Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0230

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

COM/2025/230 final

An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 230 final

2025/0154(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar na Ballstáit a mheas gur ábhar leasa choitinn iad a mbeartais eacnamaíocha agus cur chun cinn na fostaíochta, agus a ngníomhaíocht a chomhordú laistigh den Chomhairle. Ceanglaítear ar an gComhairle treoirlínte do bheartas fostaíochta a ghlacadh (Airteagal 148), ar treoirlínte iad nach mór a bheith comhsheasmhach leis na treoirlínte leathana beartais eacnamaíoch (Airteagal 121).

Cé go bhfuil na treoirlínte leathana beartais eacnamaíoch bailí ar bhonn leanúnach, ní mór na treoirlínte do bheartas fostaíochta a tharraingt suas gach bliain. Glacadh an dá shraith treoirlínte in éineacht le chéile (‘pacáiste comhtháite’) in 2010, agus bhí siad mar bhonn taca faoin straitéis ‘Eoraip 2020’. Glacadh treoirlínte comhtháite athbhreithnithe in 2015. Maidir leis na treoirlínte fostaíochta, tá cleachtas tagtha chun cinn ó bhí 2018 ann ina malartaítear idir nuashonrú iomlán (lena gcumhdaítear na haithrisí agus na treoirlínte iarbhír) gach re bliain agus ‘athbhunú’ (lena ndéantar na haithrisí a thabhairt cothrom le dáta agus na treoirlínte a choimeád gan athrú) gach bliain eile. Tar éis athbhunú in 2023, nuair a coigeartaíodh na haithrisí chun príomhspriocanna nua de chuid an Aontais agus spriocanna náisiúnta nua maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta, mar aon le tionscnaimh a rinneadh le déanaí a léiriú, rinneadh nuashonrú iomlán in 2024. Is éard a bhí i gceist leis an nuashonrú tagairtí a chur isteach do spriocanna náisiúnta 2030 (sa bhreis ar phríomhspriocanna an Aontais), díriú níos mó ar thionchar na bhforbairtí teicneolaíochta agus na hintleachta saorga, béim níos mó a leagan ar ghanntanais saothair agus scileanna, agus aird níos mó a thabhairt ar an imirce dhleathach ó thríú tíortha, mar aon le leas a bhaint as tallann laistigh den Aontas. Mar a tharla i mblianta roimhe seo, léiríodh i dtéacs 2024 freisin tionscnaimh bheartais a rinneadh le déanaí a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo, amhail obair ardáin, an geilleagar sóisialta agus tithíocht inacmhainne. I mbliana, tá na haithrisí á dtabhairt cothrom le dáta chun níos mó gnéithe a thabhairt isteach a bhaineann le (i) athruithe sa chomhthéacs geopholaitiúil (lena n‑áirítear teannas maidir leis an mbeartas trádála); (ii) tionscnamh Aontas na Scileanna; (iii) iomaíochas i bhfianaise an Chompáis Iomaíochais; agus (iv) cóineasú sóisialta aníos tar éis an dara bliain de chur chun feidhme an Chreata maidir le Cóineasú Sóisialta, atá leabaithe go hiomlán anois i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

Mar aon leis na mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch, cuirtear na treoirlínte fostaíochta i láthair mar Chinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (Cuid II de na Treoirlínte Comhtháite) agus tugtar bunús leo do mholtaí tírshonracha sna réimsí faoi seach.

 

Is iad seo a leanas na ‘Treoirlínte do Bheartas Fostaíochta’ athbhreithnithe:

Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar

Treoirlíne 6: Feabhas a chur ar an soláthar saothair agus ar an rochtain ar fhostaíocht, scileanna agus inniúlachtaí ar feadh an tsaoil  

Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta

Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, an cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac

2025/0154 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ( 1 ),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ( 2 ),

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta ( 3 ),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá na Ballstáit agus an tAontas le hoibriú i dtreo straitéis chomhordaithe um fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun lucht saothair sciliúil oilte inoiriúnaithe a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair a bheidh cuimsitheach, athléimneach, dírithe ar an todhchaí agus freagrúil don athrú eacnamaíoch, d’fhonn na cuspóirí maidir le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, fás eacnamaíoch cothrom, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bhaint amach. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn é cur chun cinn na fostaíochta agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú ina leith sin laistigh den Chomhairle.

(2)Tá sé beartaithe ag an Aontas an teisiamh sóisialta agus an tidirdhealú a chomhrac, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE. Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, an teisiamh sóisialta a chomhrac, agus ardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine mar a leagtar síos in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(3)I gcomhréir le CFAE, tá ionstraimí comhordaithe beartais forbartha agus curtha chun feidhme ag an Aontas le haghaidh beartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Mar chuid de na hionstraimí sin, is iad na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (‘na Treoirlínte do Bheartas Fostaíochta’) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2024/3134 ón gComhairle ( 4 ), mar aon le mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 ( 5 ) ón gComhairle, na Treoirlínte Comhtháite. Tá na Treoirlínte do Bheartas Fostaíochta ann chun cur chun feidhme an bheartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, rud a léiríonn an tidirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is éard ata sa tsraith beartas agus athchóirithe comhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán foriomlán beartas eacnamaíoch, fostaíochta agus sóisialta, atá iomchuí agus inbhunaithe, agus lenar cheart éifeachtaí dearfacha iarmharta a bhaint amach do mhargaí saothair agus don tsochaí i gcoitinne, athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a neartú agus freagairt go héifeachtach do dhúshláin mheántéarmacha agus do dhúshláin níos fadtéarmaí, lena náirítear an gá atá le hiomaíochas a neartú, éiginnteacht maidir le beartais trádála dhomhanda, chomh maith leis na héifeachtaí a bhaineann le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus leis an gcomhthéacs geopholaitiúil níos leithne.

(4)Chun dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus cóineasú aníos a fheabhsú, chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, chun bonn tionsclaíoch, táirgiúlacht agus iomaíochas an Aontais a neartú, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, agus chun margaí saothair cuimsitheacha agus athléimneacha a bhaint amach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna agus poist ardcháilíochta agus chuimsitheacha a chur chun cinn do chách, i gcomhréir le hAontas na Scileanna ( 6 ), agus béim ar leith á leagan ar bhunscileanna a fheabhsú, bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta um Bunscileanna, chomh maith le scileanna atá ábhartha don mhargadh saothair, lena náirítear scileanna digiteacha agus glasa, go háirithe i measc mic léinn faoi mhíbhuntáiste agus daoine fásta faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart do na Ballstáit borradh a chur faoi oideachas agus oiliúint ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), i gcomhréir leis an bPlean Straitéiseach um Oideachas ETIM, gairmoideachas agus gairmoiliúint atá dírithe ar an todhchaí, uas-sciliú agus athsciliú ar feadh an tsaoil a neartú, iarracht a dhéanamh córais oideachais a dhéanamh cuimsitheach, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair agus dálaí oibre agus deiseanna gairme feabhsaithe a áirithiú, agus ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á nurramú ag an am céanna. Mar atá luaite sa Mholadh maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, is féidir tacú le cur chun feidhme na mbeartas sin trí ghné an oideachais agus na hoiliúna a chomhtháthú go córasach i mbeartais eile a bhaineann leis an aistriú glas i ndearcadh ar feadh an tsaoil. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis na gnéithe sin a neartú le haghaidh na réigiún lagfhorbartha, iargúlta agus is forimeallaí san Aontas, sna háiteanna ina bhfuil na riachtanais is mó. Is féidir aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar ghanntanais trí shoghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí agus trí thallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas agus an tallann sin a choinneáil. Ina theannta sin, ba cheart na naisc idir na córais oideachais agus oiliúna agus margadh an tsaothair a neartú agus scileanna, eolas agus inniúlachtaí arna sealbhú tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú agus a aithint.

(5)Tá na Treoirlínte do Bheartas Fostaíochta comhsheasmhach le creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024 ( 7 ), agus le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena náirítear Moltaí an 14 Meitheamh 2021( 8 ), an 29 Samhain 2021( 9 ), an 5 Aibreán 2022( 10 ) , 16 Meitheamh 2022( 11 ) , 28 Samhain 2022( 12 ) , 8 Nollaig 2022( 13 ), 30 Eanáir 2023 ( 14 ) , 12 Meitheamh 2023( 15 ) agus 27 Samhain 2023( 16 ) ón gComhairle, Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún ( 17 ) , Moladh an 26 Feabhra 2021 ón gComhairle ( 18 ), Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal Building an economy that works for people: an action plan for the social economy [geilleagar a fhóireann do dhaoine a thógáil: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal Digital Education Action Plan 2021-2027 [Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027], an 3 Márta 2021 dar teideal Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030], an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an Straitéis Eorpach um Chúram, an 1 Feabhra 2023 maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach, an 25 Eanáir 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach, an 11 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hathrú déimeagrafach san Eoraip: bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta, an 28 Meán Fómhair 2022 maidir le Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach bheartais na mBallstát, an 20 Márta 2024 maidir le ganntanais saothair agus scileanna san Aontas Eorpach: plean gníomhaíochta, agus an 5 Márta 2025 maidir le hAontas na Scileanna, Cinntí (AE) 2021/2316 (\ 19 ) agus (AE) 2023/936 ( 20 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha (AE) 2022/2041 ( 21 ), (AE) 2022/2381 ( 22 ), (AE) 2023/970 ( 23 ) agus (AE) 2024/2831 ( 24 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6)Leis an Seimeastar Eorpach, comhcheanglaítear ionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach ar mhaithe le comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh den Aontas. Tá an Seimeastar ailínithe leis an gCompás Iomaíochais lena gcuirtear creat ar fáil chun borradh a chur faoin iomaíochas tríd an mbearna nuálaíochta a dhúnadh, tríd an ngeilleagar a dhícharbónú, trí spleáchais iomarcacha a laghdú agus tríd an tslándáil a mhéadú, agus leagtar amach ann cumasóirí cothrománacha lena náirítear scileanna, poist ardcháilíochta agus cothroime shóisialta. Comhtháthaítear leis an Seimeastar prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí na Samhna 2017 ( 25 ) (‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta’), agus an uirlis faireacháin a ghabhann leis, mar atá, an Scórchlár Sóisialta, agus fágann sé gur féidir anailís a dhéanamh ar rioscaí agus dúshláin maidir le cóineasú sóisialta aníos san Aontas, agus déantar foráil ann maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile. Tá an Seimeastar Eorpach ina thacú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe arna leagan amach ag na Náisiúin Aontaithe a bhaint amach freisin. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cóir an Aontais i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus digiteach, agus leis na beartais sin ba cheart feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an táirgiúlacht, dálaí oibre leormhaithe a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, daonlathas ag an obair, idirphlé sóisialta, an ceartas sóisialta, comhionannas deiseanna agus cóineasú socheacnamaíoch aníos a chur chun cinn, agus dul i ngleic leis an neamhionannas agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha, agus an bhochtaineacht agus an teisiamh sóisialta a chomhrac.

(7)Tá geilleagair agus sochaithe san Aontais á nathrú ó bhonn mar gheall ar an athrú aeráide agus dúshláin eile a bhaineann leis an gcomhshaol, an gá atá le haistriú glas cothrom, neamhspleáchas fuinnimh agus iomaíochas feabhsaithe na dtionscal glan-nialasach, agus ceannasacht theicneolaíoch a áirithiú, agus an gá atá le caiteachas cosanta a mhéadú agus uathriail straitéiseach oscailte na hEorpa a dhaingniú, chomh maith le hathruithe déimeagrafacha agus forbairt an digitithe, lena náirítear an intleacht shaorga, bainistiú algartamach, geilleagar na nardán agus an teilea-obair. Tá an tAontas agus na Ballstáit le hoibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí struchtúracha den sórt sin ar bhealach éifeachtach agus réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht beartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus aitheantas á thabhairt do ról na gcomhpháirtithe sóisialta san am céanna, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur san áireamh. Ba cheart a chuimsiú leis an ngníomhaíocht beartais sin borradh faoi infheistíocht inbhuanaithe ar fud réigiúin uile an Aontais, gealltanas athnuaite d’athchóirithe agus infheistíochtaí cuí-sheicheamhaithe lena gcuirtear feabhas ar fhás eacnamaíoch cuimsitheach inbhuanaithe, scileanna, cur chun cinn post ardcháilíochta, táirgiúlacht, iomaíochas, dálaí oibre cothroma, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú socheacnamaíoch aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil ó chláir chistiúcháin an Aontais atá ann cheana, agus go háirithe ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ) agus ó chistí an bheartais comhtháthaithe, lena náirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 27 ) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a rialaítear le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 28 ), mar aon leis an gCiste Aeráide Sóisialta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 29 ) agus agus an Ciste um Aistriú Cóir arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 30 ). Leis an ngníomhaíocht beartais ba cheart bearta ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh a chomhcheangal le chéile, agus an tionchar a bheidh ag na bearta sin ar chúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta á chur san áireamh san am céanna.

(8)Le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta leagtar amach 20 prionsabal agus ceart chun tacú le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, agus roinntear iad ina dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain chothrom ar mhargadh an tsaothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta sin tugtar stiúradh straitéiseach don Aontas lena náirithítear go mbeidh an taistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig inbhuanaitheacht comhshaoil agus an digitiú agus an tathrú déimeagrafach ina naistrithe atá cóir agus cothrom i dtéarmaí sóisialta agus go gcaomhnófar an comhtháthú críochach leo. Is treoraíocht é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, maidir le faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht agus feidhmíocht shóisialta na mBallstát lena náirítear cóineasú sóisialta aníos san Aontas, laistigh den Seimeastar Eorpach, chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir na gnéithe ‘sóisialta’ agus an ‘margadh’ i ngeilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena náirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Plean Gníomhaíochta’), lena náirítear príomhspriocanna de chuid an Aontais do 2030, ar spriocanna iad atá uaillmhianach ach réadúil, maidir le fostaíocht (gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú na bochtaineachta (gur cheart ar a laghad 15 mhilliún níos lú daoine a bheith i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, lena náirítear 5 mhilliún leanbh) (‘príomhspriocanna an Aontais do 2030’) agus fospriocanna comhlántacha, chomh maith le Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe.

(9)Mar a d’aithin na Cinn Stáit nó Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 8 Bealtaine 2021, le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta neartófar iarracht an Aontais aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus rannchuideofar le cóineasú socheacnamaíoch aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chuir Cinn Stáit nó Rialtais in iúl go láidir go bhfuil an ghné shóisialta, an tidirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár geilleagair shóisialta margaidh atá an-iomaíoch, agus ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais. Dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu, mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí 2019-2024, leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a dhoimhniú, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil, lena náirítear ar an leibhéal is airde, ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme.

(10)Chuir Cinn Stáit nó Rialtais in iúl ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus ag an gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2021 gur dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna an Aontais do 2030. Cuidíonn siad, in éineacht leis an Scórchlár Sóisialta, le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat comhordaithe beartais sa Seimeastar Eorpach. Thairis sin, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto iarradh freisin ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta uaillmhianacha a leagan síos, ar spriocanna iad ba cheart a bheith ina rannchuidiú leormhaith, agus aird chuí á tabhairt ar an seasamh tosaigh atá ag gach Ballstát, le príomhspriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach. Déantar faireachán ar chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar an dul chun cinn maidir le príomhspriocanna an Aontais agus spriocanna náisiúnta do 2030 sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht a ghlac an Chomhairle i mí an Mhárta 2025 (‘Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025’), agus déantar é a chomhtháthú sna huirlisí faireacháin don Seimeastar Eorpach. Ó eagrán 2024 den Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, tá ‘anailís tíre chéadchéime’ inti maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chóineasú sóisialta aníos i gcomhréir leis an gCreat um Chóineasú Sóisialta lena sainaithnítear na Ballstáit a bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leo, ar rioscaí iad a bheidh ina nábhar scrúdaithe in ‘anailís dara céim’ níos doimhne. I dTuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2025, sainaithníodh 10 mBallstát ar dtús, agus léiríodh i gconclúid na hanailíse níos doimhne gur deimhníodh dúshláin fhoriomlána i gcás trí cinn acu.

(11)Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl le muintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtábhacht sárú na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, le cosaint shealadach, a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle ( 31 ) agus a gcuirtear síneadh léi le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ( 32 ) ón gComhairle, cuirtear cúnamh ar fáil san Aontas do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin agus cuireann sé ar a gcumas dóibh leas a bhaint as cearta íosta ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair an Aontais, is féidir le daoine a easáitíodh as an Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. D’fhéadfadh an taithí agus na scileanna a fhaightear rannchuidiú leis an Úcráin a atógáil san am atá le teacht. I gcás leanaí agus déagóirí neamhthionlactha, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit leanúint de ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh agus cur chun feidhme beart beartais, agus sa mheastóireacht ar bhearta beartais, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i réimse na fostaíochta agus na scileanna, lena náirítear cáilíochtaí na ndaoine easáitithe ón Úcráin a aithint. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú.

(12)Leis na hathchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena náirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, ba cheart na cleachtais náisiúnta maidir le hidirphlé sóisialta agus cómhargáil a urramú chomh maith le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála, lena náirítear ar scor, agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe chomh maith le cóineasú socheacnamaíoch aníos. Leis na hathchóirithe sin, ba cheart a fhágáil gur féidir breithniú ar thosca socheacnamaíocha go forleathan, lena náirítear feabhsuithe ar inbhuanaitheacht, iomaíochas, nuálaíocht, cur chun cinn post ardcháilíochta, dálaí oibre cothroma, daonlathas ag an obair, comhionannas inscne, cosc agus laghdú na bochtaineachta lucht oibre, oideachas ardcháilíochta, oiliúint agus scileanna, sláinte phoiblí, cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, athrú déimeagrafach, athrú déimeagrafach agus cur chun cinn pinsean forlíontach, chomh maith le fíorioncaim. Ag Cruinniú Mullaigh Val Duchesse 2024, agus sa Chomhshocrú maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach a síníodh i Márta 2025, athdhearbhaíodh a thábhachtaí atá an tidirphlé sóisialta chun dul i ngleic le dúshláin i saol na hoibre, lena náirítear ganntanas saothair agus oibrithe oilte.

(13)Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais, tacaítear leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágann go mbíonn geilleagair agus sochaithe san Aontas níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Is mó iad na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana, lena náirítear bochtaineacht fuinnimh trí phraghsanna fuinnimh níos airde, mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus tá an fás á chur i mbaol mar gheall ar éiginnteachtaí sa trádáil dhomhanda agus ar bhonn níos forleithne ón gcomhthéacs geopholaitiúil. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom agus cóir ó thaobh cúrsaí sóisialta de, ós rud é freisin go mbeidh uathriail straitéiseach níos mó agus aistriú glas a bhfuil dlús á chur leis ina rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí agus teicneolaíochtaí straitéiseacha eile. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.

(14)Tá gá le sraith chomhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, lena gcuimsítear dreasachtaí sealadacha spriocdhírithe maidir le fruiliú agus aistriú, beartais scileanna lena náirítear foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, conairí solúbtha scoir, agus seirbhísí fostaíochta atá spriocdhírithe, éifeachtach agus inoiriúnaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair agus leas iomlán a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe an mhargaidh saothair, i gcomhréir freisin le cur chuige an chuimsithe ghníomhaigh agus i bhfianaise na gclaochluithe glasa agus digiteacha, mar a cuireadh i dtábhacht inter alia i nDearbhú La Hulpe 2024 maidir le Todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ( 33 ). Ba cheart dálaí oibre leormhaithe agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair, lena náirítear sláinte choirp agus meabhairshláinte oibrithe araon, a áirithiú.

(15)Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, comhionannas inscne a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt d’fhostaíocht do ghrúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair. Ba cheart rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an teisiamh sóisialta a laghdú, go sonrach i gcás leanaí, daoine faoi mhíchumais agus na Romach, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais cosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú, mar a leagtar amach sna Moltaí ón gComhairle an 8 Samhain 2019 ( 34 ) agus an 30 Eanáir 2023 ( 35 ). Ina theannta sin, ba cheart deireadh a chur le bacainní ar oideachas cuimsitheach atá dírithe ar an todhchaí, oiliúint, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in oideachas agus i gcúram na luath-óige, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus leis an Moladh maidir le spriocanna Barcelona do 2030, i ngairmoideachas agus gairmoiliúint a dhéanamh níos tarraingtí agus níos cuimsithí i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 ( 36 ), agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha agus glasa, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus leis na Moltaí maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile. Is coinníoll riachtanach í rochtain ar thithíocht inacmhainne agus leordhóthanach, lena náirítear trí thithíocht shóisialta, chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach le bearta coisctheacha trí rochtain ar thithíocht bhuan agus soláthar seirbhísí tacaíochta cumasúcháin a chur chun cinn. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 ( 37 ), agus ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena náirítear cosc galar agus cur chun cinn na sláinte, i bhfianaise rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois. I dtaca le hacmhainneacht daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus forbairt shóisialta, ba cheart an acmhainneacht sin a bhaint amach a thuilleadh, i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, inar iarradh ar na Ballstáit spriocanna fostaíochta agus foghlama aosaí a bhunú do dhaoine faoi mhíchumas. Leagtar béim i gCreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh ( 38 ) ar acmhainneacht na bpobal Romach imeallaithe chun ganntanais saothair agus scileanna a laghdú agus tá sé d’aidhm aige an bhearna fostaíochta idir na Romaigh agus an pobal i gcoitinne a laghdú faoina leath ar a laghad. Le teicneolaíochtaí nua agus le háiteanna oibre atá ag athrú ar fud an Aontais, is féidir níos mó socruithe solúbtha oibre a bheith ann agus bíonn táirgiúlacht agus cothromaíocht oibre is saoil fheabhsaithe ann, agus, an tráth céanna, rannchuidítear le gealltanais ghlasa an Aontais. Ina theannta sin, leis na forbairtí sin cruthaítear dúshláin nua do mhargaí an tsaothair, dúshláin a dhéanann difear do dhálaí oibre daoine, sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus do rochtain oibrithe agus daoine féinfhostaithe ar chosaint shóisialta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, go neascróidh poist ardcháilíochta agus áiteanna oibre agus dálaí oibre sláintiúla sábháilte as cineálacha nua eagrúcháin oibre, mar aon le cothromaíocht oibre is saoil, aosú gníomhach agus sláintiúil agus go gcoinneofar ar bun cearta seanbhunaithe saothair agus sóisialta agus go neartófar an múnla sóisialta Eorpach.

(16)Ba cheart na Treoirlínte Comhtháite a bheith mar bhunús leis na moltaí tírshonracha amach anseo a dhíreoidh an Chomhairle chuig na Ballstáit. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, lena náirítear an Ciste Aeráide Sóisialta, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 39 ), agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chomh maith, chun fostaíocht ardcháilíochta agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chun an bhochtaineacht agus an teisiamh sóisialta a chomhrac, chun an tidirdhealú a chomhrac, chun inrochtaineacht agus cuimsiú a áirithiú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oideachas agus oiliúint ardcháilíochta do chách a chur chun cinn, lena náirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha chun saoránaigh a chumhachtú leis an eolas agus na cáilíochtaí is gá le haghaidh geilleagar atá digiteach, glas agus iomaíoch. Na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/795 lena mbunaítear Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip agus an Teachtaireacht is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe nuachóirithe: Athbhreithniú Meántéarma, is é is aidhm dóibh an tacaíocht a thugtar a ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha nua, lena náirítear aghaidh a thabhairt ar an nganntanas scileanna in earnálacha áirithe, amhail na scileanna a theastaíonn chun teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a mhonarú, an tionscal cosanta agus earnálacha a ndéanann an dícharbónú, an taistriú glas agus an taistriú digiteach difear dóibh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit lánúsáid a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha freisin, ciste a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 40 ) chun tacú le hoibrithe iomarcacha mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúrúcháin, mar shampla claochluithe socheacnamaíocha a eascraíonn as treochtaí domhanda agus as athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite chuig na Ballstáit agus chuig an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.

(17)Ba cheart don Choiste Fostaíochta agus don Choiste um Chosaint Shóisialta faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear na beartais ábhartha chun feidhme i bhfianaise na dTreoirlínte do Bheartas Fostaíochta, i gcomhréir lena sainorduithe féin faoi CFAE. Maidir leis na coistí sin agus comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle a bhfuil baint acu le comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta, ba cheart dóibh oibriú i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart idirphlé beartais idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a choinneáil ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na Treoirlínte do Bheartas Fostaíochta.

(18)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis na Treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2024/3134, coinnítear ar bun iad le haghaidh 2025 agus cuirfidh na Ballstáit san áireamh iad ina mbeartais fostaíochta agus ina gcláir athchóirithe.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Tuairim an DÁTA le deimhniú 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2)    Tuairim an DÁTA le deimhniú 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3)    Tuairim an DÁTA le deimhniú 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4)    Cinneadh (AE) 2022/3134 ón gComhairle an 2 Nollaig 2024 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L, 2024/3134, 13.12.2024).
(5)    Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le mór-threoirlínte beartas eacnamaíoch na mBallstát agus an Aontais (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2025) 90 final).
(7)    Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).
(8)    Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
(9)    Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach ardcháilíochta (IO C 504, 14.12.2021, lch. 21).
(10)    Moladh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas (IO C 160, 13.4.2022, lch. 1).
(11)    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (IO C 243, 27.6.2022, lch. 1), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35)
(12)    Moladh ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus lena nionadaítear an Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú (IO C 469, 9.12.2022, lch. 1).
(13)    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1) agus Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030 (IO C 484, 20.12.2022, lch. 1).
(14)    Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena náirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).
(15)    Moladh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (IO C, C/2023/1389, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1389/oj).
(16)    Moladh ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt (IO C, C/2023/1344, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1344/oj).
(17)    Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).
(18)    Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1).
(19)    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).
(20)    Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna (IO L 125, 11.5.2023, lch. 1).
(21)    Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(22)    Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (IO L 315, 7.12.2022, lch. 44).
(23)    Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21).
(24)    Treoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (IO L, 2024/2831, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2831/oj).
(25)    An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).
(26)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(27)    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
(28)    Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
(29)    Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lgh. 1–51).
(30)    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(31)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1)
(32)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1836 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2024/1836, 3.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/20234/1836/oj).
(33)    Arna shíniú ag Ríocht na Beilge thar ceann 25 Bhallstát.
(34)    Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(35)    Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena náirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).
(36)    Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).
(37)    Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1).
(38)    Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation [Aontas Comhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] (COM(2020) 620 final), agus moladh ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (IO C 93, 19.3.2021, lch. 1).
(39)    Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(40)    Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).
Top