AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.2.2025
COM(2025) 80 final
2025/0044(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann leis na dátaí óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i bhfeidhm
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2025) 80 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Comhthéacs ginearálta agus cuspóirí
I dtuarascáil Mario Draghi maidir le ‘Todhchaí Iomaíochas na hEorpa’, leag sé béim ar an ngá don Eoraip tírdhreach rialála a chruthú lena n-éascófar an t-iomaíochas agus an athléimneacht, agus tharraing sé aird ar na costais i dtaca le hualach agus comhlíonadh a cruthaíodh leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (TTIC) agus leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach (TDCCI). I nDearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa, d’iarr Cinn Stáit agus Cinn Rialtais an Aontais ‘réabhlóid simpliúcháin a bheith ann, lena n-áiritheofaí creat rialála soiléir simplí cliste le haghaidh gnólachtaí agus lena laghdófaí ualaí riaracháin, rialála agus tuairiscithe go mór, go háirithe le haghaidh FBManna’. D’iarr siad ar an gCoimisiún tograí coincréiteacha a dhéanamh chun laghdú 25 % ar a laghad a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe sa chéad leath de 2025.
I dTeachtaireacht an Choimisiúin maidir leis an gCompás Iomaíochais don Aontas Eorpach, dheimhnigh sé go molfadh sé an chéad ‘Phacáiste Simpliúcháin Omnibus’, lena n-áireofaí simpliú forleathan i réimsí an tuairiscithe airgeadais inbhuanaithe, an díchill chuí inbhuanaitheachta agus na tacsanomaíochta. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Eoraip níos simplí níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’, leag an Coimisiún clár oibre cur chun feidhme agus simpliúcháin amach lena gcuirtear feabhsuithe tapa infheicthe ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí ar an láthair, clár oibre lena n-éilítear níos mó ná cur chuige incriminteach agus lena leagtar béim ar an ngá le gníomhaíocht cheannasach chun rialacha an Aontais, rialacha náisiúnta agus rialacha réigiúnacha a chuíchóiriú agus a shimpliú.
Tháinig TTIC i bhfeidhm an 5 Eanáir 2023. Leis an treoir rinneadh na ceanglais tuairiscithe maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach a neartú agus a nuachóiriú trí mhodhnuithe ar an Treoir Chuntasaíochta, ar an Treoir um Thrédhearcacht, ar an Treoir Iniúchóireachta agus ar an Rialachán maidir le hIniúchóireacht. Is gné thábhachtach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus den Phlean Gníomhaíochta um Maoiniú Inbhuanaithe é TTIC. Is é is aidhm don Treoir sin a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag infheisteoirí chun tuiscint a fháil ar na rioscaí a bhfuil cuideachtaí infheistiúcháin neamhchosanta orthu de bharr an athraithe aeráide agus saincheisteanna inbhuanaitheachta eile, agus chun na rioscaí sin a bhainistiú. Tá sé d’aidhm aici freisin a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag infheisteoirí agus ag páirtithe leasmhara eile maidir leis na tionchair a bhíonn ag cuideachtaí ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Ar an gcaoi sin, cuireann sí leis an gcobhsaíocht airgeadais agus leis an tsláine comhshaoil. Is coinníoll riachtanach é sin chun go mbeidh acmhainní airgeadais ag dul chuig cuideachtaí a mbíonn spriocanna inbhuanaitheachta á saothrú acu, agus cruthaítear leis cuntasacht agus trédhearcacht bhreise ar mhaithe leis na páirtithe leasmhara uile a mhéid a bhaineann le feidhmíocht inbhuanaitheachta cuideachtaí.
Glacadh TDCCI an 13 Meitheamh 2024. Is é is cuspóir don Treoir rannchuidiú le huaillmhian níos leithne an Aontais Eorpaigh aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh carbóin de mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Leis an Treoir ceanglaítear ar chuideachtaí drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint ina n-oibríochtaí féin, in oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus ina slabhraí gníomhaíochtaí, agus aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair sin.
Tá TTIC agus TDCCI á gcur chun feidhme faoi láthair i gcomhthéacs casta nua. Tá ardú tagtha ar na praghsanna fuinnimh do ghnóthais an Aontais mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá méadú ag teacht ar an teannas trádála de réir mar atá an tírdhreach geopholaitiúil ag athrú. An cur chuige éagsúil atá glactha ag roinnt dlínsí móra eile maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a rialáil, tarraingíonn sé ceisteanna faoi éifeachtaí na ndlíthe sin ar staid iomaíochta chuideachtaí an Aontais. An cumas atá ag an Aontas a luachanna a chaomhnú agus a chosaint, tá sé ag brath, i measc nithe eile, ar acmhainneacht a gheilleagair oiriúnú agus a bheith iomaíoch i gcomhthéacs geopholaitiúil neamhshocair atá naimhdeach uaireanta.
Leis an togra seo, dá bhrí sin, cuirtear siar teacht i bhfeidhm TDCCI agus fhorálacha áirithe de chuid TTIC.
Comhthéacs sonrach agus cuspóirí sonracha an togra seo maidir le TTIC
Tá feidhm ag TTIC faoi láthair maidir le gnóthais mhóra, FBManna ag a bhfuil urrúis a liostaítear ar mhargaí rialáilte an Aontais, máthairghnóthais ar ghrúpaí móra, chomh maith le heisitheoirí a bhaineann leis na catagóirí gnóthas sin. Déanfar teacht i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe a thugtar isteach le TTIC a chéimniú isteach de réir catagóirí éagsúla gnóthas. Sa chéad bhabhta, ní mór d’eintitis mhóra leasa phoiblí ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí tuairisciú den chéad uair in 2025 le haghaidh na bliana airgeadais 2024. Sa dara babhta, ní mór do na gnóthais mhóra eile tuairisciú in 2026 le haghaidh na bliana airgeadais 2025. Sa tríú babhta, ní mór do FBManna ag a bhfuil urrúis a liostaítear i margaí rialáilte an Aontais tuairisciú in 2027 le haghaidh na bliana airgeadais 2026, cé go bhfuil an deis acu úsáid a bhaint as an rogha gan bheith páirteach sa tuairisciú le haghaidh na mblianta airgeadais 2026 agus 2027. Sa cheathrú babhta, ní mór do ghnóthais áirithe neamh-AE a dhéanann gnó ar chríoch an Aontais os cionn tairseacha áirithe tuairisciú in 2029 le haghaidh na bliana airgeadais 2028.
Le TTIC, ceanglaítear ar ghnóthais atá faoin raon feidhme faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú de réir na gCaighdeán Eorpach sainordaitheach maidir le Tuairisciú um Inbhuanaitheacht (ESRS) agus ceanglaítear ar an gCoimisiún na caighdeáin sin a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe. I mí Iúil 2023 ghlac an Coimisiún an chéad sraith de ESRS, ar caighdeáin iad atá il-oiriúnach ó thaobh earnála de, rud a chiallaíonn go bhfuil siad le cur i bhfeidhm ag gach gnóthas faoin raon feidhme go neamhspleách ar earnáil an gheilleagair ina n-oibríonn an gnóthas. Le TTIC, ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin caighdeáin tuairiscithe earnáilsonracha a ghlacadh, agus an chéad sraith de na caighdeáin sin le glacadh faoi mhí an Mheithimh 2026. Le TTIC, ceadaítear do FBManna liostaithe tuairisciú trí úsáid a bhaint as sraith chomhréireach caighdeán ar leithligh atá níos éadroime in ionad na sraithe iomláine de ESRS.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, tá caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta curtha isteach ag EFRAG lena úsáid go deonach ag FBManna nach bhfuil faoi raon feidhme na gceanglas tuairiscithe (caighdeán VSME). Is é is cuspóir do chaighdeán VSME uirlis shimplí a aithnítear go forleathan a sholáthar do FBManna trínar féidir leo faisnéis inbhuanaitheachta a sholáthar do bhainc, do chuideachtaí móra agus do pháirtithe leasmhara eile a d’fhéadfadh an fhaisnéis sin a éileamh.
Gnéithe tábhachtacha eile a bhaineann le TTIC is ea na forálacha maidir le dearbhú agus maidir le faisnéis slabhra luacha a thuairisciú. Ní mór do ghnóthais a bhfaisnéis inbhuanaitheachta a fhoilsiú in éineacht le tuairim iniúchóra reachtúil nó, má cheadaíonn na Ballstáit é, tuairim soláthraí seirbhíse dearbhaithe neamhspleách. Is le haghaidh dearbhú teoranta an ceanglas atá ann faoi láthair agus foráiltear le TTIC go bhféadfadh sé sin a bheith ina cheanglas le haghaidh dearbhú réasúnach amach anseo, faoi choinníollacha áirithe. Le TTIC, ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin caighdeáin a ghlacadh maidir le dearbhú inbhuanaitheachta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.
Le TTIC ceanglaítear ar ghnóthais faisnéis slabhra luacha a thuairisciú a mhéid is gá chun tuiscint a thabhairt ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann leo i ndáil le hinbhuanaitheacht. Le TTIC bunaítear caidhp slabhra luacha, mar a thugtar air, lena luaitear nach bhféadfaidh ESRS ceanglais tuairiscithe a chuimsiú lena gceanglófaí ar ghnóthais faisnéis a fháil ó FBManna atá ina slabhra luacha, ar faisnéis í atá sa bhreis ar an bhfaisnéis atá le nochtadh faoin gcaighdeán comhréireach le haghaidh FBManna liostaithe.
Is é is aidhm don togra seo an t-ualach tuairiscithe a laghdú agus teorainn a chur le hoibleagáidí a bheith ag síothlú síos chuig cuideachtaí beaga. Ar an gcéad dul síos, an togra reachtach ar leithligh a rinne an Coimisiún i gcomhthráth leis an togra seo, dhéanfadh sé an creat a shimpliú agus an t-ualach a laghdú ar na bealaí seo a leanas:
–Laghdófaí an líon gnóthas atá faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta shainordaitheacha faoi thart ar 80 %, rud a d’fhágfadh go mbainfí den raon feidhme gnóthais mhóra ag a bhfuil suas le 1000 fostaí (i.e. cuid de na gnóthais ón dara babhta agus cuid de na gnóthais ón gcéad bhabhta) agus FBManna liostaithe (i.e. na gnóthais uile sa tríú babhta). Ní bheadh feidhm ag na ceanglais tuairiscithe ach amháin maidir le gnóthais mhóra ag a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí ar an meán (i.e. gnóthais ag a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí agus láimhdeachas os cionn EUR 50 milliún nó clár comhardaithe os cionn EUR 25 mhilliún). Leis an tairseach athbhreithnithe sin, dhéanfaí TTIC a ailíniú níos dlúithe le TDCCI.
–I gcás gnóthais nach bhfuil faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta shainordaitheacha, molann an Coimisiún caighdeán comhréireach lena úsáid ar bhonn deonach a bheadh bunaithe ar chaighdeán VSME a d’fhorbair EFRAG. De réir an togra seo, ghlacfadh an Coimisiún an caighdeán deonach sin mar ghníomh tarmligthe. Idir an dá linn, chun aghaidh a thabhairt ar éileamh an mhargaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún moladh a eisiúint maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta deonach a luaithe is féidir, agus é bunaithe ar chaighdeán VSME a d’fhorbair EFRAG.
–Dhéanfaí an chaidhp slabhra luacha a leathnú agus a neartú. Bheadh feidhm dhíreach aici maidir leis an gcuideachta tuairiscithe seachas í a bheith ina teorainn leis an méid is féidir a shonrú le ESRS, agus leis an méid sin amháin. Chosnófaí léi gach gnóthas ag a bhfuil suas le 1000 fostaí, agus ní díreach FBManna mar is amhlaidh atá faoi láthair. Ina theannta sin, dhéanfaí an teorainn a shainiú leis an gcaighdeán deonach a ghlacfadh an Coimisiún mar ghníomh tarmligthe, agus an méid sin bunaithe ar chaighdeán VSME a d’fhorbair EFRAG. Ar an gcaoi sin, laghdófaí an síothlú síos go mór.
–Ní bheadh aon chaighdeán tuairiscithe earnáilsonrach ann, rud a d’fhágfadh nach mbeadh méadú ar líon na bpointí sonraí forordaithe ar cheart do ghnóthais iad a thuairisciú.
–Chuirfí deireadh leis an bhféidearthacht aistriú ó cheanglas maidir le dearbhú teoranta go ceanglas maidir le dearbhú réasúnach. Déanfaidh sé sin soiléir é nach mbeidh aon mhéadú ann amach anseo ar chostais an dearbhaithe i gcás na ngnóthas faoin raon feidhme.
–In ionad oibleagáid a bheith ar an gCoimisiún caighdeáin maidir le dearbhú inbhuanaitheachta a ghlacadh faoi 2026, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte spriocdhírithe maidir le dearbhú faoi 2026. Cuirfidh sé sin ar a chumas don Choimisiún aghaidh a thabhairt níos tapa ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse an dearbhaithe inbhuanaitheachta, saincheisteanna a bhféadfadh ualach nach bhfuil gá leis a chur ar ghnóthais atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe.
–Tugtar isteach leis an togra córas ‘rogha a bheith páirteach’, córas a fhágann, i gcás gnóthais mhóra ag bhfuil níos mó ná 1000 fostaí ar an meán (i.e. gnóthais ag a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí agus láimhdeachas os cionn EUR 50 milliún nó clár comhardaithe os cionn EUR 25 mhilliún) agus glanláimhdeachas nach mó ná EUR 450 milliún a mhaíonn go bhfuil a ngníomhaíochtaí ailínithe nó ailínithe go páirteach le Tacsanomaíocht AE, go mbeidh ar na gnóthais sin a láimhdeachas agus a dtáscairí feidhmíochta CapEx a nochtadh agus go bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh a dtáscairí feidhmíochta OpEx a nochtadh. Leis an gcur chuige ‘rogha a bheith páirteach’ sin, cuirfear deireadh go hiomlán leis an gcostas a bhaineann leis na rialacha tuairiscithe Tacsanomaíochta a chomhlíonadh i gcás gnóthais mhóra ag a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí ar an meán (i.e. gnóthais ag a bhfuil níos mó ná 1000 fostaí agus láimhdeachas os cionn EUR 50 milliún nó clár comhardaithe os cionn EUR 25 mhilliún) agus glanláimhdeachas nach mó ná EUR 450 milliún, ar gnóthais iad nach maíonn go mbaineann a ngníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá cáilithe mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Ina theannta sin, cuirtear níos mó solúbthachta ar fáil leis an togra seo trí chead a thabhairt do na gnóthais sin tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a chomhlíonann critéir scagtha theicniúla áirithe maidir le Tacsanomaíocht gan iad ar fad a chomhlíonadh. Le tuairisciú den sórt sin maidir le hailíniú páirteach, is féidir aistriú comhshaoil gníomhaíochtaí de réir a chéile a chothú le himeacht ama, i gcomhréir leis an aidhm atá ann an maoiniú um aistriú a uas-scálú.
Ar an dara dul síos, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh gan mhoill lena ndéanfar athbhreithniú ar an gcéad sraith de ESRS. Chun simpliú agus cuíchóiriú ESRS a bhaint amach go tapa, agus chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do ghnóthais, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an gníomh tarmligthe a bhfuil gá leis a ghlacadh a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí, 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach chun an creat tuairiscithe is ábhar don togra reachtach ar leithligh thuasluaite a shimpliú. Leis an athbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe, laghdófar go mór líon na bpointí sonraí sainordaitheacha ESRS trí (i) na pointí sonraí sin a meastar gurb iad is lú tábhacht ó thaobh tuairisciú inbhuanaitheachta ilchuspóireach de a bhaint, (ii) tosaíocht níos airde a thabhairt do phointí sonraí cainníochtúla ná mar a thugtar do théacs insinte agus (iii) idirdhealú breise a dhéanamh idir pointí sonraí sainordaitheacha agus pointí sonraí deonacha, gan an bonn a bhaint d’idir-inoibritheacht le caighdeáin tuairiscithe dhomhanda agus gan dochar do mheasúnú ábharthachta gach gnóthais. Soiléireofar leis an athbhreithniú forálacha a mheastar a bheith doiléir. Cuirfidh sé feabhas ar chomhsheasmhacht le píosaí eile reachtaíochta de chuid an Aontais. Soláthrófar leis treoracha níos soiléire maidir leis an gcaoi chun prionsabal na hábharthachta a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú nach dtuairisceoidh gnóthais ach faisnéis ábhartha agus chun an riosca a laghdú go mbeidh gnóthais á spreagadh de thaisme ag soláthraithe seirbhísí dearbhaithe chun faisnéis nach bhfuil riachtanach a thuairisciú nó chun acmhainní iomarcacha a thiomnú don phróiseas measúnaithe ábharthachta. Déanfar struchtúr agus cur i láthair na gcaighdeán a shimpliú leis. Cuirfear tuilleadh feabhais leis ar an leibhéal idir-inoibritheachta le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dhomhanda, leibhéal atá an-ard cheana féin. Déanfar aon mhodhnú eile leis freisin a bhféadfaí a mheas ina leith gur modhnú riachtanach é i bhfianaise na taithí a fuarthas agus ESRS á chur i bhfeidhm den chéad uair.
Ar an tríú dul síos, leis an togra seo chuirfí siar 2 bhliain teacht i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe le haghaidh an dara babhta (gnóthais mhóra nach eintitis leasa phoiblí iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí, chomh maith le gnóthais mhóra ag a bhfuil níos lú ná 500 fostaí) agus le haghaidh an tríú babhta (FBManna liostaithe, institiúidí creidmheasa beaga neamhchasta, agus gnóthais árachais agus athárachais faoi chuing). Is é is cuspóir don chur siar cás a sheachaint ina gceanglófaí ar ghnóthais áirithe tuairisciú le haghaidh na bliana airgeadais 2025 (an dara babhta) nó 2026 (an tríú babhta) agus ina scaoilfí ón gceanglas sin iad ina dhiaidh sin. Cás den chineál sin, is é an toradh a bheadh air go dtabhódh na gnóthais atá i gceist costais neamhriachtanacha agus inseachanta.
Iarrann an Coimisiún ar na comhreachtóirí teacht ar chomhaontú go tapa maidir leis an gcur siar atá beartaithe, go háirithe chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a bhfuil gá léi a chur ar fáil do ghnóthais sa dara babhta, gnóthais a gceanglaítear orthu faoi láthair tuairisciú den chéad uair in 2026 le haghaidh na bliana airgeadais 2025.
Comhthéacs sonrach agus cuspóirí sonracha an togra seo maidir le TDCCI
De réir na rialacha atá ann faoi láthair, ba cheart do na Ballstáit TDCCI a thrasuí faoin 26 Iúil 2026. Beartaítear go mbeidh trí chéim ag baint leis an teacht i bhfeidhm: ó mhí Iúil 2027 ar aghaidh, ní bheadh feidhm ag na rialacha ach amháin maidir leis na cuideachtaí is mó san Aontas, i.e. iad siúd ag a bhfuil níos mó ná 5000 fostaí agus a thuairiscíonn glanláimhdeachas bliantúil (domhanda) níos mó ná EUR 1,5 billiún, agus maidir le cuideachtaí neamh-AE a ghineann glanláimhdeachas níos mó ná EUR 1,5 billiún san Aontas. Sa dara babhta, maidir le cuideachtaí de chuid an Aontais ag a bhfuil níos mó ná 3000 fostaí agus glanláimhdeachas níos mó ná EUR 900 milliún, chomh maith le cuideachtaí neamh-AE a ghineann an glanláimhdeachas sin san Aontas, bheadh orthu an creat nua a chomhlíonadh ó mhí Iúil 2028 ar aghaidh. Ar deireadh, i mí Iúil 2029, bheadh ar gach cuideachta eile a thagann faoin raon feidhme ginearálta tús a chur leis (na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear) an Treoir a chur i bhfeidhm. Ón dáta sin ar aghaidh, meastar go mbeidh feidhm ag TDCCI maidir le thart ar 6000 cuideachta mhór de chuid an Aontais, agus thart ar 900 cuideachta neamh-AE. Leis an raon feidhme pearsanta agus an cur i bhfeidhm céimnithe isteach, cuirtear san áireamh gur mór idir na hacmhainneachtaí atá ag cuideachtaí de mhéideanna éagsúla an creat sainordaitheach nua a chur chun feidhme agus, dá réir sin, is príomhghnéithe iad i ndáil le cur chuige comhréireach a áirithiú.
Ina theannta sin, leis an togra reachtach ar leithligh a rinne an Coimisiún i gcomhthráth leis an togra seo, shimpleofaí an creat agus laghdófaí ualach cuideachtaí ar roinnt bealaí. Leis an togra sin, chuirfí siar bliain amháin an chéad chéim de chur i bhfeidhm na Treorach. Is é is cuspóir don chur siar am breise a chur ar fáil don chéad ghrúpa cuideachtaí ullmhú dá n-oibleagáidí faoin Treoir, arna leasú, agus na treoirlínte a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an amlíne níos doichte a leagtar amach sa togra comhthreomhar maidir le simpliú á gcur san áireamh freisin.
Thairis sin, leis an togra sin, dhéanfaí sprioc-am an trasuite le haghaidh na mBallstát a chur siar bliain amháin chun moilleanna a d’fhéadfadh a bheith ar a n-iarrachtaí leanúnacha maidir le trasuí TDCCI a chur san áireamh, moilleanna arb é ba chúis leo leasuithe féideartha ar an Treoir mar gheall ar an togra comhthreomhar maidir le simpliú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Maidir le gnóthais atá faoi réir ceanglais tuairiscithe TTIC, ceanglaítear go huathoibríoch orthu freisin táscairí áirithe a thuairisciú faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Dá bhrí sin, trí chur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe a chur siar le haghaidh cuideachtaí sa dara agus sa tríú babhta, chuirfí siar go huathoibríoch freisin leis an togra seo an sprioc-am faoinar gá do na cuideachtaí sin na táscairí sin a thuairisciú faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Is é is aidhm do na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in TTIC agus in ESRS a áirithiú, i measc nithe eile, go mbeidh rochtain ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, institiúidí creidmheasa agus riarthóirí tagarmharcanna ar an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a bhfuil gá acu léi ó ghnóthais chun a n-oibleagáidí tuairiscithe féin a chomhlíonadh faoin Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe, faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus faoin Rialachán maidir le Tagarmharcanna. Leis an gcur siar atá beartaithe, cuirfear moill ar fheabhsuithe ar an infhaighteacht faisnéise do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, d’institiúidí creidmheasa agus do riarthóirí tagarmharcanna.
Gnóthais atá faoi réir TTIC agus TDCCI araon, ní cheanglaítear orthu le TDCCI aon fhaisnéis a thuairisciú sa bhreis ar an méid a cheanglaítear orthu a thuairisciú faoi TTIC. Ós rud é go gcuirtear siar leis an togra seo na bearta dá bhforáiltear in TDCCI, chomh maith le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe le haghaidh gnóthais áirithe faoi TTIC, fágann sin go gcoinnítear an chomhsheasmhacht idir an dá phíosa reachtaíochta sin ar bun.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir le feabhas a chur ar an iomaíochas, an creat rialála a shimpliú agus an t-ualach ar ghnólachtaí a laghdú, agus spriocanna beartais TTIC agus TDCCI á mbaint amach san am céanna. Áirítear leis sin an Comhaontú Glas a chaomhnú, ós rud é go mbraitheann an t-iomaíochas meántéarmach go fadtéarmach ar bhreithnithe inbhuanaitheachta a bheith á gcomhtháthú go leormhaith ag cuideachtaí ina n-oibríochtaí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is iad Airteagail 50 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Is é Airteagal 50 CFAE an bunús dlí chun bearta AE a ghlacadh arb é is aidhm dóibh an ceart bunaíochta sa mhargadh aonair i ndlí na gcuideachtaí a bhaint amach, agus leis an airteagal sin tugtar sainordú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gníomhú trí bhíthin Treoracha. Ina theannta sin, is bunús ginearálta dlí é Airteagal 114 CFAE arb é is cuspóir dó feidhmiú an mhargaidh aonair a bhunú nó a áirithiú — sa chás seo, saorghluaiseacht caipitil. Is iad Airteagail 50 agus 114 CFAE an bunús dlí le haghaidh Threoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Leis an togra seo modhnaítear na dátaí ar a dtiocfaidh forálacha áirithe de dhlí an Aontais i bhfeidhm. Ní féidir na dátaí sin a mhodhnú ach amháin trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Is é is cuspóir don bheartas moill a chur ar dhátaí teacht i bhfeidhm forálacha áirithe de dhlí an Aontais. Moladh a dhéanamh go modhnófaí na dátaí sin, sin an t-aon bhealach inar féidir an cuspóir sin a bhaint amach
•An rogha ionstraime
Tá an togra seo comhdhéanta de Threoir lena leasaítear forálacha na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (TTIC) agus na Treorach maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach (TDCCI). Meastar gurb í Treoir Omnibus an ionstraim dlí is iomchuí chun na Treoracha atá ann cheana a leasú a mhéid a bhaineann le simpliú agus laghdú ualaigh i réimse an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an díchill chuí.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Níl TDCCI trasuite ná curtha i bhfeidhm ag cuideachtaí go fóill. Tá TTIC curtha i bhfeidhm ag an gcéad sraith de chuideachtaí, agus beidh na chéad ráitis inbhuanaitheachta dá gcuid á bhfoilsiú acu sa chéad leath de 2025 den chuid is mó. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir meastóireacht ex post ná seiceáil oiriúnachta a dhéanamh ar cheachtar den dá phíosa reachtaíochta.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Cuidiú a bhí sna gníomhaíochtaí comhairliúcháin seo a leanas ó thaobh ábhar an togra seo a mhúnlú.
-An Coimisiún Eorpach ‘Glao ar fhianaise i ndáil le cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe’, ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2023.
-An Coimisiún Eorpach, ‘Seiceáil Réaltachta maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta agus Cruinniú Comhchéime maidir le Simpliú’ go luath i mí Feabhra 2025.
-Reáchtáil an Coimisiún Eorpach gníomhaíochtaí páirtithe leasmhara ar leithligh freisin, lena n-áirítear dhá fhóram mhóra hibrideacha maidir le TTIC le haghaidh páirtithe leasmhara i mí na Bealtaine agus i mí na Samhna 2024, ar ghlac breis agus 400 duine páirt iontu i bpearsa agus ar ghlac níos mó ná 3000 duine páirt iontu go fíorúil.
-Fuair an Coimisiún Eorpach líon an-mhór litreacha agus anailísí mionsonraithe ó gach cineál páirtí leasmhair (lena n-áirítear cuideachtaí, infheisteoirí, bainc, an tsochaí shibhialta, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, comhlachais tráchtála agus rialtais náisiúnta na mBallstát).
An Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach
Leis an nGlao ar Fhianaise ón gCoimisiún Eorpach i ndáil le Cuíchóiriú na gCeanglas Tuairiscithe, lorgaíodh fianaise agus tuairimí maidir le rialacháin a meastar go gcruthaítear ualach riaracháin leo. D’fhreagair beagnach 200 páirtí leasmhar, agus is é a d’iarr siad go príomha go ndéanfaí an tuairisciú inbhuanaitheachta, an dícheall cuí agus Tacsanomaíocht AE a shimpliú.
I gcruinnithe an Choimisiúin Eorpaigh leis an earnáil tionsclaíochta Eorpach, le comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta go luath i mí Feabhra 2025, chuir na páirtithe leasmhara in iúl go dtacaíonn siad le cuspóirí uileghabhálacha TTIC agus TDCCI ach chuir siad i dtábhacht an gá atá le simpliú agus comhchuibhiú maidir le cur chun feidhme na dtreoracha.
Mhol roinnt páirtithe leasmhara, go háirithe grúpaí sna hearnálacha gnó agus tionsclaíochta, cur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann cheana a chur ar sos chun díriú ar an simpliú. D’áitigh siad, dá gcuirfí siar ceanglais tuairiscithe TTIC , gur deis a bheadh ann don Choimisiún an creat a shimpliú agus, san am céanna, go mbeadh níos mó ama ag cuideachtaí ullmhú d’aon athrú atá le tarlú.
Chonacthas do pháirtithe leasmhara eile, go háirithe grúpaí de chuid na sochaí sibhialta, go raibh fiúntas nach beag ag baint leis na rialacha a choinneáil ar bun agus labhair siad go láidir ar son thábhacht na deimhneachta dlíthiúla agus na cobhsaíochta rialála do chuideachtaí, agus ar son cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a choinneáil ar bun. Chuir siad i dtábhacht freisin gur cheart treoirlínte cur chun feidhme a úsáid chun codanna áirithe den chreat tuairiscithe inbhuanaitheachta a shoiléiriú agus a shimpliú, de rogha ar na rialacha atá ann cheana a chur siar nó a athrú.
An gá atá le simpliú, tá sé athluaite freisin in go leor tuarascálacha agus moltaí eile, agus i dtuairimí páirtithe leasmhara eile ó ghnóthais atá sna hearnálacha airgeadais agus neamhairgeadais araon, ar tuarascálacha, moltaí agus tuairimí iad lena leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le castacht agus ualaí riaracháin a laghdú agus lena gcuirtear bonn eolais faoi na bearta laghdaithe ualaigh a dtugtar tuairisc orthu sa togra seo.
An Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach
Is bonn eolais don togra iad na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear gnólachtaí, comhlachais trádála, agus eagraíochtaí sochaí sibhialta, chomh maith le teagmhálacha eile a rinneadh le páirtithe leasmhara agus ionchuir a fuarthas uathu. San áireamh leis sin, go háirithe, bhí imeacht 2 lá le haghaidh páirtithe leasmhara, imeacht a thug deis don Choimisiún eolas a fháil ó chleachtóirí faoi na dúshláin a fheiceann siadsan i dtaca leis an gcreat reachtach atá ann faoi láthair agus faoi na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Cé gur iarr roinnt páirtithe leasmhara athruithe forleathana agus cur siar, bhí páirtithe leasmhara eile ann a chuir i dtábhacht an gá le deimhneacht rialála, a chuir i gcoinne athoscailt na Treorach, agus a dhírigh, ina áit sin, ar an gcur chun feidhme. Is é is aidhm don togra, mar aon leis an togra comhthreomhar maidir le simpliú, cothromaíocht a bhaint amach idir na peirspictíochtaí sin trí shláine TDCCI a choinneáil ar bun, agus athruithe á dtabhairt isteach san am céanna chun an Treoir a shimpliú agus a chuíchóiriú.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Tá Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ag gabháil leis an togra seo, ina bhfuil anailís ar thionchair na mbeart atá beartaithe. Ós rud é go bhfuil géarghá le tograí a chur ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh, níorbh fhéidir measúnú tionchair iomlán a ullmhú.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an togra seo ceaptha go sainráite chun simpliú mór ar an gcóras um thuairisciú inbhuanaitheachta a éascú.
•Cearta bunúsacha
An Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach
Urramaítear sa togra na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus cloítear leis na prionsabail a leagtar amach inti. Tá tionchar dearfach indíreach ag an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach ar chearta bunúsacha, ós rud é gur féidir le ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta tionchar chun feabhais a imirt ar an iompraíocht chorparáideach. Is é a dhéanann an treoir cur le feasacht cuideachtaí ar chearta bunúsacha agus dea‑thionchar a imirt ar an gcaoi a ndéanann siad drochthionchair iarbhír agus drochthionchair fhéideartha ar chearta bhunúsacha a shainaithint agus a bhainistiú. Leis an gcur siar atá beartaithe, chuirfí moill freisin ar na tionchair dhearfacha sin a mhéid a bhaineann le cuideachtaí a chuirfeadh tús le cur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe ar dháta níos déanaí. Mar sin féin, maidir leis an laghdú ualaigh ar chuideachtaí, agus go háirithe an laghdú ualaigh ar chuideachtaí a bhainfí de raon feidhme TTIC leis an togra ar leithligh a rinne an Coimisiún i gcomhthráth leis an togra seo, ba cheart gnóthachain shochaíocha eile a eascairt as an laghdú ualaigh sin i dtéarmaí rachmas a chruthú, agus i dtéarmaí fostaíochta agus nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht don inbhuanaitheacht.
An Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach
Urramaítear sa togra na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus cloítear leis na prionsabail a leagtar amach inti. Tá cosaint agus cur chun cinn na gceart bunúsach ar cheann de phríomhchuspóirí TDCCI. Leis an Treoir sin, ceanglaítear ar chuideachtaí an-mhór drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint ina n-oibríochtaí féin, in oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus ina slabhraí gníomhaíochtaí, agus aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair sin. Leis an gcur siar atá beartaithe, chuirfí moill ar na tionchair dhearfacha sin maidir leis an gcéad ghrúpa cuideachtaí faoi raon feidhme na Treorach, is é sin, na cuideachtaí a chuirfeadh tús le ceanglais an díchill chuí a chur i bhfeidhm tráth níos déanaí.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní mheastar gur gá aon doiciméad míniúcháin.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 leasaítear Airteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464 (an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach ‘TTIC’) trí chur siar 2 bhliain a thabhairt isteach i ndáil leis na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta i gcás gach cuideachta faoi raon feidhme TTIC a gceanglaítear uirthi comhlíontacht a bhaint amach ón mbliain airgeadais 2025 nó 2026, de réir mhéid na cuideachta lena mbaineann.
Go sonrach:
–Le mír (1) pointe (a), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go dtuairisceoidh na gnóthais seo a leanas ar an inbhuanaitheacht ó bhlianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2027 nó dá éis sin (seachas ón 1 Eanáir 2025):
·gnóthais mhóra nach bhfuil níos mó ná 500 fostaí acu ar an meán le linn na bliana airgeadais;
·gnóthais mhóra ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais ach nach eintitis leasa phoiblí iad;
·máthairghnóthais ar ghrúpa mór ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán ar dhátaí a chláir comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais;
·máthairghnóthais ar ghrúpa mór ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán ar dhátaí a chláir comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais, ach nach eintitis leasa phoiblí iad;
–le mír (1) pointe (b), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, maidir le FBManna ag a bhfuil urrúis a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte de chuid an Aontais, institiúidí beaga neamhchasta (ar choinníoll gur gnóthais mhóra nó FBManna liostaithe iad) agus gnóthais (ath)árachais faoi chuing ar ghnóthais de chuid an Aontais iad (ar choinníoll gur gnóthais mhóra nó FBManna liostaithe iad), go dtuairisceoidh siad ar an inbhuanaitheacht ó bhlianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó dá éis sin (seachas ón 1 Eanáir 2026);
–le mír (2) pointe (a), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go dtuairisceoidh na heisitheoirí seo a leanas ar an inbhuanaitheacht ó bhlianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2027 nó dá éis sin (seachas ón 1 Eanáir 2025):
·eisitheoirí ar gnóthais mhóra iad nach bhfuil níos mó ná 500 fostaí acu ar an meán le linn na bliana airgeadais;
·eisitheoirí ar máthairghnóthais iad ar ghrúpa mór nach bhfuil níos mó ná 500 fostaí aige ar an meán, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais;
–le mír (2) pointe (b), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, maidir le heisitheoirí arb é atá iontu FBManna, institiúidí beaga neamhchasta (ar choinníoll gur gnóthais mhóra nó FBManna liostaithe iad) agus gnóthais (ath)árachais faoi chuing ar ghnóthais de chuid an Aontais iad (ar choinníoll gur gnóthais mhóra nó FBManna liostaithe iad), go dtuairisceoidh siad ar an inbhuanaitheacht ó bhlianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó dá éis sin (seachas ón 1 Eanáir 2026).
Le hAirteagal 2 leasaítear Airteagal 37 de Threoir (AE) 2024/1760 (An Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach ‘TDCCI’) trí sprioc-am an trasuite, chomh maith le cur i bhfeidhm na Treorach, a chur siar 1 bhliain amháin le haghaidh an chéad ghrúpa cuideachtaí faoi raon feidhme na Treorach.
Le hAirteagal 3 ceanglaítear ar na Ballstáit Airteagal 1 den Treoir seo a thrasuí faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, agus téacs a mbeart trasuite a chur in iúl don Choimisiún.
Le hAirteagal 4 sonraítear go dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2025/0044 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann leis na dátaí óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i bhfeidhm
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50 agus 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’, leag an Coimisiún amach fís do chlár oibre maidir le cur chun feidhme agus simpliú lena gcuirtear feabhsuithe tapa infheicthe ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí ar an láthair. Tá níos mó ná cur chuige céim ar chéim ag teastáil chuige sin agus tá an tAontas le gníomhú go ceannasach chun an sprioc sin a bhaint amach. Beidh ar an gCoimisiún, ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle, ar údaráis na mBallstát ar gach leibhéal agus ar pháirtithe leasmhara oibriú le chéile chun rialacha an Aontais, rialacha náisiúnta agus rialacha réigiúnacha a chuíchóiriú agus a shimpliú agus chun beartais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí.
(2)I gcomhthéacs ghealltanas an Choimisiúin ualaí tuairiscithe a laghdú agus an t-iomaíochas a fheabhsú, is gá leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar Threoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus cuspóirí beartais an Chomhaontaithe Ghlais agus an Phlean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.
(3)Sonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir (AE) 2022/2464 na dátaí óna bhfuil na Ballstáit leis na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, agus dátaí éagsúla i gceist de réir mhéid an ghnóthais lena mbaineann. Gnóthais mhóra ar eintitis leasa phoiblí iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais, agus eintitis leasa phoiblí ar máthairghnóthais ar ghrúpa mór iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán, ar dhátaí a chláir comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2025 le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin. Na gnóthais mhóra eile, agus na máthairghnóthais eile ar ghrúpa mór, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2026 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin. Gnóthais bheaga agus mheánmhéide — cé is moite de mhicreaghnóthais — institiúidí beaga neamhchasta agus gnóthais (ath)árachais faoi chuing, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2027 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin. I bhfianaise thionscnaimh leanúnacha an Choimisiúin arb é is aidhm dóibh oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta áirithe atá ann cheana a shimpliú, agus chun an t-ualach riaracháin gaolmhar atá ar na gnóthais a laghdú, chun foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht dhlíthiúil, agus chun nach dtabhódh na gnóthais a gceanglaítear orthu faoi láthair tuairisciú le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin agus an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin costais inseachanta nach bhfuil gá leo, ba cheart na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh na ngnóthas sin a chur siar 2 bhliain faoi seach.
(4)Sonraítear in Airteagal 5(2), an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2022/2464 na dátaí óna bhfuil na Ballstáit leis na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, agus dátaí éagsúla i gceist de réir mhéid an eisitheora lena mbaineann. Eisitheoirí ar gnóthais mhóra iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais, agus eisitheoirí ar máthairghnóthais ar ghrúpa mór iad ag a bhfuil níos mó ná 500 fostaí ar an meán, ar dhátaí a gcláir comhardaithe, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2025 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis sin. Na heisitheoirí eile ar gnóthais mhóra iad, agus na heisitheoirí eile ar máthairghnóthais iad ar ghrúpa mór, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2026 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin. Eisitheoirí ar gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad — cé is moite de mhicreaghnóthais — institiúidí beaga neamhchasta agus gnóthais (ath)árachais faoi chuing, tá siad le tuairisciú a dhéanamh in 2027 le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin. I bhfianaise thionscnaimh leanúnacha an Choimisiúin arb é is aidhm dóibh oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta áirithe atá ann cheana a shimpliú, agus chun an t-ualach riaracháin gaolmhar atá ar na gnóthais a laghdú, chun foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht dhlíthiúil, agus chun nach dtabhódh na heisitheoirí a gceanglaítear orthu faoi láthair tuairisciú le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis sin agus an 1 Eanáir 2026 nó dá éis sin costais inseachanta nach bhfuil gá leo, ba cheart na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh na n-eisitheoirí sin a chur siar 2 bhliain faoi seach.
(5)Ba cheart an dáta faoina bhfuil na Ballstáit le Treoir 2024/1760 a chur i bhfeidhm a chur siar bliain amháin i gcás an chéad ghrúpa cuideachtaí faoi raon feidhme na Treorach sin, chun níos mó ama a thabhairt do chuideachtaí ullmhú le haghaidh cheanglais na Treorach sin agus chun an deis a thabhairt dóibh na treoirlínte atá le heisiúint ag an gCoimisiún maidir leis an gcaoi ar cheart dóibh a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh ar bhealach praiticiúil a chur san áireamh.
(6)Thairis sin, i bhfianaise an togra reachtaigh chomhthreomhair arb é is aidhm dó an creat inbhuanaitheachta a shimpliú agus na hualaí ar chuideachtaí a laghdú, ba cheart síneadh bliana a chur leis an sprioc-am do na Ballstáit chun Treoir 2024/1760 a thrasuí chun moilleanna féideartha a chur san áireamh ina n-iarrachtaí leanúnacha trasuite mar gheall ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Treoir sin.
(7)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leormhaith ach, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a leasú dá réir sin.
(9)Ar chúiseanna práinne agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a luaithe is féidir, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2464
I dTreoir (AE) 2022/2464, leasaítear Airteagal 5(2) mar a leanas:
(1)leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
(a)i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2027 nó dá éis sin:’;
(b)i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó dá éis sin:’;
(2)leasaítear an tríú fomhír mar a leanas:
(a)i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2027 nó dá éis sin:’;
(b)i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó dá éis sin:’.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir (AE) 2024/1760
In Airteagal 37(1) de Threoir (AE) 2024/1760, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:
‘Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 26 Iúil 2027. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm:
(a)ón 26 Iúil 2028, a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit agus a raibh níos mó ná 3 000 fostaí acu ar an meán agus a ghin glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 900 000 000, sa bhliain airgeadais dheireanach roimh an 26 Iúil 2028 ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla ina leith, nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha ina leith, cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, ar bearta iad a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2029 nó dá éis sin;
(b)ón 26 Iúil 2028, a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht tríú tír agus a ghin glanláimhdeachas níos mó ná EUR 900 000 000 san Aontas, sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach roimh an 26 Iúil 2028, cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, ar bearta iad a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2029 nó dá éis sin;
(c)ón 26 Iúil 2029, a mhéid a bhaineann le gach cuideachta eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), agus cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), agus Airteagal 2(2), pointe (c), cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, ar bearta iad a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2030 nó dá éis sin.’.
Airteagal 3
Trasuí
1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2025. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH3
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh3
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann3
1.3.Cuspóirí3
1.3.1.Cuspóirí ginearálta3
1.3.2.Cuspóirí sonracha3
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann3
1.3.4.Táscairí feidhmíochta3
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:4
1.5.Foras an togra/tionscnaimh4
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh4
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.4
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart4
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA8
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe8
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe8
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe8
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú8
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)8
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc9
4.Gnéithe digiteacha29
4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha30
4.2.Sonraí30
4.3.Réitigh dhigiteacha31
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta31
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann leis na dátaí óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i bhfeidhm.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Aontas na Margaí Caipitil, an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta, an Comhaontú Glas don Eoraip, Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, dlí na gcuideachtaí agus rialachas corparáideach
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Is iad na cuspóirí ginearálta a shaothraítear leis an togra reachtach seo eilimintí áirithe de Threoir 2006/43/CE, de Threoir 2013/34/AE, de Threoir (AE) 2022/2464 agus de Threoir (AE) 2024/1760 a shimpliú agus a laghdú chun an t-ualach tuairiscithe ar chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na gceanglas a laghdú.
Tríd an ualach riaracháin a laghdú a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus costais chomhlíontachta an tuairiscithe inbhuanaitheachta a eascraíonn as an reachtaíocht thuas, tá sé beartaithe leis an togra seo comhréireacht an chreata agus iomaíochas cuideachtaí Eorpacha a fheabhsú, agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóirí sonracha na leasuithe atá beartaithe ar Threoir (AE) 2022/2464 a chuimsítear sa togra seo, tá sé d’aidhm acu na torthaí seo a leanas a bhaint amach:
–Na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta ar chuideachtaí bhabhta 2 agus bhabhta 3 a chur siar 2 bhliain.
Cuspóirí sonracha na leasuithe atá beartaithe ar Threoir (AE) 2024/1760 a chuimsítear sa togra seo, tá sé d’aidhm acu na torthaí seo a leanas a bhaint amach:
–Sprioc-am an trasuite agus cur i bhfeidhm na gceanglas díchill chuí inbhuanaitheachta le haghaidh chuideachtaí bhabhta 1 a chur siar bliain amháin.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Is iad na torthaí agus an tionchar a bhfuil coinne leo mar gheall ar na leasuithe atá beartaithe ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a shimpliú agus, mar thoradh air sin, an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú i ndáil leis sin, agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta um Maoiniú Inbhuanaithe á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Tá coinne leis freisin go mbeidh coigilteas costais mór ann do chuideachtaí faoin raon feidhme mar thoradh ar na leasuithe atá beartaithe agus tuairisciú inbhuanaitheachta á dhéanamh acu.
Leis na leasuithe ar Threoir (AE) 2024/1760 a chuimsítear sa togra seo, tá coinne leis go laghdófar an t-ualach comhlíontachta ar chuideachtaí toisc go mbeidh níos mó ama acu ullmhú don chomhlíontacht, a mbeartais, a bpróisis agus a nósanna imeachta a choigeartú, agus na treoirlínte a eiseoidh an Coimisiún á gcur san áireamh freisin, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh tógáil ar dhea-chleachtais agus a spleáchas ar chomhairleoireacht dhlíthiúil agus ar sheirbhísí comhairleacha a laghdú.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Tá an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach curtha i bhfeidhm ag an gcéad sraith cuideachtaí a bhfuil a gcéad ráitis inbhuanaitheachta á bhfoilsiú acu sa chéad leath de 2025 den chuid is mó. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir meastóireacht ex post ná seiceáil oiriúnachta a dhéanamh ar cheachtar den dá phíosa reachtaíochta.
Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí sonracha an togra a bhaint amach, fiosróidh an Coimisiún an bhféadfaí malartuithe a eagrú le páirtithe leasmhara i bhformáidí éagsúla chomh maith le suirbhéanna tréimhsiúla ar úsáideoirí faisnéise inbhuanaitheachta agus ar ghnóthais a thuairiscíonn an fhaisnéis sin, de réir acmhainní airgeadais a bheith ar fáil. Le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach a thíolacadh faoi mhí Aibreáin 2029.
Sa togra seo, geallann an Coimisiún freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad sraith de ESRS. Faoi Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh gach 3 bliana ar na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, lena n-áirítear na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairt caighdeán idirnáisiúnta.
Beidh cur chun feidhme na Treorach maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach arna leasú, agus a héifeachtacht ó thaobh a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair, faoi réir meastóireacht thráthrialta freisin i gcomhréir le hAirteagal 36 den Treoir sin.
Úsáidfear roinnt táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na dtograí sin, amhail éifeachtacht agus tráthúlacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, éifeachtúlacht na bpróiseas chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus an cuspóir an t-ualach riaracháin a theorannú agus ceanglais tuairiscithe neamhriachtanacha nó dhúblacha a sheachaint.
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Leis an togra seo, molann an Coimisiún Treoir lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760. A luaithe a thiocfaidh na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le hábhar an togra, beidh tréimhse áirithe ama ag na Ballstáit chun na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir seo a thrasuí i ndáil leis an dáta a chur siar óna mbeidh ar ghrúpaí áirithe cuideachtaí na Treoracha sin a chur i bhfeidhm ina ndlí náisiúnta. Faoin togra seo, is é an 31 Nollaig 2025 sprioc-am an trasuite sin. Leis an togra seo féachtar freisin le moill bliana a chur ar sprioc-am trasuite Threoir (AE) 2024/1760. Mar thoradh air sin, cheanglófaí ar na Ballstáit an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach a thrasuí faoin 26 Iúil 2027 ar a dhéanaí.
I dtogra reachtach ar leith, molann an Coimisiún roinnt forálacha de Threoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a leasú. Molann an Coimisiún freisin athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún (Caighdeáin Eorpacha maidir le Tuairisciú um Inbhuanaitheacht). Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe athbhreithnithe maidir le ESRS in am tráth chun gur féidir leis na gnóthais sin sa dara babhta a gceanglófaí orthu tús a chur le tuairisciú faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach in 2028 le haghaidh na bliana airgeadais 2027 na caighdeáin athbhreithnithe a chur i bhfeidhm.
Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí sonracha an togra a bhaint amach, fiosróidh an Coimisiún an bhféadfaí malartuithe a eagrú le páirtithe leasmhara i bhformáidí éagsúla chomh maith le suirbhéanna tréimhsiúla ar úsáideoirí faisnéise inbhuanaitheachta agus ar ghnóthais a thuairiscíonn an fhaisnéis sin, de réir acmhainní airgeadais a bheith ar fáil. Le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach a thíolacadh faoi mhí Aibreáin 2029. Beidh cur chun feidhme na Treorach maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach arna leasú, agus a héifeachtacht ó thaobh a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair, faoi réir meastóireacht thráthrialta freisin i gcomhréir le hAirteagal 36 den Treoir sin. Ní éilítear plean cur chun feidhme leis an togra seo.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Rialaítear nochtadh na faisnéise inbhuanaitheachta san Aontas Eorpach cheana féin leis an Treoir Chuntasaíochta, arna leasú leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach. Áirithítear le rialacha comhchoiteanna i dtaca le tuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú inbhuanaitheachta go mbeidh cothrom iomaíochta ann do chuideachtaí atá bunaithe sna Ballstáit éagsúla. Le difríochtaí móra sna ceanglais maidir le tuairisciú agus dearbhú inbhuanaitheachta idir na Ballstáit, chruthófaí costais bhreise agus castacht bhreise do chuideachtaí a oibríonn thar theorainneacha, rud a dhéanfadh dochar don mhargadh aonair. Ní féidir le Ballstáit agus iad ag gníomhú ina n-aonar dlíthe an Aontais atá ann cheana a mhodhnú chun an t-ualach ar chuideachtaí a laghdú.
Ar an gcuma chéanna, leagtar amach cheana féin leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach creat rialála comhchuibhithe le haghaidh dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach, agus cumhdaítear léi freisin cuideachtaí áirithe tríú tír atá gníomhach i margadh an Aontais, rud a áirithíonn go bhfuil cothrom iomaíochta ann sa réimse beartais sin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n-áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Na ceannteidil de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n-imreofar tionchar
4.Gnéithe digiteacha
4.1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha
|
Leis na ceanglais tuairiscithe a thugtar isteach le Treoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar chuideachtaí sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir lena dtionchair, rioscaí agus deiseanna a mhéid a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha. Tá obair mhór i gceist leis an gcleachtadh sin ó thaobh sonraí a shainaithint, a bhailiú, a phróiseáil, a fhíorú agus a fhoilsiú. Chun na sonraí ábhartha a bhailiú, is minic a úsáideann gnóthais ardáin dhigiteacha bailithe agus comhroinnte sonraí. Ina theannta sin, chun na sonraí a stóráil agus a phróiseáil chun críocha an tuairiscithe inbhuanaitheachta, is minic a úsáideann cuideachtaí uirlisí digiteacha bainistithe sonraí freisin.
Níos mó agus níos mó, bíonn coinne ag úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana, inchomparáide agus inléite ag meaisín i bhformáidí digiteacha. Ní mór do na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta Threoir 2013/34/AE a dtuarascálacha bainistíochta a chur ar fáil saor in aisce don phobal ar a suíomhanna gréasáin. Leis an digiteáil, cruthaítear deiseanna chun faisnéis a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla agus d’fhéadfadh coigilteas costais mór a bheith ann dá bharr d’úsáideoirí agus do ghnóthais araon. Leis an digiteáil, cumasaítear freisin lárú sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát i bhformáid oscailte inrochtana lena n-éascaítear an léamh agus lenar féidir comparáid a dhéanamh idir sonraí. Tá na ceanglais sin ag teacht freisin le pointe rochtana aonair Eorpach a chruthú le haghaidh faisnéis chorparáideach phoiblí.
A mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha laistigh den Treoir a bhfuil ábharthacht dhigiteach ag baint leo, féach thíos.
Le Treoir 2013/34/AE ceanglaítear ar ghnóthais atá faoi réir tuairisciú inbhuanaitheachta a dtuarascáil bhainistíochta a ullmhú san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún (Rialachán Tarmligthe maidir leis an bhFormáid Leictreonach Aonair Eorpach). Leis an treoir sin, ceanglaítear freisin ar na gnóthais sin a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil, lena n-áirítear na nochtaí a cheanglaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an tacsanomaíocht dhigiteach atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin leasú ar Rialachán Tarmligthe maidir leis an bhFormáid Leictreonach Aonair Eorpach.
Le tacsanomaíocht dhigiteach le haghaidh chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais, beifear in ann tuairisciú inbhuanaitheachta a chlibeáil agus beidh an tuairisciú inléite ag meaisín. Go dtí go nglacfar an tacsanomaíocht dhigiteach sin, ní cheanglaítear ar ghnóthais a ráitis inbhuanaitheachta a mharcáil. Ní bheidh an ráiteas inbhuanaitheachta inléite ag meaisín go dtí go mbeidh sé ina chuid de dhoiciméad XHTML agus go dtí go mbeidh sé marcáilte le tacsanomaíocht dhigiteach, rud a fhágann nach gceanglófar ar ghnóthais an tuarascáil bhainistíochta a ullmhú in XHTML go dtí go nglacfar an tacsanomaíocht dhigiteach.
Áirítear ar na páirtithe leasmhara a ndéanann na ceanglais sin difear dóibh gnóthais a gceanglaítear orthu ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú agus a fhoilsiú a clibeáladh go digiteach agus a soláthraíodh i bhformáid XHTML, chomh maith le soláthraithe dearbhaithe nach mór dóibh a fhíorú go gcomhlíonann an ráiteas inbhuanaitheachta na ceanglais is gá.
Leis an togra atá ann faoi láthair, ní mhodhnaítear na rialacha atá ann cheana maidir le clibeáil dhigiteach nó formáid dhigiteach a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, rud a chuirfidh feabhas ar an tuairisciú digiteach agus a chumasóidh úsáid na hintleachta saorga agus úsáid á baint as an bhfaisnéis a thuairiscíonn gnóthais.
A mhéid a bhaineann leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach, d’fhéadfadh uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha tacú le bailiú agus measúnú sonraí agus an costas a bhaineann leis sin a laghdú. Ní leasaítear leis an togra seo forálacha ábhartha na Treorach maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach.
|
4.2.Sonraí
4.3.Réitigh dhigiteacha
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
|
Tá an Coimisiún rannpháirteach i roinnt tionscnamh chun éascaíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme rianúil na gceanglas maidir le hábharthacht dhigiteach a shainaithnítear i Roinn 4.1.
Ar an gcéad dul síos, beidh gá le tacsanomaíocht dhigiteach le haghaidh chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais ionas go mbeifí in ann an fhaisnéis a thuairiscítear a chlibeáil i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin. Glacfaidh an Coimisiún tacsanomaíocht dhigiteach chun faisnéis inbhuanaitheachta a chlibeáil trí Ghníomh Tarmligthe, tar éis dó comhairle theicniúil a fháil ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.
Ar an dara dul síos, faoi chuimsiú bhabhta 2025 den Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tionscadal suaitheanta ilnáisiúnta a sheoladh dar teideal ‘Feabhas a Chur ar Thuairisciú Inbhuanaitheachta do Ghnólachtaí.’ Is é is aidhm don tionscnamh sin feabhas a chur ar acmhainneacht na mBallstát tacú le cuideachtaí, go háirithe FBManna, ceanglais tuairiscithe na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus ceanglais tuairiscithe Thacsanomaíocht AE a chur chun feidhme. Cuirfear san áireamh sa tacaíocht faoin tionscnamh seo éabhlóid na gceanglas tuairiscithe, agus beidh sí ábhartha freisin maidir le FBManna neamhliostaithe nach bhfuil faoi réir tuairisciú sainordaitheach ach a bhfuil níos mó agus níos mó éileamh á bhfáil acu óna gcomhpháirtithe airgeadais agus slabhra luacha faisnéis inbhuanaitheachta a chur ar fáil.
Ar an tríú dul síos, sheol EFRAG fóram le haghaidh FBManna ina dtugtar páirtithe leasmhara ábhartha ón bpobal FBManna le chéile chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta agus ar an gcaoi ar féidir réitigh agus uirlisí digiteacha a úsáid chun tuairisciú inbhuanaitheachta a éascú do FBManna.
A mhéid a bhaineann leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí i dtaca le hInbhuanaitheacht Chorparáideach, chun cabhrú le cuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh feadh a slabhra luacha, spreagtar leis an Treoir uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus ceanglaítear ar an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint ina mbeidh faisnéis úsáideach agus tagairtí d’acmhainní iomchuí. Ní leasaítear leis an togra seo na forálacha ábhartha.
|