Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0183

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn, a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gComhaontú sin maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair

COM/2025/183 final

An Bhruiséil,25.4.2025

COM(2025) 183 final

2025/0099(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn, a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gComhaontú sin maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn 1 (‘an Comhaontú’) i ndáil leis an nglacadh atá beartaithe ar chinneadh ón gCoiste um Thrádáil lena leasaítear Airteagal 19.3(3) agus (5) den Chomhaontú. Foráiltear leis an leasú atá beartaithe ar Airteagal 19.3(3) timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur leis an liosta de phrionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair i gcomhréir le Rún I 2 arna ghlacadh an 10 Meitheamh 2022 ag Comhdháil Ghinearálta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (‘EIS’), cruinniú ag an 110ú Seisiún di (‘an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair’). Ina theannta sin, leis an leasú atá beartaithe, beartaítear an tagairt do Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair a thabhairt cothrom le dáta trí thagairt a dhéanamh don leasú is déanaí a rinneadh air ag an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair. Ar deireadh, tar éis an leasaithe is déanaí a rinneadh ar Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus i ndáil leis na leasuithe ar Airteagal 19.3(3), foráiltear leis an leasú atá beartaithe fonóta in Airteagal 19.3(5) a scriosadh.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn

Is é is aidhm don Chomhaontú ‘trádáil agus infheistíocht a léirscaoileadh agus a éascú, chomh maith le gaolmhaireacht eacnamaíoch níos dlúithe a chur chun cinn idir na Páirtithe’. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2024.

Is é is aidhm do Chaibidil 19 (Trádáil agus forbairt inbhuanaithe) ‘comhtháthú na forbartha inbhuanaithe a fheabhsú, go háirithe na gnéithe comhshaoil agus sóisialta di (go háirithe na gnéithe saothair), sa chaidreamh trádála agus infheistíochta idir na Páirtithe, lena n‑áirítear trí idirphlé agus comhar a neartú’.

2.2.An Coiste um Thrádáil

Bunaítear an Coiste um Thrádáil de bhun Airteagal 24.1 (‘Coiste um Thrádáil’) den Chomhaontú. Foráiltear le hAirteagal 27.1(3) den Chomhaontú go bhféadfaidh an Coiste um Thrádáil an Comhaontú a leasú i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sin in Airteagal 24.3 den Chomhaontú. Foráiltear le hAirteagal 24.3(j) go bhféadfaidh an Coiste um Thrádáil cinntí a ghlacadh chun Airteagal 19.3(3) agus (4) (Caighdeáin agus comhaontuithe iltaobhacha saothair) de Chaibidil 19 (Trádáil agus forbairt inbhuanaithe) a leasú.

Foráiltear le hAirteagal 19.3(4) go bhféadfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh a ghlacadh, tráth nach déanaí ná a chéad chruinniú, chun Airteagal 19.3(3) a leasú chun timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur leis na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair.

2.3.An gníomh ón gCoiste um Thrádáil atá beartaithe

Mar a fhoráiltear in Airteagal 19.3(4) den Chomhaontú, tá sé beartaithe go nglacfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh (‘an gníomh atá beartaithe’) ag a chéad chruinniú chun a chur san áireamh in Airteagal 19.3(3) go n‑áirítear timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil i gcreat EIS maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair. Ba cheart don ghníomh atá beartaithe an tagairt do Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair a mhodhnú freisin chun go mbeidh sé ag teacht leis an leasú a rinneadh air ag an 110ú Comhdháil Saothair Idirnáisiúnta. Ar deireadh, ba cheart don ghníomh Airteagal 19.3(5) a leasú tríd an bhfonóta san airteagal sin a scriosadh.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Airteagal 19.3(3) agus (5) den Chomhaontú a leasú mar a leanas:

(1)ba cheart tagairt do Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair a thabhairt cothrom le dáta tríd an leasú deireanach a rinneadh air, a glacadh ag an 110ú seisiún den Chomhdháil Saothair Idirnáisiúnta in 2022, a shonrú;

(2)agus ba cheart timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur leis na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair a liostaítear in Airteagal 19.3(3); agus

(3)ba cheart an fonóta atá imithe i léig in Airteagal 19.3(5) a scriosadh.

Tá an leasú atá beartaithe ar Airteagal 19.3(3) agus (5) ag teacht le Rún I a glacadh an 10 Meitheamh 2022, lena ndéanann an 110ú Chomhdháil Idirnáisiúnta Saothair an méid seo a leanas, inter alia:

1.‘Cinntear léi mír 2 de Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair a leasú, chun na focail agus (e) timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur isteach i ndiaidh na bhfocal idirdhealú a dhíchur i leith fostaíochta agus gairm bheatha, agus chun na leasuithe iarmhartacha a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair, ar Dhearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta le haghaidh an Domhandaithe Chóir agus ar an gComhshocrú Domhanda maidir le Fostaíocht, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo’.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 24.5(1) den Chomhaontú, lena bhforáiltear: ‘Na cinntí a ghlacfaidh an Coiste um Thrádáil, nó, de réir mar a bheidh, coiste speisialaithe, beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe’.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil bunaithe ar dhréachtchinneadh an Choiste um Thrádáil atá i gceangal leis an togra seo.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é an Coiste um Trádála a cuireadh ar bun trí chomhaontú, is é sin an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn.

An gníomh a iarrtar ar an gCoiste um Thrádáil a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 24.5(1) den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is í an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE ba cheart a bheith ina bunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar an Comhaontú le gníomh ón gCoiste um Thrádáil, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2025/0099 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn, a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gComhaontú sin maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2024/244 ón gComhairle 4 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2024.

(2)De bhun Airteagal 24.2(2)(i) den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil, arna bhunú le hAirteagal 24.1(1) den Chomhaontú, cinntí a ghlacadh chun an Comhaontú a leasú. De bhun Airteagal 24.3(j) den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh a dhéanamh Airteagal 19.3(3) agus (4) den Chomhaontú a bhaineann le caighdeáin agus comhaontuithe iltaobhacha saothair a leasú.

(3)De bhun Airteagal 19.3(4) den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh a ghlacadh, tráth nach déanaí ná a chéad chruinniú, chun Airteagal 19.3(3) den Chomhaontú a leasú chun a chur san áireamh gur cuireadh timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil i gcreat EIS maidir leis na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair.

(4)Tá an Coiste um Thrádáil le cinneadh a ghlacadh, le linn a chéad chruinnithe, chun timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur leis an liosta de phrionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair in Airteagal 19.3(3) i gcomhréir le Rún I 5 arna ghlacadh an 10 Meitheamh 2022 ag Comhdháil Ghinearálta EIS, cruinniú ag an 110ú Seisiún di. Ba cheart an tagairt do Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair in Airteagal 19.3(3) a thabhairt cothrom le dáta lena hailíniú leis an leasú is déanaí a rinneadh ar an dearbhú.

(5)Tar éis an leasaithe a rinneadh ar Airteagal 19.3(3), an ráiteas san fhonóta d’Airteagal 19.3(5) go bhfuil coinbhinsiúin bhunúsacha EIS daingnithe ag na Ballstáit uile, tá sé imithe i léig. Dá bhrí sin, is cosúil gurb iomchuí an fonóta in Airteagal 19.3(5) a scriosadh.

(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ón gCoiste um Thrádáil ceangailteach ar an Aontas.

(7)Tá tagairt le déanamh don leasú is déanaí a rinneadh ar Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair in Airteagal 19.3(3), tá timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil le cur leis na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair a liostaítear in Airteagal 19.3(3) agus tá fonóta atá imithe i léig le scriosadh in Airteagal 19.3(5),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Choiste um Thrádáil bunaithe ar dhréachtchinneadh an Choiste um Thrádáil atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (IO L, 2024/866, 25.3.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/866/oj )
(2)    Rún maidir le timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur le creat EIS maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair (ILC.110/Rún I) https://www.ilo.org/sites/default/files/wcmsp5/groups/public/%40ed_norm/%40relconf/documents/meetingdocument/wcms_848632.pdf  
(3)    Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Cinneadh (AE) 2024/244 ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (IO L, 2024/244, 28.2.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2024/244/oj )
(5)    Rún maidir le timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur le creat EIS maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair (ILC.110/Rún I) https://www.ilo.org/sites/default/files/wcmsp5/groups/public/%40ed_norm/%40relconf/documents/meetingdocument/wcms_848632.pdf  
Top

An Bhruiséil,25.4.2025

COM(2025) 183 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn, a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gComhaontú sin maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair


IARSCRÍBHINN

Dréacht 
CINNEADH Uimh. XX/2025 
ón gCoiste um Thrádáil

an XX/XX/2025 

lena leasaítear Airteagal 19.3(3) agus (5) maidir le leasú ar Dhearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair agus timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair

Tá an Coiste um Thrádáil,

Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 19.3(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 10 Meitheamh 2022, ghlac an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair Rún I maidir le timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil a chur le creat na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha ag an obair.

(2)Foráiltear le hAirteagal 19.3(4) go bhféadfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh a ghlacadh, tráth nach déanaí ná a chéad chruinniú, chun Airteagal 19.3(3) a leasú chun a chur san áireamh go náirítear timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil leis na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair i gcomhréir leis an gcinneadh ón 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair i mí an Mheithimh 2022.

(3)Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 19.3(3) a leasú trí thimpeallacht oibre shábháilte shláinte a chur leis na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair. Ina theannta sin, ba cheart an tagairt do Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair in Airteagal 19.3(3) a thabhairt cothrom le dáta lena hailíniú leis an leasú is déanaí a rinneadh ar an dearbhú.

(4)Tar éis an leasaithe a rinneadh ar Airteagal 19.3(3), an ráiteas san fhonóta d’Airteagal 19.3(5) go bhfuil coinbhinsiúin bhunúsacha EIS daingnithe ag na Ballstáit uile, tá sé imithe i léig. Dá bhrí sin, is cosúil gurb iomchuí an fonóta in Airteagal 19.3(5) a scriosadh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 19.3(3) agus (5), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh na leasuithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den séú mí tar éis an dáta a mhalartóidh na Páirtithe fógraí i scríbhinn lena ndeimhnítear gur thug siad chun críche a gceanglais agus a nósanna imeachta dlíthiúla infheidhme féin maidir le teacht i bhfeidhm na leasuithe.

Arna dhéanamh i ndúblach, sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach téacs.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus in Wellington, [cuir isteach an dáta]

Thar ceann an Choiste um Thrádáil

Na Comhchathaoirligh

-----------------------------------------                -----------------------------------------



IARSCRÍBHINN

Leasaítear Airteagal 19.3(3) mar a leanas:

(1)I ndiaidh na bhfocal ‘ag an 86ú Seisiún di ... agus leis an méid a lean as’, cuirtear isteach na focail ‘mar a leasaíodh iad ag an 110ú Seisiún di in 2022’.

(2)I bpointe (c), i ndiaidh na bhfocal ‘cealú éifeachtach saothair leanaí’, scriostar an focal ‘agus’.

(3)I bpointe (d), i ndiaidh na bhfocal ‘idirdhealú a dhíchur i leith fostaíochta agus gairm bheatha’, scriostar an lánstad agus cuirtear isteach ‘; agus’.

(4)Cuirtear pointe (e) isteach mar a leanas:

‘(e)    agus timpeallacht oibre shábháilte shláintiúil’.

Leasaítear Airteagal 19.3(5) mar a leanas:

(1)Scriostar fonóta 1 ‘Tugann na Páirtithe faoi deara gur dhaingnigh na Ballstáit go léir coinbhinsiún bhunúsacha de EIS’.

Top