Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0593

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

COM/2025/593 final

An Bhruiséil,2.10.2025

COM(2025) 593 final

2025/0312(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Foras agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, a glacadh an 21 Bealtaine 2013, bunaítear creat beartais cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar staideanna ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit sa limistéar euro (a) nó ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, as a n‑eascraíonn éifeachtaí seach-iarmharta féideartha ar Bhallstáit eile sa limistéar euro, nó (b) ina n‑iarrann nó ina bhfaigheann siad cúnamh airgeadais. Go sonrach, baineann Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 go príomha le trí chóras. Ar an gcéad dul síos, cumhachtaítear don Choimisiún leis an Rialachán sin Ballstát sa limistéar euro a chur faoi réir faireachas feabhsaithe i gcás bagairtí ar chobhsaíocht airgeadais Ballstáit ar dócha go mbeidh éifeachtaí seach-iarmharta díobhálacha acu ar Bhallstáit eile sa limistéar euro, nó nuair a fhaigheann Ballstát sa limistéar euro cúnamh airgeadais réamhchúraim. Faoin bhfaireachas sin, déantar faireachán níos dlúithe ar staid fhioscach an Bhallstáit lena mbaineann, agus ceanglaítear air bearta a ghlacadh arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an údar le deacrachtaí, agus moltaí a eascraíonn as creat rialachais eacnamaíoch an Aontais á gcur san áireamh. Ar deireadh, arna iarraidh sin don Choimisiún, is féidir a cheangal ar an mBallstát lena mbaineann freisin faisnéis bhreise a bhaineann lena earnáil airgeadais a chur ar fáil. Ar an dara dul síos, leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 freisin an creat dlíthiúil le haghaidh cláir choigeartaithe eacnamaíocha a bhaineann le cúnamh airgeadais ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) nó ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (SECA), lena n‑áirithítear go bhfuil siad ailínithe agus sioncronaithe i gceart le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, díolmhaítear an Ballstát lena mbaineann ó chlár cobhsaíochta a chur isteach, ar clár é atá comhtháite sa chlár coigeartaithe eacnamaíoch ina ionad sin. Ina theannta sin, tá an Ballstát lena mbaineann díolmhaithe ó thuarascálacha a chur isteach nuair atá sé faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach, agus díolmhaithe ón bhfaireachán agus ón measúnú faoin Seimeastar Eorpach, chun forluí agus dúbailt tuairiscithe a sheachaint. Ar an tríú dul síos, bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 na rialacha lena rialaítear faireachas iarchláir, a bheidh infheidhme nuair a thiocfaidh deireadh le clár coigeartaithe eacnamaíoch agus go dtí go n‑aisíocfar 75 % den chúnamh a fuarthas.

Ó glacadh Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 in 2013, tá athruithe móra tagtha ar an tírdhreach rialála. Go háirithe, rinneadh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais in 2024 nuair a glacadh Rialacháin (AE) 2024/1263, 2024/1264 agus Treoir (AE) 2024/1265. Leis an athchóiriú, tugadh isteach coincheapa nua agus rinneadh athruithe ar struchtúr chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Go háirithe, is iad pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/1263, bunchloch athchóiriú 2024. Tháinig siad in ionad na gClár Cobhsaíochta agus na gClár um Chóineasú agus na gClár Náisiúnta um Athchóiriú, agus ar an gcaoi sin tugadh gealltanais fhioscacha, athchóirithe agus infheistíochta gach Ballstáit le chéile laistigh de chreat comhchoiteann. I bhfianaise a phráinní is a bhí sé san am sin do na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú maidir le hathchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, níor mhol an Coimisiún leasuithe ar phíosaí eile reachtaíochta atá mar chuid de chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

Tharla athruithe ábhartha eile ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 freisin ó bhí 2013 ann. Go háirithe, mar thoradh ar chruthú an tSásra Aonair Maoirseachta (SAM), roinneadh freagrachtaí arís maidir le maoirseacht a dhéanamh ar eintitis chreidmheasa. Thairis sin, ní fhéadfaidh an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (SECA), a chruthaigh tíortha an limistéir euro mar shásra sealadach um réiteach géarchéime i mí an Mheithimh 2010, a bheith bainteach le cláir nua maoiniúcháin a thuilleadh ón 1 Iúil 2013.

Dá bhrí sin, tá gá le comhsheasmhacht a áirithiú idir Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 agus creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais, agus na forbairtí institiúideacha a tharla ó bhí 2013 ann a léiriú.

Ina theannta sin, ó glacadh Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 in 2013, tá léargas agus taithí luachmhar faighte ag an gCoimisiún maidir le faireachas feabhsaithe a ghníomhachtú nuair a fhaigheann Ballstát sa limistéar euro cúnamh airgeadais réamhchúraim agus faireachas iarchláir nuair a fhágann Ballstát clár coigeartaithe eacnamaíoch. Go háirithe, is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh éifeacht dhíspreagthach a bheith ag dearadh reatha an fhaireachais fheabhsaithe ar Bhallstáit a bhfuil cúnamh airgeadais réamhchúraim á lorg acu agus go bhféadfadh cur i bhfeidhm faireachais bhreise a bheith mar thoradh air nuair nach bhfuil údar leis. Ar an gcaoi chéanna, maidir le faireachas iarchláir, shainaithin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i dTuarascáil Speisialta Uimh. 18/2021 uaithi 1 , easnaimh áirithe in éifeachtacht an fhaireachais iarchláir, lena náirítear easpa fócais agus cuspóirí soiléire, agus forluí le próisis faireachais eacnamaíoch eile, amhail an Seimeastar Eorpach. Leis na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, a cheanglaítear chun na hathchóirithe ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus na forbairtí institiúideacha a rinneadh le déanaí a léiriú, tugtar deis freisin feabhas a chur ar fhaireachas feabhsaithe agus ar faireachas iarchláir agus iad a mhionchoigeartú, trí na ceachtanna a foghlaimíodh a ghlacadh isteach agus trí fheabhsuithe spriocdhírithe a dhéanamh chun a néifeachtacht leanúnach a áirithiú. Agus an méid sin á dhéanamh, leis na leasuithe atá beartaithe, tabharfar isteach roinnt simplithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, lena simpleofar creat rialachais eacnamaíoch níos leithne an Aontais, rud a laghdóidh an tualach riaracháin ar na Ballstáit, agus a rannchuideoidh le clár oibre an Choimisiúin maidir le simpliú.

I bhfianaise an mhéid thuas, is é cuspóir an togra seo ar dtús comhsheasmhacht a áirithiú idir Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 agus creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais. Ar an dara dul síos, is é is aidhm don togra na forbairtí institiúideacha a tharla ó bhí 2013 ann a léiriú, lena n‑áirítear na forbairtí institiúideacha maidir le cruthú SAM agus nach féidir le SECA a bheith bainteach le cláir nua maoiniúcháin a thuilleadh. Ar an tríú dul síos, i bhfianaise na taithí a fuarthas trí chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, féachtar leis an togra freisin cur i bhfeidhm faireachais fheabhsaithe a shoiléiriú nuair a fhaigheann Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige cúnamh airgeadais réamhchúraim, agus a chur i bhfeidhm á cheangal go sainráite le tacaíocht réamhchúraim a dteastaíonn bearta nua ina leith. Ar an gcaoi chéanna, féachtar leis an togra cuspóir agus raon feidhme an fhaireachais iarchláir a shoiléiriú, chun a chomhleanúnachas le creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais a mhéadú, agus cuíchóiriú spriocdhírithe a bhaint amach, chun dúbláil na gceanglas tuairiscithe a sheachaint.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais, i bhfianaise na n‑athruithe móra a tharla sa tírdhreach rialála ó glacadh é in 2013. Le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, tar éis na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle agus tar éis ghlacadh Rialachán (AE) 2024/1263, tugtar isteach modhnuithe tábhachtacha ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, agus leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, áirithítear comhsheasmhacht leis na hathruithe sin. Go sonrach, cuirtear san áireamh sna leasuithe atá beartaithe an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a thabhairt isteach agus an idirghníomhaíocht leis an nós imeachta um fhaireachas feabhsaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2024/1263. Thairis sin, tá na leasuithe atá beartaithe comhsheasmhach le cruthú SAM faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Rannchuideoidh an togra chun an rialachán a leasú le clár oibre an Choimisiúin maidir le simpliú a bhfuil sé d’aidhm aige borradh a chur faoin iomaíochas agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chosaint trí ualaí rialála a laghdú agus dlíthe an Aontais a shimpliú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca iad a chur chun feidhme.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Is iad Airteagal 136 i gcomhar le hAirteagal 121(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra. Chun oibriú cuí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, déantar foráil le hAirteagal 136 go ndéanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 121 agus 126, bearta a ghlacadh a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu: (a) an comhordú ar a smacht buiséadach agus faireachas air a neartú; (b) treoirlínte beartais eacnamaíocha a leagan amach dóibh, agus á áirithiú go bhfuil siad comhoiriúnach do na treoirlínte arna nglacadh le haghaidh an Aontais ina iomláine agus go bhfuil faireachas á dhéanamh orthu. Déantar foráil le hAirteagal 121(6) go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun faireachas iltaobhach a dhéanamh ar na Ballstáit.

Baineadh úsáid as Airteagail 136 agus 121(6) CFAE mar bhunús dlí le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, a leasófaí leis an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Baineann gné Aontais le cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro, toisc go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ag impleachtaí na míchothromaíochtaí maicreacnamaíochta agus anás airgeadais i mBallstát amháin ar an limistéar euro ina iomláine. I bhfianaise idircheangailteacht gheilleagar na hEorpa, ní bheadh na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt go leormhaith ar chastachtaí agus ar éifeachtaí seach-iarmharta na héagobhsaíochta eacnamaíche agus iad ag gníomhú dóibh féin. Thairis sin, ní féidir cuspóirí na leasuithe, is é sin, comhsheasmhacht le creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais a áirithiú agus an creat sin a chuíchóiriú, a bhaint amach ar leibhéal na mBallstát toisc go dteastaíonn athruithe ar reachtaíocht an Aontais ina leith. Dá bhrí sin, tá an togra i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Comhréireacht

Urramaítear leis an togra prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm aige an creat atá ann cheana maidir le faireachas feabhsaithe, cláir choigeartaithe eacnamaíocha, agus faireachas iarchláir a thabhairt cothrom le dáta agus a bheachtú, agus á áirithiú go bhfuil na bearta atá beartaithe teoranta don mhéid is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Na roghanna beartais a leagtar amach sa togra, amhail cuspóirí an fhaireachais iarchláir a shoiléiriú agus faireachas feabhsaithe a dhéanamh níos frithghníomhaí i leith rioscaí, ceapadh iad chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh agus teorainneacha sonracha a shainaithnítear sa chreat atá ann faoi láthair. Tá gá leis na hathruithe sin chun na cuspóirí a bhaint amach, is é sin míchothromaíochtaí maicreacnamaíochta a chosc agus a cheartú, cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro a áirithiú, agus cóineasú eacnamaíoch a chur chun cinn. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun comhsheasmhacht chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a bhaint amach agus chun an creat sin a shimpliú, ós rud é go gcuireann sé leis na struchtúir agus na próisis atá ann cheana, agus go dtugtar isteach leis coigeartuithe spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha, amhail easpa cuspóirí soiléire maidir le faireachas iarchláir agus an gá atá le córais faireachais níos difreáilte.

An rogha ionstraime

Déantar foráil le hAirteagal 121(6) CFAE maidir le rialacháin a ghlacadh. Dá bhrí sin, is rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 an ionstraim iomchuí dlí.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Foilsíodh measúnuithe siarbhreathnaitheacha ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ina raibh measúnú ar Rialachán (AE) 472/2013 freisin, i mí Feabhra 2020 2 agus i mí na Samhna 2022 3 . Bhí Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ag gabháil leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Feabhra 2020 4 .

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Feabhra 2020, suíodh go raibh rath ar an gcreat faireachais ar na Ballstáit a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu in ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais agus go raibh roinnt feabhsuithe mar thoradh air. Mar sin féin, cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá sé úinéireacht náisiúnta leordhóthanach a choinneáil ar chláir agus go bhfuil saincheisteanna trédhearcachta agus cuntasachta fós ann freisin. Go háirithe, suíodh sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin gur ceadaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro a chaomhnú, go háirithe trí nósanna imeachta a bhunú a bhaineann le cláir choigeartaithe eacnamaíocha. Suíodh ann freisin gur rannchuidigh Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 le comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus le cóineasú marthanach Ballstát sa limistéar euro trí chomhsheasmhacht a áirithiú idir gnáth-thimthriall faireachais an tSeimeastair Eorpaigh agus an faireachas neartaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 472/2013. Sa teachtaireacht uaidh i mí na Samhna 2022, mhol an Coimisiún athruithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an fhaireachais iarchláir, trí raon feidhme an fhaireachais a dhíriú ar (i) mheasúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht aisíocaíochta tríd an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais a mheas; (ii) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóirithe neamhchríochnaithe ar cuireadh tús leo faoin gclár coigeartaithe; agus (iii) measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le bearta ceartaitheacha i gcomhthéacs ábhair imní maidir le hacmhainneacht aisíocaíochta nó rochtain leanúnach ar an margadh. Moladh freisin déine an fhaireachais iarchláir  a nascadh leis an athrú ar fhócas agus leis an measúnú ar rioscaí.

Chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i dTuarascáil Speisialta Uimh. 18/2021 uaithi, cé gur uirlis iomchuí é an faireachas iarchláir, gur cuireadh bac ar a éifeachtúlacht mar gheall ar chuspóirí doiléire agus cuíchóiriú neamhleor agus fócas neamhleor ar chur chun feidhme. Cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil sin freisin an gá atá le fócas agus cuspóirí níos soiléire le haghaidh faireachas iarchláir, chomh maith le laghdú ar an ualach riaracháin agus forluí le próisis faireachais eacnamaíoch eile, amhail an Seimeastar Eorpach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ó glacadh Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, in 2021, d’eisigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a Tuarascáil Speisialta 18/2021 maidir le faireachas an Choimisiúin ar Bhallstáit atá ag fágáil clár coigeartaithe eacnamaíoch. Moladh sa tuarascáil sin cuíchóiriú agus feabhsuithe a dhéanamh ar raon feidhme agus nós imeachta an fhaireachais iarchláir chun dúbláil tuairiscithe a sheachaint agus an t‑ualach riaracháin ar údaráis na mBallstát a theorannú.

Bhí plé ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit sa Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) agus Meitheal an Ghrúpa Euro maidir le príomhghnéithe na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, inar chuir na Ballstáit in iúl go raibh siad toilteanach scrúdú a dhéanamh ar na tograí maidir le simpliú a chuirfeadh an Coimisiún ar aghaidh. Thairis sin, rinneadh plé le coiste ECON de chuid Pharlaimint na hEorpa, inar cuireadh i dtábhacht cuspóirí an phacáiste simpliúcháin, is é sin soiléireacht dhlíthiúil agus simpliú spriocdhírithe a chur ar fáil, agus inar leagadh amach príomhghnéithe na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, cosúil leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil do na Ballstáit sna coistí ar leith.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar

Measúnú tionchair

Ní chruthaítear ionstraim nua leis an togra seo ach leasaítear an reachtaíocht atá ann cheana chun a áirithiú go mbeidh faireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais le gnéithe eile de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais. Is é is aidhm don togra freisin na nósanna imeachta atá ann cheana a shimpliú agus na ceanglais tuairiscithe ar na Ballstáit a laghdú. Dírítear sna leasuithe atá beartaithe ar athruithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 atá ann cheana. Mar a luaitear thuas sa roinn atá dírithe ar phrionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh, níl aon rogha eile ann chun deireadh a chur leis na neamhréireachtaí sin idir an rialachán seo agus gnéithe eile den chreat. Ar na cúiseanna sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair foirmiúil.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

Cearta bunúsacha

Níl iarmhairtí ag an togra ar chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleachtaí ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, ní theastaíonn bearta ina leith chun a gcur chun feidhme a éascú agus níl dúshláin cur chun feidhme i gceist leo do na Ballstáit.

Ceanglaítear le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil gach 5 bliana maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin, ina ndéanfar athbhreithniú ar na gnéithe seo a leanas: (1) éifeachtacht an rialacháin maidir lena chuspóirí a chur chun cinn; (2) an dul chun cinn atá déanta chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú. (3) rannchuidiú an rialacháin le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach. Ba cheart togra chun an rialachán a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Déantar athruithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 sa togra. Is éard atá i gceist leo deireadh a chur le neamhréireachtaí leis na píosaí reachtaíochta a d’eascair as athchóiriú 2024 ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, agus forbairtí institiúideacha a tharla ó bhí 2013 ann, chomh maith le gnéithe a shimpliú agus a shoiléiriú i gcomhréir le clár oibre an Choimisiúin maidir le simpliú a bhfuil sé d’aidhm aige ualaí rialála a laghdú agus dlíthe an Aontais a shimpliú chun a gcur chun feidhme a dhéanamh níos éasca.

Baineann neamhréireachtaí i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 den chuid is mó le tagairtí atá as dáta do ghníomhartha eile agus do chreataí cúnaimh airgeadais nach bhfuil infheidhme a thuilleadh, lena n‑áirítear mar thoradh ar athchóiriú 2024 ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, a raibh leasuithe ar Airteagail 1, 2, 3, 5, 6, 7, 10 agus 12 ag teastáil ina leith. Go sonrach: (i) tá roinnt crostagairtí d’iar-Rialachán (AE) Uimh. 1466/97 agus do Rialachán (AE) Uimh. 1467/97 as dáta agus tá sé beartaithe iad a thabhairt cothrom le dáta chun athchóiriú 2024 ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a léiriú, arb é a bhí ann Rialachán (AE) 1466/97 a aisghairm agus Rialachán (AE) 2024/1263 a chur ina ionad, agus Rialachán (AE) Uimh. 1467/97 a leasú; (ii) baineadh tagairtí atá as dáta do Chláir Chobhsaíochta agus Cláir Náisiúnta um Athchóiriú na mBallstát, toisc gur cumascadh iad i bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta tar éis athchóiriú 2024; (iii) tagairtí atá as dáta do na Ballstáit, atá faoi réir clár coigeartaithe eacnamaíoch faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, a bheith díolmhaithe ó chlár cobhsaíochta a chur isteach faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1466/97, cuireadh tagairtí do phleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta in ionad na dtagairtí sin, i gcás inar cheart na hoibleagáidí a leagtar amach sa phlean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chomhtháthú i ndearadh an chláir choigeartaithe eacnamaíoch; agus iv) Airteagal 12 maidir leis an díolúine ó fhaireachán agus ó mheasúnú an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch nuair a chuirtear deireadh le Ballstát a bheith faoi réir clár coigeartaithe eacnamaíoch toisc gur imigh an díolúine sin i léig tar éis an athchóirithe ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Ina theannta sin, baineadh tagairtí do SECA maidir le cúnamh airgeadais amach anseo a fuair na Ballstáit ón tSaoráid seo, toisc nach bhfuil sé gníomhach a thuilleadh mar institiúid iasachtaí le haghaidh cláir nua cúnaimh airgeadais.

Leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, ailínítear a fhorálacha leis na cúraimí a roinneadh arís agus a tugadh isteach le Rialachán (AE) 1024/2013 ón gComhairle, lenar tugadh freagrachtaí sonracha maoirseachta stuamachta do BCE. Chun comhsheasmhacht leis an gcreat nua sin a áirithiú, déantar tagairt sna leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 3 don roinnt nua cúraimí, go háirithe nuair a cheanglaítear ar Bhallstát atá faoi fhaireachas feabhsaithe tástálacha struis nó anailísí íogaireachta a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na hearnála airgeadais nó measúnuithe tráthrialta ar a acmhainneacht mhaoirseachta ar an earnáil airgeadais a chur isteach.

Thairis sin, is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní go bhféadfadh dearadh reatha an fhaireachais fheabhsaithe na Ballstáit a dhíspreagadh cúnamh airgeadais réamhchúraim a lorg nuair is gá. Chun cothromaíocht a bhaint amach idir faireachas éifeachtach agus an gá atá ann gan na Ballstáit a dhíspreagadh cúnamh réamhchúraim a lorg, nuair is gá, is é is aidhm do na leasuithe soiléiriú a dhéanamh ar na himthosca faoina bhfuil feidhm ag faireachas feabhsaithe maidir le Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais réamhchúraim. Go sonrach, moltar in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 nár cheart faireachas feabhsaithe a thionscnamh go huathoibríoch ach amháin nuair a fhaigheann Ballstát cúnamh airgeadais a dteastaíonn bearta beartais nua a ghlacadh ina leith, gan beann ar an gcúnamh a bheith á chur ar fáil ag Ballstáit eile, ag tríú tíortha, ag EFSM, ag SCE, nó ag institiúidí idirnáisiúnta airgeadais amhail CAI. Ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais faoi choinníollacha, amhail Líne Chreidmheasa le Coinníollacha Feabhsaithe de chuid SCE, mar a bhunaítear in Airteagal 14 den Chonradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, faoi réir faireachas feabhsaithe, fiú mura bhfuil an cúnamh tarraingthe go fóill. I gcás ionstraimí cúnaimh airgeadais réamhchúraim nua de chuid SCE, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh de réir an cháis ar cé acu atá nó nach bhfuil údar le faireachas feabhsaithe chun cúnamh den sórt sin a fháil, lena n‑áiritheofar cur chuige níos caolchúisí agus níos spriocdhírithe i leith an fhaireachais. Tá an cumas breise ag an gCoimisiún fós na Ballstáit a chur faoi réir faireachais fheabhsaithe ar bhonn deonach, má tá údar leis.

Soiléirítear leis na hathruithe atá beartaithe ar Airteagal 14 raon feidhme agus cuspóir an fhaireachais iarchláir, i gcás ina mbeadh faireachas iarchláir dírithe ar fhaireachán agus ar mheasúnú a dhéanamh ar acmhainneacht aisíocaíochta na mBallstát a fuair cúnamh airgeadais, chomh maith le cur chun feidhme athchóirithe ábhartha nach gcumhdaítear cheana leis an bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta. Sainaithneofar san fhaireachas freisin an gá atá le bearta ceartaitheacha chun aon riosca aisíocaíochta a mhaolú. Trí chuspóirí agus fócas an fhaireachais iarchláir a shoiléiriú, cuirtear leis an rialachán leasaithe creat simplithe agus comhréireach ar fáil chun faireachas a dhéanamh ar Bhallstáit atá ag fágáil clár coigeartaithe eacnamaíoch.

Thairis sin, tugtar isteach leis na leasuithe córas cisealta faireachais iarchláir lena ndéantar idirdhealú idir an leibhéal grinnscrúdaithe de réir an riosca aisíocaíochta agus an gá atá le bearta ceartaitheacha. Cumasaíonn sé sin cur chuige níos frithghníomhaí agus níos spriocdhírithe maidir le faireachas iarchláir. Príomhghné den chóras sin is ea measúnú sonrach ar acmhainneacht an Bhallstáit an cúnamh airgeadais a fuarthas a aisíoc, measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún 5 bliana tar éis an faireachas iarchláir a chur i bhfeidhm. Cuirfear tosca san áireamh sa mheasúnú sin amhail inbhuanaitheacht fiachais, cóimheas idir fiachas agus OTI, nósanna imeachta um easnamh iomarcach, coinníollacha iasachtaíochta agus coinníollacha cobhsaíochta airgeadais. Má thagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon riosca ábhartha aisíocaíochta ann agus tar éis don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim a thabhairt uaidh, d’fhéadfaí measúnuithe tráthrialta a chur ar fionraí go ceann tréimhse 5 bliana, faoi réir coinníollacha áirithe. Éascaítear leis sin úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát clár coigeartaithe eacnamaíoch a fhágáil agus cur i bhfeidhm níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe an fhaireachais iarchláir a chur chun cinn, i gcomhréir le hiarrachtaí foriomlána simpliúcháin an Choimisiúin.

Déantar foráil le hAirteagal 18a nua maidir le socruithe riaracháin a bhunú idir an Coimisiún agus soláthraithe ábhartha cúnaimh airgeadais do Bhallstáit sa limistéar euro, lena n‑áirítear SCE. Tá sé d’aidhm ag na socruithe sin dlúthchomhar agus comhroinnt faisnéise a éascú idir an Coimisiún agus na soláthraithe sin, agus ar an gcaoi sin cur chuige comhordaithe agus comhtháite a áirithiú maidir le faireachas eacnamaíoch agus cúnamh airgeadais.

Tá sé beartaithe cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 maidir le Ballstáit a fuair cúnamh airgeadais an 30 Bealtaine 2013 (Airteagal 16) agus na forálacha idirthréimhseacha (Airteagal 17) a scriosadh toisc go bhfuil siad as dáta.

Ar deireadh, rinneadh na hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a ailíniú leis na hathbhreithnithe ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2024/1263 (Airteagal 19).

2025/0312 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136 de, i gcomhar le hAirteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 5 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , leagtar síos forálacha maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, i gcás (a) ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag na Ballstáit sin nó ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais nó le hinbhuanaitheacht a gcuid airgeadais phoiblí, as a neascraíonn éifeachtaí seach-iarmharta díobhálacha féideartha ar Bhallstáit eile sa limistéar euro; nó (b) ina niarrann nó ina bhfaigheann siad cúnamh airgeadais.

(2)Rinneadh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais in 2024. Ba é ab aidhm don athchóiriú faireachas eacnamaíoch éifeachtach a éascú, agus é leabaithe i gcreat comhchoiteann lena n‑áirithítear cóir chomhionann agus comhordú iltaobhach beartais. Ba iad cuspóirí an athchóirithe airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe, fás agus athléimneacht fhónta chuimsitheach a chur chun cinn a thuilleadh trí athchóirithe agus infheistíocht, cosc a chur le heasnaimh iomarcacha a bheith ann, agus úinéireacht náisiúnta a neartú. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tugadh isteach leis an athchóiriú coincheapa nua agus rinneadh athruithe ar struchtúr chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Cuireadh an tathchóiriú chun feidhme nuair a glacadh Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 , Rialachán (AE) 2024/1264 8 ón gComhairle agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle 9 .

(3)Sa Teachtaireacht uaidh an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’ 10 , leag an Coimisiún amach fís le haghaidh clár oibre maidir le cur chun feidhme agus simpliú a bhfuil sé d’aidhm aige borradh a chur faoin iomaíochas agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chosaint trí ualaí rialála a laghdú agus dlí an Aontais a shimpliú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca é a chur chun feidhme.

(4)I gcomhthéacs athchóiriú 2024 ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus d’fhonn reachtaíocht a shimpliú, a chomhdhlúthú agus a chódú, tá gá le leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 chun comhsheasmhacht le gníomhartha eile den chreat rialachais eacnamaíoch a áirithiú agus chun rannchuidiú lena chuíchóiriú agus lena shimpliú.

(5)Is iad pleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/1263, bunchloch athchóiriú 2024. Tháinig siad in ionad na gClár Cobhsaíochta agus na gClár um Chóineasú agus na gClár Náisiúnta um Athchóiriú, agus ar an gcaoi sin tugadh gealltanais fhioscacha, athchóirithe agus infheistíochta gach Ballstáit le chéile laistigh de chreat comhchoiteann. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a leasú chun tabhairt isteach na bpleananna fioscach-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta sa chreat comhchoiteann a chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart na hoibleagáidí a eascraíonn as plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur san áireamh go cuí i ndearadh cláir choigeartaithe eacnamaíoch, d’fhonn cur chuige comhleanúnach agus éifeachtach a áirithiú i leith aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhioscacha agus mhaicreacnamaíocha an Bhallstáit. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2024/1263, i gcás ina bhfuil Ballstát faoi réir clár coigeartaithe eacnamaíoch, níor cheart a cheangal air plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta ná tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn a chur isteach.

(6)Chruthaigh tíortha an limistéir euro an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (‘SECA’) mar shásra sealadach um réiteach géarchéime i mí an Mheithimh 2010. Ón 1 Iúil 2013, ní fhéadfaidh SECA a bheith bainteach le cláir nua maoiniúcháin a thuilleadh. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a leasú chun é sin a chur san áireamh.

(7)Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh éifeacht dhíspreagthach a bheith ag dearadh reatha an fhaireachais fheabhsaithe ar Bhallstáit a bhfuil cúnamh airgeadais réamhchúraim á lorg acu agus go bhféadfadh cur i bhfeidhm faireachais bhreise a bheith mar thoradh air nuair nach bhfuil údar leis. Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá le faireachas éifeachtach agus an gá atá ann gan na Ballstáit a dhíspreagadh cúnamh réamhchúraim a lorg, nuair is gá, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a leasú chun soiléiriú a dhéanamh ar na himthosca faoina bhfuil feidhm ag faireachas feabhsaithe nuair a fhaigheann Ballstáit cúnamh airgeadais réamhchúraim.

(8)Maidir le Ballstát a fhaigheann cúnamh airgeadais ar bhonn réamhchúraim ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (‘EFSM’), ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (‘SCE’) nó ó institiúid idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile, amhail an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (‘CAI’), a dteastaíonn bearta beartais nua a ghlacadh ina leith, ba cheart an Ballstát sin a bheith faoi réir faireachas feabhsaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, lena náirítear mura bhfuil an cúnamh airgeadais sin tarraingthe go fóill. Teastaíonn bearta beartais nua den sórt sin i leith Líne Chreidmheasa le Coinníollacha Feabhsaithe de chuid SCE agus, dá réir sin, ba cheart Ballstát a fhaigheann cúnamh airgeadais den sórt sin ar bhonn réamhchúraim a bheith faoi réir faireachas feabhsaithe. Maidir le hionstraimí nua cúnaimh airgeadais réamhchúraim de chuid SCE, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh de réir an cháis ar cé acu atá nó nach bhfuil bearta beartais nua den sórt sin agus, dá réir sin, cé acu atá nó nach bhfuil údar le faireachas feabhsaithe a chur i bhfeidhm faoi Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 mar gheall ar chúnamh airgeadais den sórt sin a bheith faighte ag Ballstát.

(9)Le Rialachán (AE) 1024/2013 ón gComhairle 11 , tugadh cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach (‘BCE’) maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa. Chun urraim a thabhairt do roinnt na bhfreagrachtaí idir BCE agus údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát rannpháirteach mar a bhunaítear leis an Rialachán sin, ba cheart na forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 maidir le faisnéis nó bearta maoirseachta i dtaca leis an earnáil airgeadais a shoiléiriú chun urraim a thabhairt do roinnt na bhfreagrachtaí sin.

(10)Déantar foráil le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 go bhfuil Ballstát atá ag fágáil clár coigeartaithe maicreacnamaíoch faoi réir faireachas iarchláir go dtí go naisíocfar 75 % den chúnamh airgeadais a fuarthas. Shainaithin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i dTuarascáil Speisialta Uimh. 18/2021 uaithi 12 , easnaimh áirithe in éifeachtacht an fhaireachais iarchláir, lena náirítear easpa fócais agus cuspóirí soiléire, agus forluí le próisis faireachais eacnamaíoch eile, amhail an Seimeastar Eorpach.

(11)I bhfianaise na dtorthaí sin, is gá Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a leasú chun cuspóir agus raon feidhme an fhaireachais iarchláir a shoiléiriú, chun a chomhleanúnachas le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a mhéadú agus dúbláil na gceanglas tuairiscithe a sheachaint. Go sonrach, ba cheart faireachas iarchláir a bheith dírithe ar fhaireachán agus ar mheasúnú a dhéanamh ar acmhainneacht aisíocaíochta an Bhallstáit lena mbaineann maidir leis an gcúnamh airgeadais a fuarthas, agus staid eacnamaíoch, bhuiséadach agus airgeadais an Bhallstáit sin á cur san áireamh. Ba cheart cur chun feidhme athchóirithe áirithe a chumhdach leis an bhfaireachas sin freisin, a mhéid nach bhfuil siad faoi réir faireacháin cheana féin faoin bplean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta. Ar deireadh, ba cheart a shainaithint leis an bhfaireachas iarchláir an gá atá le bearta ceartaitheacha chun na rioscaí aisíocaíochta maidir leis an gcúnamh airgeadais a fuarthas a mhaolú.

(12)Is gá freisin Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a leasú chun faireachas iarchláir a dhéanamh níos comhréirí le rioscaí, trí chóras cisealta faireachais a thabhairt isteach lena ndéantar idirdhealú idir an leibhéal grinnscrúdaithe de réir an riosca aisíocaíochta maidir leis an gcúnamh airgeadais a fuarthas agus an gá atá le bearta ceartaitheacha. Go háirithe, 5 bliana tar éis chur i bhfeidhm an fhaireachais iarchláir, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún measúnú sonrach a dhéanamh ar acmhainneacht an Bhallstáit an cúnamh airgeadais a fuarthas a aisíoc. Má thagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon riosca ábhartha ann maidir le hacmhainneacht an Bhallstáit an cúnamh airgeadais a aisíoc sa mheántéarma, ba cheart go bhféadfaí na measúnuithe tráthrialta a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 5 bliana, faoi réir aon athrú ábhartha ar na himthosca. Sula dtabharfaidh an Coimisiún an measúnú chun críche, ba cheart dó iarraidh ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim a thabhairt uaidh.

(13)Chun dlúthchomhar le SCE agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile a áirithiú agus Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 á chur chun feidhme ag an gCoimisiún, ba cheart dó leanúint de bheith ag féachaint leis na socruithe riaracháin is gá a bhunú. Cuidíonn socruithe den sórt sin lena áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí na ninstitiúidí agus na gcomhlachtaí éagsúla a bhfuil baint acu le soláthar cúnaimh airgeadais a chomhordú agus neartaíonn siad a chéile.

(14)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 472/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b): 

‘(b) go n‑iarrann nó go bhfaigheann siad cúnamh airgeadais ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, ón Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM), ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) nó ó institiúid idirnáisiúnta airgeadais eile amhail an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI).’

(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina bhfaigheann Ballstát cúnamh airgeadais ar bhonn réamhchúraim ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, ó EFSM, ó SCE, nó ó institiúid idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile, amhail CAI, a dteastaíonn bearta beartais nua a ghlacadh ina leith, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát sin faoi réir faireachas feabhsaithe.’

(b)scriostar míreanna 4 agus 5;

(3)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

Déanfaidh Ballstát atá faoi réir faireachas feabhsaithe, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus i gcomhar leis, ag gníomhú i gcuibhreann le BCE, ÚMEnna, BERS, agus, i gcás inarb iomchuí, CAI, bearta a ghlacadh arb é is aidhm dóibh dul i ngleic leis na húdair le deacrachtaí nó údair fhéideartha le deacrachtaí. Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Ballstát san áireamh aon mholadh a dhírítear chuige faoi Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997**, nó Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

______________

Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).

Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/oj ).’;

(b)scriostar mír 2;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát atá faoi réir faireachas feabhsaithe an méid seo a leanas:

(a)faisnéis dhí-chomhiomlánaithe a chur chuig an gCoimisiún, chuig BCE, agus i gcás inarb iomchuí chuig ÚMEnna ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, de réir na minicíochta arna hiarraidh, ar a chóras airgeadais, lena náirítear na torthaí ar aon tástáil struis nó ar aon anailís íogaireachta arna ndéanamh faoi phointe (b) den mhír seo;

(b)tástálacha struis nó anailísí íogaireachta, faoi mhaoirseacht BCE ina cháil mhaoirseachta nó, i gcás inarb iomchuí, faoi mhaoirseacht na ÚMEnna ábhartha, mar is gá chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na hearnála airgeadais ó thaobh turraingí maicreacnamaíocha agus airgeadais de chineálacha éagsúla, mar a shonróidh an Coimisiún agus BCE, i gcuibhreann leis na ÚMEnna ábhartha agus le BERS;

(c)beidh sé de cheangal air measúnuithe tráthrialta a chur isteach ar a cháileanna maoirseachta i dtaobh na hearnála airgeadais faoi chuimsiú athbhreithnithe shonraigh piaraí arna dhéanamh ag BCE, ina cháil mhaoirseachta, nó, i gcás inarb iomchuí, ag na ÚMEnna ábhartha;

(d)aon fhaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 a chur in iúl;

(e)aon fhaisnéis is gá chun críoch faireachais bhuiséadaigh a chur in iúl don Choimisiún.

Le cur i bhfeidhm na chéad fhomhíre, pointí (b) agus (c), den mhír seo, tabharfar urraim do na freagrachtaí a roinnt a bhunaítear le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle*.

I gcás inarb ábhartha, ullmhóidh BCE, ina cháil mhaoirseachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, agus na ÚMEnna ábhartha, i gcuibhreann le BERS, measúnú ar na leochaileachtaí féideartha sa chóras airgeadais agus cuirfidh siad an measúnú sin faoi bhráid an Choimisiúin, a mhinice a iarrann sé amhlaidh, agus faoi bhráid BCE.

Coinneoidh an Coimisiún, BCE, agus na ÚMEnna ábhartha aon fhaisnéis dhí-chomhiomlánaithe arna cur in iúl dóibh faoi rún.

______________

* Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj).’;

(d)scriostar mír 4;

(e)i mír 5, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

(a)‘Go hiondúil, gach ráithe, cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú in iúl do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus do CEA. Sa mheasúnú sin, déanfaidh sé scrúdú ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le bearta breise, go háirithe.’;

(4)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Maidir le Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige cúnamh airgeadais a iarraidh ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, cuirfidh SCE, nó institiúid idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile, amhail CAI, Uachtarán Mheitheal an Ghrúpa Euro, comhalta an Choimisiún atá freagrach as gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus Uachtarán BCE ar an eolas faoina rún.’;

(5)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘I gcás ina n‑iarrann Ballstát cúnamh airgeadais ó EFSM nó SCE, déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann le BCE agus, más féidir, le CAI, measúnú ar inbhuanaitheacht ollfhiachas rialtais an Bhallstáit sin agus ar a riachtanais airgeadais iarbhír nó fhéideartha. Cuirfidh an Coimisiún an measúnú sin faoi bhráid Mheitheal an Ghrúpa Euro i gcás ina bhfuiltear chun an cúnamh airgeadais a dheonú faoi SCE, agus faoi bhráid CEA i gcás ina bhfuiltear chun an cúnamh airgeadais a dheonú faoi EFSM.

Bunófar measúnú ar inbhuanaitheacht an ollfhiachais rialtais ar an gcás maicreacnamaíoch arb é is dóichí a tharlóidh nó ar chás níos stuama agus ar réamhaisnéis bhuiséadach ag úsáid na faisnéise is déanaí atá ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar thoradh an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar turraingí maicreacnamaíocha agus airgeadais agus forbairtí díobhálacha ar inbhuanaitheachtan ollfhiachais rialtais freisin.’

(6)Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina n‑iarrann Ballstát cúnaimh airgeadais ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile nó ó thríú tír amháin eile nó ó roinnt tríú tíortha eile, ó EFSM, ó SCE nó ó CAI, ullmhóidh sé, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, ag gníomhú i gcuibhreann le BCE agus, i gcás inarb iomchuí, le CAI, dréachtchlár coigeartaithe eacnamaíoch, lena n‑áireofar spriocanna buiséadacha bliantúla. I gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, i gcás ina bhfuil plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta gníomhach ag Ballstát, agus ina mbeidh an Ballstát sin faoi réir clár coigeartaithe eacnamaíoch, cuirfear an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta sin san áireamh i ndearadh cláir choigeartaithe eacnamaíoch.’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír:

‘Cuirfear san áireamh sa dréachtchlár coigeartaithe eacnamaíoch an cleachtas agus na hinstitiúidí um shocrú pá.’;

(b)i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil an meabhrán tuisceana arna shíniú ag an gCoimisiún thar ceann SCE comhsheasmhach go hiomlán leis an gclár coigeartaithe eacnamaíoch atá formheasta ag an gComhairle.’;

(c)i mír 4, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Gach 3 mhí, cuirfidh an Coimisiún CEA ar an eolas maidir le dul chun cinn den sórt sin. Rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhar leis an gCoimisiún agus le BCE go hiomlán. Tabharfaidh sé don Choimisiún agus do BCE, go háirithe, an fhaisnéis ar fad a mheasann siad a bheith riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir choigeartaithe eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 3(3).’;

(d)i mír 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

‘Maidir leis na hionstraimí sin, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún, trí chinneadh a bheidh dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann, na príomhcheanglais beartais, a mbeidh beartaithe ag SCE iad a áireamh sa choinníollacht maidir lena thacaíocht airgeadais, sa mhéid a thagann ábhar na mbeart sin faoi inniúlacht an Aontais mar a leagtar síos leis na Conarthaí é.

Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil an meabhrán tuisceana arna shíniú ag an gCoimisiún thar ceann SCE comhsheasmhach go hiomlán le cinneadh den sórt sin ón gComhairle.’;

(7)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)scriostar mír 1;

(b)leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) beidh sé díolmhaithe, de réir mar is iomchuí, ó na tuarascálacha faoi Airteagal 3(5) agus Airteagal 5(1a) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a chur isteach;’;

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) maidir leis an bhfaireachán dá bhforáiltear in Airteagal 7(4) den Rialachán seo, beidh sé díolmhaithe ón bhfhaireachán faoi Airteagal 10(1) agus Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 agus ón bhfaireachán atá mar bhunús le haon chinneadh faoi Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(2) den Rialachán sin.’;

(8)scriostar Airteagal 12;

(9)leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘1.  Beidh Ballstát faoi fhaireachas iarchláir a fhad is nach bhfuil íosmheid 75 % den chúnamh airgeadais a fuair sé ó Bhallstát amháin eile nó ó roinnt Ballstát eile, ó EFSM, ó SCE nó SECA aisíoctha. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, síneadh a chur leis an bhfhaireachas iarchláir i gcás riosca leanúnach maidir le hacmhainneacht an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh airgeadais a fuarthas a aisíoc. Measfar an togra ón gComhairle a bheith glactha ach amháin má chinneann an Chomhairle, trí thromlach cáilithe, diúltú dó laistigh de 10 lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é.’;

(b)cuirtear na míreanna 1a agus 1b seo a leanas isteach:

‘1a. Fad a bheidh Ballstát faoi fhaireachas iarchláir dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)acmhainneacht an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh airgeadais a fuarthas a aisíoc, agus a staid eacnamaíoch, bhuiséadach agus airgeadais á cur san áireamh;

(b)gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1263, cur chun feidhme aon athchóirithe a áirítear sa chlár coigeartaithe eacnamaíoch nó sa chinneadh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 7(12) den Rialachán seo;

(c)an gá atá le bearta ceartaitheacha chun rioscaí an Bhallstáit lena mbaineann a mhaolú chun an cúnamh airgeadais a fuarthas a aisíoc.

1b. Go hiondúil, cuirfidh an Coimisiún, i gcuibhreann le BCE, a mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 in iúl don choiste parlaiminteach inniúil, do CEA agus do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann gach 6 mhí.’;

(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘2. Arna iarraidh sin don Choimisiún, comhlíonfaidh Ballstát atá faoi fhaireachas iarchláir na ceanglais faoi Airteagal 3(3).’;

(d)cuirtear na míreanna 2a agus 2b seo a leanas isteach:

‘2a. 5 bliana tar éis chur i bhfeidhm an fhaireachais iarchláir, féadfaidh an Coimisiún measúnú sonrach a ullmhú ar acmhainneacht an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh airgeadais a fuarthas a aisíoc. Agus an measúnú sin á ullmhú, sa bhreis ar a anailís ar an staid eacnamaíoch, bhuiséadach agus airgeadais, lena n‑áirítear an plean fioscach-struchtúrach meántéarmach náisiúnta a chur chun feidhme, cuirfidh an Coimisiún na himthosca uile seo a leanas san áireamh: 

(a)cé acu atá nó nach bhfuil an cóimheas idir fiachas agus OTI os cionn 90 %; 

(b)cé acu atá nó nach bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 126(6) CFAE go bhfuil easnamh iomarcach ann;  

(c)anailís an Choimisiúin ar inbhuanaitheacht fiachais an Bhallstáit sin;

(d)coinníollacha iasachtaíochta an Bhallstáit sin;

(e)coinníollacha cobhsaíochta airgeadais an Bhallstáit sin.

Cuirfidh an Coimisiún a mheasúnú sonrach in iúl do CEA. Tar éis tuairim a fháil ó CEA, féadfaidh an Coimisiún na measúnuithe dá dtagraítear i mír 1a a chur ar fionraí ar feadh 5 bliana má thagann sé ar an gconclúid nach bhfuil aon riosca ábhartha ann sa mheántéarma maidir le hacmhainneacht an Bhallstáit lena mbaineann an cúnamh airgeadais a fuarthas a aisíoc.  

Cuirfidh an Coimisiún a chonclúidí maidir le fionraí na measúnuithe dá dtagraítear i mír 1 in iúl don choiste parlaiminteach inniúil, do CEA agus do pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann. 

2b. Tar éis don Choimisiún an nós imeachta a leagtar amach i mír 2a a chur i gcrích, cuirfidh sé measúnú nua ar fáil faoin mír sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)ar dhul in éag don fhionraí;

(b)má thagann athrú ar aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i mír 2a, pointe (a) nó (b);

(c)má tá aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i mír 2a, pointe (a) nó (b) níos measa go hábhartha .’;

(e)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann le BCE, misin athbhreithnithe sa Bhallstát atá faoi fhaireachas iarchláir de réir mar is gá chun críocha mhíreanna 1a, 2a agus 2b.’;

(f)cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

‘3a. Féadfaidh an coiste parlaiminteach inniúil deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann páirt a ghlacadh i malartú tuairimí maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoi fhaireachas iarchláir.

(10)scriostar Airteagail 16 agus 17;

(11)cuirtear an tAirteagal 18a seo a leanas isteach:

Airteagal 18a 

Socruithe riaracháin le SCE agus le hinstitiúidí airgeadais ábhartha eile

 

Féachfaidh an Coimisiún leis na socruithe riaracháin is gá a bhunú le SCE agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais ábhartha eile chun dlúthchomhar a áirithiú agus na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ndéanamh aige’;

(12)in Airteagal 19, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c) rannchuidiú an Rialacháin seo le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3

1.3.Cuspóirí3

1.3.1.Cuspóirí ginearálta3

1.3.2.Cuspóirí sonracha3

1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4

1.5.Foras an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as gníomhaíocht AE ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe8

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar10

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12

3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24

3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24

3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25

3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26

3.2.4.3.Iomlán na nacmhainní daonna a bheidh riachtanach26

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam29

4.Gnéithe digiteacha29

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30

4.2.Sonraí30

4.3.Réitigh dhigiteacha31

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 472/2013.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Is é an chéad chuspóir atá ag an togra an creat dlíthiúil a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a ailíniú le creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1466/97 (agus Rialachán (AE) 2024/1263 a chur ina ionad) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1467/97, agus forbairtí institiúideacha a tharla ó bhí 2013 ann a léiriú.

Is é an dara cuspóir an taithí agus léargas luachmhar a fuarthas trí chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a chur san áireamh, trí raon feidhme agus cur i bhfeidhm an fhaireachais fheabhsaithe agus an fhaireachais iarchláir araon a shoiléiriú. Agus an méid sin á dhéanamh, rannchuideoidh an togra freisin le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Chun comhsheasmhacht le creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais a áirithiú, leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, (i) tabharfar tagairtí do dhoiciméid agus do choincheapa a tugadh isteach le hathchóiriú 2024 cothrom le dáta, mar aon le crostagairtí do na píosaí reachtaíochta a leasaíodh mar chuid den athchóiriú sin; (ii) deireadh a chur le nósanna imeachta atá imithe i léig agus leis an gceanglas atá ar na Ballstáit doiciméid agus oibleagáidí tuairiscithe breise a chur ar fáil nach bhfuil gá leo a thuilleadh tar éis athchóiriú 2024.

