Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0548

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus tacaíocht ón Aontas d’ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte, agus lena n aisghairtear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta)

COM/2025/548 final

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 548 final

2025/0223(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus tacaíocht ón Aontas d’ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2025) 545 final} - {SWD(2025) 545 final} - {SWD(2025) 546 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leis an Rialachán atá beartaithe, cuirtear leis an gcreat dlíthiúil a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta (dá ngairtear ‘Sásra an Aontais’ anseo feasta), agus cuirtear le Rialacháin (AE) 2021/522 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) le haghaidh na tréimhse 20212027. Tugtar isteach leis creat le haghaidh cosaint shibhialta agus maoiniú ullmhachta agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte d’fhonn sineirgí a úsáid agus tacú le comhordú feabhsaithe ar fud na nearnálacha. Is é is aidhm dó sin feabhas a chur ar an éifeachtacht fhoriomlán trí thacú le cosc guaiseacha nádúrtha agus guaiseacha antrapaigineacha, leis an ullmhú lena naghaidh agus leis an bhfreagairt dóibh, lena náirítear bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus trí bhreithniú a dhéanamh ar chineál na rioscaí agus na mbagairtí atá roimh an Aontas atá ag éirí níos casta agus níos idirnasctha, mar a cuireadh i dtábhacht sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach in 2023 1 agus 2024 2 .

Le blianta beaga anuas, tá dúshlán mór roimh an Eoraip mar gheall ar thimpeallacht riosca agus bagartha atá ag dul in olcas mar thoradh ar mheascán de dhúshláin slándála, sláinte, athraithe aeráide agus comhshaoil atá ag éirí níos luainí. An méadú géar atá tagtha ar an líon cásanna ina ndearnadh Sásra an Aontais a ghníomhachtú, is léiriú é sin gur dócha go leanfaidh na córais náisiúnta de thacaíocht fheabhsaithe a iarraidh chun freagairt do thubaistí agus do ghéarchéimeanna. Dá bhrí sin, ní mór an sásra comhordúcháin ar leibhéal an Aontais a bheith feistithe go leordhóthanach chun gníomhú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí chun tacaíocht den sórt sin a thabhairt, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chosc agus ullmhacht a neartú.

Thairis sin, mar gheall ar chineál ilghnéitheach na ngéarchéimeanna trasearnála amhail paindéim COVID19 agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, teastaíonn cur chuige níos cuimsithí agus níos comhtháite i leith bainistiú géarchéime, rud a éilíonn dlúthchomhar éifeachtúil idir an tAontas agus a Bhallstáit chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin a bhaineann leo. I bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, is gá ullmhacht shibhialta agus mhíleata na hEorpa a neartú, mar a iarradh sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta 3  agus sa Pháipéar Bán Comhpháirteach maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030 4 .

Chun géarchéimeanna a bhainistiú go héifeachtach, beidh gá le dlúthchomhar idir gníomhaithe sibhialta agus míleata chun oibríochtaí rianúla agus éifeachtúla a áirithiú le haghaidh iarrachtaí sibhialta agus míleata. Tá an comhar sin ríthábhachtach go háirithe maidir le saincheisteanna a bhfuil gné láidir déúsáide ag baint leo, i gcás ina mbíonn gníomhaithe sibhialta agus míleata ag brath ar bhonneagar comhroinnte, amhail gréasáin iompair agus moil lóistíochta. Trí oibriú le chéile, is féidir le gníomhaithe sibhialta agus míleata a áirithiú go mbeidh a niarrachtaí faoi seach deachomhordaithe agus comhlántach, rud a chuirfidh feabhas ar an bhfreagairt fhoriomlán don ghéarchéim sa deireadh. Dá bhrí sin, cuspóir tábhachtach de chuid an togra is ea a áirithiú gur féidir tacaíocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a chur ar fáil leis an Rialachán i gcás géarcheimeanna casta ardtionchair den sórt sin 5 , agus lena chur chuige uileghuaise, uilerialtais agus uileshochaí, ba cheart naisc níos láidre a chruthú idir an chosaint shibhialta, an tsláinte, an comhshaol, agus an tslándáil, agus ar an gcaoi sin socruithe simplithe agus níos solúbtha a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach agus go héifeachtúil ar ghéarchéimeanna casta trasearnála fadtéarmacha.

Trí bhearta ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte a chomhtháthú sa togra seo, cuirtear sraith bhreise cosanta ar fáil do shaoránaigh den Aontas Eorpach, rud a fheabhsaíonn athléimneacht agus a chosnaíonn an pobal ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte sa deireadh. Is féidir tionchar forleathan a bheith ag éigeandálaí sláinte lasmuigh den earnáil sláinte, rud a dhéanann difear don chobhsaíocht shóisialta, don chothromaíocht chomhshaoil nó don bhonneagar criticiúil. Leanfar de ghníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte a chomhordú laistigh de na struchtúir atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear an Coiste Slándála Sláinte agus Bord HERA.

Thairis sin, in éineacht le ceanglais chothrománacha ghaolmhara agus cláir eile, is tacú é an togra le bearta chun tubaistí a thuar agus a chosc agus cuirtear chun cinn bearta den sórt sin leis, rud a rannchuidíonn leis an gcostas a bhaineann leo do gheilleagar an Aontais a laghdú, agus a dtionchar diúltach sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil ar na réigiúin agus na daoine is leochailí lena n‑áirítear mná, leanaí, seanóirí, dídeanaithe, daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó cúlra mionlaigh eitnigh acu agus daoine faoi mhíchumas. Beidh sé sin ina rannchuidiú sa deireadh le fás níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí chomh maith le cothroime idirghlúine a bhaint amach. Is rannchuidiú mór é an togra freisin leis an simpliú, ós rud é go ndéantar na forálacha a bhaineann le feidhmiú Shásra an Aontais agus na forálacha sin a bhaineann le maoiniú a ghníomhaíochtaí a chumasc in aon téacs amháin, agus ar an gcaoi sin déantar na nósanna imeachta atá ann cheana a shimpliú. Thairis sin, trína áirithiú go neartófar iomaíochas agus athléimneacht bhonn tionsclaíoch an Aontais le hinfheistíochtaí a dhéanfar faoi Shásra an Aontais freisin, leagtar síos leis an bealach le haghaidh freagairtí níos straitéisí, níos iontaofa agus níos uathrialaithí, lena n‑áirítear, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta, é sin a dhéanamh trí úsáid réiteach arna bhforbairt nó arna dtáirgeadh san Aontas a chur chun cinn.

Aithnítear sa togra go bhféadfadh cineálacha iomadúla trasnacha leochaileachta a bheith ag daoine aonair agus, dá bhrí sin, cuirtear cur chuige trasnach i leith bainistiú riosca tubaistí chun cinn chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuireann an togra seo leis na torthaí dearfacha a baineadh amach go dtí seo faoin gcreat atá ann cheana, agus tá sé ceaptha chun a easnaimh a cheartú le forálacha treisithe, ionas go leanfar de thacú le gníomhaíocht na mBallstát sa réimse sin, an ghníomhaíocht sin a chomhordú agus í a chomhlánú. Cuireann sé freisin leis an tsraith ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna agus freagartha i gcás géarchéimeanna den Chlár EU4Health lena dtacaítear le cur chun feidhme Rialacháin (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte 6 , agus Rialachán (AE) 2022/2372 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha 7 i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus tionscnaimh eile chun ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte a fheabhsú. Ba cheart a áirithiú leis go mbeidh sineirgí ann le sainorduithe an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a bhaineann le géarchéimeanna, chomh maith le heagraíochtaí ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is é is aidhm dó sin a áirithiú go ndéanfar ullmhacht agus freagairt an Aontais i dtaca le héigeandáil sláinte a dhaingniú in éineacht le bearta cosanta sibhialta. Leanann an Rialachán atá beartaithe de bheith ailínithe leis na beartais atá ann cheana trí fheabhas a chur ar chumais ullmhachta, choisc agus freagartha i measc na mBallstát. Seasann an togra leis an ngealltanas i dtaca le dlúthpháirtíocht Eorpach agus iarrachtaí comhordaithe níos mó, agus cuirtear le bunchlocha láidre an chomhair agus na dtionscnamh a bhí ann roimhe seo leis.

Thairis sin, chomh maith leis an dlúthailíniú leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, Straitéis an Aontais um StocCharnadh 8 agus Straitéis um Fhrithbhearta Leighis lena nullmhaítear an tAontas don chéad ghéarchéim sláinte eile 9 , gníomhaíonn Sásra an Aontais i gcomhréir le Straitéis an Aontais um an tSlándáil Inmheánach 10 , arb é is aidhm di ardleibhéal slándála a áirithiú do shaoránaigh an Aontais, agus leis an bPáipéar Bán Comhpháirteach maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030 agus an plean ReArm Europe/Ullmhacht 2030 11 chun tacú le seasamh cosanta Eorpach níos láidre in aghaidh bagairtí seachtracha. Tá sé comhsheasmhach freisin leis an Straitéis um StocCharnadh agus an Straitéis um Fhrithbhearta Leighis agus tacaíonn sé le hoibleagáidí an Aontais faoin Dlí Aeráide Eorpach 12 chun dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaitheachta a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht maidir leis an athrú aeráide a laghdú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Faoin gcur chuige ‘ullmhacht trí dhearadh’ mar a leagtar amach faoin Straitéis um Aontas na hUllmhachta, tá an togra seo ceaptha chun sineirgí le réimsí beartais inmheánacha agus seachtracha eile a chur chun cinn faoi chur chuige comhtháite i leith an bhainistithe riosca tubaistí ar fud earnálacha agus páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear gníomhaireachtaí an Aontais, na Ballstáit, agus eagraíochtaí idirnáisiúntam agus rannchuidiú le cur chun feidhme bheartais an Aontais maidir le laghdú rioscaí tubaiste agus bainistiú riosca tubaistí agus le cur chun feidhme Chreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste.

Go sonrach i gcás na mbeartas seachtrach, bíonn ullmhacht agus athléimneacht an Aontais agus na mBallstát fite fuaite le hullmhacht agus athléimneacht ár gcomhpháirtithe ar fud an domhain, a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar réimse comhchosúil géarchéimeanna agus dúshlán domhanda. Is chun tairbhe don dá thaobh a rachaidh an obair lenár gcomhpháirtithe seachtracha chun géarchéimeanna a réamh‑mheas, ullmhú dóibh, iad a chosc agus freagairt dóibh agus tá sí ríthábhachtach chun an riosca a laghdú go mbeidh éifeachtaí cascáideacha nó seach‑iarmharta ann don Aontas i gcás géarchéimeanna de thionscnamh áit éigin eile. I dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos luainí, agus chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, is comhlánú é an togra seo ar ghníomhaíochtaí atá le déanamh faoin ionstraim ‘an Eoraip Dhomhanda’, ina leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de chomhpháirtíocht dhéthaobhach ilpháirtithe atá saincheaptha agus a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a fhorbairt agus a dhoimhniú.

Cuirtear béim ar leith leis an togra ar fheabhas a chur ar chomhar Shásra an Aontais le bearta ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte agus le soláthar na cabhrach daonnúla. Cuirtear i dtábhacht ann réimsí amhail éigeandálaí sláinte poiblí; ceartas agus gnóthaí baile, lena n‑áirítear cúnamh consalach agus bonneagar criticiúil a chosaint; bainistíocht chomhshaoil, agus béim á leagan ar rialú tuilte agus mórthionóiscí tionsclaíocha a chosc; athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus ullmhacht; maolú ar thruailliú muirí; caidreamh seachtrach agus comhar um fhorbairt, slándáil, cosaint agus an spás. Chun comhleanúnachas agus comhlántacht a choinneáil le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais, ionchorpraítear sa togra forálacha soiléire lena sainítear raon feidhme Shásra an Aontais, rud a chuireann cosc ar fhorluí nó ar aon fhéidearthacht cistiú dúbailte a bheith ann.

Maidir le slándáil sláinte, comhlánaítear leis an togra seo gníomhaíochtaí maidir le hullmhacht i ndáil le slándáil sláinte a chistítear le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais atá ceaptha chun uathriail straitéiseach an Aontais agus rochtain an Aontais ar nuálaíocht sláinte a fheabhsú, mar a fhoráiltear faoi Cholún na Sláinte, na Bith‑theicneolaíochta, na Talmhaíochta agus an Bhithgheilleagair atá beartaithe den Chiste Eorpach um Iomaíochas agus a cholún comhfhreagrach faoin gClár Réime um Thaighde ‑ Fís Eorpach.

Déantar tagairt sa togra do spáschórais an Aontais atá bunriachtanach chun cumais ullmhachta agus freagartha an Aontais i leith géarchéimeanna a neartú. Cuirtear i dtábhacht sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta go soláthraítear le Copernicus, Galileo agus na seirbhísí IRIS² atá ar na bacáin feasacht staide fíor‑ama, agus go dtacaíonn siad le luathrabhaidh agus le cumarsáid iontaofa nuair a theipeann ar líonraí trastíre. Tá na cumais sin fíor‑riachtanach agus oibríochtaí éigeandála á gcomhordú, tacaíonn siad le cosaint shibhialta, lena n‑áirítear trí rochtain thráthúil ar fhaisnéis luathrabhaidh spásbhunaithe a áirithiú chun teachtaireachtaí foláirimh a scaipeadh go díreach ar an bpobal, agus maolaítear leo tionchair tubaistí nádúrtha agus tubaistí arb é an duine is cúis leo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is iad Airteagail 168(5), 196 agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an togra seo.

Le hAirteagal 168(5) CFAE soláthraítear bunús dlí do bhearta dreasachta atá ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú agus go háirithe chun na móraicídí trasteorann a chomhrac, bearta a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, le luathrabhaidh a thabhairt ina leith agus lena gcomhrac.

Le hAirteagal 196 CFAE soláthraítear bunús dlí le haghaidh tionscnaimh de chuid an Aontais chun comhar agus ullmhacht chomhchoiteann a fheabhsú i measc na mBallstát i dtaca le cosc, ullmhacht agus freagairt i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí arb é an duine is cúis leo a bhainistiú.

Tá na bunúis dlí sin comhcheangailte le hAirteagal 322(1) CFAE chun solúbthacht airgeadais a thabhairt tríd an bhféidearthacht leithreasuithe a thabhairt anonn a chur ar fáil.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá inniúlacht tacaíochta ag an gCoimisiún i réimse na cosanta sibhialta. Is ar na Ballstáit an phríomhfhreagracht chomh fada agus a bhaineann sé le tubaistí a chosc agus le hullmhacht agus freagairt i leith na dtubaistí sin. Bunaíodh Sásra an Aontais toisc gur féidir le tubaistí móra ualach ró‑mhór a chur ar acmhainneachtaí freagartha aon Bhallstáit agus é ag gníomhú ina aonar, agus áirithítear le bearta ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte comhordú agus comhar níos láidre, go háirithe maidir le hinfhaighteacht frithbheart leighis in aghaidh bagairtí sláinte atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, agus rochtain ar na frithbhearta sin. Is dlúthchuid den Sásra cúnamh mear frithpháirteach dea‑chomhordaithe a chur ar fáil i measc na mBallstát.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith ag gníomhú dóibh ar a dtionscnamh féin. Is é atá i gceist le gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo cásanna a bhfuil gné láidir thrasearnálach agus thrasteorann ag baint leo a bhainistiú, agus chuige sin is gá comhordú foriomlán agus gníomhaíocht chomhbheartaithe thar an leibhéal náisiúnta.

I gcásanna éigeandálaí agus géarchéimeanna casta trasteorann ina ndéantar difear don Aontas Eorpach ina iomláine – amhail paindéim COVID‑19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine – tá gá le cur chuige comhchoiteann dea‑chomhordaithe chun ilroinnt agus dúbailt a sheachaint. Is féidir leis an Aontas tacú go héifeachtúil leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí géarchéimeanna a chosc, ullmhú lena n‑aghaidh, agus freagairt dóibh, agus is féidir leis leanúint de chultúr coisc agus athléimneachta a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tugtar aghaidh leis an togra ar riachtanas nach féidir leis na Ballstáit a chomhlíonadh agus iad ag gníomhú ina n‑aonar agus soláthraítear leis breisluach AE soiléir.

I measc na dtairbhí a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais, tá laghdú ar bhás daoine, ar dhamáiste don chomhshaol, don gheilleagar agus do mhaoin, é a chur ar a gcumas do na Ballstáit rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le cúnamh AE faoin Sásra agus tairbhiú de chomhordú agus comhar feabhsaithe, leibhéal na hullmhachta le haghaidh tubaistí ar mórscála a mhéadú agus beartas níos comhleanúnaí um mbainistiú riosca tubaistí a chruthú, agus barainneachtaí scála a shaothrú, amhail lóistíocht agus iompar costéifeachtach, freagairt chomhleanúnach agus éifeachtach trí chomhthiomsú deonach acmhainneachtaí, agus úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní tearca trí acmhainneachtaí arna gcistiú ag an Aontas a chomhroinnt. Tacaíonn sé le leas airgeadais an Aontais a chosaint freisin trí bhearta a chur chun cinn lena méadaítear ullmhacht struchtúrach agus athléimneacht, agus ar an gcaoi sin, lena laghdaítear caillteanais sócmhainní arna maoiniú ag an Aontas i gcás tubaistí. Is féidir tairbhí comhchosúla a bhaint amach trí fheabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú maidir leis an ullmhacht i gcomhair bagairtí sláinte agus an fhreagairt dóibh. Ní aithníonn víris teorainneacha, agus mar a chonacthas le linn phaindéim COVID‑19, is le gníomhaíochtaí chomhordaithe ar leibhéal an Aontais amháin a áirithíodh forbairt, monarú agus dáileadh cothrom vacsaíní agus frithbheart leighis ábhartha eile ar Bhallstáit uile an Aontais.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach. Is é prionsabal na comhréireachta an prionsabal rialaithe a bhí ag dearadh an Rialacháin atá beartaithe ag an gCoimisiún, arb é is aidhm dó sineirgí a shainaithint agus a chumasú le cláir eile agus comhar leis na Ballstáit a neartú agus tosaíochtaí á sainiú dó.

Tá an togra comhréireach agus féachann sé le rannpháirtíocht na mBallstát sna gníomhaíochtaí a dtacaíonn sé leo a mhéadú trí na bacainní ar rannpháirtíocht a laghdú a mhéid is féidir. Déantar foráil ann maidir le laghdú ar an ualach riaracháin ar an Aontas agus ar na húdaráis náisiúnta, atá teoranta don mhéid is gá chun go bhféadfaidh an Coimisiún an fhreagracht atá air a fheidhmiú maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Chun cur i bhfeidhm ginearálta agus solúbthacht airgeadais a áirithiú, is togra é le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá foirm an Rialacháin mar ghníomh dlí comhoiriúnach do na ceanglais lena rialaítear tabhairt anonn leithreasuithe a leagtar amach sna rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán atá beartaithe teacht in ionad Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE agus an cinneadh sin a aisghairm.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Leis an Rialachán, cuirtear chun feidhme torthaí agus moltaí ón tuarascáil dar teideal Interim Evaluation of the implementation of Decision No 1313/2013/EU on a Union Civil Protection Mechanism, 2017‑2022 [Meastóireacht Eatramhach ar chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, 2017‑2022] agus ón tuarascáil dar teideal HERA review: Taking stock to reinforce health security in the EU [Athbhreithniú HERA: Breithniú a dhéanamh chun slándáil sláinte a threisiú san Aontas] (2024), chomh maith le réamhthorthaí ón tuarascáil dar teideal Evaluation of the EU4Health Programme [Meastóireacht ar an gClár EU4Health] agus ón tuarascáil chomhpháirteach dar teideal Evaluation of the implementation of Regulation (AE) 2022/2371 [Meastóireacht ar chur chun feidhme Rialacháin (AE) 2022/2371] maidir le mórbhagairt trasteorann ar an tsláinte.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá comhairliúchán poiblí oscailte déanta ag an gCoimisiún maidir le ‘cistiú ón Aontas le haghaidh cosaint shibhialta, ullmhacht agus freagairt i leith géarchéimeanna. Bhí an suirbhé oscailte do shaoránaigh, gnólachtaí, comhlachais agus comhlachtaí rialtais uile an Aontais agus fuarthas 1 187 bhfreagra ina leith a raibh páipéir seasaimh i gceangal le 139 díobh sin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Le blianta beaga anuas, tá roinnt cruinnithe eagraithe ag an gCoimisiún le páirtithe leasmhara seachtracha, saineolaithe ar chosaint shibhialta a dhéanann ionadaíocht ar na Ballstáit: Ceannairí seirbhísí cosanta sibhialta agus oifigigh ardchéime le haghaidh cosaint shibhialta chomh maith le saineolaithe téamacha chun ábhair shonracha a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil a phlé.

Measúnú tionchair

Agus an togra á ullmhú, rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair chun fadhbanna a shainaithint, cuspóirí an togra a shainiú agus roinnt roghanna a shuí chun feabhas a chur ar an togra agus chun measúnú a dhéanamh ar a dtionchar. Tá an Tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála chomh maith leis an tuarascáil achomair le fáil i gClár Dhoiciméid an Choimisiúin , faoin gcód tagartha 2025/MFF/05. 

Rinneadh anailís ar thrí rogha beartais sa mheasúnú tionchair:

Faoi Rogha 1, cuireadh SACS earnála neartaithe chun cinn, lena n‑áirítear LCPF a neartú ar bhealach spriocdhírithe. Ní mór gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais a chomhlánú le hiarrachtaí suntasacha ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear i bhfianaise acmhainneachtaí freagartha, atá teoranta ar leibhéal an Aontais don earnáil cosanta sibhialta (stoc‑chairn frithbheart leighis, stoc‑chairn cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha, núicléacha (CBRN), aerchomhrac dóiteáin foraoise, etc.). Cé gur féidir aghaidh a thabhairt go rathúil ar na cuspóirí uile a bhuí le hiarrachtaí náisiúnta méadaithe, ní bhaintear lánúsáid as an mbreisluach a bhaineann le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Mar thoradh air sin, measadh go raibh easpa éifeachtachta, éifeachtúlachta, comhleanúnachas seachtrach agus simplithe i gceist leis an rogha sin, i gcomparáid le Rogha 2.

Faoi Rogha 2, le SACS trasearnála, tugtar SACS agus gníomhaíochtaí ábhartha le chéile ar mhaithe le hullmhacht le haghaidh na slándála sláinte poiblí. I gcomparáid le Rogha 1, baintear sineirgí agus comhlántachtaí amach idir gníomhaíochtaí cosanta sibhialta agus gníomhaíochtaí ullmhachta i dtaca le héigeandáil sláinte trí ionstraim aonair. Le struchtúr an bhuiséid chomhtháite, áirithítear solúbthacht agus lúfaireacht i mbainistiú na hionstraime. Foráiltear le Rogha 2 go mbunófar mol AE um chomhordú géarchéime, rud a chruthóidh an acmhainneacht lárnach don Aontas le haghaidh ullmhacht trasearnála i gcomhair rioscaí, lena n‑áirítear stoc‑charnadh, agus comhordú bainistithe géarchéimeanna. Cuirtear cumais mhearfhreagartha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh in oiriúint do thimpeallacht nua na guaise agus na bagartha. Le measúnú riosca de chuid an Aontais, baintear leas as sineirgí agus comhlántachtaí measúnuithe agus saineolais earnála. Cuimsítear gníomhaíochtaí éigeandála sláinte ábhartha eile chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chomhrac i gcomhréir le cineál ginearálta trasearnála an tionscnaimh.

Is é atá i gceist le rogha beartais 3 ionstraim chistiúcháin aonair (Ciste Ullmhachta) a chruthú ar leibhéal an Aontais ina gcuimseofaí na sásraí agus na gníomhaíochtaí uile atá ábhartha maidir le hullmhacht don CAI ina iomláine. Leis an gciste sin, dhéanfaí na sásraí agus na gnéithe cistiúcháin uile den CAI atá ann faoi láthair a chomhchuimsiú, lena n‑áirítear SACS, an tsraith den chlár EU4Health a bhaineann le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, agus gnéithe a bhaineann le hullmhacht sna Clúdaigh Náisiúnta, sa Chiste Eorpach um Iomaíochas, agus in Erasmus+. Ó thaobh struchtúir de, thabharfadh sé sin le tuiscint go n‑úsáidfí modhanna bainistíochta éagsúla na gclár laistigh den chiste aonair sin: bainistíocht dhíreach (arna cur chun feidhme ag an gCoimisiún), bainistíocht chomhroinnte (e.g. cistí struchtúracha) agus bainistíocht indíreach (e.g. eagraíochtaí éagsúla de chuid chóras na Náisiún Aontaithe amhail EDS, UNHCR, UNICEF). Bheadh dúshláin bhunúsacha ina ngné dhílis den rogha sin, lena n‑áirítear dúshláin maidir le bainistiú na leithdháiltí buiséid le haghaidh na gclár agus na n‑ionstraimí cistiúcháin uile. Meastar nach bhfuil Rogha Beartais 3 inmharthana agus, dá bhrí sin, cuireadh as an áireamh í ag céim luath.

An rogha beartais ab fhearr agus na príomhthionchair a bhaineann léi

Measadh gurb í Rogha 2 an rogha beartais ab fhearr toisc go mbaineann sí leas iomlán as breisluach an Aontais agus, ar an gcaoi sin, baintear amach na cuspóirí go cuimsitheach léi. I gcomhthéacs timpeallachta géarchéime atá ag éirí níos ilghnéithí, agus a bhfuil gné thrasteorann níos mó ag baint léi, le rogha beartais 2 cruthaítear tairbhí tábhachtacha sóisialta (e.g. comhainmneoir níos airde maidir le hullmhacht an daonra), tairbhí tábhachtacha comhshaoil (e.g. spásanna nádúrtha agus bithéagsúlachta a chaomhnú ar bhealach níos fearr), chomh maith le tairbhí tábhachtacha eacnamaíocha (e.g. bíonn na costais a bhaineann le cosc agus ullmhacht chuimsitheach i bhfad níos ísle ná na costais a bhaineann leis an bhfreagairt).

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an togra, cuirtear feabhsuithe suntasacha chun feidhme chun an creat dlíthiúil foriomlán a chuíchóiriú agus a shimpliú, lena n‑áirítear go sonrach soiléireacht agus éifeachtúlacht oibríochtúil fheabhsaithe. Mar shampla, rinneadh nósanna imeachta tuairiscithe riosca a lárú ina struchtúr tiomnaithe, rud a léiríonn táirgeadh comhoibríoch táirgí insoláthartha ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún agus, ar an gcaoi sin, a chuireann comhthuiscint ar fheasacht riosca chun cinn.

Ina theannta sin, tá tacaíocht ón Aontas don fhreagairt aontaithe in aon airteagal amháin, rud lena simplítear sainaithint cásanna oibríochtúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus, ar an gcaoi sin, lena bhfeabhsaítear ullmhacht agus éifeachtacht na freagartha. Déantar na hiarrachtaí comhordúcháin a neartú agus a shoiléiriú ar bhealach níos fearr trí chumais an Lárionaid Comhordúcháin Práinnfhreagartha (LCPF) a fheabhsú a thuilleadh agus trí mhol speisialaithe um chomhordú géarchéime a chruthú chun tacú leis na Ballstáit iarmhairtí géarchéimeanna ar fud na n‑earnálacha a thuar agus a bhainistiú. Comhlánaítear an tsraith freagartha le soiléireacht maidir leis na rátaí cómhaoiniúcháin is infheidhme, trína gcomhtháthú go comhtháite in aon phointe tagartha cuimsitheach amháin, rud a fhágann nach gá airteagail iomadúla a cheadú. Agus an tsolúbthacht iompair á cur i dtábhacht, ceadaítear leis an Rialachán gníomhaíochtaí inmhaoinithe a dhéanamh i gcás nach bhfuil aon rogha iompair tráchtála inmharthana ach ina bhfuil roghanna malartacha ar fáil sna Ballstáit, ar beart é lena gcúitítear réitigh nuálacha stáit agus lena gcuirtear i dtábhacht straitéisí inoiriúnaithe.

Is léiriú iad na feabhsuithe sin ar iarracht thiomanta creataí struchtúracha agus oibríochtúla Shásra an Aontais a fheabhsú, trína áirithiú go bhfuil siad inoiriúnaithe agus láidir chun aghaidh a thabhairt ar chastachtaí éigeandálaí a bhfuil coinne leo agus éigeandálaí gan choinne araon. Tá an cur chuige comhtháite sin ailínithe leis an sprioc uileghabhálach creat cosanta sibhialta atá níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí a chruthú. Moltar go mbeadh tuilleadh idirphlé ann agus go dtabharfaí tuilleadh aiseolais chun a áirithiú go mbeidh na straitéisí sin ailínithe le riachtanais oibríochtúla phraiticiúla.

Cearta bunúsacha

Na hathbhreithnithe dlíthiúla ar Shásra an Aontais agus na bearta tacaíochta atá beartaithe i réimse na hullmhachta agus na freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte, tá siad ceaptha chun bheith ailínithe leis na cearta bunúsacha a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus na cearta sin a chaomhnú. Sonraítear sa mheabhrán sin conas a chomhtháthaítear príomhchearta bunúsacha leis na hathbhreithnithe sin.

Is príomhfhócas é an ceart chun na beatha (Airteagal 2), ós rud é gurb é cuspóir an togra beatha an duine a chosaint agus a chaomhnú le linn tubaistí agus éigeandálaí. Trí nósanna imeachta a chuíchóiriú, tá sé d’aidhm ag na leasuithe feabhas a chur ar fhreagrúlacht Shásra an Aontais, trí thacú go díreach le cosaint na beatha trí bhainistiú tubaistí éifeachtúil.

Tá cearta chun saoirse agus slándála (Airteagal 6) ina ngné lárnach den togra freisin. Áirithítear leis na feabhsuithe freagairtí tráthúla do bhagairtí agus, ar an gcaoi sin, feabhsaítear slándáil an duine aonair agus an chomhshlándáil araon ar fud an Aontais. Is cuidiú iad na feabhsuithe sin le saoránaigh a chosaint trí chur chun úsáide agus comhordú tapa a áirithiú le linn géarchéimeanna.

Is éard atá i gceist le haird a thabhairt ar an gceart chun cúraim sláinte (Airteagal 35) an ról atá ag Sásra an Aontais a shoiléiriú maidir le freagairtí láidre sláinte poiblí a áirithiú. Go háirithe le linn éigeandálaí a bhaineann leis an tsláinte, feabhsaítear leis na hathbhreithnithe sin an comhar trasteorann agus an leithdháileadh acmhainní, rud a thacaíonn leis an tsláinte mar cheart bunúsach.

An ceart bunúsach chun an comhshaol a chosaint, a chumhdaítear in Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá ról ríthábhachtach aige faoi chuimsiú Shásra an Aontais. Leis an sásra sin, atá ceaptha chun tacú le freagairtí comhordaithe do thubaistí nádúrtha agus do thubaistí arb é an duine is cúis leo ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, ní mór cosaint an chomhshaoil a áireamh mar chuid lárnach dá oibríochtaí. Tá tábhacht ar leith ag baint le cosaint an chomhshaoil i ngach ceann de na trí chéim den bhainistiú tubaistí, lena n‑áirítear maidir le bagairtí tromchúiseacha ar an tsláinte: cosc, chun dóchúlacht agus tionchar guaiseacha comhshaoil a laghdú; ullmhacht, chun a áirithiú go bhfuil córais i bhfeidhm chun damáiste d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht a mhaolú; agus freagairt, chun aghaidh a thabhairt go tapa ar an díobháil don chomhshaol a eascraíonn as tubaistí amhail dóiteáin foraoise, doirteadh ceimiceach, nó tuilte. Trí chosaint an chomhshaoil a aithint mar cheart bunúsach, treisítear an oibleagáid atá ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit breithnithe éiceolaíocha a chomhtháthú i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí cosanta sibhialta.

Trí ghlacadh le cur chuige uile‑shochaí, treisítear leis na hathbhreithnithe ar Shásra am Aontais an ceart bunúsach chun comhionannais (Caibidil III) lena n‑áirithítear go ndéanfar riachtanais na mban agus na ngrúpaí atá leochaileach agus/nó atá thíos leis an idirdhealú agus an t‑eisiamh sóisialta ‑ amhail leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó cúlra mionlaigh eitnigh acu ‑ a chur san áireamh i ngach céim den chosc, den ullmhacht agus den fhreagairt.

Ina theannta sin, is léiriú í an bhéim a leagtar ar shoiléireacht agus simpliú nós imeachta ar an gceart chun dea‑riaracháin (Airteagal 41). Leis na hathruithe sin, áirithítear go bhfeidhmeoidh an sásra go trédhearcach agus go héifeachtúil, rud a chruthóidh creat iontaofa práinnfhreagartha.

Is léiriú iad na hathbhreithnithe sin ar chur chuige atá bunaithe ar chearta bunúsacha chun feabhas a chur ar Shásra an Aontais lena n‑áirithítear go dtacóidh sé leis an acmhainneacht agus na luachanna cosantacha atá leabaithe i gCairt an Aontais. Moltar go dtabharfaí tuilleadh aiseolais agus go ndéanfaí tuilleadh plé chun na straitéisí sin a fheabhsú chun cearta bunúsacha gach duine aonair a chaomhnú agus a chomhlíonadh.

Cuirtear san áireamh sa togra seo na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann in éineacht leis na Ballstáit uile. Go sonrach, léirítear in Airteagal 11 den Choinbhinsiún maidir le cásanna riosca agus éigeandálaí daonnúla go ndéanfaidh na Stáit is Páirtithe, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, na bearta uile is gá chun cosaint agus sábháilteacht daoine faoi mhíchumas i gcásanna riosca a áirithiú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

EUR 10 675 000 000 (praghsanna reatha) atá san imchlúdach airgeadais táscach faoin Rialachán seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ar bhonn Chaibidil II den rialachán maidir le measúnú riosca agus réamh‑mheas riosca, tá roinnt príomhghnéithe agus tuarascálacha i gceist leis an bpróiseas forbartha beartas faoin rialachán athbhreithnithe seo atá beartaithe, ar gnéithe agus tuarascálacha iad atá ailínithe i dtimthriallta tuairiscithe agus atá seicheamhaithe chun cur chuige timthriallach agus éifeachtach a áirithiú i leith bainistiú riosca tubaistí.

Cuirtear tús leis an bpróiseas ar an leibhéal náisiúnta, mar a mbíonn na Ballstáit freagrach as measúnuithe riosca a fhorbairt agus a chur ar fáil go poiblí ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fo‑náisiúnta. Leis na measúnuithe riosca sin, cuirtear bonn eolais faoi fhorbairt na pleanála bainistithe riosca tubaistí, lena n‑áirítear rioscaí slándála agus bagairtí hibrideacha, lena gcuirtear comhar trasteorann agus rioscaí a bhfuil éifeachtaí trasteorann acu san áireamh. Ba cheart na measúnuithe agus na pleananna sin a bheith comhsheasmhach agus comhordaithe le próisis náisiúnta ábhartha eile. Ina theannta sin, agus mar réamhriachtanas do mheasúnuithe riosca eolasacha, tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit feabhas ar a mbailiú sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste.

Uair amháin gach 5 bliana ar a laghad, cuireann na Ballstáit achoimrí ar a measúnuithe riosca, ar a gcumais freagartha agus ar a ngníomhaíochtaí a thacaíonn le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí faoi bhráid an Choimisiúin. Déanann an Coimisiún tuilleadh forbartha ar na treoirlínte maidir le cur isteach na n‑achoimrí sin, rud a áirithíonn go bhfuil an próiseas caighdeánaithe agus éifeachtach.

Ar leibhéal an Aontais, le tarchur na faisnéise arna hiarraidh agus na sonraí eile atá ar fáil, cuirtear ar a chumas don Choimisiún cumais bainistithe riosca a mhapáil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo‑náisiúnta chun an malartú dea‑chleachtais agus an fothú acmhainneachta gaolmhar a éascú. Ar bhonn an mheasúnaithe riosca atá bunaithe, déanann an Coimisiún athbhreithniú tráthrialta ar chásanna tubaiste ar fud an Aontais maidir le cosc tubaistí, ullmhacht i gcomhair tubaistí agus freagairt do thubaistí, ar athbhreithniú é a chuireann ansin le forbairt bhreise spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí mar thoimhdí pleanála comhaontaithe i dtaca leis na cumais bainistithe riosca tubaistí atá le bheith i bhfeidhm. Agus na táscairí comhaontaithe sin bunaithe, ullmhaíonn an Coimisiún tuarascálacha tráthrialta maidir leis na rioscaí nádúrtha agus na rioscaí arb é an duine is cúis leo atá ann don Aontas, an dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí bainistithe riosca agus spriocanna maidir le hathléimneacht ó thubaistí, mar aon leis na cumais freagartha agus na cumais is gá ar leibhéal an Aontais chun tacú le gníomhaíocht náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht na rioscaí agus na bagartha atá ag teacht chun cinn. Ba cheart an tuairisciú sin a bheith comhsheasmhach agus comhordaithe le próisis ábhartha eile ar leibhéal an Aontais.

Áirithítear leis an seicheamhú sin go gcuirtear measúnuithe riosca náisiúnta agus pleanáil náisiúnta san áireamh i bpróiseas measúnaithe agus socraithe spriocanna ar leibhéal an Aontais, rud a chuireann bonn eolais faoi ghníomhaíochtaí náisiúnta agus faoi fhothú acmhainneachta, le sásraí athbhreithnithe agus nuashonraithe rialta chun a áirithiú go leanfaidh na beartais de bheith éifeachtach agus ábhartha.

Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit maidir le bearta sonracha coisc agus ullmhachta. Is féidir leis an gCoimisiún cur chun úsáide saineolaithe a mholadh freisin nó moltaí a dhéanamh chun leibhéil choisc agus ullmhachta a neartú.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é príomhúrnuacht an Rialacháin atá beartaithe bunú na sraithe ullmhachta trasearnála chomh maith le hionchorprú an mhaoinithe le haghaidh ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte.

Is é is aidhm don tsraith nua ullmhachta bearnaí cainníochtúla agus cáilíochtúla sa chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair a líonadh. Cuireann sí leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID‑19, ón ráig bolgaí moncaí a tharla le déanaí agus ó oibríochtaí SACS a rinneadh le déanaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le géarchéimeanna casta trasteorann agus leis an bhfreagairt ar riachtanais i ndáil le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Is léiriú í ar an taighde agus an fhadbhreathnaitheacht ar thimpeallacht riosca agus bagartha na hEorpa agus cuirtear i dtábhacht léi cineál na rioscaí atá ag éirí níos sistéamaí agus tionchar méadaitheach na n‑éifeachtaí cascáideacha ar fud na n‑earnálacha. Thairis sin, déantar breithniú réamhbhreathnaitheach leis na Ballstáit ar an ngá atá le feidhmiú leanúnach na gcóras cosanta sibhialta atá ann cheana san Eoraip a chosaint i gcásanna éigeandála agus géarchéime atá ag éirí níos casta.

A mhéid a bhaineann le bearnaí cainníochtúla, leis an tsraith nua sin, ba cheart a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna ardtionchair trí chur chuige níos cuimsithí agus níos comhtháite a ghlacadh lena gcomhordaítear socruithe ullmhachta agus freagartha ar bhealach níos éifeachtaí ar fud na n‑earnálacha lena mbaineann. A mhéid a bhaineann le bearnaí cáilíochtúla, leis an tsraith nua sin is féidir aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus bagairtí nach bhfuil aon uirlis atá ann cheana ar fáil ina leith. Leis sin, beifear in ann ilroinnt i struchtúir bainistithe géarchéimeanna ar leibhéal an Aontais a laghdú, simpleofar nósanna imeachta agus úsáidfear acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar rioscaí slándála atá ag teacht chun cinn a bhaineann le bagairtí hibrideacha agus suaitheadh sa bhonneagar criticiúil a bhfuil tionchar trasearnála acu.

Leis an gcomhpháirt ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte den Rialachán atá beartaithe, cuirfear feabhas ar an maoiniú le haghaidh faireachas ar bhagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn agus atá ar tí tarlú, brath bagairtí den sórt sin agus tuiscint ar bhagairtí den sórt sin, agus cruthófar nasc idir na léargais sin agus frithbhearta leighis. I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, feabhsófar léi an rochtain ar acmhainneachtaí táirgeachta le linn géarchéimeanna, agus tacófar le soláthar, stoc‑charnadh agus cur chun úsáide frithbheart leighis mar chuid d’iarrachtaí ullmhachta agus freagartha. Tacóidh sé freisin le forbairt eolais agus le cumas Bhallstáit an Aontais bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chosc, ullmhú lena n‑aghaidh agus freagairt dóibh.

Tá sé beartaithe go mbeidh ról lárnach ag LCPF agus cumas nua leathnaithe aige a bhuí le Mol AE lárnach um Chomhordú Géarchéime. Is é is aidhm dá phríomhréimse gníomhaíochta díriú ar thuiscint níos fearr a fháil ar ghéarchéimeanna lena n‑éascaítear socruithe ullmhachta agus freagartha níos réamhghníomhaí, ar chomhordú trasearnála gan teacht in ionad an tsaineolais earnála ná an saineolas sin a dhúbláil, agus ar fhaireachán feabhsaithe agus, an tráth céanna, na Ballstáit agus na cinnteoirí a choinneáil ar an eolas, i ndáil le hinniúlacht agus freagracht.

Mar gheall ar an inniúlacht tacaíochta sa réimse beartais sin agus na híogaireachtaí náisiúnta gaolmhara a bhaineann le cumais bainistithe géarchéime an Aontais a leathnú, ba cheart úsáid oibríochtúil socruithe freagartha faoin tsraith ullmhachta bhreise sin a nascadh le sásra truicir a bheadh le gníomhachtú ag an gComhairle agus a bheadh nasctha le nósanna imeachta atá ann cheana amhail gníomhachtú shocruithe comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna nó an clásal dlúthpháirtíochta (faoi Airteagal 222 CFAE).

Ar bhonn na gceachtanna foghlamtha, déanfar na rátaí cómhaoiniúcháin agus na rialacha oibríochtúla a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1313/2013 agus faoin gclár EU4Health a shimpliú chun cur chun feidhme níos éifeachtaí agus níos solúbtha a cheadú le linn géarchéimeanna a athraíonn go tapa. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe rialacha a shoiléiriú maidir le roinnt gníomhaíochtaí freagartha a oibríochtú, amhail moil lóistíochta agus moil um aslonnú leighis a bhunús, aslonnuithe leighis a dhéanamh, cumais freagartha agus foirne idirghabhála a réamhshuíomh. Ionchorprófar leis freisin tabhartais ón earnáil phríobháideach ar bhealach níos soiléire faoi SACS, ar rud é a bunaíodh go rathúil le linn oibríochtaí mar fhreagairt ar riachtanais san Úcráin.

Thairis sin, leis an Rialachán atá beartaithe, saineofar ar bhealach níos fearr tacaíocht SACS do na Ballstáit ina dtimthriallta ullmhachta náisiúnta. Áirítear leis sin rialacha tiomnaithe lena spreagtar athbhreithnithe piaraí agus measúnuithe deonacha ar chórais náisiúnta ullmhachta. Déanfar ról an Líonra Eolais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta mar cholún d’fhothú acmhainneachta a neartú a thuilleadh mar ardán chun saineolas, ceachtanna foghlamtha, agus cleachtais nuálacha i dtaca le bainistiú riosca tubaistí a mhalartú, agus an tráth céanna cuirfear rialacha maidir le hullmhacht an daonra agus comhar le páirtithe leasmhara (an earnáil mhíleata agus phríobháideach) leis i gcomhthéacs na hoiliúna agus cleachtaí.

Leis an Rialachán atá beartaithe, féachtar le struchtúr buiséid níos solúbtha agus níos comhtháite a shocrú bunaithe ar a chuspóir níos leithne agus a raon feidhme ullmhachta. Ní mór gníomhaíochtaí comhfhreagracha a bhaineann le cosc agus ullmhacht, amhail réamh‑mheas, fadbhreathnaitheacht agus fothú acmhainneachta, a bheith ag gabháil lena sholúbthacht fheabhsaithe agus lena fhreagrúlacht do ghéarchéimeanna ardtionchair agus do bhagairtí nua atá ag teacht chun cinn.

2025/0223 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus tacaíocht ón Aontas d’ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5), 196 agus 322(1), pointe (a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I bhfianaise an mhéadaithe mhóir ar líon agus ar dhéine na nguaiseacha nádúrtha agus na nguaiseacha de dheasca an duine le blianta beaga anuas, is gá an comhar i réimse na cosanta sibhialta a neartú ar leibhéal an Aontais chun Aontas athléimneach a chruthú a mbeidh na cumais aige is gá chun na rioscaí agus na bagairtí sin a thuar agus a bhainistiú, go neamhspleách ar a gcineál tionscnaimh, chun a áirithiú go mbeidh cosaint leormhaith ag saoránaigh an Aontais. Ba cheart do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (‘Sásra an Aontais’) an ról sin a chomhlíonadh trí chomhar agus comhordú idir na Ballstáit a neartú chun feabhas a chur ar an gcumas foriomlán tubaistí agus géarchéimeanna a chosc, ullmhú lena naghaidh agus freagairt dóibh.

(2)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais táscach do Shásra an Aontais agus do mhaoiniú ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte. Chun críoch an Rialacháin seo, déantar praghsanna reatha a ríomh trí dhíbhoilsceoir seasta 2 % a chur i bhfeidhm. Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 (‘an Rialachán Airgeadais’) maidir leis an Rialachán sin. Leagtar síos leis rialacha maidir le buiséad ginearálta an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme, lena nairítear rialacha maidir le deontais, duaiseanna, tabhartais neamhairgeadais, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(3)Cé go bhfuil bearta maidir le cosc agus ullmhacht fíorriachtanach chun cur le hathléimneacht an Aontais agus é ag dul i ngleic le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dheasca an duine, ní féidir tarlú, uainiú ná ollmhéid tubaistí a thuar, mar go bhfuil sé intuigthe leo go dtarlaíonn siad gan choinne. D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith idir na hacmhainní airgeadais is gá chun freagairt leormhaith a áirithiú ó bhliain go bliain agus ba cheart iad a chur ar fáil láithreach. Chun prionsabal buiséadach na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, is gá cur chun feidhme airgeadais na gclár oibre a oiriúnú dá bhrí sin. Dá réir sin, is iomchuí tabhairt anonn leithreasuithe nár úsáideadh a údarú, agus iad teoranta don bhliain dár gcionn agus dírithe go hiomlán ar ghníomhaíochtaí freagartha, sa bhreis ar an tabhairt anonn leithreasuithe a údaraítear faoi Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom), 2024/2509.

(4)I dtimpeallacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa, is léir ón taithí a fuarthas le déanaí go bhfuil gá le creat airgeadais ilbhliantúil agus cláir chaiteachais an Aontais níos solúbtha. Chuige sin, ba cheart breithniú cuí a dhéanamh leis an gcistiú ar na riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus ar thosaíochtaí an Aontais mar a shainaithnítear iad i ndoiciméid ábhartha arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún, i gconclúidí ón gComhairle agus i rúin ó Pharlaimint na hEorpa, agus intuarthacht leordhóthanach á háirithiú an tráth céanna do chur chun feidhme an bhuiséid.

(5)I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 16 , Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 17 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhearta comhréireacha, lena náirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 18 , féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, rud a ndéantar foráil maidir leis i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 . I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus don Chúirt Iniúchóirí agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(6)Leis an gcosaint atá le háirithiú faoi Shásra an Aontais, ba cheart daoine, an comhshaol agus maoin a chumhdach, lena náirítear tithíocht, bonneagar criticiúil, amhail fuinneamh agus iompar nó bonneagar spáis, agus oidhreacht chultúrtha, in aghaidh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dheasca an duine de gach cineál. Ba cheart tagairt do thubaistí nádúrtha agus do thubaistí de dheasca an duine a thuiscint mar thagairt d’iarmhairtí na nguaiseacha nádúrtha uile agus na nguaiseacha uile de dheasca an duine. Ba cheart a áireamh leis sin gníomhartha sceimhlitheoireachta, tubaistí teicneolaíocha, raideolaíocha nó comhshaoil, an tathrú aeráide, truailliú mara agus uisce intíre, suaitheadh sa soláthar uisce agus athléimneacht uisce, éagobhsaíocht hidrigeolaíoch, éigeandálaí sláinte, agus tubaistí nó éigeandálaí hibrideacha neamhshainithe eile, a tharlaíonn laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Teastaíonn comhordú trasearnála chun dul i ngleic leis na tubaistí sin i gcásanna ina gcuirtear sásraí bainistithe géarchéime eile de chuid an Aontais i bhfeidhm freisin.

(7)Le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, ba cheart dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn trí chomhar agus comhordú praiticiúil, gan dochar do phríomhfhreagracht na mBallstát daoine, an comhshaol agus maoin, lena náirítear oidhreacht chultúrtha, ar a gcríoch a chosaint ar gach tubaiste, agus cumais leordhóthanacha a thabhairt dá gcórais bainistithe tubaistí chun gur féidir leo déileáil go leormhaith agus go comhsheasmhach le tubaistí, agus iad a chosc, ar tubaistí iad de chineál agus méid ar féidir coinne a bheith leo agus ullmhú lena naghaidh go réasúnta.

(8)Chun comhsheasmhacht a chur chun cinn ina ghníomhaíocht idirnáisiúnta i réimse na cosanta sibhialta, ba cheart don Aontas aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag eagraíochtaí idirrialtasacha trí idirphlé beartais, malartú eolais agus malartú deachleachtais a neartú toisc go bhfuil tubaistí agus géarchéimeanna ag dul i méid ó thaobh scála agus raon feidhme de ar fud an domhain agus go bhfuil na rioscaí agus na bagairtí céanna ann don Aontas.

(9)Chun cur chuige comhtháite agus cuimsitheach a chothú maidir le bainistiú riosca tubaistí, le gníomhaíocht an Aontais ba cheart na tosaíochtaí gníomhaíochta uile faoi chreat Sendai a chumhdach. Cé go dtugtar aghaidh ar bhearta athléimneachta agus ullmhachta struchtúracha go cothrománach agus i gcláir ábhartha de chuid an Aontais, ba cheart don Sásra aghaidh a thabhairt orthu ina chéimeanna éagsúla den timthriall bainistithe tubaistí, is é sin, cosc, ullmhacht agus freagairt, trí phleanáil agus gníomhaíocht chomhordaithe lena ndéantar rioscaí a thuar agus a mhaolú, ullmhacht a fheabhsú agus freagairt éifeachtach a chumasú agus ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar théarnamh agus ar atógáil in ionstraimí eile de chuid an Aontais. Ba cheart don Aontas an tábhacht a bhaineann le tubaistí a chosc agus le bearta coisctheacha a chomhtháthú i mbeartais rialachais agus earnála a chur chun cinn, d’fhonn rioscaí a laghdú, athléimneacht an daonra, an bhonneagair agus na seirbhísí fíorriachtanacha a neartú agus tionchar tubaistí a íoslaghdú, mar aon le díriú ar spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorbairt a thuilleadh 20 . Tá freagairt oibríochtúil chomhchoiteann níos láidre ar leibhéal an Aontais, mar aon le tacaíocht do chumais aonair na mBallstát trí bhearta fothaithe acmhainneachta, fíorriachtanach chun na scileanna, na hacmhainní agus an teolas is gá chun rioscaí a bhainistiú, leochaileachtaí a laghdú agus athléimneacht i leith rioscaí agus bagairtí a bheidh ann amach anseo a fheabhsú.

(10)Chun forbhreathnú agus tuiscint chuimsitheach cothrom le dáta ar an timpeallacht rioscaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí agus iad a fhoilsiú go tráthrialta, measúnuithe ónar cheart dóibh an fhaisnéis a chomhroinnt leis an gCoimisiún uair amháin gach 5 bliana ar a laghad, nó i gcás inar gá na measúnuithe sin a thabhairt cothrom le dáta mar gheall ar athrú mór ar an timpeallacht rioscaí. Ba cheart don Choimisiún na measúnuithe riosca sin, nó na hachoimrí orthu, a úsáid chun cásanna tubaiste, pleananna, measúnuithe rioscaí agus bagairtí agus tuarascálacha ar bhearta bainistithe rioscaí ar leibhéal an Aontais a tháirgeadh agus a fhorbairt de réir mar is gá chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar na rioscaí a dhéanann difear don Aontas, agus ar na cumais chun aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart na measúnuithe agus na pleananna sin a bheith comhsheasmhach agus comhordaithe le próisis ábhartha eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(11)Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, ba cheart dóibh ullmhú do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus cosaint a thabhairt orthu de mheon dlúthpháirtíochta, comhair agus comhordaithe Eorpaigh. D’fhonn an cumas san Aontas a neartú i ndáil leis sin, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an Rialachán seo i ngníomhaíochtaí áirithe faoi Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus faoi Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais. Leis an Rialachán seo, ba cheart sineirgí a áirithiú freisin le sainorduithe an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a bhaineann le géarchéimeanna, mar aon le heagraíochtaí ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta.

(12)Léirítear i dtimpeallacht frithbheart leighis an Aontais spleáchas an Aontais ar thríú tíortha, chun go náiritheofaí soláthar amhábhar, comhábhar gníomhach cógaisíochta, táirgí íocshláinte, feistí leighis agus trealamh cosanta pearsanta a theastaíonn san Aontas le linn géarchéimeanna sláinte agus go háirithe le linn paindéimí. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an Rialachán do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear soláthar, bainistiú, stoccharnadh agus imscaradh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime laistigh den Aontas chun uathriail straitéiseach an Aontais a neartú agus chun slándáil soláthair frithbheart leighis a áirithiú ar bhealach níos fearr.

(13)Le linn éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, dá dtagraítear i Rialachán (AE, Euratom) 2022/2371, d’fhéadfadh an téileamh ar fhrithbhearta leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith níos mó ná an soláthar. I gcás den sórt sin, tá borrtháirgeadh agus monaraíocht frithbheart leighis fíorriachtanach. Ba cheart tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena bhforchoimeádtar acmhainneacht mhonaraíochta le haghaidh frithbhearta leighis atá ábhartha i gcás géarchéime, lena náirítear na hamhábhair is gá agus soláthairtí agus comhpháirteanna coimhdeacha.

(14)Murab ionann agus gnáthghníomhaíochtaí soláthair, tá gá le leibhéal áirithe solúbthachta agus frithghníomhaithe i gcás gníomhaíochtaí soláthair a bhaineann le cosc a chur ar ghéarú géarchéimeanna sláinte féideartha go géarchéimeanna iarbhír. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú leis an Rialachán údaráis chonarthacha nua a chur isteach gan an tairseach a cheanglaítear le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a bhaint amach chun tarlú géarchéime tromchúisí sláinte féideartha a sheachaint.

(15)Is gnéithe fíorriachtanacha den chomhar i réimse na cosanta sibhialta iad cláir fothaithe acmhainneachta mar aon le glacadh agus comhroinnt taighde agus nuálaíochta. Chun an acmhainneacht chomhchoiteann a neartú chun tubaistí a chosc, chun ullmhú dóibh agus chun freagairt orthu, chun tacú le comhroinnt eolais laistigh den phobal cosanta sibhialta agus le taighde a chur i bhfeidhm i ngach céim den bhainistiú riosca tubaistí, agus chun an comhar agus an malartú eolais a fheabhsú idir gníomhaithe cosanta sibhialta agus gníomhaithe bainistithe riosca tubaistí, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus an pobal taighde, is gá an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta (‘an Líonra Eolais’) a bhunaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1956 ón gCoimisiún a choinneáil ar bun agus a threisiú a thuilleadh 21 . Ba cheart don Líonra Eolais tógáil ar obair na struchtúr atá ann cheana agus oibriú i gcomhar leo, lena náirítear cleachtóirí cosanta sibhialta, lárionaid barr feabhais, ollscoileanna, taighdeoirí agus saineolaithe eile, gairmithe óga agus saorálaithe a bhfuil taithí acu i mbainistiú éigeandála mar aon leis na gníomhaithe uile a dhéanann idirghabháil i mbainistiú riosca tubaistí. Ba cheart an Líonra Eolais a neartú freisin i gcomhréir leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta 22 trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe a ionchorprú i réimsí na hullmhachta daonra agus an chomhair phríobháidigh phoiblí. Ba cheart don Líonra a bheith in ann malartú eolais agus comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú agus, i gcomhréir le creat institiúideach agus dlíthiúil na mBallstát, comhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a éascú, agus a áirithiú go ndéanfar breithniú cuí ar a ról, ar a riachtanais agus ar a gcumais.

(16)D’fhonn cumais san Aontas a neartú chun géarchéimeanna sláinte a chosc, chun ullmhú lena naghaidh, chun freagairt dóibh agus chun iad a bhainistiú, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an Rialachán seo do ghníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú sásraí comhlántacha agus struchtúir chomhlántacha arna mbunú faoi ionstraimí bainistithe géarchéime ábhartha an Aontais, agus slabhra soláthair na hEorpa á bhreithniú go háirithe. Ba cheart a áireamh sa tacaíocht sin fothú acmhainneachta chun freagairt ar ghéarchéimeanna sláinte, lena náirítear tionchar an athraithe aeráide ar shláinte, pleanáil theagmhasach agus ullmhacht, bearta coisctheacha amhail na bearta sin a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir faireachais neartaithe agus comhordú agus comhar feabhsaithe.

(17)Ba cheart forálacha a chur i bhfeidhm chun creat a áirithiú le haghaidh éabhlóid leanúnach Spriocanna an Aontais maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí. Beidh na spriocanna sin bunaithe ar chásanna reatha agus réamhbhreathnaitheacha, lena náirítear tionchair an athraithe aeráide ar rioscaí tubaiste, sonraí maidir le teagmhais roimhe seo agus anailís tionchair trasearnála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar phobail leochaileacha a bhfuil cónaí orthu i limistéir chósta, ar oileáin nó i réigiúin eile atá anleochaileach d’éifeachtaí an athraithe aeráide amhail ardú ar leibhéal na mara agus tuilte.

(18)Mar fhreagairt ar mhinicíocht agus déine mhéadaitheach tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dheasca an duine, tá sé fíorriachtanach agus is freagracht chomhchoiteann é athléimneacht shochaíoch idirghlúine a fheabhsú. Chuige sin, ní mór leas a bhaint as acmhainní comhchoiteanna eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí sochaí sibhialta, na meán, institiúidí oideachais, oiliúna agus cultúrtha, institiúidí eolaíocha agus an tsaoil acadúil, údarás poiblí, comhpháirtithe sóisialta, na hearnála príobháidí, líonraí agus pobal áitiúil, agus saoránach chun tubaistí agus géarchéimeanna a thuar, a chosc, a bhainistiú agus téarnamh uathu. Le hullmhacht éifeachtach daonra do chách, lena náirítear mná agus grúpaí i staideanna leochaileacha, leanaí, daoine scothaosta, dídeanaithe, daoine de bhunadh mionlaigh ciníoch nó eitneach, amhail Romaigh, agus daoine faoi mhíchumas, mar aon le turasóirí agus iad siúd atá go sealadach i gcríoch Ballstáit agus a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar rioscaí trasteorann, neartaítear athléimneacht shochaíoch trína áirithiú go mbeidh an teolas, na scileanna agus na hacmhainní is gá ag gach duine, gan beann ar a gcumas, chun iad féin a chosaint agus chun tacú le daoine eile a chosaint ar rioscaí agus bagairtí féideartha.

(19)Mar a leagtar amach sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta, comhtháthaítear le hullmhacht trí dhearadh bearta coisctheacha, measúnú riosca, pleanáil oiriúnaitheach, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, mar aon le breithnithe slándála ar fud reachtaíocht, bheartais agus chláir an Aontais, lena náirítear i mbeartais eacnamaíocha agus shóisialta arna gcomhordú faoin Seimeastar Eorpach. Leis an gcur chuige sin, cuirtear creat réamhghníomhach ar fáil lena gcuirtear ar a gcumas do na páirtithe leasmhara ábhartha uile amhail eagraíochtaí, pobail agus údaráis géarchéimeanna a thuar, a chosc, a bhainistiú agus téarnamh uathu, gan beann ar a dtionscnamh. Trí chomhar a chur chun cinn idir earnálacha poiblí agus príobháideacha, agus an pobal eolaíochta, agus trí ghlacadh le torthaí taighde agus nuálaíochta, leis an ullmhacht trí dhearadh neartaítear an cumas suaitheadh a chosc agus a bhainistiú agus áirithítear cosaint na beatha, sócmhainní, an chomhshaoil agus shláine an bhonneagair chriticiúil.

(20)Ba cheart breithnithe um chosc agus ullmhacht maidir le rioscaí tubaiste a chomhtháthú go córasach sna beartais, sna cláir agus sna próisis rialachais ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart do Shásra an Aontais prionsabal na hullmhachta trí dhearadh a chur chun cinn, mar a leagtar amach sa Straitéis, lena náirítear trí rannchuidiú le heolas ar rioscaí agus taithí oibríochtúil a fhorbairt agus a scaipeadh chun tacú le pleanáil agus cinntí atá feasach ar rioscaí lena bhfeabhsaítear ullmhacht ar fud na nearnálacha.

(21)Léiríodh le paindéim COVID19 cineál ilearnálach géarchéimeanna sláinte, rud a léiríonn a thábhachtaí atá sé breithnithe sláinte a ionchorprú i gcreat bainistithe géarchéime lena náirítear an Rialachán seo. Trí bhearta cosanta sibhialta agus ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte a chomhcheangal laistigh den chosaint shibhialta, áirithítear cur chuige cuimsitheach comhordaithe chun tubaistí a bhainistiú, lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus lena gcosnaítear an pobal ar raon leathan rioscaí agus bagairtí féideartha ar deireadh. D’fhéadfadh tionchair forleathana a bheith ag éigeandálaí sláinte, amhail paindéimí, bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha nó tionchair sláinte ó theagmhais a bhaineann leis an aeráid mar gheall ar an méadú san Eoraip ar ghalair veicteoiriompartha, tionchair a dhéanann difear don chobhsaíocht shóisialta, don chothromaíocht chomhshaoil nó do sholáthar seirbhísí fíorriachtanacha a bhíonn ag brath ar bhonneagar criticiúil. Leis an gcur chuige trasearnálach atá beartaithe, is féidir tionchar éigeandálaí a bhaineann le sláinte a chosc nó a mhaolú sula ghéaraíonn siad ina ngéarchéimeanna. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar dhaonraí a bhfuil cónaí orthu in institiúidí, amhail daoine faoi mhíchumas nó daoine scothaosta a bhfuil cúram fadtéarmach de dhíth orthu, atá neamhchosanta ar éigeandálaí sláinte agus a ndéantar difear dóibh go háirithe, mar is léir ó ghéarchéim COVID19.

(22)Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, ba cheart dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint de mheon dlúthpháirtíochta, comhair agus comhordaithe Eorpaigh. Leis an gcomhar sin, ba cheart feabhas a chur ar ullmhacht do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus ar chosc agus rialú na mbagairtí sin. Tá an ullmhacht fíorriachtanach chun athléimneacht i leith bagairtí sa todhchaí a fheabhsú. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID19 go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir na Ballstáit. Ba cheart leis an gcomhar sin go gcuirfí feabhas ar ullmhacht, cosc agus rialú i ndáil le leathadh ionfhabhtuithe agus galar tromchúiseach daonna thar theorainneacha, chun bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann ar an tsláinte a chomhrac, agus chun sláinte agus deabhail gach duine san Aontas a choimirciú agus a fheabhsú.

(23)I bhfianaise rioscaí agus éiginnteacht atá ag dul i méid go tapa, tá an tAontas tiomanta don athléimneacht a threisiú i réimsí éagsúla chun dúshláin agus géarchéimeanna éagsúla a thuar, a sheasamh agus téarnamh uathu go héifeachtach. Sa chomhthéacs sin, is éard atá i gceist leis an ngealltanas polaitiúil chun oibriú i dtreo an tSásra Eorpaigh um Chosaint Shibhialta rannpháirtíocht pholaitiúil dhaingean chun socruithe leormhaithe solúbtha a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach agus go héifeachtúil ar ghéarchéimeanna trasearnála, casta agus fadtréimhseacha. Ba cheart na socruithe sonracha sin a chur i bhfeidhm maidir le géarchéimeanna trasearnála agus ina theannta sin, ach ní go heisiach, maidir le cásanna a bhaineann le freagairt chomhtháite pholaitiúil ar ghéarchéimeanna nó le gníomhachtú Clásail Dlúthpháirtíochta, nó a bhfuil éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í fógartha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), mar aon le héigeandálaí a thagann faoi raon feidhme ionstraimí eile de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh ar éigeandálaí earnála, amhail éigeandálaí sa mhargadh inmheánach, éigeandálaí consalachta, slándála, sláinte agus éigeandálaí a bhaineann leis an aeráid, i gcás inar féidir le cumais Shásra an Aontais tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí na ngéarchéimeanna sin a bhainistiú.

(24)Ba cheart don Aontas a bheith ullamh do theagmhais agus géarchéimeanna mórscála trasearnála, lena náirítear an fhéidearthacht go ndéanfaí ionsaí armtha difear do Bhallstát amháin nó níos mó. De ghnáth, is ar na húdaráis shibhialta náisiúnta a bhíonn an phríomhfhreagracht i bhformhór na gcásanna géarchéime. Mar sin féin, i líon méadaitheach cásanna, amhail éigeandálaí sláinte, teagmhais adhaimsire, agus ionsaithe hibrideacha nó cibirionsaithe, tá tacaíocht mhíleata de dhíth ar údaráis shibhialtacha. I gcás fogha armtha, bheadh cúnamh sibhialtach de dhíth ar fhórsaí míleata chun feidhmiú leanúnach an stáit agus na sochaí a áirithiú. Dá bhrí sin, is gá feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht idir gníomhaithe sibhialtacha agus míleata, gan dochar a dhéanamh dá ninniúlachtaí faoi seach agus i gcomhar iomlán leis na Ballstáit. Mar obair leantach ar an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, ba cheart don Choimisiún agus don Ardionadaí socruithe a fhorbairt maidir le hullmhacht mhíleata shibhialta. Leis na socruithe sin, ba cheart róil, freagrachtaí agus tosaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus Ballstát den Aontas a shoiléiriú maidir le hullmhú le haghaidh teagmhas agus géarchéimeanna agus freagairt dóibh.

(25)D’fhéadfadh sé gur bhealach tábhachtach chun cuidiú le freagairt do thubaistí é úsáid a bhaint as modhanna míleata faoi stiúir sibhialtach mar rogha dheireanach. I gcás ina measfar gurb iomchuí acmhainneachtaí míleata a úsáid chun tacú le hoibríochtaí cosanta sibhialta, ba cheart na módúlachtaí, na nósanna imeachta agus na critéir arna mbunú ag an gComhairle nó ag a comhlachtaí inniúla chun acmhainneachtaí míleata ábhartha do chosaint shibhialta a chur ar fáil do Shásra an Aontais a leanúint le haghaidh comhar leis na seirbhísí míleata agus ba cheart an comhar sin a dhéanamh i gcomhréir leis na treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha.

(26)Is minic a léirítear cineál trasearnála le géarchéimeanna, agus bíonn tionchar acu ar an iliomad taobhanna den tsochaí agus teastaíonn freagairt chomhordaithe chomhtháite ó earnálacha éagsúla ina leith. Cibé acu a eascraíonn siad as guaiseacha nádúrtha, slándáil nó éigeandálaí sláinte poiblí, is gnách go dtéann na géarchéimeanna sin thar theorainneacha traidisiúnta agus go ndéanann siad difear d’earnálacha éagsúla go comhuaineach. Ba cheart rialacha a bhunú chun é a chur ar a chumas do Shásra an Aontais tacú go héifeachtach le bainistiú géarchéime trasearnála i gcomhlántacht le bearta agus nósanna imeachta atá ann cheana faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais.

(27)Mar gheall ar chineál ilghnéitheach na ngéarchéimeanna trasearnála, éilítear cur chuige cuimsitheach comhtháite maidir lena mbainistiú, rud a éilíonn dlúthchomhar éifeachtúil chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin a bhaineann leo. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta leanúint de bheith ina bpríomhúdaráis inniúla a thacaíonn le Sásra an Aontais. An tráth céanna, is gá comhordú, faireachán agus tacaíocht d’oibríocht trasearnála ar leibhéal an Aontais a áirithiú, chun tacú le hiarrachtaí náisiúnta. Ar an gcúis sin, ba cheart Mol um Chomhordú Géarchéime (an ‘Mol’) a bhunú. Oibreoidh an Mol i sineirgíocht leis an Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha (LCPF) agus comhlánóidh sé a fheidhm, agus bainfidh sé úsáid as struchtúir agus saineolas LCPF atá ann cheana. Leanfaidh LCPF dá shainordú chun tacú le Sásra an Aontais, agus chun pointe lárnach a sholáthar le haghaidh comhordú oibríochtúil le húdaráis na mBallstát, lena náirítear eintitis a údaraíonn na Ballstáit, institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus seirbhísí an Choimisiúin. Chun na hiarrachtaí sin a uasmhéadú, ba cheart rialacha a chur i bhfeidhm lenar féidir tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíocht na mBallstát a mhéadú, chun éilimh agus práinn na riachtanas a léiriú go cruinn. Chun an ghníomhaíocht sheachtrach a nascadh le freagairt inmheánach ar ghéarchéimeanna ar bhealach níos éifeachtaí agus chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint, ba cheart don Mhol comhoibriú leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), agus go háirithe lena Lárionad Freagartha Géarchéime, i ndáil le ról agus inniúlachtaí an Ardionadaí.

(28)Chun comhleanúnachas a áirithiú leis na struchtúir ábhartha atá ann cheana, comhordóidh an Mol um Chomhordú Géarchéime go dlúth freisin le hollstruchtúr slándála inmheánaí an Choimisiúin, lena náirítear Lárionad Comhtháite um Oibríochtaí Slándála (LCOS) a bhunú amach anseo, mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach 23 . Beidh gníomhaíochtaí an Mhoil, i gcás inarb ábhartha, ailínithe le Nósanna Imeachta Oibríochta Caighdeánacha, uirlisí cumarsáide agus nósanna imeachta slándála an Choimisiúin, rud a áiritheoidh idirinoibritheacht uasta, a éascóidh comhroinnt faisnéise, agus a thacóidh le gnéithe slándála i gcosaint shócmhainní an Choimisiúin.

(29)Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a dhírítear chuig na Ballstáit a thuiscint mar fhorálacha atá dírithe ar thíortha comhlachaithe freisin. Mar sin féin, cé go bhféadfadh sé go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo cur chun feidhme ionstraimí bainistithe riosca eile de chuid an Aontais i gcásanna géarchéimeanna trasearnála, níor cheart do thíortha atá comhlachaithe le Sásra an Aontais a bheith rannpháirteach mura dtagann siad faoi raon feidhme na hionstraime dá dtugtar tacaíocht.

(30)Ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha go bhféadfaidh an tír dá ndéantar difear, bíodh sí ina Ballstát nó ina tríú tír, mar aon leis na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí nó eagraíocht idirnáisiúnta a sainaithníodh go sonrach chun na críche sin, iarrataí ar chúnamh faoi Shásra an Aontais a dhéanamh. Ba cheart a cheadú d’iarrataí den sórt sin ar chúnamh an cineál cosanta sibhialta nó fóirithinte is gá chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil a shainaithint, lena náirítear i gcás inarb iarraidh ar shócmhainní déúsáide í an iarraidh.

(31)Ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, agus, de réir mar is iomchuí, toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha, a áirithiú go ndéanfar gach beart iomchuí chun an cúnamh a chuireann siad ar fáil a iompar go tráthúil, lena náirítear a mhéid a bhaineann le hiompar, infhaighteacht agus inimscarthacht an chúnaimh sin a ullmhú.

(32)Ba cheart leithdháileadh sealadach aon acmhainneachta freagartha faoi Shásra an Aontais a bheith indéanta i gcásanna ina bhfuil riosca méadaithe tubaistí i mBallstát nó i dtríú tír. Ba cheart imscaradh sealadach acmhainní agus foirne freagartha a bheith i gceist leis in oirchill guaiseacha nádúrtha nó guaiseacha de dheasca an duine.

(33)Chun ullmhacht oibríochtúil a áirithiú, go háirithe i limistéir riosca falscaithe le linn shéasúr an tsamhraidh agus i limistéir eile atá buailte le rioscaí séasúracha athfhillteacha, le Sásra an Aontais, ba cheart a bheith in ann na hacmhainneachtaí freagartha a réamhshuíomh sna Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Leis an mbeart réamhghníomhach sin, ba cheart feabhas a chur ar ullmhacht an Aontais tubaistí athfhillteacha a chomhrac, rud a mhaolóidh a dtionchar tubaisteach ar shaolta, ar thithe agus ar an gcomhshaol. An tráth céanna, leis an ngníomhaíocht sin ba cheart comhroinnt eolais theicniúil agus oibríochtúil a éascú i gcásanna éagsúla agus i gcomhthéacsanna dóiteáin éagsúla, idirinoibritheacht a threisiú, agus coincheap thacaíocht an óstnáisiúin d’acmhainneachtaí freagartha a fheabhsú. I gcás ina mbeadh ar na hacmhainneachtaí agus ar na foirne idirghabhála sin freagairt ar thubaiste le linn a réamhshuite, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha maidir le freagairt, go háirithe a mhéid a bhaineann le costas a noibrithe.

(34)Agus teochtaí ag ardú mar aon le tréimhsí fada triomaigh, tá an baol falscaithe san Aontas ag dul i méid agus tá tinte den sórt sin ag tarlú níos minice agus iad níos déine; an tráth céanna, is ábhar mór imní fós é infhaighteacht theoranta acmhainneachtaí freagartha speisialaithe, lena náirítear modhanna amfaibiacha chun dóiteáin foraoise a chomhrac, agus is é sin príomhdhúshlán oibríochtúil an Aontais i gcás ina dtarlaíonn falscaithe iomadúla go comhuaineach. Chun aistriú rianúil a áirithiú chuig cur chun feidhme iomlán rescEU, cúlchiste acmhainneachtaí ar leibhéal an Aontais a bhunaítear le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , tá sé fíorriachtanach fad a chur leis an idirthréimhse sin mar a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2023/2671 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 go dtí 2034, ionas go bhféadfaidh an tAontas leanúint de mhodhanna náisiúnta aerchomhraic dóiteáin a mhaoiniú agus a chur ar fáil le haghaidh oibríochtaí freagartha faoi Shásra an Aontais fad atá flít buan aerchomhraic dóiteáin rescEU á bhunú de réir a chéile; na modhanna nua aerchomhraic dóiteáin sin, a mhaoinítear faoi rescEU, tá siad á bhforbairt faoi láthair agus meastar go mbeidh siad ar fáil de réir a chéile ag tosú in 2028.

(35)Féadfar Sásra an Aontais a úsáid chun tacaíocht cosanta sibhialta a sholáthar le haghaidh cúnamh consalach do shaoránaigh den Aontas a ndéanann tubaistí i dtríú tíortha difear dóibh, má iarrann na Ballstáit a ndéanann an tubaiste difear dá saoránaigh é sin. I gcás inar féidir, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann féachaint leis na hiarrataí den sórt sin a chomhordú eatarthu féin agus le haon ghníomhaí ábhartha eile chun úsáid optamach Shásra Aontais um Chosaint Shibhialta a áirithiú agus deacrachtaí praiticiúla ar an talamh a sheachaint. Féadfar a chuimsiú le tacaíocht cosanta sibhialta le haghaidh cúnamh consalach gníomhaíochtaí amhail aisdúichiú, imeachtaí cuidithe agus aslonnuithe, gan dochar do ghníomhaíochtaí féideartha eile. Féadfar tacaíocht den sórt sin a iarraidh i gcás nach féidir leis na Ballstáit a áirithiú go naslonnófar saoránaigh den Aontas go tapa agus go héifeachtach trí roghanna tráchtála a úsáid, mar gheall ar chineál tobann na héigeandála nó mar gheall ar an staid pholaitiúil nó slándála, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go bhfuil eitiltí tráchtála neamhleor, neamhiontaofa nó neamhinrochtana. Thairis sin, féadfar iarrataí a dhéanamh i gcásanna a bhaineann leis an iliomad Ballstát nó le haisdúichiú, imeachtaí cuidithe, agus aslonnuithe mórscála i gcás ina soláthródh modhanna iompair comhthiomsaithe réiteach níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí. Féadfaidh Ballstát na saoránach dá ndéantar difear, nó an Ballstát a chomhordaíonn cúnamh do shaoránaigh uile an Aontais, cúnamh airgeadais a fháil faoi Shásra an Aontais le haghaidh tacaíocht cosanta sibhialta do chúnamh consalach. Chun prionsabal na dlúthpháirtíochta Eorpaí a chumhdaítear sa Rialachán seo a chur chun cinn a thuilleadh, ba cheart cúnamh airgeadais a dhéanamh forchéimnitheach, faoi réir náisiúntachtaí iomadúla na saoránach den Aontas atá ar bord na modhanna iompair. Ballstát a thabharfaidh an cúnamh consalach do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/637 ón gComhairle 26 , féadfaidh sé a iarraidh ar phaisinéirí nó ar Bhallstáit a gcumhdaítear a saoránaigh leis an ngníomhaíocht sin ranníocaíocht a thabhairt i leith na gcostas a bhaineann leis an ngníomhaíocht ag rátaí an mhargaidh. I gcás ina dtairbhíonn na Ballstáit a sholáthraíonn cúnamh consalach den sórt sin de chúnamh airgeadais faoi Shásraí an Aontais, ba cheart aisíocaíochtaí a iarrtar de bhun na Treorach sin a chur san áireamh agus aon ranníocaíocht ó Shásra an Aontais á cinneadh. Mar shraith bhreise de chúnamh cosanta sibhialta, féadfar acmhainneachtaí rescEU i réimse an iompair agus na lóistíochta a úsáid freisin le haghaidh tacaíocht cosanta sibhialta do chúnamh consalach.

(36)Chun inléiteacht a fheabhsú agus, dá bhrí sin, deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart maoiniú na gcostas oiriúnaithe le haghaidh acmhainneachtaí freagartha a gealladh don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a shimpliú. Ina theannta sin, ba cheart maoiniú níos airde a áirithiú le haghaidh costais oibríochtúla a thabhaítear le linn imscaradh acmhainneachtaí an Díorma Eorpaigh um Chosaint Shibhialta a chláraítear i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/704 ón gCoimisiún 27 , in oibríochtaí freagartha faoi Shásra an Aontais.

(37)Tá sé cruthaithe go comhsheasmhach ag rescEU go bhfuil breisluach ag baint leis in oibríochtaí freagartha comhordaithe an Aontais. Chun comhleanúnachas leis an Straitéis a áirithiú agus faoi réir acmhainní airgeadais a bheith ar fáil, ba cheart don Choimisiún rescEU a neartú a thuilleadh trí chothabháil na nacmhainneachtaí atá ann cheana a mhaoiniú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhéadú agus cinn bhreise a chruthú. Ba cheart a áireamh le forbairt acmhainneachtaí rescEU gach cineál fála amhail soláthar, conraitheoireacht, glacadh ar cíos nó léasú, lena náirítear le haghaidh frithbhearta leighis. Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta, ba cheart úsáid na réiteach arna bhforbairt nó arna dtáirgeadh san Aontas a chur chun cinn chun uathriail straitéiseach an Aontais agus athléimneacht slabhraí soláthair criticiúla a threisiú. In imthosca eisceachtúla, amhail nuair nach sainítear na frithbhearta leighis is gá faoi rescEU, mar shampla le haghaidh comhábhair ghníomhacha chógaisíochta nó táirgí imscrúdaitheacha, d’fhéadfaí stoic a fhorbairt lasmuigh de Shásra an Aontais. Leis an taithí a fuarthas le linn imscartha i gcomhthéacs phaindéim COVID19, fhreagairt an Aontais ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus na séasúr falscaithe athfhillteach, léirítear gur gá na rialacha lena rialaítear bainistiú agus imscaradh mear acmhainneachtaí rescEU a chuíchóiriú a thuilleadh chun mearfhreagairt a áirithiú.

(38)Féadfar acmhainneachtaí rescEU a chur in úsáid lasmuigh den Aontas i gcás ina mbaineann guais nádúrtha nó guais de dheasca an duine scála mór amach agus gur ábhar imní idirnáisiúnta í. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar imscaradh den sórt sin i gcás ina bhfuil leas ag an Aontas freagairt ar an éigeandáil nó i gcás ina bhféadfadh géarchéim tionchar a imirt ar an Aontas, lena náirítear i gcás ina bhfuil an ghéarchéim ina bagairt ar shaoránaigh den Aontas, ina bhfuil gá le hidirghabháil phráinneach ina leith, agus inar tugadh fógra ina leith faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais nó faoi shásraí freagartha idirnáisiúnta eile.

(39)Ba cheart an comhar san earnáil phríobháideach a neartú a thuilleadh trí thabhartais soláthairtí fóirithinte tubaistí a dhíriú ar na hacmhainneachtaí atá ann cheana faoi rescEU, arna nóstáil ag na Ballstáit. Ba cheart tabhartais a dhíriú trí na Ballstáit a bhfuil acmhainneachtaí rescEU á nóstáil acu, faoi réir dearbhú cáilíochta sula bhféadfaí iad a sheoladh. Ba cheart rialacha a bhunú lena gcumasaítear moil lóistíochta a chur ar bun chun cúnamh nó trádstórais a chomhthiomsú, agus acmhainneachtaí rescEU a d’fhéadfaí a fháil ón earnáil phríobháideach a stoccharnadh.

(40)Trí fhorbairt leanúnach agus comhtháthú feabhsaithe na gcóras braite, luathrabhaidh agus foláirimh trasteorann atá tábhachtach don Aontas a éascú, ba cheart don Aontas cúnamh a thabhairt do na Ballstáit an taga seachadta is gá a laghdú chun freagairt ar thubaistí agus foláirimh thráthúla a eisiúint do shaoránaigh den Aontas. Leis na córais sin, ba cheart foinsí agus bonneagair faisnéise atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a ghiaráil, agus glacadh teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn go gníomhach an tráth céanna. Agus é á aithint go bhfuil an phríomhfhreagracht ar na Ballstáit foláireamh a thabhairt dá bpobail chun scaipeadh éifeachtach rabhadh agus ullmhacht a áirithiú i gcás tubaistí, tá sé fíorriachtanach a gcumais a threisiú.

(41)Chun ullmhacht le haghaidh tubaistí trasearnála, trasteorann agus uileAontais a fheabhsú, ba cheart don Aontas, trína Shásra agus trí uirlisí an Aontais atá ann cheana, tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit chun córais rabhaidh phoiblí a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ba cheart do Shásra an Aontais leas a bhaint, i gcás inar gá, as seirbhísí a sholáthraíonn córais spáis an Aontais, amhail Galileo, EGNOS, Copernicus agus an tseirbhís rialtais um fhaire na Cruinne, IRIS2 agus Govsatcom, mar aon le seirbhísí feasachta staide spáis. Le comhpháirt luathrabhaidh Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus ina bhfuil an Córas Eorpach maidir le Feasacht Tuile, an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise agus an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach, ba cheart go rannchuideofar le híoslaghdú a dhéanamh ar an aga seachadta chun freagairt ar thubaistí. Is uirlisí tábhachtacha ar leibhéal an Aontais iad na sócmhainní sin chun ullmhú go héifeachtach do thubaistí agus do ghéarchéimeanna agus chun freagairt dóibh, laistigh de theorainneacha an Aontais agus lasmuigh díobh araon.

(42)Ba cheart do Shásra an Aontais na hacmhainneachtaí anailíseacha agus eolaíocha is gá le haghaidh ullmhacht oibríochtúil i bhfreagairt arna comhordú ag an Aontas a chomhdhlúthú agus a chomhthiomsú faoi shaoráid chomhairleach eolaíoch agus theicniúil. Ba cheart an tsaoráid sin a bheith ina colún tacaíochta do LCPF, don Mhol agus do na Ballstáit. Leis an tsaoráid chomhairleach eolaíoch agus theicniúil, ba cheart anailís shaineolach mar aon le léargais eolaíocha agus theicniúla a sholáthar, rud a chuirfidh le hullmhacht oibríochtúil, le hanailís agus le feasacht staide fheabhsaithe. Ba cheart cur chuige uileghuaise trasearnála atá dírithe ar sheirbhís a ghlacadh leis an tionscnamh sin chun tubaistí agus géarchéimeanna a thuar, chun ullmhú dóibh agus chun aghaidh a thabhairt orthu, rud a chomhlánóidh obair thaighde agus forbartha sheirbhís inmheánach eolaíochta agus eolais an Choimisiúin (an tAirmheán Comhpháirteach Taighde).

(43)Le blianta beaga anuas, cuireadh Sásra an Aontais i ngníomh arís agus arís eile chun aslonnuithe leighis a dhéanamh ó thríú tíortha a ndearna tubaistí difear dóibh agus nach raibh a gcórais cúraim sláinte in ann freastal ar an éileamh, go háirithe mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza agus, i ndiaidh an dóiteáin i gclub oíche sa Mhacadóin Thuaidh, i gcás na nothar sna Ballstáit agus i dtíortha eile atá comhlachaithe le Sásra an Aontais a thairg an tacaíocht sin a sholáthar, a naistriú sábháilte agus a gcóireáil shábháilte a áirithiú. Dá bhrí sin, in oibríochtaí mórscála, ba cheart don Aontas tacú le sraith gníomhaíochtaí lenar féidir comhordú a dhéanamh ar aistriú othar ón tír iarrthach chuig an mBallstát cóireála; Féadfar a áireamh leis na gníomhaíochtaí sin foireann measúnaithe a imscaradh, agus idirthuras gearrthéarmach i saoráid leighis áitiúil nó i mol a bhaineann le haslonnú leighis atá bunaithe go sonrach; dá bhrí sin, ba cheart a shonrú le rialacha comhchoiteanna cé na gníomhaíochtaí a mheastar a bheith ina gcuid d’oibríocht aslonnaithe leighis agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun moil a chur ar bun agus a oibriú atá tiomnaithe d’aslonnú leighis a éascú.

(44)Agus é á aithint a thábhachtaí atá sé comhar idirnáisiúnta a chothú i réimse na cosanta sibhialta, agus gan dochar do na rialacha lena rialaítear comhlachas tríú tíortha le Sásra an Aontais, tá sé fíorriachtanach go rachadh an Coimisiún i mbun iarrachtaí comhordaithe le tríú tíortha a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu maidir le bainistiú riosca tubaistí agus cosaint shibhialta. Leis sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tosaíochtaí beartais a ailíniú agus oibríochtaí a chomhordú le húdaráis náisiúnta tríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha comhpháirtíochta straitéiseacha.

(45)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 .

(46)Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha a ghlacadh ós rud é go gcuirtear chun feidhme leis na gníomhartha sin gníomhartha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu.

(47)De bhun Airteagal 85(1) de Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle 29 , tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear (OCTanna) incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil an tír nó an chríoch ábhartha thar lear nasctha leis.

(48)Tá Sásra an Aontais le cur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) [XXX]* ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, [rialachán feidhmíochta] lena mbunaítear na rialacha maidir le rianú caiteachais agus an creat feidhmíochta le haghaidh an bhuiséid, lena náirítear na rialacha chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus phrionsabal an chomhionannais inscne dá dtagraítear in Airteagal 33(2), pointí (d) agus (f) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 faoi seach a áirithiú, rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú ar fheidhmíocht chláir agus gníomhaíochtaí an Aontais, rialacha maidir le tairseach cistiúcháin an Aontais a bhunú, rialacha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na cláir, chomh maith le forálacha cothrománacha infheidhme do chlár uile an Aontais amhail na cinn a bhaineann le faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht.

(49)I gcas ina gcuireann cúnamh faoi Shásra an Aontais le freagairt dhaonnúil ón Aontas, go háirithe in éigeandálaí casta, ba cheart gníomhaíochtaí a bhfuil cúnamh airgeadais á fháil acu faoin Rialachán sin a bheith ag cloí leis na prionsabail dhaonnúla agus leis na prionsabail maidir le húsáid cosanta sibhialta agus acmhainneachtaí míleata a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil. Ba cheart a chur san áireamh leis na gníomhaíochtaí sin freisin freagairt éigeandála dhaonnúil eile arna cistiú ag an Aontas, lena náiritheofar ailíniú le treoirlínte agus cuspóirí bunaithe. Ba cheart Sásra an Aontais a theacht in ionad Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

(50)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 1313/2013/AE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Caibidil 1
Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

1.Déantar foráil leis an Rialachán seo maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (‘Sásra an Aontais’) agus leagtar síos leis an tacaíocht ón Aontas d’ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte. Leagtar amach leis cuspóirí, buiséad le haghaidh na tréimhse 2028 go 2034, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.

2.Leagtar síos leis an Rialachán sin, go háirithe:

(a)rialacha maidir le feidhmiú Shásra an Aontais, lena náirítear bearta sonracha maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt,

(b)rialacha maidir le feidhmiú an Lárionaid Comhordaithe Práinnfhreagartha (‘LCPF’) mar chomhlacht comhordaithe Shásra an Aontais,

(c)rialacha maidir leis an Mol um Chomhordú Géarchéime (‘an Mol’) a bhunú mar an struchtúr foriomlán lena néascaítear feasacht staide agus ullmhacht agus comhordú oibríochtúil trasearnála,

(d)bearta tacaíochta maidir le hullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh sé d’aidhm ag an Rialachán seo a áirithiú go ndéanfar daoine, an comhshaol, maoin, agus an oidhreacht chultúrtha a chosaint ar gach cineál tubaiste nádúrtha agus tubaiste de dheasca an duine, lena náirítear bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

2.Leis an Rialachán seo, cumasófar comhordú trasearnála i gcásanna ina gcuirtear sásraí eile de chuid an Aontais maidir le freagairt i gcás géarchéimeanna nó bainistiú riosca i bhfeidhm. Beidh forálacha an Rialacháin gan dochar d’inniúlachtaí an Ardionadaí i ngné sheachtrach na ngéarchéimeanna, lena náirítear misin agus oibríochtaí a sheoltar faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta.

3.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’oibleagáidí faoi ghníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana ná d’inniúlachtaí an Choimisiúin maidir le slándáil phearsanra, shócmhainní agus fhaisnéis an Choimisiúin. Cuirfear i bhfeidhm é gan dochar do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, agus i gcomhlántacht leo, ar gníomhartha dlí iad lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le freagairt nó bainistiú riosca a bhaineann le géarchéimeanna, lena náirítear ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte.

4.Le Teideal II den Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)gníomhaíochtaí coisc agus ullmhachta sna Ballstáit,

(b)gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, a bhaineann le slógadh agus seoladh saineolaithe agus Fhoirne an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta ‘Foirne CSAE’) a sholáthraíonn comhairle faoi bhearta maidir le cosc agus ullmhacht, mar aon le comhar maidir le hoiliúint, agus comhroinnt eolais agus taithí faoin Líonra Eolais, agus

(c)gníomhaíochtaí chun cúnamh a thabhairt don fhreagairt ar thubaiste atá ar tí tarlú nó d’iarmhairtí díobhálacha láithreacha tubaiste sna Ballstáit nó sna tríú tíortha, tar éis iarraidh ar chúnamh i gcomhréir le hAirteagal 28.

5.Le Teideal III den Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le tacaíocht ón Aontas d’ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte, go háirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2371 agus Rialachán (AE) 2022/2372.

6.Déanfar an bunú stoccharn dá dtagraítear i dTeideal III i gcomhréir le hAirteagal 21, cé is moite de fhrithbhearta leighis nach sainítear mar rescEU.

7.I gcás ina bhfuil na bearta coisc, ullmhachta agus freagartha faoin Rialachán seo á gcur i bhfeidhm, cuirfear riachtanais speisialta na réigiún nó na noileán iargúlta, forimeallach agus eile de chuid an Aontais san áireamh ó thaobh coisc, ullmhachta agus freagartha de.

8.Cuirfear san áireamh leis an bhfreagairt faoin Rialachán seo riachtanais speisialta na dtíortha agus na gcríoch ar an gcoigríoch i dtéarmaí freagartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘tubaiste’ staid, gan beann ar a tionscnamh, a bhfuil nó a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aici ar dhaoine, ar an tsláinte phoiblí, ar an gcomhshaol, ar bhonneagar criticiúil nó ar mhaoin, lena náirítear an oidhreacht chultúrtha;

(2)ciallaíonn ‘géarchéim’ aon tubaiste atá ag tarlú nó atá ar tí tarlú a bhfuil tionchar aici nó a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar earnálacha iomadúla go comhuaineach gan dochar do bhrí na géarchéime in Airteagal 2, pointe (22), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 is infheidhme i nósanna imeachta soláthair;

(3)ciallaíonn ‘earnáil’ réimse sonrach de ghníomhaíocht idirnasctha shochaíoch, rialtasach agus eacnamaíoch, go háirithe sláinte, comhshaol, iompar, fuinneamh, slándáil agus réimsí gníomhaíochta eile atá leochaileach do thubaistí.

(4)ciallaíonn ‘cúnamh’ saineolaithe, modúil, acmhainneachtaí freagartha eile nó foirne cúnaimh theicniúil agus tacaíochta, mar aon lena dtrealamh agus cúnamh comhchineáil, lena náirítear ábhair nó soláthairtí fóirithinte, mar aon le tairiscintí ó institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais agus cumais eile a bhfuil gá leo chun iarmhairtí láithreacha tubaiste nó géarchéime a mhaolú;

(5)ciallaíonn ‘ullmhacht’ staid ullmhachta agus acmhainneachta modhanna daonna agus ábhartha, struchtúr, córas, pobal agus eagraíochtaí lenar féidir leo mearfhreagairt éifeachtúil a áirithiú, ar staid í a bhaintear amach mar thoradh ar ghníomhaíocht a dhéantar roimh ré;

(6)ciallaíonn ‘cosc’ gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu rioscaí a laghdú nó iarmhairtí díobhálacha tubaiste a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú le haghaidh daoine, sláinte phoiblí, an chomhshaoil agus maoine, lena náirítear oidhreacht chultúrtha;

(7)Ciallaíonn ‘spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí’ cuspóirí a bhunaigh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit i réimse na cosanta sibhialta chun tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta chun feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais agus na mBallstát éifeachtaí tubaiste atá ina cúis le héifeachtaí trasteorann nó a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le héifeachtaí trasteorann a sheasamh;

(8)ciallaíonn ‘Comhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála’ (CECIS) ardán gréasáin arna fhorbairt agus arna choinneáil ar bun ag an gCoimisiún lena néascaítear malartú faisnéise fíorama idir na Ballstáit agus LCPF.

(9)ciallaíonn ‘luathrabhadh’ soláthar tráthúil agus éifeachtach faisnéise lena gceadaítear beart a dhéanamh chun rioscaí agus impleachtaí díobhálacha tubaiste a sheachaint nó a laghdú, agus chun ullmhacht i leith freagairt éifeachtach a éascú;

(10)ciallaíonn ‘modúl’ socrú neamhspleách, agus féinrialaithe réamhshainithe, bunaithe ar chúraimí agus ar riachtanais, acmhainneachtaí na mBallstát nó foirne oibríochtúla soghluaiste de chuid na mBallstát, ar meascán de mhodhanna daonna agus ábhartha é is féidir a thuairisciú de réir acmhainneacht idirghabhála nó de réir an chúraim/na gcúraimí is féidir leis a dhéanamh ar sainíodh íoscheanglais theicniúla ina leith;

(11)ciallaíonn ‘foireann cúnaimh theicniúil agus tacaíochta’ na hacmhainní daonna agus ábhartha a shannann Ballstát amháin nó níos mó chun cúraimí lóistíochta agus tacaíochta a chomhlíonadh;

(12)ciallaíonn ‘foireann idirghabhála’ grúpa speisialaithe ina bhfuil pearsanra oilte a bhfuil acmhainní acu chun freagairt go tapa agus go héifeachtach ar iarmhairtí tubaistí, nach bhfuil réamhgheallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta ná bunaithe mar chuid de rescEU;

(13)Ciallaíonn ‘Foireann an Aontais um Chosaint Shibhialta’ (‘Foireann CSAE’) foireann ina bhfuil saineolaithe agus, nuair is gá, foireann cúnaimh theicniúil agus tacaíochta, a roghnaíonn LCPF agus a chuireann sé chun úsáide faoi théarmaí tagartha a bhaineann le hiarraidh ar shaineolas maidir le cosc nó ullmhacht nó le freagairt éigeandála i gcomhthéacs iarraidh leanúnach ar chúnamh;

(14)ciallaíonn ‘déúsáid’ sócmhainní agus acmhainneachtaí atá le himscaradh sa chomhthéacs sibhialta agus míleata;

(15)ciallaíonn ‘measúnú riosca’ an próiseas foriomlán trasearnála lena ndéantar sainaithint riosca, anailísiú riosca, agus meastóireacht riosca ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí;

(16)ciallaíonn ‘cumas bainistíochta riosca’ cumas Ballstáit nó a réigiún rioscaí a laghdú, a oiriúnú nó a mhaolú (impleachtaí agus dóchúlacht tubaiste), ar rioscaí iad a shainaithnítear ina measúnuithe riosca go leibhéil atá inghlactha sa Bhallstát sin. Déantar measúnú ar chumas bainistithe riosca i dtéarmaí na hacmhainneachta teicniúla, airgeadais agus riaracháin atá ann chun measúnuithe riosca, pleanáil bainistithe riosca maidir le cosc agus ullmhacht, agus bearta maidir le cosc agus ullmhacht i dtaca le rioscaí a dhéanamh go leormhaith;

(17)ciallaíonn ‘tacaíocht óstnáisiúin’ aon ghníomhaíocht a dhéanann an tír atá ag fáil cúnaimh nó ag cur cúnaimh ar fáil, nó a dhéanann an Coimisiún, sna céimeanna ullmhachta agus freagartha chun deireadh a chur le baic ionchasacha ar chúnamh idirnáisiúnta a thairgtear trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Áirítear ann tacaíocht ó na Ballstáit chun trasdul an chúnaimh sin trína gcríoch a éascú;

(18)ciallaíonn ‘tacaíocht lóistíochta’ an trealamh nó na seirbhísí fíorriachtanacha is gá le haghaidh acmhainneachtaí freagartha chun a gcúraimí a chomhlíonadh, lena náirítear moil lóistíochta a bhunú;

(19)ciallaíonn ‘aslonnú leighis’ sraith gníomhaíochtaí comhordaithe lenar féidir daoine a bhfuil cúram leighis de dhíth orthu a iompar ar bhealach eagraithe ó limistéir a ndéanann tubaistí difear dóibh chuig saoráidí leighis iomchuí, bíodh sin i mBallstát agus, i gcás saoránach den Aontas, i dtríú tíortha freisin;

(20)ciallaíonn ‘mol aslonnaithe leighis’ saoráid idirthurais arna bunú faoi Shásra an Aontais a fhaigheann othair aslonnaithe agus na daoine a ghabhann leo ar bhonn sealadach, a sholáthraíonn triáis leighis, cobhsú othar agus cúram leanúnach (24/7), agus a eagraíonn a niompar, más gá, faoi chomhordú LCPF, chuig saoráidí cúraim sláinte i mBallstát; cuimsítear leis an mol aslonnaithe leighis an suíomh fisiciúil, a phearsanra leighis agus lóistíochta, an trealamh agus na seirbhísí tacaíochta is gá chun a áirithiú go ndéanfar othair a aistriú go sábháilte ón Stát iarrthach chuig an tír a bhfuil cóir leighis á cur ar fáil aici;

(21)ciallaíonn ‘costais oibriúcháin’ na costais uile a bhaineann le hacmhainneacht a oibriú nó le saineolaí nó Foireann an Aontais um Chosaint Shibhialta a imscaradh le linn oibríochta. Féadfar a áireamh leis na costais sin costais a bhaineann le pearsanra, iompar idirnáisiúnta agus áitiúil, lóistíocht, slándáil, tomhaltáin agus soláthairtí, cothabháil, mar aon le costais eile is gá chun úsáid éifeachtach na nacmhainneachtaí sin a áirithiú;

(22)ciallaíonn ‘costais iompair’ costais a bhaineann le gluaiseacht acmhainní iompair agus lóistíochta chuig an áit arna sonrú ag an mBallstát iarrthach, ag an tríú tír iarrthach nó ag an eagraíocht iarrthach, lena náirítear costais na seirbhísí uile, táillí, costais lóistíochta, costais láimhseála agus costais na riachtanas iompair eile a bhaineann le freagairt, costais bhreosla agus costais chóiríochta féideartha mar aon le costais indíreacha eile amhail cánacha, dleachtanna i gcoitinne agus costais idirthurais;

(23)ciallaíonn ‘tír chomhlachaithe’ tríú tír a bhfuil comhaontú sínithe aici leis an Aontas chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna leis na Ballstáit. Déanfar tagairt do na Ballstáit a fhorléiriú mar thagairt do Stáit chomhlachaithe freisin, mura sonraítear a mhalairt;

(24)ciallaíonn ‘frithbhearta leighis’ frithbhearta leighis de réir bhrí Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2022/2371;

(25)ciallaíonn ‘bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte’ bagairtí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2022/2371 mar aon le bagairtí raideolaíocha agus núicléacha.

Caibidil 2 
Cuspóirí agus forálacha airgeadais

Airteagal 4

Cuspóirí

1.Is é an cuspóir ginearálta a bheidh ag an Rialachán seo comhar idir an tAontas agus na Ballstáit a neartú chun gach cineál tubaiste nádúrtha agus tubaiste de dheasca an duine a chosc, chun ullmhú dóibh agus chun freagairt orthu d’fhonn iarmhairtí a bhainistiú, agus chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, a d’fhéadfadh tarlú laistigh den Aontas nó lasmuigh de, mar aon le cásanna ina mbíonn tionchar acu ar roinnt earnálacha go comhuaineach a chosc, ullmhú lena naghaidh agus freagairt dóibh.

2.Déanfar an cuspóir ginearálta dá dtagraítear i mír 1 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)tuiscint agus tuar rioscaí agus bagairtí tubaiste a neartú, lena náirítear iad siúd a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an tsláinte phoiblí, agus oibriú go réamhghníomhach chun a dtionchair fhéideartha a chosc nó a mhaolú; cosc agus ullmhacht a chothú; agus feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis cosanta sibhialta, údaráis sláinte agus údaráis ábhartha eile;

(b)fothú acmhainneachta a éascú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, go háirithe tríd an Líonra Eolais, go háirithe trí ghlacadh agus úsáid torthaí taighde agus nuálaíochta le linn tubaistí agus géarchéime a chothú agus a mhéadú, trí chláir fothaithe acmhainneachta a sholáthar agus a dhéanamh amhail oiliúint agus cleachtaí, athbhreithnithe piaraí, imscaradh saineolaithe agus Fhoirne an Aontais um Chosaint Shibhialta a sholáthraíonn comhairle faoi bhearta maidir le cosc agus ullmhacht agus saineolas eile, mar aon le cúnamh teicniúil agus airgeadais chun tacú le straitéisí, pleananna agus infheistíochtaí, agus cosc, ullmhacht agus athléimneacht a chothú;

(c)ullmhacht a fheabhsú ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, lena náirítear ar gach leibhéal den tsochaí, chun freagairt do thubaistí, go háirithe (i) agus tacaíocht á fáil ó LCPF agus ón Mol, agus a struchtúir chumarsáide agus faisnéise le haghaidh comhordú agus feasacht staide i measc údaráis na mBallstát agus struchtúir bainistithe géarchéime an Aontais atá ann cheana, (ii) trí thacú le córais éifeachtacha luathrabhaidh a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun bagairtí tubaistí atá ar tí tarlú a bhrath agus a chur in iúl, lena bhféadfar gníomhaíocht thráthúil a dhéanamh chun tionchair a chosc nó a mhaolú, (iii) trí acmhainneachtaí freagartha a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, a nidirinoibritheacht a neartú agus an déúsáid fhéideartha i gcás géarchéime a mheas, (iv) trí chomhtháthú breithnithe um chosc agus ullmhacht maidir le rioscaí tubaiste i mbeartais agus i gcreataí airgeadais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn, agus é d’aidhm aige athléimneacht fhadtéarmach a neartú, (v) trí ullmhacht agus athléimneacht a éascú i measc na ngníomhaithe agus na bpáirtithe leasmhara uile, lena náirítear gach leibhéal rialtais, údaráis shibhialta agus mhíleata, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach, agus soláthar feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a éascú d’fhonn ullmhacht fhoriomlán daonra agus athléimneacht shochaíoch a neartú;

(d)mearfhreagairt éifeachtúil a éascú laistigh den Aontas, lena náirítear sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 9(1), agus lasmuigh den Aontas chomh maith, tar éis iarraidh ar chúnamh i gcomhréir le hAirteagal 28;

(e)tacú le hullmhacht agus freagairt na mBallstát agus an Aontais i gcás géarchéimeanna trasearnála, go háirithe trí chúnamh a uasscálú chun aghaidh a thabhairt ar a ndéine agus ar a dtionchar, agus trí thacú le freagairt do ghéarchéimeanna arna tionscnamh faoi ionstraimí freagartha géarchéime nó bainistithe riosca eile de chuid an Aontais i gcás inar gá, lena náirítear tríd an Mol, agus trí thacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir gníomhaithe ábhartha sibhialta agus míleata, go háirithe trí thacú le socruithe ullmhachta cuimsitheacha míleata sibhialta a bhunú;

(f)feabhas a chur ar iarrachtaí na mBallstát agus an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) an cumas a neartú maidir le cosc, ullmhacht agus mearfhreagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, go háirithe trí thacú le beartais agus réitigh slándála sláinte, agus trí chórais bailithe sonraí, luathrabhaidh agus faireachais a fheabhsú, agus

(ii)feabhas a chur ar sholáthar frithbheart leighis trí fheabhas a chur ar infhaighteacht agus inrochtaineacht frithbheart leighis, go háirithe trí acmhainneachtaí áirithinte, soláthar, stoccharnadh agus imscaradh, mar aon le

(iii)gníomhaíochtaí comhordúcháin agus fothú acmhainneachta a neartú.

Airteagal 5

Ullmhacht agus comhar míleata sibhialta an Aontais

Oibreoidh an Coimisiún i gcomhpháirt leis an Ardionadaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)rannchuidiú le bearta a fhorbairt chun ullmhacht mhíleata shibhialta agus comhordú freagartha laistigh den Aontas a fheabhsú, i gcomhairle leis na Ballstáit;

(b)socruithe a fhorbairt chun róil agus freagrachtaí a shoiléiriú agus tosaíochtaí a leagan síos maidir le hullmhú agus freagairt i gcás tubaistí agus géarchéimeanna laistigh den Aontas mar aon le cásanna uileAontais chun bheith mar bhonn d’oiliúint agus do chleachtaí ar leibhéal an Aontais, do dheachleachtais, lena náirítear nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha, agus do shásraí le haghaidh comhar agus cumarsáid éifeachtach i gcásanna géarchéime.

Airteagal 6

Buiséad

1.Is é EUR 10 675 000 000 i bpraghsanna reatha an timchlúdach airgeadais táscach chun an Rialachán a chur chun feidhme don tréimhse ó 2028 go 2034.

2.Gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad, féadfar iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

3.Féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2034 chun na costais is gá a chumhdach agus chun bainistiú na ngníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi 2034 a chumasú.

4.An timchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus méideanna na nacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 7, féadfar iad a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Rialachán a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialúcháin, iniúchóireachta agus meastóireachta, córais agus ardáin teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, chomh maith le gach cúnamh teicniúil agus riaracháin eile nó gach costas eile a bhaineann leis an bhfoireann arna thabhú ag an gCoimisiún le haghaidh na bainistíochta faoin Rialachán seo.

5.Sa bhreis ar Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, tabharfar anonn go huathoibríoch na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais inar cuireadh sa bhuiséad bliantúil iad agus féadfar iad a ghealladh faoi seach agus a íoc go dtí an 31 Nollaig den bhliain dár gcionn. Ní úsáidfear na leithreasuithe a thabharfar anonn ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí freagartha. Is iad na leithreasuithe a thabharfar anonn na leithreasuithe is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Airteagal 7

Acmhainní breise

6.Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, nó tríú páirtithe eile, ranníocaíochtaí airgeadais nó neamhairgeadais breise a dhéanamh faoin Rialachán seo. Is ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a), (d), nó (e) nó Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais breise.

7.Acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte, féadfar iad a chur ar fáil faoin Rialachán seo, ach na Ballstáit é sin a iarraidh. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach nó go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointí (a) nó (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Is acmhainní breise a bheidh iontu, le cois an mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach ná faoi bhainistíocht indíreach maidir le méideanna breise arna gcur ar fáil faoin Rialachán seo ar an dóigh sin, féadfar na méideanna comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach faoi leith amháin nó níos mó nó chuig a gcomharbaí, ach an Ballstát lena mbaineann é sin a iarraidh.

Airteagal 8

Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach

1.Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme i sineirgíocht le cláir de chuid an Aontais. Gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht ón Aontas faighte aici ó chlár eile, féadfaidh sí ranníocaíocht a fháil faoin Rialachán seo freisin. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach, sin nó féadfar sraith aonair rialacha a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí uile agus féadfar gealltanas dlíthiúil aonair a thabhairt i gcrích. Má sholáthraítear ranníocaíochtaí uile an Aontais bunaithe ar chostas incháilithe, ní rachaidh an tacaíocht charnach ó bhuiséad an Aontais thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar í a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

2.Nósanna imeachta dámhachtana a bheidh ann faoin Rialachán seo, féadfar iad a stiúradh go comhpháirteach, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach, i gcomhar leis na Ballstáit, le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, le tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, nó le tríú páirtithe eile (‘comhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach’), ar choinníoll go náiritheofar cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir sraith aonair rialacha agus tabharfar gealltanais dhlíthiúla aonair i gcrích dá dtoradh. Chun na críche sin, na comhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach, féadfaidh siad acmhainní a chur ar fáil do Chlár an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo, nó féadfar a chur de chúram ar na comhpháirtithe an nós imeachta dámhachtana a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. I nósanna imeachta dámhachtana comhpháirteacha, féadfaidh ionadaithe na gcomhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 153(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 freisin.

Airteagal 9

Tríú tíortha comhlachaithe

1.Féadfar an comhlachas faoi Rialachán seo a oscailt do na tríú tíortha seo a leanas trí chomhlachas iomlán nó páirteach, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 4 agus i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha nó le haon chinneadh arna ghlacadh faoi chuimsiú na gcomhaontuithe sin agus is infheidhme maidir leis na páirtithe seo a leanas:

(a)comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chomh maith le micreastáit Eorpacha;

(b)tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha;

(c)tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa;

(d)tríú tíortha eile.

2.Leis na comhaontuithe comhlachais maidir le rannpháirtíocht faoin Rialachán seo:

(a)áiritheofar cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus tairbhí an tríú tír chomhlachaithe faoin Rialachán seo;

(b)leagfar síos na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht faoin Rialachán seo, lena náirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais arb éard atá iontu ranníocaíocht oibríochtúil agus táille rannpháirtíochta agus a chostais riaracháin ghinearálta;

(c)ní thabharfar aon chumhacht cinnteoireachta faoin Rialachán seo;

(d)ráthófar cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint;

(e)i gcás inarb ábhartha, áiritheofar cosaint leasanna slándála agus oird phoiblí an Aontais.

Chun críocha phointe (d), deonóidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá a cheanglaítear faoi Rialacháin (AE, Euratom) 2024/2509 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, agus ráthóidh sí go mbeidh cinntí forfheidhmiúcháin lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar bhonn Airteagal 299 den Chonradh, chomh maith le breithiúnais agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, infhorfheidhmithe.

Airteagal 10

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach trí bhíthin eintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán sin.

2.Féadfar cistiú ón Aontas a sholáthar in aon fhoirm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar, agus tabhartais neamhairgeadais.

3.Féadfaidh an Coimisiún deontais dhíreacha a dhámhachtain ar na Ballstáit gan glao ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí faoi na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

4.Féadfar deontais faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a úsáid in éineacht le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó bhainc san Aontas nó sna tíortha comhlachaithe nó ó institiúidí airgeadais forbartha nó poiblí eile, agus in éineacht le maoiniú ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, lena náirítear trí chomhpháirtíochtaí poiblí poiblí nó príobháideacha poiblí.

5.I gcás ina soláthrófar cistiú ón Aontas i bhfoirm deontais, soláthrófar cistiú mar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais nó, i gcás inar gá, le roghanna costas simplithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Ní fhéadfar cistiú a sholáthar i bhfoirm aisíocaíocht costais incháilithe iarbhír ach amháin i gcás nach féidir cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach ar shlí eile.

6.Chun críocha Airteagal 153(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta go páirteach nó go hiomlán de shaineolaithe seachtracha neamhspleácha.

Airteagal 11

Incháilitheacht

1.Socrófar critéir incháilitheachta chun tacú leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 4(2) a bhaint amach, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus beidh feidhm acu maidir le gach nós imeachta dámhachtana faoin Rialachán seo.

2.I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh bainistíocht dhíreach agus indíreach, féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na heintitis dhlítheanacha seo a leanas a bheith incháilithe chun cistiú a fháil ón Aontas:

(a)eintitis atá bunaithe i mBallstát;

(b)eintitis atá bunaithe i dtríú tír chomhlachaithe;

(c)eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(d)eintitis eile atá bunaithe i dtríú tíortha neamhchomhlachaithe i gcás ina bhfuil cistiú na neintiteas sin fíorriachtanach chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme agus ina rannchuidíonn sé leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 4(2).

3.Anuas ar Airteagal 168(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfaidh tríú tíortha comhlachaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán seo, i gcás inarb ábhartha, páirt a ghlacadh in aon cheann de na sásraí soláthair a leagtar amach in Airteagal 168(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus tairbhiú d’aon cheann díobh. Féadfaidh tríú tíortha neamhchomhlachaithe a bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta soláthair a leagtar amach in Airteagal 168(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 más gá sin chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 a bhaint amach, agus faoi réir chomhaontú na dtíortha rannpháirteacha uile.

4.Nósanna imeachta dámhachtana a dhéanann difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe nósanna imeachta dámhachtana a bhaineann le sócmhainní agus leasanna straitéiseacha an Aontais nó a Bhallstát, déanfar iad a shrianadh i gcomhréir le hAirteagal 136 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

5.I nósanna imeachta dámhachtana le haghaidh deontas, ní bheidh gníomhaíochtaí incháilithe chun cistiú a fháil i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin, nó codanna díobh, maoinithe ina niomláine cheana féin ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha eile, cé is moite de ranníocaíochtaí ón Aontas i gcomhthéacs gníomhaíochtaí sineirge dá dtagraítear in Airteagal 8.

6.Leis an gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 nó na doiciméid a bhaineann leis an nós imeachta dámhachtana féadfar na critéir incháilitheachta a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú a thuilleadh nó féadfar critéir incháilitheachta bhreise a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí sonracha.

Airteagal 12

Clár oibre

Is le cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a chuirfear an Rialachán chun feidhme.

TEIDEAL II

COSAINT SHIBHIALTA

Caibidil 1Measúnú Riosca agus Pleanáil Bainistithe Riosca

Airteagal 13

Spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a fhorbairt a thuilleadh i réimse na cosanta sibhialta, agus moltaí a ghlacadh chun iad a shainiú mar bhunlíne choiteann chun tacú le gníomhaíochtaí coisc agus ullmhachta. Beidh na spriocanna sin bunaithe ar chásanna atá ann faoi láthair agus ar chásanna réamhbhreathnaitheacha, lena n‑áirítear ar shonraí spáis ó Copernicius, agus iad siúd atá bainteach le tionchair an athraithe aeráide ar rioscaí tubaiste, sonraí faoi theagmhais a tharla roimhe seo agus measúnú tionchair trasearnála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha. Agus spriocanna maidir le hathléimneacht ó thubaistí á bhforbairt aige, cuirfidh an Coimisiún tubaistí a tharlaíonn arís agus arís eile i mBallstáit san áireamh agus molfaidh sé do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh, lena n‑áirítear aon bheart atá le cur chun feidhme trí chistí an Aontais a úsáid, chun athléimneacht ó thubaistí den sórt sin a neartú.

Airteagal 14

Measúnú riosca agus pleanáil bainistithe riosca náisiúnta

Chun cur chuige éifeachtach agus comhleanúnach a chur chun cinn maidir le cosc agus ullmhacht laistigh de Shásra an Aontais, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)measúnuithe riosca tubaiste a fhorbairt a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí agus comhordú agus comhsheasmhacht le próisis measúnaithe riosca ábhartha eile a áirithiú, mar aon le hinfhaighteacht phoiblí a dtorthaí neamhíogaire a áirithiú, chun tacú le feasacht agus ullmhacht an phobail maidir le riosca;

(b)measúnú ar an gcumas bainistithe riosca tubaiste atá acu a fhorbairt a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí;

(c)pleanáil bainistithe riosca tubaistí a fhorbairt agus a bheachtú a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí, lena náirítear a mhéid a bhaineann le comhar trasteorann agus rioscaí a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu, agus spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí á gcur san áireamh agus comhordú agus comhsheasmhacht le próisis phleanála ábhartha eile a áirithiú.

(d)i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, feabhas a chur ar bhailiú agus scaipeadh sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí, lena náirítear trí úsáid níos fearr a bhaint as sonraí spáis.

Airteagal 15

Comhroinnt faisnéise náisiúnta faoi bhainistiú riosca

Chun forbairt comhthuisceana ar rioscaí agus bagairtí tubaistí ar leibhéal an Aontais a chothú, chun riachtanais choiteanna a shainaithint i bhforbairt cumais bainistithe riosca tubaistí, chun tacú le cur chun feidhme spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí, agus chun malartú dea‑chleachtas a éascú, cuirfidh na Ballstáit achoimre ar fáil don Choimisiún, gan dochar do rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta, i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 16(2), faoin 31 Nollaig 2028 agus uair amháin ar a laghad gach 5 bliana ina dhiaidh sin, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)measúnuithe riosca ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí, lena náirítear measúnú ar rioscaí nó tubaistí a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu;

(b)measúnú ar chumais bainistithe riosca tubaistí agus ar acmhainneachtaí freagartha ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí;

(c)gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cur chun feidhme spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí;

(d)riachtanais infheistíochta i mbainistiú riosca tubaistí a éilíonn tacaíocht faoi ionstraimí ábhartha an Aontais, nó a d’fhéadfadh tairbhiú den tacaíocht sin.

Airteagal 16

Gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais maidir le measúnú riosca agus pleanáil bainistithe riosca

1.Chun feabhas a chur ar an tuiscint ar rioscaí tubaiste atá roimh an Aontas agus chun bonn eolais a chur faoin ullmhacht chomhordaithe, agus bunaithe ar na hachoimrí dá dtagraítear in Airteagal 16 agus breithniú á dhéanamh ar aon sonra trasearnála eile atá ar fáil, lena náirítear sonraí spáis, maidir le rioscaí a shainaithint, lena náirítear ar leibhéal an Aontais, mar aon le hobair an Líonra Eolais, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)tuarascáil a chur ar fáil uair amháin gach 5 bliana ar a laghad lena soláthrófar forbhreathnú trasearnála ar na rioscaí tubaiste nádúrtha agus ar na rioscaí tubaiste de dheasca an duine atá roimh an Aontas, agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Airteagal 14 agus spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí dá dtagraítear in Airteagal 13;

(b)cásanna tubaiste ar leibhéal an Aontais a bhunú agus a athbhreithniú go tráthrialta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt;

(c)tuarascáil a chur ar fáil uair amháin gach 5 bliana ar a laghad maidir le hacmhainneachtaí freagartha agus cumais ábhartha ar leibhéal an Aontais, agus ar na bearnaí atá fós ann i ndáil le hacmhainneachtaí freagartha ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 15, pointe (b), agus spriocanna acmhainneachta agus spriocanna feidhmíochta ábhartha á gcur san áireamh. Tabharfar forléargas sa tuarascáil freisin ar na forbairtí buiséadacha agus costais a bhaineann le hacmhainneachtaí freagartha, agus beidh measúnú inti faoina riachtanaí atá sé na hacmhainneachtaí sin a fhorbairt a thuilleadh.

2.Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoirlínte a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le tíolacadh na hachoimre dá dtagraítear in Airteagal 15.

3.Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis bhreise a sholáthar faoi bhearta sonracha maidir le cosc agus ullmhacht a bhaineann le rioscaí as a neascraíonn tubaistí a tharlaíonn go tráthrialta nó a mbíonn tionchar ar leith acu, agus más iomchuí:

(a)a mholadh go ndéanfar saineolaithe a imlonnú chun comhairle a sholáthar maidir le bearta maidir le cosc agus ullmhacht; nó

(b)moltaí a dhéanamh chun leibhéal an choisc agus na hullmhachta sa Bhallstát lena mbaineann a threisiú. Coinneoidh an Coimisiún agus an Ballstát sin a chéile ar an eolas maidir le haon bheart a dhéanfar tar éis moltaí den sórt sin.

Caibidil 2 
Fothú acmhainneachta agus ullmhacht

Airteagal 17

Uirlisí fothaithe acmhainneachta

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit a n‑acmhainneacht chun déileáil le rioscaí a fheabhsú trí rochtain a sholáthar ar uirlisí amhail cláir oiliúna agus cleachtaí, cúnamh teicniúil agus airgeadais, athbhreithnithe piaraí, imscaradh saineolaithe agus Fhoirne an Aontais um Chosaint Shibhialta a sholáthraíonn comhairle faoi bhearta maidir le cosc agus ullmhacht agus soláthar eile saineolais, foghlama agus comhroinnte eolais, agus tacaíocht do ghlacadh torthaí taighde agus nuálaíochta i mbainistiú riosca tubaistí.

Airteagal 18

Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta

1.Déanfaidh an Líonra Eolais eolas agus faisnéis a chomhiomlánú, a phróiseáil agus a scaipeadh, eolas agus faisnéis atá ábhartha do Shásra an Aontais agus chun tacú le tionscnaimh chomhoibríocha gníomhaithe cosanta sibhialta agus bainistithe riosca tubaistí laistigh den Aontas, lena náirítear eagraíochtaí sochaí sibhialta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, an earnáil phríobháideach agus an pobal taighde agus bunaithe ar chur chuige ilghuaiseach.

2.Tabharfaidh an Coimisiún, tríd an Líonra Eolais, aird chuí ar an saineolas atá ar fáil sna Ballstáit, lena náirítear ar gach leibhéal rialtais, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal eagraíochtaí agus eintitis idirnáisiúnta, ar leibhéal tríú tíortha agus ar leibhéal na neagraíochtaí atá gníomhach ar an láthair.

3.Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirtíocht i mbunú agus feidhmiú an Líonra Eolais a chur chun cinn a bheidh cothrom ó thaobh inscne de agus cuimsitheach.

4.Tacóidh an Coimisiún, tríd an Líonra Eolais, le comhleanúnachas i bpróisis phleanála agus chinnteoireachta trí mhalartú leanúnach eolais agus faisnéise a éascú a bhaineann le gach réimse gníomhaíochta faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

5.Tacóidh an Coimisiún, tríd an Líonra Eolais, leis na Ballstáit chun feasacht an phobail ar rioscaí tubaiste a mhúscailt.

6.Déanfaidh an Coimisiún, tríd an Líonra, an méid seo a leanas go háirithe:

(a)an acmhainneacht chomhchoiteann a neartú chun tubaistí a chosc, chun ullmhú lena naghaidh agus chun freagairt dóibh go héifeachtach, agus chun tacú le comhroinnt eolais agus le foghlaim, agus chun infheistíocht i mbainistiú riosca tubaistí a chur chun cinn. Áirítear sa mhéid sin:

(i)cláir cúnaimh airgeadais a chur ar bun agus a bhainistiú chun bainistiú riosca agus comhroinnt eolais a fheabhsú agus chun forbairt infheistíochtaí agus pleananna um chosc agus um ullmhacht a spreagadh;

‑‑(ii)clár oiliúna agus cleachtaí, agus clár um malartú saineolaithe le haghaidh pearsanra cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí agus géarchéime lena gcumhdaítear cosc, ullmhacht agus freagairt, a chur ar bun agus a bhainistiú. Díreoidh na cláir ar mhalartú deachleachtas i réimse na cosanta sibhialta, an bhainistithe tubaistí agus géarchéime, spreagfaidh siad an malartú sin, agus áireofar leo cúrsaí comhpháirteacha. Áireofar leis an malartú saineolais i réimse an bhainistithe tubaistí agus géarchéime malartuithe gairmithe agus saorálaithe a bhfuil taithí acu. Beidh sé d’aidhm ag an gclár oiliúna agus cleachtaí agus ag an gclár um malartú saineolaithe comhar agus comhordú a neartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún i réimse na cosanta sibhialta, an bhainistithe tubaistí agus géarchéime agus comhordú, comhoiriúnacht agus comhlántacht na nacmhainneachtaí dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 21 a fheabhsú, agus inniúlacht na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 33 a fheabhsú;

(iii)cláir a chur ar bun agus a bhainistiú chun saineolas a sholáthar agus a mhalartú.

(b)scaipeadh agus glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta a neartú ag gach céim den chosaint shibhialta agus den bhainistiú riosca tubaistí, agus idirghníomhaíocht a spreagadh idir torthaí taighde agus nuálaíochta, an earnáil phríobháideach agus údaráis na mBallstát.

(c)Ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí cosanta sibhialta arna ndéanamh faoi chuimsiú Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, lena náirítear gnéithe ón timthriall bainistithe tubaistí ina iomláine, a bhailiú agus a bhainistiú, chun bonn leathan a sholáthar le haghaidh próisis foghlama agus forbairt eolais. Áireofar leis sin:

(i)faireachán, anailísiú agus meastóireacht ar gach gníomhaíocht cosanta sibhialta ábhartha laistigh de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta;

(ii)cur chun feidhme ceachtanna a foghlaimíodh a chur chun cinn chun bunús ar bhonn taithí a fháil le haghaidh forbairt gníomhaíochtaí laistigh den timthriall bainistithe tubaistí; agus

(iii)modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun ceachtanna a foghlaimíodh a bhailiú, anailísiú a dhéanamh orthu agus iad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme.

Áireofar sa ghníomhaíocht sin, i gcás inarb iomchuí, ceachtanna a foghlaimíodh ó idirghabhálacha lasmuigh den Aontas maidir le naisc agus sineirgí a shaothrú idir cúnamh arna sholáthar faoi Shásra an Aontais agus freagairt dhaonnúil;

(d)ardán ar líne a fhónann don Líonra Eolais a choinneáil ar bun chun tacú le cur chun feidhme na gcúraimí éagsúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), agus an cur chun feidhme sin a éascú.

7.Nuair a bheidh na cúraimí a leagtar amach i mír 1 á ndéanamh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais agus ar leasanna na mBallstát a bhfuil rioscaí tubaiste den chineál céanna os a gcomhair, mar aon leis an ngá le cosaint na bithéagsúlachta agus na hoidhreachta cultúrtha a neartú.

8.Déanfaidh an Coimisiún comhar maidir le fothú acmhainneachta, glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta a neartú, agus cuirfidh sé chun cinn an chomhroinnt eolais agus taithí idir an Líonra agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha, go háirithe chun rannchuidiú le gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 20152030.

9.Déanfaidh an Líonra glacadh oibríochtúil na réiteach nuálach arna gcistiú ag an Aontas a chur chun cinn freisin, agus tacóidh sé leis na Ballstáit teicneolaíochtaí agus cineálacha cur chuige úrscothacha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, lena náirítear trí sholáthar nuálaíochta agus trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.

10.Leagfar síos eagrú an Líonra Eolais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 19

Gníomhaíochtaí ullmhachta ginearálta

1.Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn deonach, acmhainneachtaí freagartha a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21.

2.Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit feasacht an phobail ar rioscaí tubaiste a mhúscailt.

3.Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún tacú le leithdháileadh cúltaca na nacmhainneachtaí freagartha agus na bhfoirne idirghabhála agus iad a chomhordú, lena náirítear le haghaidh oiliúna, cleachtaí, malartú eolais agus idirinoibritheacht acmhainneachtaí agus foirne idirghabhála a fheabhsú.

4.Féadfaidh na Ballstáit, faoi réir cosaintí slándála iomchuí, faisnéis a sholáthar maidir le hacmhainneachtaí freagartha míleata ábhartha a bhféadfaí iad a úsáid mar chuid den chúnamh trí Shásra an Aontais, amhail iompar agus tacaíocht lóistíochta nó leighis.

5.Soláthróidh na Ballstáit faisnéis ábhartha don Choimisiún maidir le saineolaithe, modúil agus acmhainneachtaí freagartha eile a chuireann siad ar fáil le haghaidh cúnaimh trí Shásra an Aontais agus nuashonróidh siad an fhaisnéis sin nuair is gá.

6.Déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí ullmhachta iomchuí chun tacaíocht óstnáisiúin a éascú.

7.Bronnfaidh an Coimisiún boinn chun gealltanais sheanbhunaithe agus rannchuidiú urghnách le Sásra an Aontais a aithint agus a urramú. Bronnfar boinn i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

8.Gan dochar d’Airteagal 9, féadfaidh an Coimisiún tosaíochtaí beartais a chomhordú, agus, i gcás inar gá, gníomhaíochtaí oibriúcháin a chomhordú, le húdaráis náisiúnta tríú tír, atá ainmnithe mar thír chomhpháirtíochta straitéiseach, a bhfuil cuspóirí ailínithe aici i réimse na cosanta sibhialta, nó a bhfuil comhaontú slándála agus cosanta tugtha i gcrích ag an Aontas léi.

Airteagal 20

An Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta

1.Beidh díorma d’acmhainneachtaí freagartha na mBallstát a bheidh geallta go deonach sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta agus áireofar leis modúil, acmhainneachtaí freagartha eile, catagóirí saineolaithe agus foirne cúnaimh theicniúil agus tacaíochta. Déanfaidh an Coimisiún rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe, modúil agus acmhainneachtaí freagartha eile de chuid na mBallstát a shainaithint mar aon le ceanglais oibríochtúla maidir le feidhmiú agus idirinoibritheacht modúl agus imscartha i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

2.Beidh cúnamh arna sholáthar ag Ballstát tríd an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta comhlántach leis na hacmhainneachtaí atá ann cheana sa Bhallstát iarrthach, gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar na Ballstáit maidir le tubaistí a chosc agus freagairt dóibh ar a gcríoch.

3.Ar bhonn rioscaí sainaitheanta agus aon chruthaithe creatlaí cáis atá ann cheana dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 16(1), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cineálacha na bpríomhacmhainneachtaí freagartha is gá don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (‘spriocanna acmhainneachta freagartha’) a shainiú agus líon na bpríomhacmhainneachtaí sin a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

4.Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna acmhainneachta freagartha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, agus sainaithneoidh sé bearnaí acmhainneachta freagartha sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a d’fhéadfadh a bheith suntasach. I gcás ina sainaithnítear bearnaí den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú i dtaobh an bhfuil na hacmhainneachtaí riachtanacha ar fáil do na Ballstáit lasmuigh den Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta. Déanfaidh an Coimisiún na Ballstáit a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí móra acmhainneachta freagartha sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta, i gcomhréir leis an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(1).

5.Trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2), déanfaidh an Coimisiún próiseas a bhunú agus a bhainistiú chun na hacmhainneachtaí freagartha a chuireann na Ballstáit ar fáil don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a dheimhniú agus a chlárú agus saineoidh sé ceanglais cháilíochta agus idirinoibritheachta na nacmhainneachtaí freagartha.

6.Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn deonach, na hacmhainneachtaí freagartha a thairgeann siad don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a shainaithint, a ghealladh agus a chlárú, lena náirítear acmhainneachtaí míleata ábhartha a d’fhéadfaí a úsáid mar chuid de chúnamh. Is iad na Ballstáit uile lena mbaineann, agus iad i gcomhpháirt le chéile, a dhéanfaidh clárú na modúl ilnáisiúnta a bheidh á soláthar ag dhá Bhallstát nó níos mó á ndéanamh.

7.Na hacmhainneachtaí freagartha a chuirfidh na Ballstáit ar fáil do ECPP, beidh siad ar fáil chun críoch náisiúnta an tam ar fad.

8.Na hacmhainneachtaí freagartha a chuirfidh Ballstáit ar fáil do ECPP, beidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí freagartha faoi Shásra an Aontais tar éis iarraidh ar chúnamh trí LCPF. Is iad na Ballstáit a chláraigh an acmhainneacht freagartha lena mbaineann a dhéanfaidh an cinneadh deiridh maidir lena nimscaradh. I gcás ina gcuirtear cosc ar Bhallstát na hacmhainneachtaí freagartha sin a chur ar fáil i gcás tubaiste shonrach mar gheall ar éigeandálaí intíre, force majeure nó, i gcásanna eisceachtúla, cúiseanna tromchúiseacha, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas a luaithe agus is féidir trí thagairt a dhéanamh don Airteagal seo.

9.I gcás imscaradh, beidh acmhainneachtaí freagartha na mBallstát faoina gceannas agus faoina rialú i gcónaí agus féadfar iad a tharraingt siar, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, i gcás ina gcuirfidh éigeandálaí intíre, force majeure nó, i gcásanna eisceachtúla, cúiseanna tromchúiseacha cosc ar Bhallstát na hacmhainneachtaí freagartha sin a choinneáil ar fáil. Éascóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an comhordú idir na hacmhainneachtaí freagartha éagsúla, trí LCPF i gcomhréir le hAirteagal 25.

Airteagal 21

rescEU

1.Soláthrófar le rescEU cúnamh chun comhlánú a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí freagartha foriomlána atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar na hacmhainneachtaí sin a gheall na Ballstáit don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta nó chun riachtanais oibríochtúla a chomhlíonadh chun mearfhreagairt éifeachtach a áirithiú ar iarrataí ar chúnamh arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 28.

2.Saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na hacmhainneachtaí freagartha a bheidh in rescEU, bunaithe, i measc nithe eile, ar mheasúnuithe riosca an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 16(1), agus rioscaí sainaitheanta agus rioscaí atá ag teacht chun cinn agus acmhainneachtaí agus bearnaí foriomlána ar leibhéal an Aontais á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

3.Déanfaidh na Ballstáit acmhainneachtaí rescEU a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas, a fháil ar conradh ar bhealach eile, nó deonófar na acmhainneachtaí sin dóibh.

4.Féadfaidh an Coimisiún acmhainneachtaí rescEU a fháil ar cíos, a fháil ar léas, nó a fháil ar conradh ar bhealach eile a mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i réimse an iompair agus na lóistíochta, ar acmhainneachtaí rescEU iad mar a shainítear trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

5.I gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún acmhainneachtaí a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas, nó a fháil ar conradh ar bhealach eile, ar acmhainneachtaí iad a chinnfear trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 35(2). Le gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)cineál agus cainníocht riachtanach na nacmhainní ábharacha agus, aon seirbhís tacaíochta chumasúcháin riachtanach, a sainíodh mar acmhainneachtaí rescEU cheana féin, a chinneadh; agus/nó

(b)acmhainní ábharacha breise, aon seirbhís tacaíochta chumasúcháin riachtanacha a shainiú mar acmhainneachtaí rescEU agus cineál agus cainníocht riachtanach na nacmhainneachtaí sin a chinneadh.

6.Déanfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún acmhainneachtaí rescEU a óstáil. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, dáileadh geografach leormhaith acmhainneachtaí rescEU a áirithiú.

7.Saineoidh an Coimisiún na ceanglais cháilíochta, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis na hacmhainneachtaí freagartha bheidh ina gcuid de rescEU, i gcomhairle leis na Ballstáit. Beidh na ceanglais cháilíochta bunaithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta sheanbhunaithe, i gcás inarb ann do chaighdeáin mar sin cheana féin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

8.Ní fhéadfar acmhainneachtaí rescEU a úsáid ach amháin chun críoch náisiúnta, lena náirítear acmhainneachtaí déúsáide, nuair nach bhfuiltear á núsáid ná nach bhfuil gá leo chun freagairt a dhéanamh.

9.Úsáidfear acmhainneachtaí rescEU, lena náirítear le haghaidh imscaradh, úsáid náisiúnta, iasachtaí nó tabhartas, agus chun cúltacaí straitéiseacha rescEU a bhainistiú, i gcomhréir le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

10.Beidh acmhainneachtaí rescEU ar fáil le haghaidh oibríochtaí freagartha tar éis iarraidh ar chúnamh arna déanamh trí LCPF i gcomhréir le hAirteagal 28. Déanfaidh an Coimisiún, trí LCPF, i ndlúthchomhar leis an mBallstát iarrthach agus leis an mBallstát a bhfuil an acmhainneacht freagartha á hóstáil aige, aon chinneadh maidir le himscaradh nó díshlógadh na nacmhainneachtaí agus aon chinneadh i gcás ina bhfuil iarrataí a thagann salach ar a chéile ann.

11.I gcás ina bhfuil trealamh nó tomhaltáin i gceist le hacmhainneachtaí rescEU, féadfaidh an Coimisiún, trí LCPF, cinneadh a dhéanamh na hacmhainneachtaí rescEU atá á dtairiscint a dheonú nó a thabhairt ar iasacht.

12.An Ballstát ar ar a chríoch a dhéantar acmhainneachtaí rescEU a imscaradh, is é sin an Ballstát a bheidh freagrach as oibríochtaí freagartha a threorú. I gcás imscaradh lasmuigh den Aontas, beidh na Ballstáit a bhfuil acmhainneachtaí rescEU á nóstáil acu freagrach as a áirithiú go ndéanfar acmhainneachtaí rescEU a chomhtháthú go hiomlán sa fhreagairt fhoriomlán.

13.I gcás imscaradh, tiocfaidh an Coimisiún, trí LCPF, ar chomhaontú leis an mBallstát iarrthach maidir le himscaradh oibríochtúil acmhainneachtaí rescEU. Déanfaidh an Ballstát iarrthach comhordú oibríochtúil a chuid acmhainneachtaí féin agus comhordú oibríochtúil gníomhaíochtaí rescEU le linn oibríochtaí a éascú.

14.Déanfaidh an Coimisiún trí LCPF comhordú na nacmhainneachtaí freagartha éagsúla a éascú, i gcás inarb iomchuí.

15.Cuirfear stádas oibríochtúil acmhainneachtaí rescEU in iúl do na Ballstáit trí CECIS.

16.Faoi réir na riachtanas oibríochtúil laistigh de na Ballstáit, féadfar acmhainneachtaí rescEU a imscaradh mar fhreagairt ar thubaistí agus ar ghéarchéimeanna lasmuigh den Aontas a bhfuil tionchar mór acu ar an Aontas nó ar na Ballstáit nó ar ábhar imní idirnáisiúnta iad.

17.Nuair a imscartar acmhainneachtaí rescEU i dtríú tíortha, i gcásanna sonracha, féadfaidh na Ballstáit diúltú a bpearsanra féin a imscaradh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 22

rescEU idirthréimhseach

1.Go dtí 2034, féadfar tacaíocht ón Aontas a chur ar fáil chun 75 % de na costais is gá a chumhdach chun go náiritheofar rochtain mhear ar acmhainneachtaí náisiúnta a chomhfhreagraíonn do na cinn a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 21(2).

2.Ainmneofar na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i mír 1 mar acmhainneachtaí rescEU go dtí deireadh an dáta dá dtagraítear iontu.

3.De mhaolú ar Airteagal 21, is é an Ballstát a chuir na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil mar acmhainneachtaí rescEU a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscaradh na nacmhainneachtaí sin. Má chuirtear cosc ar Bhallstát na hacmhainneachtaí sin a chur ar fáil do thubaiste shonrach, i gcásanna éigeandála intíre, force majeure nó, go heisceachtúil, mar gheall ar chúiseanna tromchúiseacha, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas a luaithe is féidir trí thagairt a dhéanamh don Airteagal seo.

Airteagal 23

Tuar agus luathrabhadh

1.Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na gníomhaíochtaí seo a leanas chun cumais tuartha agus luathrabhaidh a fheabhsú, rud lena gcuirfear le cumais spáis an Aontais a sholáthraíonn Copernicus, Galileo agus i gcás inar gá, seirbhísí spáis eile:

(a)tuilleadh feabhais a chur ar chórais braite agus luathrabhaidh trasteorann chun leas an Aontais chun éifeachtaí láithreacha tubaistí a mhaolú;

(b)na córais braite agus luathrabhaidh trasteorann atá ann cheana a chomhtháthú agus a fheabhsú trí úsáid a bhaint as cur chuige ilghuaiseach, agus é mar chuspóir aige sin aga seachadta chun freagairt a dhéanamh a íoslaghdú;

(c)cumais le haghaidh feasacht staide agus anailíse a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh;

(d)faireachán a dhéanamh ar thubaistí agus, i gcás inarb ábhartha, measúnú a dhéanamh ar thionchair an athraithe aeráide, agus comhairle a sholáthar atá bunaithe ar eolas eolaíoch;

(e)sonraí eolaíocha a aistriú ina bhfaisnéis oibríochtúil inghníomhaithe;

(f)comhpháirtíochtaí eolaíocha Eorpacha lena dtugtar aghaidh ar gach guais a chruthú, a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin an tidirnasc idir córais náisiúnta luathrabhaidh agus foláirimh a chur chun cinn, agus córais den sórt sin a nascadh, b’fhéidir, le LCPF agus le córais TF ábhartha;

(g)tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sainordaithe trí eolas eolaíoch, teicneolaíochtaí nuálacha agus saineolas a sholáthar chun a gcórais luathrabhaidh a fhorbairt, lena náirítear tríd an Líonra Eolais.

2.Déanfaidh saoráid eolaíoch agus theicniúil tionscnaimh, cláir, uirlisí agus seirbhísí atá ann cheana, amhail Seirbhísí Copernicus, a chomhthiomsú le chéile chun rannchuidiú, trí shaineolas eolaíoch agus teicniúil, le hullmhacht oibríochtúil, anailís agus feasacht staide an Mhoil, LCPF agus na mBallstát chun tubaistí agus géarchéimeanna a thuar, chun ullmhú lena naghaidh agus chun freagairt dóibh, de réir cineálacha cur chuige uileghuaise trasearnála atá dírithe ar sheirbhís.

3.I gcás ina soláthraíonn Galileo agus EGNOS, Copernicus, IRIS2 agus Govsatcom nó Feasacht Staide an Spáis seirbhísí éigeandála, féadfaidh gach Ballstát a chinneadh iad a úsáid.

Airteagal 24

Córais rabhaidh phoiblí

1.Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun tacú le Seirbhís Satailíte Rabhaidh Éigeandála Galileo a chomhtháthú i gcórais náisiúnta rabhaidh phoiblí.

2.Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit ullmhacht agus feasacht an daonra a fheabhsú maidir le foláirimh leanúnacha ar fud an Aontais.

3.I gcás tubaiste trasteorann, féadfaidh an Mol agus LCPF comhroinnt faisnéise a éascú i measc na dtíortha lena mbaineann maidir le húsáid Sheirbhís Satailíte Rabhaidh Éigeandála Galileo. Ar bhonn iarrata ó Bhallstát, féadfaidh an Mol agus LCPF teachtaireachtaí rabhaidh phoiblí a scaipeadh thar ceann an Bhallstáit sin trí Sheirbhís Satailíte Rabhaidh Éigeandála Galileo laistigh den Bhallstát sin.

4.Bunóidh an Coimisiún nósanna imeachta chun Seirbhís Satailíte Rabhaidh Éigeandála Galileo a úsáid chun cúnamh a thabhairt do thríú tíortha a iarrann an tseirbhís sin.

5.Féadfar seirbhísí an Aontais um Fheasacht Staide an Spáis a chur san áireamh leis na teachtaireachtaí rabhaidh phoiblí dá dtagraítear i mír 3, go háirithe seirbhísí faireachais agus rianaithe spáis.

Airteagal 25

Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha

1.Feabhsóidh LCPF feasacht staide choiteann ar rioscaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, mar aon le hacmhainneacht oibríochtúil 24/7, agus fónfaidh sé do na Ballstáit agus don Choimisiún chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú.

2.Oibreoidh LCPF i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais.

3.Déanfaidh LCPF go háirithe freagairt ar leibhéal an Aontais a chomhordú, déanfaidh sé faireachán ar an bhfreagairt agus tacóidh sé léi i bhfíoram.

4.Beidh rochtain ag LCPF ar chumais oibríochtúla, anailíseacha, faireacháin, bainistithe faisnéise agus cumarsáide, agus beidh sé feistithe chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a fháil agus a phróiseáil, chun aghaidh a thabhairt ar raon leathan tubaistí laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

5.Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála maidir le feidhmiú LCPF agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Déanfar idirghníomhaíocht LCPF le pointí teagmhála na mBallstát a shainiú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Airteagal 26

Mol um Chomhordú Géarchéime

1.Gan dochar d’Airteagal 25, bunaítear leis seo Mol um Chomhordú Géarchéime (an Mol). Cuirfidh an Mol le struchtúr agus le cumais LCPF, lena náirítear a chumais anailíseacha agus eolaíocha, a fheasacht staide, agus a acmhainneacht oibríochtúil 24/7 le haghaidh géarchéimeanna trasearnála.

2.Oibreoidh an Mol i ndlúthchomhar le Lárionad Freagartha Géarchéime SEGS i ngné sheachtrach na ngéarchéimeanna trasearnála, i ndáil lena róil agus lena inniúlachtaí.

3.Déanfaidh an Mol na rioscaí a bhaineann le géarchéimeanna trasearnála a thuar agus déanfaidh sé faireachán orthu, lena náirítear faisnéisiú tráthrialta maidir le hionchas oibríochtúil a chur ar fáil faoi rioscaí trasearnála agus uileghuaise.

4.Áiritheoidh an Mol comhordú leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, a ainmnítear i gcomhréir le mír 5, le seirbhísí an Choimisiúin agus le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus soláthróidh sé tacaíocht i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 29(1).

5.Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála maidir le feidhmiú an Mhoil agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Caibidil 3
Freagairt

Airteagal 27

Fógraí maidir le tubaistí

1.I gcás tubaiste laistigh den Aontas, nó tubaiste atá ar tí tarlú, arb í is cúis le héifeachtaí trasteorann nó a d’fhéadfadh a bheith ina cúis leo, tabharfaidh an Ballstát ina dtarlaíonn an tubaiste nó inar dócha go dtarlóidh an tubaiste fógra, gan mhoill, do na Ballstáit a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus don Choimisiún. Ní cheanglófar fógra a thabhairt don Choimisiún sa chás inar tugadh aghaidh cheana féin ar an oibleagáid fógra a thabhairt faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana.

2.I gcás tubaiste laistigh den Aontas, nó tubaiste atá ar tí tarlú, ar dócha go mbeidh iarraidh ar chúnamh ó Bhallstát amháin nó níos mó mar thoradh uirthi, tabharfaidh an Ballstát ina dtarlaíonn an tubaiste nó inar dócha go dtarlóidh an tubaiste fógra, gan mhoill, don Choimisiún gur féidir a bheith ag súil le hiarraidh fhéideartha ar chúnamh trí LCPF, chun an Coimisiún a chumasú, mar is iomchuí, chun na Ballstáit eile a chur ar an eolas agus a sheirbhísí inniúla a ghníomhachtú.

3.Déanfar na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, mar is iomchuí, trí CECIS. Saineoidh an Coimisiún comhpháirteanna CECIS mar aon le heagrú comhroinnte faisnéise trí CECIS trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

4.Áiritheoidh an Mol creat iomchuí chun na fógraí faoi ghéarchéimeanna a fháil, arna bhfáil ag an gCoimisiún trí ionstraimí eile de chuid an Aontais.

Airteagal 28

Iarraidh ar chúnamh

1.Nuair a tharlaíonn tubaiste nó nuair atá tubaiste ar tí tarlú, féadfaidh an Ballstát nó an tríú tír dá ndéantar difear cúnamh a iarraidh trí LCPF. Beidh an iarraidh chomh sonrach agus is féidir. Féadfar a áireamh léi go háirithe iarraidh ar mhodúil, foirne idirghabhála, soláthairtí agus trealamh fóirithinte tubaistí, acmhainní lóistíochta, acmhainní iompair, agus aon acmhainn eile. Déanfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta oibríochtúla maidir le freagairt do thubaistí a leagan síos trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

2.In imthosca eisceachtúla, agus in éagmais iarraidh ar chúnamh ó thríú tír dá ndéanann tubaiste difear, féadfaidh Ballstát, ar fhorais dhaonnúla, a iarraidh go ngníomhachtófar Sásra an Aontais. Beidh cur chun feidhme Shásra an Aontais i gcomhréir le rialacha infheidhme an dlí idirnáisiúnta (lena náirítear toiliú (sainráite nó intuigthe) na tíre dá ndéantar difear). Beidh an fhreagairt fhoriomlán i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus lena ngníomhaireachtaí, agus beidh glacadh éifeachtach le tairiscintí agus seachadadh cúnaimh i bhfeidhm aici.

3.Nuair is tríú tír í an tír dá ndéantar difear, féadfaidh na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí, nó eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha, cúnamh a iarraidh freisin thar ceann na tíre dá ndéantar difear agus le comhaontú na tíre sin. Sainaithneoidh an Coimisiún eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

4.Rachaidh an iarraidh ar chúnamh in éag tar éis uastréimhse 90 lá, mura gcuireann LCPF gnéithe nua ar fáil lena dtugtar údar don ghá atá le cúnamh leanúnach nó le cúnamh breise

5.Déanfaidh saoráid chomhairleach eolaíoch agus theicniúil na cumais anailíseacha agus eolaíocha atá ann cheana a chomhcheangal, lena náirítear na cumais sin a chuireann LCPF ar fáil, ar cumais iad is gá chun freagairt a dhéanamh. Féadfaidh tír dá ndéantar difear a iarraidh ar LCPF saoráid chomhairleach eolaíoch agus theicniúil a ghníomhachtú, lena náirítear na seirbhísí a sholáthraítear le cumais spáis an Aontais, agus sonraí a dhíorthaítear ón spás a rochtain.

6.Nuair a bheidh iarraidh ar chúnamh faighte, déanfaidh an Coimisiún trí LCPF, mar is iomchuí agus gan mhoill, an méid seo a leanas:

(a)an iarraidh a chur ar aghaidh chuig pointí teagmhála Ballstát;

(b)faisnéis faoin staid a bhailiú, agus anailís a dhéanamh uirthi, agus é mar sprioc leis feasacht choiteann maidir leis an staid agus an fhreagairt don chás a bhunú, agus an fhaisnéis sin a scaipeadh go díreach ar na Ballstáit;

(c)comhordú agus seachadadh cúnaimh a éascú, más gá, trí shaineolaí nó trí Fhoireann an Aontais um Chosaint Shibhialta a bheith ann ar an láthair, agus tríd an ngníomhaíocht tacaíochta agus chomhlántach bhreise is gá;

(d)comhairle a thabhairt maidir leis an gcineál cúnaimh is gá chun iarmhairtí tubaiste a mhaolú;

(e)moltaí a dhéanamh i gcomhairle leis an mBallstát nó leis an tríú tír dá ndéantar difear, maidir le cúnamh a sholáthar trí Shásra an Aontais, agus iarraidh ar na Ballstáit acmhainneachtaí a imscaradh agus comhordú an chúnaimh is gá a éascú. I gcás inar Ballstát í an tír iarrthach, déanfaidh sí na gníomhaíochtaí iomchuí chun tacaíocht an óstnáisiúin don chúnamh isteach a éascú i gcomhréir leis an moladh maidir le Tacaíocht an Óstnáisiúin.

7.I gcás inar tríú tír í an tír dá ndéantar difear, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)idirchaidreamh a dhéanamh leis an tír lena mbaineann maidir le sonraí teicniúla, amhail na riachtanais bheachta le cúnamh, glacadh le tairiscintí agus na socruithe praiticiúla maidir le glacadh áitiúil agus dáileadh áitiúil an chúnaimh;

(b)idirchaidreamh a dhéanamh leis na Náisiúin Aontaithe agus lena ngníomhaireachtaí, nó tacú leo, agus oibriú i gcomhar le gníomhaithe ábhartha eile a rannchuidíonn leis an iarracht fhoriomlán fóirithinte, chun sineirgí a uasmhéadú, comhlántachtaí a lorg agus dúbailt agus bearnaí a sheachaint;

(c)idirchaidreamh a dhéanamh leis na gníomhaithe ábhartha uile, go háirithe i gcéim dheiridh an chúnaimh, chun aistriú rianúil a éascú.

8.Aon Bhallstát a ndírítear iarraidh ar chúnamh chuige trí Shásra an Aontais, cinnfidh sé go pras an bhfuil sé in ann an cúnamh is gá a thabhairt agus cuirfidh sé LCPF ar an eolas faoina chinneadh cúnamh a thairiscint trí CECIS, agus a raon feidhme agus a théarmaí á léiriú. Coinneoidh LCPF na Ballstáit ar an eolas.

9.Féadfar idirghabhálacha lasmuigh den Aontas faoin Airteagal seo a dhéanamh mar idirghabháil cúnaimh uathrialach nó mar rannchuidiú le hidirghabháil faoi stiúir eagraíocht idirnáisiúnta. Déanfar comhordú an Aontais a chomhtháthú go hiomlán leis an gcomhordú foriomlán a sholáthraíonn na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí agus urramófar an ról ceannasach atá acu. I gcás tubaistí de dheasca an duine nó éigeandálaí casta, áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, agus urraim do phrionsabail dhaonnúla.

10.Sainaithneoidh agus cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit sineirgíochtaí chun cinn idir cúnamh cosanta sibhialta agus cistiú cabhrach daonnúla a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit nuair a bheidh na hoibríochtaí freagartha le haghaidh géarchéimeanna daonnúla lasmuigh den Aontas á bpleanáil.

11.Ní dhéanfaidh comhordú cúnaimh do thríú tíortha trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta difear do theagmhálaithe déthaobhacha ná do chúnamh idir na Ballstáit agus an tír lena mbaineann, nó don chomhar idir na Ballstáit agus na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile. Féadfar na teagmhálacha déthaobhacha agus an cúnamh sin a úsáid freisin chun rannchuidiú leis an gcomhordú trí Shásra an Aontais agus le tarchur faisnéise chuig LCPF maidir le haon teagmháil dhéthaobhach agus cúnamh a sheachadtar chuig an tír dá ndéantar difear.

12.Féadfaidh institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais cúnamh a thairiscint agus féadfar é a chomhordú mar chuid den fhreagairt faoin Airteagal seo.

Airteagal 29

Tacaíocht do ghéarchéimeanna trasearnála

1.Féadfar an Mol a úsáid chun tacaíocht a sholáthar do ghéarchéimeanna trasearnála sna cásanna seo a leanas:

(a)tionscnaítear freagairt faoi ionstraimí bainistithe riosca eile de chuid an Aontais;

(b)i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle 31 ;

(c)i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Chinneadh 2014/415/AE ón gComhairle 32 ;

(d)iarrann an Chomhairle tacaíocht;

(e)i gcásanna éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2022/2371 nó dearbhú EDS maidir le héigeandálaí sláinte arb ábhar imní idirnáisiúnta iad.

2.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfar suas le 100 % de na costais a chumhdach le tacaíocht ón Aontas don fhreagairt chun scála agus tionchar na géarchéime a léiriú.

3.Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún deontais a sholáthar nó a dhámhachtain do na Ballstáit chun modhanna ábhartha agus aon seirbhís chumasúcháin is gá a fháil chun cúnamh faoi Shásra an Aontais a chomhlánú.

4.I gcás ina soláthraíonn Sásra an Aontais tacaíocht don fhreagairt nó i gcás ina néascaíonn an Mol an fhreagairt a thionscnaítear faoi ionstraimí bainistithe riosca eile de chuid an Aontais, breithneofar raon feidhme chur i bhfeidhm na nionstraimí sin chun cinneadh a dhéanamh maidir le tíortha comhlachaithe a áireamh i ndáil leis na gníomhaíochtaí faoin gCaibidil seo.

Airteagal 30

Cúnamh consalach

1.In imthosca eisceachtúla, féadfar Sásra an Aontais a úsáid chun tacaíocht cosanta sibhialta a sholáthar le haghaidh cúnamh consalach do shaoránaigh den Aontas i gcás tubaistí i dtríú tíortha má iarrann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh.

2.Beidh an tacaíocht cosanta sibhialta le haghaidh cúnamh consalach ina léiriú ar an dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát agus áireofar léi go háirithe aisdúichiú, aslonnú agus imeachtaí cuidithe, mar aon le gníomhaíochtaí fóirithinte eile.

3.Féadfar tacaíocht ón Aontas a scálú agus iolrachas náisiúntachtaí na saoránach den Aontas a chumhdaítear leis an ngníomhaíocht i gceist á chur san áireamh.

4.Féadfaidh an Ballstát a dhéanann an ghníomhaíocht cúnaimh chonsalaigh a iarraidh ar phaisinéirí nó ar Bhallstáit a bhfuil a saoránaigh cumhdaithe ag an ngníomhaíocht i gceist, ranníocaíocht a dhéanamh i leith na gcostas a bhaineann leis an ngníomhaíocht. I gcás ina soláthraítear cúnamh do shaoránach den Aontas a bhfuil náisiúntacht Ballstáit aige nach bhfuil ionadaíocht aige i dtríú tír mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2015/637, beidh feidhm ag Airteagail 14 agus 15 den Treoir sin.

Caibidil 4 
Tacaíocht ón Aontas don fhreagairt

Airteagal 31

Tacaíocht ón Aontas don fhreagairt

1.Tacóidh an Coimisiún leis an bhfreagairt dá dtagraítear in Airteagal 32 tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)faisnéis a sholáthar agus a chomhroinnt maidir le trealamh agus acmhainní iompair agus lóistíochta ar féidir leis na Ballstáit a chinneadh iad a chur ar fáil, d’fhonn comhthiomsú an trealaimh nó na nacmhainní iompair agus lóistíochta sin a éascú;

(b)cuidiú leis na Ballstáit iompar, acmhainní lóistíochta agus trealamh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile, lena náirítear an margadh tráchtála, a shainaithint, agus an rochtain atá acu ar na hacmhainní sin a éascú;

(c)acmhainní iompair agus lóistíochta a mhaoiniú, lena náirítear acmhainní míleata, mar aon leis an gcostas oibríochtúil is gá chun mearfhreagairt a áirithiú, lena náirítear i gcás ina niarrann an tír dá ndéantar difear acmhainní iompair agus lóistíochta.

2.Ní bheidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32 incháilithe do thacaíocht ón Aontas don fhreagairt ach amháin má chomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)tá iarraidh ar chúnamh déanta i gcomhréir le hAirteagal 28;

(b)tá gá leis na hacmhainní breise iompair agus lóistíochta chun éifeachtacht na freagartha a áirithiú;

(c)comhfhreagraíonn an cúnamh do na riachtanais atá sainaitheanta ag LCPF agus tá sé á chur ar fáil i gcomhréir leis na moltaí atá déanta ag LCPF maidir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis an gcáilíocht, leis an uainiú agus leis na módúlachtaí chun é a chur ar fáil;

(d)tá glactha ag an tír iarrthach leis an gcúnamh, go díreach nó trí na Náisiúin Aontaithe nó a ngníomhaireachtaí, nó eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha, faoi Shásra an Aontais; agus

(e)comhlánaíonn an cúnamh, le haghaidh tubaistí i dtríú tíortha, aon fhreagairt dhaonnúil fhoriomlán ón Aontas.

3.Nuair a iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún conradh a dhéanamh maidir le seirbhísí iompair, iarrfaidh an Coimisiún aisíocaíocht pháirteach as na costais de réir na rátaí cistiúcháin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 32

Freagairt

1.Chun freagairt éifeachtach a chur chun cinn, tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit a thairgeann cúnamh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)trealamh, acmhainní agus seirbhísí iompair agus lóistíochta a shainaithint agus rochtain a fháil orthu i bhfoirm rochtain ar an margadh tráchtála nó ar fhoinsí eile tríd an gCoimisiún, amhail seirbhísí iompair a fhaightear ó eintitis phríobháideacha nó ó eintitis eile, agus an rochtain atá acu ar na hacmhainní sin a éascú;

(b)faisnéis maidir le trealamh agus acmhainní agus seirbhísí iompair agus lóistíochta a sholáthar agus a chomhroinnt i bhfoirm comhthiomsú le Ballstáit eile, agus bunú agus cothabháil mol lóistíochta lena néascaítear comhthiomsú a éascú;

(c)tacú le hiompar cúnaimh a thairgtear go spontáineach agus nach bhfuil réamhgheallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta;

(d)na gníomhaíochtaí a éascú a fhágann gur féidir moil aslonnaithe leighis a bhunú agus aslonnú leighis a dhéanamh;

(e)ullmhú le haghaidh slógadh agus imscaradh saineolaithe agus Foirne CSAE;

(f)ullmhú le haghaidh slógadh agus imscaradh foirne idirghabhála;

(g)acmhainneacht borrtha a fhorbairt agus a choinneáil ar bun trí líonra de shaineolaithe oilte na mBallstát;

(h)réamhshuíomh agus comhordú sealadach na nacmhainneachtaí freagartha i gcásanna riosca méadaithe, agus tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát nó ó thríú tír, agus measúnú an Choimisiúin á chur san áireamh;

(i)leithdháileadh cúltaca acmhainneachtaí freagartha le linn tréimhsí agus i limistéir ina bhfuil rioscaí séasúracha méadaithe nó athfhillteacha, agus tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát;

(j)iompar cúnaimh is gá i dtubaistí comhshaoil ina bhfuil feidhm ag an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, agus beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir leis:

(i)is é an Ballstát dá ndéantar difear nó an Ballstát cúnaimh a iarrann an tacaíocht airgeadais ón Aontas le haghaidh iompar an chúnaimh, bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais a bhfuil bonn cirt cuí leo;

(ii)déanann an Ballstát dá ndéantar difear nó an Ballstát cúnaimh na céimeanna uile is gá, de réir mar is iomchuí, chun cúiteamh a éileamh agus a fháil ón truaillitheoir, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla uile idirnáisiúnta is infheidhme, le forálacha dlíthiúla uile an Aontais is infheidhme agus leis na forálacha dlíthiúla uile náisiúnta is infheidhme;

(iii)tar éis dó cúiteamh a fháil ón truaillitheoir, aisíocfaidh an Ballstát dá ndéantar difear nó an Ballstát cúnaimh an tAontas láithreach, de réir mar is iomchuí.

(k)tabhairt faoi ghníomhaíocht tacaíochta agus chomhlántach bhreise is gá chun comhordú na freagartha a éascú ar an mbealach is éifeachtaí.

2.I gcás oibríochtaí iompair na mBallstát ón bpointe comhthiomsaithe go dtí an ceann scríbe críochnaitheach, beidh Ballstát ar thús cadhnaíochta maidir le tacaíocht ón Aontas a iarraidh i bhfoirm rochtain ar acmhainní agus ar sheirbhísí is gá a dheonú nó a éascú, don oibríocht ina iomláine.

3.Ní bheidh costais a bhaineann le mír 1, pointí (h) agus (i), incháilithe nuair a chumhdaítear le Tacaíocht an Óstnáisiúin iad.

4.I gcás tubaiste comhshaoil dá dtagraítear i mír 1, pointe (j), nach ndéanann difear do Bhallstát, is é an Ballstát cúnaimh a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (j).

5.D’fhéadfadh an Coimisiún na hacmhainní iompair agus lóistíochta atá á soláthar ag na Ballstáit a chomhlánú trí acmhainní breise a sholáthar atá riachtanach chun mearfhreagairt a áirithiú.

6.Féadfaidh an Coimisiún freagairt a éascú trí ábhar cartagrafach a fhorbairt chun acmhainní a imscaradh agus a shlógadh go tapa, agus aird á tabhairt go háirithe ar shaintréithe na réigiún trasteorann le haghaidh rioscaí trasteorann ilnáisiúnta.

7.Déanfaidh an Coimisiún rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe agus Foirne an Aontais um Chosaint Shibhialta a imscaradh i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

8.Nuair a iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún conradh a dhéanamh maidir le seirbhísí iompair, iarrfaidh an Coimisiún aisíocaíocht pháirteach as na costais de réir na rátaí cistiúcháin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 33

Imscaradh saineolaithe agus Fhoireann an Aontais um Chosaint Shibhialta

1.Arna iarraidh sin do Bhallstát, do thríú tír, do na Náisiúin Aontaithe nó dá ngníomhaireachtaí nó d’eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 28(3), féadfaidh an Coimisiún saineolaí aonair nó Foirne an Aontais um Chosaint Shibhialta ar a bhfuil saineolaithe a ainmníonn na Ballstáit a roghnú, a cheapadh agus tacaíocht a thabhairt maidir lena nimscaradh chun comhairle a sholáthar faoi bhearta maidir le cosc nó ullmhacht, nó chun tacú le measúnú comhchoiteann ar an gcás agus ar na riachtanais, chun comhordú cúnaimh a éascú nó chun comhairle theicniúil a sholáthar.

2.Féadfar Sásra an Aontais agus cumais an Mhoil a úsáid chun tacaíocht a sholáthar d’imscaradh saineolaithe nó Foirne an Aontais um Chosaint Shibhialta i gcásanna ina bhfuil tacaíocht á soláthar ag Sásra an Aontais i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 29. Féadfar saineolaithe ón gCoimisiún agus ó institiúidí, gníomhaireachtaí, lena náirítear Tascfhórsa Sláinte an Aontais a bhunaítear i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 33 , agus comhlachtaí de chuid an Aontais a chomhtháthú san fhoireann chun tacú le Foireann an Aontais um Chosaint Shibhialta agus chun idirchaidreamh leis an Mol a éascú. Féadfar saineolaithe a sheolann gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile a thabhairt isteach san fhoireann chun comhar a neartú agus measúnuithe comhpháirteacha a éascú.

3.I gcás ina mbeidh ceanglas maidir leis an éifeachtacht oibríochtúil ann, féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, rannpháirtíocht tuilleadh saineolaithe, trína nimscaradh,agus trí thacaíocht theicniúil agus eolaíoch a éascú, agus trí úsáid a bhaint as saineolas eolaíochta, saineolas éigeandála leighis agus saineolas earnála.

4.Seo a leanas an nós imeachta a bheidh ann maidir le saineolaithe a roghnú agus a cheapadh:

(a)ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe, faoina bhfreagracht, ar féidir iad a imscaradh mar bhaill d’Fhoirne an Aontais um Chosaint Shibhialta;

(b)roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe agus ceannaire na bhfoirne sin ar bhonn a gcáilíochtaí agus a dtaithí, lena náirítear leibhéal na hoiliúna maidir le Sásra an Aontais a fuair siad, taithí roimhe sin ar mhisin faoi Shásra an Aontais agus obair fóirithinte idirnáisiúnta eile; beidh an rogha bunaithe ar chritéir eile chomh maith, lena náirítear scileanna teanga, chun a áirithiú go mbeidh na scileanna a theastaíonn sa chás sonrach ag an bhfoireann ina hiomláine;

(c)roghnóidh an Coimisiún saineolaithe agus ceannairí foirne don mhisean i gcomhaontú lena Bhallstát ainmnithe;

(d)tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit faoin tacaíocht bhreise ó shaineolaithe a thugtar i gcomhréir le mír 3.

5.I gcás ina seoltar saineolaithe nó Foirne an Aontais um Chosaint Shibhialta, éascóidh siad comhordú idir acmhainneachtaí freagartha na mBallstát agus déanfaidh siad idirchaidreamh le húdaráis inniúla na tíre iarrthaí. Leanfaidh LCPF de dhlúththeagmháil a bheith aige leis na foirne saineolaithe agus soláthróidh sé treoir agus tacaíocht lóistíochta dóibh.

6.Tacóidh an Coimisiún, trí LCPF, le saineolaithe agus Foirne an Aontais um Chosaint Shibhialta a roghnaíodh, a ceapadh nó a imscaradh faoin Airteagal seo chun plean slándála agus sábháilteachta a ullmhú, trína mheasúnú slándála féin a chomhroinnt agus trí fhaisnéisiú slándála a sholáthar mar chuid den fhaisnéisiú misin. Tacóidh an Coimisiún leis na saineolaithe agus le Foirne an Aontais um Chosaint Shibhialta chun bearta maolaithe breise agus bearta eile is gá a ullmhú roimh an imscaradh nó lena linn.

TEIDEAL III
ULLMHACHT AGUS FREAGAIRT I dTACA LE hÉIGEANDÁIL SLÁINTE

Airteagal 34

Ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit cumais a neartú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, go háirithe tríd an méid seo a leanas: 

(a)tacú le córais bailithe sonraí, malartaithe faisnéise, luathrabhaidh agus faireachais;

(b)infhaighteacht agus inrochtaineacht frithbheart leighis a fheabhsú, lena náirítear trí sholáthar, trí áirithintí acmhainneachta agus trína stoccharnadh agus a nimscaradh;

(c)fothú acmhainneachta;

(d)tacú le gníomhaíochtaí chun na huirlisí agus na bonneagair is gá, lena náirítear bonneagair TF, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a imscaradh agus faireachán a dhéanamh orthu, lena náirítear trí chomhar idir údaráis náisiúnta agus le páirtithe leasmhara.

TEIDEAL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go niarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

4.I gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe thar ceann tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta freastal ar chruinnithe den choiste mar bhreathnóirí faoi na ceanglais a leagtar síos ina rialacha nós imeachta agus slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát á gcur san áireamh. Ní bheidh ionadaithe ó thríú tíortha ná ó eagraíochtaí idirnáisiúnta rannpháirteach i bpléití ar ábhair a bhaineann le hincháilitheacht eintiteas tríú tír nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 36

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 1313/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2028.

Airteagal 37

Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE nó faoi Rialachán (AE) 2021/522, a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Féadfaidh an timchlúdach airgeadais faoin Rialachán seo na costais chúnaimh theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach freisin chun an taistriú idir Sásra an Aontais agus na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE nó Rialachán (AE) 2021/522 a áirithiú.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.

[Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3

1.3.Cuspóirí3

1.3.1.Cuspóirí ginearálta3

1.3.2.Cuspóirí sonracha3

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3

1.3.4.Táscairí feidhmíochta3

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4

1.5.Foras an togra/tionscnaimh4

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile5

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh5

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige6

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme6

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH10

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar10

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe12

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí12

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar12

3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha17

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí22

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin24

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24

3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24

3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach25

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar25

3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha26

3.2.4.3.Iomlán na nacmhainní daonna a bheidh riachtanach26

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha28

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha28

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe28

3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam29

4.Gnéithe digiteacha29

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha30

4.2.Sonraí30

4.3.Réitigh dhigiteacha31

4.4.Measúnú idirinoibritheachta31

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus le hullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte a mhaoiniú, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 1313/2013 (Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta)

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Cosaint shibhialta agus ullmhacht agus freagairt i ndáil le héigeandálaí sláinte.

1.3.Cuspóirí

1.3.1.Cuspóirí ginearálta

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán an comhar idir an tAontas agus na Ballstáit a neartú chun gach cineál tubaiste nádúrtha agus tubaiste arb é an duine is cúis léi a chosc, ullmhú lena n‑aghaidh agus freagairt dóibh, lena n‑áirítear ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte a d’fhéadfadh tarlú laistigh nó lasmuigh den Aontas, lena n‑áirítear cásanna ina mbíonn tionchar acu ar roinnt earnálacha go comhuaineach. Soláthraítear leis freisin cistiú le haghaidh ullmhacht agus freagairt i dtaca lé héigeandálaí sláinte.

1.3.2.Cuspóirí sonracha

Cumhdófar leis an Rialachán cosaint daoine, an chomhshaoil agus maoine, lena n‑áirítear oidhreacht chultúrtha, ar gach cineál tubaiste nádúrtha agus tubaiste arb é an duine is cúis léi, lena n‑áirítear bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte. Cumasófar leis comhordú i gcásanna ina gcuirtear sásraí bainistithe géarchéimeanna eile de chuid an Aontais chun feidhme.

1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe / grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Mar thoradh ar an togra seo, bhí coinne ag an Aontas leis go mbeadh sé in ann gníomhú ar bhealach níos fearr ag céimeanna éagsúla den timthriall bainistithe tubaistí, mar atá, céim an choisc, céim na hullmhacht agus céim na freagartha, trí phleanáil agus gníomhaíocht chomhordaithe lena ndéantar rioscaí a thuar agus a mhaolú, ullmhacht a fheabhsú agus freagairtí éifeachtacha a chumasú, lena n‑áirítear i dtaca le héigeandáil sláinte.

Meastar go laghdófar rioscaí leis an togra, go neartófar leis athléimneacht pobal, bonneagair agus seirbhísí fíor‑riachtanacha, agus go mbeidh sé ina rannchuidiú le tionchar tubaistí a íoslaghdú, lena n‑áirítear bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

Meastar go neartófar leis an togra an fhreagairt oibríochtúil chomhchoiteann ar leibhéal an Aontais, go mbeidh sé ina thacú le bearta fothaithe acmhainneachta ar an leibhéal náisiúnta agus, ar an gcaoi sin, go gcothófar leis na scileanna, na hacmhainní agus an t‑eolas is gá chun rioscaí a bhainistiú, leochaileachtaí a laghdú agus athléimneacht in aghaidh bagairt a bheidh ann amach anseo a fheabhsú.

1.3.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Déanfar meastóireacht agus faireachán ar an Rialachán i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos leis an Rialachán Feidhmíochta, . Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr agus beidh sí bunaithe ar tháscairí atá ábhartha do chuspóirí an chláir.

Saineofar a thuilleadh sa Rialachán Feidhmíochta na prionsabail chothrománacha atá le príomhshruthú ar fud na gclár buiséid lena n‑áirítear SACS, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, mar aon le forálacha cur chun feidhme ábhartha.

Ar deireadh, forbrófar plean sonraí chun a áirithiú go mbeidh sonraí oibríochtúla ar fáil. Tá tús curtha cheana féin leis an obair air sin: Ag tús 2025, chuir AS ECHO an Stór Sonraí um Chosaint Shibhialta chun feidhme, tar éis na meastóireachta ar SACS, ar stór é ina mbailítear sonraí oibríochtúla amhail cur chun úsáide acmhainneachtaí nó suíomhanna stoc‑charntha.

1.4.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 34  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá dúshlán mór roimh chosaint shibhialta na hEorpa mar gheall ar thimpeallacht riosca agus bagartha atá ag dul in olcas mar thoradh ar mheascán de dhúshláin slándála, sláinte, athraithe aeráide agus comhshaoil atá ag éirí níos luainí. Leis an togra, cuirtear bearta chun cinn lena gcuirfí ar a gcumas don Aontas agus dá Bhallstáit oiriúnú do réimse leathan guaiseacha agus bagairtí ós rud é go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon cásanna ina ndearnadh Sásra an Aontais a ghníomhachtú le blianta beaga anuas, rud a léiríonn go soiléir go leanfaidh na córais náisiúnta atá ceaptha chun déileáil leis na tubaistí agus na géarchéimeanna de bheith faoi bhrú amach anseo agus, dá bhrí sin, gur gá an Sásra comhordúcháin ar leibhéal an Aontais a bheith feistithe go leordhóthanach chun gníomhú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. An tráth céanna, i gcomhréir leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, is gá a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí trasearnála a chomhordú, go ndéanfar faireachán orthu agus go dtacófar leo ar leibhéal an Aontais, chun tacú le hiarrachtaí náisiúnta. Ar an gcúis sin, ba cheart Mol AE um Chomhordú Géarchéime a bhunú, rud a chuirfeadh le struchtúir agus saineolas an Lárionaid Comhordúcháin Práinnfhreagartha, a leanfaidh dá shainordú chun tacú le Sásra an Aontais, agus chun pointe lárnach a chur ar fáil don chomhordú oibríochtúil le húdaráis na mBallstát, lena n‑áirítear eintitis arna n‑údarú ag na Ballstáit, mar aon le seirbhísí an Choimisiúin. Trí bhearta ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte a chomhtháthú sa togra seo, cuirtear sraith bhreise cosanta ar fáil do shaoránaigh den Aontas Eorpach, rud a fheabhsaíonn athléimneacht agus a chosnaíonn an pobal ar réimse leathan bagairtí sláinte sa deireadh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.

De réir mar a éiríonn géarchéimeanna níos ilghnéithí agus de réir mar a éiríonn gné thrasteorann na ngéarchéimeanna níos mó, ní mór aghaidh a thabhairt ar easnaimh chumais ar leibhéal an Aontais ‑ trí acmhainneachtaí atá faoi úinéireacht an Aontais nó trí iarrachtaí comhordaithe i measc na mBallstát. Ní hamháin go bhfágfadh sé sin go bhféadfaí sásraí freagartha a fheidhmítear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú ar bhealach níos fearr, ach d’áiritheofaí leis freisin gur féidir le gach saoránach den Aontas atá i ngátar teacht ar chúnamh ón Aontas agus, an tráth céanna, go mbeadh tionchar dearfach níos fadtéarmaí aige ar shochaí agus geilleagair an Aontais. Maidir leis na cumais chriticiúla, amhail na cumais a chuirtear ar fáil leis na cláir Galileo agus Copernicus, is trí ghníomhaíocht chomhchoiteann amháin is féidir iad a choinneáil ar bun, rud a chruthaíonn bonneagair straitéiseacha nach féidir le haon Bhallstát a bhaint amach agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin.

Thairis sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun acmhainneacht a fhothú le haghaidh na freagartha ar ghéarchéimeanna trí fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, bainistiú comhtháite riosca, feabhas a chur ar chumais le haghaidh práinnfhreagairt thrasteorann, comhtháthú trasearnála agus deireadh a chur le bearnaí eolais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Mar a sainaithníodh sa Mheastóireacht ar SACS (ar rannchuidigh clár SACS maidir le ceachtanna foghlamtha léi), a bunaíodh le tuarascáil Niniistö agus a ndearnadh tuilleadh anailíse orthu sa Mheasúnú Tionchair, chun aghaidh a thabhairt ar chastacht agus cineál ilghnéitheach na ngéarchéimeanna trasearnála amhail paindéim COVID‑19 agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tá gá le cur chuige cuimsitheach comhtháite i leith bainistiú géarchéime, rud a éilíonn dlúthchomhar éifeachtúil idir an tAontas agus a Bhallstáit chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin a bhaineann leo. Baineadh an méid sin amach ag an am leis an bpacáiste REACT EU faoin mbeartas comhtháthaithe. Mar gheall ar chomhthéacs na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair, is gá ullmhacht shibhialta agus mhíleata na hEorpa a neartú agus cleachtaí comhordúcháin rathúla a rinneadh roimhe seo á gcur san áireamh.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Cuirfidh gníomhaíochtaí faoi SACS le sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais. Go háirithe, tacófar leis an ullmhacht le hathchóirithe agus infheistíochtaí i bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, ina mbeidh cúlchiste téamach neamh‑leithdháilte chun freagairt do ghéarchéimeanna. Leanfar d’athléimneacht an bhonneagair trasteorann a spreagadh leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus le hinfheistíochtaí agus athchóirithe náisiúnta agus réigiúnacha faoin bPlean Comhpháirtíochtaí Náisiúnta agus Réigiúnaí, le Interreg, agus le nascacht straitéiseach faoin ionstraim um an Eoraip Dhomhanda. Leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas, feabhsófar ullmhacht agus uathriail straitéiseach an Aontais i bpríomhearnálacha agus i bpríomhtheicneolaíochtaí (e.g. nuálaíocht sláinte agus monaraíocht). I dtríú tíortha, leanfaidh ullmhacht agus freagairt i leith géarchéimeanna de thairbhe a bhaint as cabhair dhaonnúil agus uirlisí eile (e.g. cúnamh macrairgeadais). Áiritheofar comhleanúnachas idir SACS nua agus obair cistí eile atá ábhartha maidir le hullmhacht tríd an Straitéis um Aontas na hUllmhachta a chur chun feidhme ar bhonn níos leithne. Cuireann sé freisin leis an gclár EU4Health agus tionscnaimh eile chun ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte a fheabhsú, rud lena n‑áirithítear ullmhacht agus freagairt an Aontais i dtaca le héigeandáil sláinte.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón 1/1/2018 go dtí an 31/12/2034

   tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)

an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí dlí poiblí

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha

comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha

comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.

Nótaí

I bprionsabal, déanfar an buiséad a chuirfear ar fáil faoin Rialachán a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach.

Leis an bhféidearthacht an buiséad a fhorghníomhú trí mhodh bainistíochta indírí, cuirtear ionstraim bhreise ar fáil chun cur chun feidhme an bhuiséid a bharrfheabhsú. I bhfianaise an bheartais cosanta sibhialta a bhíonn ag plé go minic le teagmhais dhothuartha (tubaistí arb é an duine is cúis leo agus tubaistí nádúrtha), tá sé riachtanach a ráthú go mbeidh creat CAI cuimsitheach agus solúbtha ann (ó thaobh na ngníomhaithe lena mbaineann de).

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Déanfar meastóireacht agus faireachán ar ghníomhaíochtaí agus bearta a fhaigheann cúnamh airgeadais faoi na Cinntí seo i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos leis an Rialachán Feidhmíochta.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Caitear cúnamh airgeadais maidir le cosc agus ullmhacht faoi Shásra an Aontais i gcomhréir le clár oibre ilbhliantúil arna ghlacadh ag an gCoiste um Chosaint Shibhialta. Cuireann an Coimisiún an Coiste ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an chláir oibre. I gcás ábhair a bhaineann le hullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte, tiocfaidh an coiste le chéile i bhfoirmíocht eile.

Cuirfear an Rialachán chun feidhme i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach in Airteagal 32 den Rialachán seo, agus beidh na módúlachtaí íocaíochta bunaithe ar an taithí a fuarthas san am a chuaigh thart.

Mar thoradh ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme Shásra an Aontais agus chun cur chun feidhme éifeachtach chuspóirí Shásra an Aontais a áirithiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach trí aird iomlán a thabhairt ar phrionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus an luacha is fearr ar airgead.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá feidhm ag córas rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin Eorpaigh chun a áirithiú go n‑úsáidfear na cistí atá ar fáil faoi Shásra an Aontais go cuí agus i gcomhréir leis an reachtaíocht iomchuí.

Seo mar atá an córas atá i bhfeidhm faoi láthair:

1. Díríonn an fhoireann rialaithe inmheánaigh laistigh den phríomhsheirbhís (Ard‑Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil /AS ECHO) ar chomhlíontacht le nósanna imeachta riaracháin agus leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i réimse na cosanta sibhialta, agus leanann sí cur chun feidhme Straitéis Rialaithe AS ECHO. Úsáidtear Creat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin chun na críche sin freisin.

2. Iniúchtaí rialta a dhéanann iniúchóirí seachtracha ar dheontais agus ar chonarthaí, a dheonaítear faoin mbuiséad um chosaint shibhialta, ionchorpraítear iad ina n‑iomláine i bplean iniúchóireachta bliantúil AS ECHO.

3. Meastóireacht meastóirí seachtracha ar ghníomhaíochtaí foriomlána.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus an Chúirt Iniúchóirí na gníomhaíochtaí arna bhfeidhmiú a iniúchadh.

Maidir le maoirseacht agus faireachán, bainfear leas as an taithí fhairsing a gheofar tríd an ionstraim um chabhair dhaonnúil a chur chun feidhme, leis na hathruithe is gá, chun Sásra an Aontais a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.

Bunófar córas den chineál céanna le haghaidh na coda ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte faoi stiúir AS HERA.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár) 

Is é atá sa chostas a mheastar a bheidh ar straitéis rialaithe AS ECHO 0,32 % de bhainistíocht indíreach bhuiséad 2024 agus 0,35 % de bhainistíocht dhíreach bhuiséad 2024. Is iad seo a leanas príomhchodanna an táscaire seo:

– costais foirne iomlána na n‑aonad airgeadais agus oibríochtúil de AS ECHO arna n‑iolrú faoin gcion measta den am atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí dearbhaithe cáilíochta, rialaithe agus faireacháin;

– líon iomlán na n‑acmhainní in earnáil iniúchóireachta seachtraí AS ECHO atá curtha i leataobh le haghaidh iniúchtaí agus fíoruithe.

Nuair a chuirtear san áireamh costas íseal rialuithe den sórt sin mar aon leis na sochair inchainníochtúla (ceartuithe agus aisghabhálacha) agus sochair neamh‑inchainníochtúla (éifeacht dhíspreagthach agus éifeacht dearbhaithe cáilíochta rialuithe) a bhaineann leis na sochair sin, tá an Coimisiún in ann a chinneadh gur mó iad sochair inchainníochtúla agus neamh‑inchainníochtúla na rialuithe ná costas teoranta na rialuithe sin.

Maidir leis na heintitis ar cuireadh an cúram orthu maidir le cistiú ón Aontas a chur chun feidhme faoi mhodh bainistithe indíreach, íocann an Coimisiún suas le 7 % dá gcostais incháilithe dhíreacha chun maoirseacht agus bainistiú an chistithe ón Aontas a áirithiú.

Is dearbhú ar an méid sin an ráta earráide iarmharach ilbhliantúil 0,53 % a thuairiscigh an Coimisiún in 2024 dá Ard‑Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus le straitéisí frithchalaoise na seirbhísí lena mbaineann, áirithítear go bhfuil cur chuige bainistithe riosca calaoise an Choimisiúin dírithe ar réimsí riosca calaoise agus freagairtí leormhaithe a shainaithint.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

06 01 03 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus na hullmhachta sláinte (SACS)

Neamhdhifreáilte

IS EA

IS EA

IS EA

NÍ hEA

06 04 01 Cosaint Shibhialta AE ‑ rescEU & Ullmhacht sláinte

Difreáilte

IS EA

IS EA

IS EA

NÍ hEA

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos

3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

2

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

06 04 01 Cosaint Shibhialta AE ‑ rescEU & Ullmhacht sláinte (SACS)

Gealltanais

(1a)

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm

xx

Íocaíochtaí

(2a)

pm 

pm

pm

pm

pm

pm

pm

xx

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 35

06 01 03 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus na hullmhachta sláinte (SACS)

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

pm 

pm

pm

pm

pm

pm

pm

xx

IOMLÁN leithreasuithe

Gealltanais

=1a+1b+3

1,316

1,437

1,477

1,535

1,569

1,644

1,697

10,675

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

pm 

pm

pm

pm

pm

pm

pm

pm



Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

4

‘Caiteachas riaracháin’ 36

SACS

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Acmhainní daonna

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

 Caiteachas riaracháin eile

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

IOMLÁN SACS

Leithreasuithe

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4

Gealltanais

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

3.2.1.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

2

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

SACS 06 04 01

Gealltanais

(1a)

xx

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

Íocaíochtaí

(2a)

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 37 38

SACS 06 01 03 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus na hullmhachta sláinte (SACS)

Gealltanais = Íocaíochtaí

(3)

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

IOMLÁN leithreasuithe

Gealltanais

=1a+1b+3

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

le haghaidh SACS faoi Cheannteideal 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Íocaíochtaí

=2a+2b+3

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

Íocaíochtaí

(5)

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

xx

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

IOMLÁN na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 3

Gealltanais

=4+6

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha)

Íocaíochtaí

=5+6

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 

xx 



Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil

4

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

SACS

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Acmhainní daonna

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

 Caiteachas riaracháin eile

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

SACS

Leithreasuithe

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

xx

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0

0

0

0

0

0

0

0

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4

Gealltanais

0

0

0

0

0

0

0

0

den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Íocaíochtaí

0

0

0

0

0

0

0

0

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2028

Bliain
2029

Bliain
2030

Bliain
2031

Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 39

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 40

‑ Aschur

‑ Aschur

‑ Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

‑ Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos

3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2028 ‑ 2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

CEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

48,829

48,829

48,829

48,829

48,829

48,829

48,829

348,803

Caiteachas riaracháin eile

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 4

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

3,030

3,030

3,030

3,030

3,030

3,030

3,030

21,210

Caiteachas eile de chineál riaracháin

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

Fo‑iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN

52,859

52,859

52,859

52,859

52,859

52,859

52,859

370,01

3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha

Ní bhaineann le hábhar

3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe

IOMLÁN 
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR + IONCAIM SHANNTA SHEACHTRACHA

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN 2028 ‑ 2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

CEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

48,829

48,829

48,829

48,829

48,829

48,829

48,829

348,80

Caiteachas riaracháin eile

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 4

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

Acmhainní daonna

3,030

3,030

3,030

3,030

3,030

3,030

3,030

21,210

Caiteachas eile de chineál riaracháin

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

le cinneadh

Fo‑iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN

52,859

52,859

52,859

52,859

52,859

52,859

52,859

370,013

3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos

3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

213

213

213

213

213

213

213

• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

85

85

85

85

85

85

85

Riarachán Líne thacaíochta (xx)

‑ sa Cheanncheathrú

30

30

30

30

30

30

30

IOMLÁN

328

328

328

328

328

328

328

3.2.4.2.Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha

Ní bhaineann le hábhar

3.2.4.3.Iomlán na nacmhainní daonna a bheidh riachtanach

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR + IONCAIM SHANNTA SHEACHTRACHA

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

 Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

213

213

213

213

213

213

213

• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)

20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

85

85

85

85

85

85

85

Riarachán Líne thacaíochta (xx)

‑ sa Cheanncheathrú

30

30

30

30

30

30

30

IOMLÁN

328

328

328

328

328

328

328

Is é 285 choibhéiseach lánaimseartha (205 cinn laistigh de AS ECHO agus 80 ceann laistigh de AS HERA) líon na mball foirne a chuireann Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun feidhme chomh maith leis an gcomhpháirt ullmhachta agus freagartha i dtaca le héigeandáil sláinte den chlár EU4Health faoi láthair.

Is é seo a leanas miondealú ar an leibhéal foirne atá ann faoi láthair:

170 oifigeach agus ball foirne sealadach faoi Cheannteideal 4 (20 01 02 01 ‑ Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta)

85 bhall foirne sheachtracha faoi Cheannteideal 4 (20 02 01 agus 20 02 02 – Pearsanra seachtrach – Ceanncheathrú agus Oifigí ionadaíochta)

30 ball foirne faoin ioncam sannta seachtrach atá le buiséadú faoin líne BA sa CAI nua

Mar sin féin, ní mór an leibhéal foirne sin a choigeartú i gcomhréir le huaillmhian fhoriomlán na hionstraime SACS+ agus leis an mbuiséad a leithdháilfear ar an ionstraim sin, agus leis na gníomhaíochtaí nua a eascraíonn as an Straitéis um Aontas na hUllmhachta chun an clár oibre uaillmhianach sin a bhaint amach.

Meastar go mbeidh gá le méadú 15 % ar an leibhéal foirne, rud a thabharfaidh an leibhéal foirne go 328 bpost, chun gníomhaíochtaí agus cúraimí nua a chumhdach a bheidh le cur chun feidhme faoin ionstraim nua amhail:

Gníomhaíochtaí méadaithe mar gheall ar mhéadú ar an líon tubaistí agus ar dhéine na dtubaistí 41 .

Ullmhacht trí dhearadh a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh ar phríomhshruthú na hullmhachta ar fud na mbeartas.

Cur chun feidhme an dara sraith, a théann thar Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta atá ann faoi láthair, a bhaineann leis an tsraith ullmhachta agus freagartha trasearnála.

Bheadh acmhainní daonna suntasacha ag teastáil le haghaidh dhá phríomhthionscnamh a bheadh ar AS ECHO a chur i gcrích:

1. Mol an Aontais um Chomhordú Géarchéime

Maidir le cruthú Mhol an Aontais um chomhordú géarchéime, rud a chuirfeadh le struchtúir agus saineolas LCPF, is sprioc insoláthartha thábhachtach é. Is é is cuspóir don Mhol leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus í a uas‑scálú a thuilleadh chun iarmhairtí trasearnála géarchéimeanna a bhainistiú, bunaithe ar phleanáil threisithe agus ar anailís agus feasacht staide níos cuimsithí. Agus an choimhdeacht, inniúlachtaí náisiúnta agus sainiúlachtaí na mBallstát á n‑urramú go hiomlán, déanfaidh an Mol an méid seo a leanas:

oibreoidh sé i dtreo comhthuiscint ar gach leibhéal géarchéime agus na himpleachtaí a bhíonn acu ar earnálacha éagsúla agus ar an daonra ar fad

éascóidh sé obair ar fud na n‑earnálacha trí thacaíocht bainistithe géarchéime a chur ar fáil do na príomhsheirbhísí gan freagrachtaí earnála a thabhairt air féin; agus

déanfaidh sé faireachán ar an bhfreagairt fhoriomlán do ghéarchéimeanna agus, an tráth céanna, áiritheoidh sé go dtabharfar aiseolas don Chomhairle ar bhonn leanúnach, lena n‑áirítear tríd an Sásra Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna.

Beidh cruthú an Mhoil ina chomhlánú ar iarrachtaí chun an comhar sibhialtamíleata a fheabhsú le linn teagmhais agus géarchéimeanna trasearnála ar mórscála, lena náirítear fogha armtha, agus mar ullmhúchán le haghaidh na dteagmhas agus na ngéarchéimeanna sin. Tacóidh sé freisin leis an obair i dtreo Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta 42 .

Áiritheoidh an Mol comhordú trasearnála, i ndáil le hullmhacht agus freagairt, idir páirtithe leasmhara éagsúla, lena n‑áirítear seirbhísí an Choimisiúin, na Ballstáit, an Chomhairle, SEGS/Lárionad Freagartha ar Ghéarchéimeanna i ndáil lena inniúlachtaí, agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, mar atá, ECAT.

2. Ullmhacht trí dhearadh

Leis an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, tugtar isteach treoirphrionsabal nua maidir le beartais AE a cheapadh: ullmhacht trí dhearadh. Is éard atá i gceist leis sin measúnú a dhéanamh ón tús ar an gcaoi a ndéanann tionscnaimh difear don ullmhacht. Leagtar béim ar thábhacht an chur chuige sin leis an dá ról atá aige sa Straitéis mar chroíphrionsabal agus mar phríomhghníomhaíocht thiomnaithe araon. Chuige sin, tá gá le hiarrachtaí cur chun feidhme réamhghníomhacha agus leanúnacha.

Ionas go mbeidh fíorthionchar ag an ullmhacht trí dhearadh, ní mór an ullmhacht a phríomhshruthú trí thosca ullmhachta a chur san áireamh d’aon ghnó agus go luath sa phleanáil agus sa chinnteoireacht, seachas a bheith ag brath ar mheasúnuithe post‑hoc amháin. Beidh cur chun feidhme éifeachtach ag brath freisin ar fhaireachán láidir a dhéanamh ar fhorbairt an tionscnaimh agus ar thacaíocht ghníomhach dá scaipeadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

Ní hamháin go mbaineann leabú na hullmhachta inár gcreat beartais le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a laghdú, ach is infheistíocht chliste é freisin. Fuarthas amach i staidéar a rinneadh le déanaí ina ndearnadh scrúdú ar bhreis agus 70 tionscnamh ullmhachta ar fud an Aontais go raibh toradh idir dhá euro agus deich euro le fáil ar gach euro a infheistíodh. Is éard atá i gceist anois le hinfheistíocht a dhéanamh san ullmhacht go mbíonn níos lú cur isteach, costais téarnaimh níos ísle, agus athléimneacht agus iomaíochas fadtéarmach feabhsaithe ann. Trí bhuiséid agus acmhainní iomchuí a leithdháileadh anois, cuideofar le beatha daoine agus airgead a shábháil amach anseo.

Mar aon leis an dá thionscnamh sin, beidh gá le hacmhainní daonna breise chun na gníomhaíochtaí nua eile a eascraíonn as an Straitéis um Aontas na hUllmhachta a chur i gcrích, lena náirítear:    

Fadbhreathnaitheacht agus réamh‑mheas méadaithe: an ‘deais ghéarchéime’ a bhunú do chinnteoirí; acmhainneacht anailíseach agus córais luathrabhaidh LCPF a neartú, agus bileoga faisnéise rialta maidir le hionchais oibríochtúla a chur ar fáil i ndáil le rioscaí trasearnála uile‑ghuaise chomh maith le hanailís a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí cascáideacha (príomhghníomhaíocht)

Ullmhacht an Daonra: feasacht an phobail a mhéadú maidir le rioscaí lena n‑áirítear rioscaí do dhaoine scothaosta, do dhaoine óga agus do dhaoine faoi mhíchumas

Freagairt i gcás géarchéime: borradh a chur faoi rescEU – an cúltaca acmhainneachtaí freagartha ar leibhéal an Aontais; an straitéis um stoc‑charnadh a chur chun feidhme agus treoirlínte a ghlacadh maidir le ‘tástáil struis’ na n‑ionad práinnfhreagartha agus géarchéime ar fud an Aontais.

Mar gheall ar an méadú suntasach ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla, beidh gá freisin le feidhmeanna tacaíochta a threisiú (tacaíocht dhlíthiúil, cur chun feidhme gníomhaíochtaí airgeadais agus rialaithe, TF, etc.).

Is é AS HERA a bheidh i gceannas ar chur chun feidhme na coda maidir le hUllmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte. Le sainordú leathnaithe mar a thuairiscítear faoi straitéis MCM COM(2025)xxx an 16 Iúil 2025, beidh gá le leithdháileadh foirne treisithe.

3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha.

IOMLÁN na leithreasuithe digiteacha agus TF

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN CAI 2028‑2034

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

CEANNTEIDEAL 4

Caiteachas TF (corparáideach) 

2,69

2,69

2,69

2,69

2,69

2,69

2,69

18,83

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 4

2,69

2,69

2,69

2,69

2,69

2,69

2,69

18,83

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 47

Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla

12,00

12,00

12,00

12,00

12,00

12,00

12,00

84,00

Fo‑iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4

12,00

12,00

12,00

12,00

12,00

12,00

12,00

84,00

IOMLÁN

14,69

14,69

14,69

14,69

14,69

14,69

14,69

102,83

3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

Tá an tionscnamh comhsheasmhach leis an togra le haghaidh CAI 2028‑2034.

3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

Iomlán

2028

2029

2030

2031

2032

2033

2034

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.    An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam 

   Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

   má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 43

Bliain 2028

Bliain 2029

Bliain 2030

Bliain 2031

Bliain 2032

Bliain 2033

Bliain 2034

Airteagal ………….

4.Gnéithe digiteacha

4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha

Tagairt don cheanglas

Tuairisc ar an gceanglas

Gníomhaí a ndéanann an ceanglas difear dó nó a bhfuil baint aige leis

Próisis Ardleibhéil

Catagóir

Airteagail 23 + 29

14. Cuirfear stádas oibríochtúil acmhainneachtaí rescEU in iúl do na Ballstáit tri CECIS

Ballstáit agus Stáit Rannpháirteacha SACS;

pointí fócasacha rescEU;

LCPF

Bainistiú Faisnéise; fógra; feasacht staide

Feasacht staide

Airteagal 29

1. I gcás tubaiste laistigh den Aontas, nó tubaiste atá ar tí tarlú, is cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leo nó a dhéanann difear do Bhallstáit eile nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh, déanfaidh an Ballstát ina dtarlaíonn an tubaiste nó ar dócha go dtarlóidh an tubaiste ann, fógra a thabhairt gan mhoill do na Ballstáit a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh agus don Choimisiún.

Ní cheanglófar fógra a thabhairt don Choimisiún sa chás inar tugadh aghaidh cheana féin ar an oibleagáid fógra a thabhairt faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana.

2. I gcás tubaiste laistigh den Aontas, nó tubaiste atá ar tí tarlú, ar dócha go mbeidh glao ar chúnamh ó Bhallstát amháin nó níos mó mar thoradh uirthi, tabharfaidh an Ballstát ina dtarlaíonn an tubaiste nó inar dócha go dtarlóidh an tubaiste fógra, gan mhoill, don Choimisiún go bhféadfadh coinne a bheith aige le hiarraidh fhéideartha ar chúnamh trí LCPF, chun é a chur ar a chumas don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, na Ballstáit eile a chur ar an eolas agus a sheirbhísí inniúla a ghníomhachtú.

3. Déanfar na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, mar is iomchuí, trí CECIS.

Ballstáit agus Stáit Rannpháirteacha SACS;

LCPF

práinnfhreagairt; fógra; bainistiú faisnéise;

Bainistiú géarchéime

Airteagal 30

8. Aon Bhallstát a ndírítear iarraidh ar chúnamh chuige trí Shásra an Aontais, cinnfidh sé go pras an bhfuil sé in ann an cúnamh is gá a thabhairt agus cuirfidh sé LCPF ar an eolas faoina chinneadh cúnamh a thairiscint trí CECIS, agus a raon feidhme agus a théarmaí á léiriú. Coinneoidh LCPF na Ballstáit ar an eolas. 

Ballstáit agus Stáit Rannpháirteacha SACS;

LCPF

bainistiú iarrataí; práinnfhreagairt; fógra; bainistiú faisnéise

Práinnfhreagairt, Comhordú cúnaimh

Airteagal 26

1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na hábhair seo a leanas:

(b) comhpháirteanna CECIS mar aon le heagrú na comhroinnte faisnéise trí CECIS; 

Ballstáit agus Stáit Rannpháirteacha SACS;

LCPF

Forbairt córais; bainistiú sonraí;

Forbairt córais

Airteagail 22 agus 23

1. (b) dul chun cinn maidir leis an leibhéal ullmhachta i leith tubaistí a mhéadú: arna thomhas bunaithe ar an líon acmhainneachtaí freagartha atá cláraithe sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta agus na spriocanna acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(f), an líon acmhainneachtaí freagartha atá cláraithe sa Chomhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS) agus an líon acmhainneachtaí rescEU arna mbunú chun cúnamh a thabhairt i staideanna treascracha á gcur san áireamh;

Ballstáit agus Stáit Rannpháirteacha SACS;

pointí fócasacha rescEU;

LCPF

Measúnú ullmhachta; bainistiú acmhainneachta; bainistiú géarchéime

Práinnfhreagairt

IARSCRÍBHINN I

Roinn IV

(b) CECIS a bhainistiú chun cumarsáid agus comhroinnt faisnéise idir LCPF agus pointí teagmhála na mBallstát a chumasú;

(w) tacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, maidir le tubaistí atá ag tarlú laistigh dá gcríocha tríd an deis a thabhairt dóibh comhpháirtíochtaí eolaíochta Eorpacha a úsáid le haghaidh anailís eolaíoch spriocdhírithe. Féadfar na hanailísí a eascraíonn as sin a chomhroinnt trí CECIS, le comhaontú ó na Ballstáit a ndéantar difear dóibh.

(x) Rannchuidiú le córais braite, luathrabhaidh agus foláirimh trasnáisiúnta a fhorbairt a bhaineann le leas na hEorpa, chun mearfhreagairt a chumasú chomh maith leis an idirnasc idir córais náisiúnta luathrabhaidh agus foláirimh agus a nasc le LCPF a chur chun cinn, agus beidh CECIS incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas. Leis na córais sin, cuirfear san áireamh foinsí agus córas faisnéise, faireacháin nó braite atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus cuirfear leis na foinsí agus na córais sin;

Ballstáit agus Stáit Rannpháirteacha SACS;

LCPF

Bainistiú córais; bainistiú faisnéise; bainistiú géarchéime

Práinnfhreagairt

Airteagal 35

Is é is aidhm d’ardán ATHINA acmhainní faisnéise eipidéime atá ann cheana a úsáid agus a chomhlánú trí fhaisnéis maidir le bagairtí sláinte agus frithbhearta leighis a chomhcheangal. Tá sé beartaithe ag an ardán faisnéis a bhailiú ó tháirgeoirí agus ó na Ballstáit maidir le táirgeadh agus stoc‑charnadh amhábhar atá ábhartha maidir le géarchéimeanna, mar aon le faisnéis maidir le trealamh agus bonneagar. Cumhdófar leis an ardán diancheanglais slándála chun malartú faisnéise le hardáin shlána eile a éascú agus, an tráth céanna, sláine an ollstruchtúir TF ina iomláine a chaomhnú, lena n‑áirítear an stóinseacht i leith cibearbhagairtí agus cosaint sonraí tráchtála.

An Coimisiún, na Ballstáit, páirtithe leasmhara (lena n‑áirítear an Tionscal)

Bainistiú sonraí

Ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte

4.2.Sonraí

Cineál sonraí

Tagairt do na ceanglais

Caighdeán agus/nó sonraíocht (más infheidhme)

Bainistíocht úsáideoirí:

Róil agus pribhléidí úsáideoirí, sonraí maidir le róil agus pribhléidí gaolmhara lena sainítear rochtain agus rialú oibríochtúil sa chóras.

Airteagal 36.1

Sonraí pearsanta Saineolaithe:

Sonraí teagmhála, saineolas/oiliúintí, teangacha, vacsaínithe, catagóir EUCPT/scileanna/róil

Airteagal 20.8; Airteagal 38.1(b)

nasc sTESTA

Sonraí oibríochtúla le haghaidh acmhainní/modúl/acmhainneachtaí (lena n‑áirítear rescEU agus an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta)

Mionsonraí faoin gcomhdhéanamh, infhaighteacht, stoc‑chairn, stair cur chun úsáide

Airteagal 14.14; Airteagal 38.1(b)

nasc sTESTA

Sonraí éigeandála:

Réigiún dá ndéantar difear, cineálacha guaise, achoimre, leibhéal gníomhachtúcháin, sonraí cúnaimh arna n‑iarraidh, sonraí cúnaimh arna dtairiscint, teachtaireachtaí agus fógraí logleabhair, léarscáileanna oibríochtúla, doiciméid…

Airteagal 19; Airteagal 20.8, Iarscríbhinn I, Roinn IV

Nasc sTESTA /inrochtana mar chomhad inléite amháin ar an ngnáth‑idirlíon d’úsáideoirí údaraithe.

Sreabha sonraí

Cineál sonraí

Tagairtí do na ceanglais

Gníomhaí a sholáthraíonn na sonraí

Gníomhaí a fhaigheann na sonraí

Truicear don mhalartú sonraí

Minicíocht (más infheidhme)

Fógra tubaiste

Airteagal 29

Ballstáit/LCPF

Úsáideoirí SACS

Teagmhas tubaiste nó tubaiste atá ar tí tarlú

Ní bhaineann le hábhar

Iarraidh ar Chúnamh

Airteagal 30

Ballstáit/LCPF

Úsáideoirí SACS

Iarraidh ar chúnamh trí SACS

Ní bhaineann le hábhar

Tairiscint Cúnaimh

Airteagal 30

Ballstáit/LCPF

Úsáideoirí SACS

Infhaighteacht chun cúnamh a thairiscint

Ní bhaineann le hábhar

Céim an ghlactha agus an chur chun úsáide

Airteagal 30

Ballstáit/LCPF

Úsáideoirí SACS

Tá an cúnamh arna thairiscint ag teacht leis an gcúnamh arna iarraidh

Ní bhaineann le hábhar

Dúnadh agus tuairisciú

Airteagal 30

LCPF

Úsáideoirí SACS

Arna iarraidh sin nó tar éis uastréimhse 90 lá

Ní bhaineann le hábhar

Clárú acmhainní

Airteagal 22

Ballstáit/LCPF

Úsáideoirí SACS

Céim éigeantach chun go dtairgfear é mar chuid den chúnamh a thabharfar

Ní bhaineann le hábhar

Nuashonrú acmhainní

Airteagal 22; Airteagal 23; Airteagal 27

Ballstáit/LCPF

Úsáideoirí SACS

Nuair a dhéantar athruithe ar shaintréithe acmhainne, amhail a hinfhaighteacht, a cumais, a hacmhainneacht, nó a sonraí teagmhála

Ní bhaineann le hábhar

Iarraidh ar rochtain ó eagraíocht/úsáideoir

Airteagal 36.1

Ballstáit/LCPF

Úsáideoirí faoi phribhléid SACS

Arna iarraidh sin chun struchtúr an úsáideora a bhunú in CECIS

Ní bhaineann le hábhar

4.3.Réitigh dhigiteacha

Réiteach digiteach

Tagairtí do na ceanglais

Príomhfheidhmiúlachtaí sainordaithe

An comhlacht atá freagrach

Conas a dhéantar freastal ar an inrochtaineacht?

Conas a chuirtear an ath‑inúsáidteacht san áireamh?

Úsáid teicneolaíochtaí IS (más infheidhme)

CECIS

Airteagal 3;

Airteagal 23;

Airteagal 29;

Airteagal 30;

Iarscríbhinn I, Roinn IV

Clárú agus Bainistiú Acmhainní: acmhainní atá ar fáil ag na Ballstáit a chlárú, a bhainistiú agus a nuashonrú.

Bainistiú Éigeandála: tacú le gníomhaíochtaí bainistithe éigeandála, lena n‑áirítear:

1.Tuairisciú ar theagmhais

2.Feasacht Staide

3.Pleanáil Práinnfhreagartha

Bainistiú Iarrataí agus Tairiscintí: iarrataí ar chúnamh agus tairiscintí acmhainní a bhainistiú, lena n‑áirítear an cumas iarrataí agus tairiscintí a chruthú, a nuashonrú, agus a chur ar ceal.

Cur chun úsáide agus Rianú: cur chun úsáide acmhainní a rianú, lena n‑áirítear a suíomh, a stádas agus a n‑infhaighteacht.

Cumarsáid agus Comhar: cumarsáid agus comhar idir na Ballstáit, LCPF, agus páirtithe leasmhara eile a éascú, faisnéis a chomhroinnt agus freagairtí a chomhordú.

Anailísíocht Sonraí agus Tuairisciú: anailísíocht sonraí agus cumais tuairiscithe a sholáthar, lena n‑áirítear an cumas tuarascálacha a ghiniúint.

Slándáil agus Rialú Rochtana: slándáil agus sláine an ardáin a áirithiú, lena n‑áirítear an cumas rochtain ar fhaisnéis íogair agus ar acmhainní íogaire a rialú.

Comhtháthú le Córais Eile: comhtháthú le córais agus ardáin eile, lena n‑áirítear córais bainistithe éigeandálaí agus córais luathrabhaidh atá ann cheana.

AS ECHO A.1

Tá CECIS deartha chun oibriú go heisiach ar TESTA. Tá leagan teoranta ar an ngnáth‑idirlíon chun faisnéis fíor‑ama a chur ar fáil d’úsáideoirí CECIS ar an líonra allamuigh sa mhód inléite amháin. I gcás Stáit Rannpháirteacha SACS nach bhfuil teacht acu ar TESTA, déanfaidh LCPF na sonraí a ionchódú thar a gceann.

In‑athúsáidteacht fhéideartha le haghaidh idir‑inoibritheacht amach anseo le hardáin eile (EWRS, ECMP...)

Ní bhaineann le hábhar

Maidir le gach réiteach digiteach, mínigh conas a chomhlíonann an réiteach digiteach ceanglais agus oibleagáidí chreat cibearshlándála an Aontais, agus beartais dhigiteacha agus achtacháin reachtacha eile is infheidhme (amhail eIDAS, Tairseach Aonair Dhigiteach, etc.).

Réiteach digiteach #1

Beartas digiteach agus/nó earnálach (i gcás inarb infheidhme)

Míniú ar an gcaoi a bhfuil sé ailínithe

An Gníomh um an Intleacht Shaorga

Ní bhaineann le hábhar

Creat Cibearshlándála an Aontais

Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a bhailítear agus a stóráiltear chun críche na Treorach seo.

eIDAS

EU Login

Tairseach Aonair Dhigiteach agus IMI

Ní bhaineann le hábhar

Eile

4.4.Measúnú idirinoibritheachta

4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach

Tuairisc ar an mbeart

Tagairtí do na ceanglais

Ról an Choimisiúin

(más infheidhme)

Gníomhaithe atá le bheith páirteach

(más infheidhme)

An amlíne a bhfuil coinne léi

(más infheidhme)

Meitheal Úsáideoirí CECIS a bhunú chun na Ballstáit agus na Stáit Rannpháirteacha a chur leis an gcóras CECIS nua, lena soláthrófar nuashonruithe ar an bhfeidhmchlár agus lena n‑éascófar cinnteoireacht chomhpháirteach.

Airteagal 36.1(b)

Cruinnithe a eagrú agus a éascú, saineolas teicniúil agus treoraíocht theicniúil a chur ar fáil de réir mar is gá.

Ballstáit agus Stáit Rannpháirteacha SACS

Ní bhaineann le hábhar

(1)    EUCO/2023/7 final.
(2)    EUCO/2023/24 final.
(3)    JOIN (2025) 130 final.
(4)    JOIN (2025) 120 final.
(5)    JOIN/2025/130 final.
(6)    IO L 314, 6.12.2022, lgh. 26–63
(7)    IO L 314, 6.12.2022, lgh. 64–78
(8)    COM/2025/528 final.
(9)    COM/2025/529 final.
(10)    COM/2025/148 final.
(11)    JOIN/2025/120 final.
(12)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), IO L 243, 9.7.2021, lgh. 1-17.
(13)    *IO L..., lch.
(14)    *IO L..., lch.
(15)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(16)    IO L 312, 23.12.1995, lgh. 1–4
(17)    IO L 292, 15.11.1996, lgh. 2–5
(18)    IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1–71
(19)    IO L 198, 28.7.2017, lgh. 29–41
(20)    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/836/oj).
(21)    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/836/oj).
(22)    JOIN/2025/130 final
(23)    COM(2025)148 final.
(24)    Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77I , 20.3.2019, lch. 1 ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2019/420/oj ).
(25)    Cinneadh (AE) 2023/2671 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE chun síneadh a chur le hidirthréimhse rescEU (IO L, 2023/2671, 28.11.2023, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2671/oj ).
(26)    Treoir (AE) 2015/637 ón gComhairle maidir leis na bearta comhordúcháin agus comhair chun an chosaint chonsalach a éascú do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Cinneadh 95/553/CE (IO L 106, 24.4.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/637/oj ).
(27)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/704 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2014/762/AE agus (AE) 2019/1310 ón gCoimisiún (IO L, 2025/704, 15.4.2025, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/704/oj ).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
(29)    Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1764/oj ).
(30)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj ).
(31)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais a mhéid a bhaineann le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1993/oj).
(32)    2014/415/AE: Cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2014 maidir leis na socruithe a bhaineann le cur chun feidhme an chlásail dlúthpháirtíochta ag an Aontas (IO L 192, 1.7.2014, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/415/oj).
(33)    Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a chosc agus a rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1-11.
(34)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(35)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(36)    Na figiúirí maidir le meánchostas bliantúil atá le fáil ar an leathanach gréasáin iomchuí de chuid BUDGpedia, is trí úsáid a bhaint as na figiúirí sin ba cheart na leithreasuithe is gá a chinneadh.
(37)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(38)    Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g. an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, an líon iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(39)    Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóirí sonracha’
(40)    Tuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde dar teideal An analysis of current risks and emerging risks [Anailís ar rioscaí atá ann faoi láthair agus ar rioscaí atá ag teacht chun cinn]
(41)    Tá coincheap an tSásra um Chosaint Shibhialta gan dochar don téarmaíocht a úsáideann na Ballstáit le haghaidh ionstraimí nó sásraí ina bhfuil inneachar atá inchomparáide leis an méid dá dtagraítear sa Straitéis mar Shásra um Chosaint Shibhialta.
(42)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 548 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus maoiniú na hullmhachta agus na freagartha i dtaca le héigeandálaí sláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta)

{SEC(2025) 545 final} - {SWD(2025) 545 final} - {SWD(2025) 546 final}


Iarscríbhinn

Roinn 1
Gníomhaíochtaí coisctheacha incháilithe féideartha (liosta neamh
uileghabhálach)

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 4(2):

(a)Cómhaoiniú tionscadal, staidéar, ceardlann, suirbhéanna, athbhreithnithe piaraí agus gníomhartha agus gníomhaíochtaí comhchosúla;

(b)Tacú leis na Ballstáit measúnuithe riosca, measúnuithe ar chumais bainistithe riosca, agus pleanáil bainistithe riosca ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal iomchuí fonáisiúnta a fhorbairt agus a chur ar fáil go poiblí;

(c)Gníomhaíochtaí chun rochtain ar an mbonn eolais maidir le rioscaí tubaiste, comhroinnt agus feabhsú an bhoinn eolais sin a éascú, lena náirítear an glacadh le torthaí taighde eolaíoch agus nuálaíochta, deachleachtais agus faisnéis, leasanna coiteanna le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, measúnuithe riosca, gníomhaíochtaí mapála agus gníomhaíochtaí bainistithe riosca na mBallstát;

(d)I gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, tacú leis na Ballstáit feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal iomchuí fonáisiúnta;

(e)Tacú leis na Ballstáit feabhas a chur ar phleanáil bainistithe riosca tubaistí trasearnála ar leibhéal an Aontais;

(f)Tacú leis na Ballstáit feasacht a mhúscailt, faisnéis phoiblí a scaipeadh agus oideachas a chur ar fáil, agus lena niarrachtaí maidir le faisnéis phoiblí a sholáthar ar chórais foláirimh, lena náirítear ar leibhéal trasteorann;

(g)Tacú leis na Ballstáit spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí i réimse na cosanta sibhialta;

(h)Gníomhaíocht choisctheach bhreise tacaíochta agus chomhlántach a dhéanamh, ar gníomhaíocht í is gá a dhéanamh chun an cuspóir a shonraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(2) a bhaint amach.

Roinn 2
Gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta incháilithe féideartha (liosta neamh
uileghabhálach)

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 4(2):

(a)Gníomhaíochtaí lena néascaítear próiseáil agus scaipeadh eolais, ceachtanna foghlamtha, agus faisnéise atá ábhartha maidir le Sásra an Aontais, lena náirítear trí uirlisí tiomnaithe ar líne;

(b)Cláir cúnaimh theicniúil agus airgeadais, lena náirítear deontais;

(c)Cláir oiliúna agus cleachtaí a bhunú agus a bhainistiú maidir le cosaint shibhialta, cosc, ullmhacht agus pleanáil freagartha do bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, lena náirítear frithbhearta leighis a bhainistiú, an comhar sibhialtamíleata, agus clár um malartú saineolaithe le haghaidh pearsanra cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí;

(d)Clár a bhunú agus a bhainistiú maidir leis an nglacadh le torthaí taighde agus nuálaíochta, agus tabhairt isteach agus úsáid cineálacha nua ábhartha cur chuige nó teicneolaíochtaí nó an dá rud sin a spreagadh chun críoch Shásra an Aontais, lena náirítear chun iad a fháil;

(e)Gníomhaíocht choisctheach bhreise tacaíochta agus chomhlántach a dhéanamh, ar gníomhaíocht í is gá a dhéanamh chun an cuspóir a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(2) a bhaint amach.

Roinn 3
Gníomhaíochtaí ullmhachta incháilithe féideartha (liosta neamh
uileghabhálach)

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 4(2):

(a)LCPF agus uirlisí an lárionaid a bhainistiú, lena náirítear CECIS;

(b)Oibriú i gcomhar leis na Ballstáit córais bhraite thrasnáisiúnta agus córais luathrabhaidh a bhfuil leas ag an Aontas iontu a fhorbairt agus a chomhtháthú chun éifeachtaí láithreacha tubaistí a mhaolú;

(c)Oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun uirlisí a fhorbairt lena gcuirtear faisnéis phoiblí ar fáil maidir le foláirimh leanúnacha san Eoraip;

(d)Oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun feasacht staide agus cumas anailíse a choinneáil ar bun agus a fhorbairt a thuilleadh, lena náirítear saineolas comhairleach eolaíoch agus teicniúil, agus faisnéis eolaíoch a aistriú ina faisnéis oibríochtúil;

(e)Oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar thubaistí agus, i gcás inarb ábhartha, ar thionchair an athraithe aeráide, agus comhairle atá bunaithe ar eolas eolaíochta a chur ar fáil ina dtaobh;

(f)Oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun comhpháirtíochtaí eolaíochta Eorpacha a chruthú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt chun guaiseacha nádúrtha agus guaiseacha de dhéantús an duine a chumhdach, an nascacht idir córais luathrabhaidh náisiúnta agus córais foláirimh náisiúnta, agus nascacht na gcóras sin le LCPF agus le córais TF ábhartha eile, a chur chun cinn;

(g)Tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sainordaithe a bhfuil eolas eolaíoch acu, glacadh le teicneolaíochtaí nuálacha agus saineolas;

(h)Comhordú réamhshuí acmhainneachtaí freagartha do thubaistí na mBallstát laistigh den Aontas a éascú;

(i)Acmhainneachtaí freagartha a shuí agus a chomhordú arna iarraidh sin do Bhallstát, lena náirítear chun críche oiliúna, cleachtaí, malartaithe eolais agus chun idirinoibritheacht acmhainneachtaí a foirne idirghabhála a fheabhsú;

(j)Tacú le hiarrachtaí chun idirinoibritheacht modúl agus acmhainneachtaí freagartha eile a fheabhsú, agus deachleachtais ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal idirnáisiúnta á gcur san áireamh;

(k)Na gníomhaíochtaí is gá, laistigh dá réimse inniúlachta, a dhéanamh chun tacaíocht óstnáisiúin a éascú, lena náirítear treoirlínte maidir le tacaíocht óstnáisiúin a fhorbairt agus a nuashonrú, i gcomhar leis na Ballstáit, ar bhonn taithí oibríochtúil;

(l)Tacú leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, maidir le tubaistí atá ag tarlú laistigh dá gcríocha trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht comhpháirtíochtaí eolaíochta Eorpacha a úsáid le haghaidh anailís eolaíoch spriocdhírithe. Féadfar na hanailísí a eascraíonn as sin a chomhroinnt trí CECIS, le comhaontú ó na Ballstáit a ndéantar difear dóibh;

(m)Gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt agus inimscarthacht an Díorma Eorpaigh um Chosaint Shibhialta a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad a fhéadfar a chistiú ag ráta suas le 100 %, lena náirítear an méid seo a leanas a chumhdach:

(i)costais oiliúna agus cleachtaí, lena náirítear do phearsanra míleata,

(ii)costais chlárúcháin agus deimhniúcháin,

(iii)costais oiriúnaithe chun acmhainneachtaí freagartha LCPF a uasghrádú nó a dheisiú, lena náirítear costais a bhaineann le hinoibritheacht, idirinoibritheacht modúl agus acmhainneachtaí freagartha eile, uathriail, neamhthuilleamaíocht, iniomparthacht, pacáistíocht, slándáil agus na costais eile is gá, ar choinníoll go mbaineann siad go díreach le rannpháirtíocht sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta.

(n)Gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt, cothabháil agus inimscarthacht rescEU a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad a fhéadfar a chistiú ag ráta suas le 100 %, lena náirítear an méid seo a leanas a chumhdach:

(i)trealamh,

(ii)cothabháil, lena náirítear deisiú,

(iii)árachas,

(iv)oiliúint,

(v)trádstóráil,

(vi)clárú agus deimhniú,

(vii)tomhaltáin,

(viii)an pearsanra is gá chun infhaighteacht agus inimscarthacht acmhainneachtaí rescEU a áirithiú.

(o)Gníomhaíocht choisctheach bhreise tacaíochta agus chomhlántach a dhéanamh, ar gníomhaíocht í is gá a dhéanamh chun an cuspóir a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4(2) a bhaint amach.

Roinn 4
Gníomhaíochtaí freagartha incháilithe féideartha (liosta neamh
uileghabhálach)

(1)Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 4(2), a fhéadfar a chistiú ag ráta suas le 75 %:

(a)iompar cúnaimh a thairgtear go spontáineach agus nach bhfuil cláraithe sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta ná in rescEU agus a bhfuil gá leis chun freagairt do thubaiste;

(b)rochtain ar threalamh, acmhainní iompair agus lóistíochta agus seirbhísí i bhfoirm rochtana ar an margadh tráchtála nó foinsí eile tríd an gCoimisiún, amhail seirbhísí iompair a fhaightear ó eintitis phríobháideacha nó ó eintitis eile;

(c)tacaíocht cosanta sibhialta do chúnamh consalach do shaoránaigh den Aontas le linn tubaistí i dtríú tíortha, i gcás ina mbeidh an ráta cómhaoiniúcháin deiridh forchéimnitheach agus ag brath ar an líon saoránach éagsúil den Aontas atá ar bord.

(2)Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 4(2), a fhéadfar a chistiú ag ráta suas le 100 %:

(a)rochtain ar threalamh, acmhainní iompair agus lóistíochta agus seirbhísí i bhfoirm rochtana ar an margadh tráchtála nó foinsí eile a thairgeann na Ballstáit, amhail seirbhísí iompair a fhaightear ó eintitis phríobháideacha nó ó eintitis eile;

(b)rochtain ar acmhainní iompair agus lóistíochta, i gcás inar gá sin chun comhthiomsú chúnamh na mBallstát nó rescEU a dhéanamh éifeachtach ó thaobh oibríochta de agus i gcás ina mbaineann na costais le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(i)trádstóráil ghearrthéarmach nó acmhainneacht lóistíochta níos fadtéarmaí chun an cúnamh ó na Ballstáit a stóráil ar bhonn sealadach agus a bhainistiú d’fhonn a niompar comhordaithe a éascú,

(ii)iompar agus lóistíocht ón mBallstát a chuireann an cúnamh ar fáil don phointe ag a bhfuil an tiompar comhordaithe ar siúl,

(iii)cúnamh na mBallstát a chomhordú, a láimhseáil, agus a athphacáistiú chun lánúsáid a bhaint as na hacmhainneachtaí iompair atá ar fáil nó chun riachtanais shonracha oibríochtúla a chomhlíonadh,

(iv)iompar áitiúil, agus idirthuras cúnaimh chomhthiomsaithe d’fhonn seachadadh comhordaithe ag an gceann scríbe sa tír dá ndéantar difear a áirithiú,

(v)iompar an chúnaimh chomhthiomsaithe ón bpointe ag a ndéantar an ghníomhaíocht comhthiomsaithe go dtí an ceann scríbe deiridh sa tír dá ndéantar difear,

(c)iompar cúnaimh a thairgtear go spontáineach agus nach bhfuil cláraithe sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta agus a bhfuil gá leis chun freagairt do ghéarchéim, mar a leagtar amach in Airteagal 29(3);

(d)iompar a thairgeann na Ballstáit, lena náirítear trí acmhainní míleata, d’aon chúnamh is gá chun freagairt do thubaiste nó do ghéarchéim i gcásanna eisceachtúla agus cuíréasúnaithe, i gcás nach bhfuil aon tairiscint iompair tráchtála ar fáil;

(e)gníomhaíochtaí is gá chun iompar a eagrú chun aslonnú leighis a dhéanamh, i gcás ina mbaineann na costais le ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)iompar an othair, lena náirítear a chompánaigh, a chúramóirí nó a chaomhnóirí dlíthiúla ón tír dá ndéantar difear go dtí an tsaoráid leighis idirthurais nó chuig mol aslonnaithe leighis, lena náirítear iompar agus idirthuras áitiúil,

(ii)saoráidí a úsáid nó a bhunú agus a bhainistiú chun glacadh le hothair agus bail sheasmhach a chur orthu, lena náirítear costais oibriúcháin a bhaineann le trealamh leighis agus leis an bhfoireann is gá chun othair a iompar ina dhiaidh sin,

(iii)costais oibriúcháin na mball foirne fíorriachtanach a ghabhann leis an aslonnú leighis, lena náirítear imscaradh foirne measúnaithe leighis,

(iv)soláthairtí leighis agus tomhaltáin a sholáthar, rochtain ar threalamh lena úsáid sna moil nó le linn an aslonnaithe leighis.

(f)iompar a éascú chun acmhainneachtaí freagartha a réamhshuí ar bhonn sealadach agus a chomhordú.

(g)iompar agus costais eile a éascú chun críche leithdháilte cúltaca agus comhordaithe acmhainneachtaí freagartha le linn tréimhsí ina bhfuil riosca séasúrach méadaithe ann;

(h)gníomhaíocht bhreise riachtanach tacaíochta agus chomhlántach a dhéanamh chun comhordú na freagartha a éascú ar an mbealach is éifeachtaí;

(i)gníomhaíocht choisctheach bhreise tacaíochta agus chomhlántach a dhéanamh, ar gníomhaíocht í is gá a dhéanamh chun an cuspóir a shonraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4(2) a bhaint amach;

(3)Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 4(2), a fhéadfar a chistiú ag ráta suas le 100 %:

(a)iompar a éascú agus tacú le hoibriú acmhainneachtaí cláraithe LCPF;

(b)iompar a éascú agus tacú le hoibriú acmhainneachtaí rescEU;

(c)ullmhú le haghaidh shlógadh agus sheoladh na bhfoirne saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 33(1) agus acmhainneacht bhorrtha a fhorbairt agus a choinneáil ar bun trí líonra de shaineolaithe oilte de chuid na mBallstát;

(d)a áirithiú go mbeidh tacaíocht theicniúil agus lóistíochta ar fáil, lena náirítear imscaradh TAST, do na saineolaithe agus do na foirne saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 33(1).

Roinn 5
Gníomhaíochtaí freagartha trasearnála do ghéarchéimeanna incháilithe féideartha (liosta neamh
uileghabhálach)

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (e) d’Airteagal 4(2):

aon ghníomhaíocht freagartha nó aon ghníomhaíocht bhreise tacaíochta agus chomhlántach is gá chun freagairt do ghéarchéim.

Top