Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0544

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht le haghaidh na tréimhse 2028-2034, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh faoin gClár sin, agus lena n aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/764

COM/2025/544 final

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 544 final

2025/0544(CNS)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht le haghaidh na tréimhse 2028-2034, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh faoin gClár sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/764

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2025) 555 final} - {SWD(2025) 555 final} - {SWD(2025) 556 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is cuspóir don togra seo Fís Eorpach, Clár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht 2028-2034, agus na codanna ábhartha taighde agus nuálaíochta den Chiste Eorpach um Iomaíochas a chur chun feidhme. Tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach leis na rialacháin a chuirtear chun feidhme leis, chomh maith leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2028-2034.

Tá an Clár Sonrach arna bhunú leis an gCinneadh seo ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 182(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus.

Mar a leagtar amach in Airteagal 182(4) CFAE, cuirfear an Clár Réime chun feidhme trí Chláir Shonracha lena leagtar amach na rialacha mionsonraithe maidir lena chur chun feidhme, lena socraítear a ré agus lena bhforáiltear maidir leis an maoiniú a mheastar is gá. Cuirfear Fís Eorpach chun feidhme tríd an gClár Sonrach a bhunaítear leis an gCinneadh seo ón gComhairle.

Maidir le tuilleadh faisnéise a fháil faoi thogra foriomlán an chláir Fís Eorpach, féach meabhrán míniúcháin bhunghníomh an Chláir Réime [(an togra maidir le rialachán lena mbunaítear ‘Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh’).]

2.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Cé is moite den tacaíocht do chomhtháthú thriantán an eolais – ardoideachas, taighde agus nuálaíocht, agus gnó – ar fud an Aontais, leanann forálacha an Chláir Shonraigh struchtúr an [togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear ‘Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh’.]

2025/0544 (CNS)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht le haghaidh na tréimhse 2028-2034, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh faoin gClár sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/764

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 182(4)de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 2 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 3 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le hAirteagal 182(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht le haghaidh na tréimhse 2028-2034, (‘Fís Eorpach’), a bhunaítear le Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le cur chun feidhme trí Chláir Shonracha lena sainítear na rialacha mionsonraithe maidir lena gcur chun feidhme, lena socraítear a ré agus lena bhforáiltear an maoiniú a mheastar is gá. 

(2)Le Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach], leagtar amach cuspóirí ginearálta agus sonracha an chláir Fís Eorpach, struchtúr agus imlínte na ngníomhaíochtaí atá le déanamh, agus ba cheart don Chlár Sonrach seo, lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach (an ‘Clár Sonrach’), na cuspóirí oibríochtúla agus na gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le codanna den chlár Fís Eorpach a shainiú. Tá na forálacha maidir lena chur chun feidhme a leagtar amach i Rialachán XXX infheidhme go hiomlán maidir leis an gClár Sonrach.

(3)Chuathas i gcomhairle le Bord Gobharnóirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) a bunaíodh le Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún 4 , faoi ábhar eolaíoch agus teicneolaíoch an Chláir Shonraigh le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha JRC.

(4)Leagtar síos leis an gCinneadh seo ón gComhairle imchlúdach airgeadais táscach don Chlár Sonrach.

(5)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Chláir Shonraigh tríd na cláir oibre, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 .

(6)Ba cheart na nósanna imeachta comhairleacha agus scrúdúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a úsáid chun na cláir oibre a ghlacadh i bhfianaise impleachtaí airgeadais tábhachtacha an Chláir Shonraigh.

(7)Cuirtear an Clár Sonrach in ionad an Chláir Shonraigh Fís Eorpach arna bhunú le Cinneadh (AE) Uimh. 2021/764 ón gComhairle 6 . Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle a aisghairm.

(8)Ba cheart an Clár Sonrach a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal an smachta reachta agus leis na cearta agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ba cheart é a bheith i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, lena náirítear ionstraimí um chearta an duine amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.Bunaítear leis an gCinneadh seo an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht le haghaidh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) 2028-2034 (an ‘Clár Sonrach’) mar a leagtar amach in Airteagal 1(2) pointe (a) de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach].

2.Leis an gCinneadh seo, leagtar síos buiséad an Chláir Shonraigh le haghaidh na tréimhse 2028-2034, na rialacha maidir le cur chun feidhme an Chláir Shonraigh agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin gClár Sonrach.

3.Tá feidhm freisin ag sainmhínithe, cuspóirí, struchtúr agus buiséad Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a leagtar amach i Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach] maidir leis an gClár Sonrach.

Airteagal 2

Cuspóirí oibríochtúla

1.Rannchuideoidh an Clár Sonrach leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach](.

2.Tá na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas ag an gClár Sonrach:

(a)táirgeadh taighde eolaíoch ardcháilíochta agus institiúidí taighde ceannródaíocha domhanda a chothú;

(b)tacú le soghluaisteacht, oiliúint agus forbairt gairme taighdeoirí;

(c)taighdeoirí den scoth a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip;

(d)comhar agus ildisciplíneacht a chothú, lena náirítear leis na hEolaíochtaí Sóisialta agus na Daonnachtaí chun eolas nua a ghiniúint;

(e)luachshocrú eolais a fheabhsú;

(f)bonneagair thaighde agus theicneolaíochta a nascadh le chéile agus a fhorbairt ar fud an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) chun rochtain thrasnáisiúnta a sholáthar;

(g)tacú le cruthú agus méadú na teicneolaíochta doimhne agus gnólachtaí nuathionscanta nuálacha;

(h)glacadh teicneolaíochta agus léiriú ar nuálaíocht shuaiteach a chothú;

(i)rannpháirtíocht eagraíochtaí taighde ó na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú agus ó na tíortha aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach] a mhéadú;

(j)eolaíocht oscailte a chothú agus infheictheacht don phobal agus an rochtain oscailte ar thorthaí a áirithiú nuair is féidir.

3.Tabharfar aghaidh freisin leis an gClár Sonrach ar ghníomhaíochtaí taighde comhoibríocha faoi ghnéithe beartais an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas.

Airteagal 3

Buiséad

1.I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach] tá sé socraithe gur EUR 175 002 000 000 i bpraghsanna atá ann faoi láthair a bheidh san imchlúdach airgeadais táscach do chur chun feidhme an Chláir Shonraigh le haghaidh na tréimhse 2028 go 2034.

2.Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dháileadh ar na codanna mar a leagtar amach in Airteagal 6(2) de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach].

Airteagal 4

Clár oibre

1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a chuirfear an Clár Sonrach chun feidhme.  
Gan dochar don chéad fhomhír, féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a leagan amach sna cláir oibre:

(a)gníomhaíochtaí agus an buiséad gaolmhar;

(b)critéir incháilitheachta agus dhámhachtana;

(c)ráta cómhaoinithe aonair in aghaidh na gníomhaíochta;

(d)na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le níos mó ná cuspóir sonrach amháin;

(e)gníomhaíochtaí a bhfuil feidhm ag rialacha sonracha maidir leo, go háirithe maidir le húinéireacht torthaí, luachshocrú agus scaipeadh, aistriú agus ceadúnú chomh maith le cearta rochtana ar thorthaí.

2.Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre ar leithligh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun gníomhaíochtaí faoi na comhpháirteanna seo a leanas a chur chun feidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 1(3):

(a)an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC), a mbunóidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde an dréachtchlár oibre ina leith faoi Airteagal 7(9)(a)(ii), i gcomhréir le hAirteagal 18(3). Ní imeoidh an Coimisiún ón dréachtchlár oibre arna bhunú ag Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde ach amháin i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 7(4); sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 18(4); tabharfaidh an Coimisiún údar cuí-réasúnaithe ina leith;

(b)an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE), a nullmhófar an clár oibre di tar éis comhairle a fháil ó Bhord na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí faoi Airteagal 12(1)(b), i gcomhréir le hAirteagal 18(4);

(c)Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC), dúshláin shochaíocha dhomhanda, Misin Eorpacha, Saoráid Bauhaus Eorpach Nua, éiceachórais nuálaíochta, córas taighde agus nuálaíochta na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú, bonneagair thaighde agus theicneolaíochta, rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 18(4);

(d)JRC, a chuirfear san áireamh sa clár oibre ilbhliantúil an tuairim arna tabhairt ag Bord Gobharnóirí JRC dá dtagraítear i gCinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún.

3.Áireofar na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear faoi na gnéithe beartais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidlí IV go VII de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas] i gcuid thiomnaithe shonrach de na cláir oibre lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí sonracha comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointí (a) go (d) de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas]. Glacfar na cláir oibre sin i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 84 de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas].

Airteagal 5

Comhpháirtíochtaí Eorpacha

1.Leanfaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha cur chuige saolré soiléir, lena náirítear iad a roghnú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, agus aistriú amach as Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach] ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)Roghnófar Comhpháirtíochtaí Eorpacha de réir nós imeachta iomaíoch, oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, ar bhonn réimsí arna moladh ag an gCoimisiún. Ina theannta sin, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach], comhlíonfaidh comhpháirtíochtaí is iarrthóirí na critéir roghnúcháin seo a leanas:

I.ábharthacht punainne: áiritheofar comhsheasmhacht agus comhleanúnachas foriomlán na punainne comhpháirtíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann iarrthóirí na critéir roghnúcháin uile agus go léiríonn siad ábharthacht mar chuid de phunann straitéiseach gníomhaíochtaí;

II.mais chriticiúil: beidh buiséad na gcomhpháirtíochtaí (ranníocaíochtaí an Aontais agus na gcomhpháirtithe) ag teacht lena ré, lena náiritheofar acmhainní leordhóthanacha chun glao substaintiúil amháin ar a laghad a chistiú in aghaidh na bliana, agus gach ceann acu inchomparáide ó thaobh méide de le meánghlao Fís Eorpach sa réimse téamach ábhartha;

III.comhdhéanamh na gcomhpháirtithe: mura bhfuil údar cuí leis, tá gá le rannpháirtíocht eintiteas poiblí ó chúig Bhallstát ar a laghad agus eintiteas príobháideach a dhéanann ionadaíocht ar chodanna substaintiúla dá néiceachórais faoi seach, lena náiritheofar rannpháirtíocht leathan agus chothrom na bpríomhpháirtithe leasmhara;

IV.ábharthacht uile-Eorpach: beidh ábharthacht uile-Eorpach ag comhpháirtíochtaí, arna léiriú i ndáileadh geografach cothrom na gcomhpháirtithe i measc na mBallstát;

V.treoshuíomh an mhisin: déanfaidh comhpháirtíochtaí cuspóirí soiléire, intomhaiste agus faoi cheangal ama a cheapadh laistigh de ré Fís Eorpach a bheidh mar bhonn eolais do chleachtaí faireacháin, measúnaithe agus meastóireachta;

VI.plean gnó: forbróidh comhpháirtithe plean gnó ex-ante, lena náirítear sraith príomhtháscairí feidhmíochta chun dul chun cinn a rianú agus straitéis réamhbhreathnaitheach um aistriú, lena náirítear gníomhaíochtaí chun deireadh a chur de réir a chéile le cistiú Fís Eorpach;

VII.oscailteacht agus trédhearcacht: léireoidh comhpháirtíochtaí oscailteacht agus trédhearcacht maidir le tosaíochtaí agus cuspóirí a shainaithint – lena náirítear na torthaí agus na tionchair a bhfuiltear ag súil leo – agus rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe agus na bpáirtithe leasmhara ar fud an tslabhra luacha ar fad agus ó earnálacha, cúlraí agus disciplíní éagsúla, lena náirítear cinn idirnáisiúnta ábhartha gan difear a dhéanamh d’iomaíochas na hEorpa;

VIII.oidhreacht: i gcásanna ina gcuireann comhpháirtíochtaí is iarrthóirí le tionscnaimh a bhí ann roimhe sin, léireofar éifeachtúlacht, éifeachtacht agus tionchar na gcomhpháirtíochtaí a bhí ann roimhe sin;

IX.le linn a gcur chun feidhme, áiritheoidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha an méid seo a leanas:

X.socruithe rialachais trédhearcacha inmheánacha agus rialacha inmheánacha, lena náirítear cóid iompair, lena náirithítear a bhfeidhmiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach;

XI.oscailteacht leanúnach an tionscnaimh trí chritéir aontachais agus imeachta atá soiléir agus trédhearcach, lena náirítear trí ghlaonna oscailte chuig eagraíochtaí comhpháirtíochta nua a d’fhéadfadh a bheith ann

XII.solúbthacht trí athbhreithnithe tráthúla a dhéanamh ar phríomhdhoiciméid amhail na Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht agus straitéisí aistrithe, arna noiriúnú de réir mar is gá chun ábharthacht agus indéantacht a áirithiú;

XIII.áireofar le faireachán leanúnach rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo sraith táscairí coiteanna a bhaineann go sonrach le comhpháirtíocht, lena náirítear rannchuidithe comhpháirtithe, costéifeachtúlacht, agus oscailteacht do chomhpháirtithe nua. Cuirfidh táscairí coiteanna a bhaineann go sonrach le comhpháirtíocht leis na táscairí coiteanna mar a shainmhínítear faoi Rialachán XXX [tagairt don Rialachán Feidhmíochta] agus mar a leagtar amach sna tuarascálacha faireacháin débhliantúla maidir le feidhmíocht comhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gclár Fís Eorpach 2021-2027;

XIV.Seolfaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha a nglaonna deiridh roimh an 31 Nollaig 2034. Déanfaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha an modh aistrithe is fearr a chinneadh agus a chur chun feidhme. Agus na straitéisí aistrithe a ullmhaíodh ex-ante á gcur san áireamh, déanfar measúnú neamhspleách ar chomhpháirtíochtaí lena gcinnfear ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh a gcuspóirí, oiriúnacht an chur chuige comhpháirtíochta, agus a nábharthacht leanúnach maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú sin moladh maidir leis an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomhaíochtaí amach anseo.

(b)In éagmais athnuachana, cuirfidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha bearta iomchuí chun feidhme bunaithe ar a ngníomhaíochtaí céimnithe amach arna sainaithint ina straitéisí aistrithe.

Caibidil II

Eolaíocht den scoth

Airteagal 6

An Chomhairle Eorpach um Thaighde

1.Bunóidh an Coimisiún Comhairle Eorpach um Thaighde (‘ERC’) chun na gníomhaíochtaí faoi Cholún I, ‘Eolaíocht den Scoth’, de chuid Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach] a bhaineann le ERC a chur chun feidhme. Tiocfaidh ERC i gcomharbas ar an gComhairle Eorpach um Thaighde a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle. 

2.Beidh ERC comhdhéanta de Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde, atá neamhspleách, dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus de struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC dá bhforáiltear in Airteagal 8.

3.Beidh Uachtarán ag Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde (‘Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde’) agus is as eolaithe sinsearacha a bhfuil meas idirnáisiúnta orthu a thoghfar é.

4.Ceapfaidh an Coimisiún Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde tar éis do choiste cuardaigh tiomnaithe neamhspleách próiseas earcaíochta trédhearcach a chur i gcrích. Déanfaidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde an próiseas earcaíochta agus an tiarrthóir a roghnófar a fhormheas. Beidh téarma oifige Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde teoranta do thréimhse 2 bhliain, a bhféadfar síneadh suas le 2 bhliain a chur leis aon uair amháin.  

5.Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde cathaoirleacht ar Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus áiritheoidh sé go mbeidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde i dteagmháil le struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus déanfaidh sé ionadaíocht thar ceann Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde i réimse na heolaíochta.

6.Gheobhaidh an tUachtarán cúnamh ó thriúr Leas-Uachtarán arna roghnú ag an gComhairle Eolaíochta as a comhaltaí.

7.Feidhmeoidh an Chomhairle Eorpach um Thaighde i gcomhréir lena croíphrionsabail a bhaineann le barrfheabhas eolaíochta, eolaíocht oscailte, neamhspleáchas, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht, cuntasacht agus sláine taighde, agus beartais chorparáideacha an Choimisiúin Eorpaigh á nurramú aici. Áiritheofar go leanfar ar aghaidh le gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde a dhéantar faoi Chinneadh (AE) 2021/764.

8.Trína chuid gníomhaíochtaí, tabharfaidh an Chomhairle Eorpach um Thaighde tacaíocht, ón mbun aníos, do thaighde ar thús cadhnaíochta a chuirfidh príomh-imscrúdaitheoirí agus a bhfoirne i gcrích sna réimsí ar fad agus iad in iomaíocht ar an leibhéal Eorpach, lena náirítear taighdeoirí gairme luathchéime.

9.Gníomhóidh an Coimisiún ina ráthóir ar son neamhspleáchas agus shláine ERC agus áiritheoidh sé cur i gcrích iomchuí na gcúraimí a chuirtear air.

10.Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear gníomhaíochtaí ERC chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 7 den Airteagal seo agus i gcomhréir le straitéis fhoriomlán ERC, dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(a), arna bhunú ag Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde.

Airteagal 7

Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde

1.Beidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde comhdhéanta de 22 eolaí, innealtóir agus scoláire neamhspleách a bhfuil ardcháil agus a bhfuil saineolas iomchuí bainte amach acu, ar mná agus fir iad in aoisghrúpaí éagsúla, rud a áiritheoidh go mbeidh ilghnéitheacht ann ó thaobh réimsí taighde de agus go mbeidh tionscnaimh gheografacha éagsúla ann. Feidhmeoidh siad ina gcáil phearsanta, neamhspleách ar shainleasanna seachtracha. Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde, i ndiaidh nós imeachta neamhspleách trédhearcach chun iad a shainaithint, arna chomhaontú sin le Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde, lena náireofar comhairliúchán oscailte le pobal na heolaíochta agus tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

2.Téarma suas le 4 bliana a bheidh i gceist le téarma oifige do chomhaltaí Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde, féadfar síneadh suas le 2 bhliain a chur leis aon uair amháin agus beidh sé bunaithe ar chóras uainíochta a áiritheoidh go leanfar ar aghaidh d’obair Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí.

3.Toghfaidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde triúr Leas-Chathaoirleach as a comhaltaí a thabharfaidh cúnamh d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde i ndáil le hionadaíocht a dhéanamh thar a ceann agus a cuid oibre a eagrú. Tabharfar Leas-Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde orthu. Tabharfar cúiteamh do chomhaltaí Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde i leith na gcúraimí a chuirfidh siad i gcrích trí bhíthin airgead oinigh agus, i gcás inarb iomchuí, aisíocaíocht costas taistil agus cothaithe.

4.Feidhmeoidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde a cúraimí go heisiach laistigh de raon feidhme an Chláir Shonraigh agus chun críocha an Chláir Shonraigh, agus ar an mbealach sin amháin. Sa chomhthéacs sin, bunófar léi:

(a)an straitéis fhoriomlán maidir leis an gComhairle Eorpach um Thaighde;

(b)an dréachtchlár oibre chun gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde a chur chun feidhme;

(c)modhanna agus nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú piaraí agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an togra ar ar a bhonn a chinnfear na tograí atá le cistiú;

(d)a seasamh maidir le haon ábhar a fhéadfaidh feabhas a chur ar a bhfuil bainte amach ó thaobh na heolaíochta de agus ar an tionchar a bheidh ag an gComhairle Eorpach um Thaighde agus ar cháilíocht an taighde a chuirfear i gcrích;

(e)cód iompair lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, coinbhleacht leasa a sheachaint;

(f)an nós imeachta chun Leas-Uachtaráin na Comhairle Eorpaí um Thaighde a thoghadh.

Ní imeoidh an Coimisiún ó na seasaimh a bhunaigh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ach amháin má mheasann sé nár urramaíodh an Cinneadh seo. Sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go leanfar ar aghaidh de bheith ag cur an Chláir Shonraigh chun feidhme agus de bheith ag gnóthú a chuspóirí, agus leagfaidh sé amach go cuí-réasúnaithe na pointí ina n‑imeoidh sé ó sheasaimh Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde.

5.Cuirfidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde an Coimisiún ar an eolas faoi threochtaí taighde, faoi shonraí taighde agus faoi aon ábhar atá ábhartha do cheapadh beartas agus féadfaidh sí anailís a dhéanamh ina leith sin. 

6.Tiocfaidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus an Coimisiún le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad chun tuairimí a mhalartú go forleathan agus go tráthúil i gcomhthéacs fhorbairt straitéis na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus cheapadh beartais an Choimisiúin. 

7.Is ráthóir ar cháilíocht na gníomhaíochta ó thaobh na heolaíochta de í Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus is aici atá údarás iomlán ar chinntí a dhéanfar faoin gcineál taighde atá le cistiú. 

8.Gníomhóidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde go heisiach ar mhaithe leis an gComhairle Eorpach um Thaighde, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 6(7). Gníomhóidh sí le sláine agus ionracas agus cuirfidh sí a cuid oibre i gcrích go héifeachtúil agus leis an oiread trédhearcachta agus is féidir.

9.I gcomhthéacs chur chun feidhme an Chláir Shonraigh agus chun na cúraimí sin a dhéanamh, déanfaidh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde an méid seo a leanas:

(a)a mhéid a bhaineann leis an straitéis eolaíoch:

I.an straitéis eolaíoch fhoriomlán maidir leis an gComhairle Eorpach um Thaighde a bhunú, i bhfianaise deiseanna eolaíocha agus riachtanais eolaíocha na hEorpa;

II.an clár oibre a bhunú agus bearta tacaíochta éagsúla na Comhairle Eorpaí um Thaighde a cheapadh i gcomhréir lena straitéis eolaíoch;

III.na tionscnaimh chomhair idirnáisiúnta is gá a bhunú lena náirítear gníomhaíochtaí for-rochtana, chun infheictheacht na Comhairle Eorpaí um Thaighde a mhéadú do na taighdeoirí is fearr ón gcuid eile den domhan, i gcomhréir lena straitéis eolaíoch;

(b)a mhéid a bhaineann leis an mbainistiú, faireachán agus rialú cáilíochta ó thaobh na heolaíochta de:

I.córas athbhreithnithe piaraí den scoth a áirithiú, atá bunaithe ar bharrfheabhas eolaíoch agus ar láimhseáil atá iomlán trédhearcach, cothrom agus neamhchlaonta a dhéanamh ar na tograí trí sheasaimh a bhunú maidir le glaonna ar thograí a chur chun feidhme agus a bhainistiú, critéir mheastóireachta, próisis athbhreithnithe piaraí lena náirítear saineolaithe a roghnú, na modhanna maidir le hathbhreithniú piaraí agus meastóireacht tograí agus na rialacha agus na treoirlínte cur chun feidhme is gá, ar ar a bhonn a chinnfear na tograí atá le cistiú faoi mhaoirseacht Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde;

II.togra a dhéanamh, ar ar a bhonn a cheapfar saineolaithe, i gcás ghníomhaíochtaí taighde ceannródaíocha na Comhairle Eorpach um Thaighde;

III.a áirithiú go gcuirfear deontais ón gComhairle Eorpach um Thaighde chun feidhme de réir nósanna imeachta simplí agus trédhearcacha lena ndéantar an fócas a choinneáil ar an mbarr feabhais, an tionscnaíocht a spreagadh agus an tsolúbthacht a chónascadh leis an gcuntasacht trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht na noibríochtaí agus an chur chun feidhme;

IV.an méid atá bainte amach ag an gComhairle Eorpach um Thaighde agus cáilíocht agus tionchar an taighde arna chistiú ag an gComhairle Eorpach um Thaighde a athbhreithniú agus a mheasúnú agus moltaí agus treoirlínte a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó gníomhaíochtaí amach anseo, dá réir;

V.seasaimh maidir le haon ábhar eile a dhéanann difear dá bhfuil bainte amach ag an gComhairle Eorpach um Thaighde agus don tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus ar cháilíocht an taighde a chuirfear i gcrích faoin gcuid sin den chlár Fís Eorpach.

(c)a mhéid a bhaineann le cumarsáid agus scaipeadh:

I.próifíl dhomhanda agus infheictheacht na Comhairle Eorpaí um Thaighde a ardú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana a chur i gcrích, lena náirítear comhdhálacha eolaíocha chun gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus an méid atá bainte amach aici agus na torthaí ó thionscadail arna gcistiú ag an gComhairle Eorpach um Thaighde, le pobal na heolaíochta, le páirtithe leasmhara tábhachtacha agus leis an ngnáthphobal;

II.dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le pobal na heolaíochta, pobal na ninnealtóirí agus an pobal acadúil, le gníomhaireachtaí cistiúcháin taighde réigiúnacha agus náisiúnta agus le páirtithe leasmhara eile;

III.tuairisciú go rialta chuig an gCoimisiún faoina gníomhaíochtaí féin.

Airteagal 8

Struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde

1.Beidh cur chun feidhme riaracháin agus forfheidhmiú na comhpháirte sin den Chlár Sonrach faoi chúram struchtúir chur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde.  Cuirfidh sé, ach go háirithe, na nósanna imeachta meastóireachta, athbhreithniú piaraí agus próiseas roghnúcháin chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis a bhunaigh Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus áiritheoidh sé bainistiú airgeadais agus eolaíoch na ndeontas. 

Tacóidh struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde le Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde i gcur i gcrích a cúraimí uile mar a leagtar amach in Airteagal 7, lena n‑áirítear a straitéis eolaíoch a fhorbairt, faireachán ar na hoibríochtaí agus athbhreithniú agus measúnú ar an méid atá bainte amach ag an gComhairle Eorpach um Thaighde mar aon lena gníomhaíochtaí for-rochtana agus cumarsáide. Chomh maith leis sin, soláthróidh struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde rochtain ar na doiciméid agus ar na sonraí is gá atá ina seilbh agus coinneoidh sé Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde ar an eolas faoina gníomhaíochtaí.

Chun idirchaidreamh éifeachtach a áirithiú le struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde faoi ábhair straitéiseacha agus oibríochtúla, tionólfaidh bainisteoirí Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus Stiúrthóir struchtúir chur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde cruinnithe maidir le comhordú ar bhonn rialta.

2.Áiritheoidh an Coimisiún go leanfaidh struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde cuspóirí agus ceanglais na Comhairle Eorpaí um Thaighde amháin go docht agus go héifeachtúil agus lena oiread solúbthachta agus is gá. Chun a chuid freagrachtaí a fheidhmiú mar a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7 agus san Airteagal sin agus i gcomhthéacs a chuid freagrachtaí féin as an mbuiséad a fheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)leanúnachas agus athnuachan Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt don Choiste Aitheantais chun comhaltaí Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde a bheidh ann amach anseo a shainaithint;

(b)leanúnachas struchtúir cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus cúraimí agus freagrachtaí a tharmligfear chuige a áirithiú, agus tuairimí ó Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde á gcur san áireamh;

(c)a áirithiú go gcomhlíonfaidh struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde raon iomlán a chuid cúraimí agus freagrachtaí;

(d)stiúrthóir agus comhaltaí bainistíochta a bheidh ag struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde a cheapadh, agus tuairimí ó Chomhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde á gcur san áireamh;

(e)a áirithiú go nglacfar clár oibre na Comhairle Eorpaí um Thaighde in am trátha, na seasaimh maidir leis an modheolaíocht chur chun feidhme agus na rialacha cur chun feidhme is gá, lena náirítear rialacha na Comhairle Eorpaí um Thaighde maidir le tíolacadh agus samhail-chomhaontú deontais na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus na tuairimí atá ag Comhairle Eolaíochta na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus beartais chorparáideacha an Choimisiúin a chuirtear chun feidhme tríd an gClár Sonrach á gcur san áireamh;

(f)faireachán a dhéanamh ar struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht, ós rud é go bhfuil sé freagrach as cur chun feidhme foriomlán an Chláir.

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie 

1.Díreofar le Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) ar thaighde faoi thionchar imscrúdaitheoirí atá bunaithe go heisiach ar bharrfheabhas eolaíochta chun tacú le gairm, forbairt scileanna agus soghluaisteacht taighdeoirí ag gach céim den ghairm.

2.Beidh GMSC oscailte d’aon réimse eolaíoch a chumhdaítear faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. Má thagann riachtanais shonracha chun cinn, féadfaidh GMSC díriú ar ghníomhaíochtaí áirithe i dtosaíochtaí téamacha sonracha, cineálacha institiúidí taighde agus nuálaíochta, nó suíomhanna geografacha chun freagairt do cheanglais agus riachtanais athraitheacha an Aontais maidir le scileanna, oiliúint taighde, forbairt gairme agus comhroinnt eolais, d’fhonn uathriail straitéiseach an Aontais a shaothrú.

3.Le cur chun feidhme GMSC, déanfar an méid seo a leanas:

(a)dálaí agus deiseanna tarraingteacha a chur ar fáil le haghaidh dul chun cinn gairme, rud a chuideoidh le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sistéamacha a bhaineann le héagobhsaíocht ghairme agus éiginnteacht san earnáil taighde. Tacóidh GMSC go gníomhach leis na prionsabail a leagtar amach sa Chairt Eorpach do Thaighdeoirí lena gcuirtear chun cinn earcaíocht chothrom, nósanna imeachta trédhearcacha agus dul chun cinn bunaithe ar fhiúntas 7 ;

(b)sineirgí straitéiseacha a áirithiú leis an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) ach freisin le hionstraimí de chuid an Aontais lena gcothaítear nuálaíocht, amhail an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) agus na gníomhaíochtaí chun comhtháthú thriantán an eolais – ardoideachas, taighde agus nuálaíocht, agus gnó – a chothú ar fud an Aontais chomh maith le cláir eile de chuid an Aontais amhail Erasmus+;

(c)cothromaíocht oibre is saoil, éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn, lena leagtar síos ardchaighdeáin le haghaidh dálaí oibre ar fud an Limistéir Eorpaigh Taighde.

Airteagal 10

An tAirmheán Comhpháirteach Taighde 

1.Beidh gníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) comhlántach le gníomhaíochtaí indíreacha lena dtacaítear le cuspóirí beartais níos fadtéarmaí. Chun an méid sin a bhaint amach, oibríonn JRC le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena náirítear trí chomhaontuithe comhair eolaíochta.

Maidir le gníomhaíochtaí JRC:

beidh siad solúbtha agus freagrúil do riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn.

áiritheofar leo sineirge le hinfheistíochtaí eile de chuid an Aontais.

díreoidh siad ar na réimsí seo a leanas:

I.tacaíocht eolaíoch agus theicniúil do thosaíochtaí beartais an Aontais, go háirithe na tosaíochtaí sin a shainítear faoi chuimsiú an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas agus na tosaíochtaí sin a shainítear le haghaidh chodanna I, II, III agus IV den chlár Fís Eorpach (ach gan bheith teoranta dóibh);

II.comhtháthú eolais agus tionchar beartais;

III.forbairt chríochach agus tacaíocht ó na Ballstáit;

IV.barrfheabhas eolaíochta agus comhar idirnáisiúnta;

V.eolaíocht oscailte, comhroinnt eolais agus fothú acmhainneachta.

Caibidil III

Iomaíochas agus an tSochaí

Airteagal 11
Taighde comhoibríoch

Cumhdóidh gníomhaíochtaí taighde comhoibríocha dá dtagraítear i gCaibidil I de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach], go háirithe, na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta seo a leanas:

(a)faoi ‘Iomaíochas’, gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta na ngnéithe beartais a dtugtar tuairisc orthu i gCaibidlí IV go VII den Chiste Eorpach um Iomaíochas:

(b)faoi ‘Sochaí’, gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, amhail:

(i) gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tosaíochtaí a bhaint amach maidir le dúshláin shochaíocha dhomhanda:

luachanna agus bunchlocha daonlathacha, rannpháirtíocht shibhialta, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a neartú, trí shochaithe athléimneacha iolraíocha a chothú, chomh maith le sláine spás na faisnéise agus na meán, agus trí chur in aghaidh an pholaraithe, na bréagaisnéise, na fuathchainte, an idirdhealaithe agus na seineafóibe, i ndomhan ina bhfuil athruithe geopholaitiúla ag tarlú go tapa;

cuimsiú sóisialta, claochluithe sóisialta agus eacnamaíocha, sochaithe cuimsitheacha agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus dul i ngleic le neamhionannais chun deiseanna a chruthú do chách, agus sainiúlachtaí na gceantar tuaithe á gcur san áireamh, aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach agus ar chothroime idirghlúine, lena náirítear imirce agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe, tacú leis an meabhairshláinte agus le folláine na sochaí, lena náirítear do dhaoine óga;

Eoraip luachbhunaithe atá iomaíoch a chothú trí scileanna atá réidh le haghaidh na todhchaí a chur chun cinn, agus nuálaíocht chuimsitheach a chur chun cinn lena gcumhachtaítear daoine, lena néascaítear glacadh sochaíoch teicneolaíochtaí agus lena dtacaítear le fás inbhuanaithe a théann chun tairbhe do chách.

(ii) Misin Eorpacha: gníomhaíochtaí a thacaíonn le Misin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 15(5) de Rialachán XXX [tagairt don Rialachán maidir le Fís Eorpach].

8 (iii) le gníomhaíochtaí i gcomhthéacs Shaoráid Bauhaus Eorpach Nua, a bunaíodh le Plean Straitéiseach Fís Eorpach 2025-2027, bainfear amach cuspóirí Bauhaus Eorpach Nua, go háirithe tacú le gníomhaíochtaí chun forbairt agus uas-scálú réiteach nuálach taighde a chothú chun comharsanachtaí a chlaochlú ina náiteanna inbhuanaithe, cuimsitheacha agus áille.

Caibidil IV

Nuálaíocht

Airteagal 12

Bord na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí 

1.Tabharfaidh Bord na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (Bord CNE) comhairle don Choimisiúin faoin méid seo a leanas:

(a)an straitéis fhoriomlán le haghaidh chomhpháirt CNE faoi Chuid III ‘Nuálaíocht’ den chlár Fís Eorpach, agus comhlántachtaí leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas á gcur san áireamh;

(b)an clár oibre chun gníomhaíochtaí CNE a chur chun feidhme, lena náirítear critéir chun measúnú a dhéanamh ar thograí agus an chothromaíocht iomchuí idir na cineálacha éagsúla tacaíochta cistiúcháin;

(c)treochtaí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn ó phunanna CNE, agus punanna straitéiseacha tionscadal, a shainaithint;

(d)próifíl Bhainisteoirí Chláir CNE;

(e)comhordú leis an mBord Comhairleach maidir le Ráthaíochtaí, Ionstraimí Airgeadais agus Oibríochtaí Measctha an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas arna bhunú faoin gCiste Eorpach um Iomaíochas.

2.Féadfaidh Bord CNE moltaí a sheoladh chuig an gCoimisiún, arna iarraidh sin don Choimisiún, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)aon ábhar a d’fhéadfadh, ó thaobh na nuálaíochta de, éiceachórais nuálaíochta ar fud an Aontais a fheabhsú, an méid atá bainte amach ag cuspóirí CNE agus an tionchar a bheidh acu agus an acmhainneacht a bheidh ag gnólachtaí nuálacha a réitigh féin a chur i bhfeidhm;

(b)i gcomhar le seirbhísí ábhartha eile de chuid an Choimisiúin, le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus eintitis ábhartha eile, bacainní rialála a d’fhéadfadh a bheith roimh fhiontraithe a shainaithint, go háirithe iad siúd a mbronntar tacaíocht orthu faoi CNE;

(c)clársceidealú i gcodanna eile den Chlár Sonrach.

3.Gníomhóidh Bord CNE ar mhaithe le cuspóirí CNE a bhaint amach. Gníomhóidh sé le sláine agus ionracas agus cuirfidh sé a chuid oibre i gcrích go héifeachtúil agus go trédhearcach.

4.Beidh Bord CNE comhdhéanta de 15 go 20 duine ardleibhéil neamhspleách a thagann as codanna éagsúla d’éiceachóras nuálaíochta na hEorpa, lena náirítear fiontraithe, ceannairí corparáideacha, infheisteoirí, saineolaithe nuálaíochta agus taighdeoirí nuálacha agus saineolaithe aistrithe teicneolaíochta. Rannchuideoidh Bord CNE le gníomhaíochtaí for-rochtana agus féachfaidh a chomhaltaí le cur le gradam bhranda CNE.

5.Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí Bhord CNE, i ndiaidh glao oscailte ar ainmniúcháin nó ar léirithe spéise, agus an gá atá le cothromaíocht ó thaobh saineolais, inscne, aoise agus dáileadh geografach de a chur san áireamh.

6.Beidh a dtéarma oifige teoranta do 2 bhliain, agus féadfar é a athnuachan faoi dhó.

7.Beidh Uachtarán ag Bord CNE a bheidh ina phearsa phoiblí ardphróifíle a bhfuil baint aige le réimse na nuálaíochta agus tuiscint mhaith aige ar nuálaíochtaí a fhorbairt i réimse an taighde go réimse an mhargaidh agus an uas-scálaithe.

8.Beidh stádas mar chomhairleoir speisialta neamhspleách ag Uachtarán Bhord CNE agus ceapfaidh an Coimisiún é i ndiaidh próiseas earcaíochta trédhearcach. Beidh téarma oifige Uachtarán Bhord CNE teoranta do 2 bhliain ar a mhéad, a bhféadfar síneadh suas le 2 bhliain a chur leis aon uair amháin.

9.Beidh Uachtarán Bhord CNE ina chathaoirleach ar Bhord CNE, ullmhóidh sé a chruinnithe, sannfaidh sé cúraimí do chomhaltaí agus féadfaidh sé foghrúpaí tiomnaithe a bhunú. Déanfaidh Uachtarán Bhord CNE ionadaíocht ar thuairimí Bhord CNE i saol na nuálaíochta agus gníomhóidh sé mar chomhchainteoir leis an gCoimisiún.

10.Bunóidh an Coimisiún cód iompair Bhord CNE lena ndíreofar, go háirithe, ar choinbhleacht leasa agus ar shárú rúndachta a sheachaint. Comhaontóidh comhaltaí Bhord CNE cloí leis an gcód iompair nuair a ghabhfaidh siad le hoifig.

11.Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin ar fáil do Bhord CNE agus d’Uachtarán Bhord CNE.

Airteagal 13

Éiceachórais Nuálaíochta

Tacófar leis an méid seo a leanas leis an gClár Sonrach:

(a)moil nasctha a bhunú ar fud an Aontais agus tacú leo, lena soláthrófar rochtain ar acmhainní, ar sheirbhísí agus ar chomhpháirtithe do nuálaithe, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, lena náirítear deiseanna infheistíochta, na chéad cheannaitheoirí taighde agus nuálaíochta agus réitigh nuálacha, corparáidí, saoráidí turgnamhaíochta, bonneagair thaighde agus theicneolaíochta, tallann fiontraíochta, cóitseáil agus meantóireacht;

(b)gníomhaíochtaí chun éiceachórais nuálaíochta uile-Eorpacha a fhorbairt i bpríomhréimsí téamacha, tacú le forbairt scileanna nuálaíochta agus forbairt fiontar luathchéime, lena gcothaítear comhtháthú thriantán an eolais – ardoideachas, taighde agus nuálaíocht, agus gnó – ar fud an Aontais;

(c)cláir chun tacú le FBManna nuálacha, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú chun margaí idirnáisiúnta a leathnú agus rochtain a fháil orthu trí staidéir inmharthanachta margaidh, uirlisí nuálaíochta áitbhunaithe, taighde agus nuálaíocht chomhoibríoch, malartú tallainne, meantóireacht shaincheaptha, rochtain ar líonraí infheisteoirí domhanda, treoraíocht rialála, tacaíocht mhargaíochta logánta, agus seirbhísí tuirlingthe boige i spriocthíortha;

(d)gníomhaíochtaí eile chun tacú le forbairt éiceachóras nuálaíochta agus nascachta, lena náirítear staidéir, tagarmharcáil, foghlaim fhrithpháirteach idir gníomhaithe nuálaíochta agus comhordú beartas nuálaíochta.

Caibidil V

An Limistéar Eorpach Taighde

Airteagal 14

Córas Taighde agus Nuálaíochta na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú
 

Chun tacú le baint amach an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET), cuideoidh an Clár Sonrach leis na Ballstáit na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip a bhaint amach 9 , trí thacú le gníomhaíochtaí atá ailínithe le cuspóirí LET agus le réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach, agus trí luachanna agus prionsabail LET a chur chun cinn agus a chaomhnú, mar a bhunaítear sa Chomhshocrú.

Airteagal 15

Rannpháirtíocht a mhéadú agus barr feabhais a scaipeadh

Leis an gClár Sonrach, tacófar le héiceachóras taighde agus nuálaíochta atá fíor-chomhtháite agus aontaithe san Aontas, agus tabharfar aghaidh go háirithe ar an tríú agus ar an gceathrú réimse tosaíochta den Chomhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht, rud a mhéadóidh rochtain ar bharrfheabhas sa taighde agus sa nuálaíocht ar fud an Aontais agus a thabharfaidh tús áite d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe. Rachfar i ngleic le héagothromaíochtaí idir tíortha ceannródaíocha agus tíortha nach bhfuil chomh forbartha céanna maidir le feidhmíocht taighde agus nuálaíochta trí ghníomhaíochtaí lena dtógfar bonn láidir eolaíochta agus lena nascfar gníomhaithe agus éiceachórais, agus lena spreagfar athchóirithe beartais struchtúracha ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach a bhfuil sé d’aidhm acu, mar shampla, feabhas a chur ar tharraingteacht gairmeacha taighde, ar idirnáisiúnú, ar éifeachtacht bainistíochta agus rialachais institiúidí taighde agus nuálaíochta nó gníomhaíochtaí a mheaitseáil le tionscnaimh an Aontais.

Airteagal 16

Bonneagair thaighde

1.Tacóidh an Clár Sonrach le bonneagar taighde atá chun leasa an Aontais Eorpaigh a thógáil, a fhorbairt agus a chomhtháthú.

2.Díreofar le gníomhaíochtaí bonneagar taighde ar an méid seo a leanas:

(a)tírdhreach an Aontais maidir le bonneagar taighde a fhorbairt, a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú, lena náirítear comhordú idir an tAontas agus acmhainneachtaí náisiúnta agus rannchuidiú le suas le 20 % de chostais tógála acmhainneachtaí criticiúla nua den chéad scoth;

(b)rochtain thrasnáisiúnta ar bhonneagair thaighde ar fud réimsí agus earnálacha a threisiú, agus oiriúnú do phobail úsáideoirí nua atá ag teacht chun cinn;

(c)bonneagair thaighde a dhéanamh níos athléimní agus níos inbhuanaithe agus cos a choinneáil le dul chun cinn tapa teicneolaíoch;

(d)gréasán sonraí taighde inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha, in-athúsáidte (FAIR) agus meaisín-inghníomhaithe a fhorbairt, lena náirítear tríd an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte a leathnú agus a chomhdhlúthú mar spás sonraí taighde na hEorpa;

(e)an beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus an comhar idirnáisiúnta a threisiú.

Airteagal 17

Bonneagair theicneolaíochta

1.Leis an gClár Sonrach, cuirfear feabhas ar acmhainneachtaí bonneagair teicneolaíochta san Aontas agus éascófar rochtain ar sheirbhísí comhtháite na mbonneagar sin le haghaidh cuideachtaí nuálacha, lena náirítear gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú.

2.Díreofar leis na gníomhaíochtaí ar an nithe seo a leanas:

Acmhainneachtaí bonneagair teicneolaíochta nua a fhorbairt

(a)Feabhas a chur ar infheictheacht agus ar ghlacadh seirbhísí bonneagair teicneolaíochta;

(b)Clár rochtana chun rochtain a thabhairt do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú ar bhonneagair teicneolaíochta ar fud an Aontais;

(c)Oibriú i gcomhar agus líonrú i measc na mbonneagar, oiliúint agus uas-sciliú a bhfoirne.

(d)An beartas Eorpach maidir le bonneagar teicneolaíochta a threisiú.

Caibidil VI

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.Féadfaidh an coiste teacht le chéile sna foirmíochtaí seo a leanas, ag féachaint don ábhar a bheidh le plé:

·Foirmíocht ghinearálta: forbhreathnú ar chur chun feidhme an Chláir Shonraigh;

·an Chomhairle Eorpach um Thaighde;

·gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;

·Dúshláin shochaíocha dhomhanda, Misin Eorpacha, Saoráid Bauhaus Eorpach Nua;

·an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach agus éiceachórais nuálaíochta;

·Bonneagair thaighde agus theicneolaíochta;

·Córas taighde agus nuálaíochta na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú agus rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a scaipeadh.

3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 

5.I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go niarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

6.I gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta freastal ar chruinnithe choiste an Chláir Shonraigh mar bhreathnóirí faoi na coinníollacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta, agus slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát á gcur san áireamh.

Airteagal 19

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh (AE) 764/2021 le héifeacht ón 1 Eanáir 2028.

Airteagal 20

Forálacha idirthréimhseacha

1.Ní dhéanfaidh an Cinneadh seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Chinneadh (AE) 2021/764/AE a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir Shonraigh na costais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach chun an taistriú idir an Clár Sonrach agus na bearta a glacadh faoina chinneadh, Cinneadh (AE) 2021/764, a áirithiú.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    IO C , , lch. .
(3)    IO C , , lch. .
(4)    Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún an 10 Aibreán 1996 maidir le hatheagar a chur ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (IO L 107, 30.4.1996, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1996/282/oj ).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13-18.
(6)    Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena naisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167I, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/764/oj )
(7)    MOLADH ÓN gCOMHAIRLE an 18 Nollaig 2023 maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip (C/2023/1640). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023H01640
(8)    Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024)1741 ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le plean straitéiseach taighde agus nuálaíochta 2025-2027 a ghlacadh faoin gClár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht.
(9)    Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir le Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip, IO L 431, 2.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/2122/oj.
Top