Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025M12228

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.12228 — WARBURG PINCUS / SEBIA) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2025/1304

IO C, C/2025/6379, 25.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6379/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6379/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6379

25.11.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.12228 — WARBURG PINCUS / SEBIA)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/6379)

1.   

An 13 Samhain 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Warburg Pincus LLC (‘Warburg’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Sphinx SAS (‘Sebia’, an Fhrainc).

Gheobhaidh Warburg rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Sebia ina iomláine.

Is trí bhíthin ceannach scaireanna a bhainfear an comhchruinniú amach.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht cothromais phríobháidigh Meiriceánach é Warburg,

Is le réimse na diagnóisice in vitro a bhaineann obair Sebia, soláthraíonn sé ionstraimí cliniciúla agus imoibrithe, agus is é an réimse speisialtóireachta atá aige teicneolaíocht leictreafóiréise ribeadán um ghalair a scagadh agus faireachán a dhéanamh orthu.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.12228 — WARBURG PINCUS / SEBIA

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6379/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top