AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,3.9.2025
COM(2025) 461 final
2025/0256(APP)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2034 (‘Clár Pericles IV’) chun na Ballstáit neamh-rannpháirteacha a chumhdach
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1COMHTHÉACS AN TOGRA
Foráiltear leis togra seo gurb é an 1 Eanáir 2028 an dáta chur i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d'Aontas ina mbeidh 27 mBallstát.
Is clár malartaithe, cúnaimh agus oiliúna é an clár Pericles chun an euro a chosaint ar ghóchumadh. Is le Cinneadh 2001/923/EC ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 a cuireadh an clár ar bun agus is le Cinneadh 2001/924/EC ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 a leathnaíodh a fheidhm chun na Ballstáit de chuid an Aontais nár ghlac an euro mar airgeadra a chumhdach. Le leasuithe ina dhiaidh sin ar na bunghníomhartha sin le Cinntí 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE, 2006/850/CE, Rialachán (AE) Uimh. 331/2014, Rialachán (AE) 2015/768, ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuireadh síneadh le fad an chláir go dtí an 31 Nollaig 2027.
Ina thogra (), bunaithe ar Airteagal 133 CFAE, tá molta ag an gCoimisiún leanúint de chlár Pericles faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2027.
In Airteagal 139 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déantar foráil nach mbeidh feidhm ag na bearta a rialaíonn úsáid an euro dá dtagraítear in Airteagal 133 den Chonradh sna Ballstáit a bhfuil maolú acu.
Mar sin féin, ba cheart an malartú faisnéise agus foirne agus na bearta cúnaimh agus oiliúna a chuirtear chun feidhme faoi chlár Pericles a bheith aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, na bearta is gá a dhéanamh chun an leibhéal céanna cosanta don euro a áirithiú sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil acu. Is ábhartha agus suntasach atá ról gníomhach na mBallstát neamh-rannpháirteach i gclár Pericles, agus tá ról suntasach ag roinnt Ballstát neamh-rannpháirteach ar nós na Rómáine agus na Bulgáire maidir le saineolaithe a bhailiú ó Oirdheisceart na hEorpa chun cosaint an euro ar ghóchumadh sa réimse sin a threisiú.
Leis an togra seo, ba cheart clár Pericles a leathnú chun Ballstáit an Aontais Eorpaigh nach bhfuil an euro in úsáid acu mar airgeadra aonair go fóill a chumhdach.
2BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
·Bunús dlí
Tagann reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an euro a chosaint ar ghóchumadh faoi réimse Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sonraíonn an fhoráil sin go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú i gcomhréir leis ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, na bearta atá riachtanach chun an euro a úsáid mar an t‑airgeadra aonair a leagan síos. Níl an fhoráil sin infheidhme ach amháin maidir le Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair.
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 352 CFAE, arb é an bunús dlí é chun cur i bhfeidhm chlár Pericles a leathnú chun na Ballstáit a chumhdach nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair.
·Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta. Ós rud é go bhfuil gné shoiléir thrasnáisiúnta ag baint leis an airgeadra aonair Eorpach a chosaint mar earra poiblí, téann cosaint an euro níos faide ná leas agus freagracht Ballstát aonar AE agus Ballstáit den limistéar euro. I bhfianaise chúrsaíocht thrasteorann an euro agus na dlúthbhainte atá ag coiriúlacht eagraithe idirnáisiúnta le góchumadh an euro (táirgeadh agus dáileadh), is gá creataí cosanta náisiúnta a chomhlánú le tionscnamh de chuid AE chun comhar náisiúnta agus idirnáisiúnta aonchineálach a áirithiú, agus chun dul i ngleic le rioscaí féideartha trasnáisiúnta éiritheacha.
·Comhréireacht
An Rialachán atá beartaithe, tá sé riachtanach, fóirsteanach agus oiriúnach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach. Tá molta ann comhar i measc na mBallstát agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit a neartú go héifeachtúil, gan srian a chur ar chumas Ballstát an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá údar le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais toisc gur léir go gcuidíonn sé le Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú.
·An rogha ionstraime
Meastar gurb é Rialachán an ionstraim dlí iomchuí chun an creat maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh a shainiú. Tá sé comhleanúnach le Rialachán (AE) 2021/1696 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (‘clár Pericles IV’) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha
3TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Rinne an Coimisiún meastóireacht ex ante () i gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. .../20xx a ullmhú lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse tar éis 2027 (‘Clár Pericles V’). Is féidir an fhianaise a bhailítear agus a chuirtear i láthair mar chuid den mheastóireacht ex ante sin a aistriú go díreach chuig an togra seo.
Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an euro a chosaint ar ghóchumadh mar chuid den chomhairliúchán poiblí faoi chistí an Aontais i réimse na slándála.
•Cearta bunúsacha
Maidir leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), tá an togra i gcomhréir leo agus urramaítear iad leis, i gcás ina bhfuil cuspóirí an tionscnaimh bheartaithe nasctha le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus leis an gCairt a chur i bhfeidhm. Mar shampla, cuirtear chun cinn leis an togra an tsaoirse fiontraíochta trí úsáid shábháilte airgeadra aonair an Aontais a ráthú mar mhodh íocaíochta.
4IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Déanann an ráiteas reachtach airgeadais atá i gceangal leis an togra seo le haghaidh Rialacháin ón gComhairle na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin atá de dhíth a leagan amach. Cé is moite den bhunús dlí - is ionann an ráiteas airgeadais seo maidir le himpleachtaí buiséadacha agus an ráiteas airgeadais don togra maidir le Rialachán (AE).../20 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh tar éis 2027 (‘Clár Pericles V’).
5EILIMINTÍ EILE
·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní bhaineann le hábhar
·Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní bhaineann le hábhar
2025/0256 (APP)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2034 (‘Clár Pericles IV’) chun na Ballstáit neamh-rannpháirteacha a chumhdach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Foráiltear le Rialachán (AE).../2028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Clár Pericles V’ go bhfuil feidhm aige sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. Foráiltear le hAirteagal 139 den Chonradh nach mbeidh na Ballstáit a bhfuil maolú acu rannpháirteach i mbearta a bhaineann le húsáid an euro arna nglacadh faoi Airteagal 133 de.
(2)Mar sin féin, ba cheart an malartú faisnéise agus foirne agus na bearta cúnaimh agus oiliúna a chuirtear chun feidhme faoi chlár Pericles V a bheith aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta is gá a dhéanamh chun an leibhéal céanna cosanta a áirithiú don euro sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar a n‑airgeadra oifigiúil acu.
(3)Ba cheart cur i bhfeidhm Rialachán (AE) ... a leathnú chun Ballstáit a chumhdach seachas na Ballstáit rannpháirteacha mar a shainítear in Airteagal 1, pointe (a) de Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leathnófar cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. ..../2028 chun Ballstáit a chumhdach seachas na Ballstáit rannpháirteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 974/1998.
Na heintitis ó Bhallstáit seachas na Ballstáit rannpháirteacha, measfar iad a bheith incháilithe do chistiú nuair is údaráis inniúla náisiúnta iad de réir bhrí Airteagal 8(8) de Rialachán (AE) .../....
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán