Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025JC0977

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú

JOIN/2025/977 final

An Bhruiséil,3.12.2025

JOIN(2025) 977 final

TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú


1. Réamhrá

Gné shainiúil de thírdhreach geopholaitiúil an lae inniu is ea úsáid uirlisí eacnamaíocha atá ag éirí níos coitianta agus níos spriocdhírithe chun cuspóirí straitéiseacha a chur chun cinn. Idir tharaifí suaiteacha agus spleáchais a úsáid mar uirlis troda agus bhearta cosanta trádála a chur in úsáid go treallach, tá luamháin eacnamaíocha á n‑úsáid ag na mórghníomhaithe chun a gcuspóirí straitéiseacha agus geopholaitiúla a shaothrú, rud a chuireann slándáil, ord poiblí, iomaíochas agus geilleagar an Aontais i mbaol.

Ní rioscaí nua iad na rioscaí sin do shlándáil eacnamaíoch an Aontais ach tá dlús curtha leo le déanaí: tá leochaileacht níos feiceálaí, níos práinní agus níos deacra a ligean i ndearmad anois. Áirítear ar na rioscaí sin na nithe seo a leanas:

-éagobhsaíocht atá ag dul i méid sa timpeallacht dhomhanda trádála agus infheistíochta, ina bhfuil méadú tagtha ar bhearta trádála suaiteacha agus ar shrianta onnmhairiúcháin chun spleáchais a úsáid mar uirlis troda;

-iomadú cleachtas creachach atá dírithe ar shlabhraí soláthair criticiúla agus ar theicneolaíochtaí criticiúla, rud a bhaineann an bonn dár mbonn tionsclaíoch, a bhfuil cuid acu (amhail ró-acmhainneachtaí státchistithe) ag cruthú spleáchais nua;

-an meath leanúnach ar an tírdhreach slándála, lena n‑áirítear i gcomhthéacs chogadh foghach leanúnach na Rúise faoin Úcráin agus an mhéadaithe ar ionsaithe hibrideacha.

I Straitéis Slándála Eacnamaíche an Aontais 2023, leagadh amach freagairt tosaigh an Aontais ar na dúshláin sin 1 . Leagadh amach inti sraith gníomhaíochtaí – a bhí bunaithe ar mheasúnuithe riosca – chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú tríd an iomaíochas a chur chun cinn, trí chosaint a thabhairt ar rioscaí agus trí dhul i gcomhpháirtíocht leo siúd a bhfuil na hábhair imní chéanna acu. Tá na trí cholún sin fós i gcroílár ár gcur chuige slándála eacnamaíche agus oibríonn an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun iad a chomhtháthú in aon bhreithniú agus gníomhaíocht beartais. Thairis sin, tá an tslándáil eacnamaíoch ríthábhachtach chun go gcoinneoidh an tAontas a luachanna, a phrionsabail agus folláine a shaoránach ar bun, agus chun ár neamhspleáchas eacnamaíoch a threisiú.

Mar sin féin, ó glacadh straitéis 2023, is láidre fós an gá atá ann go ngníomhódh an tAontas ar bhealach níos misniúla, níos gasta agus níos aontaithe. Leagtar amach sa Teachtaireacht seo an bealach ar féidir úsáid níos straitéisí agus níos teanntásaí a bhaint as uirlisí an Aontais - lena gcomhlánaítear a gcuspóirí beartais bunaidh - chun tacú le slándáil eacnamaíoch na hEorpa, rud a bhaineann le cumas an Aontais slándáil a áirithiú, in éineacht le cuspóirí eile, trí gheilleagar láidir, dinimiciúil agus athléimneach, agus sin a dhéanamh trí bhagairtí féideartha nó iarbhír, atá nasctha le caidreamh eacnamaíoch an Aontais leis an domhan mór, a thuar, a dhíspreagadh agus freagairt dóibh. Is féidir leis an Aontas é sin a dhéanamh, go háirithe, trína áirithiú go bhfanfaidh sé chun cinn ó thaobh teicneolaíochtaí, tionscail agus seirbhísí criticiúla de. Léirítear inti athrú paraidíme, bogadh ó chur chuige frithghníomhach i dtreo ár mbosca uirlisí a chur in úsáid ar bhealach níos réamhghníomhaí agus níos córasaí. Thairis sin, i gcásanna áirithe, beidh ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar a thionscal a bheith réidh níos mó agus níos mó chun glacadh le costais eacnamaíocha ar mhaithe le leochaileacht laghdaithe agus slándáil fhoriomlán fheabhsaithe.

Cuimsítear sa ghlao seo ar ghníomhaíocht feabhas a chur ar bhailiú faisnéise agus ar fhaireachán agus anailís a dhéanamh uirthi, chomh maith leis an gcumas bagairtí atá ag teacht chun cinn a réamh-mheas; tríú tíortha a dhíspreagadh ó úsáid a bhaint as spleáchais an Aontais mar uirlis troda; ár neamhchosaint ar thríú tíortha a laghdú i gcás tríú tíortha a d’fhéadfadh spleáchais den sórt sin a úsáid mar uirlis troda; agus iarrachtaí chun an bonn a bhaint dár ngníomhaíochtaí dí-rioscaithe a chosc.

Rud atá tábhachtach, aithnítear sa ghlao seo ar ghníomhaíocht freisin an gá atá le leas a bhaint as láidreachtaí an Aontais i dtéarmaí, i measc nithe eile, thábhacht mhargadh aonair an Aontais, ár gcumas teicneolaíoch agus tionsclaíoch chomh maith le rochtain ar chistiú agus ar chláir an Aontais. Áirítear leis sin deiseanna eacnamaíocha an Aontais a shainaithint chomh maith leis na réimsí sin ina bhfuil daoine eile ag brath ar an Aontas. Dá bhrí sin, déantar cás sa teachtaireacht seo le haghaidh cur chuige comhtháite uile-rialtais agus gnó, rialachas feabhsaithe chomh maith le comhar níos dlúithe fós le comhpháirtithe atá ar aon intinn linn agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíocht chomhpháirteach. Tá sí comhlántach le Straitéis chuimsitheach an Aontais um na hUllmhachta. Tá slándáil eacnamaíoch an Aontais bunaithe ar shlándáil eacnamaíoch na mBallstát. Tá dlúthbhaint aici freisin leis an gcaidreamh níos leithne atá ag an Aontas leis an domhan agus, dá bhrí sin, leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, a úsáidfear ar bhealach níos córasaí chun tacú leis na cuspóirí sonraithe.

Ar an mbonn sin, agus í fréamhaithe in anailís rioscabhunaithe, dírítear sa Teachtaireacht seo ar shé réimse ardriosca a leagtar amach i Roinn 3, cuirtear i bhfeidhm na huirlisí atá ar fáil dúinn agus leagtar amach inti conas is féidir iad a fheabhsú a thuilleadh.

2. Cur chuige réamhghníomhach i leith na slándála eacnamaíche

Tá réimse leathan uirlisí ag an Aontas a chuireann lena shlándáil eacnamaíoch. Ní mór dó iad a chur in úsáid anois ar bhealach níos straitéisí, níos éifeachtúla agus níos réamhghníomhaí chun a shlándáil eacnamaíoch a neartú. Cé nár forbraíodh formhór na n‑uirlisí sin ar dtús agus an tslándáil eacnamaíoch á cur san áireamh, tá siad an‑ábhartha mar sin féin chun cuspóirí slándála eacnamaíche an Aontais a chur chun cinn.

Leagtar amach liosta neamh-uileghabhálach de phríomhuirlisí i bhFíor 1, agus cuirtear a gcur i bhfeidhm comhordaithe in iúl a thuilleadh i roinn 3.



Fíor 1: Liosta uirlisí a thacaíonn leis an tslándáil eacnamaíoch, neamh-uileghabhálach

Chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a chur chun cinn, bainfidh an Coimisiún úsáid as na huirlisí sin, i gcomhar leis na Ballstáit, mar seo a leanas:

·Bainfear úsáid as uirlisí trádála agus iomaíochta chun neamhchosaint an Aontais ar rioscaí a laghdú de réir a chéile agus chun cosc a chur ar an mbonn a bhaint de chuspóirí dí-rioscaithe an Aontais. Áirítear leis sin deiseanna éagsúlaithe a leathnú agus, dá bhrí sin, ár slándáil níos leithne faoi chomhaontuithe trádála an Aontais a leathnú, úsáid straitéiseach a bhaint as boscaí uirlisí custaim agus aghaidh a thabhairt ar shaobhadh arb iad fóirdheontais eachtracha is cúis leis, laistigh den mhargadh aonair agus trí fhóirdheontais nó trí allmhairí dumpáilte araon.

·Díreoidh uirlisí athléimneachta agus cibearshlándála ar ullmhú le haghaidh cásanna éigeandála agus ar na cásanna sin a bhainistiú, chomh maith le neamhchosaint ar bhagairtí seachtracha, amhail cibearbhagairtí, a laghdú.

·Bainfear úsáid as uirlisí slándála agus oird phoiblí chun neamhchosaint iomarcach an Aontais ar rioscaí a laghdú, inter alia, ar mhaithe le gnáthfheidhmiú na sochaí a áirithiú, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar sheasamh an Aontais i dteicneolaíochtaí criticiúla agus i dtionscail chriticiúla a fhorbairt, chomh maith le cosc a chur ar an mbonn a bhaint dá chuspóirí dí-rioscaithe.

·Beidh sé d’aidhm ag bearta frith-chomhéigin agus sriantacha díspreagadh a dhéanamh agus déileáil le cásanna ina ndéanann tríú tíortha iarracht an tAontas a chomhéigniú, chomh maith le gnólachtaí an Aontais a chosaint ar bhearta seach-chríochacha arna bhforchur ag tríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, athrú iompraíochta a spreagadh sa tír lena mbaineann.

·Le cistiú agus srianta trí uirlisí an Aontais amhail ICFCI (an Tairseach Dhomhanda), Fís Eorpach, NextGenerationEU, InvestEU, an Clár don Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Ionstraimí um Chúnamh Réamhaontachais (IPAnna), Pleananna Fáis do na Balcáin Thiar agus don Mholdóiv, chomh maith leis an tSaoráid don Úcráin, EU4Health agus an Ciste Eorpach um Iomaíochas a bheidh ann amach anseo, ba cheart slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú nó, ar a laghad, gan í a lagú, i gcomhréir le rialacha na gclár.

·Bainfear úsáid as tionscnaimh earnála chun acmhainneacht agus cumais straitéiseacha an Aontais féin a fhorbairt sna réimsí ardriosca a shainaithnítear sa phróiseas measúnaithe riosca.

Caighdeáin slándála eacnamaíche a chur in úsáid

Agus an Coimisiún ag cur leis an obair a rinneadh in G7 maidir le trádáil atá bunaithe ar chaighdeáin, spreagfaidh sé forbairt agus úsáid caighdeán slándála eacnamaíche. Beidh na caighdeáin sin:

®dírithe ar ghníomhaíocht chun slabhraí soláthair criticiúla a éagsúlú trí na dálaí a chruthú do sholáthróirí nua dul isteach sa mhargadh nó trí rochtain na bpríomhsholáthróirí ar an margadh a theorannú;

®faoi threoir phrionsabail na trédhearcachta, na hidir-inoibritheachta agus chomhlíonadh na rialacha idirnáisiúnta;

®spriocdhírithe agus saincheaptha, agus rioscaí sonracha, tionchair eacnamaíocha agus réaltachtaí gnó gach slabhra soláthair á gcur san áireamh.

Díreofar an obair sin mar ábhar tosaíochta ar amhábhair chriticiúla agus ar shlabhraí soláthair leathsheoltóirí, agus féachfar ag an am céanna ar chomhar breise i réimsí eile.

Tá dlúthchomhar agus comhordú le tíortha a shannann tábhacht chomhchosúil don tslándáil eacnamaíoch agus d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe níos tábhachtaí ná riamh. Oibreoidh an tAontas chun an comhar idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna slándála eacnamaíche a neartú, go háirithe le comhpháirtithe iontaofa, lena n‑áirítear trí idirphlé spriocdhírithe maidir le slándáil eacnamaíoch a dhéanfar go déthaobhach agus i suíomhanna ilpháirtithe araon. Tacóidh comhar den sórt sin le gníomhaíocht chomhpháirteach maidir le leasanna nó ábhair imní chomhroinnte i ndáil le slándáil eacnamaíoch. Déanfaidh sé an tuiscint chomhchoiteann ar rioscaí a dhoimhniú freisin, cuideoidh sé le bagairtí a réamh-mheas, cumasóidh sé dearadh beart maolaithe lena n‑íoslaghdófar seachtrachtaí diúltacha, rannchuideoidh sé le slabhraí soláthair iontaofa athléimneacha a thógáil agus a choinneáil ar bun i bpríomhearnálacha straitéiseacha, agus cuideoidh sé le tionchair dhiúltacha ar ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn linn a sheachaint.

Lorgóidh an Coimisiún comhar le tríú tíortha, go déthaobhach, trí G7, agus i gcreataí amhail Comhpháirtíocht Chuimsitheach Fhorásach an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus fóraim ábhartha eile. Oibreoidh sé le comhpháirtithe chun caighdeáin slándála eacnamaíche a fhorbairt agus a chur in úsáid le haghaidh slabhraí soláthair athléimneacha. D’fhéadfaí a áireamh le comhar níos dlúithe úsáid chomhordaithe uirlisí agus forbairt comhghuaillíochta le comhpháirtithe a bhfuil cuspóirí slándála eacnamaíche comhchosúla acu nó a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu.

Ní mór ábharthacht bheartas comharsanachta agus méadaithe an Aontais, agus an tionchar atá air, a chur san áireamh go leordhóthanach freisin. Déanfar rioscaí agus deiseanna le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais a chomhtháthú i gcur chun feidhme bheartais agus chláir an Choimisiúin leis na réigiúin sin. Tá na tíortha is iarrthóirí ar an mbealach le bheith ina mBallstáit den Aontas amach anseo; tá a n‑ailíniú leis an mbeartas slándála eacnamaíche chomh maith lena gcomhtháthú de réir a chéile sa mhargadh aonair ríthábhachtach chun a n‑aontachas rathúil a áirithiú, agus feabhas á chur ag an am céanna ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar rioscaí atá ann cheana agus ar rioscaí nua araon. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh na tíortha is iarrthóirí ag teacht le cur chuige slándála eacnamaíche an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidís ag teacht de réir a chéile le reachtaíocht an Aontais atá ábhartha do chuspóirí slándála eacnamaíche.

3. Slándáil eacnamaíoch na hEorpa a chur chun cinn: limistéir ardriosca

Le Straitéis 2023, seoladh measúnuithe riosca lenar cumhdaíodh athléimneacht an tslabhra soláthair agus slándáil fuinnimh, bonneagar criticiúil, úsáid spleáchas eacnamaíoch mar uirlis troda, agus slándáil teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta. Tá measúnú déanta cheana féin ar cheithre theicneolaíocht chriticiúla – an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí candamacha, leathsheoltóirí agus an bhiteicneolaíocht. Anuas ar an obair sin, tá sé réimse ardriosca sainaitheanta ag an gCoimisiún ina ndíreoidh sé a chuid iarrachtaí láithreach agus sa ghearrthéarma, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an tionscal agus le comhpháirtithe iontaofa. An tráth céanna, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí agus, i gcás inar gá, de mheasúnú a dhéanamh ar réimsí ardriosca nua atá ag teacht chun cinn agus gníomhóidh sé ina leith.

Forbhreathnú ar shé réimse ardriosca

Táscairí neamhcharnacha spleáchais ardriosca:

- tá 60 % nó níos mó de sholáthar an Aontais á rialú ag tríú tír amháin nó ag oibreoirí aonair;

- tá luach sistéamach ag ionchur/seirbhís do gheilleagar an Aontais mar gheall ar an ról atá acu in earnálacha éagsúla, e.g. amhábhair chriticiúla, leathsheoltóirí;

- tá ionchur/seirbhís ríthábhachtach do thionscal cosanta/acmhainneachtaí straitéiseacha an Aontais nó do shlabhraí soláthair le haghaidh teicneolaíochtaí criticiúla sonracha, amhail teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain;

- tá an tríú tír tar éis úsáid a bhaint as spleáchais eacnamaíocha mar uirlis troda cheana féin nó tá bagairt ann go ndéanfadh sí amhlaidh, e.g. trí shrianta onnmhairiúcháin;

- tá ró-acmhainneacht neamh-mhargaidh ann cheana féin nó tá sé á chruthú.

3.1. Athléimneacht an tslabhra soláthair a neartú agus gníomhú in aghaidh spleáchais ardriosca maidir le hearraí agus seirbhísí criticiúla

An riosca. Tá geilleagair nua-aimseartha idirnasctha go domhain agus braitheann siad ar raon leathan ionchur, earraí idirmheánacha agus seirbhísí riachtanacha ó chomhpháirtithe ar fud an domhain. I gcásanna áirithe, tá an soláthar an‑chomhchruinnithe – go minic i dtíortha nach bhfuil na leasanna straitéiseacha céanna acu agus atá ag an Aontas agus a bhfuil an cumas agus an toilteanas acu spleáchais den sórt sin a mhéadú agus a úsáid mar uirlis troda. Tá na rioscaí sin do shlabhraí soláthair an Aontais le feiceáil go háirithe inár spleáchas ar amhábhair, ábhair phróiseáilte agus ardábhair chriticiúla áirithe, ar chomhpháirteanna teicneolaíochta glaine, agus ar leathsheoltóirí príomhshrutha, agus i seirbhísí airgeadais, cógaisíocht, aerloingseoireacht, teicneolaíochtaí digiteacha agus spáis freisin. Tá siad le feiceáil freisin san earnáil agraibhia, áit a leagtar amach san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia 2 an gá atá le spleáchais straitéiseacha a laghdú, go háirithe i gcás ina mbraitheann an tAontas ar dhornán comhpháirtithe le haghaidh allmhairí beatha ainmhithe agus breiseán beatha chomh maith le leasacháin.

Sampla den chur i bhfeidhm: leathsheoltóirí príomhshrutha

An riosca: mar gheall ar spleáchas struchtúrach ar sholáthróir aonair tríú tír chun sliseanna riachtanacha ar chorrlach íseal a mhonarú, cuirtear roinnt tionscal Eorpach i mbaol. Is cuid ríthábhachtach den iliomad slabhraí soláthair iad leathsheoltóirí den sórt sin.

Úsáid uirlisí: oibreoidh an Coimisiún le comhpháirtithe iontaofa chun foinsí soláthair a éagsúlú agus féachfaidh sé le borradh a chur faoin táirgeacht laistigh den Aontas. San athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an nGníomh um Shliseanna, leagfar amach bearta maolaithe éifeachtacha. Ba cheart tuilleadh measúnaithe a dhéanamh faoin nGníomh um Chibear-Athléimneacht ar chibearshlándáil leathsheoltóirí príomhshrutha allmhairithe a úsáidtear i bhfeidhmeanna a bhaineann leis an tslándáil.

Is féidir le spleáchais ardriosca: (i) a bheith in úsáid mar uirlis troda chun críoch comhéigin (e.g. amhábhair chriticiúla, leathsheoltóirí príomhshrutha, ardábhair, táirgí fuinnimh, bagairtí go ndéanfaí seirbhísí áirithe a dhíchumasú); (ii) leochaileacht shistéamach eacnamaíoch nó riosca sistéamach a chruthú don ord poiblí agus do chosaint na sláinte poiblí le linn géarchéimeanna (e.g. trealamh cosanta pearsanta, soláthar táirgí íocshláinte criticiúla, soláthairtí bia); (iii) an baol a chruthú go mbeadh suaitheadh mórscála trasearnála ann (e.g. trí chur isteach ar líonraí teileachumarsáide, trí spleáchas ar sholáthraí néalseirbhíse aonair, trí lasca éigeandála seirbhísí digiteacha); (iv) difear a dhéanamh d’iomaíochas an Aontais, a chuirfí moill ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach má bhíonn suaitheadh sa soláthar (e.g. ceallraí, buanmhaighnéid, táirgí agus comhpháirteanna teicneolaíochta glaine, ardábhair); (v) difear a dhéanamh do neamhspleáchas na mBallstát cumais mhíleata a fhorbairt agus a oibriú; nó (vi) biacheannasacht an Aontais a chur i mbaol.

Cuspóir. Féachfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit leis an bhféidearthacht go mbeadh suaitheadh gearrthéarmach ann a íoslaghdú agus, ag an am céanna, bearta a chur ar bun chun na spleáchais ardriosca atá ann faoi láthair sa mhargadh aonair a laghdú de réir a chéile agus chun cur i gcoinne na n‑iarrachtaí spleáchais nua a chruthú. Bainfidh sé úsáid as a uirlisí chun faireachán a dhéanamh ar an slabhra soláthair, chun creat a chruthú ar mhaithe le tacú le héagsúlú soláthair agus chun cosc a chur ar an mbonn a bhaint de ghníomhaíocht an Aontais trí aghaidh a thabhairt ar shaobhadh iomaíochta sa mhargadh aonair. Beidh ról tábhachtach freisin ag gníomhaíochtaí i gcomhthéacs dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an Gheilleagair Chiorclaigh.

Déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht is gá chun a áirithiú nach mbainfidh dumpáil agus ionramháil praghsanna an bonn dá shlabhraí soláthair malartacha.

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit uirlisí atá ann cheana a chur in úsáid go hiomlán agus go héifeachtach, go háirithe na critéir athléimneachta nach mór do na Ballstáit a chur i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh sa soláthar poiblí, i gceantanna agus i scéimeanna tacaíochta poiblí faoin nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta.

Déanfaidh an Coimisiún bearta freisin chun acmhainneacht agus cumas inmheánach an Aontais a fhorbairt agus chun an soláthar a éagsúlú trí chomhar le comhpháirtithe, lena n‑áirítear trí bheith ag cur lena líonra fairsing comhaontuithe trádála agus le cineálacha eile comhair dhéthaobhaigh agus ilpháirtithe. Áireofar leis sin machnamh a dhéanamh ar tháirgí criticiúla áirithe a tháirgeadh sna tíortha is iarrthóirí agus inár dtíortha comhpháirtíochta ar bhonn níos leithne, lena n‑áirítear le réigiúin, amhail an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh. Neartóidh sé sin athléimneacht shlabhraí soláthair éagsúlaithe an Aontais agus cuirfidh sé tuilleadh deiseanna ar fáil do ghnólachtaí an Aontais. Leanfaidh an Coimisiún de leochaileacht sna slabhraí soláthair agus spleáchais ardriosca a shainaithint agus d’fhaireachán leanúnach a dhéanamh orthu trína phróiseas measúnaithe riosca agus trína rannpháirtíocht leis na Ballstáit agus leis an tionscal.



3.2. Infheistíocht bhreisluacha isteach a mhealladh lena dtreisítear slándáil eacnamaíoch an Aontais

Sampla: feithiclí ceallra-leictreacha

An riosca. Tá an baol ann go mbainfí an bonn de phríomhról na hearnála mótarfheithiclí i ngeilleagar an Aontais mar gheall ar cheannasacht soláthróirí áirithe feithiclí ceallra-leictreacha ar an margadh agus rialuithe dochta ar na teicneolaíochtaí is gá chun feithiclí ceallra-leictreacha a tháirgeadh, agus tairbhe á baint ag na soláthróirí sin as margadh an Aontais ag an am céanna. Tá rioscaí cibearshlándála bunúsacha ag baint le feithiclí nasctha freisin.

Úsáid uirlisí: Tá an Coimisiún ag féachaint ar bhealaí inar féidir infheistíochtaí breisluacha a spreagadh, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as tionscnaimh beartais trádála agus iomaíochta. Leanfaidh sé d’fhaireachán a dhéanamh ar shreafaí trádála agus cuirfidh sé a bhosca uirlisí maolaithe riosca in úsáid chun eilimintí nascachta a dhí-rioscú, chun tacú le hinfheistíocht sa chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí feithiclí ceallra-leictreacha chun a áirithiú go leanfaidh an Eoraip de bheith athléimneach agus iomaíoch agus, i gcás inar gá, chun neamhchosaint ar eintitis ardriosca i gcomhpháirteanna nasctha ábhartha d’fheithiclí ceallra-leictreacha a theorannú. Dreasóidh an Coimisiún freisin teicneolaíocht agus fios gnó gaolmhar a chomhroinnt lenar féidir cuspóirí slándála eacnamaíche an Aontais a neartú.

An riosca. Cuireann infheistíochtaí isteach borradh faoi athléimneacht agus iomaíochas an Aontais trí phoist a chruthú, cumais thionsclaíocha a fhorbairt, leas a bhaint as maoiniú agus scála, tacú leis an nuálaíocht agus leis an aistriú teicneolaíochta. Mar sin féin, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le cineálacha áirithe infheistíochtaí isteach. Áirítear ar na rioscaí sin na nithe seo a leanas: (i) rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí, lena n‑áirítear rochtain ar shonraí íogaire (e.g. geoshuíomh, sonraí bithmhéadracha, rúin cheirde), rochtain ar bhonneagar criticiúil, rochtain ar theicneolaíochtaí dé-úsáide agus ar theicneolaíochtaí criticiúla eile; agus (ii) rioscaí athléimneachta eacnamaíche, amhail spleáchais níos doimhne nó pointe aonair teipe i slabhraí soláthair criticiúla arna rialú ag eintitis ardriosca nó tríú tíortha a bhaineann an bonn dár leasanna slándála eacnamaíche (e.g. ceallraí, amhábhair chriticiúla, bogearraí agus comhpháirteanna), a fhágann go bhfuil an tAontas leochaileach i leith suaitheadh eacnamaíoch nó an geilleagar a bheith á úsáid mar uirlis troda; agus (iii) dúshláin maidir le hiomaíochas íseal, amhail easpa aistrithe teicneolaíochta, cruthú breisluacha teoranta (e.g. línte cóimeála amháin), oibrithe a fhostú ón tír is infheisteoir agus, ar an gcaoi sin, tionchar a imirt, i measc nithe eile, ar an margadh saothair áitiúil.

Cuspóir. Díreoidh an Coimisiún ar a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith oscailte agus tarraingteach d’infheistíochtaí coigríche. Féachfaidh sé leis an oscailteacht sin a chothromú, ar mhaithe le slándáil eacnamaíoch an Aontais i gcás inar gá, i gcoinne an ghá atá le doimhniú spleáchas a sheachaint nó spleáchais nua a chruthú. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach go gcaomhnófaí cumas chuideachtaí an Aontais nuáil a dhéanamh, lena n‑áirítear trí mhaoin intleachtúil thábhachtach a fháil go heachtrach ó cheannródaithe atá ag teacht chun cinn, agus trí shlándáil an tsoláthair agus leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Úsáidfidh an Coimisiún a uirlisí agus a thionscnaimh chun bearta spriocdhírithe a leagan amach agus a chur chun feidhme amhail infheistíocht isteach a chur faoi réir coinníollacha i gcás ina spreagann an infheistíocht sin aistriú teicneolaíochta chuig eintitis i dtíortha a bhaineann an bonn dár slándáil eacnamaíoch d’aon ghnó.

3.3. Tacú le bonn tionsclaíoch bríomhar don chosaint agus don spás, agus le hearnálacha tionsclaíocha ardriosca eile

An riosca. Le cogadh foghach na Rúise faoin Úcráin, teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid agus gníomhaíocht atá bunaithe ar bheartas chun spleáchais trádála a úsáid mar uirlis troda, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i mbonn tionsclaíoch intíre bríomhar, go háirithe in earnálacha na cosanta agus an spáis chomh maith le hearnálacha straitéiseacha dé-úsáide, amhail an t‑iompar (e.g. eitlíocht, aerloingseoireacht, longthógáil agus calafoirt), a cuireann borradh faoi gheilleagar an Aontais agus a thacaíonn lena neamhspleáchas straitéiseach. Áirítear an méid seo a leanas ar na rioscaí sa réimse sin: (i) infheistíocht (inmheánach) neamhleor; (ii) méideanna ísle táirgeachta mar aon le soláthar neamhleor teicneolaíochta intíre le haghaidh bonneagar institiúideach; (iii) beartais agus cleachtais neamh-mhargaidh tríú tíortha as a dtagann saobhadh i margaí domhanda agus réigiúnacha; (iv) rialuithe onnmhairiúcháin nach bhfuil údar leo nó atá díréireach arna bhforchur ag tríú tíortha ar tháirgí agus ar theicneolaíochtaí Eorpacha (seach-chríochachas córas onnmhairiúcháin tríú tíortha); (v) caillteanas úinéireachta agus rialaithe de bharr éadálacha eachtracha, lena n‑áirítear i gcásanna áirithe trí éadálacha punainne; (vi) creat rialála docht agus margaí caipitil ilroinnte nach n‑éascaíonn sreabhadh cistí ná nach gcuireann chun cinn tionscnamh agus méadú na dteicneolaíochtaí ardriosca/ardluacha a bhfuil cumais dé-úsáide acu.

Sampla den chur i bhfeidhm: Príomh-chomhpháirteanna le haghaidh drón agus córais frithdhróin

An riosca: Spleáchas ar sholáthraithe tríú tíortha le haghaidh príomh-chomhpháirteanna drón, ceallraí agus córais frithdhróin; timthriall nuálaíochta an‑ghearr chun réitigh drón a choinneáil éifeachtach ó thaobh oibríochta de, bunaithe ar fhíorthaithí ar láthair an chatha (a chomhairtear i míonna, ach uaireanta i seachtainí).

Úsáid uirlisí: úsáidfidh an Coimisiún a uirlisí faoi na Cláir um an Tionscal Cosanta Eorpach chun acmhainneacht táirgeachta de dhéantús an Aontais a dhaingniú agus chun timthriallta nuálaíochta le haghaidh teicneolaíochtaí drón a ghiorrú bunaithe ar fhíorthaithí oibríochtúil. Leanfaidh sé de chomhar agus malartú faisnéise a neartú ar bhonn deonach idir comhlachtaí ábhartha (e.g. gníomhaireachtaí soláthair náisiúnta, eagraíochtaí soláthair idirnáisiúnta - OCCAR, GEC, ECAT) agus laistigh d’ionstraimí/gníomhaíochtaí clár um an tionscal cosanta Eorpach. Chun athléimneacht an tslabhra soláthair a áirithiú, bunóidh an Coimisiún mapáil spriocdhírithe ar shlabhraí soláthair le haghaidh táirgí agus trealamh sonrach, lena n‑áirítear ítimí dé-úsáide, agus tacóidh sé le táirgeadh trí chomhinfheistíocht.

Déantar comhpháirteanna áirithe in earnálacha criticiúla amhail earnáil na cosanta a fhoinsiú ó eintitis ardriosca, rud a d’fhéadfadh cosc a chur ar rochtain ar threalamh cosanta, teicneolaíochtaí dé-úsáide agus sócmhainní soghluaisteachta míleata, agus ar a n‑úsáid, má thagann staid teannais gheopholaitiúil chun cinn. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh an tAontas lucht saothair ardoilte ar bun agus nach dtitfidh sé chun deiridh ar an gcuar nuálaíochta sna teicneolaíochtaí atá mar bhonn taca faoi earnálacha straitéiseacha. Tá sé ríthábhachtach na rioscaí sin a mhaolú go héifeachtach trí uirlisí spriocdhírithe éifeachtacha a shlógadh go pras le haghaidh cumais chosanta agus mhíleata san Aontas.

Cuspóir. Úsáidfidh an Coimisiún a uirlisí chun acmhainneacht agus cumais mhonaraíochta straitéiseacha a choinneáil ar bun agus a fhorbairt san Aontas, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a chur chun cinn agus, i gcás inarb ábhartha, an riosca a bhaineann léi a laghdú; (ii) tacú leis an éileamh (dreasachtaí) freisin trí chomhiomlánú nó ceannach comhpháirteach; (iii) cosc a chur ar athlonnú cumas agus earnálacha straitéiseacha; (iv) deireadh a chur de réir a chéile le gníomhaithe a d’fhéadfadh a bheith naimhdeach i slabhraí cosanta agus slabhraí soláthair criticiúla eile, lena n‑áirítear teorainn a chur le teicneolaíochtaí srianta criticiúla in earnálacha na cosanta agus an spáis a sholáthar ó lasmuigh den Aontas; (v) maolú a dhéanamh ar bhagairtí a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach i gcuideachtaí a sholáthraíonn táirgí nó teicneolaíochtaí criticiúla, (vi) tacú le teicneolaíochtaí, comhpháirteanna agus ábhair chriticiúla a fhorbairt san Aontas de réir cuspóirí fadtéarmacha chomh maith lena soláthar intíre le haghaidh bonneagair institiúideacha; (vii) a áirithiú go mbeidh na dálaí is gá ag gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí de chuid an Aontais chun uas-scálú a dhéanamh, mar shampla, trí mhaoiniú leordhóthanach agus trí chóir fhabhrach taraife shealadach le haghaidh ionchuir áirithe chomh maith le héiceachóras fabhrach do mhargaí caipitil.

Sampla den chur i bhfeidhm: candam

An riosca: Bíonn eintitis eachtracha státbhunaithe nó ardriosca ag lorg rochtain ar ríomhaireacht chandamach, cumarsáid agus saineolas agus bonneagair bhraite an Aontais trí infheistíochtaí, éadálacha nó comhpháirtíochtaí T&F, lena gcuirtear dlús le húsáidí íogaire míleata/faisnéise thar lear agus lena laghdaítear ceannasacht theicneolaíoch an Aontais.

Úsáid uirlisí: leanfaidh an Coimisiún de phríomhghníomhaithe/ príomhbhonneagair chandamacha an Aontais a mhapáil agus d’infheistíochtaí coigríche, comhpháirtíochtaí agus sreafaí maoine intleachtúla a rianú chun scagadh IDC, rialú onnmhairí agus measúnuithe ar rioscaí slándála a bhaineann le taighde a chothú. Bainfidh sé úsáid as a uirlisí chun imscrúdú a dhéanamh ar infheistíochtaí a bhfuil rioscaí ag baint leo agus chun oibriú leis na Ballstáit chun mearfhreagairtí a chomhordú ar iarrachtaí ar tháthcheangail naimhdeacha nó ar chásanna sceite. Chun tacú le cuspóirí slándála eacnamaíche, tabharfaidh sé tús áite do chistiú agus soláthróirí de chuid an Aontais nó atá ar aon intinn leis an Aontas i gcás comhpháirteanna agus seirbhísí candamacha criticiúla, agus cuirfidh sé teorainn leis an spleáchas ar sholáthraithe ardriosca candamacha/néalseirbhíse in earnálacha íogaire. Féachfaidh sé freisin lena áirithiú nach féidir le heintitis faoi thionchar eachtrach míchuí rochtain a fháil ar thionscadail chandamacha íogaire.

Is é an tosaíocht a bheidh ann tacú leis an mbonn tionsclaíoch don chosaint agus don spás. Cé go ndíreofar láithreach ar na cásanna ardriosca sonracha a shainaithnítear sa phróiseas measúnaithe riosca, déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ó thaobh na slándála eacnamaíche de ar na príomhthionscail uile amhail an teicneolaíocht ghlan, an tionscal fuinnimh agus tionscail dianfhuinnimh agus chiorclacha, agraibhia, tionscail dhigiteacha agus leictreonaice, eitlíocht (lena n‑áirítear aerloingseoireacht), longthógáil, mótarfheithiclí agus sláinte.

3.4. Ceannaireacht ar fud teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a choinneáil ar bun

An riosca. Tá léirithe ag tríú tíortha agus gnólachtaí áirithe gur spéis leo rialú a fháil ar theicneolaíocht agus ar fhios gnó nuaghinte nó ardfhorbartha de chuid an Aontais. I gcásanna áirithe, bhí na gníomhaíochtaí sin dírithe ar chumas an Aontais dul san iomaíocht sa teicneolaíocht a chur i mbaol. Tá an aidhm sin á saothrú acu trí, mar shampla, éadálacha, comhar T&F, ais-innealtóireacht, nó spiaireacht thionsclaíoch. Déantar an aidhm sin a shaothrú freisin trí sciar den mhargadh a bhaint go saorga ó chuideachtaí níos nuálaí, rud a fhágann gur lú an t‑ioncam a fhaigheann siad chun infheistíocht a dhéanamh in T&F ceannródaíoch. San fhadtéarma, beidh feidhmiú eacnamaíoch, slándáil agus seasamh geopholaitiúil an Aontais ag brath ar ár gcumais teicneolaíochta a choinneáil ar bun agus a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá tábhacht straitéiseach ag baint le cumais an Aontais a chaomhnú ar fud na dteicneolaíochtaí sin, trí uirlisí cistiúcháin tiomnaithe de chuid an Aontais a fheabhsú agus trí aghaidh a thabhairt ar shlándáil agus sceitheadh teicneolaíochta. An tráth céanna, ní mór aird ar leith a thabhairt ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na rialuithe onnmhairiúcháin ar na hítimí dé-úsáide, rud atá ag éirí níos ilroinnte.

Cuspóir. Úsáidfidh an Coimisiún a uirlisí chun tacú le creat‑thimpeallacht dhearfach chun teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt san Aontas agus chun cosc a chur ar ghníomhaíocht a bhaineann an bonn d’iarrachtaí an Aontais trí aghaidh a thabhairt ar shaobhadh. Déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus cuirfidh sé tuilleadh tacaíochta ar fáil don taighde agus don nuálaíocht san Aontas ó ghnólachtaí nuathionscanta agus ó ghnólachtaí atá i mbun fáis, ó ghnólachtaí seanbhunaithe, ó eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta agus ón saol acadúil. Díreoidh sé ar chur in úsáid tionsclaíoch agus luachshocrú gnóthachtálacha TFN a áirithiú i mbonn tionsclaíoch an mhargaidh aonair. Leis an 28ú córas, lena gcuirtear tacar aonair comhchuibhithe de rialacha uile-Aontais ar fáil do ghnólachtaí maidir le foirmiú cuideachtaí, rialachas, soghluaisteacht agus rochtain ar mhaoiniú, neartófar athléimneacht eacnamaíoch an Aontais trí oibríochtaí trasteorann níos sláine agus slabhraí soláthair níos láidre agus níos éagsúlaithe a chumasú.

Cuirfidh an Coimisiún slándáil taighde agus nuálaíochta chun cinn agus déanfaidh sé na bearta tionlacain is gá chun an riosca sceite teicneolaíochta nó feasa gnó a mhaolú, mar shampla trí éadálacha creiche, comhar T&F agus infheistíocht i margaí straitéiseacha an Aontais agus i margaí atá ag teacht chun cinn i gcinn scríbe íogaire nó in earnálacha íogaire agus, ag an am céanna, leanfaidh sé de chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta iontaofa taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn atá ríthábhachtach do chuspóirí slándála eacnamaíche an Aontais. Fiosrófar ann conas is féidir a áirithiú gur féidir le gnólachtaí agus eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta san Aontas méadú agus éadálacha/aistrithe úinéireachta a sheachaint, arb iad deiseanna maoiniúcháin neamhleora ó fhoinsí iontaofa is cúis leo go heisiach. An tráth céanna, féachfaidh an Coimisiún le cosc a chur ar rochtain ag eintitis ardriosca ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas i réimse na teicneolaíochta criticiúla, a d’fhéadfaí a úsáid mar uirlis troda i gcoinne an Aontais.

Sampla: trealamh braite ag teorainneacha an Aontais (calafoirt, aerfoirt, teorainneacha talún etc.)

An riosca: easpa cleachtas coiteann ar fud an Aontais, spleáchas ar sholáthróir amháin nó ar líon teoranta soláthróirí, rochtain neamhúdaraithe (lena n‑áirítear trí bhealaí údaraithe, e.g. cothabháil) a mbíonn tionchar aici ar fheidhmíocht an trealaimh braite agus ar shláine agus/nó rúndacht faisnéise íogaire gaolmhaire, leochaileacht i leith bogearraí mailíseacha a d’fhéadfadh an fhaisnéis ghaolmhar/na córais ghaolmhara/na líonraí gaolmhara a chur i mbaol nó a shaobhadh tríd an trealamh.

Úsáid uirlisí: ar bhonn an mheasúnaithe riosca cibearshlándála faoin Dara Treoir NIS2, féachfaidh an Coimisiún le rioscaí sainaitheanta a mhaolú trí sholáthróirí ardriosca a shainaithint, scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a úsáid, caighdeáin chibearshlándála a neartú agus ceanglais slándála a leabú i nglaonna soláthair ar thairiscintí. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag fóirdheontais eachtracha maidir le buntáiste iomaíoch a thabhairt do sholáthróirí áirithe.

3.5. Cosc a chur ar rochtain ar fhaisnéis agus sonraí íogaire a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de shlándáil eacnamaíoch an Aontais

An riosca. Faigheann tríú tíortha rochtain ar fhaisnéis/sonraí íogaire an Aontais nó a Bhallstát, mar thoradh ar spiaireacht thionsclaíoch, ar a soláthar crua-earraí nó bogearraí a úsáidtear i dtáirgí áirithe (e.g. feithiclí nasctha, 5G/córais teileachumarsáide eile, bonneagar eangaí leictreachais, ardáin seicheamhaithe DNA) nó mar gheall ar a n‑úinéireacht agus a rialú ar ghnólachtaí áirithe a bhfuil faisnéis/sonraí íogaire acu (e.g. oibreoirí calafoirt, aerfoirt agus tráchta, líonraí airgeadais, samhlacha intleachta saorga, tairseacha sonraí, teileachumarsáid, sonraí pearsanta nó faisnéis íogair mhargaidh). Tá impleachtaí soiléire ann don tslándáil agus don ord poiblí, rud atá níos measa fós mar gheall ar na tionchair eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla mar gheall ar ilroinnt na slabhraí soláthair. In earnáil an fhuinnimh, mar shampla, baineann an riosca sin le hinfheisteoirí neamh-AE a bheith ag fáil rialú ar chuideachtaí de chuid an Aontais ag bhfuil ardteicneolaíochtaí chun faireachán agus próiseáil a dhéanamh ar shonraí oibríochtúla ó bhonneagar criticiúil fuinnimh.

Cuspóir. An riosca a ísliú agus, i gcás inar féidir, deireadh a chur leis an riosca go bhfaigheadh eintitis ardriosca agus eintitis ghaolmhara rochtain ar fhaisnéis/sonraí íogaire de chuid an Aontais nó a Bhallstát agus, ar an gcaoi sin, teorainn a chur leis na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar gheilleagar agus ar shlándáil an Aontais. Tabharfar aird freisin ar an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hoibrithe eachtracha in earnálacha straitéiseacha agus le mic léinn eachtracha san ardoideachas, lena n‑áirítear san Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM) i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha.

3.6. Suaitheadh ar bhonneagar criticiúil an Aontais a bhfuil tionchar aige ar gheilleagar an Aontais a chosc agus a mhaolú

An riosca. Go gcuirfidh gníomhaithe eachtracha isteach ar bhonneagar criticiúil an Aontais - lena n‑áirítear iompar criticiúil, córais spáis, bonneagar fuinnimh agus cumarsáide, go háirithe iad siúd a shainaithnítear mar bhonneagar straitéiseach don tsoghluaisteacht mhíleata - rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héifeachtaí cascáideacha ar gheilleagar na hEorpa. Díreofar ar chobhsaíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil a áirithiú. D’fhéadfadh suaitheadh a bheith ann trí ionsaithe fisiciúla, cibirionsaithe nó ionsaithe hibrideacha, lena n‑áirítear sabaitéireacht a dhéanamh ar shaoráidí iomlána nó ar a bpáirteanna/fo-chomhpháirteanna. D’fhéadfaí iad a nascadh freisin le slabhraí soláthair TFC, atá ina mbonn le comhpháirteanna nó seirbhísí criticiúla i mbonneagair chriticiúla. Tá riosca ann freisin go ndéanfar tríú tíortha agus oibreoirí ardriosca a réamhshuí i mbonneagar criticiúil an Aontais d’fhonn an acmhainneacht a fháil chun cur isteach orthu (nuair is gá agus más gá). Ina theannta sin, tá riosca clú agus inchreidteachta ann má dhéantar bagairt ar bhonneagar áirithe nó má dhéantar difear iarbhír dó. Ar deireadh, tá riosca ann a bhaineann le ról ceannasach a bheith ag tríú tíortha i gcaighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhonneagar criticiúil.

Sampla: inbhéartóirí gréine

An riosca: spleáchas méadaithe ar sholáthróir aonair; cibir-rioscaí - paraiméadair táirgthe leictreachais a ionramháil, táirgeadh leictreachais a chosc, rochtain a fháil ar shonraí oibríochtúla, insíothlú gníomhaithe sa slabhra soláthair.

Úsáid uirlisí: leanfaidh an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar chibir-rioscaí trí mheasúnú comhordaithe faoi chuimsiú an Dara Treoir NIS2 (atá le tabhairt i gcrích in 2026). Ar an mbonn sin, cuirfidh sé bearta maolaithe i bhfeidhm a bheidh dírithe ar ullmhacht a neartú (e.g. an Rialachán maidir le Riosca-Ullmhacht in Earnáil an Leictreachais, an Treoir maidir le hEintitis Chriticiúla) agus ar aghaidh a thabhairt ar leochaileacht shainaitheanta tríd an méid seo a leanas, mar shampla: deimhniú agus caighdeánú faoin nGníomh um Chibear-Athléimneacht agus critéir neamhphraghais faoin nGníomh um an Tionscal Glan‑nialasachta. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus féachfaidh sé le hinfheistíochtaí ardriosca a chosc nó a mhaolú. Leanfaidh an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar ról na bhfóirdheontas eachtrach a d’fhéadfadh cothrom iomaíochta i margaí an ghrianfhuinnimh a shaobhadh, go háirithe le hallmhairí fóirdheonaithe.

Cuspóir. I gcomhréir le straitéisí ábhartha an Aontais maidir le cosaint, slándáil inmheánach agus ullmhacht, chun rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú ar mhaithe leis an riosca sceite/spiaireachta sonraí agus an riosca suaite fhisicigh agus cibearshuaite a laghdú, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) teorainn a chur le heintitis ardriosca úinéireacht a fháil ar bhonneagar criticiúil Eorpach nó é a rialú nó a oibriú; (ii) bearta cosanta fisiciúla a mhéadú; (iii) cibear-leochaileacht a theorannú; agus (iv) spleáchais ar sholáthróirí aonair nó ar sholáthróirí ardriosca a theorannú, chomh maith le leochaileacht cheilte, cúldoirse nó suaitheadh sistéamach féideartha ar sholáthar TFC, go háirithe i gcásanna gaibhnithe teicneolaíochta nó spleáchais ar sholáthróirí; (v) acmhainneachtaí monaraíochta criticiúla an Aontais a fhorchoimeád, acmhainneachtaí a d’fhéadfadh dul i mbun fáis le linn tréimhsí ina bhfuil suaitheadh sa slabhra soláthair domhanda nó le linn géarchéimeanna sláinte; (vi) cuirfidh an Coimisiún cosc ar eintitis ardriosca rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ó institiúidí agus ionstraimí airgeadais poiblí; ; (vii) tacú le forbairt soláthróirí iontaofa fo-chomhpháirteanna criticiúla san Aontas agus i dtríú tíortha iontaofa le go mbeidh roghanna malartacha inmharthana ann; (viii) tacú le tionscnaimh shuaitheanta sa chosaint agus i réimsí gaolmhara (Faireachán ar an gCliathán Thoir, an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin).

4. Gníomhaíochtaí chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú

Is é rochtain ar fhaisnéis ardcháilíochta agus anailís chríochnúil uirthi an túsphointe do bheartas agus do chinnteoireacht slándála eacnamaíche an Aontais atá éifeachtach agus eolasach. Beidh an córas measúnaithe riosca a seoladh le Straitéis 2023 fós i gcroílár na n‑iarrachtaí sin. Déanfar na measúnuithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta, a dhoimhniú agus a chomhlánú le measúnuithe nua ar fud teicneolaíochtaí criticiúla agus slabhraí soláthair.

Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh forbartha ar an gcumas atá aige faisnéis maidir leis an tslándáil eacnamaíoch a bhailiú. Cuirfidh sé dlús le mapáil na spleáchas straitéiseach feadh slabhraí luacha as a n‑eascraíonn leochaileacht le haghaidh gheilleagar an Aontais agus neartóidh sé faireachán agus réamhaíocht ar ghníomhaíochtaí tríú tíortha atá dírithe ar spleáchais nua a chruthú nó chun spleáchais atá ann cheana a chothú.

Thairis sin, beidh rath bheartas slándála eacnamaíche an Aontais ag brath ar chomhordú níos fearr ar leibhéal an Aontais agus leis na Ballstáit araon. Áirítear leis sin comhthuiscint a fhorbairt ar na bagairtí slándála eacnamaíche, rioscaí nithiúla a shainaithint, agus bearta maolaithe a fhorbairt. Ba cheart sreafaí faisnéise níos fearr, tuiscint iomlán ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais, agus toilteanas gníomhú go comhpháirteach nuair is gá, rud a d’fhágfadh go mbeadh seasamh láidir ag an Aontas, a bheith mar bhonn taca leis sin. Tá na bearta eagrúcháin inmheánacha is gá déanta ag an gCoimisiún. Chuige sin, áfach, tá gá le bealach nua oibre leis na Ballstáit, agus tá an gá sin ag méadú i measc na mBallstát féin agus laistigh díobh, go háirithe maidir le réimsí beartais atá ag éirí níos straitéisí ach atá díláraithe go hiondúil amhail an taighde agus nuálaíocht.

Leanfaidh an tAontas de bheith i dteagmháil go dlúth leis an tionscal, trí mhalartú slán faisnéise agus rannpháirtíocht níos struchtúrtha a áirithiú. Tá an tionsclaíocht ar thúslíne shlándáil eacnamaíoch an Aontais. Ní mór do ghnólachtaí a bheith níos athléimní agus a slabhraí soláthair criticiúla a éagsúlú, go háirithe trí dheireadh a chur le spleáchas iomlán ar sholáthróir ardriosca aonair. Tá sé ríthábhachtach freisin na costais a bhaineann le níos mó éagsúlaithe a chomhtháthú ina samhlacha gnó, agus aitheantas á thabhairt don tairbhe a bhaineann le hathléimneacht in aghaidh rioscaí geopholaitiúla. Ní mór próiseas dhá threo a bheith i gceist leis sin chomh maith le freagracht nach mór a roinnt idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, rud a chuirfidh ar chumas lucht ceaptha beartas feabhas a chur ar mheasúnú an Aontais ar bhagairtí agus ar chumas faisnéise gnó an Aontais agus é a ullmhú le haghaidh gníomhaíochta, agus cuidiú leis an tionscal bearta maolaithe ar leibhéal na cuideachta a shaothrú ag an am céanna.

Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón Ardionadaí, an méid seo a leanas:

®Feabhas a chur ar a chumas bailithe faisnéise agus anailíse trí mheasúnuithe riosca a chur chun cinn ar bhealach níos gasta maidir le slabhraí soláthair criticiúla, bonneagar criticiúil agus teicneolaíochtaí criticiúla sonracha, agus glaonna rialta ar fhianaise a sheoladh chun ionchur tionscail agus páirtithe leasmhara a fháil maidir le leochaileacht sa slabhra soláthair agus neamhchosaint ar bhrú seachtrach. 

®Comhordú agus malartú faisnéise níos fearr a chur chun cinn trína Líonra Slándála Eacnamaíche leis na Ballstáit. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an Líonra chun féachaint ar na cineálacha cásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn, chun tuiscint ar bhagairtí, rioscaí agus raon feidhme maidir le maolú a ailíniú, chun malartú faisnéise a éascú agus chun tacú le cur chun feidhme, go háirithe maidir le húsáid na n‑uirlisí atá faoi shainchúram fhreagrachtaí na mBallstát. Sa chomhthéacs sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh córais faisnéise oiriúnacha ar fáil chun tacú le malartú tapa slán faisnéise rúnaicmithe i measc na mBallstát agus leis na Ballstáit maidir le saincheisteanna slándála eacnamaíche – lena n‑áirítear maidir le measúnuithe riosca, eintitis chriticiúla agus ardriosca, agus idirbhearta a d’fhéadfadh a bheith ina n‑ábhar imní. Comhlánóidh sé sin obair líonra stoc-charntha an Aontais, lena ndírítear ar sholáthar earraí riachtanacha a áirithiú le linn géarchéimeanna.

®Mol Faisnéise Slándála Eacnamaíche a chruthú, le tacaíocht ó SEGS, INTCEN/SIAC 3 , líonra toscaireachtaí an Aontais agus ó na Ballstáit, chomh maith le huirlisí faireacháin eacnamaíocha atá ann cheana don mhargadh aonair amhail an Fógra Foláirimh maidir leis an Slabhra Soláthair (SCAN); déanfaidh sé an fhaisnéis atá ar fáil faoi shásraí poiblí agus príobháideacha atá ann cheana a mhapáil agus a chomhdhlúthú agus déanfaidh sé bailiú faisnéise breise atá ábhartha don tslándáil eacnamaíoch a chomhordú. Áireofar leis sin sásra faireacháin margaidh chun faisnéis a bhailiú maidir le forbairtí i réimsí ardriosca, lena n‑áirítear mearfhaisnéis maidir le sreafaí trádála in earnálacha atá faoi réir éagsúlú chun a áirithiú nach mbainfear an bonn de ghníomhaíocht an Aontais. Comhdhlúthóidh sé freisin faisnéis maidir le heintitis ardriosca chun tacú leis an bpróiseas chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht do chistiú ón Aontas agus ar rannpháirtíocht i bpróiseas infheistíochta nó soláthair de chuid an Aontais. Ina theannta sin, d’fhágfadh an tÚdarás Custaim Eorpach agus Mol Sonraí Custaim an Aontais Eorpaigh go bhféadfaí tacú go héifeachtúil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú thionscnaimh ghaolmhara an Aontais i leith na slándála eacnamaíche lena n‑éascaítear malartú faisnéise ábhartha freisin .

®Rannpháirtíocht struchtúrtha Thoscaireachtaí an Aontais a threisiú, trí idirchaidreamh a dhéanamh le Misin na mBallstát, le comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus le pobal gnó an Aontais atá i láthair i dtríú tíortha; rannchuidiú éifeachtach le measúnuithe riosca, faireachán agus maolú maidir leis an tslándáil eacnamaíoch a áirithiú, lena n‑áirítear trí mhalartuithe gnólacht le gnólacht agus gnólacht le rialtas a éascú.

®Measúnú a dhéanamh faoi R3 2026 ar a mhéid a cheadaítear leis an nGníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht sa Mhargadh Inmheánach faisnéis maidir leis an slabhra soláthair ar leibhéal na cuideachta a bhailiú ó ghnólachtaí in earnálacha ardriosca. I bhfianaise na hanailíse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le bearta breise.

®A mholadh go n‑ainmneoidh na Ballstáit Comhairleoirí Náisiúnta Slándála Eacnamaíche ardleibhéil a bheidh freagrach as comhordú trasrialtais an mheasúnaithe riosca agus an mhaolaithe riosca maidir leis an tslándáil eacnamaíoch. Cuirfidh an Coimisiún comhordú beartais agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha níos fearr chun cinn trí na comhairleoirí sin a thabhairt le chéile go rialta. Iarrann sé freisin ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh machnamh a dhéanamh ar chumraíochtaí ábhartha de chuid na Comhairle a thionól go rialta le haghaidh plé ar an leibhéal polaitiúil.

®Grúpa comhairleoirí iontaofa a chruthú ó ionadaithe gnó de chuid an Aontais chun comhairle a thabhairt, i measc nithe eile, maidir le rioscaí sonracha agus freagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann chomh maith le straitéisí laghdaithe riosca a phlé. Iarrfaidh an Coimisiún go rialta ar ionadaithe tionscail páirt a ghlacadh i bplé earnáilsonrach an Líonra Slándála Eacnamaíche agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh sé na Coimisinéirí Eorpacha ar an eolas.

®Tairseach Faisnéise maidir le hAthléimneacht Trádála a chur ar bun chun faisnéis atá cothrom le dáta a chur ar fáil do ghnólachtaí de chuid an Aontais, mar chuid den tairseach um Rochtain ar Mhargaí (A2M), maidir le srianta onnmhairiúcháin agus bearta sriantacha eile arna bhforchur ag tríú tíortha, chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann leis an ngá atá le hathléimneacht an Aontais a chothú.

®An Fhaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla a leathnú chun tionscal na cosanta agus an spáis agus slabhraí soláthair gaolmhara a shainaithint agus chun faireachán agus anailís a dhéanamh orthu, agus chun teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a chumhdach agus chun tacú le treochláir teicneolaíochta an Aontais a eascraíonn as sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

®Úsáid a bhaint as an Lárionad Saineolais maidir le Slándáil Taighde a bheidh ann amach anseo chun slándáil taighde a chur chun cinn agus athléimneacht an phobail taighde a mhéadú, lena n‑áirítear trí ardán díchill chuí a fhorbairt ar mhaithe le tacú le hollscoileanna a gcomhpháirtithe idirnáisiúnta a roghnú.

®Féachaint ar bhealaí chun tíortha is iarrthóirí a ailíniú lenár gcur chuige slándála eacnamaíche agus a chomhtháthú ann, go háirithe sna réimsí sin ina bhféadfadh a leochaileacht slándála eacnamaíche a bheith ina riosca slándála don Aontas.

Agus an tAontas ag cur le hanailís agus rialachas neartaithe, is fearr is féidir leis a chuspóirí slándála eacnamaíche a shaothrú trí (i) úsáid na n‑uirlisí atá ann cheana a shoiléiriú agus a fheabhsú agus (ii) uirlisí nua a fhorbairt i gcás inar gá.

Ar an gcéad dul síos, déanfaidh an Coimisiún an chaoi a n‑úsáideann sé cuid dá uirlisí a oiriúnú chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí maidir le rioscaí slándála eacnamaíche a bhainistiú agus féachfaidh sé le feabhas a chur ar chomhordú idir na huirlisí sin.

Déanfaidh an Coimisiún na céimeanna seo a leanas chun feabhas a chur ar úsáid na n‑uirlisí:

®Cistiú ón Aontas:

·Amach anseo, dreasóidh an Coimisiún ina ghníomhaíochtaí cistiúcháin tionscadail a thacaíonn le slándáil eacnamaíoch an Aontais.  

·Go háirithe, ba cheart dó leibhéal leordhóthanach cistiúcháin a shlógadh chun spleáchais ar theicneolaíochtaí criticiúla, comhpháirteanna criticiúla agus ábhair chriticiúla a laghdú, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail an spás agus an chosaint, lena n‑áirítear chun treochláir teicneolaíochta na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla a chur chun feidhme go hiomlán.

·Ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe cur chun feidhme féachaint le cosc a chur ar eintitis ardriosca rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí íogaire a fhaigheann tacaíocht ón Aontas. Soláthraítear le hAirteagal 136 den Rialachán Airgeadais bunús dlí cothrománach chun slándáil agus ord poiblí an Aontais a chosaint agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme ag an gCoimisiún agus ag comhpháirtithe cur chun feidhme. Fágann sé sin gur féidir cosc a chur ar eintitis ardriosca tairbhiú de chistí an Aontais chomh maith le srian a chur ar rochtain ar chistí an Aontais in earnálacha straitéiseacha agus i réimsí na teicneolaíochta criticiúla agus an bhonneagair chriticiúil ag eintitis a thagann ó thríú tíortha a bhaineann an bonn de leasanna slándála eacnamaíche an Aontais. Chun amhras a sheachaint, ba cheart do chomhpháirtithe cur chun feidhme staonadh ó thacaíocht a thabhairt do thionscadail a thagann salach ar an méid thuas, lena n‑áirítear in oibríochtaí ar a riosca féin. Chuige sin agus chun ailíniú beartais níos fearr a áirithiú idir cláir an Aontais agus aidhmeanna slándála eacnamaíche, cuirfear treoir ar fáil i R1 2026, agus ar an gcaoi sin tacófar le cur chuige níos comhtháite agus níos éifeachtaí a fhorbairt. Ina theannta sin, spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit, grúpa BEI agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus institiúidí eile a bhfuil buiséid náisiúnta nó buiséid an Aontais á gcur chun feidhme acu chun tosaíocht a thabhairt do thacaíocht do ghnólachtaí an Aontais a laghdaíonn spleáchais eachtracha in earnálacha criticiúla, go háirithe i gcás tionscadail shonracha, teicneolaíochtaí criticiúla agus bonneagar criticiúil a shainaithnítear mar bhonneagar ardriosca. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart cosc a chur ar sholáthróirí ardriosca tríú tír rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas agus ar chistiú náisiúnta i gcás ina sainaithnítear go mbaineann na tríú tíortha sin, bunaithe ar chritéir shonracha, an bonn de leasanna slándála eacnamaíche an Aontais.

®Scagadh a dhéanamh ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche (IDC):

·Treoirlínte a fhorbairt ag tarraingt ar an taithí a fuarthas agus an Rialachán maidir le Scagadh IDC atá ann faoi láthair á chur chun feidhme chun a áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis náisiúnta scagtha aghaidh ar an scagadh go comhsheasmhach, lena n‑áirítear in earnálacha straitéiseacha. Leagfaí amach sna treoirlínte freisin conas an riosca carnach a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hinfheistíochtaí iomadúla a chur san áireamh. Comhlánófar é sin le treoraíocht maidir leis an idirghníomhú idir aon cheanglas ar leibhéal an Aontais agus cur i bhfeidhm sásraí náisiúnta um scagadh san earnáil airgeadais.

®Rialuithe Onnmhairiúcháin ar ítimí Dé-Úsáide:

·Meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar an Rialachán maidir le hOnnmhairiú Ítimí Dé-úsáide a Rialú. Mar chuid den mheastóireacht sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an Rialachán a chuspóirí amach i gcomhthéacs na réaltachtaí geopholaitiúla agus geo-eacnamaíocha nua, lena n‑áirítear na tionchair a bhaineann leis an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as rialuithe aontaobhacha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an margadh aonair freisin. Leanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, de bheith ag féachaint ar conas rialuithe Eorpacha a ghlacadh go héifeachtúil i réimsí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn sa chomhthéacs nua sin. Le linn an phróisis meastóireachta, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar for-rochtain ghníomhach ar pháirtithe leasmhara ó na Ballstáit, ón tionscal, ó institiúidí taighde agus ón saol acadúil.

®Ionstraimí cosanta trádála:

·Nuair a thionscnófar cás atá ábhartha do shlándáil eacnamaíoch an Aontais, beidh slándáil eacnamaíoch an Aontais san áireamh i reáchtáil an imscrúdaithe agus i gceapadh na mbeart a d’fhéadfadh teacht as.

®Uirlisí an Mhargaidh Inmheánaigh, an Chustaim agus na hIomaíochta:

·Leas iomlán a bhaint as an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha chun iomaíocht chóir a choinneáil ar bun i réimsí ina mbíonn fóirdheontais eachracha ina gcúis le saobhadh a chruthaíonn rioscaí slándála eacnamaíche.

·Na Ballstáit a spreagadh chun leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí atá ann cheana maidir le státchabhair, amhail an Creat um Státchabhair do Thionsclaíocht Ghlan, na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach, an Creat Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta, an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine agus tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne mar ionstraimí chun athléimneacht níos fearr a chothú.

·Athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid ionstraimí straitéiseacha custaim (fionraí taraifí, cuótaí uathrialacha) le haghaidh príomhionchur d’fhonn tacú le hiomaíochas fhiontair an Aontais.

Ar an dara dul síos, déanfaidh an Coimisiún bearta nua a fhorbairt chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a chur chun cinn.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

®Féachaint an bhféadfaí sásra faireacháin ar ghnólachtaí nuathionscanta ar leibhéal an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach arb é is aidhm dó gnólachtaí nuathionscanta a shainaithint i réimsí teicneolaíochta criticiúla atá leochaileach don riosca a bhaineann le héadálacha eachtracha naimhdeacha, agus iad a atreorú chuig roghanna malartacha infheistíochta de chuid an Aontais agus chuig cineálacha eile tacaíochta (e.g., tacaíocht chomhairleach, fothú acmhainneachta, meaitseáil le hinfheisteoirí). D’oibreodh an sásra i gcomhthráth le tionscnaimh atá ann cheana, amhail Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú.

®Oibriú le húdaráis mhaoirseachta chun faireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí punainne, (nach dtagann faoi raon feidhme shásra comhordúcháin IDC), i réimsí a shainaithnítear mar réimsí ardriosca chun críoch slándála eacnamaíche.

®Comhchuid slándála eacnamaíche le haghaidh príomhearnálacha straitéiseacha a chuimsiú san Uirlis um Chomhordú Iomaíochais atá ar na bacáin.

®Bonn tionsclaíoch agus athléimneacht shlabhraí soláthair an Aontais a neartú tríd an nGníomh um Luasaire Tionsclaíoch.

®Mar a leagtar amach in ResourceEU, margaí tánaisteacha le haghaidh amhábhair chriticiúla a fhorbairt a thuilleadh, lena n‑áirítear tríd an nGníomh um an nGeilleagar Ciorclach, ionas go mbeadh sé níos éasca tionscadail amhábhar criticiúil straitéiseacha a mhaoiniú i réimsí a shainaithnítear mar réimsí ardriosca chun críocha na slándála eacnamaíche.

®Measúnú a dhéanamh faoi R3 2026 ar bhealaí chun neartú lecosaint an tionscail ar bheartais éagóracha trádála agus ar fhorbairtí diúltacha sa mhargadh domhanda, amhail ró-acmhainneacht. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht agus leordhóthanacht na n‑uirlisí atá ann cheana agus measfaidh sé an gá atá le bearta nua a d’fhéadfadh a bheith ann.

®Athbhreithniú a dhéanamh ar an Reacht Blocála chun a chur i bhfeidhm a shimpliú agus chun costais chomhlíontachta a laghdú do dhaoine agus do ghnólachtaí san Aontas agus chun díspreagadh inchreidte a chruthú i gcoinne cur i bhfeidhm seach-chríochach smachtbhannaí tríú tír. Neartóidh sé sin slándáil eacnamaíoch na hEorpa trí chosaint níos fearr a thabhairt d’oibreoirí an Aontais ar bhearta tríú tír atá ag teacht salach ar a chéile agus trí chreat níos intuartha, níos éifeachtaí agus níos teanntásaí a áirithiú.

®Féachaint ar na módúlachtaí a bhaineann le cuideachtaí a spreagadh in earnálacha ardriosca sonracha chun a áirithiú go bhfaighfear soláthairtí ó dhá sholáthróir éagsúla ar a laghad agus neamhchosaint ar sholáthróir ceannasach aonair a theorannú.

®Féachaint an bhféadfaí tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do chuideachtaí atá faoi réir cinntí maidir le scagadh IDC i gcásanna ina bhféadfadh a n‑inmharthanacht airgeadais a bheith i mbaol in éagmais infheistíochta, gan dochar do na rialacha maidir leis an státchabhair.

®Mar chuid den athbhreithniú ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, critéir tosaíochta Eorpacha a mholadh in earnálacha straitéiseacha sonracha ina spreagann ár soláthar poiblí éileamh ar cheannaireacht thionsclaíoch Eorpach, ina méadaíonn sé ár n‑athléimneacht agus ina maolaíonn sé rioscaí don tslándáil.

®Cuideachtaí a dhreasú chun spleáchais i réimsí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn a laghdú mar chuid den Ghníomh um Shliseanna 2.0, den Ghníomh Candamach, den Ghníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga agus de Straitéis an Choimisiúin maidir le Foinse Oscailte atá ar na bacáin.

®Úsáid a bhaint as an athbhreithniú atá ar na bacáin ar an nGníomh um Chibearshlándáil chun srianta a achtú ar leibhéal an Aontais maidir le rochtain soláthróirí ardriosca ar bhonneagar criticiúil.

5. Conclúid

Tá an tAontas tiomanta i gcónaí don trádáil oscailte riailbhunaithe, don chaidreamh infheistíochta agus don chomhar idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt don trádáil oscailte agus don infheistíocht le comhpháirtithe ar fud an domhain agus de thairbhe a bhaint astu. An tráth céanna, i dtimpeallacht gheopholaitiúil an lae inniu, tá sé ríthábhachtach slándáil eacnamaíoch an Aontais a chosaint. Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hoscailteacht chun í a chaomhnú, chomh maith lenár slándáil níos leithne agus iomaíochas ár dtionscal.

Tá cuid mhaith uirlisí ar fáil don Aontas cheana féin chun an sprioc sin a bhaint amach. Ní mór na hionstraimí sin a úsáid go straitéiseach anois agus, i gcás inar gá, ní mór iad a fheabhsú a thuilleadh, chun bagairtí ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais a dhíspreagadh go hinchreidte sula dtiocfaidh siad chun cinn agus chun freagairt go héifeachtach dóibh nuair atá siad ann. Chun é sin a bhaint amach, ní mór don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile agus oibriú i ndlúthchomhar leis an tionscal, i dtreo cinnteoireacht éifeachtúil eolasach.

Tá rún daingean ag an Aontas úsáid níos réamhghníomhaí, níos straitéisí agus níos comhordaithe a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun geilleagar láidir, slán agus athléimneach a thógáil san fhadtéarma, agus chun oibriú go héifeachtach sna dálaí nua geopholaitiúla agus geo-eacnamaíocha lena múnlaítear an trádáil dhomhanda.

(1)

JOIN(2023) 20 final.

(2)

COM(2024)75 an 19 Feabhra 2025.

(3)

Is cuid d’Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise (SIAC) an Aontais é Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus is é lárionad faisnéise sibhialta an Aontais é, a chuireann mionanailís ar fáil do chinnteoirí in institiúidí uile an Aontais.

Top