Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025PC0040

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú

COM/2025/40 final

An Bhruiséil,12.2.2025

COM(2025) 40 final

2025/0023(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta, is cinntitheach atá Iarscríbhinní A agus B ó thaobh an raon feidhme sin a shainiú. Liostaítear iontu ar bhealach cuimsitheach na himeachtaí dócmhainneachta nó na cleachtóirí dócmhainneachta sin a luaitear i ndlíthe na mBallstát, imeachtaí nó cleachtóirí a bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir leo. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaí na hIarscríbhinní sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun an staid dhlíthiúil iarbhír sna Ballstáit a léiriú.

De réir Airteagal 1(1), pointe (4) d’Airteagal 2 agus aithris (9) den Rialachán, ní ‘imeachtaí dócmhainneachta’ iad imeachtaí náisiúnta i gcomhthéacs an Rialacháin ach amháin má tá siad liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann leis. Ar an gcaoi chéanna, de bhun phointe (5) d’Airteagal 2 agus aithris (21) den Rialachán, liostaítear in Iarscríbhinn B na daoine agus na comhlachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar ‘cleachtóir dócmhainneachta’, sainmhíniú a thugtar sa Rialachán.

I mí Iúil 2022, thug an tSlóvaic fógra don Choimisiún faoi athruithe a rinneadh ar a dlí dócmhainneachta náisiúnta tamall gairid roimhe sin, athruithe lenar tugadh isteach nós imeachta coisctheach nua a bhaineann le hathstruchtúrú, mar aon le fógra faoi chineál nua cleachtóir dócmhainneachta. Ina dhiaidh sin tháinig fógraí ón Eastóin, ón Spáinn, ó Mhálta agus ón Iodáil i mí Mheán Fómhair 2022, ón mBeilg i mí Iúil 2023 agus ó Lucsamburg i mí Eanáir 2024.

Tá anailís déanta ag an gCoimisiún ar na fógraí a thug na Ballstáit sin lena áirithiú go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin.

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2015/848 a leasú dá réir.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ionstraim thábhachtach le haghaidh comhar breithiúnach sibhialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh is ea Rialachán (AE) 2015/848. Ionas gur féidir dócmhainneachtaí trasteorann féichiúnaithe a ionramháil ar bhonn éifeachtúil, ar féichiúnaithe iad a bhfuil a lárionad príomhleasa suite i mBallstát, ba cheart go bhfreagródh raon feidhme an Rialacháin do raon feidhme dhlíthe dócmhainneachta na mBallstát mar atá san am i láthair. Is éard is aidhm don togra seo a áirithiú go mbeidh raon feidhme an Rialacháin curtha in oiriúint do chreat dlíthiúil iarbhír na mBallstát i dtaca le dócmhainneacht faoin am a chuirfear an Rialachán i bhfeidhm.

Le Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) 1 , bunaítear íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta um athstruchtúrú coisctheach atá ar fáil d’fhéichiúnaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, nuair atá dóchúlacht dócmhainneachta ann, agus íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta as a dtiocfaidh urscaoileadh fiachas a thabhaigh fiontraithe a bhfuil rófhéichiúnas acu agus a cheadóidh dóibh dul i mbun gníomhaíocht nua. Féadfar imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin a chumhdach faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2015/848, má chomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin i leith imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta agus má áirítear iad in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá ról tábhachtach tacaíochta ag an Rialachán maidir leis an tsaoirse bunaíochta, an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaorghluaiseacht daoine.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 81(2)(a), (c) agus (f) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann Rialachán (AE) 2015/848 faoi inniúlacht roinnte an Aontais Eorpaigh. Is é a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2015/848 tacar cuimsitheach rialacha atá infheidhme go díreach maidir leis na himeachtaí dócmhainneachta trasteorann dá dtagraítear in Iarscríbhinn A agus maidir le cineálacha cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn B.

Níl á dhéanamh leis an togra seo, áfach, ach na hIarscríbhinní sin a mhodhnú le go bhfreagróidh siad go cruinn d’inneachar na bhfógraí náisiúnta agus na hIarscríbhinní ina bhfuil liostaí na nósanna imeachta náisiúnta nó liostaí na gcineálacha cleachtóirí dócmhainneachta sa réimse sin, na hIarscríbhinní sin a leasú. Ní dhéanfaidh na hathruithe sin aon difear do na hoibleagáidí agus do na rialacha a leagtar amach sa Rialachán féin.

Dá thoradh sin, a fhad agus nach n‑athraítear forálacha substainteacha an Rialacháin, ní dhéanfaidh na hathruithe ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an Rialachán aon difear don tacar substainteach rialacha agus is é reachtas an Aontais amháin, seachas na Ballstáit, a fhéadfaidh iad a athrú. Is inniúlacht eisiach, dá bhrí sin, na leasuithe ar na hIarscríbhinní sin agus níl siad faoi réir na tástála coimhdeachta ná an nós imeachta athbhreithnithe ex ante a cheanglaítear le Prótacal Uimh. 2 a ghabhann leis na Conarthaí, ós rud é nach bhfuil prionsabal na coimhdeachta infheidhme sa chás atá i gceist.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Leis an togra ón gCoimisiún cuirfear liostaí nua in ionad na liostaí a thugtar in Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848, agus an fhaisnéis arna fógairt ag na Ballstáit lena mbaineann á cur san áireamh. Ós rud é gur dlúthchuid den Rialachán Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis, is trí leasú reachtach a dhéanamh ar an Rialachán, agus tríd sin amháin, is féidir modhnuithe a dhéanamh orthu.

Tá an Rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Ó fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é, tá rochtain ag na páirtithe leasmhara uile ar a bhfuil ann.

An rogha ionstraime

Rialachán is ea an ionstraim atáthar a bheartú.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas:

Faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, is le rialachán atá le glacadh tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, faoin mbunús dlí arna chur i bhfeidhm maidir leis an Rialachán bunaidh, agus leis sin amháin, is féidir leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an Rialachán. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh leasú den sórt sin a mholadh.

Thug an tSlóvaic, an Eastóin, an Spáinn, Málta, an Iodáil, an Bheilg agus Lucsamburg fógra don Choimisiún faoi leasuithe a rinneadh ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní A agus B. Dá réir sin, níl de rogha ag an gCoimisiún ach togra a dhéanamh le haghaidh leasuithe ar na hIarscríbhinní sin a ghabhann leis an Rialachán, a mhéid a chomhlíonfaidh na leasuithe sin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Is leasuithe de chineál teicniúil amháin na leasuithe atá beartaithe. Níl aon athrú substainteach ar an Rialachán i gceist iontu. I gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr, ní bheidh aon mheasúnú tionchair de dhíth i gcás tionscnaimh den sórt sin.

Ina theannta sin, de bhun Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh de rogha ag an gCoimisiún, tar éis don tSlóvaic a iarraidh air tús a chur leis an nós imeachta reachtach ba ghá, agus tar éis iarrataí den chineál céanna ón Eastóin, ón Spáinn, ó Mhálta, ón Iodáil, ón mBeilg agus ó Lucsamburg, ach géilleadh do na hiarrataí sin, a mhéid a chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán. Ní raibh aon saineolas nua ag teastáil le haghaidh na hoibre ullmhúcháin chun an togra seo a ghlacadh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

2025/0023 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2), pointí (a), (c) agus (f) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)In Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , liostaítear na hainmneacha a thugtar i ndlí náisiúnta na mBallstát faoi seach ar na himeachtaí dócmhainneachta agus ar na cleachtóirí dócmhainneachta a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo. Liostaítear in Iarscríbhinn A na himeachtaí dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) 2015/848 agus liostaítear in Iarscríbhinn B na cleachtóirí dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (5) den Rialachán sin.

(2)I mí Iúil 2022, thug an tSlóvaic fógra don Choimisiún faoi athruithe a rinneadh ar a dlí dócmhainneachta náisiúnta tamall gairid roimhe sin, athruithe lenar tugadh isteach nós imeachta coisctheach nua a bhaineann le hathstruchtúrú agus fógra faoi chineál nua cleachtóra dócmhainneachta. Tar éis an fhógra sin, tháinig fógraí ón Eastóin, ón Spáinn, ó Mhálta agus ón Iodáil i mí Mheán Fómhair 2022, ón mBeilg i mí Iúil 2023 agus ó Lucsamburg i mí Eanáir 2024, ar fógraí iad uile a bhaineann le hathruithe a rinneadh le déanaí ar a ndlí náisiúnta lena dtugtar isteach cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta nó cleachtóirí dócmhainneachta. Comhlíonann na cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta agus cleachtóirí dócmhainneachta sin na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/848 agus is gá dá bharr sin leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)I gcomhréir le [Airteagail 1 agus 2] [i gcás neamhrannpháirteachais] [Airteagal 3] [i gcás rannpháirteachais] agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, [thug Éire fógra [, trí litir …,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]/[gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm].

(4)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, seasamh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2015/848 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, is é a chuirtear in ionad Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 172, 26.6.2019, lgh. 18‑55.
(2)    Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/848/oj).
Top

An Bhruiséil,12.2.2025

COM(2025) 40 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú


‘IARSCRÍBHINN A

IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (4)

BELGIQUE/BELGIË

Het faillissement/La faillite,

De openbare gerechtelijke reorganisatie door een collectief akkoord/La réorganisation judiciaire publique par accord collectif,

De openbare gerechtelijke reorganisatie door een minnelijk akkoord/La réorganisation judiciaire publique par accord amiable,

De overdracht onder gerechtelijk gezag/Le transfert sous autorité de justice,

De collectieve schuldenregeling/Le règlement collectif de dettes,

De vrijwillige vereffening/La liquidation volontaire,

De gerechtelijke vereffening/La liquidation judiciaire,

De voorlopige ontneming van het beheer, als bedoeld in artikel XX.32 van het Wetboek van economisch recht/Le dessaisissement provisoire de la gestion, visé à l’article XX.32 du Code de droit économique,

De voorlopige ontneming als bedoeld in artikel XX.49/1 van het Wetboek van economisch recht/Le dessaisissement provisoire visé à l’article XX.49/1 du Code de droit économique,

БЪЛГАРИЯ

Производство по несъстоятелност,

Производство по стабилизация на търговеца,

ČESKÁ REPUBLIKA

Konkurs,

Reorganizace,

Oddlužení,

DEUTSCHLAND

Das Konkursverfahren,

Das gerichtliche Vergleichsverfahren,

Das Gesamtvollstreckungsverfahren,

Das Insolvenzverfahren,

Die öffentliche Restrukturierungssache,

EESTI

Pankrotimenetlus,

Võlgade ümberkujundamise menetlus,

Saneerimismenetlus,

ÉIRE/IRELAND

Compulsory winding-up by the court,

Bankruptcy,

The administration in bankruptcy of the estate of persons dying insolvent,

Winding-up in bankruptcy of partnerships,

Creditors’ voluntary winding-up (with confirmation of a court),

Arrangements under the control of the court which involve the vesting of all or part of the property of the debtor in the Official Assignee for realisation and distribution,

Examinership,

Debt Relief Notice,

Debt Settlement Arrangement,

Personal Insolvency Arrangement,

ΕΛΛΑΔΑ

Η πτώχευση,

Η ειδική εκκαθάριση εν λειτουργία,

Σχέδιο αναδιοργάνωσης,

Απλοποιημένη διαδικασία επί πτωχεύσεων μικρού αντικειμένου,

Διαδικασία εξυγίανσης,

ESPAÑA

Concurso de acreedores,

Comunicación pública de apertura de negociaciones con los acreedores,

Planes de reestructuración,

Procedimiento especial para microempresas,

FRANCE

Sauvegarde,

Sauvegarde accélérée,

Sauvegarde financière accélérée,

Redressement judiciaire,

Liquidation judiciaire,

HRVATSKA

Stečajni postupak,

Predstečajni postupak,

Postupak stečaja potrošača,

Postupak izvanredne uprave u trgovačkim društvima od sistemskog značaja za Republiku Hrvatsku,

ITALIA

Fallimento [go dtí an 14 Iúil 2022],

Liquidazione giudiziale [ón 15 Iúil 2022],

Concordato preventivo,

Liquidazione coatta amministrativa,

Amministrazione straordinaria,

Accordi di ristrutturazione,

Concordato semplificato per la liquidazione del patrimonio all’esito della composizione negoziata,

Piano di ristrutturazione soggetto ad omologazione,

Procedure di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore (accordo o piano) [go dtí an 14 Iúil 2022],

Liquidazione dei beni [go dtí an 14 Iúil 2022],

Ristrutturazione dei debiti del consumatore [ón 15 Iúil 2022],

Concordato minore [ón 15 Iúil 2022],

Liquidazione controllata del sovraindebitato [ón 15 Iúil 2022],

ΚΥΠΡΟΣ

Υποχρεωτική εκκαθάριση από το Δικαστήριο,

Εκούσια εκκαθάριση από μέλη,

Εκούσια εκκαθάριση από πιστωτές,

Εκκαθάριση με την εποπτεία του Δικαστηρίου,

Διάταγμα παραλαβής και πτώχευσης κατόπιν Δικαστικού Διατάγματος,

Διαχείριση της περιουσίας προσώπων που απεβίωσαν αφερέγγυα,

Διορισμός Εξεταστή,

Προσωπικά Σχέδια Αποπληρωμής,

LATVIJA

Tiesiskās aizsardzības process,

Juridiskās personas maksātnespējas process,

Fiziskās personas maksātnespējas process,

LIETUVA

Juridinio asmens restruktūrizavimo byla,

Juridinio asmens bankroto byla,

Juridinio asmens bankroto procesas ne teismo tvarka,

Fizinio asmens bankroto procesas,

LUXEMBOURG

Faillite,

Gestion contrôlée [go dtí an 1 Samhain 2023],

Concordat préventif de faillite (par abandon d’actif) [go dtí an 1 Samhain 2023],

Régime spécial de liquidation du notariat,

Procédure de règlement collectif des dettes dans le cadre du surendettement,

Réorganisation judiciaire par accord collectif

Réorganisation judiciaire par transfert par décision de justice

Réorganisation judiciaire aux fins d'obtenir un sursis en vue de permettre la conclusion d'un accord amiable

MAGYARORSZÁG

Csődeljárás,

Felszámolási eljárás,

Nyilvános szerkezetátalakítási eljárás

[ón 1 Iúil 2022],

MALTA

Xoljiment,

Amministrazzjoni,

Stralċ volontarju mill-membri jew mill-kredituri,

Stralċ mill-Qorti,

Falliment f’każ ta’ kummerċjant,

Proċedura biex kumpanija tirkupra,

Proċedura bażika ta’ ristrutturar preventive,

Proċedura ta’ ristrutturar preventiv ifformulata minn qabel,

Proċedura ta’ ristrutturar preventiv approvata minn qabel,

NEDERLAND

Het faillissement,

De surseance van betaling,

De schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

De openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

ÖSTERREICH

Das Konkursverfahren (Insolvenzverfahren),

Das Sanierungsverfahren ohne Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

Das Sanierungsverfahren mit Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

Das Schuldenregulierungsverfahren,

Das Abschöpfungsverfahren,

Das Europäische Restrukturierungsverfahren,

POLSKA

Upadłość,

Postępowanie o zatwierdzenie układu,

Postępowanie o zatwierdzenie układu na zgromadzeniu wierzycieli przez osobę fizyczną nieprowadzącą działalności gospodarczej,

Przyspieszone postępowanie układowe,

Postępowanie układowe,

Postępowanie sanacyjne,

PORTUGAL

Processo de insolvência,

Processo especial de revitalização,

Processo especial para acordo de pagamento,

ROMÂNIA

Procedura insolvenței,

Reorganizarea judiciară,

Procedura falimentului,

Concordatul preventiv,

SLOVENIJA

Postopek preventivnega prestrukturiranja,

Postopek prisilne poravnave,

Postopek poenostavljene prisilne poravnave,

Stečajni postopek: stečajni postopek nad pravno osebo, postopek osebnega stečaja in postopek stečaja zapuščine,

SLOVENSKO

Konkurzné konanie,

Reštrukturalizačné konanie,

Oddlženie,

Verejná preventívna reštrukturalizácia,

SUOMI/FINLAND

Konkurssi/konkurs,

Yrityssaneeraus/företagssanering,

Yksityishenkilön velkajärjestely/skuldsanering för privatpersoner,

SVERIGE

Konkurs,

Företagsrekonstruktion,

Skuldsanering.

IARSCRÍBHINN B

CLEACHTÓIRÍ DÓCMHAINNEACHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (5)

BELGIQUE/BELGIË

De curator/Le curateur,

De gerechtsmandataris/Le mandataire de justice,

De schuldbemiddelaar/Le médiateur de dettes,

De vereffenaar/Le liquidateur,

De voorlopige bewindvoerder/L’administrateur provisoire,

Herstructureringsdeskundige/Praticien de la réorganisation,

Vereffeningsdeskundige/Praticien de la liquidation,

БЪЛГАРИЯ

Назначен предварително временен синдик,

Временен синдик,

(Постоянен) синдик,

Служебен синдик,

Доверено лице,

ČESKÁ REPUBLIKA

Insolvenční správce,

Předběžný insolvenční správce,

Oddělený insolvenční správce,

Zvláštní insolvenční správce,

Zástupce insolvenčního správce,

DEUTSCHLAND

Konkursverwalter,

Vergleichsverwalter,

Sachwalter (nach der Vergleichsordnung),

Verwalter,

Insolvenzverwalter,

Sachwalter (nach der Insolvenzordnung),

Treuhänder,

Vorläufiger Insolvenzverwalter,

Vorläufiger Sachwalter,

Restrukturierungsbeauftragter,

EESTI

Pankrotihaldur,

Ajutine pankrotihaldur,

Usaldusisik,

Saneerimisn ustaja,

ÉIRE/IRELAND

Liquidator,

Official Assignee,

Trustee in bankruptcy,

Provisional Liquidator,

Examiner,

Personal Insolvency Practitioner,

Insolvency Service,

ΕΛΛΑΔΑ

Ο σύνδικος,

Ο εισηγητής,

Η επιτροπή των πιστωτών,

Ο ειδικός εκκαθαριστής,

ESPAÑA

Administrador concursal,

Experto en la reestructuración,

FRANCE

Mandataire judiciaire,

Liquidateur,

Administrateur judiciaire,

Commissaire à l’exécution du plan,

HRVATSKA

Stečajni upravitelj,

Privremeni stečajni upravitelj,

Stečajni povjerenik,

Povjerenik,

Izvanredni povjerenik,

ITALIA

Curatore,

Commissario giudiziale,

Commissario straordinario,

Commissario liquidatore,

Ausiliario nel concordato semplificato per la liquidazione del patrimonio all’esito della composizione negoziata,

Liquidatore giudiziale,

Professionista nominato dal Tribunale,

Organismo di composizione della crisi nella procedura di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore [go dtí an 14 Iúil 2022],

Organismo di composizione della crisi nella procedura di composizione della crisi da sovraindebitamento [ón 15 Iúil 2022],

Liquidatore,

ΚΥΠΡΟΣ

Εκκαθαριστής και Προσωρινός Εκκαθαριστής,

Επίσημος Παραλήπτης,

Διαχειριστής της Πτώχευσης,

Εξεταστής,

Σύμβουλος Αφερεγγυότητας,

LATVIJA

Maksātnespējas procesa administrators,

Tiesiskās aizsardzības procesa uzraugošā persona,

LIETUVA

Nemokumo administratorius,

LUXEMBOURG

Le curateur,

Le commissaire,

Le liquidateur,

Le conseil de gérance de la section d’assainissement du notariat,

Le liquidateur dans le cadre du surendettement,

Le mandataire de justice,

MAGYARORSZÁG

Vagyonfelügyelő,

Felszámoló,

Szerkezetátalakítási szakértő [ón 1 Iúil 2022],

MALTA

Amministratur,

Amministratur Proviżorju,

Riċevitur Uffiċjali,

Stralċjarju / Likwidatur,

Manager Speċjali,

Kuratur,

Kontrolur Speċjali,

Prattikant fl-insolvenza,

Trustee tal-falliment,

NEDERLAND

De curator in het faillissement,

De bewindvoerder in de surseance van betaling,

De bewindvoerder in de schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

De herstructureringsdeskundige in de openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

De observator in de openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

ÖSTERREICH

Masseverwalter,

Sanierungsverwalter,

Restrukturierungsbeauftragter,

Besonderer Verwalter,

Einstweiliger Verwalter,

Sachwalter,

Treuhänder,

Insolvenzgericht,

Konkursgericht,

POLSKA

Syndyk,

Nadzorca sądowy,

Zarządca,

Nadzorca układu,

Tymczasowy nadzorca sądowy,

Tymczasowy zarządca,

Zarządca przymusowy,

PORTUGAL

Administrador da insolvência,

Administrador judicial provisório,

ROMÂNIA

Practician în insolvență,

Administrator concordatar,

Administrator judiciar,

Lichidator judiciar,

SLOVENIJA

Upravitelj,

SLOVENSKO

Predbežný správca,

Správca,

Špeciálny správca,

SUOMI/FINLAND

Pesänhoitaja/boförvaltare,

Selvittäjä/utredare,

SVERIGE

Förvaltare,

Rekonstruktör.’

Top