Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0571

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2028 go 2034

COM/2025/571 final

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 571 final

2025/0571(APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2028 go 2034


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Comhthéacs an togra

Sonraítear in Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) go leagfar síos le Rialachán ón gComhairle, a ghlacfaidh an Chomhairle d’aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, Creat Airgeadais Ilbhliantúil go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad. Cinnfear leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (‘CAI’) ‘méideanna na n‑uasteorainneacha bliantúla ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de réir aicme caiteachais agus méideanna na huasteorann bliantúla ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí’ agus leagfar síos leis ‘aon fhorálacha eile is gá chun go n‑oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh’.

An Creat Airgeadais Ilbhliantúil atá i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle), glacadh é an 17 Nollaig 2020 1 . An 16 Nollaig 2020, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach 2 .

Rinneadh Rialachán CAI a athscrúdú faoi dhó ó glacadh é in 2020. I mí na Nollag 2022 3 , tar éis chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, leasaíodh Rialachán CAI chun tacaíocht struchtúrach don Úcráin a chumasú, rud a d’fhág go rabhthas in ann EUR 18 mbilliún a sholáthar i bhfoirm iasachtaí don tír in 2023 agus 2024. I mí an Mheithimh 2023, thíolaic an Coimisiún athbhreithniú meántéarma ar fheidhmiú CAI sna chéad bhlianta dá chur chun feidhme, lena náirítear measúnú ar inbhuanaitheacht na nuasteorainneacha caiteachais 4 , mar aon le togra le haghaidh athscrúdú ar Rialachán CAI 5 chun cur ar chumas bhuiséad an Aontais freagairtí beartais a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus chun oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh nach bhféadfaí freastal orthu laistigh de na huasteorainneacha atá ann cheana ná le forálacha solúbthachta agus ionstraimí speisialta atá beagnach ídithe. Glacadh an tathscrúdú ar Rialachán CAI an 29 Feabhra 2024 6 , agus tá cur i bhfeidhm cúlghabhálach aige ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

I gcomhréir le ceanglais Airteagal 312 CFAE, tá an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an creat airgeadais ilbhliantúil is infheidhme ón 1 Eanáir 2028 sa doiciméad seo. Tá faisnéis sa mheabhrán míniúcháin freisin i ndáil leis an togra le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach nua idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 7 (‘an Comhaontú Idirinstitiúideach’), arb é is aidhm dó teacht in ionad Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020.

2.Buiséad dinimiciúil de chuid an Aontais le haghaidh thosaíochtaí na todhchaí

2.1.Príomh-threoirlínte polaitiúla

Leanann na tograí le haghaidh Rialachán CAI nua (‘Dréacht-Rialachán CAI’) agus le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach nua (‘Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach’) na prionsabail agus na príomhchuspóirí polaitiúla a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘XXXXXXXXX’ a glacadh an 16 Iúil 2025 8 (‘Teachtaireacht CAI’), go háirithe maidir le fad CAI, a struchtúr lena léirítear tosaíochtaí polaitiúla, an gá atá le solúbthacht mhéadaithe, agus na méideanna atá beartaithe do CAI féin.

2.2.Struchtúr CAI agus uasteorainneacha CAI

Beidh CAI 2028-2034 atá beartaithe bunaithe ar thrí cheannteideal a chomhfhreagraíonn do mhórearnálacha gníomhaíochta an Aontais a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais agus beidh sé dírithe ar thosaíochtaí beartais comhroinnte a bhaint amach. Cumhdaítear leis an gceathrú ceannteideal caiteachas ar riarachán poiblí Eorpach. Tá tuairisc i dTeachtaireacht CAI ar mhionsonraí an struchtúir agus na mbeartas a chumhdaítear faoi gach ceannteideal.

Chun tacú le tosaíochtaí an Aontais sa tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2034 agus a oibleagáidí aisíocaíochta faoi NextGenerationEU á gcomhlíonadh an tráth céanna, le haghaidh CAI 2028-2034, tá an Coimisiún ag moladh uasteorainn EUR 1 763,1 billiún le haghaidh gealltanas i bpraghsanna tairiseacha 2025 atá cothrom le 1,26 % de OIN an Aontais agus uasteorainn chomhfhreagrach íocaíochta EUR 1 761 billiún i bpraghsanna tairiseacha 2025 atá cothrom le 1,26 % de OIN an Aontais.

In éineacht leis an togra seo, tá togra athbhreithnithe á mholadh ag an gCoimisiún le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh 9 .

2.3.Solúbthacht

I dtírdhreach domhanda atá ag athrú go tapa, ní mór é a bheith d’acmhainn ag an Aontas gníomhú – agus freagairt – nuair a thagann athrú ar imthosca. Sin é an fáth a bhfuil níos mó solúbthachta ar fud an bhuiséid fhadtéarmaigh á moladh ag an gCoimisiún, agus an intuarthacht á caomhnú an tráth céanna, rud a fhágann go bhfuil buiséad an Aontais ina spreagadh cumhachtach don infheistíocht.

Bíonn tionchar ag roinnt paraiméadar ar mhéid solúbthachta nó dolúbthachta creata airgeadais, agus áirítear ar na paraiméadair sin fad na tréimhse a chumhdaítear le CAI, líon agus dearadh na gceannteideal caiteachais, an sciar de chaiteachas an Aontais arna leithdháileadh roimh ré ar na Ballstáit nó arna réamhchinneadh i reachtaíocht na gclár caiteachais earnála, na corrlaigh atá ar fáil laistigh de gach uasteorainn chaiteachais, agus na corrlaigh atá fágtha idir uasteorainneacha an chreata airgeadais agus uasteorainn na n‑acmhainní dílse. Chuir an Coimisiún na gnéithe sin san áireamh agus forbairt á déanamh aige ar a thograí don chéad CAI eile.

Is struchtúr níos simplí de CAI iad príomhghnéithe na solúbthachta le haghaidh na tréimhse 2028-2034 agus, laistigh den struchtúr sin, tá níos lú clár, sciar níos airde de mhéideanna neamhchláraithe, chomh maith le sásraí agus cúlchistí ionsuite lenar féidir freagairt níos fearr, níos tapúla agus nach bhfuil chomh suaiteach céanna a thabhairt ar riachtanais atá ag teacht chun cinn.

Tá gá le cothromaíocht níos fearr idir intuarthacht infheistíochta agus solúbthacht a aimsiú sa chéad CAI eile chun an fócas caiteachais a choigeartú agus chun freagairt do riachtanais agus do ghéarchéimeanna gan choinne.

Ba cheart imchlúdaigh airgeadais tháscacha le haghaidh cláir chaiteachais agus ionstraimí a bheith mar phríomhthagairt don chlárú airgeadais ilbhliantúil i gcónaí, ach ba cheart don údarás buiséadach a bheith in ann an fócas caiteachais a choigeartú sa nós imeachta buiséadach bliantúil.

Déanfar cuíchóiriú ar na hionstraimí speisialta lena gceadaítear leithreasuithe a chur isteach de bhreis ar na huasteorainneacha, agus leis an Ionstraim Corrlaigh Aonair cumasaítear corrlaigh roimhe sin nár úsáideadh a chomhthiomsú faoi bhun uasteorainneacha cheannteidil CAI agus ceadaítear iad a úsáid ar fud na réimsí beartais uile, agus leis an Ionstraim Sholúbthachta cuirtear tacaíocht ar fáil do riachtanais nua nó do riachtanais gan choinne. Áireofar san Ionstraim Sholúbthachta, sa bhreis ar mhéid seasta bliantúil, méideanna atá coibhéiseach le saoradh a rinneadh an bhliain roimhe sin chomh maith le glanfhíneálacha a iontráladh sa bhuiséad an bhliain roimhe sin.

Dá bhrí sin, áirítear sa bhosca uirlisí solúbthachta cuíchóirithe atá beartaithe a leagtar amach i nDréacht-Rialachán CAI ionstraim speisialta théamach amháin atá tiomnaithe do thacaíocht don Úcráin a mhaoiniú (‘an Cúlchiste don Úcráin’), agus dhá ionstraim speisialta neamhthéamacha, lena gcuirtear leis na sásraí atá ann cheana agus a treisíodh in CAI 2021-2027: an Ionstraim Corrlaigh Aonair agus an Ionstraim Sholúbthachta.

3.Eilimintí dlí an togra

Bunús dlí

Is iad Airteagal 312 CFAE agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach na bunúis dlí le glacadh CAI.

Coimhdeacht

Tagann an tionscnamh faoi réimse beartais ina bhfuil cumhachtaí eisiacha ag an Aontas (faoi Airteagal 312 CFAE). Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an méid is lú is gá chun na cuspóirí atá sonraithe a bhaint amach ar leibhéal na hEorpa ná thar an méid is gá chuige sin.

4.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

4.1.An Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil

Tá forálacha Dhréacht-Rialachán CAI leagtha amach i gceithre Chaibidil.

Caibidil 1 – Forálacha Ginearálta

Airteagal 1 – An Creat Airgeadais Ilbhliantúil

Sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 1 fad CAI a shocraítear le haghaidh 7 mbliana, ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2034.

Airteagal 2 – Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh

Tá an tAirteagal sin bunaithe ar Airteagal 2 de Rialachán(AE, Euratom) 2020/2093, a atáirgtear ach a dhéantar a shimpliú, a chuíchóiriú agus a oiriúnú freisin d’fhorbairtí a tharla le déanaí a bhaineann leis an Úcráin.

Sa chéad mhír d’Airteagal 2 déantar tagairt don Iarscríbhinn ina bhfuil tábla uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, agus leagtar síos oibleagáid ar na hinstitiúidí na huasteorainneacha a urramú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh i gcomhréir le forálacha CFAE. Scriostar na tagairtí do réimsí sonracha beartais.

Tugtar isteach leis an dara mír na hionstraimí speisialta a shainítear a thuilleadh i gCaibidil 3 (Airteagail 6 go 8), agus an prionsabal ag gabháil leis nach n‑áirítear na hionstraimí sin in CAI agus go soláthraítear a maoiniú in imthosca sonracha de bhreis ar uasteorainneacha CAI, le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí araon.

I gcomhréir le forálacha CAInna roimhe seo, foráiltear leis an tríú mír go n‑eisiafar ó CAI cumhdach buiséadach an chúnaimh airgeadais do na Ballstáit i bhfoirm iasachtaí chomh maith le cúnamh airgeadais i bhfoirm iasachtaí don Úcráin.

Dá réir sin, má tá ar an Aontas cloí leis na hoibleagáidí aisíocaíochta ó acmhainní bhuiséad an Aontais - i gcás nach ndéanfadh stát is tairbhí (Ballstát nó an Úcráin) an íocaíocht chuí in am - dhéanfaí na méideanna is gá a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI suas le teorainneacha uasteorainn na n‑acmhainní dílse (ón ‘lamháil’ mar a thugtar air).

Airteagal 3 – Urraim d’uasteorainn na n‑acmhainní dílse

San Airteagal sin, déantar téacs Airteagal 3 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a atáirgeadh. Ní mór a áirithiú go gcomhlíontar uasteorainn na n‑acmhainní dílse le haghaidh gach bliana. Más é an toradh a bheadh ar na huasteorainneacha do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ráta glao isteach d’acmhainní dílse a sháraíonn uasteorainn na n‑acmhainní dílse, ní mór uasteorainneacha CAI a leasú trí athscrúdú a dhéanamh ar CAI (Airteagal 9).

Caibidil 2 – Coigeartuithe ar CAI agus forálacha sonracha

Airteagal 4 – Coigeartú teicniúil

Tá an tAirteagal sin bunaithe ar théacs Airteagal 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093. Tugtar an creat airgeadais i bpraghsanna tairiseacha 2025. Déantar an chéad mhír a shimpliú agus a oiriúnú chun na forbairtí a bhaineann le hionstraimí speisialta a léiriú.

Déantar foráil sa dara mír maidir le modh nua chun méideanna na n‑uasteorainneacha caiteachais agus méideanna eile a leagtar amach in CAI a chomhshó ó phraghsanna tairiseacha 2025 go praghsanna reatha. Tá sé d’aidhm ag an modh nua sin aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí a bhaineann le timpeallacht boilscithe luainigh. Tá an coigeartú bliantúil fós bunaithe ar dhíbhoilsceoir atá seasta ach inchoigeartaithe. Go praiticiúil, beidh an coigeartú praghais bliantúil cothrom le 2 % aon uair a bheidh boilsciú an Aontais idir 1 % agus 3 %, agus beidh sé cothrom leis an ráta réamhaisnéise boilscithe iarbhír aon uair a bheidh an réamhaisnéis bhoilscithe iarbhír níos ísle ná 1 % nó níos airde ná 3 %. Díbhoilsceoir praghsanna OTI AE-27 a bheidh sa ráta tagartha boilscithe.

Fanann an chuid eile den fhoráil, agus an nós imeachta san áireamh, mar atá sa Rialachán atá ann faoi láthair.

Airteagal 5 – Forálacha a bhaineann le bearta atá nasctha le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

Tugtar isteach leis an Airteagal sin forálacha sonracha chun infhaighteacht leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a áirithiú le linn na tréimhse fionraí a cheadaítear nuair a ghlactar bearta a bhaineann le gealltanais bhuiséadacha a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b), pointí (i) agus (ii) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint 10 . I gcásanna den chineál sin, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana airgeadais lena mbaineann a thabhairt anonn chuig na blianta airgeadais ina dhiaidh sin.

Tá an tabhairt anonn teoranta do thréimhse 2 bhliain, i gcomhréir leis an teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, agus ina dhiaidh sin rachaidh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn in éag mura nglacfar cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena gcuirtear deireadh leis an bhfionraí.

Caibidil 3 – Ionstraimí speisialta

Rinneadh an chaibidil maidir le hionstraimí speisialta a shimpliú agus a chuíchóiriú. Dá bhrí sin, ní áirítear sa bhosca uirlisí solúbthachta cuíchóirithe a leagtar amach i Rialachán CAI atá beartaithe ach ionstraim speisialta théamach amháin atá tiomnaithe do thacaíocht don Úcráin a mhaoiniú, agus dhá ionstraim speisialta neamhthéamacha, lena gcuirtear leis na sásraí atá ann cheana agus a treisíodh in CAI 2021-2027: an Ionstraim Corrlaigh Aonair agus an Ionstraim Sholúbthachta. Is iad an dá ionstraim speisialta neamhthéamacha sin an t‑aon uirlis amháin lena dtugtar an deis aghaidh a thabhairt ar imeachtaí dothuartha nó ar thosaíochtaí nua agus ar thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar fud na línte buiséid go léir.

Airteagal 6 – An Cúlchiste don Úcráin

Cruthaítear ionstraim speisialta théamach nua chun gur féidir leis an Aontas leanúint de bheith ag tacú leis an Úcráin a fhad is gá, agus de bheith ag cuidiú go daingean leis an Úcráin agus í ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas. Tá an ionstraim speisialta sin nasctha le Rialachán (AE) [XXX] 11 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Eoraip Dhomhanda]. Na leithreasuithe le haghaidh na coda sin den tacaíocht don Úcráin faoin [Eoraip Dhomhanda] a sholáthraítear i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus soláthar ráthaíochtaí buiséadacha, soláthrófar na leithreasuithe sin tríd an ionstraim speisialta théamach sin. Déanfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a shlógadh go bliantúil faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE, de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

Airteagal 7 – Ionstraim Corrlaigh Aonair

Comhfhreagraíonn an tAirteagal sin d’Airteagal 11 de Rialachán 2020/2093 agus rinneadh é a shimpliú. Mar is amhlaidh faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, leis an Ionstraim Corrlaigh Aonair, is féidir corrlaigh gealltanas agus/nó corrlaigh íocaíochta atá ar fáil ón am a chuaigh thart a úsáid chun caiteachas breise os cionn na n‑uasteorainneacha a mhaoiniú.

Déantar an sásra a chumhdaítear le hAirteagal 11(1)(a) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a choinneáil ar bun agus a athainmniú mar an Corrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas. Déantar an sásra a chumhdaítear le hAirteagal 11(1)(b) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a choinneáil ar bun agus a athainmniú mar an Corrlach Foriomlán le haghaidh Íocaíochtaí. Beidh feidhm ag an dá shásra ó 2029 ar aghaidh. Déantar an sásra a chumhdaítear le hAirteagal 11(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a athainmniú mar an Corrlach Teagmhais. Tá sé fós ina bheart rogha deiridh nach féidir dul ina muinín ach amháin más é nach leor an Corrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas agus an Corrlach Foriomlán le haghaidh Íocaíochtaí. Mar is amhlaidh i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Corrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas agus an Corrlach Teagmhais a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE. Cuirfear uasteorainn 0,04 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais leis an gCorrlach Teagmhais le haghaidh bliain ar leith. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an coigeartú don Chorrlach Foriomlán le haghaidh Íocaíochtaí, ag tosú in 2029, mar chuid den choigeartú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 8 – An Ionstraim Sholúbthachta

Comhfhreagraíonn an tAirteagal sin d’Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093. Méadófar méid seasta bliantúil na hIonstraime Solúbthachta go EUR 2 bhilliún (i bpraghsanna 2025).

Ina theannta sin, agus i gcomhréir le sásraí atá ann cheana sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil atá ann faoi láthair (Ionstraim EURI agus coigeartú clárshonrach), déanfar an Ionstraim Sholúbthachta a threisiú gach bliain leis na méideanna seo a leanas:

méid atá coibhéiseach le saoradh na leithreasuithe, seachas ioncam sannta seachtrach, a rinneadh sa bhliain n2, cé is moite de mhéideanna a saoradh a cuireadh ar fáil arís i gcomhréir le Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus le forálacha Rialachán [(AE) XXXX/XX] [An Ciste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí], chomh maith le

méid atá coibhéiseach le glanfhíneálacha, pionóis eile, smachtbhannaí agus aon ús fabhraithe nó aon ioncam eile arna ghiniúint acu arna bhforchur ag institiúidí an Aontais 12 a iontráiltear i mbuiséad na bliana n2 i gcomhréir le hAirteagal 107 den Rialachán Airgeadais.

Leanfar de ríomh na méideanna a bheidh ar fáil faoin Ionstraim Sholúbthachta a chur in iúl faoin gcoigeartú teicniúil bliantúil a leagtar amach in Airteagal 4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE. Féadfar aon mhéid nár úsáideadh faoin Ionstraim Sholúbthachta a thabhairt anonn ar feadh thréimhse iomlán CAI.

Caibidil 4 Athscrúdú ar CAI

Gan dochar do cheart tionscnaimh an Choimisiúin, déantar tagairt le forálacha na Caibidle sin do chásanna ina meastar go bhfuil gá le hathscrúdú ar CAI agus ba cheart é sin a shainaithint go sonrach i Rialachán CAI dá bhrí sin.

Airteagal 9 – Athscrúdú ar CAI chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n‑acmhainní dílse

Tagraítear san Airteagal sin don cheanglas uasteorainneacha CAI a athscrúdú síos más gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n‑acmhainní dílse (Airteagal 3(2)).

Airteagal 10 – Athscrúdú ar CAI i gcás ina ndéanfar athscrúdú ar na Conarthaí

San Airteagal sin, déantar téacs Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a atáirgeadh.

Airteagal 11 – Athscrúdú ar CAI i gcás aontachas Ballstát nua leis an Aontas

Cumhdaítear leis an Airteagal sin aontachas Ballstát nua leis an Aontas.

Airteagal 12 – Athscrúdú ar CAI i gcás athaontú na Cipire

San Airteagal sin, déantar téacs Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a atáirgeadh.

Caibidil 5 - Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13 – Aistriú i dtreo an chéad chreata airgeadais eile

Comhfhreagraíonn foclaíocht an Airteagail sin d’Airteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093. Leagtar síos leis an oibleagáid ar an gCoimisiún togra le haghaidh CAI nua a thíolacadh faoin 1 Iúil 2033.

Airteagal 14 – Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Socraítear leis an Airteagal deiridh dáta theacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm CAI.

Ba cheart an Comhaontú Idirinstitiúideach a theacht i bhfeidhm an lá céanna, toisc go gcomhlánaíonn an dá théacs dlí a chéile.

4.2.Comhaontú Idirinstitiúideach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais

Leis an dréacht-chomhaontú idirinstitiúideach nua cuirtear leis na socruithe comhair a leagtar amach in CAInna a bhí ann roimhe seo d’fhonn an comhar idirinstitiúideach maidir le hábhair bhuiséadacha a neartú agus d’fhonn feabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Prionsabail a leagadh amach ar dtús sa Chomhaontú Idirinstitiúideach, rinneadh iad a chuimsiú san athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais in 2024. Dá bhrí sin, ní gá na prionsabail sin a bheith sa Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach a thuilleadh.

Réamhrá — Pointí 1 go 6 den Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach

Leis an gcuid réamhráiteach den Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach, tugtar isteach tagairt d’Airteagal 295 CFAE, leagtar béim ar chineál ceangailteach an chomhaontaithe, ar a chomhleanúnachas le gníomhartha dlí eile a bhaineann le CAI agus leis an nós imeachta buiséadach, tugtar tuairisc ar struchtúr an Dréacht-Chomhaontaithe, agus sonraítear dáta a theacht i bhfeidhm (an dáta céanna le CAI).

Cuid I – Comhar idirinstitiúideach i ndáil le CAI

A. Forálacha a bhaineann le comhar idirinstitiúideach le linn an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh CAI

Comhfhreagraíonn pointe 7 do phointe 15 den Chomhaontú Idirinstitiúideach atá ann faoi láthair. Déantar foráil ann maidir le bearta comhair idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (‘Institiúidí’) le linn na caibidlíochta ar Rialachán CAI nó le linn aon athscrúdú air mar a leagtar amach in Airteagal 312(5) CFAE, chun glacadh Rialachán CAI a éascú i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta dá dtagraítear in Airteagal 312(2) CFAE.

B. Forálacha a bhaineann le hionstraimí speisialta

Sainítear i bpointí 8 agus 9 na nósanna imeachta is infheidhme maidir le slógadh na n‑ionstraimí speisialta seo a leanas a leagtar amach i Rialachán CAI: an Ionstraim Sholúbthachta agus an Corrlach Teagmhais.

Cuid II – Feabhas a chur ar chomhar idirinstitiúideach in ábhair bhuiséadacha

A. An nós imeachta um chomhar idirinstitiúideach

Tagraítear i bpointí 10 agus 11 do chuimsiú forálacha airgeadais i ngníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaineann le cláir ilbhliantúla nó ionstraimí ilbhliantúla agus don chlárú táscach airgeadais.

Soláthraítear i bpointe 11 mionsonraí na faisnéise atá le bheith sa chlárú airgeadais, lena sainaithnítear go cuí cláir ilbhliantúla, gníomhartha dlí lena mbunaítear cúraimí nó lena gcuirtear na cúraimí sin ar ghníomhaireachtaí díláraithe, agus gníomhaíochtaí bliantúla. Ba cheart a léiriú go trédhearcach sa chlárú táscach airgeadais freisin cúlchistí neamh-leithdháilte laistigh de chláir ilbhliantúla.

B. Gníomhaireachtaí Díláraithe agus Scoileanna Eorpacha.

Coinnítear ar bun na socruithe seanbhunaithe agus an nós imeachta um chomhar idirinstitiúideach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe nua a mhaoiniú nó reachtaíocht nua ina bhfuil leasuithe ar chúraimí na ngníomhaireachtaí díláraithe atá ann cheana (pointí 12 go 14). Tá siad gan athrú ón gComhaontú Idirinstitiúideach atá ann faoi láthair.

C. An nós imeachta um ghrinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith acu do bhuiséad an Aontais

An nós imeachta um ghrinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith acu do bhuiséad an Aontais, a comhaontaíodh ar dtús an 16 Nollaig 2020 i bhfoirm dearbhú comhpháirteach, déantar an nós imeachta sin a chuimsiú i bpointí 15 agus 16 sa Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach 13 .

Cuid III – Comhar idirinstitiúideach sa nós imeachta buiséadach bliantúil

Déantar foráil sa chuid sin den Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach, agus san Iarscríbhinn, maidir le prionsabail agus socruithe mionsonraithe le haghaidh an chomhair idir na hInstitiúidí sa nós imeachta buiséadach bliantúil.

Leagtar amach i bpointe 17 prionsabail an chomhair idir na hInstitiúidí chun an nós imeachta buiséadach bliantúil a éascú, lena n‑áirítear cruinnithe tríthaobhacha buiséadacha a eagrú, a leagadh amach roimhe sin in Airteagal 19 de Rialachán CAI. Mar a bhí roimhe seo, tugtar tuairisc ar na nósanna imeachta mionsonraithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach.

Baineann pointe 18 leis na corrlaigh faoi na huasteorainneacha agus le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais sa nós imeachta buiséadach bliantúil atá i bpointe 7 den Chomhaontú Idirinstitiúideach atá ann faoi láthair. Bunaítear le Rialachán CAI uasteorainneacha bliantúla caiteachais le haghaidh gach ceannteidil, nach mór a urramú le linn gach nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil mar a cheanglaítear leis na Conarthaí. Mar sin féin, ba cheart an cleachtas chun corrlaigh leordhóthanacha a áirithiú a mhéid is féidir faoi na huasteorainneacha a chaomhnú. Is gné é de chomhar idirinstitiúideach agus de dhea-thoil na nInstitiúidí sa nós imeachta buiséadach.

A. Cur chun feidhme an bhuiséid, íocaíochtaí agus gealltanais le híoc (RAL)

I dteannta cruinnithe tríthaobhacha buiséadacha a eagraítear ag pointí tábhachtacha sa nós imeachta buiséadach bliantúil, is léir gur uirlis luachmhar faisnéise frithpháirtí agus malartuithe tuairimí idir na hInstitiúidí é cleachtas na gcruinnithe idirinstitiúideacha tiomnaithe maidir le saincheisteanna sonracha. Tá sé beartaithe leanúint de na socruithe sin mar a thuairiscítear i bpointe 19 den Dréacht-Chomhaontú Idirinstitiúideach, ach rinneadh foráil maidir le cruinnithe den sórt sin roimhe seo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach.

I dteannta na saincheisteanna maidir le réamhaisnéisí íocaíochta agus faireachán ar fhorbairt na ngealltanas le híoc (RAL), d’fhéadfadh na cruinnithe sin a bheith ina ndeis chun tuairimí a chur i láthair agus a mhalartú maidir le tuarascálacha sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais atá ábhartha don údarás buiséadach, amhail an réamhaisnéis fhadtéarmach ar insreafaí agus eis-sreafaí amach anseo agus an mheastóireacht bhliantúil ar chúrsaí airgeadais an Aontais bunaithe ar na torthaí a baineadh amach (Airteagal 253(1)(c) agus (e) den Rialachán Airgeadais) nó an tuarascáil bhliantúil maidir le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais agus inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach sin (Airteagal 256 den Rialachán Airgeadais).

B. Caiteachas a bhaineann le Comhaontuithe Iascaigh

I bpointí 20 agus 21, coinnítear ar bun socruithe an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh atá ann faoi láthair a bhaineann le comhar agus faisnéis maidir le hábhair bhuiséadacha i ndáil le comhaontuithe iascaigh, agus tá soiléirithe ann maidir leis na méideanna atá le hiontráil sa bhuiséad ar an líne bhuiséid oibríochtúil nó sa chúlchiste faoi seach. Tá sé beartaithe go n‑áireofar sa phríomhlíne bhuiséid oibríochtúil méideanna le haghaidh comhaontuithe iascaigh nua nó le haghaidh athnuachan comhaontuithe iascaigh a mheastar a thiocfaidh i bhfeidhm nó a chuirfear i bhfeidhm go sealadach faoin 1 Eanáir den bhliain airgeadais lena mbaineann.

C. Maoiniú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála

I bpointe 22, déantar téacs phointe 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach atá ann faoi láthair a atáirgeadh.

I bpointe 23, déantar pointe 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach atá ann faoi láthair a atáirgeadh den chuid is mó.

Tá pointe 24 gan athrú ón gComhaontú Idirinstitiúideach atá ann faoi láthair.

Iarscríbhinn – Comhar idirinstitiúideach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh

Tá na forálacha atá san Iarscríbhinn gan athrú den chuid is mó ón gComhaontú Idirinstitiúideach atá ann faoi láthair, toisc gur léir gur bonn fónta iad don chomhar idir institiúidí.

Mar sin féin, tugtar isteach modhnuithe i bpointí 2 agus 5 chun an méid seo a leanas a shonrú:

sa chéad chruinniú tríthaobhach den bhliain, pléifidh na hInstitiúidí na tosaíochtaí cistiúcháin le haghaidh bhuiséad na bliana airgeadais atá le teacht, agus tosaíochtaí beartais an Aontais a shainaithin na hInstitiúidí i ndoiciméid ábhartha á gcur san áireamh. Beidh sé d’aidhm ag an bplé bonn eolais a chur faoin nós imeachta buiséadach agus féachaint ar an mbealach is fearr is féidir na tosaíochtaí a léiriú sa chéad bhuiséad eile.

Ba cheart ceanglais mhaoinithe iarbhír an Aontais i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais a chur in iúl sa togra ón gCoimisiún le haghaidh an dréachtbhuiséid.

2025/0571 (APP)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2028 go 2034

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 14 ,

Tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 

Tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Agus an gá atá le leibhéal leordhóthanach intuarthachta chun infheistíochtaí fadtéarma a ullmhú agus a chur chun feidhme á chur san áireamh, ba cheart a shocrú gur 7 mbliana dar tús an 1 Eanáir 2028 ré an chreata airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’).

(2)I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 312(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart buiséad bliantúil an Aontais (‘an buiséad’) a bheith i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

(3)Níor cheart na míreanna caiteachais buiséid a mhaoinítear trí ioncam sannta de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 (an ‘Rialachán Airgeadais’) a chur san áireamh in CAI.

(4)Ba cheart CAI a leagan síos i bpraghsanna 2025. Ba cheart na rialacha a leagan síos freisin maidir le coigeartuithe teicniúla bliantúla ar CAI chun na huasteorainneacha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, an uasteorainn le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus méideanna eile a leagtar amach sa rialachán seo a athríomh. Ba cheart a chur san áireamh sa choigeartú ar phraghsanna reatha na sonraí agus na réamhaisnéisí is déanaí maidir le díbhoilsceoir na holltáirgeachta intíre le haghaidh an Aontais, arna soláthar an Coimisiún, atá ar fáil nuair a dhéantar an coigeartú teicniúil bliantúil.

(5)Leis na huasteorainneacha bliantúla le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de réir catagóir chaiteachais agus na huasteorainneacha bliantúla le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart na huasteorainneacha is infheidhme le haghaidh acmhainní dílse a urramú, a shocraítear i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm a glacadh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 311 de CFAE (‘an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse’).

(6)I gcás inar gá na ráthaíochtaí a tugadh faoin mbuiséad a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais do na Ballstáit nó don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 223(1) den Rialachán Airgeadais, ba cheart an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí CAI, agus uasteorainn na nacmhainní dílse á hurramú an tráth céanna.

(7)Ba cheart forálacha sonracha a leagan síos chun infhaighteacht leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a sholáthar le linn na tréimhse fionraí nuair a ghlactar bearta a bhaineann le gealltanais bhuiséadacha i leith chistí an Aontais a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (b) (i) agus (ii) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint 16 . Ba cheart an teorainn ama n+2 a leagtar amach sa Rialachán sin a urramú leis na forálacha sin.

(8)Ba cheart solúbthacht shonrach agus an tsolúbthacht is mó is féidir a bheith ag an Aontas chun a oibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 323 CFAE. Is iomchuí ionstraimí speisialta a bhunú lena bhféadfar leithreasuithe a iontráil de bhreis ar uasteorainneacha CAI mar chuid de na forálacha is gá chun go bhfeidhmeoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go rianúil.

(9)Ba cheart forálacha sonracha a dhéanamh don fhéidearthacht leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a chur sa bhuiséad de bhreis ar na huasteorainneacha a leagtar amach in CAI i gcás inar gá leas a bhaint as ionstraimí speisialta.

(10)Leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú leis an Úcráin a fhad is gá, agus cuideoidh sé go daingean leis an Úcráin agus í ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas. De dheasca scála an damáiste a rinne cogadh foghach na Rúise don Úcráin, tá gá le tacaíocht shuntasach sholúbtha don Úcráin chun feidhmeanna a rialtais a choinneáil ar bun, seirbhísí poiblí a sholáthar, chomh maith le tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre. Chuige sin, leagtar amach i Rialachán (AE) [XXX]  17 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Eoraip Dhomhanda] creat sonrach le haghaidh cúnaimh, téarnamh tapa, atógáil agus nuachóiriú na tíre, chun infheistíochtaí a shlógadh agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, chomh maith le hailíniú na hÚcráine le caighdeáin agus luachanna an Aontais a éascú agus í ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas.

(11)Ba cheart an tacaíocht don Úcráin faoi Rialachán (AE) [XXX] [an Eoraip Dhomhanda] a bheith solúbtha, chun foirm agus leibhéal leordhóthanach tacaíochta a sholáthar. Ba cheart tacaíocht a sholáthar i bhfoirm iasachtaí, tacaíocht neamh-inaisíoctha agus soláthar le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha. Maidir leis an gcuid sin den tacaíocht don Úcráin faoin Rialachán sin a sholáthraítear i bhfoirm iasachtaí, ba cheart a bheith in ann na leithreasuithe is gá a shlógadh sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha CAI le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin a bheidh ar fáil go dtí deireadh 2034. Maidir leis an gcuid sin den tacaíocht don Úcráin faoin Eoraip Dhomhanda a sholáthraítear i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus soláthar ráthaíochtaí buiséadacha, ba cheart na leithreasuithe a sholáthar trí ionstraim speisialta théamach, is é sin ‘an Cúlchiste don Úcráine’. Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a shlógadh go bliantúil faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE, de bhreis ar uasteorainneacha CAI le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

(12)Maidir le hintuarthacht na tacaíochta don Úcráin faoi Rialachán (AE) [XXX] [an Eoraip Dhomhanda] agus ar mhaithe le forbairt rianúil caiteachais, is iomchuí uasmhéideanna a leagan amach a fhéadfar a chur ar fáil go bliantúil don Chúlchiste don Úcráin le linn shaolré CAI.

(13)Tá gá le hionstraimí speisialta neamhthéamacha chun solúbthacht a sholáthar i bhfabhar aon cheannteideal de CAI de réir riachtanas, agus chun an nós imeachta buiséadach a éascú. Leis an Ionstraim Corrlaigh Aonair, ba cheart a bheith in ann na corrlaigh a bheidh ar fáil faoi na huasteorainneacha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach a aistriú idir na blianta airgeadais agus, i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, idir ceannteidil CAI, gan dul thar mhéideanna iomlána uasteorainneacha CAI le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí le linn thréimhse iomlán CAI. I gcomhréir le bainistíocht fhónta airgeadais agus buiséadú stuama, ba cheart slógadh méideanna corrlach ón mbliain airgeadais reatha agus ó na blianta airgeadais amach anseo a bheith ina rogha dheiridh.

(14)Ba cheart an Ionstraim Sholúbthachta a bheith ar fáil chun gur féidir caiteachas sonrach gan choinne le haghaidh bliain airgeadais ar leith a mhaoiniú. Ba cheart an Ionstraim Sholúbthachta a bheith comhdhéanta de mhéid socraithe, chomh maith le méideanna atá coibhéiseach le hioncam arna bhailiú de bhun chur chun feidhme bheartais an Aontais, amhail fíneálacha, pionóis eile, smachtbhannaí agus aon ús fabhraithe nó ioncam eile arna ghiniúint acu arna bhforchur ag institiúidí an Aontais, agus méideanna atá coibhéiseach le saoradh leithreasuithe, seachas ioncam sannta seachtrach, cé is moite de mhéideanna arna gcur ar fáil arís i gcomhréir le rialacha sonracha maidir le leithreasuithe a chomhfhreagraíonn do ghealltanais a saoradh a chur ar fáil arís.

(15)Is éard atá i méadú an Aontais infheistíocht straitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht, agus sa rathúnas san Eoraip, agus fágann sé gur féidir leis an Aontas a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Is gá foráil a dhéanamh maidir le hathscrúdú ar CAI i gcás aontachas Ballstát nua leis an Aontas.

(16)Is gá freisin foráil a dhéanamh maidir le hathscrúdú ar CAI i gcás athscrúdú ar na Conarthaí a bhfuil impleachtaí buiséadacha acu, i gcás athaontú na Cipire, agus, i gcás ina bhfágfadh na himthosca gur gá sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh CAI na huasteorainneacha acmhainní dílse.

(17)Ba cheart don Choimisiún togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua a thíolacadh roimh an 1 Iúil 2033, chun é a chur ar a gcumas do na hinstitiúidí é a ghlacadh in am is i dtráth sula gcuirfear tús leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil ina dhiaidh sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1
Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Creat Airgeadais Ilbhliantúil

Leis an Rialachán seo, leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2028 go 2034 (‘CAI’).

Airteagal 2
Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh

1.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (‘na hInstitiúidí’), le linn gach nós imeachta bhuiséadaigh agus tráth a bheidh buiséad bliantúil an Aontais (‘an buiséad’) le haghaidh na bliana lena mbaineann á chur chun feidhme acu, na huasteorainneacha bliantúla caiteachais a leagtar amach san Iarscríbhinn a chomhlíonadh (‘uasteorainneacha CAI’).

2.I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ó na hionstraimí speisialta dá bhforáiltear in Airteagail 6 agus 8, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI.

I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ón Ionstraim Corrlaigh Aonair mar a leagtar síos in Airteagal 7, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI le haghaidh bliain ar leith.

3.I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 223(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 223(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

Airteagal 3
Urraim d’uasteorainn na
nacmhainní dílse

1.I ndáil le gach ceann de na blianta a chumhdaítear le CAI, ní eascróidh ráta glaoite isteach le haghaidh acmhainní dílse lena rachfar thar uasteorainn na nacmhainní dílse a leagtar amach sa chinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm a glacadh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 311 CFAE (an ‘Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse’) as na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a éilítear, tar éis an choigeartaithe bhliantúil agus aon choigeartú agus athscrúdú eile, chomh maith le cur i bhfeidhm Airteagal 2(2) agus (3), a chur san áireamh.

2.I gcás inar gá, déanfar uasteorainneacha CAI a ísliú chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na nacmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

Caibidil 2
Coigeartuithe ar CAI agus forálacha sonracha

Airteagal 4
Coigeartuithe teicniúla

1.Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla seo a leanas ar CAI gach bliain, ag gníomhú dó sula gcuirfear an nós imeachta buiséadach le haghaidh na bliana n+1 i bhfeidhm:

(a)athluacháil, ag praghsanna na bliana n+1, ar na huasteorainneacha agus ar na figiúirí foriomlána do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

(b)ríomh den chorrlach atá ar fáil faoi uasteorainn na nacmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse;

(c)ríomh den Chorrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a);

(d)ríomh den choigeartú ar an uasteorainn le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoin gCorrlach Foriomlán le haghaidh Íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b);

(e)ríomh den uasmhéid le haghaidh an Chorrlaigh Teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (c);

(f)ríomh de na méideanna atá le cur ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta faoi Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

2.Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas, i gcomhréir le forbairt na holltáirgeachta intíre (OTI) agus na bpraghsanna agus bunaithe ar na sonraí eacnamaíocha agus na réamhaisnéisí is déanaí atá ar fáil:

(a)má thuartar go mbeidh boilsciú sa bhliain n+1 cothrom le 1 % nó níos airde agus cothrom le 3 % nó níos lú, déanfar na coigeartuithe teicniúla ar bhonn díbhoilsceoir seasta 2 % in aghaidh na bliana;

(b)má thuartar go mbeidh boilsciú sa bhliain n+1 faoi bhun 1 % nó níos airde ná 3 %, déanfar na coigeartuithe teicniúla ar bhonn an bhoilscithe thuartha.

3.Cuirfidh an Coimisiún torthaí na gcoigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1, chomh maith leis na réamhaisnéisí eacnamaíocha foluiteacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.Gan dochar d’Airteagail 9 go 12, ní dhéanfar aon choigeartú teicniúil eile i ndáil leis an mbliain lena mbaineann, le linn na bliana nó mar cheartúcháin ex post sna blianta ina dhiaidh sin.

Airteagal 5
Forálacha a bhaineann le bearta atá nasctha le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint

1.I gcás ina nglacfar bearta a bhaineann le gealltanais bhuiséadacha a bhaineann le cistí an Aontais a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 5(1) pointe (b) (i) agus (ii) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, déanfar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a cuireadh ar fionraí a thabhairt anonn go huathoibríoch chuig buiséad na mblianta ina dhiaidh sin.

2.Ní fhéadfar leithreasuithe na bliana n a thabhairt anonn sa bhuiséad tar éis na bliana n+2.

Caibidil 3
Ionstraimí Speisialta

Airteagal 6
An Cúlchiste don Úcráin

1.Féadfar an Cúlchiste don Úcráin a shlógadh chun caiteachas don Úcráin a mhaoiniú faoi [Rialachán (AE) XXXX/XX] [an Eoraip Dhomhanda] agus chun na críche sin amháin.

2.Ní rachaidh an Cúlchiste don Úcráin thar EUR 88,9 billiún i bpraghsanna 2025 le haghaidh na tréimhse 2028 go 2034. Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoin gCúlchiste don Úcráin in aon bhliain ar leith thar EUR 13,5 billiún i bpraghsanna 2025. Féadfar an chuid nach mbainfear úsáid as den mhéid bliantúil a úsáid sna blianta ina dhiaidh sin, suas go 2034.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Cúlchiste don Úcráin a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.

Airteagal 7
Ionstraim Corrlaigh Aonair

1.Is éard a bheidh san Ionstraim Corrlaigh Aonair:

(a)ó 2029 ar aghaidh, méideanna a chomhfhreagraíonn do chorrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas den bhliain n1 a chuirfear ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh na mblianta ó 2029 go 2034 (‘Corrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas’);

(b)ó 2029 ar aghaidh, méideanna atá coibhéiseach leis an difríocht idir na híocaíochtaí a fhorghníomhaítear agus uasteorainn íocaíochta CAI den bhliain n1 chun an uasteorainn íocaíochta le haghaidh na mblianta ó 2029 go 2034 a choigeartú suas (‘Corrlach Foriomlán le haghaidh Íocaíochtaí’);

(c)Mar ionstraim rogha deiridh, méideanna breise a fhéadfar a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI in aon bhliain ar leith do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas nó do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nó don dá rud, de réir mar a bheidh, ar choinníoll go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de cheannteidil CAI le haghaidh na bliana airgeadais reatha nó le haghaidh na mblianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach faoin uasteorainn íocaíochta le haghaidh na mblianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (‘An Corrlach Teagmhais’).

2.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Corrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.

3.Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na coigeartuithe suas faoin gCorrlach Foriomlán le haghaidh Íocaíochtaí, ag tosú in 2029, mar chuid den choigeartú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 4.

Déanfar aon choigeartú suas faoin gCorrlach Foriomlán le haghaidh Íocaíochtaí a fhritháireamh go hiomlán trí laghdú comhfhreagrach a dhéanfar ar an uasteorainn íocaíochta le haghaidh na bliana n‑1.

4.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Corrlach Teagmhais a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE mar ionstraim rogha deiridh chun freagairt ar imthosca gan choinne.

Ní fhéadfar méideanna a shlógadh faoin gCorrlach Teagmhais ach amháin mura leor na méideanna atá ar fáil de bhun mhír 1, pointí (a) agus (b).

Ní rachaidh an Corrlach Teagmhais, in aon bhliain ar leith, thar 0,04 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais, arna ríomh sa choigeartú teicniúil bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4. 

Na méideanna a dhéanfar a fritháireamh, ní shlógfar a thuilleadh iad i gcomhthéacs CAI.

5.An méid a rachfar ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair in aon bhliain ar leith beidh sé comhsheasmhach leis na huasteorainneacha a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

Airteagal 8
An Ionstraim Sholúbthachta

1.Féadfar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh, le haghaidh bliain airgeadais ar leith, ar chaiteachas sonrach gan choinne i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí nach féidir a mhaoiniú laistigh de theorainneacha na nuasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de cheannteidil CAI.

2.Cuirfear an Ionstraim Sholúbthachta ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha a bhunaítear in CAI le haghaidh na mblianta 2028 go 2034 agus beidh méid bliantúil EUR 2 000 milliún inti i bpraghsanna 2025 agus, ó 2029 ar aghaidh, beidh na méideanna breise seo a leanas inti: 

(a)méid atá coibhéiseach leis an ioncam ó fhíneálacha, ó phionóis eile, ó smachtbhannaí agus ó aon ús fabhraithe nó ioncam eile arna ghiniúint acu arna bhforchur ag institiúidí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 107(2) den Rialachán Airgeadais, arna iontráil sa bhuiséad le haghaidh na bliana n2, tar éis an méid le haghaidh na bliana n2 dá dtagraítear in Airteagal 141(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a bhaint;

(b)méid atá coibhéiseach le saoradh na leithreasuithe, seachas ioncam sannta seachtrach, a rinneadh sa bhliain n2, cé is moite de mhéideanna a saoradh a cuireadh ar fáil arís i gcomhréir leis na rialacha sonracha maidir le leithreasuithe a chur ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus Rialachán [(AE) XXXX/XX] [An Ciste Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí].

Ríomhfaidh an Coimisiún gach bliain, mar chuid de choigeartuithe teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 4, na méideanna atá ar fáil ar bhonn na chéad fhomhíre, pointí (a) agus (b) den mhír seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.

Féadfar an chuid nach mbainfear úsáid as den mhéid atá ar fáil i mbliain ar leith a shlógadh sna blianta ina dhiaidh sin, suas go 2034.

Caibidil 4
Athscrúdú ar CAI

Airteagal 9
Athscrúdú ar CAI chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na
nacmhainní dílse

1.Gan dochar d’Airteagail 10, 11 agus 12, i gcás inar gá i gcomhréir le hAirteagal 3(2), féadfar athscrúdú a dhéanamh ar CAI chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na nacmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

2.Mar riail ghinearálta, déanfar aon togra le haghaidh athscrúdú ar CAI i gcomhréir le mír 1 a thíolacadh agus a ghlacadh sula gcuirfear tús leis an nós imeachta buiséadach don bhliain nó don chéad cheann de na blianta lena mbaineann.

3.Coimeádfar gaol iomchuí idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in aon athscrúdú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 10
Athscrúdú i gcás ina ndéanfaí athscrúdú ar na Conarthaí

I gcás ina ndéanfaí athscrúdú ar na Conarthaí lena ngabhfaidh impleachtaí buiséadacha, déanfar CAI a athscrúdú dá réir.

Airteagal 11
Athscrúdú i gcás aontachas Ballstát nua leis an Aontas

I gcás aontachais Ballstát nua leis an Aontas, déanfar CAI a athscrúdú dá réir sin de bhun na gConarthaí Aontachais, chun na ceanglais chaiteachais a bheidh mar thoradh ar aontachas mar sin leis an Aontas a chur san áireamh.

Airteagal 12
Athscrúdú i gcás athaontú na Cipire

I gcás ina ndéanfar an Chipir a athaontú, déanfar CAI a athbhreithniú chun go gcuirfear san áireamh an réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire agus na riachtanais bhreise airgeadais a bheidh mar thoradh ar an athaontú.

Caibidil 5
Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 13
Aistriú i dtreo an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile

Faoin 1 Iúil 2033, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua.

Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
(2)    Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n‑áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(3)    Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L 325, 20.12.2022, lch. 11.
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 – 2027, COM(2023)336 final, 20.6.2023.
(5)    Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, COM(2023) 337 final, 20.6.2023.
(6)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj .
(7)    COM(2025)572, 16.7.2025.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘XXXXXXXX’, COM(2025)570, 16.7.2025.
(9)    COM(2025)574, 16.7.2025.
(10)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj ).
(11)    COM(2025)551, 16.7.2025.
(12)    Molfaidh an Coimisiún leasú in am trátha ar an Rialachán Airgeadais lena gcuirfear síneadh le láimhseáil ioncaim dhiúltaigh a leagtar amach in Airteagal 48(2) de tar éis 2027.
(13)    Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith acu do bhuiséad an Aontais (2020/C 444 I/05), IO C 444I, 22.12.2020, lch. 5.
(14)    IO C, lch.  .
(15)    Rialachán (AE) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj ). 
(16)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).
(17)    Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Eoraip Dhomhanda] an [XXX], (IO XXX, ELI...).
Top

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 571 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2028 go 2034


IARSCRÍBHINN

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)

(EUR milliún - praghsanna 2025)

LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

Iomlán 
2028-2034

1. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach,

talmhaíocht, rathúnas tuaithe agus muirí

agus slándáil

153 681

148 610

143 153

138 137

132 563

119 607

110 652

946 404

2. Iomaíochas, rathúnas agus slándáil

63 017

75 108

75 335

77 530

77 141

77 416

76 658

522 205

3. An Eoraip Dhomhanda

23 138

23 213

23 166

27 174

31 132

31 103

31 074

190 000

4. Riarachán

14 083

14 397

14 746

14 980

15 205

15 415

15 621

104 447

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

253 919

261 328

256 400

257 822

256 041

243 541

234 005

1 763 056

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ

254 393

277 805

269 054

259 983

241 498

234 421

223 815

1 760 969

(EUR milliún - praghsanna reatha trí úsáid a bhaint as an díbhoilsceoir 2 %)

LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

Iomlán 
2028-2034

1. Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach,

talmhaíocht agus rathúnas tuaithe agus muirí

agus slándáil

163 088

160 860

158 053

155 565

152 274

140 140

132 240

1 062 220

2. Iomaíochas, rathúnas agus slándáil

66 875

81 300

83 176

87 312

88 611

90 706

91 614

589 594

3. An Eoraip Dhomhanda

24 555

25 127

25 578

30 603

35 761

36 442

37 137

215 203

4. Riarachán

14 945

15 584

16 281

16 870

17 466

18 062

18 669

117 877

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

269 463

282 871

283 088

290 350

294 112

285 350

279 660

1 984 894

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ

269 964

300 706

297 058

292 784

277 406

274 662

267 480

1 980 060



IARSCRÍBHINN […]

 

Top