Ina theannta sin, agus an taithí a fuarthas trí chur i bhfeidhm an fhaireachais fheabhsaithe á cur san áireamh, féachfar leis na leasuithe cur i bhfeidhm an fhaireachais fheabhsaithe a shoiléiriú nuair a fhaigheann Ballstát sa limistéar euro cúnamh airgeadais réamhchúraim. Ar deireadh, agus torthaí ábhartha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa á gcur san áireamh, leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, soiléireofar raon feidhme agus cuspóir an fhaireachais iarchláir, chomh maith lena chur i bhfeidhm, agus d’fhéadfaí faireachas a chuíchóiriú nuair atá údar leis.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Ba cheart go gcuirfeadh an togra cosc le dúbláil tuairiscithe agus go mbeadh laghdú ar an ualach riaracháin ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil saincheisteanna cobhsaíochta airgeadais ag bagairt orthu. Thairis sin, ba cheart a sheachaint leis an togra Ballstáit sa limistéar euro a dhíspreagadh cúnamh airgeadais réamhchúraim a iarraidh nuair is gá. Ar deireadh, ba cheart raon feidhme agus cuspóir an fhaireachais iarchláir a shoiléiriú leis an togra, a mbeidh cur chun feidhme chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais ar bhealach níos fearr mar thoradh air.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil gach 5 bliana, ina ndéanfar athbhreithniú ar (i) éifeachtacht na rialachán maidir lena gcuspóirí a bhaint amach; (ii) an dul chun cinn chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE; agus (iii) rannchuidiú na rialachán le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, bheadh togra chun na rialacháin a leasú ag gabháil leis an tuarascáil.

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 13  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Ní bhaineann le hábhar

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as gníomhaíocht AE ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante): Tá gá le beart ar leibhéal an Aontais i bhfianaise an róil a thugtar le Conarthaí an Aontais Eorpaigh chun comhordú agus faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha na mBallstát agus ar bheartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha na mBallstáit sa limistéir euro a áirithiú go háirithe, atá faoi réir éifeachtaí seach-iarmharta eacnamaíocha níos láidre, lena n‑áirítear éifeachtaí a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais. Ní féidir na spriocanna sin a bhaint amach le bearta na mBallstát amháin.

Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post): Is é an toradh a bheidh ar ghlacadh an rialacháin leasaithe go gcuirfidh na Ballstáit creat rialachais eacnamaíoch an Aontais chun feidhme ar bhealach níos fearr, agus ceanglais tuairiscithe na mBallstát á laghdú.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ní bhaineann le hábhar

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Ní bhaineann le hábhar

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Ní bhaineann le hábhar

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 fad teoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 Fad neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 14

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí dlí poiblí

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

Ní bheidh tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Ní bhaineann le hábhar

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Ní bhaineann le hábhar

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)

Ní bhaineann le hábhar

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Ní bhaineann le hábhar

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

Ní bheidh tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 15 .

ó thíortha de chuid CSTE 16

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 17

Ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

[XX.YY.YY.YY]

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

AS: <…….>

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1a)

 

 

 

 

0,000

Íocaíochtaí

(2a)

 

 

 

 

0,000

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

 

 

 

 

0,000

Íocaíochtaí

(2b)

 

 

 

 

0,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 18

Líne bhuiséid

 

(3)

 

 

 

 

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe

i gcomhair AS <…….>

Gealltanais

=1a+1b+3

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021‑2027

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí  

Gealltanais

(4)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Íocaíochtaí

(5)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <….>

Gealltanais

=4+6

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=5+6

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain  
2024

Bliain  
2025

Bliain  
2026

Bliain  
2027

Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 19

Meánchostas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 20

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2021 - 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Acmhainní daonna

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Caiteachas eile de chineál riaracháin

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha 21

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2024

2025

2026

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0

0

0

0

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

0

0

0

0

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 11 (Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh)

0

0

0

0

• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)

0

0

0

0

Riarachán Líne thacaíochta 
[XX.01.YY.YY]

- sa Cheanncheathrú

0

0

0

0

-i dToscaireachtaí an Aontais

0

0

0

0

01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)

0

0

0

0

01 01 01 12 (AC, END - Taighde díreach)

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7

0

0

0

0

Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7

0

0

0

0

IOMLÁN

0

0

0

0

An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):

Le cumhdach ag an bhfoireann reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin

Foireann bhreise eisceachtúil*

Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 nó Taighde

Le maoiniú ó líne BA

Le maoiniú ó tháillí

Poist sa phlean bunaíochta

Ní bhaineann le hábhar

Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha

IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027

2024

2025

2026

2027

CEANNTEIDEAL 7

Caiteachas TF (corparáideach) 

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

 

IOMLÁN

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain  
2024

Bliain  
2025

Bliain  
2026

Bliain  
2027

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

 
3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 22

Bliain 2024

Bliain 2025

Bliain 2026

Bliain 2027

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha

Leis na leasuithe atá beartaithe, ní bhunaítear aon cheanglas nua a bhaineann le cúrsaí digiteacha. Leis na hathruithe atá beartaithe, ní thugtar isteach aon oibleagáid bhreise ná aon fhoráil bhreise a bhaineann le bailiú, próiseáil, giniúint, malartú nó comhroinnt sonraí, uathoibriú nó digitiú próiseas páirtithe leasmhara, úsáid réiteach digiteach nua nó réiteach digiteach atá ann cheana, nó seirbhísí poiblí digiteacha. Dá bhrí sin, ní shainaithnítear aon cheanglas breise a bhaineann le cúrsaí digiteacha sa togra seo.

4.2.Sonraí

Ní bhaineann le hábhar

4.3.Réitigh dhigiteacha

Ní bhaineann le hábhar

4.4.Measúnú idir-inoibritheachta

Ní bhaineann le hábhar

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

Ní bhaineann le hábhar

(1)    Tuarascáil Speisialta 18/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: Faireachas an Choimisiúin ar Bhallstát atá ag fágáil clár coigeartaithe eacnamaíoch: uirlis iomchuí a dteastaíonn cuíchóiriú ina leith.
(2)    Teachtaireacht COM(2020) 55 final ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 Economic governance review, Report on the application of Regulations (EU) No 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 and 473/2013 and on the suitability of Council Directive 2011/85/EU [Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch, Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus 473/2013 agus maidir le hoiriúnacht Threoir 2011/85/AE ón gComhairle].
(3)    Teachtaireacht maidir le treoirlínte le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh, COM(2022) 583 final.
(4)    SWD(2020) 210 final.
(5)    IO C , , lch. .
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/472/oj ).
(7)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).
(8)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ).
(9)    Treoir (AE) 2024/1265 an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(10)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an 11 Feabhra 2025, ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’, COM(2025) 47 final.
(11)    Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj ).
(12)    Tuarascáil Speisialta 18/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: Faireachas an Choimisiúin ar Bhallstáit atá ag fágáil clár coigeartaithe eacnamaíoch: uirlis iomchuí a dteastaíonn cuíchóiriú ina leith.
(13)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(14)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget‑implementation/Pages/implementation‑methods.aspx .
(15)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(16)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(17)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(18)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(19)    Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, an líon iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(20)    Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóirí sonracha’
(21)    Sonraigh thíos cá mhéad de na haonaid de choibhéis lánaimseartha arna gcur in iúl a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar féidir iad a ath-imlonnú laistigh de d’Ard-Stiúrthóireacht, maille leis na glanriachtanais atá agat.
(22)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top