gcumhdófar gach táirge ábhartha a chuirtear ar an margadh nó a onnmhairítear le ráiteas maidir le dícheall cuí. Mheas an-chuid páirtithe leasmhara gur oibleagáid a bhí ann sin líon mór ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach, agus leag siad béim ar an ualach riaracháin gaolmhar. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún i dtábhacht sa doiciméad ina dtugtar aghaidh ar Cheisteanna Coitianta 4 go bhféadfadh cuideachtaí ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach ar bhonn bliantúil. Bhí sé d’aidhm ag an soiléiriú sin an tualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a mhaolú agus líon na ráiteas maidir le dícheall cuí atá le cur isteach tríd an gcóras faisnéise a laghdú go mór.

Mar sin féin, léiríonn na sonraí atá ann faoi láthair ón gcóras faisnéise, in éineacht le teagmhálacha a rinneadh le déanaí agus malartuithe a rinneadh ina ndiaidh sin idir an Coimisiún agus páirtithe leasmhara, gur ghlac cuid mhór oibreoirí eacnamaíocha cur chuige gráinneach i leith ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach le haghaidh gach baisce nó lastais agus iad ag leanúint de bheith ag ullmhú le haghaidh teacht i bhfeidhm. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad, chomh maith le grúpaí móra cuideachtaí a bhíonn ag déileáil le líon ard idirbheart inghrúpa. Úsáideann an-chuid de na hoibreoirí eacnamaíocha sin ardchórais rianaithe rianaithe fardail cheana féin, tá a gcórais féin forbartha nó soláthraithe acu nó tá soláthraithe seirbhísí á n‑úsáid acu lena gcuirtear ar a gcumas dóibh a gcórais bainistithe táirgí féin a nascadh go díreach le córas faisnéise RAEDF. Sa chleachtas, is minic a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha sin sonraí fíor-idirbheartaíochta isteach, rud a fhágann go gcuirtear isteach líon aighneachtaí atá i bhfad níos mó ná an líon a raibh coinne leis de réir réamh-mheastacháin roimhe sin. 

Dá bhrí sin, mar thoradh ar na réamh-mheastacháin a tugadh le linn an tríú ráithe de 2025 ar líon na n‑oibríochtaí agus na n‑idirghníomhaíochtaí a bhfuil coinne leo, go háirithe maidir le módúlachtaí agus uathoibriú idirghníomhaíochtaí idir córais TF na n‑oibreoirí eacnamaíocha féin agus córas faisnéise RAEDF, rinneadh athmheasúnú substaintiúil ar an ualach ar an gcóras faisnéise, rud a léiríonn trácht i bhfad níos airde ná mar a bhí coinne leis.

An tráth céanna, chuir roinnt cuideachtaí agus páirtithe leasmhara a n‑imní in iúl faoin ualach riaracháin a eascraíonn as na hoibleagáidí ar ghníomhaithe iartheachtacha nach FBManna iad ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach agus dícheall cuí a dhéanamh. Tá imní ann atá ag dul i méid maidir le comhréireacht na n‑oibleagáidí ar oibreoirí príomhúla beaga a tháirgeann agus a chuireann a dtáirgí féin ar an margadh ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach.

Ó tháinig RAEDF i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2023, tá an Coimisiún ag obair go comhsheasmhach le páirtithe leasmhara maidir le conas cur chun feidhme simplí, cothrom agus costéifeachtach RAEDF a éascú. Foilsíodh roinnt treoirdhoiciméad agus freagraí ar cheisteanna coitianta.

Tacaíonn clár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr 5 le hiomaíochas fhiontair na hEorpa trí dhíriú ar a áirithiú go mbainfidh dlíthe an Aontais a gcuspóirí amach gan ualach nach bhfuil gá leis a fhorchur. In 2023, shainaithin an Coimisiún gur gá na ceanglais maidir le tuairisciú d’fhiontair agus do riaracháin a chuíchóiriú agus a shimpliú 6 agus thug sé gealltanas iad a laghdú faoi 25 %, gan an bonn a bhaint de chuspóirí beartais na reachtaíochta ábhartha. Méadaíodh an gealltanas sin ina dhiaidh sin go dtí laghdú 25 % ar na costais riaracháin uile agus laghdú 35 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) 7 .

Leis an togra seo, cuirtear réitigh ar fáil ar na saincheisteanna a leagtar amach thuas ar bhealach spriocdhírithe comhsheasmhach. Déantar coigeartú leis ar na hoibleagáidí ar mhicrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga, oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a mhéid a bhaineann le cur isteach ráiteas maidir le dícheall cuí, agus ar an gcaoi sin soláthraítear leis simplithe agus feabhsuithe costéifeachtúla ar an Rialachán agus laghdaítear an t‑ualach ar an gcóras faisnéise, rud lena n‑áirithítear a inoibritheacht. Ceapadh na bearta atá beartaithe d’fhonn nach mbainfí an bonn de chuspóirí RAEDF, ach go gcumasófaí feidhmiú níos éifeachtúla an Rialacháin le hualaí riaracháin laghdaithe, agus coinnítear ar bun, an tráth céanna, na príomhphrionsabail dearaidh.

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an togra an faireachán agus an mhaoirseacht a dhéantar ar an Rialachán a neartú. Méadófar leis cumas na n‑údarás inniúil na sonraí a choimeádtar sa chóras faisnéise a phróiseáil agus faisnéis ábhartha a mhalartú.

Cuireadh ábhair imní in iúl maidir lena indéanta atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar RAEDF roimh a theacht i bhfeidhm leasaithe. Dá bhrí sin, freagraíonn an togra seo freisin don dáta teacht i bhfeidhm athraithe mar gheall ar Rialachán (AE) 2024/3234 agus don ghá atá le sonraí ó chur chun feidhme an Rialacháin, lena n‑áirítear a éifeachtaí ar dhífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, a thionchar ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, go háirithe FBManna, agus ar shreafaí trádála trí dháta na gclásal athbhreithnithe a ailíniú.

Chun am leordhóthanach a thabhairt d’oibreoirí ar micreaghnóthais nó gnóthais bheaga iad de réir bhrí Airteagal 3(1) nó (2), an chéad abairt, de Threoir 2013/34/AE chun na leasuithe atá beartaithe a chur chun feidhme, measann an Coimisiún gur cheart forálacha an Rialacháin a chur i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2026 maidir le micrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga. Déanfar dátaí gaolmhara eile a choigeartú dá réir sin. An tráth céanna, maidir le dáta chur i bhfeidhm oibleagáidí na n‑údarás inniúil seiceálacha agus bearta eile a dhéanamh a bhaineann le forfheidhmiú dá dtagraítear in Airteagail 16 go 19, Airteagal 22 agus Airteagal 24, ba cheart é sin a chur i bhfeidhm ón 30 Meitheamh 2026 agus ón 30 Nollaig 2026 maidir le micrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga. Má bhíonn údarás inniúil feasach ar neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1115, nó má chuirtear ar an eolas é faoi, roimh theacht i bhfeidhm Airteagail 16 go 19, Airteagal 22 agus Airteagal 24, féadfaidh sé rabhaidh a eisiúint d’oibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus do thrádálaithe, agus moltaí maidir le conas comhlíontacht a bhaint amach ag gabháil leo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2019 dar teideal Stepping up EU Action to Protect and Restore the World’s Forests [Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú] 8 , gheall an Coimisiún ‘measúnú a dhéanamh ar bhearta rialála agus neamhrialála breise ar thaobh an éilimh chun cothrom iomaíochta agus comhthuiscint ar shlabhraí soláthair gan dífhoraoisiú a áirithiú, chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a mhéadú agus chun riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise a bhaineann le hallmhairí tráchtearraí san Aontas a íoslaghdú’. Deimhníodh an gealltanas sin ansin sa Chomhaontú Glas don Eoraip, 9 agus, mar aon leis sin, i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh 10 go dtí 2030 agus sa Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ 11 , agus togra reachtach comhfhreagrach á fhógairt sa dá cheann dheireanacha in 2021. Bhí glacadh RAEDF ina dhlúthchuid de chuspóirí foriomlána an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus de na tionscnaimh uile a bhforbraítear faoi, agus bhí sé comhleanúnach leis na cuspóirí agus na tionscnaimh sin.

An tráth céanna, shainaithin an Coimisiún Eorpach sprioc maidir le laghdú 25 % ar na costais riaracháin uile agus laghdú 35 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) lena ndéantar an togra seo a ailíniú le bearta leanúnacha arb é is aidhm dóibh ceanglais maidir tuairisciú a shimpliú trí fhéachaint go cuimsitheach ar na ceanglais atá ann cheana, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑ábharthacht do chuspóirí na reachtaíochta foluití.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le cuspóirí bheartais an Aontais maidir leis an aeráid agus an comhshaol. Coinnítear príomhchuspóirí an Rialacháin ar bun toisc go n‑áirithítear inrianaitheacht iomlán táirgí fós, ós rud é go dtugtar isteach leis an togra athruithe nach ndéanann difear do shubstaint na gcuspóirí beartais, mar atá, athruithe chun rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí ar fud an domhain a íoslaghdú agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le dífhoraoisiú domhanda a laghdú, agus athruithe chun rannchuidiú an Aontais le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus le cailliúint dhomhanda na bithéagsúlachta a laghdú. Tá sé comhsheasmhach leis an gclár oibre maidir le rialáil níos fearr freisin, ós rud é go neartófar leis cumas an Choimisiúin agus na n‑údarás inniúil a gcúraimí a dhéanamh faoin Rialachán agus costais d’oibreoirí, do thrádálaithe agus d’údaráis inniúla á seachaint an tráth céanna.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Eascraíonn inniúlacht an Aontais gníomhú i réimse an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí as airteagail an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaineann le cosaint an chomhshaoil. De réir Airteagal 191(1) CFAE, sainítear an méid seo a leanas mar chuspóirí de chuid bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol: ‘cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha, bearta a chur chun cinn chun déileáil le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, agus go háirithe an t‑athrú aeráide a chomhrac’. Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 191 CFAE a bhaint amach, ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 192(1) CFAE a úsáid mar bhunús dlí don togra.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an tionscnamh seo comhsheasmhach le prionsabal na coimhdeachta. Ós rud é gur gá RAEDF a mhodhnú, ní féidir leis na Ballstáit amháin cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach.

Leis na simplithe ar an rialachán sin atá beartaithe leis an togra seo, cuirfear tuilleadh feabhais ar dheimhneacht dhlíthiúil agus déanfar na ceanglais maidir le tuairisciú a chuíchóiriú.

Comhréireacht

Tá an togra comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta, i.e. ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a chomhlíonadh agus go háirithe feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair. Mar is amhlaidh leis an tástáil coimhdeachta, ní féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna gan togra chun dáta chur i bhfeidhm RAEDF agus na dátaí gaolmhara a leasú.

Le simpliú na gceanglas riaracháin, lena n‑áirítear ceanglais maidir le tuairisciú, simplítear an creat dlíthiúil trí athruithe a thabhairt isteach, ar athruithe iad nach ndéanann difear do shubstaint na gcuspóirí beartais. Dá bhrí sin, tá an togra teoranta do na hathruithe sin a bhfuil gá leo chun an líon idirghníomhaíochtaí idir oibreoirí eacnamaíocha agus an córas faisnéise a laghdú agus chun comhlíontacht a áirithiú ar bhealach níos éifeachtúla gan substaint na reachtaíochta lena mbaineann a athrú, agus an t‑ualach rialála á laghdú an tráth céanna.

An rogha ionstraime

Leis an togra, leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe ar oibreoirí agus ar thrádálaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an cineál céanna gnímh a bheith ann, i.e. rialachán.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Braitheann an togra ar an tSeiceáil Oiriúnachta ar Rialachán Adhmaid an Aontais 12 chomh maith leis an taithí a fuarthas agus cur chun feidhme RAEDF á ullmhú ó tháinig sé i bhfeidhm an 29 Meitheamh 2023.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Le linn na tréimhse roimh ghlacadh RAEDF agus ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm, tá Seirbhísí an Choimisiúin ag dul i gcomhairle go leanúnach leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara éagsúla san Aontas agus i dtríú tíortha trí bhealaí cumarsáide iomadúla. Maidir leis an ngrúpa saineolaithe um Fhoraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú, mar aon le Rialachán Adhmaid an Aontais agus Rialachán FLEGT, tá siad ina gcuidiú le seirbhísí an Choimisiúin i dtaca leis an ullmhúchán le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin, baineann siad leas as saineolas teicniúil agus as malartuithe taithí agus dea-chleachtas agus iad ag ullmhú le haghaidh an chur chun feidhme.

I gcomhréir leis na gCreat Straitéiseach maidir le Comhar Idirnáisiúnta 13 , ó glacadh an Rialachán, treisíodh an comhar agus an rannpháirtíocht le tríú tíortha chun an Rialachán, a réasúnaíocht agus a cheanglais a mhíniú agus chun riachtanais agus ábhair imní nithiúla a phlé agus chun féidearthachtaí maidir le comhar a fhiosrú chun tacú leis an aistriú i dtreo slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú, agus leanfar den chomhar agus den rannpháirtíocht sin le linn na tréimhse roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Fuarthas tuilleadh aiseolais ar RAEDF mar chuid d’fhor-rochtain fhairsing sheirbhísí an Choimisiúin i gcruinnithe déthaobhacha agus trí Ghlao ar Fhianaise dar teideal ‘Simpliú ualaí riaracháin sa reachtaíocht chomhshaoil’.

Mar fhreagairt ar an nGlao sin ar Fhianaise, labhair tromlach mór na bhfreagróirí ón tsochaí shibhialta i bhfabhar RAEDF a chaomhnú san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair agus d’iarr siad go gcoinneofaí ar bun na huaillmhianta atá ann faoi láthair agus go ndéanfaí é a fhorfheidhmiú ar bhealach láidir. Thacaigh thart ar 80 % de fhreagróirí eile (an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí) leis an dlí a choinneáil freisin, ach chuir siad i dtábhacht go bhfuil gá le simpliú, comhréireacht agus soiléireacht dhlíthiúil, agus d’iarr cuid acu go gcuirfí siar é mar gheall ar chórais TF, treoraíocht agus tagarmharcáil gan ullmhú. Mar chuid d’aiseolas eile a fuarthas ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí, chuir páirtithe leasmhara eile i dtábhacht go bhfuil gá le deimhneacht rialála agus chuir siad in aghaidh an Rialachán a athoscailt, agus aird á tabhairt, ina ionad sin, ar chur chun feidhme. Is é is aidhm don togra seo na peirspictíochtaí sin a chothromú trí cheanglais maidir le tuairisciú a shimpliú, agus amlínte a ailíniú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Forbraíodh an togra tar éis próiseas grinnscrúdúcháin inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus tá sé bunaithe ar thaithí a fuarthas agus reachtaíocht ghaolmhar á cur chun feidhme, lena n‑áirítear Rialachán Adhmaid an Aontais. Ina theannta sin, rinneadh grinnscrúdú ar ionchur agus aiseolas a fuarthas ó údaráis inniúla agus ó pháirtithe leasmhara éagsúla a bhí ag ullmhú le haghaidh an teachta i bhfeidhm mar chuid de mheasúnú ar an gcaoi a bhféadfaí ceanglais maidir le tuairisciú a ísliú agus cuspóirí an Rialacháin á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.

Measúnú tionchair

Baineann an togra le hathruithe spriocdhírithe ar an Rialachán chun roinnt dá cheanglais maidir le tuairisciú a shoiléiriú agus a shimpliú, chun amlínte a ailíniú agus chun an líon idirghníomhaíochtaí leis an gcóras faisnéise a laghdú. Tá na príomhbhearta bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn an ullmhúcháin le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin sin. Áirithítear leis na hathruithe spriocdhírithe atá beartaithe go mbeidh cur chun feidhme níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ann.

Rinneadh measúnú tionchair le haghaidh an togra 14 as ar eascair glacadh RAEDF. Cuireadh torthaí an mheasúnaithe tionchair sin san áireamh le haghaidh an togra seo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an togra seo ina chuid de ghealltanas an Choimisiúin Eorpaigh an t‑ualach rialála ar dhaoine, ar ghnólachtaí agus ar riaracháin a laghdú. Dá bhrí sin, is é is aidhm don togra ceanglais maidir le tuairisciú a shimpliú, ualaí agus costais nach bhfuil gá leo a laghdú do ghnólachtaí, gan an bonn a bhaint de chosaint an chomhshaoil.

Cearta bunúsacha

Urramaítear leis an togra seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Go sonrach, is rannchuidiú é an togra leis an gcuspóir maidir le hardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithí mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cuireadh an ráiteas airgeadais reachtach ina leagtar amach na himpleachtaí le haghaidh acmhainní buiséadacha, daonna agus riaracháin i gceangal leis an togra as ar eascair glacadh Rialachán (AE) 2023/1115.  Beidh ath-leithdháiltí inmheánacha acmhainní ag teastáil chun críocha an togra seo ach ní bheidh aon chostas breise suntasach ar an gCoimisiún.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ós rud é go leasaítear na ceanglais maidir le tuairisciú faoi RAEDF leis an togra, níl pleananna cur chun feidhme ná socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe breise ann seachas na cinn atá ann cheana faoin Rialachán sin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Baineann an togra leis an leasú ar oibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe faoi Rialachán (AE) 2023/1115. Trí dhá shainmhíniú nua a thabhairt isteach, soláthraítear simplithe leis d’fhormhór na n‑oibleagáidí agus laghdaítear go suntasach líon na ráiteas maidir le dícheall cuí atá le cur isteach sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

Ar an gcéad dul síos, chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun ceanglais maidir le tuairisciú agus ualach comhfhreagrach an chórais faisnéise a laghdú, bunaítear catagóir nua, mar atá, ‘oibreoirí iartheachtacha’. Is comhionann oibleagáidí díchill chuí na n‑oibreoirí iartheachtacha sin agus na hoibleagáidí laghdaithe ar thrádálaithe atá beartaithe. Maidir leis an dá ghrúpa sin is ábhar do na hoibleagáidí, cuirtear deireadh leis an oibleagáid a fhionnadh gur feidhmíodh dícheall cuí agus ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach, rud a laghdaíonn go mór na ceanglais maidir le tuairisciú agus an líon idirghníomhaíochtaí is gá a dhéanamh leis an gcóras faisnéise.

Ceanglaítear ar oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus ar thrádálaithe nach FBManna iad clárú sa chóras faisnéise ós rud é go bhfuil tionchar suntasach acu ar shlabhraí soláthair agus go bhfuil ról tábhachtach acu maidir lena áirithiú go mbeidh na slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú. An tráth céanna, leanann gach oibreoir iartheachtach agus trádálaí, cibé acu is FBManna iad nó nach ea, d’inrianaitheacht iomlán a áirithiú trí uimhreacha tagartha agus aitheantóirí dearbhúcháin a bhailiú agus a chur ar aghaidh.

Ar an dara dul síos, chun ceanglais maidir le tuairisciú agus ualach comhfhreagrach an chórais faisnéise a laghdú a thuilleadh, bunaítear fochatagóir nua oibreoirí, dá ngairtear ‘micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga’, ar fochatagóir oibreoirí í nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach maidir léi. Is éard is micrea-oibreoir agus oibreoir príomhúil beag ann duine nádúrtha nó micrifhiontar nó fiontar beag atá bunaithe i dtír a aicmítear mar thír ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó onnmhairíonn iad, ar táirgí iad a tháirgeann siad féin, rud a chiallaíonn go bhfásann siad, go mbaineann siad nó go dtógann siad na tráchtearraí ábhartha atá sna táirgí ábhartha féin nó go bhfaigheann siad uatha iad.

Chun feidhmiú an Rialacháin is gá chun a chuspóirí a bhaint amach a choinneáil ar bun, is é sin a bheith in ann inrianaitheacht feadh an tslabhra soláthair a áirithiú chun a áirithiú go mbeidh táirgí a chuirfear ar an margadh gan dífhoraoisiú agus dleachtach, ceanglaítear ar mhicrea-oibreoirí príomhúla agus ar oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe aonuaire a chur isteach sa chóras faisnéise nó an fhaisnéis ábhartha a sholáthar trí chóras nó bunachar sonraí malartach arna bhunú faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi reachtaíocht Ballstáit, ar dearbhú é ina soláthraíonn siad faisnéis faoina ngníomhaíochtaí, lena n‑áirítear faisnéis maidir le geoshuíomh nó seoladh poist na ndáileachtaí talún uile ina dtáirgtear na tráchtearraí ábhartha. Tríd an dearbhú simplithe aonuaire sin a chur isteach nó tríd an bhfaisnéis ábhartha a sholáthar trí chóras nó bunachar sonraí malartach arna bhunú faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi reachtaíocht Ballstáit, faigheann an micrea-oibreoir príomhúil nó an t‑oibreoir príomhúil beag aitheantóir dearbhúcháin a chuirtear ar aghaidh leis na táirgí ábhartha a chuireann micrea-oibreoir príomhúil agus oibreoir príomhúil beag ar an margadh nó a onnmhairíonn oibreoir príomhúil den sórt sin.

Ina theannta sin, ós rud é gur cuireadh dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 siar le Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , ní féidir measúnú a dhéanamh ar leathnú féideartha ar raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115 gan fianaise maidir lena chur i bhfeidhm, a éifeachtaí ar an dífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, a thionchar ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, go háirithe FBManna, agus ar shreafaí trádála. Ar an gcúis sin, cuirtear deireadh leis na hoibleagáidí a bhaineann leis na measúnuithe tionchair atá le déanamh ag an gCoimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) go (4). Cumhdófar na measúnuithe tionchair sin leis an athbhreithniú ginearálta. Dá bhrí sin, athraítear an dáta le haghaidh an athbhreithnithe ghinearálta go dtí an 30 Meitheamh 2030 ionas go bhféadfaí an taithí a gheofar ó fhorfheidhmiú an Rialacháin a chur san áireamh san athbhreithniú. Chun na hoibleagáidí leasaithe ar oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe a léiriú, déanfar meastóireacht san athbhreithniú ginearálta freisin ar thionchar na leasuithe sin ar bhaint amach chuspóirí foriomlána Rialachán (AE) 2023/1115.

Chun am leordhóthanach a thabhairt d’oibreoirí ar micreaghnóthais nó gnóthais bheaga iad de réir bhrí Airteagal 3(1) nó (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE chun na leasuithe atá beartaithe a chur chun feidhme, leasaítear dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin agus dátaí i bhforálacha idirnasctha eile, go háirithe an fhoráil maidir le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 a aisghairm, na forálacha idirthréimhseacha agus na forálacha i ndáil leis an gcur i bhfeidhm iarchurtha maidir le micreaghnóthais agus gnóthais bheaga. Ciallaíonn sé sin go ndéanfar na rialacha lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí substainteacha, a liostaítear in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2023/1115, a chur i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2026 maidir le micrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga. Déanfar dátaí gaolmhara eile a choigeartú dá réir sin.

An tráth céanna, maidir le dáta chur i bhfeidhm oibleagáidí na n‑údarás inniúil seiceálacha agus bearta eile a dhéanamh a bhaineann le forfheidhmiú dá dtagraítear in Airteagail 16 go 19, Airteagal 22 agus Airteagal 24, déanfar é sin a chur i bhfeidhm ón 30 Meitheamh 2026 agus ón 30 Nollaig 2026 maidir le micrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga. Má bhíonn údarás inniúil feasach ar neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1115, nó má chuirtear ar an eolas é faoi, roimh theacht i bhfeidhm Airteagail 16 go 19, Airteagal 22 agus Airteagal 24, féadfaidh sé rabhaidh a eisiúint d’oibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus do thrádálaithe, agus moltaí maidir le conas comhlíontacht a bhaint amach ag gabháil leo.

 

2025/0329 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 16 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 17 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Glacadh Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú. Leis an Rialachán sin leagtar síos rialacha maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, a bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas. Go sonrach, is é is aidhm don Rialachán sin a áirithiú go ndéanfar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil air nó a onnmhairiú, ach amháin má tá siad gan dífhoraoisiú, gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe agus go gcumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2023/1115, d’fhorbair an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, an córas faisnéise chun ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach. Bhí páirtithe leasmhara rannpháirteach sa phróiseas forbartha chun cur isteach éifeachtúil ráiteas maidir le dícheall cuí a áirithiú i gcomhréir le riachtanais na noibreoirí eacnamaíocha. Seoladh an córas faisnéise an 4 Nollaig 2024, rud a chuir ar a gcumas d’oibreoirí, trádálaithe nach micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide iad (‘trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad’) agus a nionadaithe údaraithe ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach. Mar sin féin, mar thoradh ar na réamh-mheastacháin is déanaí ar líon na noibríochtaí agus na nidirghníomhaíochtaí sa chóras faisnéise sin a bhfuil coinne leo, rinneadh athmheasúnú substaintiúil ar an ualach ar an gcóras, rud a léiríonn trácht i bhfad níos airde ná mar a raibh coinne leis.

(3)An tráth céanna, tugadh le fios i dtorthaí thuarascáil Draghi 2024 dar teideal ‘Todhchaí Iomaíochas na hEorpa’ 19 go bhfuil an baol ann, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar líon agus ar chastacht na rialacha, go gcuirfear teorainn leis an tsolúbthacht atá ann do ghnólachtaí an Aontais agus go gcuirfear cosc orthu leanúint de bheith iomaíoch. Tá ábhair imní maidir le castacht na rialacha tuairiscithe ag comhpháirtithe trádála freisin. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart nósanna imeachta agus ceanglais áirithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 a shimpliú agus ba cheart deireadh a chur le hualaí rialála ar ghnólachtaí nach bhfuil gá leo, agus cuspóirí an Rialacháin sin á gcoinneáil an tráth céanna.

(4)Ina theannta sin, mar chuid de na hiarrachtaí simpliúcháin, ba cheart laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a eascraíonn as na hoibleagáidí ar ghníomhaithe iartheachtacha nach micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide iad (‘gníomhaithe iartheachtacha nach FBManna iad’) agus ar mhicrea-oibreoirí agus ar oibreoirí príomhúla beaga a tháirgeann agus a chuireann a dtáirgí féin ar an margadh.

(5)Chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar i slabhraí soláthair iartheachtacha, chun ceanglais maidir le tuairisciú bhreise agus ualach comhfhreagrach an chórais faisnéise a laghdú, ba cheart catagóir nua ‘oibreoir iartheachtach’ a thabhairt isteach. Ba cheart oibleagáidí na noibreoirí iartheachtacha sin a bheith comhionann leis na hoibleagáidí is infheidhme maidir le trádálaithe. Níor cheart a cheangal ar oibreoirí iartheachtacha ná ar thrádálaithe a fháil amach gur feidhmíodh dícheall cuí agus ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach, rud a laghdódh go mór na ceanglais maidir le tuairisciú agus líon na nidirghníomhaíochtaí is gá a dhéanamh leis an gcóras faisnéise.

(6)Tá tionchar suntasach ag oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna iad ar shlabhraí soláthair agus tá ról tábhachtach acu chun a áirithiú go mbeidh na slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú. Ba cheart, dá bhrí sin, ceangal a bheith orthu clárú sa chóras faisnéise fós. An tráth céanna, ba cheart do gach oibreoir iartheachtach nó trádálaí, cibé acu is FBManna iad nó nach ea, leanúint d’inrianaitheacht iomlán a áirithiú trí uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí agus na naitheantóirí dearbhúcháin arna sannadh do mhicreatháirgeoirí agus do tháirgeoirí beaga a bhailiú agus a chur ar aghaidh.

(7)Na hoibreoirí uile, gan beann ar a méid, a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn iad, tagann siad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115. Cuireann sé sin ualach riaracháin ar mhicreatháirgeoirí agus ar tháirgeoirí beaga a chuireann a dtáirgí féin ar an margadh nó a onnmhairíonn a dtáirgí féin. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le micrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga a tháirgeann a dtáirgí féin agus a chuireann a dtáirgí féin ar an margadh agus chun ualach an chórais faisnéise a laghdú tuilleadh, is gá fochatagóir nua d’oibreoirí a thabhairt isteach nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach i ndáil leo. Ba cheart a chumhdach leis an bhfochatagóir nua sin, ar a dtugtar ‘micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga’, daoine nádúrtha nó micrifhiontair nó fiontair bheaga atá bunaithe i dtír a aicmítear mar thír ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó onnmhairíonn iad, ar táirgí iad a tháirgeann siad féin, rud a chiallaíonn go bhfásann siad, go lománaíonn siad na tráchtearraí ábhartha atá sna táirgí ábhartha féin nó go dtógann siad iad nó go bhfaigheann siad uatha iad. Ba cheart oibreoirí atá bunaithe laistigh agus lasmuigh den Aontas araon a chumhdach leis an sainmhíniú ar mhicreaoibreoir agus ar oibreoir príomhúil beag.

(8)Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Rialachán (AE) 2023/1115 go héifeachtúil, is é sin a bheith in ann inrianaitheacht feadh an tslabhra soláthair a áirithiú chun a áirithiú go mbeidh táirgí a chuirtear ar an margadh gan dífhoraoisiú, ba cheart a cheangal ar mhicrea-oibreoirí agus ar oibreoirí príomhúla beaga mar sin féin dearbhú simplithe aonuaire a chur isteach sa chóras faisnéise. Ba cheart aitheantóir dearbhúcháin a eisiúint leis an gcóras faisnéise nuair a chuirfidh micrea-oibreoir príomhúil agus oibreoir príomhúil beag an dearbhú simplithe isteach. Ba cheart an taitheantóir dearbhúcháin sin a bheith ag gabháil le táirgí ábhartha a chuireann micrea-oibreoir príomhúil agus oibreoir príomhúil beag ar an margadh nó a onnmhairíonn sé. Chun ceanglais maidir le hinrianaitheacht a choinneáil ar bun faoi Rialachán (AE) 2023/1115 agus chun a chuspóirí a shaothrú, leis an bhfaisnéis sin a áirítear sa dearbhú simplithe, ba cheart measúnú uathoibríoch riosca ag an gcóras faisnéise a chumasú, seiceálacha na núdarás inniúil a éascú i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, agus ba cheart í a bheith infheicthe ag gníomhaithe iartheachtacha a mhéid is féidir i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

(9)Cheana féin, le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , cuirtear táirgeoirí príomhúla eallaigh atá bunaithe san Aontas faoi réir ceanglais maidir le inrianaitheacht agus maidir le tuairisciú atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2023/1115. Stóráiltear na sonraí ábhartha i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát. Is iomchuí, dá bhrí sin, micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga a dhíolmhú ón oibleagáid dearbhú simplithe a chur isteach, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil cheana féin sna bunachair sonraí sin, agus i gcás ina gcuireann na Ballstáit na sonraí ábhartha ar fáil sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Ba cheart an fhoráil sin a bheith infheidhme freisin maidir le micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga in earnálacha eile ina ndéantar foráil i reachtaíocht náisiúnta an Aontais nó na mBallstát maidir le hoibleagáidí inrianaitheachta nó tuairiscithe coibhéiseacha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha céanna.

(10)Mar a leagtar amach sa Treoirdhoiciméad 21 , i gcásanna ina bhfuil na gníomhaíochtaí diomaibhseach, i bhfianaise na nimthosca uile atá i gceist, ba cheart prionsabal na comhréireachta a urramú. Níor cheart a mheas gur úsáid talmhaíochta den chuid is mó é innilt fhairsing ócáideach nó innilt ócáideach ar mhionscála i bhforaoisí fad agus nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an táirgeadh ná ag na gníomhaíochtaí gaolmhara ar ghnáthóg na foraoise.

(11)Chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar gur féidir le gach micreaghnóthas agus gnóthas beag agus meánmhéide, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, tairbhe a bhaint as na forálacha simplithe le haghaidh micreafhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide i Rialachán (AE) 2023/1115, ba cheart an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide’ a leasú chun a shoiléiriú nár cheart an fhoirm dhlíthiúil a bheith ábhartha maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann duine nádúrtha nó dlítheanach an sainmhíniú. Ba cheart an rud céanna a shoiléiriú i gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga.

(12)Le hAirteagal 34(1) go (4) de Rialachán (AE) 2023/1115, leagtar síos forálacha a bhaineann leis an athbhreithniú ar an Rialachán sin, agus tugtar sainordú don Choimisiún roinnt measúnuithe tionchair a thíolacadh lena ngabhfaidh, más iomchuí, tograí reachtacha. Ós rud é gur cuireadh dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 siar le Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 , ní féidir measúnú a dhéanamh ar leathnú féideartha ar raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115 gan fianaise maidir lena chur i bhfeidhm, a éifeachtaí ar an dífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, a thionchar ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, go háirithe FBManna, agus ar shreafaí trádála. Ar an gcúis sin, ba cheart deireadh a chur leis na hoibleagáidí a bhaineann leis na measúnuithe tionchair atá le déanamh ag an gCoimisiún dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) go (4). Ba cheart na measúnuithe tionchair sin a chumhdach leis an athbhreithniú ginearálta ar Rialachán (AE) 2023/1115. Ba cheart an dáta le haghaidh an athbhreithnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2023/1115 a athrú go dtí an 30 Meitheamh 2030 ionas go bhféadfaí an taithí ar fhorfheidhmiú an Rialacháin a chur san áireamh san athbhreithniú. Chun na hoibleagáidí leasaithe ar oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe a léiriú, ba cheart meastóireacht a dhéanamh san athbhreithniú ginearálta freisin ar thionchar na leasuithe sin ar bhaint amach chuspóirí foriomlána Rialachán (AE) 2023/1115.

(13)Chun am leordhóthanach a thabhairt d’oibreoirí ar micreaghnóthais nó gnóthais bheaga iad de réir bhrí Airteagal 3(1) nó (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE chun na leasuithe atá beartaithe a chur chun feidhme, ba cheart dátaí comhfhreagracha chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, ar thrádálaithe agus ar údaráis inniúla, a liostaítear in Airteagal 38(2) den Rialachán sin, a shocrú ag an 30 Nollaig 2026 le haghaidh micrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga.

(14)An tráth céanna, ba cheart dáta chur i bhfeidhm oibleagáidí na núdarás inniúil seiceálacha agus bearta eile a dhéanamh a bhaineann le forfheidhmiú dá dtagraítear in Airteagail 16 go 19, Airteagal 22 agus Airteagal 24 a chur i bhfeidhm ón 30 Meitheamh 2026 maidir le hoibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe, agus ón 30 Nollaig 2026 maidir le micrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga. Fágann sé sin gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha tosú ar a noibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an teacht i bhfeidhm, agus tréimhse chairde á cur ar fáil dóibh an tráth céanna chun oiriúnú do na hathruithe reachtacha.

(15)Má bhíonn údarás inniúil feasach ar neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1115, nó má chuirtear ar an eolas é faoi, roimh theacht i bhfeidhm Airteagail 16 go 19, Airteagal 22 agus Airteagal 24, féadfaidh sé rabhaidh a eisiúint d’oibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus do thrádálaithe, agus moltaí maidir le conas comhlíontacht a bhaint amach ag gabháil leo.

(16)I bhfianaise gur cuireadh siar an dáta óna mbeidh sé de cheangal ar mhicrea-oibreoirí agus oibreoirí beaga Rialachán (AE) 2023/1115 a chomhlíonadh, na dátaí i bhforálacha gaolmhara eile, is é sin aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , na forálacha idirthréimhseacha agus na forálacha maidir le cur i bhfeidhm iarchurtha Rialachán (AE) 2023/1115 i ndáil le micreaghnóthais nó gnóthais bheaga, ba cheart iad a choigeartú dá réir. Chun dóthain ama a sholáthar chun forbairtí teicniúla an chomhéadain leictreonaigh a ailíniú bunaithe ar Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, ba cheart an dáta faoina mbeidh an comhéadan leictreonach i bhfeidhm a choigeartú dá réir.

(17)Cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin oibleagáidí tuairiscithe áirithe a shimpliú, amlínte a chuíchóiriú agus mar sin an tráth céanna cuspóirí Rialachán (AE) 2023/1115 a chaomhnú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leordhóthanach agus ós rud é, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(18)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1115 a leasú dá réir,

(19)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm roimh dháta cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 atá ann faoi láthair,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1115

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

‘(15) ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn iad, le linn gníomhaíocht tráchtála, seachas oibreoirí iartheachtacha;

(b)cuirtear isteach na pointí 15a agus 15b seo a leanas:

‘(15a) ciallaíonn ‘micrea-oibreoir príomhúil agus oibreoir príomhúil beag’ oibreoir ar duine nádúrtha nó micreaghnóthas nó gnóthas beag é, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) agus (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, atá bunaithe i dtír a aicmítear mar thír ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo, agus a dhéanann, le linn gníomhaíocht tráchtála, táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, ar táirgí iad a d’fhás, a lománaigh nó a thóg an t‑oibreoir sin féin ar dháileachtaí ábhartha talún nó bunaíochtaí i gcás eallaí, nó a fhuair an t‑oibreoir sin féin orthu;

(15b) ciallaíonn ‘oibreoir iartheachtach’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn táirgí ábhartha, le linn gníomhaíocht tráchtála, ar táirgí iad a dhéantar le táirgí ábhartha agus a bhfuil gach ceann díobh cumhdaithe le ráiteas maidir le dícheall cuí nó le dearbhú simplithe;

_________

* Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1115/oj ) ’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 17:

‘(17) ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine sa slabhra soláthair, seachas an t‑oibreoir nó an t‑oibreoir iartheachtach, a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála,’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 19:

‘(19) ciallaíonn ‘le linn gníomhaíocht tráchtála’ chun críche próiseála, le dáileadh ar thomhaltóirí tráchtála nó neamhthráchtála, nó lena úsáid i ngnó an oibreora, an oibreora iartheachtaigh nó an trádálaí féin;’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 22:

‘(22) ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige, i gcomhréir le hAirteagal 6, ó oibreoir chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an oibreora faoin Rialachán seo;’;

(f)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 30:

‘(30) ciallaíonn ‘micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), (2), an chéad fhomhír, agus (3) de Threoir 2013/34/AE;’;

(2)in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) cumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí nó le dearbhú simplithe, mar a cheanglaítear le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.’;

(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 2:

‘CAIBIDIL 2

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ, OIBREOIRÍ IARTHEACHTACHA AGUS TRÁDÁLAITHE’;

(4)leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Tríd an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla nó, i gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga, tríd an dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 4a a chur isteach, glacfaidh an t‑oibreoir freagracht air féin as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar na ráitis maidir le dícheall cuí ar feadh 5 bliana ón dáta a thíolacfar an ráiteas tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Maidir le hoibreoirí a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas iad ina leith, lena n‑áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, ina léirítear gur ann do riosca nach gcomhlíonann táirge ábhartha atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar an margadh, chomh maith leis na hoibreoirí iartheachtacha agus na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí, cuirfidh oibreoirí údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Cuirfidh oibreoirí na hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá níos faide síos an slabhra soláthair ar an eolas faoi na táirgí ábhartha a chuir siad ar an margadh nó a d’onnmhairigh siad, uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí nó, más infheidhme, na haitheantóirí dearbhúcháin a bhaineann leis na táirgí sin.’;

(d)scriostar míreanna 8, 9 agus 10;

(5)cuirtear Airteagal 4a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4a

Córas simplithe le haghaidh micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga

1.Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4(2), (3) agus (4), pointe (c) maidir le micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga.

2.Cuirfidh micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe aonuaire isteach sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula gcuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh nó sula nonnmhaireoidh siad iad. Sannfar aitheantóir dearbhúcháin dóibh tar éis dóibh a ndearbhú simplithe a chur isteach.

3.Soláthróidh micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus an dearbhú simplithe á chur isteach acu sa chóras faisnéise. Tabharfaidh siad an fhaisnéis atá ina ndearbhú simplithe cothrom le dáta tar éis aon athrú ar an bhfaisnéis a chuir siad ar fáil. 

4.I gcás ina bhfuil an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn III ar fáil i gcóras nó i mbunachar sonraí atá ann faoi reachtaíocht an Aontais nó faoi reachtaíocht na mBallstát, seachas an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, ní cheanglófar ar mhicreaoibreoirí ná ar oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe a chur isteach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil in aghaidh an oibreora sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Ní chuirfidh an micrea-oibreoir ná an toibreoir príomhúil beag na táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais ná ní onnmhaireoidh sé iad ach amháin tar éis aitheantóir dearbhúcháin a bheith sannta dó. 

5.I gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga, féadfar seoladh poist na ndáileachtaí uile inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sa táirge ábhartha, nó lena ndearnadh é, a chur in ionad an gheoshuímh dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d).’;

(6)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 5 agus 6:

Airteagal 5

Oibleagáidí oibreoirí iartheachtacha Agus trádálaithe

1.Ní dhéanfaidh oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe táirgí ábhartha a chur ar fáil ar an margadh ach amháin má tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 ina seilbh acu.

2.Oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad (‘oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad’) agus trádálaithe nach FBManna iad (‘trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad’), cláróidh siad sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula gcuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh nó sula gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh iad nó sula nonnmhaireoidh siad iad.

3.Baileoidh agus coinneoidh oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú:

(a)ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na noibreoirí, na noibreoirí iartheachtacha nó na dtrádálaithe a sholáthair na táirgí ábhartha dóibh, chomh maith le huimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí nó na haitheantóirí dearbhúcháin a bhaineann leis na táirgí sin;

(b)ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na noibreoirí iartheachtacha nó na dtrádálaithe ar sholáthair siad na táirgí ábhartha dóibh.

4.Déanfaidh oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad ón dáta a cuireadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh iad agus a easpórtáladh iad, agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin.

5.Cuirfidh oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe na hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe ar sholáthair siad táirgí ábhartha dóibh, ar an eolas faoi uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí nó na naitheantóirí dearbhúcháin a bhaineann leis na táirgí ábhartha sin.

6.Maidir le hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas iad ina leith, lena náirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, ina léirítear gur ann do riosca nach gcomhlíonann táirge ábhartha atá curtha nó curtha ar fáil ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar an margadh nó inar chuir siad an táirge ábhartha ar fáil ar an margadh, chomh maith leis na hoibreoirí iartheachtacha agus na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí, cuirfidh oibreoirí iartheachtacha údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.

7.Má fhaigheann oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna iad faisnéis ábhartha, nó má chuirtear ar an eolas iad faoi fhaisnéis ábhartha, lena léirítear nach bhfuil táirge ábhartha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear ar fáil ar an margadh é nó sula nonnmhaireofar é, déanfaidh siad údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil sé beartaithe acu an táirge ábhartha a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó óna bhfuil sé beartaithe acu an táirge ábhartha a onnmhairiú a chur ar an eolas láithreach. I gcás ábhair imní a bhfuil bunús leo, fíoróidh siad gur feidhmíodh dícheall cuí agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach. Ní chuirfidh siad táirgí ar an margadh ná ní chuirfidh siad táirgí ar fáil ar an margadh ná ní dhéanfaidh siad iad a onnmhairiú ach amháin má léirítear leis an bhfíorúcháin nach bhfuil aon riosca neamhchomhlíonta ann nó nach bhfuil ach riosca diomaibhseach neamhchomhlíonta ann.

8.Tabharfaidh na hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 19 a éascú, lena náirítear rochtain ar áitreabh agus doiciméad agus taifead a chur ar fáil.

Airteagal 6

Ionadaithe údaraithe

1.Féadfaidh oibreoirí ionadaí údaraithe a shainordú chun an ráiteas maidir le dícheall cuí de bhun Airteagal 4(2) nó dearbhú simplithe de bhun Airteagal 4a(2) a chur isteach thar a gceann. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh an toibreoir an fhreagracht as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3.

2.Arna iarraidh sin dó, déanfaidh an tionadaí údaraithe cóip den sainordú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais agus cóip i dteanga oifigiúil den Bhallstát ina láimhseáiltear an ráiteas maidir le dícheall cuí nó an dearbhú simplithe nó, mura féidir é sin a dhéanamh, i mBéarla, a sholáthar do na húdaráis inniúla.

3.Féadfaidh oibreoir ar duine nádúrtha nó micrifhiontar é sainordú a thabhairt don chéad oibreoir iartheachtach eile nó don chéad trádálaí eile níos faide anonn sa slabhra soláthair nach duine nádúrtha ná micrifhiontar é gníomhú mar ionadaí údaraithe. Ní dhéanfaidh an chéad oibreoir iartheachtach eile ná an chéad trádálaí eile sin níos faide síos an slabhra soláthair táirgí ábhartha a chur ar an margadh ná a chur ar fáil ar an margadh ná ní dhéanfaidh sé iad a onnmhairiú gan an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach de bhun Airteagal 4(2) thar ceann an oibreora sin nó, i gcás micrea-oibreoir príomhúil agus oibreoir príomhúil beag, gan dearbhú simplithe a chur isteach thar ceann an mhicrea-oibreora phríomhúil agus an oibreora phríomhúil bhig sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh an toibreoir ar duine nádúrtha nó micrifhiontar é an fhreagracht as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3.’;

(7)in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Sula gcuirfear táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n‑onnmhaireofar iad, feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí maidir le gach táirge ábhartha.’;

(8)in Airteagal 9, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) cainníocht na dtáirgí ábhartha; maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a cuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle* in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe, nó, i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh i nglanmhais nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n‑ítimí; beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí nó a sholáthraítear mar chuid den dearbhú simplithe;

_________ * Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: ).’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f) ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta, aon oibreora iartheachtaigh nó aon trádálaí ar soláthraíodh na táirgí ábhartha dóibh;’;

(9)leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá bunaithe san Aontas an Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonfar nó nach gcomhlíonfar an Rialachán seo leis na táirgí ábhartha arna gcur, arna gcur ar fáil ar an margadh nó arna onnmhairiú ag an oibreoir nó ag an trádálaí, nó a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir nó an trádálaí iad a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Úsáidfidh na húdaráis inniúla cur chuige rioscabhunaithe chun na seiceálacha atá le déanamh a shainaithint. Sainaithneofar critéir riosca bunaithe ar anailís ar na rioscaí nach gcomhlíonfar an Rialachán seo, agus an méid a leanas á chur san áireamh go háirithe: na tráchtearraí ábhartha, castacht agus fad slabhraí soláthair, lena n‑áirítear an bhfuil meascadh táirgí ábhartha i gceist leo, agus céim phróiseála an táirge ábhartha, an bhfuil na dáileachta talún lena mbaineann cóngarach d’fhoraoisí, riosca a shannadh do thíortha nó do chodanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 29, agus aird ar leith á tabhairt ar staid na dtíortha nó gcodanna díobh a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca, a mhéid nár chomhlíon oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nó trádálaithe an Rialachán seo feadh an tslabhra soláthair ábhartha san am a chuaigh thart, rioscaí i ndáil le himchéimniú agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Leis an anailís ar rioscaí, cuirfear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus féadfar tógáil ar an bhfaisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, agus féadfar foinsí ábhartha eile a bheith mar thaca leis, amhail sonraí faireacháin, próifílí riosca ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, nó conclúidí ó chruinnithe saineolaithe de chuid an Choimisiúin.’;

(c)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b) roghnú na n‑oibreoirí, na n‑oibreoirí iartheachtacha agus na dtrádálaithe atá le seiceáil; tá an roghnú sin le bheith bunaithe ar na critéir riosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a), agus úsáid á baint, inter alia, as faisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 agus as teicnící leictreonacha próiseála sonraí; maidir le gach oibreoir nó trádálaí a bheidh le seiceáil, féadfaidh údaráis inniúla ráitis ar leith maidir le dícheall cuí a bheidh le seiceáil a shainaithint.’;

(d)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8 go 11:

‘8. Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Aireagal seo, ar a laghad 3 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, agus a táirgeadh i dtír tháirgthe nó i gcodanna de thír tháirgthe a aicmítear mar thír ghnáthriosca nó mar chodanna gnáthriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.

9. Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 9 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú, chomh maith le 9 % de chainníocht na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 29.

10. Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 1 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ísealriosca, i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.

11. Déanfar cuspóirí cainníochtaithe na seiceálacha atá le déanamh ag údaráis inniúla a chomhlíonadh ar leithligh i gcás gach ceann de na tráchtearraí ábhartha. Déanfar na cuspóirí cainníochtaithe a ríomh trí thagairt a dhéanamh don líon iomlán oibreoirí agus don líon iomlán oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna iad a rinne táirgí ábhartha a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú sa bhliain roimhe sin, agus do chainníocht, i gcás inarb infheidhme. Measfar go mbeidh seiceáil déanta ar oibreoirí i gcás ina mbeidh seiceáil déanta ag an údarás inniúil ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointí (a) agus (b). Measfar go mbeidh seiceáil déanta ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe i gcás ina mbeidh seiceáil déanta ag an údarás inniúil ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 19(1).’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

‘13. Déanfar seiceálacha gan réamhrabhadh a thabhairt don oibreoir, don oibreoir iartheachtach nó don trádálaí, ach amháin i gcás ina mbeidh gá le réamhfhógra a thabhairt don oibreoir, don oibreoir iartheachtach nó don trádálaí chun éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú.’;

(10)cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 18 agus 19:

‘Airteagal 18

Seiceálacha ar oibreoirí

1.Áireofar leis na seiceálacha ar oibreoirí:

(a)scrúdú ar a gcóras díchill chuí, lena náirítear nósanna imeachta measúnaithe riosca agus maolaithe riosca, agus ar dhoiciméadacht agus taifid lena léirítear dea-fheidhmiú chóras an díchill chuí;

(b)scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go gcomhlíontar an Rialachán seo le táirge ábhartha sonrach, atá curtha ar an margadh ag an oibreoir, nó a bhfuil sé beartaithe aige é a chur ar an margadh, nó a d’onnmhairigh an toibreoir nó a bhfuil sé beartaithe aige é a onnmhairiú, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin birt mhaolaithe, mar aon le scrúdú ar na ráitis ábhartha maidir le dícheall cuí, nó, i gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga, scrúdú ar an dearbhú simplithe ábhartha nó ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag na Ballstáit in aghaidh an oibreora sa chóras faisnéise.

2.Sna seiceálacha ar oibreoirí, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh freisin:

(a)scrúdú ar an láthair ar thráchtearraí ábhartha nó ar na táirgí ábhartha d’fhonn a shuíomh go gcomhfhreagraíonn siad do na doiciméadachta a úsáidtear chun dícheall cuí a fheidhmiú;

(b)scrúdú ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh faoi Airteagal 24;

(c)aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an speiceas nó an áit bheacht a chinneadh inar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena náirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach nó DNA;

(d)aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cibé acu atá na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena náirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí nó ó fhoinsí ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach; agus

(e)seiceálacha ar an láthair, lena náirítear iniúchtaí allamuigh agus lena náirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, ar choinníoll go naontóidh na tríú tíortha sin, trí chomhar le húdaráis riaracháin de chuid na dtríú tíortha sin.

Airteagal 19

Seiceálacha ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe

1.Áireofar ar na seiceálacha ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go bhfuil Airteagal 5(2), (3) agus (4) á gcomhlíonadh acu.

2.Sna seiceálacha ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar seiceálacha ar an láthair, lena náirítear iniúchtaí allamuigh, a áireamh freisin.’;

(11)in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Féadfaidh na Ballstáit a údarú dá n‑údaráis inniúla iomlán chostais a ngníomhaíochtaí a éileamh ar ais ó na hoibreoirí, ó na hoibreoirí iartheachtacha nó ó na trádálaithe i leith neamhchomhlíonadh.’;

(12)in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Malartóidh údaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Áireofar leis sin rochtain ar fhaisnéis ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus faisnéis ina leith a mhalartú leo, lena n‑áirítear ráitis maidir le dícheall cuí agus dearbhú simplithe i gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga, agus cineál agus torthaí na seiceálacha a rinneadh, chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.’;

(13)in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (b) agus pointe (c):

‘(b) líon agus torthaí na seiceálacha a rinneadh ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe agus an líon iomlán oibreoirí, líon iomlán oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna iad, lena n‑áirítear na cineálacha neamhchomhlíontachta a sainaithníodh; 

(c) cainníocht na dtáirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtáirgí ábhartha arna gcur ar an margadh nó arna n‑onnmhairiú agus arna gcumhdach le ráiteas maidir le dícheall cuí sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33; na tíortha táirgthe; maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a cuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe, nó, i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh i nglanmhais nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n‑ítimí; beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;’;

(14)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

Airteagal 24

Gníomhaíocht cheartaitheach i gcás neamhchomhlíonta

1.Gan dochar d’Airteagal 25, i gcás ina suífidh údaráis inniúla nár chomhlíon oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí an Rialachán seo nó go bhfuil táirge ábhartha a chuirtear nó a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear uaidh neamhchomhlíontach, cuirfidh siad de cheangal gan mhoill ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach nó ar an trádálaí sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí chomhréireach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta shonraithe.

2.Chun críocha mhír 1, áireofar ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas leis an ngníomh ceartaitheach a cheanglófar ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach nó ar an trádálaí a dhéanamh, de réir mar is infheidhme:

(a)aon neamhchomhlíonadh foirmiúil, go háirithe maidir le ceanglais Chaibidil 2, a chur ina cheart;

(b)cosc a chur ar an táirge ábhartha a bheith á chur nó á chur ar fáil ar an margadh nó á onnmhairiú;

(c)an táirge ábhartha a aistarraingt nó a aisghairm láithreach;

(d)an táirge ábhartha a dheonú chun críocha carthanacha nó ar mhaithe le leas an phobail nó, murar féidir é sin a dhéanamh, é a dhiúscairt i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola.

3.Gan beann ar an ngníomh ceartaitheach a rinneadh faoi mhír 2, tabharfaidh an toibreoir, an toibreoir iartheachtach nó an trádálaí aghaidh ar aon easnaimh sa chóras díchill chuí d’fhonn an riosca ar tuilleadh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a chosc.

4.Má mhainníonn an toibreoir, an toibreoir iartheachtach nó an trádálaí gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a shonróidh an túdarás inniúil faoi mhír 1, nó i gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh, tar éis na tréimhse ama sin cinnteoidh na húdaráis inniúla go bhfeidhmeofar an ghníomhaíocht cheartaitheach riachtanach dá dtagraítear i mír 2 ar gach uile bhealach a bheidh ar fáil dóibh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.’;

(15)leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo arna ndéanamh ag oibreoirí, ag oibreoirí iartheachtacha agus ag trádálaithe agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.

_______

* Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2008/99/oj ).’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), (b) agus (c):

fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil agus le luach na dtráchtearraí nó táirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena n‑áiritheofar go mbainfear na tairbhí a eascraíonn as na sáruithe sin go héifeachtach díobh siúd atá freagrach astu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; i gcás duine dlítheanach, is 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an oibreora, an oibreora iartheachtaigh nó an trádálaithe ar fud an Aontais sa bhliain airgeadais roimh an gcinneadh fíneála a bheidh in uasmhéid na fíneála sin, agus an méid sin á ríomh i gcomhréir le ríomh an láimhdeachais chomhiomláin do ghnóthais a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004* ón gComhairle ( 6 ), agus méadófar é, i gcás inar gá, chun an sochar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú;

(b)    coigistiú na dtáirgí ábhartha lena mbaineann ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach agus/nó ar an trádálaí;

(c)    coigistiú ioncam arna bhfáil ag an oibreoir, ag an oibreoir iartheachtach agus/nó ag an trádálaí as idirbheart leis na táirgí ábhartha lena mbaineann;

________

* Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj ).’;

(16)leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Déanfar uimhir thagartha an ráitis maidir le dícheall cuí nó an t‑aitheantóir dearbhúcháin i gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga a chur ar fáil do na húdaráis chustaim sula ndéanfar táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó sula n‑onnmhaireofar é. Chun na críche sin, seachas i gcás ina ndéanfar an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(2), déanfaidh an duine a thaisceann an dearbhú custaim maidir le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú uimhir thagartha an ráitis díchill chuí nó an t‑aitheantóir dearbhúcháin i gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga a shanntar don táirge ábhartha sin a chur ar fáil d’údaráis chustaim.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. I gcás ina léirítear leis an stádas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo gur sainaithníodh gur gá an táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, de bhun Airteagal 17(2), a sheiceáil sula gcuirtear ar an margadh é, nó sula n‑onnmhairítear é, cuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an táirge ábhartha sin ar fionraí.’;

(17)in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t‑oibreoir, an t‑oibreoir iartheachtach, an trádálaí nó an t‑ionadaí údaraithe bunaithe.’;

(18)leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, chun gur féidir sonraí, go háirithe na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(6) go (9) den Rialachán seo, a tharchur idir na córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo. Beidh an comhéadan leictreonach sin i bhfeidhm faoin 1 Nollaig 2029.

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2), pointe (a):

‘(a) chun go gcuirfear ar a gcumas d’oibreoirí an oibleagáid a chomhlíonadh i dtaca leis an ráiteas maidir le dícheall cuí ar thráchtearra ábhartha nó ar tháirge ábhartha a thíolacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, trína sholáthar tríd an timpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2399 agus aiseolas a fháil ina leith ó údaráis inniúla; agus’;

(19)leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1. Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhair imní a bhfuil bunús leo a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil i gcás ina measfaidh siad nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí amháin nó níos mó.

2. Déanfaidh údaráis inniúla measúnú, gan moill mhíchuí, ar na hábhair imní a bhfuil bunús leo go dícheallach neamhchlaonta, lena n‑áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil bonn maith leis an maíomh, agus déanfaidh siad na bearta is gá, lena n‑áirítear seiceálacha ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe agus éisteachtaí a thabhairt dóibh, d’fhonn neamhchomhlíontacht fhéideartha ar an Rialacháin seo a bhrath agus, i gcás inarb iomchuí, bearta eatramhacha a dhéanamh faoi Airteagal 23 chun cosc a chur ar tháirgí ábhartha atá faoi imscrúdú a bheith á gcur nó á gcur ar fáil ar an margadh agus á n‑onnmhairiú.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Gan dochar do na hoibleagáidí de bhun Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, déanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta chun cosaint a thabhairt do chéannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuir isteach ábhair imní a bhfuil bunús leo nó a dhéanann imscrúduithe arb é is aidhm leo a fhíorú an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nó trádálaithe.

_______

* Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj ).’;

(20)leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) tar éis phointe (a), cuirtear pointe (aa) seo a leanas isteach:

‘(aa) oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe nach oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe FBManna a chlárú iad i gcomhréir le hAirteagal 5(2);’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b) ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú lena n‑áirítear uimhir thagartha le haghaidh gach ráitis maidir le dícheall cuí arna thíolacadh tríd an gcóras faisnéise a chur in iúl don oibreoir lena mbaineann;

(c) dearbhuithe simplithe arna dtíolacadh ag micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga a chlárú agus aitheantóir dearbhúcháin a shannadh don oibreoir lena mbaineann.’;

(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g) faisnéis ábhartha a sholáthar chun tacú le próifíliú riosca do phlean na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(5), lena n‑áirítear torthaí na seiceálacha, próifíliú riosca na n‑oibreoirí, na n‑oibreoirí iartheachtacha, na dtrádálaithe agus na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha chun críche oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá le seiceáil dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a shainaithint, bunaithe ar theicnící leictreonacha próiseála sonraí, agus chun críche táirgí ábhartha atá le seiceáil ag na húdaráis inniúla;’;

(iv) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i) tacú leis an gcumarsáid idir údaráis inniúla agus oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí uirlisí digiteacha bainistithe soláthair a úsáid.';

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le feidhmiú an chórais faisnéise faoin Airteagal seo, lena n‑áirítear:

(a) rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus malartú sonraí le córais eile TF;

(b) socruithe teagmhasacha i gcás nach mbeidh feidhmiúlachtaí an chórais faisnéise ar fáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4. Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcóras faisnéise sin d’údaráis chustaim, d’údaráis inniúla, d’oibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus do thrádálaithe agus, más infheidhme, dá n‑ionadaithe údaraithe, i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí féin faoin Rialachán seo.’;

(21)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

‘Airteagal 34

Athbhreithniú

1.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun Iarscríbhinn I a leasú maidir le cóid AC ábhartha na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh le tráchtearraí ábhartha nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh.

2.Faoin 30 Meitheamh 2030 agus gach 5 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ginearálta ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Áireofar sa chéad cheann de na tuarascálacha meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe, bunaithe ar staidéir shonracha:

(a)an gá atá le tuilleadh uirlisí éascaithe trádála, agus a nindéantacht – agus go háirithe do thíortha is lú forbairt a mbeidh tionchar mór ag an Rialachán seo orthu agus do thíortha nó codanna díobh a aicmíodh riosca caighdeánach nó ardriosca ina leith – chun tacú le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo;

(b)tionchar an Rialacháin seo ar fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le tuilleadh tacaíochta le haghaidh an aistrithe chuig slabhraí soláthair inbhuanaithe agus do fheirmeoirí beaga chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(c)síneadh breise a chur leis an sainmhíniú ar díghrádú foraoisí, ar bhonn mionanailíse, agus an dul chun cinn a rinneadh sa phlé idirnáisiúnta ar an ábhar sin á chur san áireamh;

(d)an tairseach d’úsáid éigeantach polagán dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (28), agus an tionchar atá aici ar dhul i ngleic le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí á chur san áireamh;

(e)athruithe ar phatrúin trádála na dtáirgí ábhartha agus na dtráchtearraí ábhartha a áirítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo nuair a d’fhéadfadh na hathruithe sin a léiriú gur teacht timpeall atá i gceist leo;

(f)measúnú ar cibé acu a bhí nó nach raibh na seiceálacha a rinneadh éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear;

(g)leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chun coillearnach eile agus an scoithdháta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13) a chur san áireamh, d’fhonn rannchuidiú an Aontais le tiontú agus díghrádú éiceachóras nádúrtha a íoslaghdú;

(h)leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chuig éiceachórais nádúrtha eile, lena náirítear talamh eile ina bhfuil stoic mhóra charbóin agus lena mbaineann luach ard bithéagsúlachta, amhail féarthailte, tailte portaigh agus bogaigh;

(i)tionchar na dtráchtearraí ábhartha ar dhífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, mar a léirítear le fianaise eolaíoch, agus athruithe ar thomhaltas á gcur san áireamh, lena náirítear an gá atá le raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig tráchtearraí breise, lena náirítear arbhar Indiach, agus a indéanta atá sé sin, agus an gá atá leis an liosta táirgí ábhartha a leasú nó a leathnú, lena náirítear an fhéidearthacht bithbhreoslaí a áireamh (cód CC 382600) in Iarscríbhinn I, agus a indéanta atá sé sin;

(j)ról na ninstitiúidí airgeadais maidir le cosc a chur ar shreafaí airgeadais lena rannchuidítear go díreach nó go hindíreach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí agus an gá atá le foráil a dhéanamh maidir le haon oibleagáid shonrach ar institiúidí airgeadais i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais;

(k)ról na noibreoirí iartheachtacha agus na dtrádálaithe maidir lena áirithiú go mbeidh slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú agus go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach;

(l)ról na micrea-oibreoirí príomhúla agus na noibreoirí príomhúla beaga maidir lena áirithiú go mbeidh an táirgeadh gan dífhoraoisiú agus go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach, agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le himchéimniú.’

(22)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

‘Airteagal 37

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 le héifeacht ón 30 Nollaig 2025.

2.Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 d’fheidhm a bheith aige:

(a)go dtí an 30 Nollaig 2026 maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 arna gcur ar an margadh ag micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga nó ag oibreoirí a bunaíodh faoin 31 Nollaig 2024 mar mhicreaghnóthais nó mar ghnóthais bheaga, de réir bhrí Airteagal 3(1) nó (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil;

(b)go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 arna dtáirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus arna gcur ar an margadh ón 30 Nollaig 2026 ag micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga nó ag oibreoirí a bunaíodh faoin 31 Nollaig 2024 mar mhicreaghnóthais nó mar ghnóthais bheaga, de réir bhrí Airteagal 3(1) nó (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil;

(c)go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le hadhmad agus le táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a cuireadh ar an margadh ón 30 Nollaig 2025 nó tar éis an dáta sin.

3.De mhaolú ar Airteagal 1(2) den Rialachán seo, leis an adhmad agus na táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a táirgeadh roimh an 29 Bealtaine 2023 agus a cuireadh ar an margadh ón 31 Nollaig 2028, déanfar Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh.’;

(23)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

‘Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm ag Airteagail 3 go 13 agus Airteagail 13, 20, 21, 23, 26, 31 agus 32 ón 30 Nollaig 2025.

3.I gcás oibreoirí a bunaíodh faoin 31 Nollaig 2024 mar mhicreaghnóthais nó mar ghnóthais bheaga de réir bhrí Airteagal 3(1) nó (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ón 30 Nollaig 2026.

4.I gcás micrea-oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga, beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ón 30 Nollaig 2026.

5.Beidh feidhm ag Airteagail 16 go 19, Airteagail 22 agus 24 ón 30 Meitheamh 2026 maidir le bearta a bhaineann le hoibreoirí, le hoibreoirí iartheachtacha agus le trádálaithe, agus ón 30 Nollaig 2026 maidir le hoibreoirí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4. Má bhíonn údarás inniúil feasach ar neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2023/1115, nó má chuirtear ar an eolas é faoi, roimh theacht i bhfeidhm Airteagail 16 go 19, Airteagal 22 agus Airteagal 24, féadfaidh sé rabhaidh a eisiúint d’oibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus do thrádálaithe, agus moltaí maidir le conas comhlíontacht a bhaint amach ag gabháil leo.’

(24)Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2023/1115 i gcomhréir le hIarscríbhinn I ghabhann leis an Rialachán seo;

(25)cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2023/1115.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ( IO L 150, 9.6.2023, lch. 206 ).
(2)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais ( IO L 261, 14.10.2019, lch. 37 ).
(3)    Treoirdhoiciméad le haghaidh Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le táirgí gan dífhoraoisiú, IO C, C/2024/6789, 13.11.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/C/2024/6789/oj .
(4)    An Coimisiún, Ceisteanna Coitianta - Cur Chun Feidhme Rialachán an Aontais maidir le Dífhoraoisiú, Leagan 4 – mí Aibreáin 2025, atá le fáil ag  https://circabc.europa.eu/ui/group/34861680-e799-4d7c-bbad-da83c45da458/library/e126f816-844b-41a9-89ef-cb2a33b6aa56/details .
(5)    Better regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámh a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh], COM(2021) 219 final, atá le fáil ag: https://eurlex . europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2021:219:FIN.
(6)    Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030, COM(2023) 168 final, atá le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52023DC0168 .
(7)    Litir mhisin chuig Stéphane Séjourné, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Rathúnas agus StraitéisThionsclaíoch, atá le fáil ag: https://commission.europa.eu/document/download/6ef52679-19b9-4a8d-b7b2-cb99eb384eca_en?filename=Mission%20letter%20-%20S%C3%89JOURN%C3%89.pdf.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Stepping up EU Action to Protect and Restore the World’s Forests [Dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú], COM/2019/352 final.
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], COM(2019) 640 final.
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, EU Biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], COM/2020/380 final.
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.
(12)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Seiceáil Oiriúnachta ar Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na noibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (Rialachán Adhmaid an Aontais) agus ar Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (Rialachán FLEGT), SWD(2021) 328 final.
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCreat Straitéiseach le haghaidh Rannpháirtíocht sa Chomhar Idirnáisiúnta i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, C/2024/7527.
(14)    DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN - MEASÚNÚ TIONCHAIR dar teideal minimising the risk of deforestation and forest degradation associated with products placed on the EU market [an riosca a bhaineann le táirgí atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a íoslaghdú], a ghabhann leis an doiciméad dar teideal ‘Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010’ EUR-Lex - 52021SC0326 - EN - EUR-Lex (europa.eu) .
(15)    Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm ( IO L, 2024/3234, 23.12.2024 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3234/oj )
(16)    IO C [...], [...], lch. [...].
(17)    IO C [...], [...], lch. [...].
(18)    Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ( IO L 150, 9.6.2023, lch. 206 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1115/oj ).
(19)     Tuarascáil 2024 ó Mario Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa: https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/draghi-report_ga#paragraph_47059.
(20)    Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena naisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj ).
(21)    Treoirdhoiciméad le haghaidh Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le Táirgí gan Dífhoraoisiú, IO C, C/2025/4524, 12.8.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/C/2025/4524/oj .
(22)    Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm ( IO L, 2024/3234, 23.12.2024 , ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3234/oj )
(23)    Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na noibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/995/oj).
Top

An Bhruiséil,21.10.2025

COM(2025) 652 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe


Iarscríbhinn I

In Iarscríbhinn II, scriostar pointe 4.

Iarscríbhinn II

‘IARSCRÍBHINN III

Dearbhú simplithe micrea‑oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga

An fhaisnéis atá le bheith i ndearbhú simplithe micrea‑oibreoirí príomhúla agus oibreoirí príomhúla beaga i gcomhréir le hAirteagal 4a(3):

1.Ainm agus seoladh an oibreora agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.Cód Córais Chomhchuibhithe na dtáirgí ábhartha agus tuairisc saorthéacs orthu, lena náirítear ainm trádála, agus cainníocht bhliantúil na dtáirgí ábhartha atá beartaithe a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, arna sloinneadh i nglanmhais lena sonraítear meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na nítimí. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh an chóid Córais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na nítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina saineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach focheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoin gcód Córais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.

3.Tír tháirgthe agus seoladh poist nó geoshuíomh gach dáileachta talún ar a dtáirgeann an micreaoibreoir príomhúil agus an toibreoir príomhúil beag tráchtearraí ábhartha. I gcás táirgí ábhartha ina bhfuil eallach nó a dhéantar agus úsáid á baint as eallach, agus i gcás na dtáirgí ábhartha sin arna gcothú le táirgí ábhartha, tagróidh an seoladh poist nó an geoshuíomh do gach bunaíocht ina gcoimeádtar an teallach. I gcás ina dtáirgtear na táirgí ábhartha ar dháileachtaí talún éagsúla, áireofar seoladh poist nó geoshuíomh gach dáileachta talún i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (d).

4.An téacs: ‘Leis an dearbhú seo, deimhníonn an micreaoibreoir príomhúil agus an toibreoir príomhúil beag go bhfeidhmeoidh siad dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115 i leith gach táirge a chuireann siad ar an margadh nó a onnmhairíonn siad, agus nach gcuirfidh siad ar an margadh ná nach nonnmhaireoidh siad iad ach amháin i gcás nach bhfaighfear aon riosca nó nach bhfaighfear ach riosca diomaibhseach nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.

Top