AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.9.2025
COM(2025) 476 final
2025/0268(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin le haghaidh na tréimhse 2028-2034, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2021/101
{SWD(2025) 255 final} - {SWD(2025) 256 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá dhá imoibreoir ardchumhachta de chineál cainéil (imoibreoirí RBMK-1500) i ngléasra cumhachta núicléiche Ignalina, atá suite gar do bhaile Visaginas — an cineál céanna agus a bhí i Searnóbail. Cuirfidh díchoimisiúnú an ghléasra sin le sábháilteacht núicléach a mhéadú sa réigiún agus san Aontas ina iomláine.
Chuige sin, is é cuspóir ginearálta chlár Ignalina (an ‘clár’) cúnamh a thabhairt don Liotuáin na dúshláin sábháilteachta a bhaineann le díchoimisiúnú ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina a bhainistiú. Tá acmhainneacht mhór ag an gclár freisin eolas a chruthú agus tacú le Ballstáit an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, le tríú tíortha, lena ngníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin féin, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a bhaineann le himoibreoirí núicléacha graifít-mhaolaithe.
Cuireadh an clár chun feidhme trí roinnt clárthréimhsí airgeadais ó thús na 2000idí, agus de réir an athbhreithnithe leanúnaigh ar an bplean díchoimisiúnúcháin, ba cheart deireadh a theacht leis na gníomhaíochtaí in 2049. Is gníomhaíocht cheannródaíoch é díchoimisiúnú na n‑imoibreoirí sin lena mbaineann dúshláin theicneolaíocha amhail croíthe graifíte a dhíchóimeáil agus méideanna substaintiúla graifíte ionradaithe a bhainistiú ina dhiaidh sin.
Tá an clár ar tí roinnt príomh-gharspriocanna a bhaint amach, le cabhair ó chistiú faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas: (i) díchóimeáil codanna uachtaracha agus íochtaracha den chroí imoibreora ag Aonad 1 a chríochnú; (ii) tús a chur leis an gconradh chun codanna lárnacha de chroíthe imoibreora a dhíchóimeáil; agus (iii) tús a chur leis an gconradh chun an tsaoráid stórála eatramhach graifíte a dhearadh agus a thógáil. Mar sin féin, beidh gá le méid substaintiúil maoinithe breise chun aghaidh a thabhairt ar na príomh-shaincheisteanna sábháilteachta raideolaíochta atá fós ann a bhaineann le díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina.
Bunaíodh an clár le linn na caibidlíochta maidir le haontachas na Liotuáine leis an Aontas Eorpach. Tá gealltanas na Liotuáine an dá imoibreoir núicléacha, ar de dhearadh Sóivéadach iad, a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú ina dhiaidh sin faoi dháta a comhaontaíodh go comhchoiteann cumhdaithe i gConradh Aontachais na Liotuáine. Mar ghníomh dlúthpháirtíochta agus cineál fadtéarmach dhíchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina agus an t‑ualach eisceachtúil airgeadais a bhaineann leis á n‑aithint, gheall an tAontas Eorpach, trí Phrótacal Uimh. 4 atá i gceangal le Conradh Aontachais na Liotuáine, cúnamh airgeadais leordhóthanach a sholáthar, bunaithe ar riachtanais iarbhír íocaíochta agus ar chumas ionsúcháin, chun Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú.
Tá gealltanas an Chonartha Aontachais comhlíonta ag an Liotuáin a cuid imoibreoirí a dhúnadh go tráthúil. Ar bhonn fhorálacha Phrótacal Uimh. 4 maidir le Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina i gConradh Aontachais na Liotuáine, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rialacháin a thagann ina dhiaidh sin lena gcumhdaítear tréimhse tar éis 2006, maidir leis an díchoimisiúnú. Chomh maith le tacaíocht airgeadais ón Aontas, bhain clár Ignalina tairbhe, ar a thionscnamh, as tacaíocht ó dheontóirí idirnáisiúnta (Ballstáit an Aontais, an Iorua agus an Eilvéis), a rannchuidigh le Ciste Idirnáisiúnta Tacaíochta um Dhíchoimisiúnú Ignalina atá á bhainistiú ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Rinneadh aidhm an chláir a mhionchoigeartú i gcaitheamh na mblianta chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais ar bhealach níos fearr agus díchoimisiúnú sábháilte na saoráide a áirithiú. Ar dtús agus go dtí 2013, ceapadh an cúnamh ón Aontas chun tacú leis an Liotuáin na himoibreoirí lena mbaineann a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú, agus chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a bhaineann le dúnadh luath an ghléasra cumhachta núicléiche. In 2014, áfach, rinneadh raon feidhme an chláir a chúngú chun gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin amháin a chumhdach, i.e. bearta a bhaineann le sábháilteacht. Le haghaidh na chéad chéime eile, moltar go ndíreofar leis an gclár freisin ar ghníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin lena mbaineann dúshláin sábháilteachta raideolaíochta.
Ní thagann bainistiú breosla spíonta tar éis a stórála eatramhaí sábháilte (a seachadadh leis an gclár) agus diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain faoi raon feidhme an chláir agus tá an Ballstát fós freagrach as sin a dhéanamh de réir na Treorach ábhartha ón gComhairle, Treoir 2011/70/Euratom maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí.
Maidir leis an CAI atá ann faoi láthair, comhlánófar an príomhchuspóir ginearálta leis an aidhm eolas (a ghintear leis an gclár) maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin a scaipeadh ar Bhallstáit uile an Aontais agus, nuair is ábhartha, ar thríú tíortha, agus ar an gcaoi sin cuirfear le breisluach AE an chláir.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Le buiséad an Aontais, ba cheart a áirithiú go mbeidh an tAontas Eorpach slán sábháilte, áit ina mbeidh an leibhéal is airde sábháilteachta núicléiche, agus ina roinnfear an t‑eolas, an taithí agus na scileanna a forbraíodh le linn gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, agus leis sin táirgí eolasbhunaithe sainráite maidir le saincheisteanna díchoimisiúnúcháin agus rialachais bainistithe dramhaíola, dea-chleachtais bhainistíochta, agus dúshláin theicneolaíocha a sholáthar do Bhallstáit uile an Aontais agus, nuair is ábhartha, do thríú tíortha a bhainistíonn cláir dhíchoimisiúnúcháin. Rannchuidigh clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach Ignalina leis na cuspóirí sin go léir agus leanfaidh sé de sin a dhéanamh. Is é an príomhní a baineadh amach le clár Ignalina an laghdú de réir a chéile ar leibhéal na guaise raideolaíche d’oibrithe, don phobal agus don chomhshaol sa Liotuáin, agus san Aontas ina iomláine freisin.
Luíonn an clár le creat rialála an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach. Baineann an méid seo a leanas go háirithe leis an gclár: (i) Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí; (ii) Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle agus an Treoir lena leasaítear í, mar atá Treoir 2014/87/Euratom ón gComhairle lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha; agus (iii) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin. Áiritheofar comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus sineirgí an chláir le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe leis an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach agus Díchoimisiúnú [XXX].
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Bunaítear bunús dlí an chláir i bPrótacal Uimh. 4 2003 atá i gceangal leis an gConradh Aontachais ina luaitear go soláthróidh an tAontas, i ndlúthpháirtíocht leis an Liotuáin, cúnamh Comhphobail breise leordhóthanach don iarracht díchoimisiúnúcháin tar éis 2006.
Dheimhnigh seirbhís dlí Chomhairle an Aontais Eorpaigh an bunús dlí sin agus Rialachán 1369/2013 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2021/101 ón gComhairle á nglacadh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Eascraíonn clár Ignalina as Conradh Aontachais na Liotuáine agus is gealltanas é ón Aontas Eorpach don Liotuáin. Tagann an clár faoi raon feidhme Chlár Náisiúnta na Liotuáine faoi Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle.
Ón tús, sainíodh breisluach AE an chláir ó thaobh sábháilteacht núicléach agus maolú airgeadais de. Is dócha go gcuirfeadh easpa cómhaoinithe ón Aontas moill ar an bpróiseas díchoimisiúnúcháin, agus is é an toradh a bheadh air sin go mbainfí an tosaíocht den chlár agus seachas sin go dtabharfaí tosaíocht do chláir náisiúnta eile agus go gcaillfí giaráil an Aontais ar na cuspóirí sábháilteachta, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shábháilteacht oibrithe, do shábháilteacht an phobail i gcoitinne, agus don chomhshaol. Tá luach fós ag an gclár ag an gcéim reatha forbartha i ndáil leis sin, i bhfianaise na ndúshlán sábháilteachta raideolaíochta atá fós ann. Mar sin féin, tagann laghdú nádúrtha ar a rannchuidiú de réir mar a théann an díchoimisiúnú ar aghaidh.
Is féidir leis an gclár breisluach AE a sholáthar freisin trí chur leis an bhfócas ar chomhroinnt eolais agus trí chuidiú leis na Ballstáit, agus b’fhéidir le tríú tíortha, a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu maidir lena bpleananna díchoimisiúnúcháin. Go deimhin, mar gheall ar rannchuidiú an chláir le díchóimeáil imoibreoirí Ignalina a áirithiú, ginfear taithí agus fios gnó an-ábhartha a d’fhéadfadh a bheith chun tairbhe do thionscadail díchoimisiúnúcháin eile agus a d’fhéadfadh cur le leibhéil sábháilteachta laistigh den Aontas agus lasmuigh de.
•Comhréireacht
Faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2028-2034), díreoidh an clár ar na dúshláin sábháilteachta raideolaíochta a bhaineann le díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina inar féidir an breisluach AE is mó a bhaint amach (i.e. laghdú de réir a chéile ar leibhéal na guaise raideolaíche d’oibrithe, don phobal, agus don chomhshaol sa Liotuáin ach san Aontas ina iomláine freisin).
•An rogha ionstraime
De réir na meastóireachta ex ante, b’fhearr cuspóir an togra a bhaint amach trí bhíthin Rialacháin, i bhfoirm na hionstraime reachtaí atá ann cheana. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint den chlár a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach trí bhíthin na n‑eintiteas iontaoibhe a ndearnadh measúnú colúin orthu.
Ina theannta sin, de réir na meastóireachta eatramhaí ar an gclár, áirithítear leis an leagan amach reatha (i.e. gur clár caiteachais tiomnaithe é clár Ignalina) go gcuirtear an clár chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus na tosca ratha ina sainiú soiléir ar róil agus ar fhreagrachtaí, agus creat faireacháin neartaithe.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
De réir na meastóireachta eatramhaí, tá an clár atá ann faoi láthair comhleanúnach leis na beartais sin de chuid an Aontais atá dírithe ar an leibhéal is airde sábháilteachta núicléiche a áirithiú. Le tacaíocht ón Aontas áirithítear go saothraítear an straitéis díchóimeála láithreach sa Liotuáin go seasta agus coisctear léi formhór an ualaigh a chur ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht. An tráth céanna, ar chúiseanna stairiúla, maolaíonn sí i bpáirt ar an riail nach mór don Bhallstát lena mbaineann an fhreagracht deiridh a ghlacadh as acmhainní leordhóthanacha airgeadais a sholáthar le haghaidh díchoimisiúnú núicléach agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí.
Tá dul chun cinn éifeachtach agus éifeachtúil déanta ag an Liotuáin maidir le díchoimisiúnú a himoibreoirí i gcomhréir leis an mbonnlíne a comhaontaíodh in 2020 (i.e. an plean díchoimisiúnúcháin). Mar sin féin, tá roinnt moilleanna ar an gclár mar gheall ar dhúshláin agus céimeanna ar gcúl a eascraíonn as a chastacht. Mar sin féin, tá sé cruthaithe go bhfuil an córas bainistíochta in ann dul i ngleic leis na dúshláin sin.
Fuarthas amach sa mheastóireacht freisin go dtiocfaidh feabhas mór ar leibhéil sábháilteachta ar an suíomh a bhuí le cistiú ón Aontas faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair. Sa Liotuáin, áirítear ar na príomhfhorbairtí ar an láthair dul chun cinn seasta maidir leis na nithe seo a leanas: (i) dramhaíl iarmharach agus dramhaíl ón díchoimisiúnú a chóireáil; (ii) díchóimeáil córas agus comhpháirteanna i gcuid uachtarach agus íochtarach chroí an imoibreora (ar a dtugtar criosanna R1 agus R2, faoi seach), chomh maith le feadáin sna cainéil ghraifíte; agus (iii) ullmhúcháin chun an ghraifít ionradaithe a dhíchóimeáil ó chroí na n‑imoibreoirí, ar tionscadal ceannródaíoch é ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.
Thángthas ar na conclúidí seo a leanas sa mheastóireacht freisin: (i) go bhfuil gá le bearta spriocdhírithe chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an bplean foirne ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina, agus gur cheart díriú go sonrach ar lucht saothair oilte i réimsí criticiúla amhail soláthairtí; (ii) go gcuideofar, trí leibhéal ranníocaíochta náisiúnta a shocrú, le cur le cuntasacht an tairbhí agus leis na cinntí coigilte costais a dhéanfaidh an tairbhí (iii) nach leor leibhéal ranníocaíochta náisiúnta sonrach chun díchoimisiúnú tráthúil éifeachtúil an ghléasra cumhachta núicléiche a dhreasú, cé go bhfuil gá leis.
I bhfianaise na gconclúidí sin, leis an mbunús dlí atá beartaithe don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2028-2034) coinneofar an ráta cómhaoinithe a leagtar síos sa bhunús dlí atá ann faoi láthair agus tabharfar isteach cuspóir leis chun eagrú agus soláthar foirne Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a bharrfheabhsú.
De réir na meastóireachta eatramhaí, áirithíodh leis an struchtúr rialachais cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an chláir. Ba iad na príomhthosca ratha sainmhíniú soiléir ar róil agus ar fhreagrachtaí, agus creat faireacháin neartaithe. Sainaithníodh san anailís freisin na réimsí seo a leanas a bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu:
(i)rannpháirtíocht níos doimhne an Bhallstáit le haghaidh úinéireacht mhéadaithe mar aon le cuntasacht níos láidre an oibreora díchoimisiúnúcháin (an tairbhí deiridh);
(ii)nósanna imeachta a chuíchóiriú chun tráthúlacht agus éifeachtacht an timthrialla bainistithe a fheabhsú;
(iii)ailíniú níos fearr le feidhmíocht clár díchoimisiúnúcháin eile.
Ó cuireadh tús leis an gclár, cuireadh cúnamh airgeadais ón Aontas chun feidhme trí bhainistíocht indíreach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint de chur chun feidhme bhuiséad an chláir a chur de chúram ar na heintitis iontaoibhe reatha a ndearnadh measúnú colúin orthu.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Roimh na tograí le haghaidh chláir an Aontais faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034, bhí seacht gcomhairliúchán phoiblí ann, lena n‑áirítear comhairliúcháin phoiblí maidir le cistiú ón Aontas le haghaidh an mhargaidh aonair, agus comhar idir na húdaráis náisiúnta, cistiú ón Aontas le haghaidh iomaíochais, agus cistiú ón Aontas a chur chun feidhme leis na Ballstáit agus leis na réigiúin. Díríodh leis na comhairliúcháin ar raon leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an pobal i gcoitinne, gnólachtaí, FBManna, údaráis phoiblí, faighteoirí chistiú an Aontais, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, an saol acadúil agus páirtithe leasmhara idirnáisiúnta.
D’aontaigh rannpháirtithe an chomhairliúcháin faoin ngá atá le hinfheistíochtaí cuíchóirithe san iomaíochas agus i dtosaíochtaí eile de chuid an Aontais arna gcomhlánú le hinfheistíochtaí i dtionscadail shonracha i réigiúin an Aontais ar féidir leo tacú le creatdálaí, lena n‑áirítear le haghaidh fás inbhuanaithe. Mar shampla, chuir páirtithe leasmhara áirithe i dtábhacht an gá atá le tacaíocht chun cuidiú le réigiúin leis an aistriú glan, agus chuir páirtithe leasmhara eile i dtábhacht an gá atá le borradh a chur faoi infheistíochtaí i limistéir iargúlta dhídhaonraithe faoi mhíbhuntáiste, nó i limistéir a ndéanann an t‑athrú struchtúrach difear dóibh.
•Bailiú agus úsáid saineolais
I measc na ndoiciméad a úsáidtear mar ionchur chun an clár a ullmhú faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile tá tuarascálacha ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme chláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach an Aontais sa Bhulgáir, sa tSlóvaic agus sa Liotuáin agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus maidir le clár ACT um dhíchoimisiúnú agus um bainistiú dramhaíola.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir le Rialachán Airgeadais an Aontais 2024/2509 agus le treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh ar chláir lena soláthraítear leanúnachas ó thaobh ábhair agus struchtúir de, nó a bhfuil buiséad réasúnta beag acu. I gcás na gclár sin, is leor meastóireacht ex ante i bhfoirm doiciméad inmheánach oibre. Chuige sin, comhlíonann an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra seo ceanglais an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr agus soláthraítear ann an anailís is gá chun an togra a ullmhú.
Is mór an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo sa Liotuáin. Tá sé tábhachtach go leanfar de thosaíocht a thabhairt don chlár le haghaidh tuilleadh tacaíochta ón Aontas sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2028-2034) toisc go bhfuil sé d’acmhainn aige breisluach suntasach AE a sholáthar i dtéarmaí sábháilteachta agus gnóthachan eolais araon. Trí chlár Ignalina a choinneáil mar chlár caiteachais tiomnaithe, freagraítear ar bhealach níos éifeachtaí do riachtanais na nithe seo a leanas:
–Giaráil an Aontais ar na cuspóirí sábháilteachta;
–an gnóthachan eolais a uasmhéadú chun imoibreoirí núicléacha a dhíchoimisiúnú ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Cuirtear an clár chun feidhme faoi láthair trí bhainistíocht indíreach, agus úsáid á baint as comhlachtaí cur chun feidhme a bhfuil measúnú colúin déanta orthu. De réir na meastóireachta eatramhaí ar an gclár, tá sé cruthaithe go n‑áirithítear leis an leagan amach reatha go gcuirtear an clár chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil agus, dá bhrí sin, leanfar leis faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, agus roinnt simplithe déanta air bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcur chun feidhme go dtí seo.
Leanfaidh an clár d’úsáid a bhaint as an gclársceidealú ilbhliantúil dá bhforáiltear faoin Rialachán Airgeadais. Úsáidfear an plean díchoimisiúnúcháin mionsonraithe ilbhliantúil mar bhonnlíne le haghaidh clársceidealú agus le haghaidh faireacháin, rud a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht agus ar thráthúlacht an timthrialla clársceidealaithe. Féadfar an plean sin a athbhreithniú go tréimhsiúil mar atá ag teastáil faoi reachtaíocht na Liotuáine agus ag brath ar an dul chun cinn atá déanta. Thairis sin, déanfar an tuairisciú bliantúil a shimpliú, i gcomhréir leis an gcomhchreat feidhmíochta le haghaidh an bhuiséid tar éis 2027.
Bainfear leas freisin as sineirgí agus comhlántachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir cláir faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil nuair is féidir.
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an gclár seo ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
EUR 678 000 000 i bpraghsanna reatha atá sa leithdháileadh buiséid atá beartaithe le haghaidh 2028-2034. Tá sé bunaithe ar na heisíocaíochtaí bliantúla a bhfuil coinne leo dá bhforáiltear sa phlean díchoimisiúnúcháin, agus na tairseacha atá beartaithe le haghaidh cómhaoiniú ón Aontas á gcur san áireamh. Ós rud é go leagtar amach sa bhonnlíne cuar dul chun cinn atá nach mór líneach, tá pleananna gealltanais bliantúla leanúnacha agus pleananna íocaíochta beartaithe, mar a chuirtear i láthair sa Ráiteas Airgeadais Reachtach Digiteach.
Tá gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú faoin gclár airgeadais atá beartaithe bunaithe ar an bplean díchoimisiúnúcháin mionsonraithe a bunaíodh faoi Rialachán 1369/2013 ón gComhairle. Leagtar amach sa phlean sin raon feidhme an chláir agus staid deiridh agus dáta deiridh an díchoimisiúnaithe. Cumhdaítear ann na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, an sceideal gaolmhar a ghabhann leo, na costais agus na hacmhainní daonna is gá. Tugadh an plean cothrom le dáta in 2020, agus tá athbhreithniú nua beartaithe le haghaidh 2027 i gcomhréir le reachtaíocht na Liotuáine.
Níl athrú tagtha ón gclár a bhí ann roimhe ar na hacmhainní daonna agus riaracháin is gá chun an clár a bhainistiú.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán ar an tionscnamh seo tríd an gcomhchreat feidhmíochta le haghaidh an bhuiséid tar éis 2027. De réir an chreata sin, ba cheart tuarascáil cur chun feidhme a chur isteach le linn chéim chur chun feidhme an chláir. Ina theannta sin, tá meastóireacht shiarghabhálach le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Ba cheart an mheastóireacht sin a dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr agus ba cheart í a bheith bunaithe ar tháscairí atá ábhartha do chuspóirí an chláir.
In 2014 mhodhnaigh an Coimisiún rialachas an chláir le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 chun róil agus freagrachtaí níos soiléire a leagan amach, agus chun ceanglais phleanála, faireacháin agus tuairiscithe níos cuimsithí a thabhairt isteach le haghaidh na dtairbhithe. I gcomhréir leis an gcur chuige rialachais athbhreithnithe sin, cheap an Liotuáin Comhordaitheoir Cláir (leas-aire nó státrúnaí) le bheith freagrach as clársceidealú, comhordú agus faireachán an chláir díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal náisiúnta. Tá coiste a bhfuil feidhmeanna faireacháin agus tuairiscithe aige curtha ar bun freisin, agus ionadaí ón gCoimisiún agus Comhordaitheoir an Chláir ina gcomhchathaoirligh air.
Thairis sin, bunaíodh coiste sonrach chun díchóimeáil na gcroíthe imoibreora a rialú (tionscadal R3D), i bhfianaise ábharthacht na gníomhaíochta ó thaobh costais agus sceidil de araon. I bhfianaise fhad suntasach an phróisis díchoimisiúnúcháin, glacfar cláir oibre ilbhliantúla agus cinntí maoiniúcháin, mar a bheartaítear sa Rialachán Airgeadais.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint de chur chun feidhme bhuiséad na gclár a chur de chúram ar na heintitis iontaoibhe (bainistíocht indíreach) a bhfuil measúnú colúin déanta orthu i.e. ar ghníomhaireacht náisiúnta na Liotuáine, ar an Lár-Ghníomhaireacht um Bainistiú Tionscadal (CPMA), agus ar an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF). Ina theannta sin, leanfaidh ranna ábhartha an Choimisiúin d’obair leantach ghéar a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadal trí athbhreithnithe deisce agus ar an láthair a dhéantar gach 6 mhí, agus chun an timthriall tráthrialta clársceidealaithe, faireacháin agus rialaithe a fhorlíonadh le fíoruithe téamacha bunaithe ar athbhreithniú riosca.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar amach in Airteagal 3 den bhunghníomh atá beartaithe cuspóirí an chláir le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034. Léirítear leo sin an dá phríomhghné de bhreisluach AE an chláir, mar atá sábháilteacht núicléach fheabhsaithe agus eolas méadaithe le haghaidh Bhallstáit an Aontais maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin núicléach.
I dteannta a chéile, leagtar amach in Airteagail 3, 8 agus 9 agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra creat chun a áirithiú go ndíreofar an cistiú ábhartha ón Aontas ar ghníomhaíochtaí lena mbainfear amach cuspóir an chláir i ndáiríre. Soiléirítear leis na hAirteagail sin agus leis an Iarscríbhinn leibhéal na hiarrachta comhroinnte idir an tAontas agus an Liotuáin maidir le díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina.
Léiríonn an fhoráil maidir le cómhaoiniú agus meastacháin chostais an phlean díchoimisiúnúcháin mhionsonraithe tiomantas an Aontais don Liotuáin mar a leagtar amach sa Chonradh Aontachais.
Déantar foráil in Airteagal 10 maidir le cláir oibre ilbhliantúla a úsáid chun fad na gclár díchoimisiúnúcháin a chur san áireamh. Leagtar amach ann an próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an chláir oibre ilbhliantúil agus soláthraítear uirlisí leordhóthanacha don Choimisiún chun bearta ceartaitheacha a thabhairt isteach más gá.
Tugtar tuairisc mhionsonraithe san Iarscríbhinn ar chuspóirí sonracha an chláir, mar atá, cistiú ón Aontas a choinneáil ar bun le haghaidh feidhmeanna fíor-riachtanacha, amhail sábháilteacht, agus scéimeanna cómhaoiniúcháin á n‑úsáid chun leasanna na bpáirtithe leasmhara áitiúla a ailíniú le leasanna an Aontais.
2025/0268 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin le haghaidh na tréimhse 2028-2034, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 2021/101
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe Airteagal 3(2) de Phrótacal Uimh. 4 atá i gceangal léi,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le Prótacal Uimh. 4 maidir le Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina atá i gceangal le hIonstraim Aontachais 2003, gheall an Liotuáin go ndéanfadh sí Aonad 1 agus Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhúnadh faoin 31 Nollaig 2004 agus faoin 31 Nollaig 2009 faoi seach, agus go ndéanfadh sí na haonaid sin a dhíchoimisiúnú ina dhiaidh sin.
(2)I gcomhréir lena hoibleagáidí faoin Ionstraim Aontachais agus le cúnamh ón Aontas, dhún an Liotuáin an dá aonad laistigh de na sprioc-amanna sonracha agus rinne sí dul chun cinn mór i dtreo a ndíchoimisiúnaithe. Tá gá le tuilleadh oibre chun leanúint de leibhéal na guaise raideolaíche a laghdú. Ar bhonn na meastachán atá ar fáil, beidh acmhainní airgeadais breise ag teastáil chun na críche sin tar éis 2027.
(3)Tá díchoimisiúnú an ghléasra cumhachta núicléiche a chumhdaítear leis an Rialachán seo le déanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, mar atá Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle, agus maidir le bainistiú dramhaíola, mar atá Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle. De bhun na reachtaíochta sin, is ar an Liotuáin i gcónaí atá an fhreagracht deiridh as sábháilteacht núicléach agus as sábháilteacht breosla spíonta agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí.
(4)Agus é á aithint ann go raibh dúnadh luath agus díchoimisiúnú dá réir sin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina ag a raibh dhá aonad imoibreora de chineál 1 500 MW RBMK a bhí ann ó ré an Aontais Shóivéadaigh de chineál nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus gur ualach eisceachtúil airgeadais a bhí sa dúnadh agus sa díchoimisiúnú sin don Liotuáin nach raibh i gcomhréir le méid agus neart eacnamaíoch na tíre, luadh i bPrótacal Uimh. 4 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 go bhfuil cúnamh ón Aontas faoin gclár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (an ‘Clár’) le leanúint gan bhriseadh agus go gcuirfear síneadh leis i ndiaidh 2006, le haghaidh thréimhse na gcéad Pheirspictíochtaí Airgeadais eile.
(5)Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais táscach le haghaidh an Chláir.
(6)Agus an Clár á chur chun feidhme, ba cheart comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus sineirgí a áirithiú le beartais agus cláir ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach agus Díchoimisiúnú arna bunú le Rialachán [XXX] ón gComhairle.
(7)I dtimpeallacht eacnamaíoch, shóisialta agus gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa, is léir ón taithí a fuarthas le déanaí go bhfuil gá le creat airgeadais ilbhliantúil agus cláir chaiteachais de chuid an Aontais atá níos solúbtha. Chuige sin, agus i gcomhréir le cuspóirí an Chláir, ba cheart aird chuí a thabhairt sa chistiú ar na riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus ar thosaíochtaí an Aontais mar a shainaithnítear iad i ndoiciméid ábhartha arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún, i rúin ó Pharlaimint na hEorpa agus i gconclúidí ón gComhairle, agus intuarthacht leordhóthanach á háirithiú an tráth céanna le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid.
(8)Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gClár. Leagtar síos leis an Rialachán na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, tabhartais neamhairgeadais, soláthar, bainistíocht indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.
(9)I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh, rud a ndéantar foráil maidir leis i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ní mór d’aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú.
(10)Tá an Clár le cur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán Feidhmíochta] lena leagtar síos na rialacha maidir le rianú caiteachais agus creat feidhmíochta an bhuiséid, lena n‑áirítear rialacha chun a áirithiú gur go haonfhoirmeach a dhéanfar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus prionsabal an chomhionannais inscne a chur i bhfeidhm, prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 33(2), pointí (d) agus (f), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 faoi seach, rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht clár agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus le tuairisciú ina taobh, rialacha maidir le tairseach chistiúcháin de chuid an Aontais a bhunú, rialacha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na cláir, agus forálacha cothrománacha eile chomh maith is infheidhme maidir le cláir uile an Aontais, amhail forálacha maidir le faisnéis, le cumarsáid agus le hinfheictheacht.
(11)Ní dhéanann an Rialachán seo dochar do thoradh aon nós imeachta maidir le Státchabhair a d’fhéadfaí a chur ar bun amach anseo i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).
(12)Leis an maoiniú a dhéantar de bhun an Rialacháin seo ba cheart díriú ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear cuspóirí sábháilteachta an díchoimisiúnaithe chun feidhme.
(13)Ba cheart táirgeadh eolais agus comhroinnt taithí a bheith i gceist leis an gClár. Ba cheart an t‑eolas agus an taithí a fhaightear agus na ceachtanna a fhoghlaimítear faoin gClár a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin núicléach agus bainistiú dramhaíola a scaipeadh ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, i gcomhordú agus i sineirgíocht le suiteálacha núicléacha an Choimisiúin ag suíomhanna an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT), ós rud é go dtugann na bearta sin an breisluach Aontais is mó agus go rannchuidíonn siad le sábháilteacht na n‑oibrithe agus an phobail i gcoitinne chomh maith le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart raon feidhme, nós imeachta agus gnéithe eacnamaíocha an chomhair a shonrú sna cláir oibre ilbhliantúla agus d’fhéadfaidís, ina theannta sin, a bheith faoi réir comhaontuithe idir na Ballstáit nó idir na Ballstáit agus an Coimisiún.
(14)Ba cheart do ACT scaipeadh eolais maidir le díchoimisiúnú núicléach a éascú i measc pháirtithe leasmhara éagsúla an Aontais ar bhealach comhordaithe, mar shampla trí anailís mhargaidh, athbhreithnithe agus measúnuithe a dhéanamh ar riachtanais eolais san Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha, treoracha féideartha le haghaidh comhair a shainaithint, mar aon le páirtithe leasmhara agus réimsí a mbeadh an breisluach is mó ag gabháil leo de bharr an eolais a tháirgtear i gcur chun feidhme an Chláir, lena bhforbrófaí formáidí le haghaidh comhroinnt eolais. Ba cheart do ACT scaipeadh an eolais a tháirgtear a mhaoiniú. Ba cheart é a bheith de chumas ag aon Bhallstát, ar a thionscnamh féin, naisc agus malartuithe a chruthú ar mhaithe le heolas a scaipeadh. I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh tríú tíortha a bheith rannpháirteach sna malartuithe sin, i gcomhréir agus i gcomhlántacht le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Rialachán [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Eoraip Dhomhanda] agus Rialachán [XXX] ón gComhairle [ICSN-D].
(15)Ba cheart Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus leas á bhaint as an saineolas teicniúil is fearr atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar chineál agus ar shonraíochtaí teicneolaíocha na suiteálacha atá le díchoimisiúnú, chun sábháilteacht agus an éifeachtúlacht is fearr is féidir a áirithiú, agus na cleachtais idirnáisiúnta is fearr á gcur san áireamh.
(16)Ba cheart éifeachtúlacht mhéadaithe chur chun feidhme an Chláir a bhaint amach trí laghdú comhréireach a dhéanamh ar an lucht saothair a oibríonn gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin i nGléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina. I bhfianaise na ngníomhaíochtaí díchóimeála atá le déanamh le linn 2028-2034 agus toisc gur roghnaíodh Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina chun díchóimeáil iomlán chriosanna lárnacha an tseafta imoibreora a sheachfhoinsiú, ba cheart aon trian ar a laghad a bheith sa laghdú ar an lucht saothair a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin i gcomparáid le líon na n‑oibrithe coibhéise lánaimseartha ag deireadh 2024.
(17)Ba cheart don Liotuáin agus don Choimisiún faireachán agus rialú éifeachtach ar éabhlóid an phróisis díchoimisiúnúcháin a áirithiú chun an breisluach Aontais is airde den chistiú arna leithdháileadh faoin Rialachán seo a áirithiú, cé gur ar an Liotuáin fós atá an fhreagracht deiridh as an díchoimisiúnú. Áirítear leis an bhfaireachán agus leis an rialú an dul chun cinn a thomhas go héifeachtach, agus bearta ceartaitheacha a achtú i gcás inar gá. Chuige sin, mar chuid de chláir oibre a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/101 ón gComhairle, bunaíodh coiste a bhfuil feidhmeanna faireacháin agus faisnéise aige agus ionadaithe ón gCoimisiún agus ón Liotuáin ina gcomhchathaoirligh air.
(18)Ba cheart é a bheith indéanta méid na leithreasuithe arna leithdháileadh ar an gClár chomh maith leis an gclárthréimhse a athbhreithniú ar bhonn thorthaí na tuarascála cur chun feidhme.
(19)Ba cheart gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú faoin Rialachán seo a shainaithint laistigh de na teorainneacha a leagtar síos leis an bplean díchoimisiúnúcháin arna chur isteach ag an Liotuáin faoi Rialachán (Euratom) 1369/2013, agus leis na hathbhreithnithe air a rinneadh ina dhiaidh sin. Leis an bplean díchoimisiúnúcháin sainítear raon feidhme an chláir, staid deiridh agus dáta deiridh an díchoimisiúnaithe; cumhdaítear ann na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, an sceideal gaolmhar a ghabhann leo, na costais agus na hacmhainní daonna is gá. I gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le forálacha dhlí na Liotuáine nó laistigh de thréimhse ama níos giorra, i gcás aon teagmhas suntasach a bhfuil tionchar aige ar ábhar an phlean sin, ba cheart don Liotuáin plean díchoimisiúnúcháin atá tugtha cothrom le dáta a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhreithniú agus na cláir oibre ilbhliantúla á n‑ullmhú.
(20)Ba cheart gníomhaíochtaí faoin gClár a dhéanamh agus iarracht chomhpháirteach airgeadais á déanamh ag an Aontas agus ag an Liotuáin. Bunaíodh tairseach uasta chómhaoinithe an Aontais i gcomhréir leis an gcleachtas cómhaoinithe arna bhunú faoi na cláir ba réamhtheachtaithe. Agus cleachtas clár inchomparáide de chuid an Aontais agus geilleagar neartaithe na Liotuáine á gcur san áireamh, ó thionscnamh an Chláir go dtí deireadh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo, níor cheart ráta cómhaoinithe an Aontais a bheith níos airde ná 86 % de na costais incháilithe. Ba cheart don Liotuáin agus d’foinsí eile seachas buiséad an Aontais an chuid eile den chómhaoiniú a sholáthar, amhail institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus deontóirí eile.
(21)Tugadh aird chuí ar Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2016 ón gCúirt Iniúchóirí, ar na moltaí atá inti, agus ar an bhfreagra ón gCoimisiún.
(22)Tagann an Clár faoi raon feidhme Chlár Náisiúnta na Liotuáine faoi Threoir 2011/70/Euratom.
(23)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(24)Na modhanna cur chun feidhme agus na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas a leagtar síos sa Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca maidir le neamhchomhlíonadh a mheastar a bheith ann. Leis sin, ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige leis na costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, a bheith san áireamh.
(25)Tagann an Clár in ionad an chláir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/101 ón gComhairle le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo bunaítear clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin (‘an Clár’) agus leagtar síos cuspóirí an Chláir, a bhuiséad le haghaidh na tréimhse 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2034, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘díchoimisiúnú’ bearta riaracháin agus teicniúla lena gceadaítear roinnt de na rialuithe rialála nó iad go léir a bhaint de shaoráid núicléach agus arb é is aidhm dóibh cosaint fhadtéarmach an phobail agus an chomhshaoil a áirithiú, lena n‑áirítear laghdú ar leibhéil radanúiclídí iarmharacha sna hábhair agus ar shuíomh na saoráide;
(2)ciallaíonn ‘plean díchoimisiúnúcháin’ doiciméad ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir leis an díchoimisiúnú atá beartaithe agus lena gcumhdaítear an straitéis díchoimisiúnúcháin a roghnaíodh; sceideal, cineál agus seicheamh na ngníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin; an straitéis bainistithe dramhaíola a chuirtear i bhfeidhm, lena n‑áirítear imréiteach; an staid deiridh atá beartaithe; stóráil agus diúscairt na dramhaíola ó dhíchoimisiúnú; an t‑amchlár le haghaidh díchoimisiúnúcháin; na meastacháin chostais chun díchoimisiúnú a chur i gcrích; agus na cuspóirí, na torthaí a bhfuil coinne leo, na garspriocanna agus na sprioc-amanna, chomh maith leis na príomhtháscairí díchoimisiúnúcháin comhfhreagracha, lena n‑áirítear táscairí bunaithe ar an luach tuillte. Is é sealbhóir ceadúnais na saoráide núicléiche a ullmhaíonn an plean agus cuirtear san áireamh é i gcláir oibre ilbhliantúla an Chláir.
Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir
1.Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:
(a)cabhrú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a chur chun feidhme, agus béim ar leith á leagan ar na dúshláin sábháilteachta raideolaíochta a bhainistiú agus ar éifeachtúlacht chur chun feidhme an chláir a bharrfheabhsú trí laghdú comhréireach a dhéanamh ar an lucht saothair;
(b)eolas a chruthú maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin núicléach agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, táirgí eolasbhunaithe sainráite a sholáthar maidir le saincheisteanna díchoimisiúnúcháin agus rialachais bainistithe dramhaíola, dea-chleachtais bhainistíochta, agus dúshláin theicneolaíocha.
(c)Scaipfear an t‑eolas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar leibhéal an Aontais, agus níos faide ná sin, sna réimsí ábhartha uile, rud lena bhforbrófar sineirgí féideartha de chuid an Aontais, faoin gclár an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach agus Díchoimisiúnú (ICSN-D), mar a leagtar amach in Airteagal [X] de Rialachán (Euratom) [XXX].
2.Comhordóidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde struchtúrú an eolais agus scaipeadh an eolais, dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), ar na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, ar thríú tíortha. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú faoi chlár ICSN-D agus déanfaidh an tAontas iad a chistiú ag ráta 100 % de na costais incháilithe.
3.Beidh sé de chuspóir sonrach ag an gClár innealtóireacht a dhéanamh ar threalamh agus seaftaí imoibreora Ignalina, agus iad a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin, lena n‑áirítear bainistiú na dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin agus leanúint de bhainistiú sábháilte a dhéanamh ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl iarmharach.
4.Leagtar amach san Iarscríbhinn an tuairisc mhionsonraithe ar an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an Iarscríbhinn a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 4
Buiséad
1.Socraítear uasmhéid an imchlúdaigh airgeadais tháscaigh chun an Clár a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2034 ag EUR 678 000 000 i bpraghsanna reatha.
2.Gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad, féadfar iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.
3.Féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2034 chun na costais is gá a chumhdach agus chun go mbeifear in ann gníomhaíochtaí a bhainistiú nach mbeidh curtha i gcrích faoin am a thiocfaidh deireadh leis an gClár.
4.An t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus méideanna na n‑acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 5, féadfar iad a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialúcháin, iniúchóireachta agus meastóireachta, córais agus ardáin teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide agus infheictheachta, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, chomh maith leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin eile uile nó na costais eile uile a bhaineann leis an bhfoireann arna dtabhú ag an gCoimisiún chun an Clár a bhainistiú.
Airteagal 5
Acmhainní breise
1.Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, nó tríú páirtithe eile, ranníocaíochtaí airgeadais nó neamhairgeadais breise a dhéanamh leis an gClár. Is ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a), (d), nó (e), nó Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais breise.
2.Acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte, féadfar iad a chur ar fáil don Chlár, ach na Ballstáit é sin a iarraidh. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach nó go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (a) nó (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Is acmhainní breise le cois an mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo iad na hacmhainní sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach ná faoi bhainistíocht indíreach maidir le méideanna breise arna gcur ar fáil don Chlár ar an dóigh sin, féadfar na méideanna comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach faoi leith amháin nó níos mó nó chuig a gcomharbaí, ach an Ballstát lena mbaineann é sin a iarraidh.
Airteagal 6
Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach
1.Cuirfear an Clár chun feidhme i bpáirt le cláir eile de chuid an Aontais. Gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht ón Aontas faighte aici ó chlár eile, féadfaidh sí ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach, sin nó féadfar sraith aonair rialacha a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí uile agus féadfar gealltanas dlíthiúil aonair a thabhairt i gcrích. Más ar chostais incháilithe a bhunaítear an ranníocaíocht ón Aontas, ní rachaidh an tacaíocht charnach ó bhuiséad an Aontais thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar í a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.
2.Nósanna imeachta dámhachtana a bheidh ann faoin gClár, féadfar iad a stiúradh go comhpháirteach, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach ag na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, nó tríú páirtithe eile (‘comhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach’), ar choinníoll go n‑áiritheofar cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir sraith aonair rialacha agus tabharfar gealltanais dhlíthiúla aonair i gcrích dá dtoradh. Chun na críche sin, na comhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach, féadfaidh siad acmhainní a chur ar fáil don Chlár i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo, nó féadfar a chur de chúram ar na comhpháirtithe an nós imeachta dámhachtana a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. I nósanna imeachta dámhachtana comhpháirteacha, féadfaidh ionadaithe na gcomhpháirtithe sa nós imeachta dámhachtana comhpháirteach a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta freisin dá dtagraítear in Airteagal 153(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.
Airteagal 7
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
1.Cuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach trí bhíthin eintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán sin.
2.Féadfar cistiú ón Aontas faoin gClár a sholáthar in aon fhoirm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, go háirithe duaiseanna, soláthar, agus deontais neamhairgeadais.
Airteagal 8
Incháilitheacht
1.Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú ón Aontas a fháil.
2.Leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, féadfar na critéir incháilitheachta a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú a thuilleadh nó féadfar critéir incháilitheachta bhreise a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí sonracha.
Airteagal 9
Rátaí cómhaoinithe
Ní bheidh uasráta foriomlán cómhaoinithe an Aontais is infheidhme faoin gClár níos airde ná 86 %. Is ón Liotuáin agus ó fhoinsí eile, cé is moite de bhuiséad an Aontais, a thiocfaidh an chuid eile den mhaoiniú.
Airteagal 10
Clár oibre
1.Is le cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a chuirfear an Clár chun feidhme.
2.Cuirfear san áireamh sna cláir oibre an plean díchoimisiúnúcháin is infheidhme atá le feidhmiú mar an bhonnlíne d’fhaireachán agus do mheastóireacht an chláir.
Airteagal 11
An coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
Airteagal 12
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) 2021/101 le héifeacht ón 1 Eanáir 2028.
Airteagal 13
Forálacha idirthréimhseacha
1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2021/101, a mbeidh feidhm aige maidir leo go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
2.Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir an speansas teicniúil agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2021/101 a áirithiú.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH12
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh12
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann12
1.3.Cuspóirí12
1.3.1.Cuspóirí ginearálta12
1.3.2.Cuspóirí sonracha12
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann12
1.3.4.Táscairí feidhmíochta13
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:13
1.5.Foras an togra/tionscnaimh13
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh13
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.13
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart13
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile15
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh15
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige16
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme16
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA17
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe17
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe17
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe17
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú17
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)17
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc18
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH20
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar20
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe20
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí20
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar21
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí23
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin24
3.2.3.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.3.2.Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha24
3.2.3.3.Iomlán na leithreasuithe24
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach24
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar24
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha25
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha26
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe27
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam27
4.Gnéithe digiteacha27
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha27
4.2.Sonraí28
4.3.Réitigh dhigiteacha28
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta28
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach28
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin le haghaidh na tréimhse 2028-2034 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2021/101
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Is é cuspóir ginearálta an chláir cabhrú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a chur chun feidhme, agus béim ar leith á leagan ar na dúshláin sábháilteachta raideolaíochta a bhainistiú agus ar éifeachtúlacht chur chun feidhme an chláir a bharrfheabhsú trí laghdú comhréireach a dhéanamh ar an lucht saothair.
Cruthófar leis an gclár eolas ar an bpróiseas díchoimisiúnúcháin núicléach agus ar bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin. Scaipfear an t‑eolas sin ar leibhéal an Aontais agus, i gcás inar féidir, ar thríú tíortha, i gcomhréir le forálacha chomhpháirt inmheánach na hIonstraime um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach agus Díchoimisiúnú (ICSN-D), mar a shainmhínítear in Airteagal [X] de Rialachán (Euratom) [XXX] ón gComhairle. Comhordóidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde struchtúrú agus scaipeadh an eolais ar na Ballstáit.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Tá sé de chuspóir sonrach ag an gclár trealamh agus seaftaí imoibreora Ignalina a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin, lena n‑áirítear bainistiú na dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, agus leanúint de bhainistiú sábháilte a dhéanamh ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl iarmharach.
Leagtar amach tuairisc mhionsonraithe ar an gcuspóir sonrach san Iarscríbhinn.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh na tionchair ar cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/na grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Sábháilteacht. Bainfear amach leibhéil sábháilteachta atá feabhsaithe go mór ar na láithreáin mar thoradh ar chistiú ón Aontas.
Eolas a fháil. Leis an taithí a fuarthas ó na tionscadail a cuireadh chun feidhme faoi chlár Ignalina sa Liotuáin, soláthraítear bonn láidir eolais san Aontas chun gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a dhéanamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé d’aidhm ag an gclár cómhaoinithe sin de chuid an Aontais a bheith ina thagarmharc láidir le haghaidh saincheisteanna agus cleachtais bhainistíochta a bhaineann le rialachas amhail modheolaíochtaí meastacháin costais nó pleanáil, agus dúshláin theicneolaíocha leanúnacha amhail imoibreoirí a mheasraítear le graifít a dhíchóimeáil agus méideanna móra graifíte ionradaithe a bhainistiú ina dhiaidh sin. Rachadh an saineolas agus an t‑eolas díchoimisiúnúcháin chun tairbhe freisin do thríú tíortha a bhfuil gléasraí cumhachta núicléiche atá ag dul in aois acu.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Comhfhreagróidh na táscairí aschuir agus toraidh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an chláir seo agus ar a bhfuil bainte amach aige do na táscairí coiteanna dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) [XXX] [Rialachán Feidhmíochta].
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Le clár Ignalina tugtar aghaidh ar riachtanais a bhunúis dlí (i.e. Conradh Aontachais na Liotuáine agus, go háirithe, Prótacal Uimh. 4 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 56 di).
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as gníomhaíocht an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Mar choinníoll dá haontachas leis an Aontas, thug an Liotuáin gealltanas imoibreoirí núicléacha de chineál Shearnóbail ag stáisiún cumhachta núicléiche Ignalina a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú ina dhiaidh sin. Mar ghníomh dlúthpháirtíochta leis an Liotuáin, gheall an tAontas Eorpach i gConradh Aontachais na Liotuáine cúnamh airgeadais a sholáthar chun Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú.
Tá na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin ag dul chun cinn le roinnt moilleanna i gcomparáid le Plean Díchoimisiúnúcháin Deiridh 2020. Mar sin féin, is chun leasa an Aontais é leanúint de thacaíocht airgeadais a sholáthar don díchoimisiúnú, rud a rannchuideoidh leis an leibhéal is airde sábháilteachta don oibríocht a áirithiú. Leis an gclár soláthraítear tacaíocht mharthanach nach beag do shláinte na n‑oibrithe agus an phobail i gcoitinne, chun díghrádú comhshaoil a chosc agus chun fíordhul chun cinn sa tsábháilteacht núicléach agus sa tslándáil núicléach a áirithiú.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Rinneadh meastóireacht eatramhach ar an gclár i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr. Rinneadh na torthaí agus na tionchair, éifeachtúlacht úsáid na n‑acmhainní agus a bhreisluach Aontais a mheas agus a mheasúnú sa mheastóireacht eatramhach. Díríodh sa mheastóireacht ar an tréimhse 2021-2024 agus breithníodh, i gcás inarb ábhartha, an creat airgeadais a bhí ann roimhe sin (2014-2020).
Le haghaidh na meastóireachta eatramhaí bhailigh an Coimisiún faisnéis agus sonraí ábhartha trí pháirt fhorleathan a thabhairt do na príomhpháirtithe leasmhara (i.e. Aireachtaí, comhlachtaí cur chun feidhme, oibreoirí díchoimisiúnúcháin).
Ba iad seo a leanas príomhchonclúidí mheastóireacht eatramhach an chláir:
Comhleanúnachas le beartais an Aontais. Tá an clár comhleanúnach leis na beartais sin de chuid an Aontais arb é is aidhm dóibh an leibhéal is airde sábháilteachta núicléiche a áirithiú. Le tacaíocht ón Aontas áirithítear go saothraítear an straitéis díchóimeála láithreach sa Liotuáin go seasta agus coisctear léi ualach míchuí a chur ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht, cé go maolaítear leis an tacaíocht sin, ar chúiseanna stairiúla, i bpáirt ar an bhfreagracht deiridh a bheith ar an mBallstát acmhainní leordhóthanacha airgeadais a áirithiú le haghaidh díchoimisiúnú núicléach agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí.
Dul chun cinn. I gcomhréir leis na hionchais a leagadh síos le haghaidh CAI 2021-2027, tá dul chun cinn éifeachtach agus éifeachtúil déanta ag an Liotuáin maidir le díchoimisiúnú a himoibreoirí i gcomhréir leis an mbonnlíne (plean díchoimisiúnúcháin). mar sin féin, tá roinnt moilleanna ag teacht chun cinn mar gheall ar dhúshláin agus céimeanna ar gcúl mar gheall ar chastacht an chláir.
Sábháilteacht. Léirigh an anailís go mbainfear amach leibhéil sábháilteachta atá feabhsaithe go substaintiúil ag an suíomh mar thoradh ar chistiú ón Aontas sa CAI seo. Baineadh an breosla spíonta uile as foirgneamh an imoibreora agus stóráladh go sábháilte é i saoráid úrscothach. Tá ábhair dramhaíola iarmharaí agus díchoimisiúnúcháin á gcóireáil agus á riochtú lena ndiúscairt, mar ullmhúchán chun an ghraifít ionradaithe a dhíchóimeáil ó chroí na n‑imoibreoirí, ar tionscadal ceannródaíoch é ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.
Raon feidhme airgeadais. Leis an bplean díchoimisiúnúcháin, leagtar amach raon feidhme, sceideal agus buiséad an chláir. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an bplean faoi láthair agus béim ar leith á leagan ar an sceideal, mar thoradh ar dhearadh coincheapúil an tionscadail is criticiúla, i.e. croíthe imoibreoirí a dhíchóimeáil.
Ranníocaíocht náisiúnta. Is cosúil go bhfuil leibhéil na ranníocaíochta náisiúnta a baineadh amach oiriúnach chun éifeachtúlacht chuí a chothú bunaithe ar leibhéal leordhóthanach cuntasachta ar an leibhéal náisiúnta, rud a spreagann an tairbhí le hiompraíocht thíosach a ghlacadh. Mar sin féin, is coinníoll riachtanach é tairseach íosta a shainiú le haghaidh ranníocaíocht náisiúnta ach ní coinníoll leordhóthanach é chun dreasachtaí a shocrú le haghaidh díchoimisiúnú tráthúil agus éifeachtúil Chuige sin, bheadh tionchar níos mó ag aistriú sainráite rioscaí (róchaiteachas, moilleanna) chuig an mBallstát. Tá an cleachtas sin tugtha isteach cheana féin go pointe áirithe faoin CAI atá ann faoi láthair i gcás inar féidir.
Rialachas. Leis an socrú rialachais, áirithíodh cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an chláir agus cúitíodh na héiginnteachtaí a luaitear maidir leis na gnéithe náisiúnta den ranníocaíocht. Ba iad na príomhthosca ratha sainmhínithe soiléire ar róil agus ar fhreagrachtaí chomh maith le creat faireacháin neartaithe. Sainaithníodh san anailís freisin réimsí a bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu amhail na réimsí seo a leanas:
(i)
rannpháirtíocht mhéadaithe an Bhallstáit le haghaidh úinéireacht mhéadaithe mar aon le cuntasacht níos láidre an oibreora díchoimisiúnúcháin (an tairbhí deiridh);
(ii)
nósanna imeachta a chuíchóiriú chun feabhas a chur ar tráthúlacht an timthrialla bainistithe;
(iii)
idir-inchomparáideacht mhéadaithe le feidhmíocht clár eile.
Cuspóirí. Deimhníodh sa mheastóireacht eatramhach go bhfuil cuspóir ginearálta agus príomhchuspóirí sonracha an chláir fós bailí sa CAI atá ann faoi láthair. Mar sin féin, ba cheart cuid de na torthaí a bhfuil coinne leo, de na garspriocanna agus de na sprioc-amanna, chomh maith leis na táscairí feidhmíochta comhfhreagracha, a oiriúnú i gcomhréir leis na nuashonruithe is déanaí ar an bplean díchoimisiúnúcháin ionas go mbeifear in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh le haghaidh na tréimhse 2028-2034.
Eolas a fháil. Ar deireadh, cuireadh i dtábhacht sa mheastóireacht eatramhach go soláthraítear leis an taithí a fuarthas go dtí seo ó na tionscadail a cuireadh chun feidhme faoin gclár bonn láidir eolais san Aontas chun gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a dhéanamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé d’aidhm ag an gclár cómhaoinithe sin de chuid an Aontais a bheith ina thagarmharc láidir le haghaidh saincheisteanna agus cleachtais bhainistíochta a bhaineann le rialachas amhail modheolaíochtaí meastacháin costais nó pleanáil, agus dúshláin theicneolaíocha leanúnacha amhail imoibreoirí a mheasraítear le graifít a dhíchóimeáil agus méideanna móra graifíte ionradaithe a bhainistiú ina dhiaidh sin.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Féadfar ionstraimí eile de chuid an Aontais atá ar fáil a chur in úsáid i réigiún Visaginas, rud lena n‑áiritheofar comhlántachtaí le clár Ignalina. Mar shampla, d’fhéadfadh an Ciste Comhtháthaithe tacú le bearta a ghabhfadh leis an aistriú sóisialta agus eacnamaíoch lena mbaineann, lena n‑áirítear freisin bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta fuinnimh in-athnuaite chomh maith le gníomhaíochtaí áirithe eile nach bhfuil nasctha le próisis sábháilteachta raideolaíochta. Dá réir sin, is féidir leis an gCiste seo gníomhaíochtaí breise a chruthú sa réigiún agus leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil go háitiúil mar phríomhspreagadh le cruthú post, leis an bhfás inbhuanaithe agus leis an nuálaíocht.
Ba cheart sineirgí leis an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach agus Díchoimisiúnú a chur chun cinn, go háirithe maidir le taithí agus comhroinnt eolais.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Sa mheasúnú ar roghanna éagsúla maoinithe an chláir sa chéad CAI eile, rinneadh na trí rogha beartais seo a leanas a mheas:
–
Rogha beartais 1 – Deireadh a chur le clár Ignalina;
–
Rogha beartais 2 – Clár Ignalina a chur chun feidhme trí ionstraimí bainistíochta comhroinnte;
–
Rogha beartais 3 – Clár Ignalina a bheith ina chlár caiteachais tiomnaithe.
Le rogha beartais 1 (deireadh a chur leis an gclár) ní dhéanfaí giaráil ar chuspóirí sábháilteachta an chláir a tharscaoileadh ná ní fhéadfaí an t‑eolas a fhaightear a shaothrú ar mhaithe le Ballstáit eile an Aontais; thairis sin, ó thaobh na polaitíochta de, dhéanfadh an tAontas neamhaird ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta a bhí ina bhonn taca leis an gclár go dtí seo agus bheadh tionchar diúltach aige sin ar dhearcadh mhuintir na Liotuáine maidir leis an Eoraip.
Déantar idirdhealú idir roghanna beartais 2 agus 3 den chuid is mó i dtéarmaí téama (comhtháthú vs. sábháilteacht) agus sásra seachadta (Cistí SIE vs. clár caiteachais tiomnaithe).
Tá an dá réiteach oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shubstaintiúla a bhaineann le húinéireacht mhéadaithe ag an mBallstát is tairbhí agus le dreasachtaí níos láidre chun díchoimisiúnú a shaothrú ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil. Mar sin féin, comhfhreagraíonn rogha beartais 3 ar bhealach níos éifeachtaí do na riachtanais seo a leanas:
–
Giaráil an Aontais ar na cuspóirí sábháilteachta;
–
leas a bhaint as an ngnóthachan eolais chun imoibreoirí núicléacha a dhíchoimisiúnú ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
–
i bhfeidhm ó [01/01]2028 go [31/12] 2034
–
tionchar airgeadais ó 2028 go 2034 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2028 go 2036 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
– tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
Leanfaidh na heintitis iontaoibhe atá ann faoi láthair a ndearnadh measúnú colúin orthu le haghaidh chlár Ignalina (CPMA, BEAF) de bheith ina gcomhlachtaí cur chun feidhme in CAI 2028-2034.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Leanfaidh na rialacha faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh an Chláir seo na ceanglais a leagtar síos i dTogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat rianaithe agus feidhmíochta caiteachais buiséid agus rialacha cothrománacha eile le haghaidh chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais (an ‘Rialachán Feidhmíochta’, COM(2025)545).
Ina theannta sin, déanann an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme oibríochtúil chlár Ignalina trí rialachas nua agus trí cheanglais mhéadaithe pleanála, faireacháin agus tuairiscithe a thabhairt isteach do na tairbhithe. I gcomhréir leis an gcur chuige rialachais athbhreithnithe sin, cheap an Liotuáin Comhordaitheoir Cláir (leas-aire nó státrúnaí) le bheith freagrach as clársceidealú, comhordú agus faireachán an chláir díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal náisiúnta. Tá coiste a bhfuil feidhmeanna faireacháin agus tuairiscithe aige i bhfeidhm, agus ionadaí ón gCoimisiún agus Comhordaitheoir an Chláir ina gcomhchathaoirligh air. Déanann oifigigh an Choimisiúin cuairteanna ar an láthair dhá uair sa bhliain chun dul chun cinn fisiceach a fhíorú.
Bunaíodh coiste sonrach chun díchóimeáil na gcroíthe imoibreora a rialú (tionscadal R3D), i bhfianaise ábharthacht na gníomhaíochta ó thaobh costais agus sceidil de.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Léiríodh leis an meastóireacht eatramhach ar Chlár Ignalina go n‑áirithíonn an leagan amach rialachais reatha cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an chláir. Sainmhínithe soiléire ar róil agus ar fhreagrachtaí, chomh maith leis an gcreat faireacháin neartaithe, sin iad na príomhthosca ratha
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Déantar fardal de na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme an chláir bunaithe ar athbhreithnithe doiciméad, misin faireacháin dhébhliantúla ar an láthair agus úsáid Modha Luacha Tuilte lenar féidir moilleanna agus róchaiteachas a bhrath go luath. Déantar measúnú ar rioscaí ansin de réir nós imeachta lena dtugtar tosaíocht do chur chuige cainníochtúil. Déantar an clár rioscaí agus na gníomhaíochtaí gaolmhara a athbhreithniú agus a thaifeadadh dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déantar obair leantach ar na rioscaí cur chun feidhme tionscadal is tábhachtaí i gcomhthráth le córais bainistíochta riosca na gcomhlachtaí cur chun feidhme agus na dtairbhithe atá ann faoi láthair.
Soláthraítear leis an athbhreithniú riosca an fhaisnéis chun cur chuige rioscabhunaithe faireacháin agus rialaithe a fhorbairt, lena n‑áirítear ceanglais tuairiscithe a thabhairt cothrom le dáta chun díriú ar réimsí riosca, na tosaíochtaí a shainiú maidir le misin faireacháin agus fíoruithe téamacha breise a sheoladh.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar na leibhéil riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Tá dhá ghné ar leith sa chostas rialaithe a bhaineann le clár Ignalina. Ar thaobh amháin costas na rialuithe arna ndéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin agus ar an taobh eile an luach saothair a íocadh leis an eintiteas iontaoibhe as rialuithe arna ndéanamh ar leibhéal an eintitis. Meastar go bhfanfaidh an costas ar leibhéal an Choimisiúin cobhsaí ar an iomlán. Le 3 bliana anuas, measadh go raibh costas measta an rialaithe le haghaidh CPMA agus BEAF i dtaobh oibríochtaí na Liotuáine idir 0,3 % agus 0,6 % de na cistí bainistithe. Meastar go bhfanfaidh an luach saothair a íocfar leis na heintitis iontaoibhe de bheith bunaithe ar an méid rialaithe, de réir na bprionsabal a chinntear le rialacha an chiste (BEAF EUR 1,96 milliún in 2024 nó 5,5 % de luach na dtionscadal) nó leis na comhaontuithe ranníocaíochta (CPMA: EUR 1,08 milliún in 2024 nó 3,5 % de luach na dtionscadal).
Léiríodh le himeacht ama go raibh an clár costéifeachtach, agus d’fhan a struchtúr costais tíosach ar an iomlán (d’fhan costas an rialaithe ar leibhéal an Choimisiúin go maith faoi bhun 1 %).
Meastar gur láidir agus gur éifeachtach an struchtúr rialúcháin, atá ag brath ar thaobh amháin ar an saineolas a d’fhorbair BEAF agus CPMA araon agus ar an bhfaireachán treisithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na rioscaí agus ar na hoibríochtaí. Tá sreafaí láidre faisnéise i bhfeidhm, rud a thacaíonn le dearbhú AS ENER ina leith sin. Rinneadh measúnú colúin ar an dá eintiteas iontaoibhe. Ní raibh aon bharúil iniúchóireachta shuntasach ann le déanaí i ndáil leis an gcaiteachas. Measadh gur 0,5 % tráth na híocaíochta agus thart ar 0,3 % tráth an dúnta a bhí sa riosca earráide le blianta beaga anuas.
Is é is cuspóir don chóras rialaithe na leibhéil riosca earráide a bhfuil coinne leo (tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta) a choinneáil faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 % ar bhonn bliantúil.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Tá a straitéis frithchalaoise féin forbartha agus curtha chun feidhme ag AS ENER ó mhí na Samhna 2013, i gcomhréir leis an treoraíocht a leagtar amach i modheolaíocht OLAF. Tugadh an straitéis cothrom le dáta go deireanach i mí Dheireadh Fómhair 2020, agus sa bhreis air sin tugadh an plean gníomhaíochta a ghabhann léi cothrom le dáta i mí Iúil 2023. Gheall AS ENER a Straitéis Frithchalaoise a thabhairt cothrom le dáta idir gach 2 bhliain agus gach 3 bliana.
Tá an straitéis atá ann faoi láthair bunaithe ar an anailís leochaileachta ar riosca calaoise, chun rioscaí calaoise a bhaineann go sonrach le AS ENER a fháil amach agus chun iad a thuiscint sa chomhthéacs níos leithne. Thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú sin go bhfuil AS ENER faoi réir rioscaí a bhaineann le calaois ar an leibhéal measartha agus íseal.
Na rialuithe atá beartaithe chun dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart a áirithiú, comhlánaítear iad leis na pleananna gníomhaíochta atá i gceangal leis an straitéis.
Áirithítear an méid seo a leanas go háirithe leis an bplean gníomhaíochta sin:
–
Go bhfuil rialacha inmheánacha i bhfeidhm maidir le láimhseáil agus tuairisciú amhrais maidir le calaois;
–
Sannadh soiléir freagrachtaí as gníomhaíochtaí frithchalaoise idir na haonaid agus na feidhmeanna;
–
Go ndéanfar rioscaí calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas laistigh den chleachtadh measúnaithe riosca bliantúil le haghaidh an Phlean Bainistíochta;
–
Freastal tráthrialta ar an Líonra um Chosc agus Brath Calaoise agus ar chruinnithe an Choiste um Chalaois agus Neamhrialtachtaí chomh maith le teagmhálacha le hArd-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí eile;
–
Go n‑oibrítear feidhm an Chomhfhreagraí Frithchalaoise Áitiúil, i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta coiteann le haghaidh réimse an Taighde;
–
Go n‑áirithítear leibhéal iomchuí comhair le OLAF;
–
Go bhfuil rochtain ag an bhfoireann ar sheisiúin múscailte feasachta thréimhsiúla, ar oiliúint agus, nuair is gá, ar thionscnaimh fothaithe acmhainneachta eile;
–
Go ndéantar measúnú iomchuí ar ábhair a bhféadfadh riosca níos airde a bheith ag baint leo.
Déantar faireachán ar chur chun feidhme na straitéise agus tuairiscítear é dhá uair sa bhliain ar a laghad do bhainistíocht AS ENER.
Leis an bpróiseas bainistithe riosca atá i bhfeidhm don chlár, tugtar aird iomchuí ar rioscaí comhlíontachta agus sláine. Tá bealaí láidre faisnéise i bhfeidhm idir an Coimisiún agus na heintitis iontaoibhe chun a áirithiú go ndéanfar saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú.
Tá ról lárnach ag na heintitis iontaoibhe, faoi bhainistíocht indíreach, maidir le calaois agus neamhrialtachtaí a chosc. Leis na measúnuithe colúin leantacha, rinneadh tástáil ar láithreacht rialuithe leordhóthanacha éifeachtacha ina leith sin. Tá beartais láidre ag BEAF chun comhlíontacht agus sláine a áirithiú chomh maith le coinbhleachtaí leasa a chosc. Tá na rialuithe is gá curtha i bhfeidhm ag CPMA agus tá sé faoi réir iniúchtaí tréimhsiúla ó na comhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta. Thairis sin, áirithítear le rialacha an chláir rochtain iomchuí ar an bhfoireann, ar áitribh agus ar fhaisnéis, ní hamháin do chomhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta ach do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus d’údaráis imscrúdaitheacha freisin.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
·In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
2
|
04 01 05 Caiteachas tacaíochta le haghaidh Chlár Ignalina
|
LN.
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
|
2
|
04 06 01 Cúnamh don Liotuáin maidir leis an díchoimisiúnú núicléach
|
LD
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
Líon
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
2
|
Díchoimisiúnú núicléach sa Liotuáin
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: ENER (PRAGHSANNA REATHA EUR MILLIÚN)
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
04 06 01 Cúnamh don Liotuáin maidir leis an díchoimisiúnú núicléach
|
Gealltanais
|
(1a)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
04 01 05 Caiteachas tacaíochta le haghaidh Chlár Ignalina
|
|
(3)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
Gealltanais
|
=1a+3
|
91
|
124
|
87
|
84
|
94
|
94
|
104
|
678
|
|
i gcomhair AS ENER
|
Íocaíochtaí
|
=2a+3
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <2>
|
Gealltanais
|
=4+6
|
91
|
124
|
87
|
84
|
94
|
94
|
104
|
678
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
4
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
|
|
|
|
|
AS: ENER
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
3.948
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.490
|
|
IOMLÁN AS ENER
|
Leithreasuithe
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
4.438
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
4.438
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
|
Gealltanais
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
p.m.
|
=================================================================================================
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (níl sé seo le líonadh isteach i gcás gníomhaireachtaí díláraithe)
Comhfhreagróidh na táscairí aschuir agus toraidh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar a bhfuil bainte amach ag an gclár seo do na táscairí coiteanna dá bhforáiltear faoi Rialachán [XXX] [Rialachán Feidhmíochta].
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2028
|
Bliain
2029
|
Bliain
2030
|
Bliain
2031
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach Roinn 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2028 - 2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
CEANNTEIDEAL 4
|
|
Acmhainní daonna
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
0.564
|
3.948
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.070
|
0.490
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
4.438
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
p.m.
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
p.m.
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
|
|
|
|
|
|
|
p.m.
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
0.634
|
4.438
|
===================================================================
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.
Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
3
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
|
- sa cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
[XX.01.YY.YY]
|
- i dToscaireachtaí an Aontais
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
===================================================================
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
|
Le cumhdach ag an bhfoireann reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin
|
Foireann bhreise eisceachtúil*
|
|
|
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 4 nó Taighde
|
Le maoiniú ó líne BA
|
Le maoiniú ó tháillí
|
|
Poist sa phlean bunaíochta
|
3
|
0
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)
|
0
|
0
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Ní bhaineann le hábhar
|
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Bainistiú Clár
Faireachán agus rialú
Tuairisciú
Rialú airgeadais.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.5.
Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.
Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 7 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.
Is mar ‘Chaiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-6 a chur in iúl. Is é an rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ceannach/forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/na huirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028 ‑ 2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
CEANNTEIDEAL 4
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.175
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.175
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.025
|
0.175
|
3.2.6.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iomlán
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
ar acmhainní dílse
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4.Gnéithe digiteacha
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
|
Meastar nach bhfuil aon ábharthacht dhigiteach ag an togra reatha. Ní dhéanann sé úsáid modhanna digiteacha, gnéithe sonraí ná soláthar seirbhísí poiblí digiteacha a thabhairt isteach ná a mhodhnú ná ní dhéanann sé difear dóibh. Tá raon feidhme an togra teoranta do chlár cúnaimh airgeadais a bhunú chun Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin a dhíchoimisiúnú, lena n‑áirítear forálacha gaolmhara buiséadacha, nós imeachta agus cur chun feidhme. Is forálacha nós imeachta agus forálacha a bhaineann leis an mbuiséad iad sin nach bhfuil aon athrú substainteach a bhaineann le gnéithe digiteacha i gceist leo. Dá bhrí sin, ní thagann an togra faoi chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘digiteach mar réamhshocrú’.
|
4.2.Sonraí
4.3.Réitigh dhigiteacha
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach