AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.3.2025
COM(2025) 128 final
2025/0066(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Síníodh an ‘Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia’ (‘an Comhaontú’) i nDeilí Nua an 23 Samhain 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2002. Foráiltear le hAirteagal 11(b) go 'dtabharfar i gcrích an Comhaontú seo go ceann tréimhse cúig bliana agus go bhféadfar é a athnuachan le comhaontú frithpháirteach idir na Páirtithe tar éis meastóireacht le linn na bliana deiridh den tréimhse thuasluaite'. Go dtí seo, rinneadh an Comhaontú a athnuachan trí huaire: In 2009, in 2015 agus in 2020 go ceann tréimhse bhreise 5 bliana gach uair.
Rachaidh an Comhaontú atá ann faoi láthair in éag an 17 Bealtaine 2025.
Léirítear go soiléir sa Mheastóireacht ar an gComhaontú idir an tAontas agus an India maidir leis an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht a rinne an Coimisiún, agus a foilsíodh an 25 Feabhra 2025, go leanann an Comhaontú de chreat ríthábhachtach a sholáthar chun an comhar idir an tAontas agus an India a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna eolaíochta agus teicneolaíochta, rud a mbíonn tairbhí frithpháirteacha mar thoradh air. Léirítear é sin leis na trí ghlao chomhpháirteacha shuaitheanta atá dírithe ar Uisce, Vacsaín an Fhliú, agus Córais Fuinnimh Áitiúla Chomhtháite (Eangacha Cliste) as ar eascair 12 thionscadal chomhpháirteacha a raibh cistiú iomlán EUR 98 milliún acu faoin gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht de chuid Fís 2020. Tá 220 eintiteas taighde ón Eoraip agus ón India páirteach sna tionscadail sin, lena léirítear torthaí a bhfuil cuma mhaith orthu agus lena gcuirtear teicneolaíochtaí nuálacha, inbhuanaithe agus inacmhainne ar fáil.
Bunaíodh sásra comhchistiúcháin le trí aireacht/roinn de chuid na hIndia (an Roinn Eolaíochta agus Teicneolaíochta, an Roinn Biteicneolaíochta, an Aireacht Domhaneolaíochta), lena n‑áirithítear cistiú d’eintitis de chuid na hIndia atá rannpháirteach go rathúil i bhFís 2020 agus Fís Eorpach. Ó bhí 2020 ann, tá thart ar 15 ghlao a thagann faoi raon feidhme Cholún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ de chuid Fís Eorpach curtha i leataobh ag Rialtas na hIndia le haghaidh comhchistithe, agus fuair sé níos mó ná 50 togra, agus rinneadh 10 dtogra rathúla a chómhaoiniú i réimsí amhail an intleacht shaorga, taighde polach, an comhshaol agus an tsláinte.
I mí na Samhna 2020, síníodh an dara Socrú Cur Chun Feidhme idir Comhairle na hIndia um Thaighde ar Eolaíocht Shóisialta agus an Coimisiún Eorpach chun soghluaisteacht taighdeoirí Indiacha chuig foirne deontaithe na Comhairle Eorpaí um Thaighde i réimse na heolaíochta sóisialta agus na ndaonnachtaí a éascú. Ina theannta sin, i mí Lúnasa 2024 chinn Comhairle na hIndia um Thaighde Eolaíoch agus Tionsclaíoch sásra comhchistiúcháin a bhunú chun tacú le heintitis de chuid na hIndia a n‑éiríonn leo i scéim Malartaithe Foirne MSCA. Is é an cuspóir a bheidh leis an sásra sin rannpháirtíocht eagraíochtaí de chuid na hIndia in MSCA a dhreasú agus comhpháirtíochtaí a chur ar bun le haghaidh malartuithe foirne, mar chéim i dtreo comhpháirtíochtaí níos uaillmhianaí agus níos straitéisí a shainaithint idir páirtithe leasmhara de chuid an Aontais agus de chuid na hIndia i réimse an taighde agus na nuálaíochta.
Cuireadh ardán nuálaíochta, an tionscadal INNOCENTER de chuid Fís 2020, chun feidhme idir 2021 agus 2023, rud a d’fhág go raibh 100 cuideachta de chuid an Aontais ag baint tairbhe as, agus go raibh 63 chuideachta ag dul faoi bhailíochtú margaidh agus go raibh 13 chuideachta ag bunú láithreacht áitiúil san India. Leis an tionscnamh, tacaíodh le breis agus 160 gnólacht nuathionscanta, éascaíodh níos mó ná 320 meaitseáil ghnó idir an tAontas agus an India, agus cuidíodh le 13 chuideachta Eorpacha dul isteach i margadh na hIndia go rathúil.
Tá an comhar faoin gComhaontú maidir leis an eolaíocht agus an teicneolaíocht á fhorbairt i gcónaí freisin faoin gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India a seoladh in 2023. Díríonn ceann de na trí Mheitheal a bunaíodh faoin gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta ar Theicneolaíochtaí Fuinnimh Ghlais agus Ghlain a fhorbairt. Faoi raon feidhme Mheitheal 2, tá 3 ghlao chomhordaithe leis an India maidir le bruscar plaisteach muirí, athchúrsáil ceallraí, agus dramhaíl go hidrigin á n‑ullmhú. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do EUR 30 milliún a infheistiú sna glaonna seo, agus táthar ag súil go ndéanfaidh an India an méid sin a infheistiú freisin. Ina theannta sin, chuaigh an tAontas agus an India i gcomhar le chéile in 2024 chun comhar idir gnólachtaí nuathionscanta a chur chun cinn maidir le ceallraí ó fheithiclí leictreacha a athchúrsáil agus sheol siad tionscnamh comhchosúil chun réitigh ar bhruscar plaisteach muirí a chur chun cinn.
Is chun leas an Aontais Eorpaigh é an Comhaontú a athnuachan chun go leanfaidh sé de phlé a bheith aige le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta i réimsí comhleasa agus a mbeidh dul chun cinn teicneolaíoch ann dá mbarr a rachaidh chun sochair do phobal eolaíochta an Aontais agus chun rochtain ar an margadh chun na hIndia a mhéadú trí chomhar comhpháirteach. Leis an gcomhar sin, tugtar aghaidh freisin ar dhúshláin dhomhanda amhail an t‑athrú aeráide, paindéimí sláinte, agus an fhorbairt inbhuanaithe. Trí láidreachtaí comhlántacha a ghiaráil, cothaítear dul chun cinn teicneolaíochta, spreagtar an fás eacnamaíoch, agus feabhsaítear iomaíochas. Téann an comhar comhpháirteach chun tairbhe do phobal eolaíochta agus gnó na hEorpa, méadaíonn sé rochtain ar an margadh san India, agus tacaíonn sé le héiceachórais nuálaíochta. Cuireann an comhar sin le folláine fhoriomlán na sochaithe sa dá réigiún trí bhíthin tionscnaimh chomhroinnte taighde agus deiseanna cistiúcháin.
Tá an Comhaontú seo ríthábhachtach chun go dtuigfear timpeallacht eolaíochta agus nuálaíochta a chéile agus go socrófar go comhpháirteach réimsí tosaíochta comhleasa maidir le comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht. Soláthraítear leis creat dlíthiúil agus riaracháin inar féidir módúlachtaí an chomhair a phlé ionas go n‑áiritheofar go ndáilfear an cistiú i gcomhair taighde agus nuálaíochta go slán cóir i réimsí atá i gcomhréir le leasanna agus beartais an Aontais Eorpaigh agus ar féidir iad a oiriúnú nó a choigeartú de réir leasanna agus riachtanais na hIndia.
Soláthraítear leis an gComhaontú sin freisin fóram úsáideach chun comhar a bhí ann cheana a mheas agus gníomhartha amach anseo a chinneadh, lena n‑áirítear ábhair a thugann feidhm don chomhar amhail trí prionsabail maidir le Rochtain Oscailte agus Nuálaíocht Oscailte a chur chun feidhme.
Ag an gcruinniú deireanach a bhí ag Comhchoiste Stiúrtha na hIndia – an Aontais Eorpaigh um Chomhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta, a bunaíodh le hAirteagal 6 den Chomhaontú, ar cruinniú é a tionóladh sa Bhruiséil an 25 Meán Fómhair 2024, chuir an dá Pháirtí in iúl go raibh rún acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse 5 bliana eile (2025-2030) i gcomhréir le hAirteagal 11(b) de agus tar éis na meastóireachta thuasluaite a rinne an Coimisiún. Dheimhnigh an dá pháirtí freisin go dtionscnóidís a nósanna imeachta inmheánacha féin chun an athnuachan a thabhairt i gcrích sula rachaidh an Comhaontú reatha in éag i mí na Bealtaine 2025.
Is ionann substaint an Chomhaontaithe athnuaite agus substaint an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair, faoi mar a pléadh agus a aontaíodh leis na piaraí Indiacha. Ní chruthófar leis sin cearta agus oibleagáidí nua don Aontas, ach cuirfear lena fhad a mhairfidh an creat atá ann cheana idir na Páirtithe faoin gComhaontú le himeacht ama.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an tionscnamh seo go hiomlán i gcomhréir le straitéis an Aontais Eorpaigh um chomhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta. Luaitear go soiléir i straitéis an Aontais an tábhacht atá le comhaontuithe eolaíochta agus teicneolaíochta mar mhodhanna chun treochláir ilbhliantúla a shainiú agus a chur chun feidhme i dtaca le comhar le tíortha nach baill den Aontas Eorpach iad. Anuas air sin modh is ea an Comhaontú chun go gcuirfear chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh um chomhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta, straitéis ina n‑éilítear tuilleadh idirnáisiúnaithe agus oscailteachta i dtimpeallacht Taighde agus Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh. Tá an Comhaontú i gcomhréir freisin le haidhm na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India mar ardán comhordúcháin ardleibhéil lena gcuirtear ar a chumas don Aontas agus don India dul i ngleic le dúshláin straitéiseacha ag an nasc idir an trádáil, an teicneolaíocht iontaofa agus an tslándáil, agus a gcaidreamh déthaobhach a dhoimhniú.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá ról ríthábhachtach ag an gComhaontú i dtaca le comhlíonadh chuspóirí Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an India chun dul i ngleic go comhpháirteach le dúshláin dhomhanda, chun tacú le nuachóiriú inbhuanaithe na hIndia, chun deiseanna gnó a chruthú agus chun barr feabhais eolaíoch agus iomaíochas a mhéadú. Tá sé i gcomhréir freisin leis an Treochlár go dtí 2025 don Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an India.
2.BUNÚS DLÍ AGUS COIMHDEACHT
•Bunús dlí
Tá cumhacht an Aontais Eorpaigh gníomhú go hidirnáisiúnta sa taighde agus i bhforbairt teicneolaíochta bunaithe ar Airteagal 186 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é pointe (a)(v) d’Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí nós imeachta don togra.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá inniúlacht chomhthreomhar roinnte ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit i réimsí an taighde agus na forbartha teicneolaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir gníomhaíocht an Aontais a ionadú le gníomhaíocht na mBallstát.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní éilítear leis an togra acmhainní breise mar atá leagtha amach sa Ráiteas Airgeadais Reachtach. Is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá laistigh den cheannteideal ábhartha.
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, iarrann an Coimisiún an méid seo a leanas ar an gComhairle:
- formheas a dhéanamh, thar ceann an Aontais agus le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, ar athnuachan an ‘Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia’, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana (i.e. ón 17 Bealtaine 2025 go dtí an 16 Bealtaine2030).
2025/0066 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 2002/648/CE, d’fhormheas an Chomhairle tabhairt chun críche an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (‘an Comhaontú’). Síníodh an Comhaontú i nDeilí Nua an 23 Samhain 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2002.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (b) den Chomhaontú, tugadh an Comhaontú i gcrích go ceann tréimhse 5 bliana agus is féidir é a athnuachan le comhaontú frithpháirteach idir na Páirtithe tar éis meastóireacht le linn na bliana deiridh den tréimhse a luadh roimhe seo.
(3)Le Cinntí 2009/501/CE, 2015/1788/AE agus 2020/789/AE, d’fhormheas an Chomhairle athnuachan an Chomhaontaithe go ceann tréimhse bhreise 5 bliana gach uair. Tá an Comhaontú mar a rinneadh athnuachan air go deireanach le dul in éag an 17 Bealtaine 2025.
(4)Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún a foilsíodh an 25 Feabhra 2025, léirítear go soiléir go soláthraítear leis an gComhaontú go fóill creat tábhachtach chun an comhar idir an tAontas agus Poblacht na hIndia a stiúradh agus a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh eolaíochta agus teicneolaíochta, a mbeidh leasanna frithpháirteacha ann dá bharr. Dá bhrí sin is chun leas an Aontais Eorpaigh é an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse nua 5 bliana.
(5)Ag an gcruinniú a bhí ag Comhchoiste Stiúrtha na hIndia agus an Aontais um Chomhar Eolaíochta agus Teicneolaíochta a tionóladh sa Bhruiséil an 25 Meán Fómhair 2024, chomhaontaigh an dá thaobh leanúint ar aghaidh le hathnuachan an Chomhaontaithe Eolaíochta agus Teicneolaíochta ar feadh tréimhse nua 5 bliana.
(6)Ba cheart athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana, a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
3
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
3
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
3
1.3.
Cuspóirí
3
1.3.1.
Cuspóirí ginearálta
3
1.3.2.
Cuspóirí sonracha
3
1.3.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
3
1.3.4.
Táscairí feidhmíochta
3
1.4.
Baineann an togra/tionscnamh le:
4
1.5.
Forais an togra/tionscnaimh
4
1.5.1.
Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
4
1.5.2.
Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
4
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
4
1.5.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
5
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
5
1.6.
Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
6
1.7.
Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
6
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
8
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
8
2.2.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
8
2.2.1.
An bonn cirt atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
8
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
8
2.2.3.
Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
8
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
9
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
10
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
10
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
12
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
12
3.2.1.1.
Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
12
3.2.1.2.
Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha
17
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
22
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
24
3.2.3.2.
Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha
24
3.2.3.3.
Leithreasuithe iomlána
24
3.2.4.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
25
3.2.4.1.
Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
25
3.2.4.2.
Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha
26
3.2.4.3.
Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach
26
3.2.5.
Forbhreathnú ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
28
3.2.6.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
28
3.2.7.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
28
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
29
4.
Gnéithe digiteacha
29
4.1.
Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha
30
4.2.
Sonraí
30
4.3.
Réitigh dhigiteacha
31
4.4.
Measúnú idir-inoibritheachta
31
4.5.
Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
32
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
Straitéis bheartais agus comhordú Ard-Stiúrthóireachtaí RTD, AGRI, CLIMA, JRC, EAC, ENER, GROW, CNECT, MARE, MOVE agus TRADE go háirithe
1.3.
Cuspóirí
1.3.1.
Cuspóirí ginearálta
Leis an tionscnamh seo, beidh an dá Pháirtí in ann an comhar eatarthu a fheabhsú agus a threisiú i réimsí leasa choitinn eolaíochta agus teicneolaíochta i gcomhréir le Straitéis an Aontais maidir leis an India agus leis an Treochlár Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas agus an India.
1.3.2.
Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach
Leis sin, féadfar eolas sonrach a mhalartú a thuilleadh agus fios gnó a aistriú, rud a rachaidh chun tairbhe do na comhphobail eolaíochta, d’earnáil tionsclaíochta agus do shaoránaigh. Leanfar d’fhóram úsáideach a thairiscint chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhar a bhí ann roimhe seo agus gníomhaíochtaí amach anseo a chinneadh, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus chun rochtain chómhalartach ar chláir agus ar chistiú a chur chun cinn.
1.3.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis an gcinneadh seo, beidh an tAontas agus an India araon in ann tairbhe fhrithpháirteach a bhaint as an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a dhéanfar trí chomhar taighde ina gcláir thaighde shonracha faoi seach agus comhar méadaithe breise a éascú. Cuirfidh sé ar a chumas don Aontas agus don India dul i ngleic go comhpháirteach le dúshláin dhomhanda, agus cuirfidh sé ar a chumas don Aontas rannchuidiú le nuachóiriú inbhuanaithe na hIndia.
1.3.4.
Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán leanúnach ar na gníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gComhaontú, lena n‑áirítear meastóireacht ar ghníomhaíochtaí comhair. Áireofar leis an meastóireacht sin na heilimintí seo a leanas, i measc eilimintí eile:
(a) táscairí comhair – anailís ar an líon eintiteas de chuid na hIndia agus ar chineál rannpháirteachais na n‑eintiteas sin i gcláir arna gcistiú ag an Aontas (e.g. an líon tograí, an líon comhaontuithe deontais sínithe, príomhnaisc chomhair, príomhthéamaí; an t‑aschur a ghintear) agus vice-versa (nuair a bhíonn na sonraí ar fáil);
(b) táscairí feidhmíochta — ráta rathúlachta eintiteas de chuid na hIndia atá rannpháirteach i gcláir réime an Aontais i gcomparáid le tríú tíortha eile agus le Ballstáit/Tíortha Comhlachaithe; anailís ar cháilíocht na rannpháirtíochta (e.g. an líon ollscoileanna is airde rangú atá rannpháirteach sa chlár, an líon paitinní agus foilseachán a eascraíonn as tionscadail chomhoibríocha);
(c) bailiú sonraí maidir le gníomhaíochtaí comhair agus naisc thar na cláir taighde ar leith agus measúnú ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin, amhail rannpháirtíocht i dtionscnaimh iltaobhacha agus i meithleacha.
1.4.
Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.
Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Leis an gcinneadh seo féadfaidh an dá Pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta ar mhaithe le tairbhe frithpháirteach.
1.5.2.
Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante): Tá méadú seasta ag teacht ar an gcomhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir an India agus an tAontas le blianta anuas. Le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh féadfar gníomhaíochtaí lena mbainfidh scála agus raon feidhme méadaithe a bheith ann ar mhaithe le leas na mBallstát uile.
Le hathnuachan an Chomhaontaithe seo, ceadófar eolas eolaíoch méadaithe as a dtiocfaidh deiseanna rochtana ar an margadh.
An breisluach AE a bhfuil coinne leis a ghiniúint (ex post): Trí shíneadh a chur leis an gComhaontú seo, beidh eolas méadaithe eolaíoch ann, agus féadfaidh an tAontas rochtain níos fearr a fháil ar eolas eolaíochta a tháirgtear san India, chun páirt a ghlacadh i níos mó gníomhaíochtaí comhair a mbeidh malartú breise eolais agus teicneolaíochtaí mar thoradh orthu, agus rochtain níos éasca ar mhargadh na hIndia a chur ar fáil do chuideachtaí Eorpacha.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Ar bhonn na taithí a fuarthas go dtí seo sa chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta, meastar gur chun an tsochair fhrithpháirtigh é leanúint den chomhar taighde leis an India, tríd an gComhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise 5 bliana.
1.5.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Meastar go bhfuil síneadh an Chomhaontaithe leis an India comhleanúnach go hiomlán agus i gcomhréir leis an gcreat beartais foriomlán maidir le Comhar Idirnáisiúnta sa Taighde agus sa Nuálaíocht, is é sin an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta, straitéis na hEorpa le haghaidh comhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú (COM(2021)252 final/2).
Lorgófar sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais i réimse an chomhair idir an tAontas agus an India, go háirithe trí thionscnaimh earnálacha éagsúla de chuid an Choimisiúin, go háirithe tionscnaimh earnálacha éagsúla de chuid Ard-Stiúrthóireachtaí AGRI, CLIMA, JRC, EAC, ENER, GROW, CNECT, MARE, MOVE agus TRADE, i measc Ard-Stiúrthóireachtaí eile.
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón gClár a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
1.6.
Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
☑ tréimhse theoranta
i bhfeidhm ón 17.5.2025 go dtí an 16.5.2030
Tionchar airgeadais ó 2025 go 2030.
tréimhse theoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.
Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
á dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialachafaireacháin agus tuairiscithe
Déanfar faireachán tráthrialta ar rannpháirtíocht eintitis dhlíthiúla na hIndia sa Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i ngníomhaíochtaí comhair eile faoin gComhaontú trí chruinnithe den Chomhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 6(b) den Chomhaontú.
2.2.
Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An bonn cirt atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Déanfar an tionscnamh atá beartaithe i gcomhthéacs an Chláir Réime Fís Eorpach um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme trí mhodh na bainistíochta dírí.
Mar ghníomhaíocht a bheidh le déanamh go hiomlán ag oifigeach beartais de chuid an Choimisiúin, is é bainistíocht dhíreach an modh cur chun feidhme is iomchuí. Go sonrach, is príomhghníomhaíochtaí na seirbhíse cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin – ‘Cur Chuige Domhanda & Comhar Idirnáisiúnta sa Taighde agus sa Nuálaíocht, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, – na príomhchúraim ionchasacha is gá maidir le cur chun feidhme cuí na gníomhaíochta atá beartaithe, amhail idirphlé beartais, measúnú ar an timpeallacht comhair idir an tAontas agus an India sa taighde agus sa nuálaíocht, agus tosaíochtaí comhpháirteacha comhair agus cúraim chomhchosúla a shainaithint.
Féadfar cúraimí tacaíochta breise de chineál eagrúcháin, lóistíochta, riaracháin agus comhairleach a shannadh faoi chreatchonradh a bheidh ann amach anseo i leith gníomhaíochtaí tacaíochta maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cúraimí tacaíochta sin, a cheaptar chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an ghnímh atá beartaithe a mhéadú, agus fanfaidh siad faoina bhainistiú díreach.
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Bíonn cruinnithe agus teagmhálacha déthaobhacha ann ar bhonn tráthrialta chun gur féidir eolas agus rialú a roinnt go córasach. Níor aithníodh aon riosca sa chóras rialaithe.
2.2.3.
Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Nuair a éilítear le cur chun feidhme an Chláir Réime go n‑úsáidtear conraitheoirí seachtracha nó nuair is éard atá i gceist leis go ndeonaítear ranníocaíocht do thríú páirtithe, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi iniúchtaí airgeadais, go háirithe má bhíonn údar amhrais aige i leith nádúr réalaíoch na hoibre arna déanamh nó a dtugtar tuairisc uirthi sna tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí.
Is iad a thabharfaidh faoi iniúchtaí airgeadais an Aontais a fhoireann féin nó saineolaithe cuntasaíochta arna bhformheas i gcomhréir le dlí an pháirtí a ndéanfar iniúchadh air. Is faoi shaoirse a roghnóidh an tAontas na saineolaithe, agus seachnóidh sé san am céanna aon riosca maidir le coimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith curtha in iúl dó ag an bpáirtí a ndéanfar an t‑iniúchadh air. Anuas air sin, áiritheoidh an Coimisiún, agus é ag déanamh na ngníomhaíochtaí taighde, go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, trí bhíthin bearta agus pionóis dhíspreagthacha chomhréireacha.
Chun an aidhm sin a bhaint amach, déanfar rialacha maidir le seiceálacha, bearta agus pionóis, agus tagairt iontu do Rialacháin Uimh. 2988/95, Uimh. 2185/96 agus Uimh. 883/2013, a ionchorprú sna conarthaí uile a úsáidtear i gcur chun feidhme an chláir réime.
Ní mór, go háirithe, foráil a dhéanamh maidir leis na pointí seo a leanas sna conarthaí:
- go gcuirfear isteach clásail shonracha sna conarthaí lena gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí sheiceálacha agus rialuithe a dhéanamh maidir leis an obair arna déanamh;
- go ndéanfar seiceálacha riaracháin mar chuid de bhearta frithchalaoise, i gcomhréir le Rialacháin Uimh. 2185/96 agus Uimh. 883/2013;
- go gcuirfear i bhfeidhm pionóis riaracháin le haghaidh na neamhrialtachtaí intinneacha nó faillíocha uile i gcur chun feidhme na gconarthaí, i gcomhréir le Creat-Rialachán Uimh. 2988/95, lena n‑áirítear sásra dúliostála;
- gurb amhlaidh nach mór d’aon ordú gnóthaithe i gcás neamhrialtachtaí agus calaoise, a bheith in-fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Thairis sin agus mar ghnáthbheart, beidh clár seiceálacha ann maidir le gnéithe eolaíochta agus buiséadacha an chomhair arb í a bheidh ina bhun an fhoireann fhreagrach in Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta (RTD). Déanfaidh Aonad um Iniúchóireacht Inmheánach Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta iniúchóireacht inmheánach, agus déanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí áitiúla.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha– Taighde agus Nuálaíocht – Fís Eorpach
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
1
|
01 01 01 01
|
LN
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
|
1
|
01 01 01 03
|
LN
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
TÁ
|
Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.
Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
1
|
‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha – Taighde agus Nuálaíocht – Fís Eorpach’
|
|
Ard‑Stiúrthóireacht: RTD
|
|
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Bliain
2028
|
Bliain
2029
|
Bliain
2030
|
IOMLÁN
|
|
□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid:
|
Gealltanais
|
1a
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
2a
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid
|
Gealltanais
|
1b
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
2b
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Uimhir na líne buiséid: 01 01 01 01
|
Gealltanais agus Íocaíochtaí
|
(3)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Uimhir na líne buiséid: 01 01 01 03
|
Gealltanais agus Íocaíochtaí
|
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair AS RTD
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
□ IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
□ IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
AS RTD
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN AS RTD
|
Leithreasuithe
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
AS RTD
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
|
Gealltanais
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2021 - 2027
|
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ó Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.
Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0
|
0
|
0
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
.0
|
.0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
|
•Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- sa Cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
|
|
- i dToscaireachtaí an Aontais
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
0
|
0
|
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 7, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Ullmhúchán agus bainistiú Cruinnithe den Chomhchoiste atá beartaithe faoi Airteagal 6(b) den Chomhaontú agus misin lena n‑áirithítear dea-fheidhmiú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chomh maith le hathbhreithniú tráthrialta ar an gComhaontú sin.
Déantar ríomhanna go comhréireach de réir fhad an Chomhaontaithe.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.5.
Forbhreathnú ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027
|
|
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
3.2.6.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
Mar atá luaite thuas ó thaobh soláthar foirne de, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá laistigh den cheannteideal ábhartha.
–
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
–
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
ar acmhainní dílse
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4.
Gnéithe digiteacha
4.1.
Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha
|
Sa Chinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe Eolaíochta agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus an India, ní dhearnadh aon fhoráil lena dtugtar aghaidh ar bhailiú, próiseáil, giniúint, malartú nó comhroinnt sonraí; próisis a uathoibriú nó a dhigitiú; réitigh dhigiteacha; nó seirbhísí poiblí digiteacha a sholáthar.
Dá bhrí sin, níl aon ghné dhigiteach ábhartha ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi sa chaibidil seo.
|
4.2.
Sonraí
4.3.
Réitigh dhigiteacha
4.4.
Measúnú idir-inoibritheachta
4.5.
Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach