AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.3.2025
COM(2025) 103 final
2025/0053(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear an Iodáil rátaí laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm, i limistéir gheografacha chinntithe, maidir le gás-ola agus gás peitriliam leachtaithe arna n‑úsáid chun críoch téimh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Déantar cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas san Aontas a rialáil le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (an ‘Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh’ nó an ‘Treoir’).
De bhun Airteagal 19(1) den Treoir, sa bhreis ar na forálacha a leagtar síos in Airteagail 5, 15 agus 17 di go háirithe, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis ó thaobh leibhéal an chánachais de a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.
De bhua Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/814 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019, údaraíodh an Iodáil cheana féin rátaí laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm, i limistéir gheografacha áirithe atá faoi mhíbhuntáiste ar leith, maidir le gás-ola agus gás peitriliam leachtaithe (GPL) a úsáidtear chun críoch téimh chun costais arda téimh na gcónaitheoirí sna limistéir gheografacha sin a fhritháireamh go páirteach.
Is é is cuspóir don togra seo síneadh a chur leis an údarú sin mar a d’iarr an Iodáil, ós rud é go rachaidh an maolú atá i bhfeidhm faoi láthair in éag an 31 Nollaig 2024.
Tá na costais arda téimh ann mar gheall ar dhálaí aeráide an‑dian nó mar gheall ar dhianriocht aeráide nó oileánachas na gcriosanna sin mar aon le deacrachtaí maidir le soláthar breosla. Tá an laghdú cánach infheidhme i limistéir gheografacha a chomhlíonann na critéir seo a leanas: Faoi Airteagal 8(10) de Dhlí na hIodáile Uimh. 448/1998, tá feidhm ag an mbuntáiste maidir le soláthairtí na mbreoslaí atá i gceist (gás-ola agus GPL) a úsáidtear i mbardais: a aicmítear i gcrios aeráide F (na dálaí aeráide is déine laistigh de chríoch na hIodáile), dá dtagraítear i bhForaithne Uimh. 412 ón Uachtarán an 26 Lúnasa 1993; nach bhfuil líonra soláthair gáis acu agus atá aicmithe i gcrios aeráide E, dá dtagraítear san Fhoraithne thuasluaite; Foraithne 412/1993 ón Uachtarán. Sa chás sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(10)(c) pointe 4) de Dhlí Uimh. 448/1998, tarraingeofar siar an buntáiste a luaithe a nascfar bardas leis an líonra soláthair gáis. i réigiún na Sairdíne agus na n‑oileán beag, fad is nár cuireadh an líonra gáis nádúrtha ar fáil sna bardais lena mbaineann. Clúdaíonn an chuid seo de na réimis oileáin uile na hIodáile seachas an tSicil.
Le litir dar dáta an 24 Aibreán 2024, chuir údaráis na hIodáile an Coimisiún ar an eolas maidir lena rún síneadh a chur leis an mbeart atá ann faoi láthair go dtí an 31 Nollaig 2030. Thug údaráis na hIodáile faisnéis bhreise i litreacha dar dáta an 12 Meán Fómhair agus an 21 Samhain 2024.
Is ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2030 a mhairfidh an tréimhse bhailíochta a iarradh i dtosach báire, ar tréimhse í atá laistigh den tréimhse uasta a cheadaítear le hAirteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Tar éis plé idir údaráis na hIodáile agus an Coimisiún, go háirithe i bhfianaise an athbhreithnithe atá beartaithe ar Threoir 2003/96/CE, comhaontaíodh dáta foirceanta níos luaithe, mar atá, an 31 Nollaig 2028.
Is ionann na laghduithe a iarradh agus na laghduithe dá bhforáiltear sa Chinneadh roimhe seo; is é sin EUR 122.56 in aghaidh 1 000 lítear le haghaidh gás-ola a úsáidtear mar bhreosla téimh agus EUR 151.01 in aghaidh 1 000 cileagram le haghaidh GPL a úsáidtear mar bhreosla téimh. Ní féidir an buntáiste cánach a chomhcheangal le laghduithe eile ar dhleacht mháil.
De réir údaráis na hIodáile, tá an t‑idirdhealú cánach bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus tá sé beartaithe aige leanúnachas geografach a áirithiú leis an gcuid eile de chríoch na hIodáile, i.e. tá sé d’aidhm aige daonra na limistéar incháilithe a chur ar bhonn níos inchomparáide leis an gcuid eile de dhaonra na hIodáile trína gcostais téimh atá go díréireach ard a laghdú.
Is ionann méid an laghdaithe cánach do gach úsáideoir; níl sé d’aidhm aige ach laghdú páirteach a dhéanamh ar chostais bhreise téimh dhaonra na limistéar incháilithe, arb iad aeráid fhuar nó deacrachtaí maidir le soláthar breosla is cúis leo.
Ina theannta sin, is éard atá i gceist le sainiúlacht na n‑oileán go bhfuil an soláthar breosla srianta ó thaobh raon feidhme de mar gheall ar shaintréithe geografacha na n‑oileán agus mar thoradh air sin, go bhfuil sé níos costasaí ná ar mhórthír na hIodáile mar gheall ar chostais bhreise iompair. Ní bhíonn róchúiteamh mar thoradh ar an laghdú cánach agus ní spreagann sé laghdú praghsanna GPL agus gás-ola faoi bhun an phraghais ar an mórthír. Maidir le cur i bhfeidhm an fhóirdheontais sna hoileáin bheaga, sna suíomhanna atá i gceist, is cinnte go bhfuil an slabhra lóistíochta níos costasaí ná mar atá ar mhórthír na hIodáile. Tá na costais níos airde mar thoradh ar easpa lóistíocht príomhúil, rud a fhágann go mbíonn costais dáileacháin níos airde ann. Baineann costais níos airde freisin le rochtain ar bhóithre a mbíonn an rochtain sin orthu fadhbach go minic, costais breosla mótair níos airde ná na costais ar an mórthír agus na costais iompair chun rochtain a fháil ar na hoileáin bheaga agus na cainníochtaí teoranta soláthairtí aonair.
Thug údaráis na hIodáile dá n‑aire gurbh ionann an laghdú cánach ó 2019 go 2023 ar an meán agus 9 % de phraghas na gás-ola a úsáidtear chun críoch téimh agus 13 % de phraghas an GPL a úsáidtear chun na críche céanna.
Maidir leis na costais bhreise iompair a sheastar sna limistéir faoi mhíbhuntáiste a chumhdaítear leis an mbeart (limistéir shléibhtiúla, an tSairdín agus oileáin bheaga) i gcoibhneas le codanna eile den tír, meastar go bhfuil na costais iompair thart ar 120 % níos airde ná mar atá i gcodanna eile den Iodáil. An chúis atá leis sin ná go n‑úsáidtear bealaí níos faide (agus níos casta) chun limistéir níos iargúlta a bhaint amach agus, ina theannta sin, ní mór modhanna iompair níos lú a úsáid. Is meán é an figiúr a thugtar thuas lena gcuirtear san áireamh freisin na costais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ag baint le soláthar don tSairdín agus do na hoileáin bheaga trí bhíthin long.
Sna limistéir atá incháilithe don laghdú, meastar go bhfuil an caiteachas ar GPL a úsáidtear le haghaidh téimh thart ar 90 % níos airde i gcrios aeráide E agus 170 % níos airde i gcrios aeráide F.
I bhfianaise na dtosca sin go léir, i gcriosanna aeráide E agus F agus sa tSairdín agus ar na hoileáin bheaga, tá costas na gás-ola agus GPL a úsáidtear le haghaidh téimh 10 % níos ísle ar an meán faoi láthair ná mar a bheadh sé gan an laghdú.
Maidir le líon tairbhithe an bhirt, meastar faoi láthair go bhfuil 3,961,546 theaghlach i líon na dtairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ann.
Thart ar EUR 142.8 milliún atá i gcaiteachas buiséadach bliantúil an bhirt.
•Forálacha faoin Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh
Léitear Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, den Treoir mar a leanas:
Sa bhreis ar na forálacha a leagtar amach sna hAirteagail roimhe seo, go háirithe in Airteagail 5, 15 agus 17, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, aon Bhallstát a údarú chun díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach i gcomhair breithnithe sonracha beartais.
An fhéidearthacht cóireáil cánach atá fabhrach do ghás-ola agus do GPL a úsáidtear chun críoch téimh i roinnt limistéir gheografacha atá faoi mhíbhuntáiste, is féidir an fhéidearthacht sin a bheartú faoi Airteagal 19 den Treoir ós rud é gurb é is cuspóir dó cead a thabhairt do na Ballstáit díolúine nó laghduithe breise a thabhairt isteach le haghaidh breithnithe sonracha beartais.
D’iarr an Iodáil go gcuirfí an beart i bhfeidhm ar feadh na huastréimhse a cheadaítear le hAirteagal 19(2) den Treoir, i.e. 6 bliana (ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2030). I bprionsabal, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm an mhaolaithe a bheith fada go leor chun leibhéal leordhóthanach cinnteachta a thabhairt do na limistéir gheografacha lena mbaineann.
Tar éis plé idir údaráis na hIodáile agus an Coimisiún, go háirithe i bhfianaise an athbhreithnithe atá beartaithe ar Threoir 2003/96/CE, comhaontaíodh dáta foirceanta níos luaithe, mar atá, an 31 Nollaig 2028. Ar an ábhar nach dócha aon tionchar diúltach a bheith ag an socrú atá ann faoi láthair ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar an leibhéal ginearálta cánachais ar bhreoslaí san Iodáil, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na limistéir gheografacha lena mbaineann, molann an Coimisiún an t‑údarú arna iarraidh a dheonú ar feadh 4 bliana, i.e. ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028. Ina theannta sin, chun nach mbainfear an bonn d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh nach ndéanfaí an t‑údarú seo a oiriúnú ina leith, go rachadh an Cinneadh seo in éag an lá a thiocfadh na rialacha modhnaithe sin chun bheith infheidhme.
Sna himthosca sin, is cosúil go bhfuil sé iomchuí an t‑údarú a dheonú le haghaidh na tréimhse thuasluaite.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar gach iarraidh ar mhaolú faoi Airteagal 19 den Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, an gá atá le hiomaíocht chóir a áirithiú agus beartais sláinte, chomhshaoil, fuinnimh agus iompair an Aontais á gcur san áireamh.
Leis an idirdhealú cánach maolaítear go páirteach na costais bhreise téimh a thabhaíonn saoránaigh i limistéir gheografacha áirithe den Iodáil atá faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid leis an gcuid eile den chríoch agus a mbeadh ualach cánach iomarcach ann ina leith, dá bhrí sin, mar thoradh ar na rátaí caighdeánacha cánach is infheidhme maidir le GPL agus gás-ola a úsáidtear chun críoch téimh. Eascraíonn costais bhreise téimh as an míbhuntáiste geografach, costais arb iad dálaí aeráide diana nó oileánachas na gcriosanna sin is cúis leo, in éineacht le neamh-infhaighteacht acmhainní téimh malartacha, go háirithe neamh-infhaighteacht rochtana ar an líonra gáis nádúrtha. Tá na rátaí laghdaithe cánachais le haghaidh gás-ola agus GPL fós níos airde ná íosleibhéil chánachais an Aontais a leagtar amach sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, agus ní mhaolaíonn sé ach go páirteach na costais bhreise téimh a thabhaítear sna limistéir gheografacha atá i gceist.
Is féidir a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil an laghdú comhoiriúnach leis an sprioc dreasacht chánach a sholáthar chun críche éifeachtúlachta fuinnimh.
Níor cinneadh go bhfuil an beart ar neamhréir le beartais ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus fuinneamh.
Ina theannta sin, tá an beart inghlactha ó thaobh fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh de agus maidir leis an ngá atá le hiomaíocht chóir a áirithiú. Ní fhéachann sé ach leis na costais bhreise téimh a bhaineann le dálaí oibiachtúla na limistéar atá i gceist a fhritháireamh go páirteach. Níl an laghdú cánach carnach le haon chineál eile laghdaithe cánach agus níl feidhm aige maidir le húsáid eile na mbreoslaí téimh seachas téamh spáis.
•Rialacha maidir leis an státchabhair
D’fhéadfadh sé gur Státchabhair é an beart i gcomhréir le hAirteagal 107(1) de CFAE. Ós rud é go bhfuil na rátaí laghdaithe os cionn íosleibhéil an Aontais, is cosúil go dtagann an beart faoi Airteagal 44 de Rialachán (AE) 651/2014 ón gCoimisiún, lena sonraítear na coinníollacha faoinar féidir cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha faoi Threoir 2003/96/CE a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Státchabhair. Mar sin féin, ní féidir a dhéanamh amach ag an gcéim seo cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach sa Rialachán seo comhlíonta agus ní dhéantar réamhbhreith leis an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle ar oibleagáid an Bhallstáit comhlíontacht leis na rialacha maidir leis an Státchabhair a áirithiú, go háirithe, i gcás cabhair dhíolmhaithe, atá faoi Rialachán (AE) 651/2014 ón gCoimisiún. Tá an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle gan dochar freisin d’oibleagáid an Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcabhair sula gcuirfear i bhfeidhm í, de bhun Airteagal 108(3) CFAE, i gcás nach gcumhdaítear an chabhair nua le blocdhíolúine.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús Dlí
Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Níl an réimse cánach indírí a chumhdaítear le hAirteagal 113 CFAE ann féin faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 3 CFAE.
Os a choinne sin, de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, tugadh inniúlacht eisiach don Chomhairle, mar ábhar dlí thánaistigh, chun Ballstát a údarú le díolúintí nó laghduithe sa bhreis a thabhairt isteach de réir bhrí na forála sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit iad féin a chur in ionad na Comhairle. Mar thoradh air sin, níl prionsabal na coimhdeachta infheidhme maidir leis an gcinneadh cur chun feidhme seo. In aon chás, ó tharla nach dréachtghníomh reachtach an gníomh seo, níor cheart é a tharchur chuig Parlaimintí náisiúnta de bhun Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí lena athbhreithniú maidir lena chomhlíontacht le prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Leis an togra seo urramaítear prionsabal na comhréireachta. Ní théann an laghdú cánach seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atá i gceist a bhaint amach. Tá na laghduithe cánach infheidhme i limistéir gheografacha chinntithe. Tá na rátaí cánach údaraithe os cionn na n‑íosleibhéal cánachais a fhorordaítear leis an Treoir.
•An rogha ionstraime
Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle atá san ionstraim atá beartaithe. Ní dhéanann Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE foráil ach maidir leis an gcineál sin birt.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní cheanglaítear leis an mbeart aon mheastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Iodáil agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.
•Measúnú tionchair
Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní dhéantar foráil leis an mbeart maidir le simpliú. Is toradh é ar an iarraidh a rinne an Iodáil agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.
•Cearta bunúsacha
Níl aon tionchar ag an mbeart ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní chuirtear aon ualach airgeadais ná riaracháin ar an Aontas leis an mbeart seo. Dá bhrí sin, ní bheidh aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Níl aon ghá le plean cur chun feidhme. Baineann an togra seo le húdarú maidir le laghdú cánach le haghaidh Ballstát aonair ar a iarraidh féin. Soláthraítear é le haghaidh tréimhse theoranta go dtí an 31 Nollaig 2028. Ní mór na rátaí cánach a mbeidh feidhm acu a bheith i gcomhréir leis na híosleibhéil cánachais a leagtar amach leis an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Is féidir meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart i gcás iarraidh ar athnuachan tar éis dul in éag na tréimhse bailíochta.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní cheanglaítear leis an togra aon doiciméad míniúcháin a bheith ann maidir leis an trasuí.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Foráiltear le hAirteagal 1 go gceadófar don Iodáil rátaí laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus GPL a úsáidtear chun críoch téimh i limistéir gheografacha áirithe faoi mhíbhuntáiste. Ní mór na rátaí cánach a bheith i gcomhréir leis na híosleibhéil cánachais a leagtar amach sa Treoir.
Bunaítear le hAirteagal 2 go mbeidh incháilitheacht roinnt de na limistéir gheografacha lena mbaineann faoi réir neamh-infhaighteacht an ghréasáin gáis nádúrtha sna bardais lena mbaineann.
Sonraítear in Airteagal 3 go ndeonaítear an t‑údarú arna iarraidh le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, agus é leanúnach leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme 2019/814/AE ón gComhairle atá ann faoi láthair, go dtí an 31 Nollaig 2028, laistigh den uastréimhse a cheadaítear leis an Treoir.
2025/0053 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena n‑údaraítear an Iodáil rátaí laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm, i limistéir gheografacha chinntithe, maidir le gás-ola agus gás peitriliam leachtaithe arna n‑úsáid chun críoch téimh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail maidir le cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, agus go háirithe Airteagal 19(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/814 ón gComhairle, údaraíodh an Iodáil rátaí laghdaithe dleachta máil ar ghás-ola agus ar ghás peitriliam leachtaithe (GPL) a úsáidtear le haghaidh téimh a chur i bhfeidhm i limistéir gheografacha áirithe atá faoi mhíbhuntáiste ar leith. Tugadh an t‑údarú go dtí an 31 Nollaig 2024.
(2)Le litir dar dáta an 24 Aibreán 2024, d’iarr an Iodáil údarú chun leanúint de rátaí laghdaithe dleachta máil ar ghás-ola agus ar GPL a úsáidtear le haghaidh téimh a chur i bhfeidhm i limistéir gheografacha áirithe atá faoi mhíbhuntáiste ar leith. Thug údaráis na hIodáile faisnéis bhreise i litreacha dar dáta an 12 Meán Fómhair 2024 agus an 21 Samhain 2024. Baineann an t‑údarú leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028.
(3)Tá críoch an‑éagsúil ag an Iodáil ina bhfuil dálaí athraitheacha aeráide agus geografacha. Agus sainiúlachtaí a críche á gcur san áireamh, tá rátaí laghdaithe cánachais tugtha isteach ag an Iodáil ar ghás-ola agus ar GPL chun na costais téimh atá go díréireach ard do chónaitheoirí i limistéir gheografacha áirithe a fhritháireamh go páirteach.
(4)Tá an t‑idirdhealú cánach bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus is é is aidhm dó daonra na limistéar incháilithe a chur ar bhonn eacnamaíoch níos inchomparáide leis an gcuid eile de dhaonra na hIodáile trí bhíthin a gcostais téimh atá go díréireach ard a laghdú, arb é is cúis leo dálaí aeráide diana nó costais mhéadaithe ar cheannacháin bhreosla i gcomparáid leis an gcuid eile de chríoch na hIodáile.
(5)Tá na rátaí laghdaithe cánachais infheidhme i limistéir gheografacha a chomhlíonann ceann amháin de na critéir seo a leanas: (a) na dálaí aeráide is déine laistigh de chríoch na hIodáile, is é sin, bardais atá suite i gcrios F mar a shainítear i bhForaithne Uimh. 412 ón Uachtarán an 26 Lúnasa 1993; (b) dálaí aeráide diana mar aon le deacrachtaí maidir le soláthar breosla, is é sin, bardais atá suite i gcrios E mar a shainítear i bhForaithne Uimh. 412 ón Uachtarán an 26 Lúnasa 1993; agus (c) leithlisiú geografach mar aon le soláthar breosla deacair costasach, is é sin, an tSairdín agus oileáin bheaga. Níor cheart na rátaí laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm ach amháin go dtí go gcríochnófar an líonra gáis nádúrtha sna bardais lena mbaineann.
(6)Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an mbeart a iarradh agus fuarthas amach nach ndéanann sé saobhadh ar iomaíocht ná nach gcuireann sé bac ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus nach meastar go bhfuil sé ar neamhréir le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, fuinneamh agus iompar. D’fhanfadh na rátaí laghdaithe cánachais le haghaidh gás-ola agus GPL araon níos airde ná íosleibhéil cánachais an Aontais a leagtar amach i dTreoir 2003/96/CE agus ní mhaolóidís ach go páirteach na costais bhreise téimh a thabhaítear sna limistéir gheografacha lena mbaineann.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, an Iodáil a údarú, de bhun Airteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, rátaí laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm, i limistéir gheografacha chinntithe, ar ghás-ola agus GPL a úsáidtear chun críoch téimh.
(8)Ba cheart a áirithiú gur féidir leis an Iodáil an laghdú sonrach lena mbaineann an Cinneadh seo a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025, agus leanúint gan stró ó na réamhshocruithe faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme 2019/814. Ba cheart, dá bhrí sin, an t‑údarú a iarradh a dheonú le héifeacht ón 1 Eanáir 2025.
(9)I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin le bheith teoranta ó thaobh ama de.
(10)D’fhonn leibhéal leordhóthanach cinnteachta a áirithiú do na limistéir gheografacha lena mbaineann, ba cheart an t‑údarú a dheonú ar feadh tréimhse 4 bliana. Mar sin féin, chun nach ndéanfar an bonn a bhaint d’fhorbairtí ginearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh nach ndéanfaí an t‑údarú a oiriúnú ina leith, gur cheart an Cinneadh seo a dhul in éag an lá a thiocfadh an córas sin chun bheith infheidhme.
(11)Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear an Iodáil rátaí laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus GPL a úsáidtear chun críoch téimh sna limistéir gheografacha seo a leanas atá faoi mhíbhuntáiste:
(a) bardais atá suite i gcrios aeráide F mar a bunaíodh le Foraithne Uimh. 412 ón Uachtarán an 26 Lúnasa 1993;
(b) bardais atá suite i gcrios aeráide E mar a bunaíodh le Foraithne Uimh. 412 ón Uachtarán an 26 Lúnasa 1993;
(c) bardais atá suite ar oileán na Sairdíne agus oileáin bheaga, is é sin oileáin uile na hIodáile, seachas an tSicil.
2. Chun aon róchúiteamh a sheachaint, ní rachaidh an laghdú thar na costais bhreise a bhaineann le téamh sna limistéir lena mbaineann. I gcás sonrach na limistéar a chumhdaítear le mír 1, pointe (c), ní spreagfaidh an laghdú cánach an praghas chun dul faoi bhun phraghas an bhreosla chéanna ar mhórthír na hIodáile.
3. Ní mór do na rátaí laghdaithe na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2003/96/CE a chomhlíonadh, agus go háirithe na híosrátaí cánachais a leagtar síos in Airteagal 9 den Treoir sin.
Airteagal 2
Beidh incháilitheacht na limistéar geografach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b) agus (c), faoi réir neamh-infhaighteacht an líonra gáis nádúrtha sna bardais lena mbaineann.
Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028.
Mar sin féin, dá ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh nach ndéanfaí an t‑údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo a oiriúnú ina leith, rachaidh an Cinneadh seo in éag an lá a thiocfaidh an córas sin chun bheith infheidhme.
Airteagal 4
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán