AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.6.2025
COM(2025) 294 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
IARSCRÍBHINN
COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN ÍOSLAINN MAIDIR LE hAISTRIÚ SONRAÍ AS AN TAIFEAD AINMNEACHA PAISINÉIRÍ (PNR) CHUN CIONTA SCEIMHLITHEOIREACHTA AGUS COIREACHT THROMCHÚISEACH A CHOSC, A BHRATH, A IMSCRÚDÚ AGUS A IONCHÚISEAMH
AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ nó ‘AE’ anseo feasta freisin,
agus
an Íoslainn,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
Á AITHINT DÓIBH gur cuspóirí leasa ghinearálta iad cionta sceimhlitheoireachta, mar aon le coireacht thromchúiseach eile, a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha á gcaomhnú an tráth céanna, go háirithe na cearta chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí;
Á AITHINT DÓIBH gur comhpháirt riachtanach sa chomhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach eile is ea an chomhroinnt faisnéise, agus sa chomhthéacs sin, gur ionstraim an‑thábhachtach í úsáid na sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun na spriocanna sin a shaothrú;
Á AITHINT DÓIBH an tábhacht atá le sonraí PNR agus faisnéis anailíseach ábhartha agus iomchuí ar bhonn sonraí PNR faoin gComhaontú seo idir na Páirtithe a chomhroinnt le húdaráis inniúla phóilíneachta agus bhreithiúnacha na hÍoslainne, Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Europol mar bhealach chun comhar idirnáisiúnta póilíneachta agus breithiúnach a chothú;
AG FÉACHAINT DÓIBH LEIS an gcomhar idir na Páirtithe maidir le PNR a fheabhsú agus a spreagadh trí mhalartú faisnéise agus comhar teicniúil ó shaineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit agus ó Aonaid um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIUnna) Thíortha Comhlachaithe Schengen, go háirithe maidir le critéir réamhchinntithe a fhorbairt agus maidir le gnéithe eile de phróiseáil PNR;
AG FÉACHAINT DO Rún 2396 (2017) agus Rún 2482 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ina n‑iarrtar ar na Ballstáit an cumas a fhorbairt chun sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil agus ag féachaint do Chaighdeáin agus Cleachtais Mholta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil agus a chosaint arna nglacadh mar Leasú 28 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Coinbhinsiún Chicago),
Á MHEABHRÚ DÓIBH go bhfuil freagracht chomhroinnte ar na Páirtithe slándáil inmheánach a áirithiú laistigh de limistéar Schengen, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú, agus go soláthraítear leis an gComhaontú seo uirlis éifeachtach d’údaráis inniúla na bPáirtithe chun an sprioc sin a bhaint amach in éagmais rialú ag teorainneacha inmheánacha;
Á AITHINT DÓIBH nach bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith ag an gComhaontú maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailíonn agus a tharchuireann aeriompróirí chuig an Íoslainn chun críche rialaithe teorann;
AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU ar ghealltanais an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 6 de Chonradh an Aontais Eorpaigh maidir le cearta bunúsacha a urramú, an ceart chun príobháideachais i dtaca le sonraí pearsanta mar a shonraítear in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais a bhaineann leis an gceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, an príobháideachas a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le cásdlí iomchuí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Airteagal 8 de Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus a Phrótacal breise 181;
Á AITHINT DÓIBH go bhfuil sé éigeantach d’aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig an Íoslainn faoi dhlí na hÍoslainne;
Á AITHINT DÓIBH gurb í Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh an bunús atá le sonraí PNR a bheith á n‑aistriú ag aeriompróirí chuig údaráis inniúla na mBallstát. In éineacht le Rialachán 2016/679 agus Treoir 2016/680, áirithítear leis ardleibhéal cosanta do chearta bunúsacha, go háirithe na cearta chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint;
Á AITHINT DÓIBH gur ghlac an Íoslainn, i gcomhréir lena Comhaontú in 1999 le Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbaint atá aici le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, le Treoir (AE) 2016/680 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, agus go bhfuil an Treoir sin curtha chun feidhme agus curtha i bhfeidhm aici, ós rud é gur forbairt ar acquis Schengen í an Treoir sin. Thairis sin, agus ós rud é go bhfuil feidhm ag cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/680 ag an Íoslainn maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi ionstraimí dlí ar cuid de acquis Schengen iad, ba cheart a shoiléiriú go n‑áirítear freisin i gcur i bhfeidhm na Treorach ag an Íoslainn próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla faoin gComhaontú seo;
Á AITHINT DÓIBH go bhfuil sé d’oibleagáid ar aeriompróirí atá bunaithe nó a thairgeann a seirbhísí san Aontas Eorpach sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE, agus go bhfuil feidhm ag an Rialachán sin freisin sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh 154/2018 ó Chomhchoiste LEE an 6 Iúil 2018;
Á MHEABHRÚ DÓIBH an ceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), dá bhforáiltear in Airteagal 1(2), agus in Airteagail 28 agus 31 de Chomhaontú LEE agus gur dócha, maidir le haon chóras náisiúnta lena gceanglaítear ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú agus ar na húdaráis inniúla na sonraí sin a phróiseáil, go gcuirfidh sé isteach ar fheidhmiú na saorghluaiseachta i gcás daoine, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil údar le haon chur isteach ar fheidhmiú na saoirse sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla agus i gcás ina bhfuil sé comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 1
Cuspóir agus raon feidhme
(1)Is é is cuspóir don Chomhaontú seo é a chur ar a gcumas d’aeriompróirí ón Aontas sonraí a aistriú as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chuig an Íoslainn agus rialacha agus coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfaidh an Íoslainn na sonraí PNR sin a phróiseáil.
(2)Is é is cuspóir don Chomhaontú seo freisin feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach idir an tAontas agus an Íoslainn i ndáil le sonraí PNR.
(3)Cumhdaítear le raon feidhme an Chomhaontaithe seo aeriompróirí a oibríonn eitiltí paisinéirí idir an tAontas agus an Íoslainn chomh maith le haeriompróirí a dhéanann sonraí a ionchorprú nó a stóráil san Aontas agus eitiltí a oibriú chuig an Íoslainn nó uaithi.
AIRTEAGAL 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige lena gceadaítear dó paisinéirí a iompar d’aer idir an tAontas agus an Íoslainn;
(2)ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis phoiblí atá freagrach faoi dhlí náisiúnta na hÍoslainne as cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
(3)ciallaíonn ‘paisinéir’ aon duine, lena n‑áirítear paisinéir traschuir nó idirthurais seachas ball den chriú, atá á iompar nó atá le hiompar ag aerárthach le toiliú an aeriompróra, agus an toiliú sin á léiriú tríd an duine sin a bheith ar an liosta paisinéirí;
(4)ciallaíonn ‘Aonad Faisnéise Paisinéirí na hÍoslainne’ nó ‘PIU na hÍoslainne’ an t‑údarás atá bunaithe nó ainmnithe mar údarás atá freagrach as sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil ag an Íoslainn i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú seo.
(5)ciallaíonn ‘taifead ainmneacha paisinéirí’ nó ‘PNR’ taifead de riachtanais taistil gach paisinéara ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun go mbeidh na haeriompróirí atá i mbun áirithintí agus rannpháirteach in ann áirithintí a phróiseáil agus a rialú le haghaidh gach turas a chuireann aon duine in áirithe nó a chuirtear in áirithe thar a cheann, cibé acu atá sé i gcórais áirithinte, sna córais rialaithe imeachta a úsáidtear chun paisinéirí a chlárú ar eitiltí, nó córais chomhionanna lena soláthraítear na feidhmiúlachtaí céanna; go sonrach, mar a úsáidtear sa Chomhaontú seo, is iad na heilimintí a liostaítear go cuimsitheach in Iarscríbhinn I atá i gceist le sonraí PNR;
(6)ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ na cionta is inphionóis le pianbhreith choimeádta uasta nó le hordú coinneála trí bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta na hÍoslainne a bhfuil nasc oibiachtúil acu, fiú más nasc indíreach é, le haeriompar paisinéirí;
(7)ciallaíonn ‘cionta sceimhlitheoireachta’:
(a)gníomh nó neamhghníomh a dhéantar a bhfuil cuspóir nó cúis pholaitiúil, reiligiúnach nó idé-eolaíoch aige a bhfuil sé beartaithe leis an pobal a imeaglú a mhéid a bhaineann lena shlándáil, lena n‑áirítear a shlándáil eacnamaíoch, nó gníomh nó neamhghníomh a dhéantar a bhfuil sé beartaithe leis iallach a chur ar dhuine, rialtas, eagraíocht intíre nó idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh, agus lena ndéantar na nithe seo a leanas d’aon ghnó: (i) gníomh nó neamhghníomh ar cúis bháis nó mórdhíobhála coirp é; (ii) gníomh nó neamhghníomh a chuireann saol duine aonair i mbaol; (iii) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le riosca tromchúiseach do shláinte nó do shábháilteacht an phobail é; (iv) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le damáiste substaintiúil do mhaoin é ar dócha go mbeadh an díobháil dá dtagraítear in (i) go (iii) mar thoradh air; nó (v) gníomh nó neamhghníomh ar cúis le cur isteach tromchúiseach ar sheirbhís, saoráid nó córas fíor-riachtanach é, seachas mar thoradh ar abhcóideacht, agóid, easaontas nó stad oibre atá dleathach nó neamhdhleathach, amhail stailc, nach bhfuil sé beartaithe leis go mbeadh an díobháil dá dtagraítear in (i) go (iii) mar thoradh air; nó
(b)gníomhaíochtaí ar cion iad laistigh de raon feidhme na gcoinbhinsiún agus na bprótacal idirnáisiúnta is infheidhme a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus mar a shainmhínítear iad sna coinbhinsiúin agus sna prótacail sin; nó
(c)páirt a ghlacadh go feasach in aon ghníomhaíocht nó rannchuidiú nó treoir a thabhairt do dhuine, do ghrúpa, nó d’eagraíocht aon ghníomhaíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar chumas eintitis sceimhlitheoireachta gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó
(d)cion indíotáilte a dhéanamh i gcás ina ndéantar an gníomh nó an neamhghníomh atá i gceist leis an gcion chun tairbhe eintitis sceimhlitheoireachta, faoina threoir nó in éineacht leis; nó
(e)(e) maoin a bhailiú nó a iarraidh ar dhuine, ar ghrúpa nó ar eagraíocht chun maoin nó seirbhísí airgeadais nó seirbhísí gaolmhara eile a chur ar fáil chun gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, nó maoin a úsáid nó a shealbhú chun gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh; nó
(f)iarracht a dhéanamh, nó bagairt a dhéanamh, gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, comhcheilg, éascú, treoir a thabhairt nó comhairleoireacht a dhéanamh i ndáil le gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b), nó a bheith ina chúlpháirtí tar éis an gníomh nó an neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a dhéanamh, nó tearmannú nó ceilt a dhéanamh chun críche eintiteas sceimhlitheoireachta a chumasú gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear in (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó
(g)taisteal chuig an Íoslainn nó uaithi nó chuig Ballstát den Aontas nó uaidh chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó chun rannchuidiú lena dhéanamh de réir bhrí litreacha a) nó b), nó chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eintitis sceimhlitheoireachta de réir bhrí mhír 8) agus fios aige go rannchuideoidh an rannpháirtíocht sin le gníomhaíochtaí coiriúla an eintitis sceimhlitheoireachta.
(8)ciallaíonn ‘eintiteas sceimhlitheoireachta’: (i) duine, grúpa nó eagraíocht ar ceann dá c(h)ríocha nó dá g(h)níomhaíochtaí gníomh nó neamhghníomh a thuairiscítear i mír 7 pointe (a) nó (b) a éascú nó a dhéanamh; nó (ii) duine, grúpa nó eagraíocht a ghníomhaíonn, go feasach, thar ceann an duine, an ghrúpa nó na heagraíochta sin a luaitear in (i), a ghníomhaíonn faoina threoir/ faoina treoir nó a ghníomhaíonn in éineacht leis nó léi.
CAIBIDIL II
SONRAÍ PNR A AISTRIÚ
AIRTEAGAL 3
Modh agus minicíocht an aistrithe
(1)Áiritheoidh an Íoslainn go n‑aistreoidh aeriompróirí sonraí PNR chuig PIU na hÍoslainne go heisiach trí na sonraí PNR is gá a tharchur chuig bunachar sonraí an údaráis iarrthaigh (‘an modh brú’), agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta seo a leanas atá le comhlíonadh ag aeriompróirí:
(a)trí mheán leictreonach i gcomhréir le ceanglais theicniúla PIU na hÍoslainne nó, i gcás ina dtarlaíonn cliseadh teicniúil, trí aon mheán iomchuí eile lena n‑áirithítear leibhéal iomchuí slándála sonraí;
(b)trí fhormáid teachtaireachtaí a nglactar léi go frithpháirteach a úsáid, agus ar bhealach slán trí úsáid a bhaint as prótacail choiteanna mar a cheanglaítear le PIU na hÍoslainne;
(c)go díreach nó trí ghníomhairí údaraithe, a ghníomhaíonn thar ceann aeriompróra agus faoina fhreagracht, chun críoch na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo agus faoi na coinníollacha sin.
(2)Ní cheanglóidh an Íoslainn ar aeriompróirí eilimintí de shonraí PNR a sholáthar nach bhfuil á gcoinneáil cheana féin, nó nach bhfuil bailithe ag aeriompróirí chun críocha a n‑áirithintí nó i ngnáthchúrsa a ngnó.
(3)Áiritheoidh an Íoslainn go scriosfaidh PIU na hÍoslainne aon eilimint sonraí arna haistriú chuige ag aeriompróir de bhun an Chomhaontaithe seo nuair a gheobhaidh sé sonraí PNR, mura liostaítear an eilimint sonraí sin in Iarscríbhinn I.
(4)Áiritheoidh an Íoslainn go gcuirfidh PIU na hÍoslainne de cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú:
(a)ar bhonn sceidealaithe agus an pointe ama is luaithe a bheith suas le 48 n‑uair an chloig roimh an imeacht sceidealta; agus
(b)cúig huaire ar a mhéad, i gcás eitilt ar leith
(5)Ceadóidh an Íoslainn d’aeriompróirí an t‑aistriú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a theorannú do nuashonruithe ar na sonraí PNR arna n‑aistriú dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír sin.
(6)Áiritheoidh an Íoslainn go gcuirfidh PIU na hÍoslainne aeriompróirí ar an eolas faoi na hamanna sonraithe le haghaidh na n‑aistrithe.
(7)I gcásanna sonracha ina léirítear go bhfuil gá le rochtain bhreise chun freagairt do bhagairt shonrach a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5, féadfaidh PIU na hÍoslainne a cheangal ar aeriompróir sonraí PNR a chur ar fáil roimh na haistrithe sceidealta, idir na haistrithe sceidealta nó ina ndiaidh. Agus an rogha sin á feidhmiú ag an Íoslainn, gníomhóidh sí go breithiúnach agus go comhréireach agus ceanglóidh sí go n‑úsáidfear an modh aistrithe a thuairiscítear i mír 1.
AIRTEAGAL 4
Ródaire API-PNR
(1)Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh go bhféadfaidh an Íoslainn a cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú chuig PIU na hÍoslainne trí bhíthin an ródaire API-PNR a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2025/13. Sa chás sin, déanfaidh an Íoslainn an méid seo a leanas:
(a)ní chuirfidh sí de cheangal ar aeriompróirí sonraí PNR a aistriú ar aon mhodh eile;
(b)beidh sí faoi cheangal ag na rialacha maidir le feidhmiú agus na coinníollacha a bhaineann le húsáid ródaire den sórt sin mar a bhunaítear leis an Rialachán sin, de mhaolú ar Airteagal 3(1), (4) agus (6).
(2)Tabharfaidh an Íoslainn fógra don Aontas faoina hiarraidh an ródaire sin a úsáid. Glacfaidh an tAontas leis an iarraidh sin i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta.
(3)Tabharfaidh an tAontas fógra i scríbhinn don Íoslainn trí bhealaí taidhleoireachta faoi aon leasú ar Rialachán (AE) 2025/13 a dhéanann difear do na rialacha maidir le feidhmiú agus na coinníollacha maidir le húsáid an ródaire API-PNR. Laistigh de 120 lá ón bhfógra sin a fháil, féadfaidh an Íoslainn fógra a thabhairt don Aontas go bhfuil sé ar intinn aici scor d’úsáid an ródaire, agus sin a dhéanamh i scríbhinn trí bhealaí taidhleoireachta. Sa chás sin, rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin mar a fhoráiltear i mír 1 d’Airteagal 23 agus beidh feidhm arís ag Airteagal 3(1), (4) agus (6).
CAIBIDIL III
PRÓISEÁIL AGUS COSAINT PNR
AIRTEAGAL 5
Cuspóirí phróiseáil PNR
Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear de bhun an Chomhaontaithe seo a phróiseáil chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus chun na críche sin amháin.
AIRTEAGAL 6
Módúlachtaí phróiseáil PNR
Féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a phróiseáil go heisiach trí bhíthin na módúlachtaí sonracha próiseála seo a leanas:
(a)measúnú a dhéanamh ar phaisinéirí sula dtiocfaidh siad isteach san Íoslainn nó sula n‑imeoidh siad as an Íoslainn, chun daoine a shainaithint ar gá do na húdaráis inniúla scrúdú breise a dhéanamh orthu, i bhfianaise go bhféadfadh na daoine sin a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach i gcomhréir le hAirteagal 7 (measúnú ‘fíor-ama’);
(b)cuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí na sonraí PNR arna gcoinneáil d’fhonn freagra a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna cur isteach de bhun Airteagail 13 agus 14, agus, i gcás inarb iomchuí, aon sonraí PNR ábhartha nó torthaí a bpróiseála a nochtadh;
(c)anailís a dhéanamh ar shonraí PNR chun critéir nua a thabhairt cothrom le dáta, a thástáil nó a chruthú atá le húsáid sna measúnuithe a dhéantar faoi phointe (b) de mhír 1 d’Airteagal 7, d’fhonn aon duine a d’fhéadfadh a bheith páirteach i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoireacht thromchúiseach a shainaithint.
AIRTEAGAL 7
Measúnú fíor-ama
(1)Agus measúnú dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6 á dhéanamh aige, féadfaidh PIU na hÍoslainne an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)gan sonraí PNR a chur i gcomparáid ach le bunachair sonraí maidir le daoine nó ábhair atá á lorg nó faoi fholáireamh, i gcomhréir le rialacha an Aontais, rialacha idirnáisiúnta agus náisiúnta is infheidhme maidir le bunachair sonraí den sórt sin; agus
(b)sonraí PNR a phróiseáil de réir critéir réamhchinntithe.
(2)Áiritheoidh an Íoslainn go mbeidh na bunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) neamh‑idirdhealaitheach, iontaofa, cothrom le dáta agus teoranta dóibh siúd arna n‑úsáid ag údaráis inniúla na hÍoslainne i ndáil leis na críocha a leagtar amach in Airteagal 5 agus ábhartha chun na gcríoch sin.
(3)Áiritheoidh an Íoslainn go mbeidh aon mheasúnú ar shonraí PNR dá dtagraítear i mír 1(b) bunaithe ar shamhlacha agus ar chritéir réamhbhunaithe atá neamh‑idirdhealaitheach, sonrach agus iontaofa chun é a chur ar a chumas do PIU na hÍoslainne teacht ar thorthaí atá dírithe ar dhaoine aonair a d’fhéadfadh a bheith faoi amhras réasúnach go bhfuil siad baint acu le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach nó go bhfuil siad páirteach iontu. Áiritheoidh an Íoslainn nach mbeidh imthosca ar bith i gceist ina mbeidh na critéir sin bunaithe ar chine nó bunús eitneach duine, ar thuairimí polaitíochta, reiligiún nó creideamh fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, sláinte, saol gnéis ná gnéaschlaonadh.
(4)Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfaidh PIU na hÍoslainne athbhreithniú aonair ar aon mheaitseáil dhearfach a eascraíonn as próiseáil fíor-ama ar shonraí PNR trí mhodhanna neamh‑uathoibrithe.
AIRTEAGAL 8
Catagóirí speisialta sonraí
(1)Faoin gComhaontú seo, toirmiscfear aon phróiseáil a dhéanamh ar shonraí PNR lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmiscfear próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.
(2)A mhéid a chuimsítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin sna sonraí PNR a fhaigheann PIU na hÍoslainne faoin gComhaontú seo, scriosfaidh PIU na hÍoslainne na sonraí sin láithreach.
AIRTEAGAL 9
Slándáil agus sláine sonraí
(1)Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfar sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo a phróiseáil ar bhealach lena n‑áiritheofar ardleibhéal slándála sonraí is iomchuí do na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil agus le cineál na sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo. Go háirithe, déanfaidh PIU na hÍoslainne an méid seo a leanas:
(a)bearta agus nósanna imeachta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun an leibhéal slándála sin a áirithiú;
(b)nósanna imeachta criptiúcháin, údaraithe agus doiciméadaithe a chur i bhfeidhm maidir le sonraí PNR;
(c)rochtain ar shonraí PNR a theorannú go baill foirne údaraithe; agus
(d)sonraí PNR a stóráil i dtimpeallacht fhisiceach shlán a chosnaítear le rialuithe rochtana;
(2)2.
Áiritheoidh an Íoslainn go bhfuil aon sárú ar shlándáil sonraí, go háirithe aon sárú a mbeidh scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach nó caillteanas, athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe nó de thaisme, nó próiseáil neamhdhleathach d’aon chineál mar thoradh air, faoi réir bearta ceartaitheacha éifeachtacha athchomhairleacha.
(3)3.
Déanfaidh an Íoslainn aon sárú ar shlándáil sonraí a thuairisciú don údarás maoirseachta náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680.
AIRTEAGAL 10
Próiseáil sonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú
(1)Déanfaidh PIU na hÍoslainne gach próiseáil ar shonraí PNR a logáil agus a dhoiciméadú. Ní úsáidfidh an Íoslainn comhad loga ná doiciméad ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú;
(b)sláine chuí sonraí nó feidhmiúlacht chuí an chórais a áirithiú;
(c)slándáil na próiseála sonraí a áirithiú; agus
(d)formhaoirseacht agus cuntasacht an riaracháin phoiblí a áirithiú.
(2)Arna iarraidh sin, cuirfear comhaid loga nó doiciméadacht a choimeádtar faoi mhír 1 in iúl don údarás maoirseachta náisiúnta nach n‑úsáidfidh an fhaisnéis sin ach amháin chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chosaint sonraí agus chun próiseáil chuí sonraí chomh maith le sláine agus slándáil sonraí a áirithiú.
CAIBIDIL IV
SONRAÍ PNR A STÓRÁIL AGUS A NOCHTADH
AIRTEAGAL 11
Tréimhsí stórála
(1)Áiritheoidh an Íoslainn nach stórálfar sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú seo ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)a fhad agus atá nasc oibiachtúil ann, fiú nasc indíreach, idir na sonraí PNR atá stóráilte agus ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5, agus sa chás sin amháin; agus
(b)in aon chás ar feadh tréimhsí nach faide ná 5 bliana.
(2)De bhun mhír 1, ní fhéadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR na n‑aerphaisinéirí uile a stóráil ach ar feadh tréimhse tosaigh a bhfuil foráil le déanamh dó ina dhlí náisiúnta. Ní rachaidh fad na tréimhse tosaigh sin thar a bhfuil fíor-riachtanach chun go bhféadfaidh PIU na cuardaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b) a dhéanamh chun daoine a shainaithint nach raibh amhras ann cheana go raibh baint acu le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach ar bhonn an mheasúnaithe fíor-ama de bhun Airteagal 6(1)(a).
(3)Tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 2, ní fhéadfaidh an Íoslainn ach sonraí PNR paisinéirí a stóráil a bhfuil fianaise oibiachtúil ann ina leith go bhféadfadh siad riosca a chruthú a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach.
(4)Áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfaidh PIU na hÍoslainne athbhreithniú ar an ngá atá le stóráil leanúnach sonraí PNR de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, go tráthrialta.
(5)Tráth dhul in éag na tréimhse stórála iomchuí, áiritheoidh an Íoslainn go ndéanfar sonraí PNR a scriosadh go neamh‑inchúlghairthe nó go ndéanfar sonraí anaithnide díobh ar bhealach nach féidir na hábhair sonraí lena mbaineann a shainaithint a thuilleadh.
(6)D’ainneoin mhír 1(b), féadfaidh an Íoslainn stóráil sonraí PNR a cheadú, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun athbhreithniú, imscrúdú, gníomhaíocht forfheidhmithe, imeacht breithiúnach, ionchúiseamh, nó forfheidhmiú pionós a dhéanamh, go dtí go dtabharfar an próiseas ábhartha i gcrích.
AIRTEAGAL 12
Díphearsantú
(1)Déanfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a dhíphearsantú 6 mhí ar a dhéanaí tar éis sonraí PNR a fháil. Déanfaidh sé amhlaidh trí na heilimintí sonraí seo a leanas a cheilt lena bhféadfaí an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR a shainaithint go díreach:
(a)ainm(neacha), lena n‑áirítear ainmneacha paisinéirí eile ar an PNR agus líon na dtaistealaithe ar an PNR atá ag taisteal le chéile;
(b)seoladh agus faisnéis teagmhála;
(c)gach cineál faisnéise íocaíochta, lena n‑áirítear seoladh billeála, a mhéid atá aon fhaisnéis ann a d’fhéadfadh an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR nó aon duine eile a shainaithint go díreach;
(d)faisnéis maidir le daoine a eitlíonn go minic;
(e)barúlacha ginearálta a mhéid atá aon fhaisnéis sna sonraí PNR a d’fhéadfadh an paisinéir lena mbaineann na sonraí PNR a shainaithint go díreach: agus
(f)aon sonraí API atá bailithe.
(2)Ní fhéadfaidh PIU na hÍoslainne na heilimintí sonraí dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh ach amháin chun críocha Airteagal 5 agus faoi choinníollacha Airteagail 13 nó 14.
AIRTEAGAL 13
Nochtadh laistigh den Íoslainn
(1)Agus freagra á thabhairt ag PIU na hÍoslainne ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna seoladh ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 6(b), ní nochtfaidh sé, ar bhonn cás ar chás, sonraí PNR nó torthaí a bpróiseála, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá gá le nochtadh den sórt sin chun ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach;
(b)nochtar an t‑íosmhéid sonraí PNR is gá;
(c)tugann an t‑údarás rialtais is faighteoir cosaint atá coibhéiseach leis na coimircí a thuairiscítear sa Chomhaontú seo;
(d)déanann údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta an nochtadh a fhormheas chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le nochtadh.
(2)De mhaolú ar phointe (d) de mhír 1, féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a nochtadh i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo gan athbhreithniú ná formheas roimh ré. I gcásanna den sórt sin, ní mór an t‑athbhreithniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr.
(3)Áiritheoidh an Íoslainn nach ndéanfaidh an t‑údarás inniúil is faighteoir sonraí PNR a nochtadh d’údarás eile ach amháin má údaraíonn PIU na hÍoslainne an nochtadh go sainráite.
AIRTEAGAL 14
Nochtadh lasmuigh den Íoslainn agus den Aontas
(1)Agus freagra á thabhairt ag PIU na hÍoslainne ar iarraidh chuí‑réasúnaithe arna seoladh ag údarás inniúil tíortha nach Ballstáit an Aontais Eorpaigh iad i gcomhréir le hAirteagal 6(b), ní nochtfaidh sé, ar bhonn cás ar chás, sonraí PNR nó torthaí a bpróiseála, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)tá gá le nochtadh den sórt sin chun ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 a bhaint amach;
(b)nochtar an t‑íosmhéid sonraí PNR is gá;
(c)an tír ar dá húdarás a bhfuil sonraí PNR le nochtadh, tá Comhaontú tugtha i gcrích leis an Aontas Eorpach aici lena bhforáiltear do chosaint sonraí pearsanta atá inchomparáide leis an gComhaontú seo nó atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún Eorpach de bhun dhlí an Aontais Eorpaigh, lena gcinntear go n‑áirithíonn an tír sin leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí de réir bhrí dhlí an Aontais.
(d)déanann údarás breithiúnach nó comhlacht neamhspleách eile atá inniúil faoin dlí náisiúnta an nochtadh a fhormheas chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le nochtadh.
(2)De mhaolú ar mhír 1(c), féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a nochtadh do thír eile má mheasann sé go bhfuil an nochtadh riachtanach chun garbhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí a chosc nó a imscrúdú agus má thugann an tír sin dearbhú i scríbhinn, de bhun socrú, comhaontú nó eile, go gcosnófar an fhaisnéis i gcomhréir leis na coimircí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.
(3)De mhaolú ar mhír 1(d), féadfaidh PIU na hÍoslainne sonraí PNR a nochtadh i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo gan athbhreithniú agus formheas roimh ré. I gcásanna den sórt sin, ní mór an t‑athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh laistigh de thréimhse ghearr.
AIRTEAGAL 15
Faisnéis a bhaineann le PNR a mhalartú
(1)Comhroinnfidh PIU na hÍoslainne le Europol nó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe féin, nó le PIUnna na mBallstát, sonraí PNR, torthaí phróiseáil na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach atá bunaithe ar shonraí PNR a luaithe is féidir agus i gcásanna sonracha nuair is gá chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Comhroinnfidh PIU na hÍoslainne an fhaisnéis sin ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Europol nó Eurojust, laistigh de raon feidhme a sainorduithe féin, nó do PIUnna na mBallstát.
(2)Comhroinnfidh PIUnna na mBallstát le PIUnna na hÍoslainne, sonraí PNR, torthaí phróiseáil na sonraí sin, nó faisnéis anailíseach atá bunaithe ar shonraí PNR, a luaithe is féidir agus i gcásanna sonracha nuair is gá chun cionta sceimhlitheoireachta nó coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Comhroinnfidh PIUnna na mBallstát an fhaisnéis sin ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do PIU na hÍoslainne.
(3)Áiritheoidh na Páirtithe go gcomhroinnfear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le comhar i bhforfheidhmiú an dlí nó comhroinnt faisnéise idir an Íoslainn agus Europol nó Eurojust, nó an Ballstát ábhartha. Go háirithe, déanfar faisnéis a mhalartú le Europol faoin Airteagal seo trí bhealach slán cumarsáide atá bunaithe chun faisnéis a mhalartú.
CAIBIDIL V
COSAINT SONRAÍ
AIRTEAGAL 16
Cearta agus oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2016/680
(1)Áiritheoidh an Íoslainn, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun críocha an Chomhaontaithe seo, go gcuirfidh sí i bhfeidhm na cearta agus na hoibleagáidí céanna le Treoir (AE) 2016/680, lena n‑áirítear aon leasú orthu ar ghlac an Íoslainn leis agus ar chuir sí chun feidhme é i gcomhréir leis an gComhaontú a thug Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua i gcrích maidir leis an mbaint atá ag an Íoslainn le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
(2)Déanfaidh údarás maoirseachta neamhspleách arna bhunú i gcomhréir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/680 ag an Íoslainn formhaoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta ag PIU na hÍoslainne, lena n‑áirítear aon leasú uirthi ar ghlac an Íoslainn leo agus ar chuir sí chun feidhme iad i gcomhréir leis an gComhaontú a thug Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn agus an Iorua i gcrích maidir leis an mbaint atá ag an Íoslainn le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
(3)Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhoráil shonrach bhreise sa Chomhaontú seo a bhaineann le sonraí PNR a phróiseáil.
AIRTEAGAL 17
Trédhearcacht agus faisnéis
(1)Áiritheoidh an Íoslainn go gcuirfidh PIU na hÍoslainne an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a shuíomh gréasáin:
(a)liosta den reachtaíocht lena n‑údaraítear sonraí PNR a aistriú ó aeriompróirí;
(b)an chúis le sonraí PNR a bhailiú agus a stóráil;
(c)an bealach ina ndéanfar sonraí PNR a phróiseáil agus a chosaint;
(d)an modh agus an méid a fhéadfar na sonraí PNR a nochtadh le húdaráis inniúla eile; agus
(e)faisnéis teagmhála le haghaidh fiosrúchán.
(2)Oibreoidh an Íoslainn le tríú páirtithe leasmhara, amhail an tionscal eitlíochta agus aerthaistil, chun trédhearcacht a chur chun cinn, tráth na háirithinte, maidir leis na cúiseanna atá le sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil, agus maidir leis an gcaoi le rochtain, coigeartú agus sásamh a iarraidh.
(3)Más rud é go ndearnadh sonraí PNR arna gcoinneáil i gcomhréir le hAirteagal 11 a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 13 nó le hAirteagal 14, cuirfidh an Íoslainn na paisinéirí lena mbaineann ar an eolas, agus iarrachtaí réasúnta á gcur san áireamh, trí bhíthin na módúlachtaí a leagtar amach de bhun Airteagal 13(2)(d) de Threoir 2016/680 agus laistigh de thréimhse réasúnta ama a luaithe nach dócha a thuilleadh go gcuirfidh an fógra sin imscrúduithe na n‑údarás poiblí lena mbaineann i mbaol a mhéid atá faisnéis teagmhála ábhartha na bpaisinéirí ar fáil nó gur féidir iad a aisghabháil.
CAIBIDL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
AIRTEAGAL 18
Fógraí
(1)Tabharfaidh an Íoslainn fógra don Aontas trí bhealaí taidhleoireachta faoi chéannacht na n‑údarás seo a leanas:
(a)PIU na hÍoslainne dá dtagraítear in Airteagal 2(4);
(b)Údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9(3).
(2)Tabharfaidh an Íoslainn fógra gan mhoill faoi aon athrú ar chéannacht na n‑údarás dá dtagraítear i mír 1.
(3)Cuirfidh an tAontas an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
AIRTEAGAL 19
Teacht i bhfeidhm
(1)Déanfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin.
(2)Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí ina dhiaidh sin ón dáta a gheofar an fógra i scríbhinn lenar thug an Íoslainn fógra faoi chéannacht na n‑údarás dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 18 nó faoi na fógraí i scríbhinn lenar thug na Páirtithe fógra dá chéile trí bhealaí taidhleoireachta go bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 curtha i gcrích, cibé acu is déanaí.
AIRTEAGAL 20
Réiteach díospóidí agus fionraí
(1)Réiteoidh na Páirtithe aon díospóid maidir le léirmhíniú, cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo trí chomhairliúchán d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach, lena n‑áirítear deis a thabhairt do cheachtar Páirtí déanamh dá réir laistigh de thréimhse réasúnach ama.
(2)Féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile trí bhealaí taidhleoireachta. Ní thabharfar fógra i scríbhinn den sórt sin go dtí go mbeidh tréimhse réasúnta comhairliúcháin caite ag na Páirtithe. Tiocfaidh an fhionraíocht i bhfeidhm 2 mhí ó dháta an fhógra sin, mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go comhpháirteach.
(3)An Páirtí a chuir cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ar fionraí, cuirfidh sé an Páirtí eile ar an eolas láithreach faoin dáta a chuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm arís, a luaithe a mheasfaidh sé nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an bhfionraíocht. Tabharfaidh an Páirtí a chuireann an Comhaontú seo ar fionraí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile.
(4)Leanfaidh an Íoslainn de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear sula gcuirfear an Comhaontú seo ar fionraí.
AIRTEAGAL 21
Foirceannadh
(1)Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt trí bhealaí taidhleoireachta. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an fógra i scríbhinn.
(2)Má thugann ceachtar Páirtí fógra foirceanta faoin Airteagal seo, cinnfidh na Páirtithe cé na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar aon chomhar a thionscnófar faoin gComhaontú seo a thabhairt i gcrích ar bhealach iomchuí.
(3)Leanfaidh an Íoslainn de théarmaí an Chomhaontaithe seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR uile a fhaightear sula ndéanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh.
AIRTEAGAL 22
Leasuithe
(1)Féadfar an Comhaontú seo a leasú tráth ar bith de chomhthoil idir na Páirtithe. Tiocfaidh na leasuithe ar an gComhaontú seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 19.
(2)Féadfar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo a thabhairt cothrom le dáta, de chomhthoil idir na Páirtithe, arna chur in iúl trí fhógra i scríbhinn a mhalartaítear trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh nuashonruithe den sórt sin i bhfeidhm ar an dáta dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
AIRTEAGAL 23
Comhairliúchán agus meastóireacht
(1)Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo. Cuirfidh siad in iúl dá chéile aon bheart a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don Chomhaontú seo.
(2)Déanfaidh na Páirtithe meastóireacht chomhpháirteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo má iarrann ceachtar Páirtí amhlaidh agus má chinntear go comhpháirteach é. Agus athbhreithniú den sórt sin á dhéanamh acu, tabharfaidh na Páirtithe aird ar leith ar an ngá atá le sonraí PNR a phróiseáil agus a choinneáil le haghaidh gach ceann de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 agus ar chomhréireacht na próiseála sin. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh roimh ré maidir le módúlachtaí na meastóireachtaí sin.
AIRTEAGAL 24
Cur i bhfeidhm críochach
(1)Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le críoch an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus maidir le críoch na hÍoslainne.
(2)Faoi dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tabharfaidh an tAontas Eorpach fógra don Íoslainn faoi na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir lena gcríocha. Féadfaidh sé ina dhiaidh sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt faoi aon athrú air sin.
Déanfar an Comhaontú seo a dhréachtú i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Íoslainnis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin. I gcás ina mbeidh aon éagsúlacht idir téacsanna an Chomhaontaithe seo, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.
[sínithe]
IARSCRÍBHINN
EILIMINTÍ SONRAÍ MAIDIR LE TAIFEAD AINMNEACHA PAISINÉIRÍ
DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(5)
1. Aimsitheoir taifid PNR
2. Dáta na háirithinte/dáta eisiúna an ticéid
3. Dáta nó dátaí an taistil atá beartaithe
4. Ainm (nó ainmneacha)
5. Seoladh agus faisnéis teagmhála, mar atá uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist a bhaineann leis na paisinéirí
6. Faisnéis a bhaineann leis na modhanna íocaíochta le haghaidh an aerthicéid agus le haghaidh billeáil an aerthicéid
7. Cúrsa iomlán taistil le haghaidh PNR sonrach
8. Sonraí maidir le daoine a eitlíonn go minic a bhaineann leis an bpaisinéir nó leis na paisinéirí (stádas agus uimhir an eitleora rialta)
9. Gníomhaireacht taistil/gníomhaire taistil
‑10. Stádas taistil paisinéirí, lena náirítear deimhnithe, stádas ó thaobh clárú de, faisnéis maidir le paisinéirí nach dtagann i láthair nó a dteastaíonn eitilt níos luaithe uathu
11. Faisnéis PNR scoilte/roinnte;
12. Faisnéis a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha faoi bhun 18 mbliana d’aois: ainm, inscne, aois, teanga/teangacha a labhraítear, ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra atá i láthair ag an imeacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach; ainm agus sonraí teagmhála an chaomhnóra atá i láthair ag an teacht agus a chaidreamh leis an mionaoiseach; ainm an ghníomhaire atá i láthair ag an imeacht agus an gníomhaire atá i láthair ag an teacht.
‑13. Faisnéis maidir leis an réimse ticéid, lena náirítear uimhir an ticéid, an dáta a eisíodh an ticéad agus ticéid aontreo, réimsí uathoibrithe chun praghas ticéid a bhreacadh
14. Uimhir an tsuíocháin agus faisnéis eile faoin suíochán
15. Faisnéis maidir le códroinnt
16. Gach faisnéis maidir le bagáiste
17. Líon agus ainmneacha eile na dtaistealaithe ar an PNR
18. Aon eilimint sonraí réamhfhaisnéise faoi phaisinéirí (API) a mhéid a bhailigh iompróirí cheana féin iad
19. Gach athrú stairiúil a rinneadh ar an PNR atá liostaithe in uimhreacha 1 go 18.