Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025M12069

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.12069 — BAIN CAPITAL CREDIT / ICG / STUDY GROUP) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

PUB/2025/857

IO C, C/2025/4349, 31.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4349/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4349/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4349

31.7.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.12069 — BAIN CAPITAL CREDIT / ICG / STUDY GROUP)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/4349)

1.   

An 23 Iúil 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Bain Capital Credit L.P. (‘Bain Capital Credit’, na Stáit Aontaithe), faoi rialú Bain Capital, LP (‘Bain Capital’, na Stáit Aontaithe),

Intermediate Capital Group plc (‘ICG’, an Ríocht Aontaithe),

SG Global Midco Limited (‘Study Group’, an Ríocht Aontaithe), faoi rialú Ardian (an Fhrainc).

Gheobhaidh Bain Capital Credit agus ICG comhrialú, de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b) den Rialachán um Chumaisc, ar Study Group ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is speisialtóir creidmheasa domhanda é Bain Capital Credit agus tá sé gníomhach ar fud na hEorpa, réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus na Stát Aontaithe,

Is bainisteoir sócmhainní malartacha domhanda é ICG atá gníomhach i gcothromas struchtúrtha agus príobháideach, i bhfiachas príobháideach, i sócmhainní réadacha agus i gcreidmheas, ar fud na hEorpa, réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus na Stát Aontaithe,

Cuireann Study Group seirbhísí oideachais ar fáil atá dírithe ar mhic léinn idirnáisiúnta a ullmhú don ardoideachas, ar fud na hEorpa, Chríocha Mheiriceá, na hAfraice agus réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.12069 — BAIN CAPITAL CREDIT / ICG / STUDY GROUP

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4349/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top