AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.7.2025
COM(2025) 417 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta; Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach
Iarscríbhinn III
Téacs críochnaitheach an Choinbhinsiúin
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta;
Comhar Idirnáisiúnta a Neartú chun Coireanna Áirithe a Chomhrac arna nDéanamh trí bhíthin Córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide agus chun Fianaise ar Choireanna Tromchúiseacha a Chomhroinnt i bhFoirm Leictreonach
Brollach
Tá na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo,
Ag féachaint do chuspóirí agus do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe,
Ag tabhairt dá n‑aire go bhféadfadh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, cé go bhfuil acmhainneacht ollmhór acu maidir le sochaithe a fhorbairt, deiseanna nua a chruthú do dhéantóirí coire, go bhféadfadh siad cur leis an méadú ar ráta agus ar éagsúlacht na ngníomhaíochtaí coiriúla, agus go bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar Stáit, ar fhiontair agus ar fholláine daoine aonair agus na sochaí ina hiomláine,
Ós ábhar imní dóibh gur féidir le húsáid córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide tionchar mór a imirt ar scála, luas agus raon feidhme cionta coiriúla, lena n‑áirítear cionta a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta, amhail an gháinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach, monarú aindleathach agus an gháinneáil ar airm thine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n‑armlón, an gháinneáil ar dhrugaí agus an gháinneáil ar mhaoin chultúrtha,
Ós deimhin leo gur gá beartas domhanda ceartais choiriúil a shaothrú, mar ábhar tosaíochta, arb é is aidhm dó an tsochaí a chosaint ar an gcibearchoireacht trí, inter alia, reachtaíocht iomchuí a ghlacadh, cionta comhchoiteanna agus cumhachtaí nós imeachta a bhunú agus comhar idirnáisiúnta a chothú chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta,
Agus é de rún daingean acu tearmainn shábháilte a dhiúltú dóibh siúd a bhíonn ag gabháil don chibearchoireacht trí na coireanna sin a ionchúiseamh cibé áit a dtarlaíonn siad,
Agus béim á leagan acu ar an ngá atá le feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhar i measc Stát trí, inter alia, cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil, lena n‑áirítear teicneolaíocht a aistriú ar théarmaí a chomhaontaítear go frithpháirteach, chuig tíortha, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, arna iarraidh sin dóibh, chun feabhas a chur ar reachtaíocht agus ar chreataí náisiúnta agus feabhas a chur ar acmhainneacht na n‑údarás náisiúnta déileáil le cibearchoireacht de gach cineál, lena n‑áirítear í a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus béim á leagan sa chomhthéacs sin ar an ról atá ag na Náisiúin Aontaithe,
Ag aithint dóibh an méadú atá ag teacht ar an líon íospartach cibearchoireachta, a thábhachtaí atá sé ceartas a fháil do na híospartaigh sin agus an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine atá i staideanna leochaileacha i mbearta arna ndéanamh chun na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac,
Agus rún daingean acu aistrithe idirnáisiúnta maoine a fhaightear mar thoradh ar an gcibearchoireacht a chosc, a bhrath agus a chur faoi chois ar bhealach níos éifeachtaí agus comhar idirnáisiúnta a neartú maidir le fáltais ó choireanna arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a aisghabháil agus a thabhairt ar ais,
Agus é á chur san áireamh gur freagracht de chuid na Stát uile í an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac agus nach mór dóibh oibriú i gcomhar le chéile, le tacaíocht agus rannpháirtíocht eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach, má tá a n‑iarrachtaí sa réimse sin le bheith éifeachtach,
Ag aithint dóibh a thábhachtaí atá sé gné na hinscne a phríomhshruthú sna hiarrachtaí ábhartha uile chun na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta,
Agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cuspóirí forfheidhmithe dlí a bhaint amach agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a áirithiú mar a chumhdaítear sna hionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha is infheidhme,
Ag aithint dóibh an ceart chun cosaint a fháil ar chur isteach treallach nó neamhdhleathach ar phríobháideachas an duine, agus a thábhachtaí atá sé sonraí pearsanta a chosaint,
Ag moladh obair Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile chun an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac,
Á mheabhrú dóibh rúin 74/247 ón gComhthionól Ginearálta an 27 Nollaig 2019 agus 75/282 an 26 Bealtaine 2021,
Á gcur san áireamh na coinbhinsiúin agus na conarthaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana maidir le comhar in ábhair choiriúla chomh maith le conarthaí comhchosúla atá ann idir Ballstáit na Náisiún Aontaithe,
Tar éis comhaontú mar a leanas:
Caibidil I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ráiteas cuspóra
Is iad seo a leanas cuspóirí an Choinbhinsiúin seo:
(a)Bearta a chur chun cinn agus a neartú chun an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí;
(b)Comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn, a éascú agus a neartú chun an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac; agus
(c)Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta a chur chun cinn, a éascú agus tacú leo chun an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, go háirithe ar mhaithe le tíortha i mbéal forbartha.
Airteagal 2
Úsáid na dtéarmaí
Chun críocha an Choinbhinsiúin seo:
(a)Ciallóidh ‘córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide’ aon fheiste nó aon ghrúpa feistí idirnasctha nó gaolmhara, a ndéanann ceann amháin nó níos mó díobh, de bhun cláir, sonraí leictreonacha a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil go huathoibríoch;
(b)Ciallóidh ‘sonraí leictreonacha’ aon léiriú ar fhíorais, ar fhaisnéis nó ar choincheapa i bhfoirm atá oiriúnach lena bpróiseáil i gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear clár atá oiriúnach chun a chur faoi deara do chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide feidhm a chomhlíonadh;
(c)Ciallóidh ‘sonraí tráchta’ aon sonraí leictreonacha a bhaineann le cumarsáid trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, arna nginiúint ag córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bhí mar chuid den slabhra cumarsáide, lena léirítear tionscnamh, ceann scríbe, bealach, am, dáta, méid, fad nó cineál seirbhíse foluití na cumarsáide;
(d)Ciallóidh ‘sonraí ábhair’ aon sonraí leictreonacha, seachas faisnéis rannpháirtí nó sonraí tráchta, a bhaineann le bunábhar na sonraí arna n‑aistriú ag córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear íomhánna, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí gutha, taifeadtaí fuaime agus fístaifeadtaí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;
(e)Ciallóidh ‘soláthraí seirbhíse’ aon eintiteas poiblí nó príobháideach:
(i) a chuireann ar a gcumas d'úsáideoirí a seirbhíse cumarsáid a dhéanamh trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide; nó
(ii) a phróiseálann nó a stórálann sonraí leictreonacha thar ceann seirbhís cumarsáide den sórt sin nó thar ceann úsáideoirí seirbhíse den sórt sin;
(f)Ciallóidh ‘faisnéis rannpháirtí’ aon fhaisnéis atá i seilbh soláthraí seirbhíse agus a bhaineann le rannpháirtithe a sheirbhísí seachas sonraí tráchta nó ábhair agus lenar féidir an méid seo a leanas a shuí:
(i)An cineál seirbhíse cumarsáide a úsáidtear, na forálacha teicniúla a bhaineann léi agus an tréimhse seirbhíse;
(ii)Céannacht, seoladh poist nó geografach, uimhir theileafóin nó uimhir rochtana eile, faisnéis bhilleála nó íocaíochta an rannpháirtí, ar nithe iad atá ar fáil ar bhonn an chomhaontaithe nó an tsocraithe seirbhíse;
(iii)Aon fhaisnéis eile ar shuíomh suiteála an trealaimh cumarsáide, ar faisnéis í atá ar fáil ar bhonn an chomhaontaithe nó an tsocraithe seirbhíse;
(g)Ciallóidh ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta;
(h)Ciallóidh ‘coir thromchúiseach’ iompar ar cion é atá inphionóis le cailleadh saoirse uasta nach lú ná 4 bliana nó le pionós níos déine ná sin;
(i)Ciallóidh ‘maoin’ sócmhainní de gach cineál, bídís corprach nó neamhchorprach, sochorraithe nó dochorraithe, inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n‑áirítear sócmhainní fíorúla, agus doiciméid dlí nó ionstraimí dlí lena bhfianaítear teideal ar shócmhainní den sórt sin nó leas iontu;
(j)Ciallóidh ‘fáltais ó choireacht’ aon mhaoin a fhaightear ó chion nó a fhaightear, go díreach nó go hindíreach, trí chion a dhéanamh;
(k)ciallóidh ‘reo’ nó ‘urghabháil’ aistriú, tiontú, diúscairt nó gluaiseacht maoine a thoirmeasc go sealadach nó coimeád nó rialú maoine a ghlacadh go sealadach ar bhonn ordaithe arna eisiúint ag cúirt nó ag údarás inniúil eile;
(l)Ciallóidh ‘coigistiú’, lena n‑áirítear forghéilleadh i gcás inarb infheidhme, maoin a bhaint go buan le hordú ó chúirt nó ó údarás inniúil eile;
(m)Ciallóidh ‘cion preideacáide’ aon chion ar gineadh fáltais dá thoradh a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar do chion mar a mhínítear in airteagal 17 den Choinbhinsiún seo;
(n)Ciallóidh ‘eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta’ eagraíocht ab éard atá inti Stáit cheannasacha de chuid réigiúin ar leith a bhfuil inniúlacht aistrithe ag a Ballstáit chuici i leith ábhair atá faoi rialú ag an gCoinbhinsiún seo agus atá údaraithe go cuí, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha, chun é a shíniú, a dhaingniú, a ghlacadh, a fhormheas nó aontú dó; beidh feidhm ag tagairtí do ‘Stáit is Páirtithe’ faoin gCoinbhinsiún seo maidir leis na heagraíochtaí sin laistigh de theorainneacha a n‑inniúlachta;
(o)Ciallóidh ‘éigeandáil’ staid inarb ann do ghar‑riosca mór do bheatha nó do shábháilteacht aon duine nádúrtha.
Airteagal 3
Raon feidhme an chur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis na nithe seo a leanas, mura luaitear a mhalairt sa Choinbhinsiún féin:
(a)Cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear fáltais ó chionta den sórt sin a reo, a urghabháil, a choigistiú agus a thabhairt ar ais;
(b)Fianaise a bhailiú, a fháil, a chaomhnú agus a chomhroinnt i bhfoirm leictreonach chun críche imscrúduithe nó imeachtaí coiriúla, dá bhforáiltear in Airteagail 23 agus 35 den Choinbhinsiún seo.
Airteagal 4
Cionta arna mbunú i gcomhréir le coinbhinsiúin agus prótacail eile de chuid na Náisiún Aontaithe
1.Agus éifeacht á tabhairt do choinbhinsiúin agus do phrótacail eile is infheidhme de chuid na Náisiún Aontaithe ar Páirtithe iontu iad, áiritheoidh na Stáit is Páirtithe go ndéanfar cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis na coinbhinsiúin agus na prótacail sin a mheas mar chionta coiriúla faoin dlí náisiúnta freisin nuair a dhéantar iad trí úsáid a bhaint as córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.
2.Ní léireofar aon ní san airteagal seo mar ní lena mbunaítear cionta coiriúla i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 5
Ceannasacht a chosaint
1.Comhlíonfaidh na Stáit is Páirtithe a n‑oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo ar bhealach atá comhsheasmhach le prionsabail an chomhionannais cheannasaigh agus iomláine chríochach Stát agus prionsabal na neamh‑idirghabhála i ngnóthaí baile Stát eile.
2.Ní thabharfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo teideal do Stát is Páirtí dlínse a fheidhmiú ná feidhmeanna a chomhlíonadh i gcríoch Stáit eile, ar feidhmeanna iad a fhorchoimeádtar go heisiach d’údaráis an Stáit eile sin lena dhlí náisiúnta.
Airteagal 6
Urraim do chearta an duine
1.Áiritheoidh na Stáit is Páirtithe go mbeidh cur chun feidhme a n‑oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo comhsheasmhach lena n‑oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine.
2.Ní léireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo mar ní lena gceadaítear cearta an duine nó saoirsí bunúsacha a chur faoi chois, lena n‑áirítear na cearta a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, leis an tsaoirse coinsiasa, leis an tsaoirse tuairimíochta, leis an tsaoirse reiligiúin nó creidimh, leis an tsaoirse comhthionóil shíochánta agus leis an tsaoirse comhlachais shíochánta, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme um chearta an duine agus ar mhodh atá comhsheasmhach leis an dlí sin.
Caibidil II
Coiriúlú
Airteagal 7
Rochtain neamhdhleathach
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun rochtain a fháil gan cheart ar chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide ina iomláine nó ar aon chuid de a bhunú mar chion coiriúil faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
2.Féadfaidh Stát is Páirtí a cheangal go ndéanfar an cion trí bhearta slándála a shárú, le hintinn sonraí leictreonacha a fháil nó le hintinn mhímhacánta nó choiriúil eile nó i ndáil le córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá nasctha le córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide eile.
Airteagal 8
Idircheapadh neamhdhleathach
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a bhunú mar chion coiriúil faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar é d’aon ghnó agus gan cheart, idircheapadh trí mhodhanna teicniúla tarchur neamhphoiblí sonraí leictreonacha chuig córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, uaidh nó laistigh de, lena n‑áirítear astaíochtaí leictreamaighnéadacha ó chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide ina n‑iompraítear na sonraí leictreonacha sin.
2.Féadfaidh Stát is Páirtí a cheangal go ndéantar an cion le hintinn mhímhacánta nó choiriúil, nó i ndáil le córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá nasctha le córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide eile.
Airteagal 9
Cur isteach ar shonraí leictreonacha
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun damáiste a dhéanamh do shonraí leictreonacha nó sonraí leictreonacha scriosadh, a mheathlú, a athrú nó a shochtadh a bhunú mar chionta coiriúla faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar d’aon ghnó agus gan cheart iad.
2.Féadfaidh Stát is Páirtí a cheangal gur gá díobháil thromchúiseach a bheith mar thoradh ar an iompar a thuairiscítear i mír 1 den airteagal seo.
Airteagal 10
Cur isteach ar chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide
Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a bhunú gur cionta coiriúla iad faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar d’aon ghnó agus gan cheart iad, go gcuirtear bac tromchúiseach ar fheidhmiú córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide trí shonraí leictreonacha a ionchur, a tharchur, a dhamáistiú, a scriosadh, a mheathlú, a athrú nó a shochtadh.
Airteagal 11
Mí‑úsáid feistí
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun cionta coiriúla a dhéanamh as na nithe seo a leanas faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar iad d’aon ghnó agus gan cheart:
(a)Na nithe seo a leanas a fháil, a tháirgeadh, a dhíol, a sholáthar lena n‑úsáid, a allmhairiú, a dháileadh nó a chur ar fáil ar bhealach eile:
(i)Feiste, lena n‑áirítear clár, a dearadh nó a oiriúnaíodh go príomha chun aon cheann de na cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 10 den Choinbhinsiún seo a dhéanamh; nó
(ii)Pasfhocal, dintiúir rochtana, síniú leictreonach nó sonraí comhchosúla lenar féidir rochtain a fháil ar chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide ina iomláine nó ar chuid de;
le hintinn go n‑úsáidfear an fheiste, lena n‑áirítear clár, nó an pasfhocal, dintiúir rochtana, síniú leictreonach nó sonraí comhchosúla chun aon cheann de na cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 10 den Choinbhinsiún seo a dhéanamh; agus
(b)Ítim dá dtagraítear i mír 1 (a) (i) nó (ii) den airteagal seo a shealbhú, le hintinn í a úsáid chun aon cheann de na cionta arna mbunú de réir airteagail 7 go 10 den Choinbhinsiún seo a dhéanamh.
2.Ní léireofar an t‑airteagal seo mar ní a fhorchuireann dliteanas coiriúil i gcás nach bhfuil fáil, táirgeadh, díol, soláthar lena úsáid, allmhairiú, dáileadh nó cur ar fáil ar bhealach eile, nó an sealbhú dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo chun cion a dhéanamh arna bhunú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 10 den Choinbhinsiún seo, amhail chun tástáil údaraithe nó cosaint a dhéanamh ar chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.
3.Féadfaidh gach Stát is Páirtí an ceart a fhorchoimeád gan mír 1 den airteagal seo a chur i bhfeidhm, ar choinníoll nach mbaineann an forchoimeádas leis na hítimí dá dtagraítear i mír 1 (a) (ii) den airteagal seo a dhíol, a dháileadh nó a chur ar fáil ar bhealach eile.
Airteagal 12
Brionnú a bhaineann leis an gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a bhunú mar chionta coiriúla faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar iad d’aon ghnó agus gan cheart, sonraí leictreonacha a bhfuil sonraí neamhbharantúla mar thoradh orthu a ionchur, a athrú, a scriosadh nó a shochtadh le hintinn go mbreithneofaí iad nó go ngníomhófaí ina leith chun críoch dlíthiúil amhail is dá mbeidís barántúil, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil na sonraí sin inléite agus intuigthe go díreach.
2.Féadfaidh Stát is Páirtí a cheangal go bhfuil intinn ann calaois a dhéanamh, nó intinn mhímhacánta nó choiriúil chomhchosúil, sula ngabhann dliteanas coiriúil leis.
Airteagal 13
Goid nó calaois a bhaineann leis an gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide
Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a bhunú mar chion coiriúil faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar é d’aon ghnó agus gan cheart, aon ghníomh lena gcuirtear faoi deara do dhuine eile maoin a chailleadh trí bhíthin na nithe seo a leanas:
(a)Aon ionchur, athrú, scriosadh nó sochtadh sonraí leictreonacha;
(b)Aon chur isteach ar fheidhmiú córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;
(c)Aon mheabhlaireacht maidir le himthosca fíorasacha a dhéantar trí chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a chuireann faoi deara do dhuine aon ní a dhéanamh nó gan aon ní a dhéanamh nach ndéanfadh an duine sin murach sin;
le hintinn chalaoiseach nó mhímhacánta airgead nó maoin eile a fháil don duine féin nó do dhuine eile, gan cheart.
Airteagal 14
Cionta a bhaineann le mí‑úsáid ghnéasach leanaí ar líne nó le hábhar teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun an t‑iompar seo a leanas a bhunú mar chionta coiriúla faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar iad d’aon ghnó agus gan cheart:
(a)Ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nó teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí a tháirgeadh, a thairiscint, a dhíol, a dháileadh, a tharchur, a chraoladh, a thaispeáint, a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar bhealach eile trí chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;
(b)Ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nó teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí a shireadh, a sholáthar nó a rochtain trí chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;
(c)Ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nó teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí a stóráiltear i gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide nó i meán stórála eile a shealbhú nó a rialú;
(d)Na cionta arna mbunú i gcomhréir le fomhíreanna (a) go (c) den mhír seo a mhaoiniú, ar cionta iad a fhéadfaidh na Stáit is Páirtithe a bhunú mar chion ar leithligh.
2.Chun críocha an airteagail seo, cuimseofar leis an téarma ‘ábhar mí‑úsáide ghnéasaí leanaí nó teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí’ ábhar amhairc, agus féadfar ábhar scríofa nó fuaime a chuimsiú leis freisin, ina léirítear aon duine faoi bhun 18 mbliana d’aois, ina dtugtar tuairisc air nó ina ndéantar ionadaíocht air:
(a)atá ag glacadh páirte i bhfíorghníomhaíocht ghnéasach nó i ngníomhaíocht ghnéasach ionsamhlaithe;
(b)atá i láthair duine atá ag gabháil d’aon ghníomhaíocht ghnéasach;
(c) a bhfuil a mbaill ghnéasacha á dtaispeáint chun críocha gnéasacha go príomha; nó
(d)atá faoi réir céastóireachta nó íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus is ábhar gnéasach é an t‑ábhar sin.
3.Féadfaidh Stát is Páirtí a cheangal go mbeidh an t‑ábhar a shainaithnítear i mír 2 den airteagal seo teoranta d’ábhar:
(a)a léiríonn nó a chuireann síos ar dhuine atá ann cheana nó a dhéanann ionadaíocht air; nó
(b)ina léirítear go físiúil mí‑úsáid ghnéasach leanaí nó teacht i dtír gnéasach ar leanaí.
4.I gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme, féadfaidh na Stáit is Páirtithe bearta a dhéanamh chun coiriúlú na nithe seo a leanas a eisiamh:
(a)Iompar ag leanaí le haghaidh ábhar a dhéanann siad iad féin ina léirítear iad; nó
(b)Ábhar a ndéantar tuairisc air i mír 2 (a) go (c) den airteagal seo a tháirgeadh, a tharchur nó a shealbhú go comhthoiliúil, i gcás ina bhfuil an t‑iompar bunúsach a léirítear dlíthiúil mar a chinntear leis an dlí náisiúnta, agus i gcás ina gcoinnítear an t‑ábhar sin go heisiach le haghaidh úsáid phríobháideach agus thoiliúil na ndaoine lena mbaineann.
5.Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo difear d'aon oibleagáid idirnáisiúnta a chuideodh níos mó le cearta an linbh a bhaint amach.
Airteagal 15
Sireadh nó mealltóireacht chun cion gnéasach a dhéanamh in aghaidh linbh
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a bhunú mar chionta coiriúla faoina dhlí náisiúnta an gníomh arb é atá ann cumarsáid, sirtheoireacht, mealltóireacht, nó aon socrú a dhéanamh d’aon ghnó trí chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun cion gnéasach a dhéanamh in aghaidh linbh, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, lena n‑áirítear chun aon cheann de na cionta arna mbunú de réir Airteagal 14 den Choinbhinsiún seo a dhéanamh.
2.Féadfaidh Stát is Páirtí a cheangal go ndéanfar gníomh chun an t‑iompar a thuairiscítear i mír 1 den airteagal seo a chur ar aghaidh.
3.Féadfaidh Stát is Páirtí breithniú a dhéanamh ar choiriúlú a leathnú i gcomhréir le mír 1 den airteagal seo i ndáil le duine a gcreidtear gur leanbh é nó í.
4.Féadfaidh na Stáit is Páirtithe bearta a dhéanamh chun coiriúlú iompair mar a thuairiscítear i mír 1 den airteagal seo a eisiamh nuair a dhéanann leanaí é.
Airteagal 16
Íomhánna pearsanta a scaipeadh go neamhthoiliúil
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a bhunú mar chionta coiriúla faoina dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar iad d’aon ghnó agus gan cheart, íomhá phearsanta de dhuine a dhíol, a dháileadh, a tharchur, a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar bhealach eile trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, gan toiliú an duine a léirítear san íomhá.
2.Chun críche mhír 1 den airteagal seo, ciallóidh ‘íomhá phearsanta’ taifead físiúil duine os cionn 18 mbliana d’aois arna dhéanamh ar aon mhodh, lena n‑áirítear grianghraf nó fístaifeadadh, ar de chineál gnéasach é, ina nochtar baill ghnéasacha an duine nó ina bhfuil an duine ag gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach, a bhí príobháideach tráth an taifeadta, agus ar choinnigh an duine nó na daoine a léirítear ionchas réasúnta príobháideachais ina leith tráth an chiona.
3.Féadfaidh Stát is Páirtí an sainmhíniú ar íomhánna pearsanta a leathnú, de réir mar is cuí, chuig léirithe ar dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois má tá aois dhlíthiúil acu chun gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach faoin dlí náisiúnta agus mura léirítear mí‑úsáid leanaí nó teacht i dtír ar leanaí san íomhá.
4.Chun críocha an airteagail seo, ní féidir le duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus a léirítear in íomhá phearsanta toiliú le híomhá phearsanta a scaipeadh ina léirítear ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí nó teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí faoi Airteagal 14 den Choinbhinsiún seo.
5.Féadfaidh Stát is Páirtí a cheangal go raibh intinn díobháil a dhéanamh ann sula n‑aistreofar dliteanas coiriúil.
6.Féadfaidh na Stáit is Páirtithe bearta eile a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann leis an airteagal seo, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme.
Airteagal 17
Sciúradh ar fháltais ó choireacht
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí, i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha a dhlí náisiúnta, cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun na nithe seo a leanas a bhunú mar chionta coiriúla, nuair a dhéantar d’aon ghnó iad:
(a)(i) maoin a chomhshó nó a aistriú, i gcás inarb eol gur fáltais ó choireacht í an mhaoin sin, chun tionscnamh aindleathach na maoine a cheilt nó a chur i mbréagriocht nó chun cabhrú le haon duine a bhfuil baint aige le déanamh an chiona preideacáide iarmhairtí dlíthiúla ghníomhaíochtaí an duine sin a sheachaint;
(ii)Cineál, foinse, suíomh, bail, gluaiseacht nó úinéireacht iarbhír na maoine nó cearta ina leith a cheilt nó a chur i mbréagriocht, i gcás inarb eol gur fáltais ó choireacht í an mhaoin sin;
(b)Faoi réir bhunchoincheapa a chórais dlí:
(i)Maoin a fháil, a shealbhú nó a úsáid, i gcás inarb eol, tráth a fála, gur fáltais ó choireacht an mhaoin sin;
(ii)Páirt a ghlacadh i ndéanamh aon cheann de na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an airteagal seo, dul i gcomhlachas nó i gcomhcheilg aon cheann de na cionta sin a dhéanamh, iarrachtaí chun iad a dhéanamh agus cabhrú agus neartú le déanamh aon cheann acu, iad a éascú agus comhairle a thabhairt ina leith.
(2)Chun críocha mhír 1 den airteagal seo a chur chun feidhme nó a chur i bhfeidhm:
(a)Déanfaidh gach Stát is Páirtí cionta iomchuí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 16 den Choinbhinsiún seo a bhunú mar chionta preideacáide;
(b)I gcás na Stát is Páirtithe a bhfuil liosta de chionta preideacáide sonracha leagtha amach ina reachtaíocht, cuimseoidh siad, ar a laghad, sa liosta sin raon cuimsitheach cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 16 den Choinbhinsiún seo;
(c)Chun críocha fhomhír (b) den mhír seo, cuimseofar i gcionta preideacáide cionta arna ndéanamh laistigh agus lasmuigh de dhlínse an Stáit is Páirtí atá i gceist. Mar sin féin, ní cionta preideacáide iad cionta a dhéantar lasmuigh de dhlínse Stáit is Páirtí ach amháin nuair is cion coiriúil an t‑iompar ábhartha faoi dhlí náisiúnta an Stáit ina ndéantar é agus nuair a bheadh sé ina chion coiriúil faoi dhlí náisiúnta an Stáit is Páirtí a chuireann an t‑airteagal seo chun feidhme nó i bhfeidhm, dá ndéanfaí ann é;
(d)Tabharfaidh gach Stát is Páirtí cóipeanna dá dhlíthe a thugann éifeacht don airteagal seo agus d'aon athruithe ina dhiaidh sin ar na dlíthe sin nó tuairisc orthu d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe;
(e)Má cheanglaítear sin le prionsabail bhunúsacha de dhlí náisiúnta Stáit is Páirtí, féadfar a fhoráil nach mbeidh feidhm ag na cionta a leagtar amach i mír 1 den airteagal seo maidir leis na daoine a rinne an cion preideacáide;
(f)Féadfar eolas, intinn nó cuspóir a éilítear mar ghné de chion a leagtar amach i mír 1 den airteagal seo a thuiscint ó imthosca fíorasacha oibiachtúla.
Airteagal 18
Dliteanas daoine dlítheanacha
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta is gá, i gcomhréir lena phrionsabail dlí, chun dliteanas daoine dlítheanacha as rannpháirtíocht sna cionta a bhunaítear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a bhunú.
2.Faoi réir phrionsabail dlí an Stáit is Páirtí, féadfaidh dliteanas daoine dlítheanacha a bheith coiriúil, sibhialta nó riaracháin.
3.Beidh an dliteanas sin gan dochar do dhliteanas coiriúil na ndaoine nádúrtha a rinne na cionta.
4.Áiritheoidh gach Stát is Páirtí, go háirithe, go mbeidh daoine dlítheanacha a chuirtear faoi dhliteanas i gcomhréir leis an airteagal seo faoi réir smachtbhannaí coiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, lena n‑áirítear smachtbhannaí airgeadaíochta.
Airteagal 19
Rannpháirtíocht agus iarracht
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a bhunú mar chion coiriúil, de réir a dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar d’aon ghnó é, rannpháirtíocht in aon cháil, amhail cáil comhchoirí, cúntóra nó tionscnóra, i gcion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.
2.Féadfaidh gach Stát is Páirtí na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá a ghlacadh chun aon iarracht ar chion a dhéanamh arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a bhunú mar chion coiriúil, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
3.Féadfaidh gach Stát is Páirtí na bearta reachtacha agus na bearta eile is gá a ghlacadh chun an t‑ullmhúchán le haghaidh cion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a bhunú mar chion coiriúil, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, nuair a dhéantar d’aon ghnó é.
Airteagal 20
Reacht na dtréimhsí
Bunóidh gach Stát is Páirtí, i gcás inarb iomchuí, agus tromchúis na coire á cur san áireamh, tréimhse fhada de reacht na dtréimhsí faoina dhlí náisiúnta chun imeachtaí a thionscnamh i leith aon chiona arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo agus bunóidh sé tréimhse níos faide de reacht na dtréimhsí nó déanfaidh sé foráil maidir le reacht na dtréimhsí a chur ar fionraí i gcás inar sheachain an ciontóir líomhnaithe riar an cheartais.
Airteagal 21
Ionchúiseamh, breithniú agus smachtbhannaí
1.Déanfaidh gach Stát is Páirtí cion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chur faoi dhliteanas smachtbhannaí atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chuirfidh tromchúis an chiona san áireamh.
2.Féadfaidh gach Stát is Páirtí, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá a ghlacadh chun imthosca géaraitheacha a bhunú i ndáil leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, lena n‑áirítear imthosca a dhéanann difear do bhonneagair faisnéise chriticiúla.
3.Féachfaidh gach Stát is Páirtí lena áirithiú go bhfeidhmeofar aon chumhacht dlíthiúil lánroghnach faoina dhlí náisiúnta a bhaineann le daoine a ionchúiseamh i leith cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo chun éifeachtacht na mbeart forfheidhmithe dlí i leith na gcionta sin a uasmhéadú agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le déanamh na gcionta sin a dhíspreagadh.
4.Áiritheoidh gach Stát is Páirtí go mbeidh gach ceart agus ráthaíocht ag aon duine a ionchúisítear i leith cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme an Stáit is Páirtí, lena n‑áirítear an ceart chun triail chóir a fháil agus cearta na cosanta.
5.I gcás cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, déanfaidh gach Stát is Páirtí bearta iomchuí, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus aird chuí á tabhairt ar chearta na cosanta, chun féachaint lena áirithiú go gcuirfear san áireamh sna coinníollacha arna bhforchur i dtaca le cinntí maidir le scaoileadh saor go dtí go ndéanfar triail nó achomharc an gá lena áirithiú go mbeidh an cosantóir i láthair ag imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin.
6.Cuirfidh gach Stát is Páirtí tromchúis na gcionta lena mbaineann san áireamh agus breithniú á dhéanamh ar dhaoine a ciontaíodh i gcionta den sórt sin a scaoileadh saor go luath nó ar parúl.
7.Áiritheoidh na Stáit is Páirtithe go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta chun leanaí a chúisítear i gcionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosaint, i gcomhréir leis na hoibleagáidí faoin gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh agus leis na Prótacail is infheidhme a ghabhann leis, chomh maith le hionstraimí idirnáisiúnta nó réigiúnacha eile is infheidhme.
8.Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo difear don phrionsabal go bhforchoimeádtar an tuairisc ar na cionta a bhunaítear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo agus ar na cosaintí dlíthiúla is infheidhme nó ar phrionsabail dlí eile lena rialaítear dlíthiúlacht iompair do dhlí náisiúnta Stáit is Páirtí agus go ndéanfar na cionta sin a ionchúiseamh agus a phionósú de réir an dlí sin.
Caibidil III
Dlínse
Airteagal 22
Dlínse
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a bhunú sna cásanna seo a leanas:
(a)Déantar an cion i gcríoch an Stáit is Páirtí sin; nó
(b)Déantar an cion ar bord soithigh a bhfuil bratach an Stáit sin is Páirtí ar foluain aige nó ar bord aerárthaigh atá cláraithe faoi dhlíthe an Stáit sin is Páirtí tráth déanta an chiona.
2.Faoi réir airteagal 5 den Choinbhinsiún seo, féadfaidh Stát is Páirtí a dhlínse ar aon chion den sórt sin a bhunú freisin sna cásanna seo a leanas:
(a)Déantar an cion i gcoinne náisiúnach de chuid an Stáit is Páirtí sin; nó
(b)Is náisiúnach de chuid an Stáit is Páirtí sin nó duine gan stát a bhfuil gnáthchónaí air sa chríoch sin a dhéanann an cion; nó
(c)Tá an cion ar cheann de na cionta arna mbunú i gcomhréir le bhunaítear hAirteagal 17, mír 1 (b) (ii), den Choinbhinsiún seo agus go ndéantar é lasmuigh dá chríoch d'fhonn cion a dhéanamh arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 17, mír 1 (a) (i) nó (ii) nó (b) (i), den Choinbhinsiún seo laistigh dá chríoch; nó
(d)Déantar an cion i gcoinne an Stáit is Páirtí.
3.Chun críocha airteagal 37, mír 11, den Choinbhinsiún seo, déanfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta is gá chun a dhlínse a bhunú ar na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo nuair a atá an ciontóir líomhnaithe i láthair ina chríoch agus nach ndéanann sé an duine sin a eiseachadadh ar an aon fhoras amháin gur náisiúnach dá chuid an duine.
4.Féadfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta is gá a ghlacadh freisin chun a dhlínse a bhunú ar na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo nuair atá an ciontóir líomhnaithe i láthair ina chríoch agus nach ndéanann sé an duine a eiseachadadh.
5.Más rud é gur tugadh fógra do Stát is Páirtí a fheidhmíonn a dhlínse faoi mhír 1 nó 2 den airteagal seo, nó go bhfuair sé amach ar bhealach eile, go bhfuil imscrúdú, ionchúiseamh nó imeacht breithiúnach á sheoladh ag aon Stát is Páirtí eile i leith an iompair chéanna, rachaidh údaráis inniúla na Stát sin is Páirtithe, de réir mar is cuí, i gcomhairle le chéile d’fhonn a ngníomhaíochtaí a chomhordú.
6.Gan dochar do noirm an dlí idirnáisiúnta ghinearálta, ní eisiafaidh an Coinbhinsiún seo feidhmiú aon dlínse coiriúla arna bunú ag Stát is Páirtí de réir a dhlí náisiúnta.
Caibidil IV
Bearta nós imeachta agus forfheidhmiú an dlí
Airteagal 23
Raon feidhme na mbeart nós imeachta
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun na cumhachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa chaibidil seo a bhunú chun críche imscrúduithe nó imeachtaí coiriúla sonracha.
2.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo, cuirfidh gach Stát is Páirtí na cumhachtaí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)Na cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo;
(b)Cionta coiriúla eile a dhéantar trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide; agus
(c)Fianaise i bhfoirm leictreonach maidir le haon chion coiriúil a bhailiú.
3.(a) Ní fhéadfaidh gach Stát is Páirtí an ceart a fhorchoimeád chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 29 den Choinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le cionta nó catagóirí cionta a shonraítear san fhorchoimeádas, ar choinníoll nach bhfuil raon na gcionta nó na gcatagóirí cionta sin níos srianta ná raon na gcionta a gcuireann sé na bearta dá dtagraítear in Airteagal 30 den Choinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir leo. Breithneoidh gach Stát is Páirtí ar fhorchoimeádas den sórt sin a shrianadh chun go bhféadfar na bearta dá dtagraítear in airteagal 29 a chur i bhfeidhm ar an mbealach is leithne is féidir;
(b)I gcás nach féidir le Stát is Páirtí, mar gheall ar theorainneacha ina reachtaíocht a bhí i bhfeidhm tráth a glacadh an Coinbhinsiún seo, na bearta dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 den Choinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le cumarsáidí atá á dtarchur laistigh de chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide de chuid soláthraí seirbhíse:
(i)atá á oibriú ar mhaithe le grúpa dúnta úsáideoirí; agus
‑(ii)nach núsáideann líonraí cumarsáide poiblí agus nach bhfuil nasctha le córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide eile, bíodh sé poiblí nó príobháideach;
féadfaidh an Stát is Páirtí sin an ceart a fhorchoimeád gan na bearta sin a chur i bhfeidhm maidir le cumarsáidí den sórt sin. Breithneoidh gach Stát is Páirtí ar fhorchoimeádas den sórt sin a shrianadh chun go bhféadfar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 den Choinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm ar an mbealach is leithne is féidir.
Airteagal 24
Coinníollacha agus coimircí
1.Áiritheoidh gach Stát is Páirtí go mbeidh bunú, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na gcumhachtaí agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa chaibidil seo faoi réir coinníollacha agus coimircí dá bhforáiltear faoina dhlí náisiúnta, lena ndéanfar foráil maidir le cearta an duine a chosaint, i gcomhréir lena oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus ina n‑ionchorprófar prionsabal na comhréireachta.
2.I gcomhréir le dlí náisiúnta gach Stáit is Páirtí agus dá bhun, áireofar sna coinníollacha agus sna coimircí sin, de réir mar is iomchuí i bhfianaise chineál an nós imeachta nó na cumhachta lena mbaineann, inter alia, athbhreithniú breithiúnach nó athbhreithniú neamhspleách eile, an ceart chun leighis éifeachtaigh, forais lena dtugtar údar le cur i bhfeidhm, agus teorannú raon feidhme agus ré na cumhachta nó an nós imeachta sin.
3.A mhéid atá sé i gcomhréir le leas an phobail, go háirithe riar cuí an cheartais, breithneoidh gach Stát is Páirtí tionchar na gcumhachtaí agus na nósanna imeachta sa chaibidil seo ar chearta, freagrachtaí agus leasanna dlisteanacha tríú páirtithe.
4.Beidh feidhm ag na coinníollacha agus na coimircí a bhunaítear i gcomhréir leis an airteagal seo ar an leibhéal intíre maidir leis na cumhachtaí agus na nósanna imeachta a leagtar amach sa chaibidil seo, chun críche imscrúduithe agus imeachtaí coiriúla intíre agus chun comhar idirnáisiúnta a dhéanamh idir an Stát is Páirtí iarrtha.
5.Tagairtí d’athbhreithniú breithiúnach nó d’athbhreithniú neamhspleách eile i mír 2 den airteagal seo, is tagairtí iad d’athbhreithniú den sórt sin ar an leibhéal náisiúnta.
Airteagal 25
Caomhnú brostaithe na sonraí leictreonacha stóráilte
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a chur ar a gcumas dá údaráis inniúla a ordú go gcaomhnaítear go gasta sonraí leictreonacha sonraithe, lena n‑áirítear sonraí tráchta, sonraí ábhair agus faisnéis rannpháirtí, a stóráiltear trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, nó é sin a bhaint amach ar bhealach comhchosúil, go háirithe i gcás ina bhfuil forais ann lena chreidiúint go bhfuil baol ann go gcaillfí nó go modhnófaí na sonraí leictreonacha áirithe sin.
2.I gcás ina dtabharfaidh Stát is Páirtí éifeacht do mhír 1 den airteagal seo trí ordú do dhuine sonraí leictreonacha stóráilte sonraithe atá i seilbh nó faoi rialú an duine a chaomhnú, glacfaidh an Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a chur d’oibleagáid ar an duine sin sláine na sonraí leictreonacha sin a chaomhnú agus a choimeád ar feadh tréimhse ama chomh fada agus is gá, suas le 90 lá ar a mhéad, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla a nochtadh a lorg. Féadfaidh Stát is Páirtí foráil a dhéanamh maidir le hordú den sórt sin a athnuachan ina dhiaidh sin.
3.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun oibleagáid a chur ar an gcoimeádaí nó ar an duine eile a chaomhnóidh na sonraí leictreonacha na nósanna imeachta sin a choimeád faoi rún ar feadh na tréimhse ama dá bhforáiltear ina reachtaíocht náisiúnta.
Airteagal 26
Caomhnú brostaithe agus nochtadh páirteach sonraí tráchta
Glacfaidh gach Stát is Páirtí, i leith sonraí tráchta atá le caomhnú faoi fhorálacha Airteagal 25 den Choinbhinsiún seo, cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun:
(a)a áirithiú go mbeidh caomhnú gasta sonraí tráchta den sórt sin ar fáil gan beann ar cé acu a bhí nó nach raibh baint ag soláthraí seirbhíse amháin nó níos mó le tarchur cumarsáide; agus
(b)a áirithiú go ndéanfar méid leordhóthanach sonraí tráchta a nochtadh go gasta d’údarás inniúil an Stáit is Páirtí, nó do dhuine arna ainmniú ag an údarás sin
chun a chumasú don Stát is Páirtí na soláthraithe seirbhíse agus an bealach trínar tarchuireadh an chumarsáid nó an fhaisnéis shonraithe a shainaithint.
Airteagal 27
Ordú chun fianaise a thabhairt ar aird
Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a údaráis inniúla a chumhachtú an méid seo a leanas a ordú:
(a)Duine ina chríoch sonraí leictreonacha sonraithe atá ina sheilbh nó faoina rialú agus atá stóráilte i gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide nó i meán stórála sonraí leictreonacha a thíolacadh; agus
(b)Soláthraí seirbhíse a thairgeann a sheirbhísí i gcríoch an Stáit is Páirtí faisnéis rannpháirtí a bhaineann leis na seirbhísí sin atá ina sheilbh nó faoina rialú a thíolacadh.
Airteagal 28
Sonraí leictreonacha stóráilte a chuardach agus a urghabháil
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a údaráis inniúla a chumhachtú cuardach a dhéanamh nó rochtain ar an gcaoi chéanna a fháil ar an méid seo a leanas:
(a)Córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, nó cuid de, agus sonraí leictreonacha atá stóráilte ann; agus
(b)Meán leictreonach stórála sonraí inar féidir na sonraí leictreonacha atá á lorg a stóráil;
i gcríoch an Stáit sin is Páirtí.
2.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéanann a údaráis cuardach nó ina bhfaigheann siad rochtain ar an gcaoi chéanna ar chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide sonrach nó ar chuid de, de bhun mhír 1 (a) den airteagal seo, agus go bhfuil forais acu chun a chreidiúint go bhfuil na sonraí leictreonacha atá á lorg á stóráil i gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide eile nó i gcuid de ina chríoch, agus go bhfuil rochtain dhleathach ar na sonraí sin ón gcóras tosaigh nó ar fáil dó, go mbeidh na húdaráis sin in ann an cuardach a dhéanamh go gasta chun rochtain a fháil ar an gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide eile sin.
3.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a chumhachtú dá údaráis inniúla sonraí leictreonacha a urghabháil nó a dhaingniú ar an gcaoi chéanna ina chríoch arna rochtain i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 den airteagal seo. Cuimseofar sna bearta sin an chumhacht chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)Córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide nó cuid de, nó meán leictreonach stórála sonraí, a urghabháil nó a dhaingniú ar an gcaoi chéanna;
(b)Cóipeanna de na sonraí leictreonacha sin a dhéanamh agus a choinneáil i bhfoirm leictreonach;
(c)Sláine na sonraí leictreonacha stóráilte ábhartha a choinneáil ar bun;
(d)Na sonraí leictreonacha sin a dhéanamh neamh‑inrochtana nó iad a bhaint den chóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bhfuil rochtain air.
4.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a chumhachtú dá údaráis inniúla a ordú d’aon duine a bhfuil eolas aige ar fheidhmiú an chórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá i gceist, an líonra faisnéise agus teileachumarsáide, nó a chomhpháirteanna, nó bearta a chuirtear i bhfeidhm chun na sonraí leictreonacha atá iontu a chosaint, an fhaisnéis is gá a sholáthar, de réir mar is réasúnach, chun déanamh na mbeart dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 den airteagal seo a chumasú.
Airteagal 29
Sonraí tráchta a bhailiú i bhfíor‑am
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a údaráis inniúla a chumhachtú an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)Bailiú nó taifead a dhéanamh, trí mhodhanna teicniúla a chur i bhfeidhm i gcríoch an Stáit is Páirtí sin; agus
(b)Iallach a chur ar sholáthraí seirbhíse, laistigh dá chumas teicniúil atá ann cheana:
(i)Bailiú nó taifead, trí mhodhanna teicniúla a chur i bhfeidhm i gcríoch an Stáit is Páirtí sin; nó
(ii)Oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus cúnamh a thabhairt dóibh maidir le bailiú nó taifead a dhéanamh;
ar shonraí tráchta, i bhfíor‑am, a bhaineann le cumarsáid shonraithe ina chríoch a tharchuirtear trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.
2.I gcás nach féidir le Stát is Páirtí, de bharr phrionsabail a chórais dlí náisiúnta, na bearta dá dtagraítear i mír 1 (a) den airteagal seo a ghlacadh, féadfaidh sé, ina ionad sin, cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar sonraí tráchta a bhaineann le cumarsáidí sonraithe arna dtarchur ina chríoch a bhailiú nó a thaifeadadh i bhfíor‑am, trí mhodhanna teicniúla a chur i bhfeidhm sa chríoch sin.
3.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a chur d’oibleagáid ar sholáthraí seirbhíse a choimeád faoi rún gur forghníomhaíodh aon chumhacht dá bhforáiltear san airteagal seo agus aon fhaisnéis a bhaineann leis.
Airteagal 30
Sonraí ábhair a idircheapadh
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá, i ndáil le raon cionta coiriúla tromchúiseacha a chinnfear leis an dlí náisiúnta, chun a údaráis inniúla a chumhachtú an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)Bailiú nó taifead a dhéanamh, trí mhodhanna teicniúla a chur i bhfeidhm i gcríoch an Stáit is Páirtí sin; agus
(b)Iallach a chur ar sholáthraí seirbhíse, laistigh dá chumas teicniúil atá ann cheana an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)Bailiú nó taifead, trí mhodhanna teicniúla a chur i bhfeidhm i gcríoch an Stáit is Páirtí sin; nó
(ii)Oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus cúnamh a thabhairt dóibh maidir le bailiú nó taifead;
sonraí ábhair, i bhfíor‑am, maidir le cumarsáidí sonraithe ina chríoch arna dtarchur trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.
2.I gcás nach féidir le Stát is Páirtí, mar gheall ar phrionsabail a chórais dlí náisiúnta, na bearta dá dtagraítear i mír 1 (a) den airteagal seo a ghlacadh, féadfaidh sé, ina ionad sin, cibé bearta reachtacha agus bearta eile a ghlacadh is gá chun a áirithiú go ndéanfar sonraí ábhair maidir le cumarsáidí sonraithe ina chríoch a bhailiú nó a thaifeadadh i bhfíor‑am, trí mhodhanna teicniúla a chur i bhfeidhm sa chríoch sin.
3.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun a chur d’oibleagáid ar sholáthraí seirbhíse a choimeád faoi rún gur forghníomhaíodh aon chumhacht dá bhforáiltear san airteagal seo agus aon fhaisnéis a bhaineann leis.
Airteagal 31
Fáltais ó choireacht a reo, a urghabháil agus a choigistiú
1.Glacfaidh gach Stát is Páirtí, a mhéid is féidir laistigh dá chóras dlí náisiúnta, cibé bearta is gá chun go bhféadfar na nithe seo a leanas a choigistiú:
(a)Fáltais ó choireacht arna ndíorthú ó chionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo nó ó mhaoin a bhfreagraíonn a luach do luach na bhfáltas sin;
(b)Maoin, trealamh nó ionstraimeachtaí eile a úsáidtear i gcionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo nó atá beartaithe lena n‑úsáid i gcionta den sórt sin.
2.Glacfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta is gá chun gur féidir aon ítim dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo a shainaithint, a rianú, a chalcadh nó a urghabháil chun críche coigistíochta ar deireadh.
3.Glacfaidh gach Stát is Páirtí, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, cibé bearta reachtacha agus bearta eile is gá chun rialáil a dhéanamh ar mhaoin atá reoite, urghafa nó coigistithe a chumhdaítear i míreanna 1 agus 2 den airteagal seo a riaradh ag na húdaráis inniúla.
4.Má rinneadh fáltais ó choireacht a chlaochlú nó a chomhshó, go páirteach nó go hiomlán, ina maoin eile, beidh an mhaoin sin faoi dhliteanas i leith na mbeart dá dtagraítear san airteagal seo in ionad na bhfáltas.
5.Má rinneadh fáltais ó choireacht a chumasc le maoin a fuarthas ó fhoinsí dlisteanacha, beidh an mhaoin sin, gan dochar d’aon chumhacht a bhaineann le reo nó urghabháil, faoi dhliteanas coigistíochta suas go dtí luach measúnaithe na bhfáltas cumaiscthe.
6.Ioncam nó sochair eile a díorthaíodh ó fháltais ó choireacht, ó mhaoin a ndearnadh fáltais ó choireacht a chlaochlú nó a chomhshó inti nó ó mhaoin a ndearnadh fáltais ó choireacht a chumasc léi, beidh sé faoi dhliteanas freisin i leith na mbeart dá dtagraítear san airteagal seo, ar an modh céanna agus a mhéid céanna le fáltais ó choireacht.
7.Chun críocha an airteagail seo agus Airteagal 50 den Choinbhinsiún seo, cumhachtóidh gach Stát is Páirtí a chúirteanna nó a údaráis inniúla eile a ordú go gcuirfear taifid bhainc, airgeadais nó tráchtála ar fáil nó go n‑urghabhfar iad. Ní dhiúltóidh Stát is Páirtí gníomhú faoi fhorálacha na míre seo ar fhoras rúndachta bainc.
8.Féadfaidh gach Stát is Páirtí breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a cheangal go léireodh ciontóir tionscnamh dleathach na bhfáltas líomhnaithe ó choireacht nó ó mhaoin eile a d’fhéadfaí a choigistiú, a mhéid atá ceanglas den sórt sin i gcomhréir le prionsabail a dhlí náisiúnta agus le cineál na n‑imeachtaí breithiúnacha agus na n‑imeachtaí eile.
9.Ní fhorléireofar forálacha an airteagail seo mar fhorálacha a dhéanann dochar do chearta tríú páirtithe bona fide.
10.Ní dhéanfaidh aon ní san airteagal seo difear don phrionsabal go ndéanfar na bearta dá dtagraíonn sé a shainiú agus a chur chun feidhme de réir fhorálacha dhlí náisiúnta Stáit is Páirtí.
Airteagal 32
Taifead coiriúil a bhunú
Féadfaidh gach Stát is Páirtí cibé bearta reachtacha nó bearta eile is gá a ghlacadh chun a chur san áireamh, faoi cibé téarmaí agus chun na críche is cuí leis, aon chiontú roimhe sin atá ag ciontóir líomhnaithe i Stát eile chun an fhaisnéis sin a úsáid in imeachtaí coiriúla a bhaineann le cion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.
Airteagal 33
Finnéithe a chosaint
1.Déanfaidh gach Stát is Páirtí bearta iomchuí, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus laistigh dá acmhainní, chun cosaint éifeachtach ar fhrithbheart nó imeaglú a d’fhéadfadh a bheith ann a chur ar fáil d’fhinnéithe a thugann fianaise nó, de mheon macánta agus ar fhorais réasúnacha, a sholáthraíonn faisnéis maidir le cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo nó a chomhoibríonn ar bhealach eile le húdaráis imscrúdaitheacha nó bhreithiúnacha agus, de réir mar is iomchuí, dá ngaolta agus do dhaoine eile atá gar dóibh.
2.Féadfar an méid seo a leanas a chuimsiú sna bearta a bheartaítear i mír 1 den airteagal seo, inter alia, gan dochar do chearta an chosantóra, lena n‑áirítear an ceart chun próise cuí:
(a)Nósanna imeachta a bhunú chun daoine den sórt sin a chosaint go fisiciúil, amhail, a mhéid is gá agus is indéanta, iad a athlonnú agus, i gcás inarb iomchuí, neamhnochtadh nó teorainneacha a cheadú maidir le nochtadh faisnéise a bhaineann le céannacht na ndaoine sin agus an áit ina bhfuil siad;
(b)Rialacha fianaiseacha a sholáthar chun gur féidir fianaise ó fhinnéithe a thabhairt ar bhealach lena n‑áirithítear sábháilteacht an fhinné, amhail cead a thabhairt fianaise a thabhairt trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht cumarsáide amhail naisc físe nó modhanna leordhóthanacha eile.
3.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe comhaontuithe nó socruithe a dhéanamh le Stáit eile chun daoine dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo a athlonnú.
4.Beidh feidhm ag forálacha an airteagail seo freisin maidir le híospartaigh a mhéid is finnéithe iad.
Airteagal 34
Cúnamh agus cosaint d’íospartaigh
1.Déanfaidh gach Stát is Páirtí bearta iomchuí laistigh dá acmhainn chun cúnamh agus cosaint a sholáthar d’íospartaigh cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, go háirithe i gcásanna bagartha frithbhirt nó imeaglaithe.
2.Déanfaidh gach Stát is Páirtí, faoi réir a dhlí náisiúnta, nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun rochtain ar chúiteamh agus ar aiseag a sholáthar d’íospartaigh cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.
3.Faoi réir a dhlí náisiúnta, cumasóidh gach Stát is Páirtí tuairimí agus ábhair imní íospartach a chur i láthair agus a bhreithniú ag céimeanna iomchuí d’imeachtaí coiriúla i gcoinne ciontóirí ar bhealach nach ndéanfaidh dochar do chearta na cosanta.
4.Maidir leis na cionta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagail 14 go 16 den Choinbhinsiún seo, déanfaidh gach Stát is Páirtí, faoi réir a dhlí náisiúnta, bearta chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh na gcionta sin, lena n‑áirítear maidir lena dtéarnamh fisiciúil agus síceolaíoch, i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, agus le gnéithe eile den tsochaí shibhialta.
5.Agus forálacha mhíreanna 2 go 4 den airteagal seo á gcur chun feidhme, cuirfidh gach Stát is Páirtí aois, inscne agus imthosca agus riachtanais ar leith íospartach san áireamh, lena n‑áirítear imthosca agus riachtanais ar leith leanaí.
6.Déanfaidh gach Stát is Páirtí, a mhéid a bheidh sé i gcomhréir lena chreat dlíthiúil náisiúnta, bearta éifeachtacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar iarrataí chun an t‑ábhar a thuairiscítear in Airteagail 14 agus 16 den Choinbhinsiún seo a bhaint anuas nó a dhéanamh neamh‑inrochtana.
Caibidil V
Comhar idirnáisiúnta
Airteagal 35
Prionsabail ghinearálta an chomhair idirnáisiúnta
1.Oibreoidh na Stáit is Páirtithe i gcomhar le chéile i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin seo, chomh maith le hionstraimí idirnáisiúnta eile is infheidhme maidir le comhar idirnáisiúnta in ábhair choiriúla, agus dlíthe náisiúnta, chun na gcríoch seo a leanas:
(a)Na cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus imeachtaí breithiúnacha i ndáil leo, lena n‑áirítear na fáltais ó na cionta sin a reo, a urghabháil, a choigistiú agus a thabhairt ar ais;
(b)Fianaise i bhfoirm leictreonach ar chionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a bhailiú, a fháil, a chaomhnú agus a chomhroinnt;
(c)Fianaise a bhailiú, a fháil, a chaomhnú agus a chomhroinnt i bhfoirm leictreonach maidir le haon choireacht thromchúiseach, lena n‑áirítear coireanna tromchúiseacha arna mbunú i gcomhréir le coinbhinsiúin agus prótacail eile is infheidhme de chuid na Náisiún Aontaithe atá i bhfeidhm tráth ghlactar an Choinbhinsiúin seo.
2.Chun fianaise i bhfoirm leictreonach ar chionta dá bhforáiltear i mír 1 (b) agus (c) den airteagal seo a bhailiú, a fháil, a chaomhnú agus a chomhroinnt, beidh feidhm ag na míreanna ábhartha d’Airteagal 40, agus ag airteagail 41 go 46 den Choinbhinsiún seo.
3.In ábhair a bhaineann le comhar idirnáisiúnta, aon uair a mheastar coiriúlacht dhúbailte a bheith ina ceanglas, measfar í a bheith comhlíonta gan beann ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann dlíthe an Stáit is Páirtí iarrtha an cion laistigh den chatagóir chéanna ciona nó a ainmníonn nó nach n‑ainmníonn siad an cion leis an téarmaíocht chéanna leis an Stát is Páirtí iarrthach, más cion coiriúil faoi dhlíthe an dá Stát is Páirtithe é an t‑iompar is bun leis an gcion a bhfuil cúnamh á lorg ina leith.
Airteagal 36
Sonraí pearsanta a chosaint
1.(a) Stát is Páirtí a aistríonn sonraí pearsanta de bhun an Choinbhinsiúin seo, déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus le haon oibleagáid a d’fhéadfadh a bheith ar an bPáirtí aistritheach faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme. Ní cheanglófar ar Stáit is Páirtithe sonraí pearsanta a aistriú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo mura féidir na sonraí a sholáthar i gcomhréir lena ndlíthe is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta;
(b)I gcás nach mbeadh aistriú sonraí pearsanta i gcomhréir le mír 1 (a) den airteagal seo, féadfaidh na Stáit is Páirtithe féachaint le coinníollacha iomchuí a fhorchur, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme sin, chun comhlíonadh a bhaint amach chun freagairt d’iarraidh ar shonraí pearsanta;
(c)Moltar do na Stáit is Páirtithe socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a bhunú chun aistriú sonraí pearsanta a éascú.
2.I gcás sonraí pearsanta a aistrítear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, áiritheoidh na Stáit is Páirtithe go mbeidh na sonraí pearsanta a fhaightear faoi réir coimircí éifeachtacha agus iomchuí i gcreataí dlíthiúla na Stát is Páirtithe faoi seach.
3.Chun sonraí pearsanta a fhaightear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, tabharfaidh Stát is Páirtí fógra don Stát is Páirtí aistritheach bunaidh faoina bhfuil ar intinn aige agus iarrfaidh sé a údarú.
Ní aistreoidh an Stát is Páirtí na sonraí pearsanta sin ach amháin le húdarú an Stáit is Páirtí aistritheach bunaidh, a fhéadfaidh a cheangal go soláthrófar an t‑údarú i scríbhinn.
Airteagal 37
Eiseachadadh
1.Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo i gcás ina bhfuil an duine is ábhar don iarraidh ar eiseachadadh i láthair i gcríoch an Stáit is Páirtí iarrtha, ar choinníoll go bhfuil an cion a bhfuil eiseachadadh á lorg ina leith inphionóis faoi dhlí náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrthach agus an Stáit is Páirtí iarrtha araon. Nuair a lorgaítear an t‑eiseachadadh chun pianbhreith chríochnaitheach príosúnachta nó cineál eile coinneála a forchuireadh i leith cion ineiseachadta a chur isteach, féadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha an t‑eiseachadadh a dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2.D’ainneoin mhír 1 den airteagal seo, féadfaidh Stát is Páirtí a gceadaítear amhlaidh lena dhlí eiseachadadh duine a dheonú i leith aon cheann de na cionta coiriúla arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo nach bhfuil inphionóis faoina dhlí náisiúnta féin.
3.Má tá roinnt cionta coiriúla ar leithligh, a bhfuil ceann amháin díobh ar a laghad ineiseachadta faoin airteagal seo agus cuid acu nach bhfuil ineiseachadta mar gheall ar a dtréimhse príosúnachta ach a bhaineann le cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo san iarraidh ar eiseachadadh, féadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha an t‑airteagal seo a chur i bhfeidhm freisin i leith na gcionta sin.
4.Measfar gach ceann de na cionta lena mbaineann an t‑airteagal seo a bheith cuimsithe mar chion ineiseachadta in aon chonradh eiseachadta atá ann idir Stáit is Páirtithe. Gabhann na Stáit is Páirtithe orthu féin na cionta sin a áireamh mar chionta ineiseachadta i ngach conradh eiseachadta a thabharfar i gcrích eatarthu.
5.Má fhaigheann Stát is Páirtí a chuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann iarraidh ar eiseachadadh ó Stát eile is Páirtí nach bhfuil aon chonradh eiseachadta aige leis, féadfaidh sé an Coinbhinsiún seo a bhreithniú mar bhunús dlí le haghaidh eiseachadta i leith aon chiona lena mbaineann an t‑airteagal seo.
6.Na Stáit is Páirtithe a chuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)An tráth a thaiscfidh siad a n‑ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta nó aontachais leis an gCoinbhinsiún seo, cuirfidh siad in iúl d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe an nglacfaidh siad leis an gCoinbhinsiún seo mar bhunús dlí don chomhar maidir le heiseachadadh le Stáit eile is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo; agus
(b)Mura nglacfaidh siad leis an gCoinbhinsiún seo mar bhunús dlí don chomhar maidir le heiseachadadh, féachfaidh siad, más iomchuí, le conarthaí maidir le heiseachadadh a thabhairt i gcrích le Stáit eile is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo chun an t‑airteagal seo a chur chun feidhme.
7.Na Stáit is Páirtithe nach gcuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann, aithneoidh siad cionta lena mbaineann an t‑airteagal seo mar chionta ineiseachadta eatarthu féin.
8.Beidh an t‑eiseachadadh faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear le dlí náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrtha nó leis na conarthaí eiseachadta is infheidhme, lena n‑áirítear, inter alia, coinníollacha i ndáil leis an gceanglas íosta pionóis le haghaidh eiseachadta agus na forais ar a bhféadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha eiseachadadh a dhiúltú.
9.Féachfaidh na Stáit is Páirtithe, faoi réir a ndlí náisiúnta, le dlús a chur le nósanna imeachta eiseachadta agus le ceanglais fhianaiseacha a bhaineann leo a shimpliú i leith aon chiona lena mbaineann an t‑airteagal seo.
10.Faoi réir fhorálacha a dhlí náisiúnta agus a chonarthaí eiseachadta, ar bheith deimhin dó go bhfuil údar leis de bharr na n‑imthosca agus go bhfuil práinn leo, agus arna iarraidh sin don Stát is Páirtí iarrthach, lena n‑áirítear nuair a tharchuirtear an iarraidh trí bhealaí de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta atá ann cheana, féadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha duine a bhfuil a eiseachadadh á lorg agus atá i láthair ina chríoch a thógáil faoi choimeád nó bearta iomchuí eile a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an duine i láthair ag imeachtaí eiseachadta.
11.Aon Stát is Páirtí a bhfaighfear ciontóir líomhnaithe ina chríoch, mura n‑eiseachadfaidh sé an duine sin i leith ciona lena mbaineann an t‑airteagal seo ar an aon fhoras amháin gur duine dá náisiúnaigh an duine, beidh d'oibleagáid air, arna iarraidh sin don Stát is Páirtí a lorgóidh eiseachadadh, an cás a chur faoi bhráid a údarás inniúil gan moill mhíchuí chun críche ionchúisimh. Déanfaidh na húdaráis sin a gcinntí agus seolfaidh siad a n‑imeachtaí ar an mbealach céanna agus a dhéanann siad i gcás aon chiona eile de chineál inchomparáide faoi dhlí náisiúnta an Stáit sin is Páirtí. Oibreoidh na Stáit is Páirtithe lena mbaineann i gcomhar le chéile, go háirithe maidir le gnéithe nós imeachta agus fianaiseacha, chun éifeachtúlacht an ionchúisimh sin a áirithiú.
12.Aon uair a cheadaítear do Stát is Páirtí faoina dhlí náisiúnta duine dá náisiúnaigh a eiseachadadh nó a thabhairt suas ar bhealach eile ach amháin ar an gcoinníoll go dtabharfar an duine ar ais don Stát is Páirtí sin chun an phianbhreith a forchuireadh de thoradh na trialach nó na n‑imeachtaí ar iarradh eiseachadadh nó tabhairt suas an duine ina leith a chur isteach agus go gcomhaontóidh an Stát sin is Páirtí agus an Stát is Páirtí a iarrfaidh eiseachadadh an duine leis an rogha seo agus le téarmaí eile a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, is leor an t‑eiseachadadh nó an tabhairt suas coinníollach sin chun an oibleagáid atá leagtha amach i mír 11 den airteagal seo a chomhlíonadh.
13.Má dhiúltaítear eiseachadadh, a lorgaítear chun pianbhreith a fhorfheidhmiú, toisc gur náisiúnach de chuid an Stáit is Páirtí iarrtha é an duine a lorgaítear,
déanfaidh an Stát is Páirtí iarrtha, má cheadaíonn a dhlí náisiúnta amhlaidh agus i gcomhréir le ceanglais an dlí sin, ar iarratas ón Stát is Páirtí iarrthach, breithniú ar fhorfheidhmiú na pianbhreithe arna forchur faoi dhlí náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrthach nó an chuid eile di.
14.Aon duine a bhfuil imeachtaí á seoladh ina leith i dtaca le haon cheann de na cionta lena mbaineann an t‑airteagal seo, ráthófar cóir chothrom dó ag gach céim de na himeachtaí, lena n‑áirítear teachtadh na gceart agus na ráthaíochtaí uile dá bhforáiltear le dlí náisiúnta an Stáit is Páirtí a bhfuil an duine sin i láthair ina chríoch.
15.Ní léireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid eiseachadadh a dhéanamh má tá forais shubstaintiúla ag Stát is Páirtí iarrtha lena chreidiúint go ndearnadh an iarraidh chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar ghnéas, cine, teanga, reiligiún, náisiúntacht, bunadh eitneach nó tuairimí polaitiúla an duine sin, nó go ndéanfadh comhlíonadh na hiarrata dochar do sheasamh an duine sin ar aon cheann de na cúiseanna sin.
16.Ní fhéadfaidh na Stáit is Páirtithe iarraidh ar eiseachadadh a dhiúltú ar an aon fhoras amháin go meastar go bhfuil ábhair fhioscacha i gceist leis an gcion freisin.
17.Sula ndiúltóidh sé eiseachadadh, rachaidh an Stát is Páirtí iarrtha, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle leis an Stát is Páirtí iarrthach chun neart deiseanna a thabhairt dó a thuairimí a chur i láthair agus faisnéis a sholáthar is iomchuí maidir lena líomhain.
18.Cuirfidh an Stát is Páirtí iarrtha a chinneadh maidir leis an eiseachadadh in iúl don Stát is Páirtí iarrthach. Cuirfidh an Stát is Páirtí iarrtha an Stát is Páirtí iarrthach ar an eolas faoi aon chúis le heiseachadadh a dhiúltú mura gcoisctear ar an Stát is Páirtí iarrtha é sin a dhéanamh lena dhlí náisiúnta nó lena oibleagáidí dlíthiúla idirnáisiúnta.
19.Déanfaidh gach Stát is Páirtí, tráth an tsínithe nó tráth taiscthe a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasa nó aontachais, ainm agus seoladh údaráis a bheidh freagrach as iarrataí ar eiseachadadh nó ar ghabháil shealadach a dhéanamh nó a fháil a chur in iúl d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Déanfaidh an tArd‑Rúnaí clár d’údaráis arna n‑ainmniú amhlaidh ag na Stáit is Páirtithe a chur ar bun agus a choinneáil cothrom le dáta. Cinnteoidh gach Stát is Páirtí go mbeidh na sonraí a choimeádtar sa chlár ceart i gcónaí.
20.Féachfaidh na Stáit is Páirtithe le comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha agus iltaobhacha a thabhairt i gcrích chun éifeachtacht an eiseachadta a chur i gcrích nó a fheabhsú.
Airteagal 38
Daoine faoi phianbhreith a aistriú
Féadfaidh na Stáit is Páirtithe, agus cearta daoine faoi phianbhreith á gcur san áireamh, breithniú a dhéanamh ar chomhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a dhéanamh maidir le daoine ar cuireadh pianbhreith phríosúnachta nó cineálacha eile caillte saoirse orthu a aistriú chuig a gcríoch i leith cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, ionas go bhféadfaidh siad a bpianbhreitheanna a chur i gcrích ansin. Féadfaidh na Stáit is Páirtithe saincheisteanna a bhaineann le toiliú, athshlánú agus athimeascadh a chur san áireamh freisin.
Airteagal 39
Imeachtaí coiriúla a aistriú
1.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe an bhféadfaí imeachtaí a aistriú chuig a chéile chun cion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a ionchúiseamh go coiriúil i gcás ina measfar aistriú den sórt sin a bheith ar mhaithe le riar cuí an cheartais, go háirithe i gcásanna ina bhfuil roinnt dlínsí i gceist, d’fhonn an t‑ionchúiseamh a dhíriú.
2.Stát is Páirtí a chuireann de choinníoll le haistriú imeachtaí coiriúla gur ann do chonradh, má fhaigheann sé iarraidh ar aistriú ó Stát eile is Páirtí nach bhfuil aon chonradh aige leis san ábhar sin, féadfaidh sé a mheas gurb é an Coinbhinsiún seo an bunús dlí le haistriú imeachtaí coiriúla i leith aon chiona lena mbaineann an t‑airteagal seo.
Airteagal 40
Prionsabail agus nósanna imeachta ginearálta a bhaineann le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach
1.Tabharfaidh na Stáit is Páirtithe an beart is leithne de chúnamh dlíthiúil frithpháirteach dá chéile in imscrúduithe, ionchúisimh agus imeachtaí breithiúnacha i ndáil leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, agus chun fianaise a bhailiú i bhfoirm leictreonach maidir le cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, chomh maith le coireanna tromchúiseacha.
2.Tabharfar cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a mhéid is féidir faoi dhlíthe, conarthaí, comhaontuithe agus socruithe ábhartha an Stáit is Páirtí iarrtha maidir le himscrúduithe, ionchúisimh agus imeachtaí breithiúnacha i ndáil leis na cionta a bhféadfar duine dlítheanach a chur faoi dhliteanas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 den Choinbhinsiún seo sa Stát is Páirtí iarrthach.
3.Féadfar cúnamh dlíthiúil frithpháirteach atá le tabhairt i gcomhréir leis an airteagal seo a iarraidh chun aon cheann de na críocha seo a leanas:
(a)Fianaise nó ráitis a ghlacadh ó dhaoine;
(b)Seirbheáil doiciméad breithiúnach a dhéanamh;
(c)Cuardaigh agus urghabhálacha a dhéanamh, agus reo;
(d)Sonraí leictreonacha a stóráiltear trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide de bhun Airteagal 44 den Choinbhinsiún seo a chuardach nó a rochtain ar an gcaoi chéanna, a urghabháil nó a dhaingniú ar an gcaoi chéanna, agus a nochtadh;
(e)Sonraí tráchta a bhailiú i bhfíor‑am de bhun Airteagal 45 den Choinbhinsiún seo;
(f)Sonraí ábhair a idircheapadh de bhun Airteagal 46 den Choinbhinsiún seo;
(g)Rudaí agus láithreáin a scrúdú;
(h)Faisnéis, fianaise agus meastóireachtaí saineolaithe a sholáthar;
(i)Bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid agus de thaifid ábhartha a sholáthar, lena n‑áirítear taifid rialtais, bhainc, airgeadais, chorparáideacha nó ghnó;
(j)Fáltais ó choireacht, ó mhaoin, ó ionstraimeachtaí nó ó rudaí eile a shainaithint nó a rianú chun críocha fianaise;
(k)Láithreacht daoine sa Stát is Páirtí iarrthach a éascú go deonach
(l);
(m)Fáltais ó choireacht a aisghabháil;
(n)Aon chineál cúnaimh eile nach bhfuil contrártha do dhlí náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrtha.
4.Gan dochar don dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla Stáit is Páirtí, gan réamhiarraidh, faisnéis a bhaineann le hábhair choiriúla a tharchur chuig údarás inniúil i Stát is Páirtí eile i gcás ina gcreideann siad go bhféadfadh an fhaisnéis sin cabhrú leis an údarás fiosrúcháin agus imeachtaí coiriúla a dhéanamh nó a thabhairt chun críche go rathúil nó go bhféadfadh iarraidh arna déanamh ag an Stát is Páirtí sin de bhun an Choinbhinsiúin seo a bheith mar thoradh uirthi.
5.Beidh tarchur faisnéise de bhun mhír 4 den airteagal seo gan dochar d’fhiosrúcháin agus d’imeachtaí coiriúla i Stát na n‑údarás inniúil a sholáthraíonn an fhaisnéis. Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla a gheobhaidh an fhaisnéis iarraidh go bhfanfaidh an fhaisnéis sin faoi rún, fiú go sealadach, nó go mbeidh srianta ar a húsáid. Ní chuirfidh sé sin cosc, áfach, ar an Stát is Páirtí glacaidh faisnéis atá saorthach do dhuine cúisithe a nochtadh ina imeachtaí. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an Stát is Páirtí glacaidh fógra don Stát tarchuir is Páirtí roimh an nochtadh agus, má iarrtar sin air, rachaidh sé i gcomhairle leis
an Stát is Páirtí tarchuir. Más rud é, i gcás eisceachtúil, nach féidir réamhfhógra a thabhairt, cuirfidh an Stát is Páirtí glacaidh an nochtadh in iúl don Stát is Páirtí tarchuir gan mhoill.
6.Ní dhéanfaidh forálacha an airteagail seo difear d'oibleagáidí faoi aon chonradh eile, bíodh sé déthaobhach nó iltaobhach, lena rialaítear nó lena rialófar, go hiomlán nó go páirteach, cúnamh dlíthiúil frithpháirteach.
7.Beidh feidhm ag míreanna 8 go 31 den airteagal seo maidir le hiarrataí arna ndéanamh de bhun an airteagail seo mura bhfuil na Stáit is Páirtithe i gceist faoi cheangal ag conradh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach. Má tá na Stáit is Páirtithe sin faoi cheangal ag conradh den sórt sin, beidh feidhm ag forálacha comhfhreagracha an chonartha sin mura gcomhaontóidh na Stáit is Páirtithe míreanna 8 go 31 den airteagal seo a chur i bhfeidhm ina n‑ionad. Moltar go láidir do na Stáit is Páirtithe forálacha na míreanna sin a chur i bhfeidhm má éascaíonn siad an comhar.
8.Féadfaidh na Stáit is Páirtithe diúltú cúnamh a thabhairt de bhun an airteagail seo ar an bhforas nach bhfuil coiriúlacht dhúbailte ann. Féadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha, áfach, nuair a mheasann sé gurb iomchuí, cúnamh a sholáthar, a mhéid a chinnfidh sé dá rogha féin, gan beann ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh an t‑iompar ina chion faoi dhlí náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrtha. Féadfar cúnamh a dhiúltú nuair a bhaineann iarrataí le hábhair de chineál de minimis nó le hábhair a bhfuil an comhar nó an cúnamh atá á lorg ar fáil ina leith faoi fhorálacha eile den Choinbhinsiún seo.
9.Duine atá á choinneáil nó a bhfuil pianbhreith á cur isteach aige i gcríoch Stáit is Páirtí amháin agus a n‑iarrtar air a bheith i láthair i Stát is Páirtí eile chun críocha aitheantais, fianaise a thabhairt nó cúnamh a sholáthar ar bhealach eile chun fianaise a fháil le haghaidh imscrúduithe, ionchúiseamh nó imeachtaí breithiúnacha i ndáil le cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, féadfar é a aistriú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)Tugann an duine toiliú feasach faoi shaoirse;
(b)Comhaontaíonn údaráis inniúla an dá Stát is Páirtithe, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh na Stáit is Páirtithe sin a bheith iomchuí.
10.Chun críocha mhír 9 den airteagal seo:
(a)Beidh an t‑údarás agus an oibleagáid ag an Stát is Páirtí a n‑aistrítear an duine chuige an duine a aistríodh a choinneáil faoi choimeád, mura n‑iarrann nó mura n‑údaraíonn an Stát is Páirtí ónar aistríodh an duine a mhalairt;
(b)Déanfaidh an Stát is Páirtí a n‑aistrítear an duine chuige, gan mhoill, a oibleagáid a chur i ngníomh chun an duine a thabhairt ar ais do choimeád an Stáit is Páirtí ónar aistríodh an duine mar a comhaontaíodh roimh ré, nó mar a comhaontaíodh ar bhealach eile, ag údaráis inniúla an dá Stát is Páirtithe;
(c)Ní cheanglóidh an Stát is Páirtí a n‑aistrítear an duine chuige ar an Stát is Páirtí ónar aistríodh an duine imeachtaí eiseachadta a thionscnamh chun an duine a thabhairt ar ais;
(d)Gheobhaidh an duine a aistrítear creidiúint as seirbheáil na pianbhreithe a bheidh á seirbheáil sa Stát ónar aistríodh an duine ar feadh tréimhse a caitheadh i gcoimeád an Stáit is Páirtí ar aistríodh an duine chuige.
11.Mura gcomhaontaíonn an Stát is Páirtí óna n‑aistrítear duine i gcomhréir le míreanna 9 agus 10 den airteagal seo amhlaidh, ní dhéanfar an duine sin, gan beann ar náisiúntacht an duine, a ionchúiseamh, a choimeád, a phionósú ná a chur faoi réir aon sriain eile saoirse i gcríoch an Stáit a n‑aistrítear an duine sin chuige i leith gníomhartha, neamhghníomhartha nó ciontuithe sular imigh an duine ó chríoch an Stáit ónar aistríodh an duine.
12.(a) Ainmneoidh gach Stát is Páirtí údarás lárnach nó údaráis lárnacha a mbeidh an fhreagracht agus an chumhacht aige nó acu iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a fháil agus iad a fhorghníomhú nó iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla lena bhforghníomhú. I gcás ina bhfuil réigiún nó críoch speisialta ag Stát is Páirtí ag a bhfuil córas ar leithligh um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, féadfaidh sé údarás lárnach ar leith a ainmniú a mbeidh an fheidhm chéanna aige maidir leis an réigiún nó leis an gcríoch sin;
(b)Áiritheoidh na húdaráis lárnacha go ndéanfar na hiarrataí a gheofar a fhorghníomhú nó a tharchur go tapa agus go cuí. I gcás ina dtarchuirfidh an t‑údarás lárnach an iarraidh chuig údarás inniúil lena forghníomhú, spreagfaidh sé an t‑údarás inniúil chun an iarraidh a fhorghníomhú go tapa agus go cuí;
(c)Tabharfar fógra d’Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an údarás lárnach a bheidh ainmnithe chun na críche sin an tráth a thaiscfidh gach Stát is Páirtí a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta nó a aontachais leis an gCoinbhinsiún seo, agus déanfaidh sé clár d’údaráis lárnacha arna n‑ainmniú ag na Stáit is Páirtithe a chur ar bun agus a choinneáil cothrom le dáta. Cinnteoidh gach Stát is Páirtí go mbeidh na sonraí a choimeádfar sa chlár ceart i gcónaí;
(d)Déanfar iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus aon chumarsáid a bhaineann leo a tharchur chuig na húdaráis lárnacha arna n‑ainmniú ag na Stáit is Páirtithe. Beidh an ceanglas sin gan dochar do cheart Stáit is Páirtí a cheangal go ndéanfar iarrataí agus cumarsáidí den sórt sin a dhíriú chuige trí bhealaí taidhleoireachta agus, in imthosca práinneacha, i gcás ina gcomhaontaíonn na Stáit is Páirtithe, trí Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta, más féidir.
13.Déanfar iarrataí i scríbhinn nó, i gcás inar féidir, trí aon mhodh lenar féidir taifead i scríbhinn a sholáthar, i dteanga atá inghlactha ag an Stát is Páirtí iarrtha, faoi choinníollacha lena gceadaítear don Stát is Páirtí sin barántúlacht a shuí. Cuirfear in iúl d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe an teanga nó na teangacha is inghlactha ag gach Stát is Páirtí an tráth a thaiscfidh sé a ionstraim
dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta nó aontachais leis an gCoinbhinsiún seo. In imthosca práinneacha agus i gcás ina gcomhaontaíonn na Stáit is Páirtithe amhlaidh, féadfar iarrataí a dhéanamh ó bhéal, ach déanfar iad a dhaingniú i scríbhinn láithreach.
14.I gcás nach ndéantar toirmeasc air sin lena ndlíthe faoi seach, moltar d’údaráis lárnacha na Stát is Páirtithe iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, agus cumarsáidí a bhaineann leis sin, a tharchur agus a fháil, chomh maith le fianaise, i bhfoirm leictreonach faoi choinníollacha lena gceadaítear don Stát is Páirtí iarrtha barántúlacht a shuí agus slándáil na cumarsáide a áirithiú.
15.Beidh an méid seo a leanas in iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach:
(a)Céannacht an údaráis a dhéanann an iarraidh;
(b)Ábhar agus cineál an imscrúdaithe, an ionchúisimh nó an imeachta bhreithiúnaigh lena mbaineann an iarraidh agus ainm agus feidhmeanna an údaráis a bhfuil an t‑imscrúdú, an t‑ionchúiseamh nó an t‑imeacht breithiúnach á sheoladh aige;
(c)Achoimre ar na fíorais ábhartha, ach amháin i ndáil le hiarrataí chun doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil;
(d)Tuairisc ar an gcúnamh atá á lorg agus mionsonraí faoi aon nós imeachta ar leith is mian leis an Stát is Páirtí iarrthach a leanúint;
(e)I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, céannacht, suíomh agus náisiúntacht aon duine lena mbaineann, chomh maith le tír thionscnaimh, tuairisc agus suíomh aon ítime nó aon chuntas lena mbaineann;
(f)I gcás inarb infheidhme, an tréimhse ama a bhfuil an fhianaise, an fhaisnéis nó an cúnamh eile á lorg ina leith; agus
(g)An cuspóir a bhfuil an fhianaise, an fhaisnéis nó an cúnamh eile á lorg ina leith.
16.Féadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha faisnéis bhreise a iarraidh nuair a dhealraíonn sé gur gá sin chun an iarraidh a fhorghníomhú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó nuair is féidir leis forghníomhú den sórt sin a éascú.
17.Déanfar iarraidh a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrtha agus, a mhéid nach bhfuil sé contrártha do dhlí náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrtha agus i gcás inar féidir, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear san iarraidh.
18.Aon uair is féidir agus i gcomhréir le bunphrionsabail an dlí náisiúnta, nuair a bhíonn duine aonair i gcríoch Stáit is Páirtí agus nach mór d’údaráis bhreithiúnacha Stáit is Páirtí eile éisteacht a thabhairt dó mar fhinné, mar íospartach nó mar shaineolaí,
féadfaidh an chéad Stát is Páirtí, arna iarraidh sin do pháirtí eile, a cheadú go ndéanfar an éisteacht trí fhíschomhdháil mura bhfuil sé indéanta nó inmhianaithe don duine aonair atá i gceist a bheith i láthair i bpearsa i gcríoch an Stáit is Páirtí iarrthach. Féadfaidh na Stáit is Páirtithe a chomhaontú gur údarás breithiúnach de chuid an Stáit is Páirtí iarrthach a sheolfaidh an éisteacht agus go bhfreastalóidh údarás breithiúnach de chuid an Stáit is Páirtí iarrtha uirthi. Mura bhfuil rochtain ag an Stát iarrtha is Páirtí ar na modhanna teicniúla is gá chun físchomhdháil a thionól, féadfaidh an Stát is Páirtí iarrthach na modhanna sin a sholáthar, trí chomhaontú frithpháirteach.
19.Ní dhéanfaidh an Stát is Páirtí iarrthach faisnéis nó fianaise arna soláthar ag an Stát is Páirtí iarrtha a tharchur nó a úsáid le haghaidh imscrúduithe, ionchúiseamh nó imeachtaí breithiúnacha seachas na cinn a luaitear san iarraidh gan toiliú roimh ré ón Stát is Páirtí iarrtha. Ní chuirfidh aon ní sa mhír seo cosc ar an Stát is Páirtí iarrthach faisnéis nó fianaise atá saorthach do dhuine cúisithe a nochtadh ina imeachtaí. Sa chás deireanach sin, tabharfaidh an Stát is Páirtí iarrthach fógra don Stát is Páirtí iarrtha roimh an nochtadh agus, má iarrtar sin air, rachaidh sé i gcomhairle leis an Stát is Páirtí iarrtha. Más rud é, i gcás eisceachtúil, nach féidir réamhfhógra a thabhairt, cuirfidh an Stát is Páirtí iarrthach an nochtadh in iúl don Stát is Páirtí iarrtha gan mhoill.
20.Féadfaidh an Stát is Páirtí iarrthach a cheangal go gcoinneoidh an Stát is Páirtí iarrtha fíoras agus substaint na hiarrata faoi rún, ach amháin a mhéid is gá chun an iarraidh a fhorghníomhú. Mura féidir leis an Stát is Páirtí iarrtha an ceanglas rúndachta a chomhlíonadh, cuirfidh sé an Stát is Páirtí iarrthach ar an eolas go pras.
21.Féadfar cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a dhiúltú:
(a)Mura ndéantar an iarraidh i gcomhréir le forálacha an airteagail seo;
(b)Má mheasann an Stát is Páirtí iarrtha gur dócha go ndéanfaidh forghníomhú na hiarrata dochar dá cheannasacht, dá shlándáil, dá ordre public nó do leasanna bunúsacha eile;
(c)Dá dtoirmiscfí údaráis an Stáit is Páirtí iarrtha lena dhlí náisiúnta an chaingean a iarradh a dhéanamh maidir le haon chion comhchosúil, dá mbeadh sé faoi réir imscrúdaithe, ionchúisimh nó imeachtaí breithiúnacha faoina ndlínse féin;
(d)Dá mbeadh sé contrártha do chóras dlí an Stáit is Páirtí iarrtha maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach chun an iarraidh a dheonú.
22.Ní léireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a thabhairt má tá forais shubstaintiúla ag Stát is Páirtí iarrtha lena chreidiúint go ndearnadh an iarraidh chun duine a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar ghnéas, cine, teanga, reiligiún, náisiúntacht, bunadh eitneach nó tuairimí polaitiúla an duine sin, nó go ndéanfadh comhlíonadh na hiarrata dochar do sheasamh an duine sin ar aon cheann de na cúiseanna sin.
23.Ní fhéadfaidh na Stáit is Páirtithe iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a dhiúltú ar an bhforas amháin go meastar go bhfuil ábhair fhioscacha i gceist leis an gcion freisin.
24.Ní dhiúltóidh Stáit is Páirtithe cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a thabhairt de bhun an airteagail seo ar fhoras rúndachta bainc.
25.Tabharfar cúiseanna le haon diúltú do chúnamh dlíthiúil frithpháirteach.
26.Déanfaidh an Stát is Páirtí iarrtha an iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a fhorghníomhú a luaithe is féidir agus cuirfidh sé san áireamh a mhéid is féidir aon sprioc‑am arna mholadh ag an Stát is Páirtí iarrthach agus a dtugtar cúiseanna ina leith, agus is fearr é sin a bheith san iarraidh. Freagróidh an Stát is Páirtí iarrtha d’iarrataí réasúnacha ón Stát is Páirtí iarrthach maidir le stádas na hiarrata agus maidir leis an dul chun cinn i dtaca lena láimhseáil. Cuirfidh an Stát is Páirtí iarrthach an Stát is Páirtí iarrtha ar an eolas go pras nuair nach mbeidh gá a thuilleadh leis an gcúnamh atá á lorg.
27.Féadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a chur siar ar an bhforas go gcuireann sé isteach ar imscrúdú, ionchúiseamh nó imeacht breithiúnach atá ar siúl.
28.Sula ndiúltaíonn sé d’iarraidh de bhun mhír 21 den airteagal seo nó sula gcuireann sé a fhorghníomhú siar de bhun mhír 27 den airteagal seo, rachaidh an Stát is Páirtí iarrtha i gcomhairle leis an Stát is Páirtí iarrthach chun a mheas an bhféadfar cúnamh a dheonú faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh sé is gá. Má ghlacann an Stát is Páirtí iarrthach le cúnamh faoi réir na gcoinníollacha sin, comhlíonfaidh sé na coinníollacha.
29.Gan dochar do chur i bhfeidhm mhír 11 den airteagal seo, aon fhinné, saineolaí nó duine eile a thoilíonn, arna iarraidh sin don Stát is Páirtí iarrthach, fianaise a thabhairt in imeacht nó cúnamh a thabhairt in imscrúdú, ionchúiseamh nó imeacht breithiúnach i gcríoch an Stáit is Páirtí iarrthach, ní dhéanfar é a ionchúiseamh, a choimeád, a phionósú ná a chur faoi réir aon srian eile ar a shaoirse sa chríoch sin i leith gníomhartha, neamhghníomhartha nó ciontuithe sula n‑imeoidh an duine ó chríoch an Stáit is Páirtí iarrtha. Tiocfaidh deireadh leis an taisteal sábháilte sin nuair a bheidh deis fágála ag an bhfinné, ag an saineolaí nó ag an duine eile, ar feadh tréimhse 15 lá as a chéile nó ar feadh aon tréimhse arna comhaontú ag na Stáit is Páirtithe ón dáta a cuireadh in iúl go hoifigiúil don duine nach raibh a láithreacht ag teastáil ó na húdaráis bhreithiúnacha a thuilleadh, tar éis dó, dá ainneoin sin, fanacht go deonach i gcríoch an Stáit is Páirtí iarrthach nó, tar éis dó é a fhágáil agus filleadh dá dheoin féin.
30.Is é an Stát is Páirtí iarrtha a iompróidh na gnáthchostais a bhaineann le hiarraidh a fhorghníomhú, mura gcomhaontóidh na Stáit is Páirtithe lena mbaineann a mhalairt. I gcás ina bhfuil nó ina mbeidh gá le caiteachais de chineál substaintiúil nó urghnách chun an iarraidh a chomhlíonadh, rachaidh na Stáit is Páirtithe i gcomhairle le chéile chun na téarmaí agus na coinníollacha a chinneadh faoina ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú, mar aon leis an modh ina n‑íocfar na costais.
31.Maidir leis an Stát is Páirtí iarrtha:
(a)Déanfaidh sé cóipeanna de thaifid, de dhoiciméid nó d’fhaisnéis rialtais atá ina sheilbh agus atá ar fáil don phobal i gcoitinne faoina dhlí náisiúnta a sholáthar don Stát is Páirtí iarrthach;
(b)Féadfaidh sé, dá rogha féin, cóipeanna d’aon taifid, doiciméid nó faisnéis rialtais atá ina sheilbh agus nach bhfuil ar fáil don phobal i gcoitinne faoina dhlí náisiúnta a sholáthar go hiomlán, go páirteach nó faoi réir cibé coinníollacha a mheasann sé a bheith iomchuí
32.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe, de réir mar is gá, an fhéidearthacht comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích a rachadh chun críocha fhorálacha an airteagail seo, a thabharfadh éifeacht phraiticiúil dóibh nó a chuirfeadh leo.
Airteagal 41
1.Líonra 24/7
2.Ainmneoidh gach Stát is Páirtí pointe teagmhála a bheidh ar fáil 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, chun a áirithiú go soláthrófar cúnamh láithreach chun críche imscrúduithe coiriúla, ionchúisimh nó imeachtaí breithiúnacha sonracha a bhaineann le cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, nó chun fianaise a bhailiú, a fháil agus a chaomhnú i bhfoirm leictreonach chun críocha mhír 3 den airteagal seo agus i ndáil leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, agus i ndáil leis an gcoireacht thromchúiseach chomh maith.
3.Tabharfar fógra d’Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an bpointe teagmhála sin agus coimeádfaidh sé clár atá cothrom le dáta de phointí teagmhála arna n‑ainmniú chun críocha an airteagail seo agus scaipfidh sé liosta nuashonraithe na bpointí teagmhála ar na Stáit is Páirtithe gach bliain.
4.Cuimseofar sa chúnamh sin na bearta seo a leanas a éascú nó, má cheadaítear sin le dlí agus cleachtas náisiúnta an Stáit is Páirtí iarrtha, na bearta seo a leanas a chur i gcrích go díreach:
(a)Comhairle theicniúil a sholáthar;
(b)Sonraí leictreonacha stóráilte a chaomhnú de bhun Airteagail 42 agus 43 den Choinbhinsiún seo, lena n‑áirítear, de réir mar is cuí, faisnéis faoi shuíomh an tsoláthraí seirbhíse, más eol don Stát is Páirtí iarrtha é, chun cabhrú leis an Stát is Páirtí iarrthach iarraidh a dhéanamh;
(c)Fianaise a bhailiú agus faisnéis dhlíthiúil a sholáthar;
(d)Daoine atá faoi amhras a aimsiú; nó
(e)Sonraí leictreonacha a sholáthar chun éigeandáil a sheachaint.
5.Beidh sé de chumas ag pointe teagmhála Stáit is Páirtí cumarsáid a dhéanamh le pointe teagmhála Stáit eile is Páirtí ar bhonn brostaithe. Mura bhfuil an pointe teagmhála arna ainmniú ag Stát is Páirtí mar chuid d’údarás nó d’údaráis an Stáit sin is Páirtí atá freagrach as cúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó eiseachadadh, áiritheoidh an pointe teagmhála go mbeidh sé in ann comhordú leis an údarás sin nó leis na húdaráis sin ar bhonn brostaithe.
6.Áiritheoidh gach Stát is Páirtí go mbeidh pearsanra oilte agus feistithe ar fáil chun oibriú an líonra 24/7 a áirithiú.
7.Féadfaidh na Stáit is Páirtithe líonraí údaraithe pointí teagmhála atá ann cheana a úsáid agus a neartú freisin, i gcás inarb infheidhme, agus laistigh de theorainneacha a ndlíthe náisiúnta, lena n‑áirítear líonraí 24/7 Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta le haghaidh comhar pras idir póilíní agus modhanna eile comhair maidir le malartú faisnéise.
Airteagal 42
Comhar idirnáisiúnta chun críche caomhnú brostaithe sonraí leictreonacha stóráilte
1.Féadfaidh Stát is Páirtí a iarraidh ar Stát eile is Páirtí a ordú, i gcomhréir le hAirteagal 25 den Choinbhinsiún seo, go gcaomhnaítear go gasta sonraí leictreonacha a stóráiltear trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá suite laistigh de chríoch an Stáit is Páirtí eile sin nó é sin a bhaint amach ar bhealach eile, ar sonraí iad a bhfuil sé beartaithe ag an Stát is Páirtí iarrthach iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a chur isteach ina leith maidir le cuardach a dhéanamh orthu nó rochtain chomhchosúil a fháil orthu, le hurghabháil nó daingniú comhchosúil na sonraí sin, nó lena nochtadh.
2.Féadfaidh an Stát is Páirtí iarrthach an líonra 24/7 dá bhforáiltear in Airteagal 41 den Choinbhinsiún seo a úsáid chun faisnéis a lorg maidir le suíomh na sonraí leictreonacha a stóráiltear trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus, de réir mar is iomchuí, faisnéis faoi shuíomh an tsoláthraí seirbhíse.
3.Sonrófar an méid seo a leanas in iarraidh ar chaomhnú arna déanamh faoi mhír 1 den airteagal seo:
(a)An t‑údarás a bhfuil an caomhnú á lorg aige;
(b)An cion atá faoi réir imscrúdú coiriúil, ionchúisimh nó imeacht breithiúnach agus achoimre ghairid ar na fíorais ghaolmhara;
(c)Na sonraí leictreonacha stóráilte atá le caomhnú agus an gaol atá acu leis an gcion;
(d)Aon fhaisnéis atá ar fáil lena sainaithnítear coimeádaí na sonraí leictreonacha stóráilte nó suíomh an chórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;
(e)An gá atá leis an gcaomhnú;
(f)Go bhfuil sé beartaithe ag an Stát is Páirtí iarrthach iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach a chur isteach maidir le cuardach a dhéanamh ar na sonraí leictreonacha stóráilte nó le rochtain chomhchosúil a fháil orthu, le hurghabháil nó daingniú comhchosúil na sonraí sin, nó lena nochtadh;
(g)De réir mar is iomchuí, an gá atá leis an iarraidh ar chaomhnú a choinneáil faoi rún agus gan fógra a thabhairt don úsáideoir.
4.Ar an iarraidh a fháil ó Stát eile is Páirtí, déanfaidh an Stát is Páirtí iarrtha gach beart iomchuí chun na sonraí leictreonacha sonraithe a chaomhnú go gasta i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. Chun freagairt d’iarraidh, ní bheidh gá le coiriúlacht dhúbailte mar choinníoll chun an caomhnú sin a sholáthar.
5.Stát is Páirtí a éilíonn coiriúlacht dhúbailte mar choinníoll chun freagairt d’iarraidh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach maidir le cuardach a dhéanamh ar shonraí leictreonacha stóráilte nó le rochtain chomhchosúil a fháil orthu, le hurghabháil nó daingniú comhchosúil na sonraí sin, nó lena nochtadh , féadfaidh sé, i leith cionta seachas na cionta sin a bhunaítear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, an ceart a fhorchoimeád chun diúltú don iarraidh ar chaomhnú faoin airteagal seo i gcásanna ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint, tráth an nochta, nárbh fhéidir coinníoll na coiriúlachta dúbailte a chomhlíonadh.
6.Ina theannta sin, ní fhéadfar iarraidh ar chaomhnú a dhiúltú ach amháin ar bhonn na bhforas atá in Airteagal 40, mír 21 (b) agus (c) agus mír 22, den Choinbhinsiún seo.
7.I gcás ina gcreideann an Stát is Páirtí iarrtha nach n‑áiritheofar le caomhnú go mbeidh na sonraí ar fáil amach anseo nó go gcuirfidh sé rúndacht imscrúdú an Stáit is Páirtí iarrthach i mbaol nó go ndéanfaidh sé dochar ar bhealach eile dó, cuirfidh sé an méid sin in iúl go pras don Stát is Páirtí iarrthach, agus cinnfidh an Stát iarrthach ansin ar cheart an iarraidh a fhorghníomhú mar sin féin.
8.Aon chaomhnú a dhéanfar mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1 den airteagal seo, mairfidh sé ar feadh tréimhse nach lú ná 60 lá, chun a chur ar a chumas don Stát is Páirtí iarrthach iarraidh a chur isteach ar chuardach a dhéanamh ar na sonraí nó ar rochtain chomhchosúil a fháil orthu, ar urghabháil nó daingniú comhchosúil na sonraí, nó ar a nochtadh. Tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, leanfar de na sonraí a chaomhnú go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an iarraidh sin.
9.Sula rachaidh an tréimhse chaomhnaithe i mír 8 den airteagal seo in éag, féadfaidh an Stát is Páirtí iarrthach síneadh ar an tréimhse chaomhnaithe a iarraidh.
Airteagal 43
Comhar idirnáisiúnta chun críche nochtadh brostaithe sonraí tráchta caomhnaithe
1.Más rud é, le linn iarraidh arna déanamh de bhun airteagal 42 den Choinbhinsiún seo a fhorghníomhú chun sonraí tráchta a bhaineann le cumarsáid shonrach a chaomhnú, go bhfaigheann an Stát is Páirtí iarrtha amach go raibh baint ag soláthraí seirbhíse i Stát is Páirtí eile le tarchur na cumarsáide, déanfaidh an Stát is Páirtí iarrtha méid leordhóthanach sonraí tráchta a nochtadh go gasta don Stát is Páirtí iarrthach chun an soláthraí seirbhíse sin agus an bealach trínar tarchuireadh an chumarsáid a shainaithint.
2.Ní fhéadfar nochtadh sonraí tráchta faoi mhír 1 den airteagal seo a dhiúltú ach amháin ar bhonn na bhforas atá in Airteagal 40, mír 21 (b) agus (c) agus mír 22, den Choinbhinsiún seo.
Airteagal 44
Cúnamh dlíthiúil frithpháirteach maidir le sonraí leictreonacha stóráilte a rochtain
1.Féadfaidh Stát is Páirtí a iarraidh ar Stát is Páirtí eile sonraí leictreonacha a stóráiltear trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá suite laistigh de chríoch an Stáit is Páirtí iarrtha, lena n‑áirítear sonraí leictreonacha a caomhnaíodh de bhun airteagal 42 den Choinbhinsiún seo, a chuardach nó a rochtain ar an gcaoi chéanna, a urghabháil nó a dhaingniú ar an gcaoi chéanna, agus a nochtadh.
2.Freagróidh an Stát is Páirtí iarrtha don iarraidh trí ionstraimí agus dlíthe idirnáisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 35 den Choinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha eile na caibidle seo.
3.Tabharfar freagra ar an iarraidh ar bhonn brostaithe sna cásanna seo a leanas:
(a)Tá forais ann lena chreidiúint go bhfuil baol ann go gcaillfí nó go modhnófaí na sonraí ábhartha; nó
(b)Foráiltear ar bhealach eile leis na hionstraimí agus na dlíthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo do chomhar brostaithe.
Airteagal 45
Cúnamh dlíthiúil frithpháirteach maidir le sonraí tráchta a bhailiú i bhfíor‑am
1.Féachfaidh na Stáit is Páirtithe le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar dá chéile chun sonraí tráchta a bhaineann le cumarsáid shonraithe ina gcríoch arna dtarchur trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bhailiú i bhfíor‑am. Faoi réir fhorálacha mhír 2 den airteagal seo,
rialófar an cúnamh sin leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
2.Féachfaidh gach Stát is Páirtí leis an gcúnamh sin a sholáthar ar a laghad maidir le cionta coiriúla a mbeadh bailiú fíor‑ama sonraí tráchta ar fáil ina leith i gcás náisiúnta comhchosúil.
3.Sonrófar an méid seo a leanas in iarraidh a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 den airteagal seo:
(a)Ainm an údaráis iarrthaigh;
(b)Achoimre ar na príomhfhíorais agus ar chineál an imscrúdaithe, an ionchúisimh nó an imeachta bhreithiúnaigh lena mbaineann an iarraidh;
(c)Na sonraí leictreonacha a bhfuil bailiú na sonraí tráchta ag teastáil ina leith agus an gaol atá acu leis an gcion;
(d)Aon sonraí atá ar fáil lena sainaithnítear úinéir nó úsáideoir na sonraí nó suíomh an chórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;
(e)Údar don ghá atá leis na sonraí tráchta a bhailiú;
(f)An tréimhse ar lena linn a bhaileofar sonraí tráchta agus údar comhfhreagrach lena fad.
Airteagal 46
Cúnamh dlíthiúil frithpháirteach maidir le sonraí ábhair a idircheapadh
Féachfaidh na Stáit is Páirtithe le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar dá chéile chun sonraí ábhair cumarsáidí sonraithe a tharchuirtear trí bhíthin córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bhailiú nó a thaifeadadh i bhfíor‑am, a mhéid a cheadaítear sin faoi chonarthaí is infheidhme maidir leo nó faoina ndlíthe náisiúnta.
Airteagal 47
Comhar i bhforfheidhmiú an dlí
1.Oibreoidh na Stáit is Páirtithe i ndlúthchomhar le chéile, i gcomhréir lena gcórais dlí agus riaracháin náisiúnta faoi seach, chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gníomhaíochta forfheidhmithe dlí chun na cionta a bhunaítear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chomhrac. Déanfaidh na Stáit is Páirtithe, go háirithe, bearta éifeachtacha chun:
(a)Bealaí cumarsáide a fheabhsú agus, i gcás inar gá, a bhunú idir a n‑údaráis inniúla, a ngníomhaireachtaí agus a seirbhísí, agus na bealaí atá ann cheana á gcur san áireamh, lena n‑áirítear bealaí Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta, chun malartú slán agus mear faisnéise a éascú
maidir le gach gné de na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, lena n‑áirítear, má mheasann na Stáit is Páirtithe lena mbaineann gurb iomchuí sin, naisc le gníomhaíochtaí coiriúla eile;
(b)Oibriú i gcomhar le Stáit is Páirtithe eile chun fiosrúcháin a dhéanamh maidir le cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo maidir leis an méid seo a leanas:
(i)Céannacht, suíomh agus gníomhaíochtaí daoine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad páirteach i gcionta den sórt sin nó suíomh daoine eile lena mbaineann;
(ii)Gluaiseacht fáltas ó choireacht nó ó mhaoin a fhaightear ó chionta den sórt sin a dhéanamh;
(iii)Gluaiseacht maoine, trealaimh nó ionstraimeachtaí eile a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun cionta den sórt sin a dhéanamh;
(c)Ítimí nó sonraí riachtanacha a sholáthar, i gcás inarb iomchuí, chun críocha anailíseacha nó imscrúdaitheacha;
(d)Faisnéis a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, le Stáit is Páirtithe eile maidir le modhanna sonracha a úsáidtear chun na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a dhéanamh, lena n‑áirítear úsáid céannachtaí bréagacha, doiciméad brionnaithe, athraithe nó bréagach agus modhanna eile chun gníomhaíochtaí a cheilt, chomh maith le teaicticí, teicnící agus nósanna imeachta cibearchoireachta;
(e)Comhordú éifeachtach a éascú idir a n‑údaráis inniúla, a ngníomhaireachtaí agus a seirbhísí agus malartú pearsanra agus saineolaithe eile a chur chun cinn, lena n‑áirítear, faoi réir comhaontuithe déthaobhacha nó socruithe idir na Stáit is Páirtithe lena mbaineann, oifigigh idirchaidrimh a phostú;
(f)Faisnéis a mhalartú agus bearta riaracháin agus bearta eile atá déanta a chomhordú, de réir mar is iomchuí, chun na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a shainaithint go luath.
2.D’fhonn éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún seo, breithneoidh na Stáit is Páirtithe ar chomhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a dhéanamh maidir le comhar díreach idir a ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus, i gcás ina bhfuil comhaontuithe nó socruithe den sórt sin ann cheana, na nithe sin a leasú. In éagmais comhaontuithe nó socruithe den sórt sin idir na Stáit is Páirtithe lena mbaineann, féadfaidh na Stáit is Páirtithe a mheas gurb é an Coinbhinsiún seo is bonn le comhar frithpháirteach i bhforfheidhmiú an dlí i leith na gcionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo. Nuair is iomchuí, bainfidh na Stáit is Páirtithe lánúsáid as comhaontuithe nó socruithe, lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, chun an comhar idir a ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a fheabhsú.
Airteagal 48 Imscrúduithe comhpháirteacha
Breithneoidh na Stáit is Páirtithe comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích trína bhféadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann comhlachtaí comhpháirteacha imscrúdaitheacha a bhunú i ndáil le cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo atá ina n‑ábhar d’imscrúduithe coiriúla, d’ionchúisimh nó d’imeachtaí breithiúnacha i Stát amháin nó níos mó. In éagmais comhaontuithe nó socruithe den sórt sin, féadfar imscrúduithe comhpháirteacha a dhéanamh trí chomhaontú de réir an cháis. Áiritheoidh na Stáit is Páirtithe lena mbaineann go ndéanfar ceannasacht an Stáit is Páirtí ar ina chríoch atá na himscrúduithe sin le déanamh a urramú go hiomlán.
Airteagal 49
Sásraí chun maoin a aisghabháil trí chomhar idirnáisiúnta maidir le coigistiú
1.Chun cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar de bhun Airteagal 50 den Choinbhinsiún seo maidir le maoin a fuarthas trí chion a dhéanamh, nó a raibh baint aici le cion a dhéanamh, arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, déanfaidh gach Stát is Páirtí an méid seo a leanas, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta:
(a)Cibé bearta is gá a dhéanamh chun a cheadú dá húdaráis inniúla éifeacht a thabhairt d’ordú coigistíochta arna eisiúint ag cúirt de chuid Stáit is Páirtí eile;
(b)Cibé bearta is gá a dhéanamh chun a cheadú dá húdaráis inniúla, i gcás ina bhfuil dlínse acu, a ordú go ndéanfar an mhaoin sin de thionscnamh eachtrach a choigistiú trí bhreithniú a dhéanamh ar chion sciúrtha airgid nó ar cibé cion eile a bheidh laistigh dá dhlínse nó trí nósanna imeachta eile a údaraítear faoina dhlí náisiúnta; agus
(c)Breithniú a dhéanamh ar cibé bearta is gá a dhéanamh chun coigistiú maoine den sórt sin a cheadú gan ciontú coiriúil i gcásanna nach féidir an ciontóir a ionchúiseamh mar gheall ar bhás, teitheadh nó neamhláithreacht nó i gcásanna iomchuí eile.
2.Chun cúnamh dlíthiúil frithpháirteach a sholáthar arna iarraidh sin de bhun Airteagal 50, mír 2, den Choinbhinsiún seo, déanfaidh gach Stát is Páirtí an méid seo a leanas, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta:
(a)Cibé bearta is gá a dhéanamh chun a cheadú dá húdaráis inniúla maoin a reo nó a urghabháil ar ordú reo nó urghabhála arna eisiúint ag cúirt nó údarás inniúil de chuid Stáit is Páirtí iarrthach lena soláthraítear bonn réasúnach don Stát is Páirtí iarrtha chun a chreidiúint go bhfuil forais leordhóthanacha ann chun
gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh agus go mbeadh an mhaoin faoi réir ordú coigistíochta ar deireadh chun críocha mhír 1 (a) den airteagal seo;
(b)Cibé bearta is gá a dhéanamh chun a cheadú dá údaráis inniúla maoin a reo nó a urghabháil arna iarraidh sin, ar bearta iad lena soláthraítear bonn réasúnach don Stát is Páirtí iarrtha chun a chreidiúint go bhfuil forais leordhóthanacha ann chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh agus go mbeadh an mhaoin faoi réir ordú coigistíochta ar deireadh chun críocha mhír 1 (a) den airteagal seo; agus
(c)Breithniú a dhéanamh ar bhearta breise a dhéanamh chun cead a thabhairt dá húdaráis inniúla maoin a chaomhnú lena coigistiú, amhail ar bhonn gabháil eachtrach nó cúiseamh coiriúil a bhaineann le maoin den sórt sin a fháil.
Airteagal 50
Comhar idirnáisiúnta chun críocha coigistíochta
1.Aon Stát is Páirtí a fuair iarraidh ó Stát is Páirtí eile a bhfuil dlínse aige ar chion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo chun fáltais ó choireacht, ó mhaoin, ó threalamh nó ó ionstraimeachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 31, mír 1, den Choinbhinsiún seo atá suite ina chríoch a choigistiú, déanfaidh sé an méid seo a leanas, a mhéid is féidir laistigh dá chóras dlí náisiúnta:
(a)An iarraidh a chur faoi bhráid a údarás inniúil chun ordú coigistíochta a fháil agus, má dheonaítear ordú den sórt sin, éifeacht a thabhairt di; nó
(b)Ordú coigistíochta arna eisiúint ag cúirt i gcríoch an Stáit is Páirtí iarrthach de réir Airteagal 31, mír 1, den Choinbhinsiún seo a chur faoi bhráid a húdarás inniúil, d’fhonn éifeacht a thabhairt dó a mhéid a iarrtar é, a mhéid a bhaineann sé le fáltais ó choireacht, ó mhaoin, ó threalamh nó ó ionstraimeachtaí eile atá suite i gcríoch an Stáit is Páirtí iarrtha.
2.Tar éis iarraidh a fháil ó Stát is Páirtí eile a bhfuil dlínse aige ar chion arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo, déanfaidh an Stát is Páirtí iarrtha bearta chun fáltais ó choireacht, ó mhaoin, ó threalamh nó ó ionstraimeachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 31, mír 1, den Choinbhinsiún seo a shainaithint, a rianú agus a reo nó a urghabháil chun críche coigistíochta ar deireadh a bheidh le hordú ag an Stát is Páirtí iarrthach nó, de bhun iarraidh faoi mhír 1 den airteagal seo, ag an Stát is Páirtí iarrtha.
3.Tá forálacha Airteagal 40 den Choinbhinsiún seo infheidhme, mutatis mutandis, maidir leis an airteagal seo. I dteannta na faisnéise a shonraítear in Airteagal 40, mír 15, den Choinbhinsiún seo, beidh an méid seo a leanas in iarrataí a dhéanfar de bhun an airteagail seo:
(a)I gcás iarraidh a bhaineann le mír 1 (a) den airteagal seo, tuairisc ar an maoin atá le coigistiú, lena n‑áirítear, a mhéid is féidir, suíomh na maoine agus, i gcás inarb iomchuí, luach measta na maoine agus ráiteas ar na fíorais ar a bhfuil an Stát is Páirtí iarrthach ag brath atá leordhóthanach chun a chur ar a chumas don Stát is Páirtí iarrtha an t‑ordú a lorg faoina dhlí náisiúnta;
(b)I gcás iarraidh a bhaineann le mír 1 (b) den airteagal seo, cóip atá inghlactha de réir dlí d’ordú coigistíochta ar a bhfuil an iarraidh bunaithe arna heisiúint ag an Stát is Páirtí iarrthach, ráiteas maidir leis na fíorais agus an fhaisnéis maidir lena mhéid a iarrtar forghníomhú an ordaithe, ráiteas ina sonraítear na bearta arna ndéanamh ag an Stát is Páirtí iarrthach chun fógra leordhóthanach a thabhairt do thríú páirtithe bona fide agus chun próis chuí a áirithiú, agus ráiteas gur ordú críochnaitheach é an t‑ordú coigistíochta;
(c)I gcás iarraidh a bhaineann le mír 2 den airteagal seo, ráiteas ar na fíorais ar a bhfuil an Stát is Páirtí iarrthach ag brath agus tuairisc ar na gníomhaíochtaí a iarradh agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, cóip atá inghlactha de réir dlí d’ordú ar a bhfuil an iarraidh bunaithe.
4.Déanfaidh an Stát is Páirtí iarrtha na cinntí nó na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den airteagal seo i gcomhréir le forálacha a dhlí náisiúnta agus a rialacha nós imeachta nó aon chonradh, comhaontú nó socrú déthaobhach nó iltaobhach a mbeidh sé faoina cheangal i ndáil leis an Stát is Páirtí iarrthach, agus déanfaidh sé iad faoi réir na nithe sin freisin.
5.Tabharfaidh gach Stát is Páirtí cóipeanna dá dhlíthe agus dá rialacháin a thugann éifeacht don airteagal seo agus d'aon athruithe ina dhiaidh sin ar na dlíthe agus na rialacháin sin nó tuairisc orthu d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
6.Má roghnaíonn Stát is Páirtí a chur de choinníoll le déanamh na mbeart dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den airteagal seo gur ann do chonradh ábhartha, measfaidh an Stát is Páirtí sin gurb é an Coinbhinsiún seo an bonn conartha is gá agus is leor.
7.Féadfar comhar faoin airteagal seo a dhiúltú freisin nó féadfar bearta sealadacha a chur i leataobh mura bhfaigheann an Stát is Páirtí iarrtha fianaise leordhóthanach thráthúil nó má tá luach de minimis ag baint leis an maoin.
8.Sula gcuirfear i leataobh aon bheart sealadach arna ghlacadh de bhun an airteagail seo, tabharfaidh an Stát is Páirtí iarrtha, aon uair is féidir, deis don Stát is Páirtí iarrthach a chúiseanna a chur i láthair i bhfabhar leanúint den bheart.
9.Ní fhorléireofar forálacha an airteagail seo mar fhorálacha a dhéanann dochar do chearta tríú páirtithe bona fide.
10.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe conarthaí, comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích chun éifeachtacht an chomhair idirnáisiúnta a dhéantar de bhun an airteagail seo a fheabhsú.
Airteagal 51
Comhar speisialta
Gan dochar dá dhlí náisiúnta, féachfaidh gach Stát is Páirtí le bearta a dhéanamh chun a cheadú dó, gan dochar dá imscrúduithe coiriúla, dá ionchúisimh ná dá imeachtaí breithiúnacha féin, faisnéis maidir le fáltais ó chionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chur ar aghaidh chuig Stát is Páirtí eile gan réamhiarraidh, nuair a mheasann sé go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin cabhrú leis an Stát is Páirtí glacaidh imscrúduithe coiriúla, ionchúisimh nó imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh nó a dhéanamh nó go bhféadfadh iarraidh ón Stát is Páirtí sin faoi Airteagal 50 den Choinbhinsiún seo a bheith mar thoradh air.
Airteagal 52
Fáltais choigistithe ó choireacht nó ó mhaoin a thabhairt ar ais agus a dhiúscairt
1.Fáltais ó choireacht nó ó mhaoin arna gcoigistiú ag Stát is Páirtí de bhun Airteagal 31 nó 50 den Choinbhinsiún seo, déanfaidh an Stát is Páirtí sin iad a dhiúscairt de réir a dhlí náisiúnta agus a nósanna imeachta riaracháin.
2.Agus iad ag gníomhú ar iarraidh arna déanamh ag Stát is Páirtí eile i gcomhréir le hAirteagal 50 den Choinbhinsiún seo, déanfaidh Stáit is Páirtithe a mheas agus tosaíocht a thabhairt i ndáil leis an méid sin, a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta agus má iarrtar amhlaidh, an bhféadfaí fáltais choigistithe ó choireacht nó ó mhaoin a thabhairt ar ais don Stát is Páirtí iarrthach ionas gur féidir leis cúiteamh a thabhairt d’íospartaigh na coire nó na fáltais sin ó choireacht nó ó mhaoin a thabhairt ar ais dá n‑úinéirí dlisteanacha roimhe sin.
3.Agus é ag gníomhú ar iarraidh arna déanamh ag Stát is Páirtí eile i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 50 den Choinbhinsiún seo, féadfaidh Stát is Páirtí, tar éis aird chuí a thabhairt ar chúiteamh d’íospartaigh, aird ar leith a thabhairt ar chomhaontuithe nó socruithe a thabhairt i gcrích maidir leis an méid seo a leanas:
(a)Luach na bhfáltas sin ó choireacht nó ó mhaoin nó ó chistí a fhaightear ó dhíol na bhfáltas sin ó choireacht nó ó mhaoin nó ó chuid díobh a ranníoc leis an gcuntas a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 56, mír 2 (c), den Choinbhinsiún seo, agus le comhlachtaí idir‑rialtasacha a dhéanann speisialtóireacht sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta;
(b)Na fáltais sin ó choireacht nó ó mhaoin, nó cistí a dhíorthaítear ó dhíol na bhfáltas sin ó choireacht nó ó mhaoin, a chomhroinnt le Stáit is Páirtithe eile, ar bhonn rialta nó cáis, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó lena nósanna imeachta riaracháin.
4.I gcás inarb iomchuí, mura gcinnfidh na Stáit is Páirtithe a mhalairt, féadfaidh an Stát is Páirtí iarrtha costais réasúnacha arna dtabhú in imscrúduithe, ionchúisimh nó imeachtaí breithiúnacha as a dtiocfaidh maoin choigistithe a thabhairt ar ais nó a dhiúscairt de bhun an airteagail seo a asbhaint.
Caibidil VI Bearta coisctheacha
Airteagal 53 Bearta coisctheacha
1.Féachfaidh gach Stát is Páirtí, i gcomhréir le bunphrionsabail a gcóras dlí, le beartais agus dea‑chleachtais éifeachtacha chomhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme nó a choinneáil ar bun chun deiseanna cibearchoireachta atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo a laghdú trí bhearta iomchuí reachtacha, riaracháin nó eile.
2.Déanfaidh gach Stát is Páirtí bearta iomchuí, laistigh dá acmhainn agus i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha a dhlí náisiúnta, chun rannpháirtíocht ghníomhach daoine aonair agus eintiteas ábhartha lasmuigh den earnáil phoiblí a chur chun cinn, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne, sna gnéithe ábhartha de na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosc.
3.Féadfar an méid seo a leanas a chuimsiú sna bearta coisctheacha:
(a)An comhar a neartú idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí nó ionchúisitheoirí agus daoine aonair agus eintitis ábhartha lasmuigh den earnáil phoiblí, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe ábhartha a bhaineann leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac;
(b)Feasacht an phobail a chur chun cinn maidir leis an mbagairt a bhaineann leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a bheith ann, maidir leis na cúiseanna atá léi agus maidir lena thromchúisí atá sí, trí ghníomhaíochtaí faisnéise poiblí, trí oideachas poiblí, trí chláir litearthachta meáin agus faisnéise agus trí churaclaim lena gcuirtear rannpháirtíocht an phobail chun cinn maidir leis na cionta sin a chosc agus a chomhrac;
(c)Iarrachtaí a fhorbairt agus a dhéanamh chun acmhainneacht na gcóras ceartais choiriúil náisiúnta a mhéadú, lena n‑áirítear oiliúint agus saineolas a fhorbairt i measc cleachtóirí ceartais choiriúil, mar chuid de straitéisí náisiúnta coisctheacha i gcoinne na gcionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo;
(d)Soláthraithe seirbhíse a spreagadh chun bearta éifeachtacha a dhéanamh, i gcás inarb indéanta i bhfianaise imthosca náisiúnta agus a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta, chun slándáil tháirgí, sheirbhísí agus chustaiméirí na soláthraithe seirbhíse a neartú;
(e)Aitheantas a thabhairt do rannchuidiú ghníomhaíochtaí dlisteanacha taighdeoirí slándála nuair a bheartaítear iad go heisiach, agus a mhéid a cheadaítear agus faoi réir na gcoinníollacha a fhorordaítear leis an dlí náisiúnta, le slándáil tháirgí, sheirbhísí agus chustaiméirí na soláthraithe seirbhíse atá lonnaithe laistigh de chríoch an Stáit is Páirtí a neartú agus a fheabhsú;
(f)Cláir agus gníomhaíochtaí a fhorbairt, a éascú agus a chur chun cinn chun daoine atá i mbaol dul i mbun cibearchoireachta a dhíspreagadh ó bheith ina gciontóirí agus chun a gcuid scileanna a fhorbairt ar bhealach dleathach;
(g)Féachaint le daoine a ciontaíodh i gcionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a athimeascadh sa tsochaí;
(h)Straitéisí agus beartais a fhorbairt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun foréigean inscnebhunaithe a tharlaíonn trí úsáid a bhaint as córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a chosc agus a dhíothú, chomh maith le cúinsí agus riachtanais speisialta daoine atá i staideanna leochaileacha a chur san áireamh agus bearta coisctheacha á bhforbairt;
(i)Iarrachtaí sonracha agus saincheaptha a dhéanamh chun leanaí a choinneáil sábháilte ar líne, lena n‑áirítear trí oideachas agus oiliúint maidir le mí‑úsáid ghnéasach leanaí nó teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne agus feasacht an phobail ina leith a ardú agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar chreataí dlíthiúla náisiúnta agus trí fheabhas a chur ar chomhar idirnáisiúnta atá dírithe ar í a chosc, chomh maith le hiarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfear ábhar mí‑úsáide gnéasaí leanaí agus teacht i dtír gnéasaigh ar leanaí go tapa;
(j)Feabhas a chur ar thrédhearcacht na bpróiseas cinnteoireachta agus rannchuidiú an phobail leis na próisis sin a chur chun cinn agus a áirithiú go mbeidh rochtain leormhaith ag an bpobal ar fhaisnéis;
(k)An tsaoirse chun faisnéis phoiblí maidir leis an gcibearchoireacht a lorg, a fháil agus a thabhairt a urramú, a chur chun cinn agus a chosaint;
(l)Cláir thacaíochta a fhorbairt nó a neartú d’íospartaigh na gcionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo;
(m)Aistrithe fáltas ó choireacht agus ó mhaoin a bhaineann leis na cionta a bhunaítear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a bhrath.
4.Déanfaidh gach Stát is Páirtí bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh an t‑údarás inniúil ábhartha nó na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as an gcibearchoireacht a chosc agus a chomhrac ar an eolas agus go mbeidh rochtain ag an bpobal orthu, i gcás inarb iomchuí, chun aon teagmhas a d’fhéadfaí a mheas mar chion coiriúil arna bhunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a thuairisciú, go hanaithnid san áireamh.
5.Féachfaidh na Stáit is Páirtithe le meastóireacht a dhéanamh go tréimhsiúil ar na creataí dlíthiúla náisiúnta ábhartha agus ar na cleachtais riaracháin ábhartha atá ann cheana d’fhonn bearnaí agus leochaileachtaí a shainaithint agus a n‑ábharthacht a áirithiú i bhfianaise bagairtí athraitheacha a bhaineann leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo.
6.Féadfaidh na Stáit is Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile agus le heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha chun na bearta dá dtagraítear san airteagal seo a chur chun cinn agus a fhorbairt. Cuimsítear leis sin rannpháirtíocht i dtionscadail idirnáisiúnta atá dírithe ar chibearchoireacht a chosc.
7.Déanfaidh gach Stát is Páirtí ainm agus seoladh an údaráis nó na n‑údarás a d’fhéadfadh cabhrú le Stáit is Páirtithe eile bearta sonracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an chibearchoireacht a chosc a chur in iúl d’Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
Caibidil VII
Cúnamh teicniúil agus malartú faisnéise
Airteagal 54
Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta
1.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe, de réir a n‑acmhainneachta, an beart is leithne de chúnamh teicniúil agus d’fhothú acmhainneachta a thabhairt dá chéile, lena n‑áirítear oiliúint agus cineálacha eile cúnaimh, malartú frithpháirteach taithí ábhartha agus eolais speisialaithe agus aistriú teicneolaíochta ar théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach, agus aird ar leith á tabhairt ar leasanna agus riachtanais na Stát is Páirtithe i mbéal forbartha, d’fhonn cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh na gcionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a éascú.
2.Déanfaidh na Stáit is Páirtithe, a mhéid is gá, cláir oiliúna shonracha a thionscnamh, a fhorbairt, a chur chun feidhme nó a fheabhsú dá bpearsanra atá freagrach as na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
3.Féadfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den airteagal seo, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, déileáil leis an méid seo a leanas:
(a)Modhanna agus teicnící a úsáidtear chun na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh;
(b)Acmhainneacht a fhorbairt maidir le beartais straitéiseacha agus reachtaíocht straitéiseach a fhorbairt agus a phleanáil chun an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac;
(c)Acmhainneacht a fhorbairt maidir le fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a chomhroinnt, go háirithe i bhfoirm leictreonach, lena n‑áirítear an líne chúraim agus anailís fhóiréinseach a chothabháil;
(d)Trealamh forfheidhmithe dlí nua‑aimseartha agus úsáid an trealaimh sin;
(e)Oiliúint na n‑údarás inniúil in ullmhú iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus modhanna eile comhair a chomhlíonann ceanglais an Choinbhinsiúin seo, go háirithe maidir le fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a chomhroinnt i bhfoirm leictreonach;
(f)Gluaiseachtaí fáltas a eascraíonn as déanamh na gcionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo, maoin, trealamh nó ionstraimeachtaí agus modhanna eile a úsáidtear chun fáltais, maoin, trealamh nó ionstraimeachtaí eile den sórt sin a aistriú, a cheilt nó a chur i mbréagriocht, a chosc, a bhrath agus faireachán a dhéanamh orthu;
(g)Sásraí agus modhanna dlíthiúla agus riaracháin iomchuí agus éifeachtúla chun urghabháil, coigistiú agus aisíoc fáltas ó chionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a éascú;
(h)Modhanna a úsáidtear chun íospartaigh agus finnéithe a oibríonn i gcomhar le húdaráis bhreithiúnacha a chosaint;
(i)Oiliúint sa dlí substainteach ábhartha agus sa dlí nós imeachta ábhartha, agus i gcumhachtaí imscrúdaithe forfheidhmithe dlí, agus i rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta agus i dteangacha.
4.Féachfaidh na Stáit is Páirtithe, faoi réir a ndlí náisiúnta, le saineolas na Stát is Páirtithe eile agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach a ghiaráil agus oibreoidh siad i ndlúthchomhar leo, d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin seo a fheabhsú.
5.Tabharfaidh na Stáit is Páirtithe cúnamh dá chéile maidir le cláir thaighde agus oiliúna, a cheapfar chun saineolas a roinnt sna réimsí dá dtagraítear i mír 3 den airteagal seo, a phleanáil agus a chur chun feidhme, agus chuige sin, bainfidh siad úsáid freisin, nuair is iomchuí, as comhdhálacha agus seimineáir réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun comhar a chur chun cinn agus chun plé a spreagadh maidir le fadhbanna ar ábhar leasa fhrithpháirtigh iad.
6.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe cúnamh a thabhairt dá chéile, arna iarraidh sin, maidir le meastóireachtaí, staidéir agus taighde a dhéanamh a bhaineann le cineálacha, cúiseanna agus éifeachtaí na gcionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo agus a dhéantar ina gcríocha faoi seach, d’fhonn straitéisí agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt, le rannpháirtíocht na n‑údarás inniúil agus na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach, chun an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac.
7.Cuirfidh na Stáit is Páirtithe oiliúint agus cúnamh teicniúil chun cinn lena n‑éascófar eiseachadadh tráthúil agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach. Féadfar a chuimsiú san oiliúint agus sa chúnamh teicniúil sin oiliúint teanga, cúnamh maidir le dréachtú agus
iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, agus iasachtaí agus malartuithe idir pearsanra in údaráis lárnacha nó i ngníomhaireachtaí a bhfuil freagrachtaí ábhartha orthu a láimhseáil.
8.Neartóidh na Stáit is Páirtithe, a mhéid is gá, iarrachtaí chun éifeachtacht an chúnaimh theicniúil agus an fhothaithe acmhainneachta a uasmhéadú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus faoi chuimsiú comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha agus iltaobhacha ábhartha.
9.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe sásraí deonacha a bhunú d’fhonn rannchuidiú ó thaobh airgeadais de le hiarrachtaí na dtíortha i mbéal forbartha an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme trí chláir chúnaimh theicniúil agus trí thionscadail fothaithe acmhainneachta.
10.Féachfaidh gach Stát is Páirtí le ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh le hOifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht chun cláir agus tionscadail a chothú, tríd an Oifig, d’fhonn an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme trí chúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta.
Airteagal 55
Malartú faisnéise
1.Breithneoidh gach Stát is Páirtí anailís a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle le saineolaithe iomchuí, lena n‑áirítear saineolaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach, ar threochtaí ina chríoch i ndáil le cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo, chomh maith leis na himthosca ina ndéantar na cionta sin.
2.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe ar staidreamh, saineolas anailíseach agus faisnéis maidir leis an gcibearchoireacht a fhorbairt agus a chomhroinnt lena chéile agus trí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, d’fhonn sainmhínithe, caighdeáin agus modheolaíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt, a mhéid is féidir, chomh maith le dea‑chleachtais, chun an choireacht sin a chosc agus a chomhrac.
3.Breithneoidh gach Stát is Páirtí faireachán a dhéanamh ar a bheartais agus ar a bhearta praiticiúla chun cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac agus measúnuithe a dhéanamh ar a n‑éifeachtacht agus ar a n‑éifeachtúlacht.
4.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe faisnéis a mhalartú maidir le forbairtí dlíthiúla, beartais agus teicneolaíocha a bhaineann leis an gcibearchoireacht agus maidir le fianaise a bhailiú i bhfoirm leictreonach.
Airteagal 56
An Coinbhinsiún a chur chun feidhme trí fhorbairt eacnamaíoch agus cúnamh teicniúil
1.Déanfaidh na Stáit is Páirtithe bearta a chuideoidh le cur chun feidhme optamach an Choinbhinsiúin seo a mhéid is féidir, trí chomhar idirnáisiúnta, agus éifeachtaí diúltacha na gcionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo ar an tsochaí i gcoitinne agus, go háirithe, ar an bhforbairt inbhuanaithe á gcur san áireamh.
2.Moltar go láidir do na Stáit is Páirtithe iarrachtaí nithiúla a dhéanamh, a mhéid is féidir agus i gcomhar lena chéile, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha chun:
(a)Feabhas a chur ar a gcomhar ar leibhéil éagsúla le Stáit is Páirtithe eile, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, d’fhonn a n‑acmhainneacht a neartú chun na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac;
(b)Cúnamh airgeadais agus ábhartha a fheabhsú chun tacú le hiarrachtaí na Stát eile is Páirtithe, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, chun na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac go héifeachtach agus chun cabhrú leo an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme;
(c)Cúnamh teicniúil a sholáthar do Stáit is Páirtithe eile, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, chun tacú lena riachtanais maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo a chomhlíonadh. Chuige sin, féachfaidh na Stáit is Páirtithe le ranníocaíochtaí deonacha leordhóthanacha agus rialta a dhéanamh le cuntas a ainmneofar go sonrach chun na críche sin i sásra cistiúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe;
(d)Eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach, chomh maith le hinstitiúidí airgeadais, a spreagadh, de réir mar is iomchuí, chun rannchuidiú le hiarrachtaí na Stát is Páirtithe, lena n‑áirítear i gcomhréir leis an airteagal seo, go háirithe trí níos mó clár oiliúna agus trealaimh nua‑aimseartha a sholáthar do thíortha i mbéal forbartha chun cabhrú leo cuspóirí an Choinbhinsiúin seo a bhaint amach;
(e)Dea‑chleachtais agus faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar, d’fhonn trédhearcacht a fheabhsú, dúbailt iarrachtaí a sheachaint agus an leas is fearr a bhaint as aon cheachtanna a fhoghlaimítear.
3.Breithneoidh na Stáit is Páirtithe freisin cláir fhoréigiúnacha, réigiúnacha agus idirnáisiúnta atá ann cheana a úsáid, lena n‑áirítear comhdhálacha agus seimineáir, chun comhar agus cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus chun plé a spreagadh maidir le fadhbanna ar ábhar imní frithpháirteach iad, lena n‑áirítear fadhbanna agus riachtanais speisialta na dtíortha i mbéal forbartha.
4.A mhéid is féidir, áiritheoidh na Stáit is Páirtithe go ndéanfar acmhainní agus iarrachtaí a dháileadh agus a dhíriú chun tacú le comhchuibhiú caighdeán, scileanna, acmhainneachta,
saineolas agus cumas teicniúil arb é is aidhm dóibh íoschaighdeáin chomhchoiteanna a bhunú i measc na Stát is Páirtithe chun tearmainn a dhíothú do na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo agus chun an comhrac i gcoinne na cibearchoireachta a neartú.
5.A mhéid is féidir, beidh na bearta a dhéanfar faoin airteagal seo gan dochar do ghealltanais cúnaimh eachtraigh atá ann cheana nó do shocruithe eile comhair airgeadais ar an leibhéal déthaobhach, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.
6.Féadfaidh na Stáit is Páirtithe comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha, réigiúnacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích maidir le cúnamh ábhartha agus lóistíochta, agus na socruithe airgeadais is gá á gcur san áireamh chun go mbeidh na modhanna comhair idirnáisiúnta dá bhforáiltear leis an gCoinbhinsiún seo éifeachtach agus chun na cionta a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún seo a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Caibidil VIII
Sásra cur chun feidhme
Airteagal 57
Comhdháil na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún
1.Bunaítear leis seo Comhdháil na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún chun feabhas a chur ar chumas na Stát is Páirtithe agus ar an gcomhar eatarthu chun na cuspóirí a leagtar amach sa Choinbhinsiún seo a bhaint amach agus chun a chur chun feidhme a chur chun cinn agus a athbhreithniú.
2.Tionólfaidh Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe Comhdháil na Stát is Páirtithe tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo. Ina dhiaidh sin, tionólfar cruinnithe rialta den Chomhdháil i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta arna nglacadh ag an gComhdháil.
3.Glacfaidh Comhdháil na Stát is Páirtithe rialacha nós imeachta agus rialacha lena rialófar na gníomhaíochtaí a leagtar amach san airteagal seo, lena n‑áirítear rialacha maidir le breathnóirí a ligean isteach agus a bheith rannpháirteach, agus maidir le costais arna dtabhú agus na gníomhaíochtaí sin á ndéanamh a íoc. Cuirfear san áireamh sna rialacha agus sna gníomhaíochtaí gaolmhara sin prionsabail amhail éifeachtacht, cuimsitheacht, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus úinéireacht náisiúnta.
4.Agus a cruinnithe rialta á mbunú aici, cuirfidh Comhdháil na Stát is Páirtithe san áireamh am agus suíomh chruinnithe eagraíochtaí agus sásraí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile in ábhair chomhchosúla, lena n‑áirítear a bhfochomhlachtaí conartha, i gcomhréir leis na prionsabail a shainaithnítear i mír 3 den airteagal seo.
5.Tiocfaidh Comhdháil na Stát is Páirtithe ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí, nósanna imeachta agus modhanna oibre chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 den airteagal seo a bhaint amach, lena n‑áirítear:
(a)Úsáid agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin seo a éascú, aon fhadhbanna a bhaineann leis a shainaithint, chomh maith leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na Stáit is Páirtithe faoin gCoinbhinsiún seo, lena n‑áirítear slógadh ranníocaíochtaí deonacha a spreagadh;
(b)Malartú faisnéise a éascú maidir le forbairtí dlíthiúla, beartais agus teicneolaíocha a bhaineann leis na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo agus bailiú fianaise i bhfoirm leictreonach i measc na Stát is Páirtithe agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus maidir le patrúin agus treochtaí sa chibearchoireacht agus maidir le cleachtais rathúla chun cionta den sórt sin a chosc agus a chomhrac;
(c)Oibriú i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach;
(d)Úsáid iomchuí a bhaint as faisnéis ábhartha arna táirgeadh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile agus sásraí chun na cionta arna mbunú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac, chun dúbláil neamhriachtanach oibre a sheachaint;
(e)Athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo ag a Stáit is Páirtithe;
(f)Moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gCoinbhinsiún seo agus ar a chur chun feidhme chomh maith le breithniú a dhéanamh ar fhorlíonadh nó leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún;
(g)Prótacail fhorlíontacha a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo a ullmhú agus a ghlacadh ar bhonn Airteagail 61 agus 62 den Choinbhinsiún seo;
(h)Ag tabhairt dá n‑aire ceanglais na Stát is Páirtithe maidir le cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta i ndáil le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin seo agus ag moladh aon ghníomhaíochta a mheasfaidh sé a bheith riachtanach ina leith sin.
6.Cuirfidh gach Stát is Páirtí faisnéis ar fáil do Chomhdháil na Stát is Páirtithe maidir le bearta reachtacha, riaracháin agus eile, agus maidir lena chláir, a phleananna agus a chleachtais, chun an Coinbhinsiún seo a chur chun feidhme, de réir mar a éileoidh an Chomhdháil. Scrúdóidh an Chomhdháil an tslí is éifeachtaí chun faisnéis a fháil agus chun gníomhú dá réir, lena n‑áirítear, inter alia, faisnéis a gheofar ó
Stáit is Páirtithe agus ó eagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta agus réigiúnacha. Féadfar breithniú a dhéanamh freisin ar ionchuir a fhaightear ó ionadaithe eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí acadúla agus eintitis san earnáil phríobháideach, atá creidiúnaithe go cuí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le cinneadh ag an gComhdháil.
7.Chun críche mhír 5 den airteagal seo, féadfaidh Comhdháil na Stát is Páirtithe cibé sásraí athbhreithnithe a mheasfaidh sí is gá a bhunú agus a riar.
8.De bhun mhíreanna 5 go 7 den airteagal seo, bunóidh Comhdháil na Stát is Páirtithe, má mheasann sí gur gá sin, aon sásraí nó fochomhlachtaí iomchuí chun cabhrú le cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin.
Airteagal 58
An Rúnaíocht
1.Soláthróidh Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe na seirbhísí rúnaíochta is gá do Chomhdháil na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún.
2.Déanfaidh an Rúnaíocht an méid seo a leanas:
(a)Cabhrú le Comhdháil na Stát is Páirtithe na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Choinbhinsiún seo a chur i gcrích agus socruithe a dhéanamh agus na seirbhísí is gá a chur ar fáil do sheisiúin na Comhdhála mar a bhaineann siad leis an gCoinbhinsiún seo;
(b)Arna iarraidh sin, cúnamh a thabhairt do Stáit is Páirtithe faisnéis a sholáthar do Chomhdháil na Stát is Páirtithe, mar a bheartaítear sa Choinbhinsiún seo; agus
(c)An comhordú is gá le rúnaíochtaí na n‑eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha a áirithiú.
Caibidil IX
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 59
An Coinbhinsiún a chur chun feidhme
1.Déanfaidh gach Stát is Páirtí na bearta is gá, lena n‑áirítear bearta reachtacha agus riaracháin, i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha a dhlí náisiúnta, chun a áirithiú go gcuirfear a oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún seo chun feidhme.
2.Féadfaidh gach Stát is Páirtí bearta níos déine nó níos géire a ghlacadh ná na bearta dá bhforáiltear leis an gCoinbhinsiún seo chun na cionta a bhunaítear i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo a chosc agus a chomhrac.
Airteagal 60
Éifeachtaí an Choinbhinsiúin
1.Má tá comhaontú nó conradh tugtha i gcrích cheana féin ag dhá Stát is Páirtithe nó níos mó maidir leis na hábhair a ndéileáiltear leo sa Choinbhinsiún seo nó má tá a gcaidreamh bunaithe acu ar bhealach eile maidir leis na hábhair sin, nó má dhéanann siad amhlaidh amach anseo, beidh siad i dteideal freisin an comhaontú nó an conradh sin a chur i bhfeidhm nó an caidreamh sin a rialáil dá réir sin.
2.Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo difear do chearta, srianta, oibleagáidí agus freagrachtaí eile de chuid Stáit is Páirtí faoin dlí idirnáisiúnta.
Airteagal 61
Gaol le prótacail
1.Féadfar an Coinbhinsiún seo a fhorlíonadh le prótacal amháin nó níos mó.
2.D’fhonn a bheith ina Pháirtí i bprótacal, ní mór do Stát nó d’eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta a bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún seo freisin.
3.Ní bheidh Stát is Páirtí sa Choinbhinsiún seo faoi cheangal ag prótacal mura dtiocfaidh sé chun bheith ina Pháirtí sa phrótacal de réir fhorálacha an phrótacail sin.
4.Déanfar aon phrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo a léiriú in éineacht leis an gCoinbhinsiún seo, agus cuspóir an phrótacail sin á chur san áireamh.
Airteagal 62
Prótacail fhorlíontacha a ghlacadh
1.Beidh gá le 60 Stát is Páirtí ar a laghad sula ndéanfar aon phrótacal forlíontach a mheas lena ghlacadh ag Comhdháil na Stát is Páirtithe. Déanfaidh an Chomhdháil gach iarracht chun comhthoil a bhaint amach maidir le haon phrótacal forlíontach. Má tá gach iarracht comhthola ídithe agus mura dtagtar ar chomhaontú, éileofar leis an bprótacal forlíontach, mar rogha dheiridh, go nglacfar vóta tromlaigh dhá thrian ar a laghad de na Stáit is Páirtithe a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú na Comhdhála.
2.Feidhmeoidh eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta, in ábhair a thagann faoina n‑inniúlacht, a gceart vótála faoin airteagal seo le líon vótaí atá cothrom le líon a mBallstát is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo.
Ní fheidhmeoidh na heagraíochtaí sin a gceart vótála má fheidhmíonn a mBallstáit a gcearta féin agus vice versa.
Airteagal 63
Díospóidí a réiteach
1.Féachfaidh na Stáit is Páirtithe le díospóidí a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo a réiteach trí chaibidlíocht nó trí aon mhodh síochánta eile dá rogha féin.
2.Déanfar aon díospóid idir dhá Stát is Páirtithe nó níos mó maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo nach féidir a réiteach trí chaibidlíocht nó trí mhodhanna síochánta eile laistigh de thréimhse réasúnach ama, arna iarraidh sin do cheann de na Stáit sin is Páirtithe, a chur chun eadrána. Más rud é, sé mhí tar éis dháta na hiarrata ar eadráin, nach féidir leis na Stáit is Páirtithe sin teacht ar chomhaontú maidir le heagrú na headrána, féadfaidh aon cheann de na Stáit sin is Páirtithe an díospóid a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta trí iarraidh i gcomhréir le Reacht na Cúirte.
3.Féadfaidh gach Stát is Páirtí, an tráth a shíneoidh sé an Coinbhinsiún seo, a dhaingneoidh sé é, a ghlacfaidh sé leis nó a aontóidh sé dó, a dhearbhú nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag mír 2 den airteagal seo. Ní bheidh na Stáit eile is Páirtithe faoi cheangal ag mír 2 den airteagal seo maidir le haon Stát is Páirtí a mbeidh forchoimeádas den sórt sin déanta aige.
4.Féadfaidh aon Stát is Páirtí a mbeidh forchoimeádas déanta aige de réir mhír 3 den airteagal seo an forchoimeádas sin a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
Airteagal 64
Síniú, daingniú, glacadh, formheas agus aontachas
1.Beidh an Coinbhinsiún seo ar fáil do gach Stát lena shíniú in Hanoi in 2025 agus ina dhiaidh sin ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua‑Eabhrac go dtí an 31 Nollaig 2026.
2.Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt freisin lena shíniú ag eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta, ar choinníoll go mbeidh Ballstát amháin ar a laghad d'eagraíocht den sórt sin tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú de réir mhír 1 den airteagal seo.
3.Tá an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta. Déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta a thaisceadh le hArd‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Féadfaidh eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta a hionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta a thaisceadh má rinne ceann amháin ar a laghad dá Ballstáit amhlaidh. San ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta sin, dearbhóidh an eagraíocht sin méid a hinniúlachta maidir leis na hábhair
faoi rialú an Choinbhinsiúin seo. Cuirfidh an eagraíocht sin an taiscí ar an eolas freisin faoi aon mhodhnú ábhartha ar mhéid a hinniúlachta.
4.Tá an Coinbhinsiún seo ar oscailt d'aontachas aon Stáit nó aon eagraíochta réigiúnaí um chomhtháthú eacnamaíochta a bhfuil Ballstát amháin ar a laghad ina Pháirtí sa Choinbhinsiún seo. Déanfar ionstraimí aontachais a thaisceadh le hArd‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Tráth a aontachais, dearbhóidh eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta raon a inniúlachta maidir le hábhair atá faoi rialú ag an gCoinbhinsiún. Cuirfidh an eagraíocht sin an taiscí ar an eolas freisin faoi aon mhodhnú ábhartha ar mhéid a hinniúlachta.
Airteagal 65
Teacht i bhfeidhm an chinnidh
1.Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an nóchadú lá tar éis an dáta a thaiscfear an daicheadú ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, fhormheasta nó aontachais. Chun críche na míre seo, ní dhéanfar aon ionstraim arna taisceadh ag eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta a áireamh mar bhreis ar na hionstraimí a thaisceann Ballstáit na heagraíochta sin.
2.I gcás gach Stáit nó eagraíochta réigiúnaí um chomhtháthú eacnamaíochta a dhaingneoidh, a ghlacfaidh, a fhormheasfaidh nó a aontóidh don Choinbhinsiún seo tar éis an daicheadú ionstraim de ghníomhaíocht den sórt sin a thaisceadh, tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis an dáta a thaiscfidh an Stát nó an eagraíocht sin an ionstraim iomchuí nó ar an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de bhun mhír 1 den airteagal seo, cibé acu is déanaí.
Airteagal 66
Leasú
1.Tar éis 5 bliana a bheith caite ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo, féadfaidh Stát is Páirtí leasú a mholadh agus é a tharchur chuig Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a chuirfidh an leasú atá beartaithe in iúl do na Stáit is Páirtithe agus do Chomhdháil na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún chun an togra a bhreithniú agus cinneadh a dhéanamh ina leith. Déanfaidh an Chomhdháil gach iarracht chun teacht ar chomhthoil maidir le gach leasú. Má tá gach iarracht comhthola ídithe agus mura dtagtar ar chomhaontú, éileofar, mar rogha dheiridh, le vóta tromlaigh dhá thrian de na Stáit is Páirtithe a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú na Comhdhála chun an leasú a ghlacadh.
2.Feidhmeoidh eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta, in ábhair a thagann faoina n‑inniúlacht, a gceart vótála faoin airteagal seo le líon vótaí atá cothrom le líon a mBallstát is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo.
Ní fheidhmeoidh na heagraíochtaí sin a gceart vótála má fheidhmíonn a mBallstáit a gcearta féin agus vice versa.
3.Tá leasú arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 den airteagal seo faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta ag na Stáit is Páirtithe.
4.Aon leasú a ghlacfar de réir mhír 1 den airteagal seo, tiocfaidh sé i bhfeidhm maidir le Stát is Páirtí 90 lá tar éis an dáta a dhéanfar ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta i leith an leasaithe sin a thaisceadh le hArd‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
5.Nuair a thiocfaidh leasú i bhfeidhm, beidh sé ina cheangal ar na Stáit sin is Páirtithe a mbeidh a dtoiliú sainráite acu a bheith faoi cheangal aige. Beidh Stáit eile is Páirtithe fós faoi cheangal ag forálacha an Choinbhinsiúin seo agus ag aon leasuithe roimhe sin atá daingnithe, glactha nó formheasta acu.
Airteagal 67
Séanadh
1.Féadfaidh Stát is Páirtí an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Tiocfaidh an séanadh sin in éifeacht bliain amháin tar éis an dáta a bhfaighidh an tArd‑Rúnaí an fógra.
2.Scoirfidh eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta de bheith ina Páirtí sa Choinbhinsiún seo nuair a bheidh a Ballstáit go léir tar éis é a shéanadh.
3.Béarfaidh séanadh an Choinbhinsiúin seo de réir mhír 1 den airteagal seo go séanfar aon phrótacail a ghabhann leis.
Airteagal 68
Taiscí agus teangacha
1.Ainmnítear Ard‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe mar thaiscí an Choinbhinsiúin seo.
2.Déanfar scríbhinn bhunaidh an Choinbhinsiúin seo, a bhfuil comhúdarás ag na téacsanna de san Araibis, sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis, a thaisceadh le hArd‑Rúnaí na Náisiún Aontaithe.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na lánchumhachtaigh thíos‑sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais faoi seach, tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú.