This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025IP0197
P10_TA(2025)0197 – Implementation and streamlining of EU internal market rules to strengthen the single market – European Parliament resolution of 11 September 2025 on the implementation and streamlining of EU internal market rules to strengthen the single market (2025/2009(INI))
P10_TA(2025)0197 — Rialacha mhargadh inmheánach an Aontais a chur chun feidhme agus a chuíchóiriú chun an margadh aonair a neartú — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2025 maidir le rialacha mhargadh inmheánach an Aontais a chur chun feidhme agus a chuíchóiriú chun an margadh aonair a neartú (2025/2009(INI))
P10_TA(2025)0197 — Rialacha mhargadh inmheánach an Aontais a chur chun feidhme agus a chuíchóiriú chun an margadh aonair a neartú — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2025 maidir le rialacha mhargadh inmheánach an Aontais a chur chun feidhme agus a chuíchóiriú chun an margadh aonair a neartú (2025/2009(INI))
IO C, C/2026/1483, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1483/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1483 |
9.4.2026 |
P10_TA(2025)0197
Rialacha mhargadh inmheánach an Aontais a chur chun feidhme agus a chuíchóiriú chun an margadh aonair a neartú
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2025 maidir le rialacha mhargadh inmheánach an Aontais a chur chun feidhme agus a chuíchóiriú chun an margadh aonair a neartú (2025/2009(INI))
(C/2026/1483)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Clár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025 – Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla’ (COM(2025)0045), |
|
— |
ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla do théarma an Choimisiúin 2024-2029, arna dtíolacadh ag Uachtarán toghaí an Choimisiúin an 18 Iúil 2024, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú’ (COM(2025)0047), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘An Tuarascáil Bhliantúil ar an Margadh Aonair agus ar an Iomaíochas 2025’ (COM(2025)0026), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘ The future of European’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal ‘ Much more than a market’ [Margadh thar an gcoitiantacht], |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘ Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’ [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú], |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le Comóradh 30 bliain an Mhargaidh Aonair: a bhfuil bainte amach a cheiliúradh agus súil chun cinn ar fhorbairtí amach anseo (1), |
|
— |
ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A10-0151/2025), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil an tAontas ar cheann de na bloic eacnamaíocha is mó ar domhan, agus daonra de thart ar 450 milliún duine aige; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach timpeallacht rialála atá iomaíoch, oiriúnach don fheidhm agus simplithe a áirithiú chun seasamh domhanda an Aontais a neartú, chun fás fadtéarmach, muinín agus cosaint tomhaltóirí, agus nuálaíocht a chothú, agus chun an dá aistriú a thabhairt chun críche; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil spriocanna leagtha síos ag an gCoimisiún chun costais riaracháin a laghdú 25 % do gach cuideachta agus 35 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) faoi 2029; de bhrí go leagtar béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Eoraip níos simplí agus níos tapúla’ ar an ngá atá le feabhsuithe tapa agus infheicthe a chur ar fáil trí rialáil níos cliste, trí chur chun feidhme níos éifeachtaí agus trí rannpháirtíocht níos fearr ó gheallsealbhóirí; de bhrí gur cheart na hiarrachtaí sin a cheapadh chun tairbhe gnólachtaí, tomhaltóirí agus na sochaí i gcoitinne trí rochtain ar an margadh a fheabhsú, ualaí nach bhfuil gá leo a laghdú agus machaire comhréidh a áirithiú, agus príomhchuspóirí beartais agus ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil AE á gcaomhnú ag an am céanna; |
|
C. |
de bhrí gur sainaithníodh i dtuarascálacha ó Draghi agus Letta ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, castachtaí rialála agus cur chun feidhme neamhréireach rialacha an Aontais mar bhacainní móra ar iomaíochas mhargadh aonair an Aontais; de bhrí, de réir thuarascáil Draghi, dá ndéanfaí timpeallacht rialála níos cobhsaí agus níos intuartha a chothú, agus béim á leagan ar ghníomhaíocht reachtach riachtanach agus chomhréireach, go bhféadfaí cabhrú le hiomaíochas AE a threisiú; |
|
D. |
de bhrí, i mbarúlacha a thugtar sa tuarascáil ó Niinistö maidi letionscal cosanta an Aontais a shimpliú agus a neartú, go leagtar béim ar an ngá strai téiseach atá le rialacháin a chuíchóiriú i bpríomhearnálacha chun ilroinnt a laghdú, dlús a chur leis an soláthar poiblí agus feabhas a chur ar sheachadadh chun tacú leis na tionscail chosanta agus chun a chur ar chumas na mBallstát spriocanna riachtanacha caiteachais cosanta a bhaint amach agus slándáil agus iomaíochas an Aontais a chothú; |
|
E. |
de bhrí go gcuirtear faisnéis chriticiúil ar fáil i dTuarascáil Bhliantúil 2025 ar an Margadh Aonair agus ar an Iomaíochas agus i Scórchlár an Mhargaidh Aonair agus an Iomaíochais maidir le staid reatha an mhargaidh aonair, an mheoin gnó agus an iomaíochais earnála; de bhrí nach bhfuil earnáil na seirbhísí chomh comhtháite céanna le hearnáil na n-earraí; de bhrí go bhfuil an easpa comhchuibhithe fós ina bac ar sholáthar seirbhísí trasteorann, go háirithe ag FBManna; de bhrí go léiríonn staitisticí a bailíodh le déanaí go bhfuil amanna ceadaithe chun gnó a oscailt agus a oibriú in AE fós roinnt mhaith níos faide ná i réigiúin iomaíocha, rud a chruthaíonn bacainní ar infheistíocht agus ar nuálaíocht; (2) |
|
F. |
de bhrí go gcruthaíonn ilroinnt rialála, castacht, forluí agus cur chun feidhme neamhréireach rialacha mhargadh inmheánach AE bacainní gan údar agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo agus a mbíonn tionchar díréireach acu ar FBManna, ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus ar ghnólachtaí nuathionscanta, arb ionann iad agus 99 % de ghnólachtaí AE, rud a chuireann teorainn lena n-acmhainneacht chun nuáil, infheistíocht agus uas-scálú a dhéanamh, dul san iomaíocht go héifeachtach agus dul i mbun gníomhaíochtaí trasteorann laistigh den mhargadh aonair agus ar mhargaí domhanda; de bhrí go bhfuil an tástáil FBM agus cur chun feidhme níos fearr agus, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, simpliú rialacha an Aontais bunriachtanach chun comhréireacht a áirithiú sa chreat dlíthiúil; de bhrí, mar a tugadh chun suntais i dtuarascáil Draghi, go bhfuil bearna iomaíochais AE á spreagadh freisin ag tearcfheidhmíocht gnólachtaí móra agus de bhrí go bhfuil cuideachtaí rathúla sa mhargadh inmheánach, a ghabhann luach ó mhargaí domhanda freisin, ríthábhachtach chun rathúnas a chruthú do AE agus dá shaoránaigh; |
|
G. |
de bhrí gur cheart a mheas go bhfuil forfheidhmiú láidir rialacha an mhargaidh aonair, lena n-áirítear trí imeachtaí um shárú atá níos tapúla agus níos éifeachtaí, bunriachtanach chun iomaíocht chóir agus muinín ghnó a áirithiú, agus chun tomhaltóirí a chosaint ar iarmhairtí ilroinnt an mhargaidh agus rogha laghdaithe; de bhrí, agus iarrachtaí á ndéanamh creat reachtach an Aontais a fheabhsú, a chuíchóiriú agus a shimpliú, gur cheart díriú ar cháilíocht, soiléireacht agus comhleanúnachas a fheabhsú, ar ilroinnt a laghdú maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais, agus ar a áirithiú go bhfuil an reachtaíocht intuigthe go héasca d’údaráis agus do na geallsealbhóirí uile; |
|
H. |
de bhrí gur leagadh amach sa Chompás Iomaíochais agus i gclár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025 cuspóirí beartais uaillmhianacha arb é is aidhm leo athléimneacht an mhargaidh aonair a threisiú, ualaí riaracháin a laghdú agus an creat rialála a ailíniú le dea-chleachtais dhomhanda; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach straitéis thionsclaíoch AE a nascadh tuilleadh le straitéis an mhargaidh aonair chun iomaíochas gheilleagar AE a neartú, lena n-áirítear trí thacú le forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí glana agus straitéiseacha; |
|
I. |
de bhrí, agus iarrachtaí á ndéanamh an timpeallacht rialála i margadh inmheánach AE a shimpliú, gur cheart tuairimí gnólachtaí, ceardchumann, tomhaltóirí, gníomhaithe na sochaí sibhialta, an lucht acadúil agus geallsealbhóirí eile lena mbaineann a chur san áireamh chun a áirithiú go dtacóidh beartais AE le fás eacnamaíoch agus le poist ardcháilíochta agus go gcruthófaí timpeallacht dhearfach d’infheistíocht phríobháideach agus do nuálaíocht phríobháideach agus chun spriocanna beartais amhail inbhuanaitheacht, digitiú agus cosaint tomhaltóirí a bhaint amach trí bhíthin comhairliúcháin phoiblí chuimsitheacha, thrédhearcacha agus chuimsitheacha, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais agus peirspictíochtaí sonracha FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chomh maith le geallsealbhóirí eile a bhfuil acmhainneacht theoranta acu, agus á áirithiú nach ndéanfar dochar do luath-thionscnóirí ná nach gcuirfear deireadh le dreasachtaí do ghnólachtaí atá faoi stiúir na nuálaíochta de dheasca iarrachtaí simpliúcháin; |
|
J. |
de bhrí go mbaineann bacainní náisiúnta gan údar ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí an bonn d’fheidhmiú an mhargaidh aonair agus gur cheart, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt orthu agus iad a chosc; de bhrí gur mheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go bhfuil bacainní ar an margadh inmheánach in AE coibhéiseach le taraif 45 % ar mhonaraíocht agus taraif 110 % ar sheirbhísí; de bhrí go ndéanann ilroinnt den sórt sin iomaíocht a lagú, go gcuireann sí bac ar tháirgiúlacht agus ar fhás, agus go ndéanann sí difear díréireach do FBManna; |
|
K. |
de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag srianta soláthair críochacha (TSCanna) ar an margadh aonair, ar FBManna agus ar chumhacht ceannaigh tomhaltóirí shaoránaigh AE ós rud é, de réir an Choimisiúin, go gcosnaíonn TSCanna níos mó ná EUR 14 bhilliún in aghaidh na bliana ar thomhaltóirí AE; |
An margadh aonair a neartú chun borradh a chur faoi iomaíochas agus tionchar domhanda an Aontais
|
1. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas ag titim chun deiridh ó thaobh an iomaíochais dhomhanda de, go háirithe in earnálacha áirithe; á aithint go bhfuil easnaimh sa chur chun feidhme, ilroinnt rialála agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar chuid de na príomhthosca san Aontas atá tite ar gcúl san infheistíocht, sa nuálaíocht, i gcruthú post agus i ndeiseanna gnó; ag cur béim ar an bhfíoras go neartaítear an margadh aonair trí rialacha a chur chun cinn, a chuíchóiriú agus a shimpliú agus trí chomhrialacha a chur chun feidhme go cuí agus go tráthúil, chomh maith le forfheidhmiú éifeachtach, agus, ar an gcaoi sin, go gcuirtear borradh faoin iomaíochas, faoin rathúnas eacnamaíoch, faoin bhfostaíocht, faoi fhorbairt scileanna, faoi phoist ardcháilíochta, faoi ardchaighdeáin chomhshaoil agus faoin nuálaíocht; |
|
2. |
á aithint, chun rathúnas an Aontais a áirithiú, gur gá comhleanúnachas rialála a fheabhsú agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar ghnólachtaí a laghdú – go háirithe gnólachtaí beaga agus gnólachtaí nuathionscanta; á áitiú, dá bhrí sin, nach mór deireadh a chur le bacainní atá ag cur bac faoi láthair ar fhás, ar chruthú post agus ar infheistíocht agus gur cheart acmhainní a dhíriú ar nuálaíocht a spreagadh agus ar fhás a chothú agus cothrom iomaíochta á áirithiú ag an am céanna bunaithe ar ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht phríobháideach a shlógadh agus á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar chostais chomhlíonta do FBManna a laghdú trí uirlisí digiteacha agus maoluithe spriocdhírithe; á chur i bhfáth nach mór forálacha saincheaptha do FBManna a bheith fite fuaite le hathchóirithe lena dtugtar aghaidh ar na bacainní leanúnacha atá roimh chuideachtaí le linn chéim an mhéadaithe, agus ag an am céanna nach mór dóibh a chur ar chumas cuideachtaí móra oibriú agus dul san iomaíocht thar theorainneacha agus go hidirnáisiúnta; |
|
3. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil comhchuibhiú méadaithe, próisis chuíchóirithe agus cur chun feidhme ceart, cur i bhfeidhm éifeachtach, comhlíonadh, faireachán agus forfheidhmiú dhlíthe an Aontais ríthábhachtach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair agus do bhaint amach spriocanna beartais ríthábhachtacha an Aontais; á chur in iúl gur geal léi cuspóirí an Choimisiúin borradh a chur faoin iomaíochas, faoin nuálaíocht agus faoin táirgiúlacht trí rialacha an Aontais a shimpliú, a chuíchóiriú agus a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú de réir na moltaí i dtuarascálacha ó Draghi, ó Letta agus ó Niinistö trí bhíthin bearta nithiúla agus amlínte soiléire; |
Rialacha cuíchóirithe, cur chun feidhme níos fearr agus forfheidhmiú láidir ar mhaithe le timpeallacht ghnó intuartha agus iomaíoch
|
4. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil cuíchóiriú agus simpliú rialála dírithe ar phróisis chomhlíonta a éascú, agus príomhchuspóirí beartais AE á gcomhlíonadh ag an am céanna, rud lena n-áirithítear nach gcuirfear caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, chomh maith le cearta digiteacha agus cosaint tomhaltóirí, i mbaol, agus lena n-áirithítear timpeallacht rialála chobhsaí agus intuartha do ghnólachtaí, lena dtugtar soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil do chách; á chur i bhfios go láidir nach mór don iomaíochas agus don nuálaíocht, go háirithe i gcomhthéacs na géarchéime costais maireachtála atá ann faoi láthair, torthaí a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí; á chur i bhfáth gur cheart don simpliú cuspóirí fadtéarmacha an Aontais a threisiú freisin, lena n-áirítear digitiú an gheilleagair, an t-aistriú glas agus cosaint tomhaltóirí, agus neodracht na teicneolaíochta á háirithiú ag an am céanna; |
|
5. |
á mheas go bhfuil sé mar fhreagracht chomhroinnte ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit margadh aonair dea-fheidhmiúil a bheith ann, ina ndéantar rialacha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach ceart, comhleanúnach agus éifeachtach; á chur i bhfáth go bhfuil rórialáil threoracha an Aontais agus forfheidhmiú ilroinnte rialacha an Aontais fós ina mbac ar an margadh aonair, rud a chuireann ualach díréireach ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta; á éileamh go n-áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar rialacha an Aontais a fhorfheidhmiú go cuí ar fud na mBallstát uile ar bhealach comhchuibhithe chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní trasteorann; ag tathant ar na Ballstáit, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar rórialáil agus a áirithiú go bhfoilseofar bearta náisiúnta cur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus tráthúil agus go ndéanfar cur chun feidhme neamhréireach dhlíthe an Aontais a sheachaint, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don cheart atá ag na Ballstáit bearta náisiúnta a choinneáil nó a thabhairt isteach faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí; á iarraidh go mbeadh comhar neartaithe i measc na n-údarás atá ann cheana ó Bhallstáit éagsúla agus idir údaráis rialála náisiúnta agus údaráis rialála AE; á mholadh don Choimisiún tacú leis na Ballstáit dlí an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos comhchuibhithe trí mhalartuithe struchtúrtha agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú tuilleadh, lena n-áirítear trí cheardlanna trasuite a eagrú agus trí uirlisí agus cleachtais chomparáideacha a fhorbairt agus a úsáid; |
|
6. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh an reachtaíocht atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo de bheith comhréireach agus nach gcuirfidh sí ualaí neamhriachtanacha ar ghnólachtaí, agus a áirithiú ag an am céanna go mbainfidh sé a chuspóirí amach, agus clásal luath-athbhreithnithe a áireamh ina thionscnaimh reachtacha ábhartha, gan ualaí riaracháin sa phróiseas a mhéadú; á chreidiúint gur cheart go bhfeidhmeodh clásail athbhreithnithe, thar éifeachtacht fhoriomlán na reachtaíochta, chun measúnú sonrach a dhéanamh ar thionchar na reachtaíochta ar iomaíochas AE agus gur cheart iad a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha reachtacha ábhartha sin a chuireann bac gan ghá ar an iomaíochas; á mholadh go ndéanfaí measúnú sna hathbhreithnithe sin freisin ar ullmhacht dhigiteach na reachtaíochta agus ar a hinoiriúnaitheacht don nuálaíocht; ag tathant ar an gCoimisiún modheolaíocht shoiléir agus bonnlíne shimplí a bhunú agus a chur i bhfeidhm chun an t-ualach a laghdú agus chun an dul chun cinn i dtreo na spriocanna bunaithe a thomhas agus faireachán a dhéanamh air, rud lena gcumasófar gníomhaíochtaí éifeachtacha agus cuntasacht; á aithint gur freagracht chomhroinnte idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit é laghduithe fóinteacha ar ualaí riaracháin a bhaint amach, agus nach mór é a shaothrú agus príomhchuspóirí beartais an Aontais á gcomhlíonadh go hiomlán ag an am céanna; á iarraidh ar na comhreachtóirí a áirithiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais spriocdhírithe, comhréireach agus oiriúnach don fheidhm agus go n-urramófar prionsabail na rialála níos fearr ag gach céim den timthriall beartais; |
|
7. |
ag tathant ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ardcháilíochta a ullmhú, ar dlúthchuid de reachtóireacht an Aontais iad agus atá tábhachtach chun gníomhartha dlíthiúla fónta a áirithiú, maidir le gach togra reachtach, lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir gur cheart éifeachtaí carnacha na rialachán a chur san áireamh sna measúnuithe tionchair agus measúnú a dhéanamh ar an idir-inoibritheacht idir rialacha nua agus rialacha reatha, go háirithe maidir le ceanglais tuairiscithe; á áitiú go n-áireofar i ngach measúnú tionchair seiceáil iomaíochais, lena ndéanfar measúnú sonrach ar an tionchar ar FBManna, ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe, agus ar theicneolaíochtaí ardfháis atá ag teacht chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an tseiceáil ar iomaíochas a chur i bhfeidhm go córasach maidir leis na tograí reachtacha ábhartha uile, agus a dtionchar trasearnála agus tionchar na n-éifeachtaí iarmharta náisiúnta á gcur san áireamh freisin, agus gur cheart torthaí na seiceála sin a chur san áireamh, mar a leagtar amach freisin i gCompás Iomaíochais an Aontais; á mheas go bhfuil ról tábhachtach ag an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála maidir le dearbhú cáilíochta a sholáthar i leith measúnuithe tionchair, seiceálacha oiriúnachta agus meastóireachtaí móra ón gCoimisiún, agus á chur i bhfáth nach mór dó gníomhú ar bhealach trédhearcach agus nach mór na hacmhainní agus an neamhspleáchas a bheith aige chun grinnscrúdú neamhchlaonta, dian agus ardcháilíochta a dhéanamh ar mheasúnuithe tionchair agus ar thograí reachtacha uile an Choimisiúin agus chun ábhair imní a chur in iúl i gcás measúnuithe tionchair a bheith in easnamh; á mholadh go neartófaí sainordú an Bhoird agus go neartófaí a chumas, trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil, chun a chur ar a chumas a chúraimí a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach; |
|
8. |
á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe tionchair ar leasuithe substaintiúla arna moladh ag an bParlaimint agus ag an gComhairle ar na tograí ón gCoimisiún, mar a chomhaontaigh na comhreachtóirí cheana in 2016 (3), nuair is iomchuí agus nuair is gá é sin don phróiseas reachtach, agus amlíne an phróisis reachtóireachta á cur san áireamh freisin; á iarraidh go ndéanfaí forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus á mholadh go ndéanfaí modheolaíocht le haghaidh measúnuithe tionchair agus seiceálacha iomaíochais a fhorbairt agus a úsáid tuilleadh don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Ballstáit; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí i measúnú tionchair leormhaith costais agus tairbhí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann, trí mheasúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta ar bhealach lánpháirtithe agus cothrom agus úsáid á baint as anailísí cáilíochtúla agus cainníochtúla. |
|
9. |
á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach forluí a sheachaint agus aghaidh a thabhairt ar shainmhínithe agus neamhréireachtaí doiléire idir gníomhartha dlí éagsúla, go háirithe maidir le reachtaíocht an mhargaidh aonair lena gcumhdaítear earraí, seirbhísí agus teicneolaíochtaí digiteacha, agus a sainiúlachtaí faoi seach á gcur san áireamh, chun soiléireacht agus éifeachtúlacht dhlíthiúil a fheabhsú; ag tathant ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do mheastóireachtaí sna réimsí sin, agus é mar aidhm leis sin creat dlíthiúil intuartha agus comhleanúnach a áirithiú lena gcuirfear ar chumas gnólachtaí dul i mbun pleanáil agus infheistíocht fhadtéarmach; á chur i bhfáth nach mór tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme, d’fhorfheidhmiú agus do chur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chreata dhlíthiúil reatha sula molfar reachtaíocht nua; |
|
10. |
ag tathant ar an gCoimisiún próiseas comhairliúcháin níos struchtúrtha, níos trédhearcaí agus níos cuimsithí le geallsealbhóirí a áirithiú, lena n-áirítear athbhreithniú ar chóras na ngrúpaí saineolaithe; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun ionadaíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a neartú agus go ndéanfaí comhairliúcháin a oiriúnú do riachtanais FBManna agus geallsealbhóirí eile a bhfuil acmhainneachtaí teoranta acu trí am freagartha leordhóthanach a cheadú agus trí inrochtaineacht a fheabhsú chun próisis chinnteoireachta chuimsitheacha agus eolasacha a áirithiú agus chun cáilíocht rialacha an mhargaidh aonair a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a neartú, lena n-áirítear ionadaíocht gheografach leormhaith, chun an margadh aonair a dhoimhniú, chun a fheidhmiú éifeachtach a áirithiú agus chun a éagsúlacht a léiriú; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta sa phróiseas cinnteoireachta, lena n-áirithítear iolrachas tuairimí agus ionadaíocht chothrom agus chóir; ag tacú le hidirphlé rialta maidir le cur chun feidhme a bhunú, lena n-áirítear leis na comhpháirtithe sóisialta; |
|
11. |
á iarraidh ar an gCoimisiún sásra a fhorbairt chun spriocdhátaí soiléire a leagan síos chun treoirlínte agus bearta forfheidhmiúcháin a fhoilsiú sula dtiocfaidh rialachán i bhfeidhm chun éiginnteacht rialála agus moilleanna cur chun feidhme a sheachaint; á áitiú go n-ullmhófar na treoirlínte sin ar bhealach cuimsitheach agus cothrom agus go bhfeidhmeoidh siad mar uirlis chun comhlíonadh a éascú, seachas ualach breise a dhéanamh díobh; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart dóibh a bheith gonta agus soiléir, go háirithe do FBManna; á éileamh go mbeadh úsáid na reachtaíochta ar leibhéal 2, amhail gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, teoranta do chúrsaí teicniúla, go soláthrófaí amlínte soiléire agus tréimhsí fógra leordhóthanacha léi d’oibreoirí eacnamaíocha agus go mbeadh sí i gcomhréir leis an sainordú arna leagan síos ag na comhreachtóirí; |
|
12. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis chun nuálaíocht a spreagadh agus ceannaireacht an Aontais amach anseo i dtionscail chriticiúla a dhaingniú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí a áirithiú go gceapfar rialacháin amach anseo chun tacú leis an nuálaíocht agus chun ardchaighdeáin a chaomhnú i gcónaí; á mholadh go n-áireofaí boscaí gainimh rialála i rialacháin a bheidh ann amach anseo a dhéanfaidh difear d’earnálacha nuálacha, i gcás inarb ábhartha, agus béim ar leith á leagan ar dhul chun tairbhe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta; á mholadh go mbunófaí ‘moil nuálaíochta an Aontais’ ar fud na mBallstát; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh Coimisinéir um Chur Chun Feidhme agus Simpliú; á iarraidh go mbeadh acmhainní agus údarás leormhaith ag an gCoimisinéir chun a áirithiú, i gcomhar le Coláiste na gCoimisinéirí, go ndéanfaí reachtaíocht AE a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go cuí agus go ndéanfaí simpliú earnáilsonrach uirthi; ag tathant ar na Coimisinéirí uile measúnú córasach a dhéanamh ar na riachtanais chuíchóirithe agus cur chun feidhme laistigh dá réimsí beartais faoi seach agus oibriú i ndlúthchomhar agus i gcomhordú chun comhleanúnachas a áirithiú agus chun torthaí nithiúla a bhaint amach maidir le simpliú agus cuíchóiriú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thograí a chur ar aghaidh chun reachtaíocht an mhargaidh aonair a shimpliú agus a chuíchóiriú, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis trí mheasúnuithe tionchair; á chur i bhfios go láidir gur cheart do thograí nua maidir le simpliú feabhas a chur ar chomhleanúnachas rialála, gur cheart dóibh intuarthacht dhlíthiúil a chaomhnú do chuideachtaí agus nár cheart dóibh an bonn a bhaint de chuspóirí beartais comhaontaithe; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil feabhas curtha ag an gCoimisiún ar bhrath agus ar cheartú sáruithe ar dhlí an Aontais, go dtógtar an iomarca ama fós chun rialacha an Aontais a fhorfheidhmiú agus sáruithe sa mhargadh aonair a cheartú; á iarraidh ar an gCoimisiún seasamh lena ról mar chaomhnóir na gConarthaí trí leas iomlán a bhaint as a chumhachtaí forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú a thionscnamh, nuair is gá, chun forfheidhmiú tráthúil, comhsheasmhach agus éifeachtach rialacha an mhargaidh aonair a áirithiú, chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar a nósanna imeachta um shárú chun freagairtí níos tapúla, níos uathoibríche agus níos intuartha a áirithiú; á mholadh go ndéanfaí leathnú ar nósanna imeachta um shárú chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe sistéamacha ar rialacha an mhargaidh aonair; á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic le hilroinnt rialála, a bhaineann an bonn den chothroime iomaíochta agus den deimhneacht dhlíthiúil, agus lánrogha na mBallstát dá bhforáiltear faoi na Conarthaí chun treoracha a chur chun feidhme á haithint ag an am céanna; |
Acmhainneacht iomlán an mhargaidh aonair a scaoileadh
|
15. |
á mholadh don Choimisiúin agus do na Ballstát úsáid níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí a bhaint as an tsraith straitéisí reatha maidir le comhlíonadh agus comhar; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, na hionstraimí forfheidhmiúcháin agus comhair reatha a neartú, amhail SOLVIT, pointí teagmhála táirgí agus an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh aonair; ag moladh don Choimisiúin, thairis sin, fardal a dhéanamh de na huirlisí, na sásraí agus na próisis a úsáidtear chun tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha a fhorbairt, agus faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh reachtaíocht an Aontais, agus é mar chuspóir leis sin feabhas a chur ar a gcomhleanúnachas, deireadh a chur le dúbláil agus iad a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú, agus, bunaithe ar an bhfardal sin, machnamh a dhéanamh ar na líonraí agus na huirlisí atá ann faoi láthair a leathnú; ag tathant ar údaráis forfheidhmithe agus ar na comhlachtaí inniúla ar fud na mBallstát feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an tacaíocht fhrithpháirteach chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt rialála nach bhfuil údar léi agus chun cur chun feidhme níos cuíchóirithe, níos oiriúnaí don fheidhm agus níos comhchuibhithe rialacha an mhargaidh aonair a áirithiú agus á chur in iúl go dtacaíonn sí le hardáin chomhordúcháin ar an leibhéal náisiúnta a chruthú chun cur chun feidhme agus trasuí éifeachtúil agus comhleanúnach rialacha an Aontais a éascú; |
|
16. |
ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag saorghluaiseacht seirbhísí maidir le hacmhainneacht eacnamaíoch a scaoileadh, agus ag tabhairt dá haire ag an am céanna go bhfuil comhtháthú san earnáil sin fós níos laige ná in earnáil na n-earraí, agus nach leor gné thrasteorann na seirbhísí sa mhargadh aonair; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Treorach um Sheirbhísí (4) a áirithiú, nár éirigh lena cur chun feidhme ach go páirteach an sprioc atá beartaithe di a bhaint amach mar gheall ar bhacainní leanúnacha nach bhfuil údar leo, ar bacainní iad a bhfuil ualach ar leith ag baint leo do FBManna agus atá i bhfoirmeacha éagsúla agus a chuireann teorainn leis an gcumas seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag na hearnálacha seirbhísí sa straitéis maidir leis an margadh aonair a foilsíodh le déanaí; á iarraidh go mbeadh tionscnaimh nua agus bearta spriocdhírithe agus éifeachtacha ann i bpríomhearnálacha don mhargadh aonair lena dtugtar aghaidh ar na bacainní leanúnacha nach bhfuil údar leo, agus lena bhfeabhsaítear comhtháthú an mhargaidh gan cur isteach ar chaighdeáin shóisialta, agus comhleanúnachas rialála á choinneáil agus ilroinnt rialacha an mhargaidh aonair á cosc ag an am céanna; |
|
17. |
á chur in iúl gur oth léi go mbaintear úsáid neamhleor as an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí agus faoin Treoir maidir le Trédhearcacht an Mhargaidh Aonair (5) i bhfeidhm go córasach, go tráthúil agus go trédhearcach; |
|
18. |
á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí reachtacha agus neamhreachtacha éifeachtúla a mholadh chun bacainní nua ar an margadh aonair a chosc nuair is gá agus nuair atá údar cuí leis sin; |
|
19. |
á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar mhodhanna éagsúla chun dul i ngleic le srianta soláthair críochacha, lena n-áirítear srianta nach bhfuil gá leo ó thaobh an dlí de amhail ceanglais teanga dhíréireacha maidir le lipéadú táirgí, ós rud é gur bacainní leanúnacha iad a laghdaíonn iomaíocht agus a mbíonn tionchar acu ar an gcostas maireachtála; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, amhail ceadúnú agus deimhniú, agus próisis chomhlíontachta a chuíchóiriú chun costais agus éiginnteachtaí dlíthiúla a laghdú, go háirithe do FBManna; á thabhairt chun suntais go gcuirfeadh próisis chuíchóirithe ar chumas FBManna oibriú ar bhealach níos éifeachtaí laistigh den mhargadh aonair; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go gcuireann neamhréireacht i gcur chun feidhme, i bhforfheidhmiú agus i gcomhordú rialacha an Aontais bac ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh aonair agus go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith aici ar shaorghluaiseacht oibrithe agus gairmithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go méadófar ganntanais saothair agus scileanna agus go lagófar iomaíochas an Aontais mar gheall ar bhacainní riaracháin agus aitheantas neamhréireach cáilíochtaí; ag tathant ar an gCoimisiún leanúint de mheastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (6) ar fud na mBallstát agus bearta a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí i bpróisis aitheantais; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le nósanna imeachta uathoibríocha cuíchóirithe agus sásraí meara chun aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a éascú, go háirithe in earnálacha ina bhfuil ganntanas lucht saothair; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, le rialacha an mhargaidh aonair maidir le saorghluaiseacht oibrithe, go n-urramófar na caighdeáin shóisialta atá ann faoi láthair sna Ballstáit agus béim á leagan ag an am céanna ar a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le bacainní nach bhfuil údar leo; ag tacú go láidir le digitiú fhoirm A1, a cheanglaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (7), ar fud na mBallstát uile chun nósanna imeachta maidir le soláthar trasteorann seirbhísí a chuíchóiriú; |
|
22. |
á mheas go mbíonn ról ríthábhachtach ag an margadh aonair tráth géarchéime má ghníomhaíonn na Ballstáit ar bhealach comhordaithe; á mheas, ina leith sin, go mbeidh an Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht sa Mhargadh Inmheánach (IMERA) (8) a glacadh le déanaí tábhachtach chun comhordú den sórt sin a áirithiú le go ndéanfar ganntanais a chosc agus feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú, lena n-áirítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí riachtanacha ar fud an Aontais; |
|
23. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá comhchaighdeáin d’fheidhmiú an mhargaidh aonair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé córas caighdeánaithe AE a chosaint, agus é a fheabhsú san am céanna i gcás inar sainaithníodh saincheisteanna, agus a shláine oibríochtúil a choinneáil; |
|
24. |
ag tathant ar an gCoimisiún ualaí tuairiscithe neamhriachtanacha a shainaithint agus a laghdú trí bhearta spriocdhírithe a chur chun feidhme, amhail síneadh a chur le heatraimh tuairiscithe, oibleagáidí iomarcacha a dhíothú agus comhréireacht a áirithiú i gceanglais earnáilsonracha, gan cur isteach ar na cuspóirí beartais, a bhfuiltear ag iarraidh a chur chun feidhme leis na ceanglais; á athdhearbhú gur gá a áirithiú go mbeidh na hoibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as píosaí éagsúla reachtaíochta de chuid an Aontais comhleanúnach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an prionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’, cineálacha cur chuige shaincheaptha do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, agus timpeallacht ghnó dhigiteach a chothú, arna cumasú le céannachtaí digiteacha iontaofa, malartuithe sonraí slána agus fógraí digiteacha a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé seasamh le prionsabal ‘na haonuaire’ chun nósanna imeachta comhlíontachta a chuíchóiriú agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé formáidí tuairiscithe agus comhéadain dhigiteacha a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát i gcás inarb indéanta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le ceanglais tuairiscithe a bhfuil údar leo agus atá comhréireach chun faireachán agus comhlíonadh cuí na rialacha a glacadh a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, forfheidhmiú éifeachtach agus bailiú sonraí feabhsaithe a áirithiú chun tionscnaimh bheartais a bheidh ann amach anseo a threorú; |
|
25. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé d’aidhm ag an gcreat reachtach nua feabhas a chur ar an margadh inmheánach d’earraí agus na coinníollacha a neartú maidir le raon leathan táirgí a chur ar mhargadh an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh air d’fhonn é a dhéanamh slán i bhfad na haimsire, lena n-áiritheofar a inoiriúnaitheacht do dhúshláin gheopholaitiúla atá ag teacht chun cinn agus do cheanglais an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, agus, ar an gcaoi sin, iomaíochas foriomlán mhargadh aonair an Aontais a fheabhsú; |
|
26. |
ag aithint go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún córas dlí nua uile-Aontais a mholadh, an ‘28ú córas dlí’, arb é is aidhm dó timpeallacht ghnó a chruthú a thacaíonn le fás agus uas-scálú FBManna, lena n-áirítear cuideachtaí beaga agus nuálacha, rud lena gcothófar iomaíochas domhanda an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an córas nua forbairt agus imscaradh na Tiachóige le haghaidh Ghnó na hEorpa atá ar na bacáin a éascú; |
Glacadh leis an digitiú agus leis an intleacht shaorga ar mhaithe leis an bhfás agus leis an rialachas
|
27. |
á chur in iúl gur geal léi an tseiceáil oiriúnachta atá beartaithe ag an gCoimisiún ar an acquis reachtach i réimse an bheartais dhigitigh; á éileamh go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú agus soiléiriú ar an gcreat reachtach agus ar an idirghníomhú idir gníomhartha dlí reatha an Aontais, amhail an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, (9)an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, (10) an Gníomh um an Intleacht Shaorga, (11) an Rialachán maidir le Trédhearcacht agus Spriocdhíriú na Fógraíochta Polaitiúla, (12) an Treoir maidir le Dliteanas Táirgí, (13) rialacha ríomhthráchtála agus cibearshlándála, agus idir na gníomhartha sin agus tionscnaimh reachtacha a bheidh ann amach anseo sula nglacfaidh an Coimisiún iad; á áitiú go mbeadh rialtóirí, líonraí údarás náisiúnta agus geallsealbhóirí rannpháirteach sa phróiseas sin agus á chur i bhfáth gur cheart go bhfeidhmeodh torthaí an chleachtaidh mapála sin chun forálacha forluiteacha, contrártha a d’fhéadfadh a bheith ann agus coinbhleachtaí forfheidhmiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin; ina theannta sin, ba cheart dó feabhas a chur ar an gcomhordú idir údaráis forfheidhmiúcháin ar fud na mBallstát agus seirbhísí inmheánacha an Choimisiúin agus feabhas a chur ar chumas gnólachtaí infheistíocht agus nuálaíocht a dhéanamh san Aontas; á áitiú go n-áiritheodh an Coimisiún go ndéanfaí na dlíthe uile a ghlacfar agus a forfheidhmíodh i dtéarma 2019-2024 an Choimisiúin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach ar fud na mBallstát uile; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí le haghaidh simpliú sa phacáiste digiteach atá beartaithe a áireamh, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, trí mheasúnuithe tionchair a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh comhleanúnachas, soiléireacht dhlíthiúil agus intuarthacht a mhéadú do na geallsealbhóirí uile, gan an bonn a bhaint de chuspóirí beartais comhaontaithe; |
|
28. |
ag cur suntas sa tuarascáil ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir leis an idirghníomhú idir an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus gníomhartha dlí eile, agus ag moladh don Choimisiún soiléiriú a dhéanamh tríd an tuarascáil sin ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn an rialachán seo le gníomhartha dlí eile, lena n-áirítear conas aghaidh a thabhairt ar fhorluí a d’fhéadfadh a bheith ann, chun tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach leabhar rialacha digiteacha an Aontais agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do sholáthraithe seirbhíse, d’úsáideoirí, do thomhaltóirí agus d’údaráis rialála; |
|
29. |
á chur i bhfáth gur cheart don bheartas digiteach, go háirithe i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn nó i ndáil le teicneolaíochtaí an-chasta, cur chuige atriallach a leanúint, agus uirlisí amhail idirphlé struchtúrtha le gnólachtaí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, comhrialáil agus boscaí gainimh rialála á gcur san áireamh freisin chun rialacha atá praiticiúil, comhréireach agus a sheasfaidh an aimsir a áirithiú, arna gceapadh agus aird á tabhairt ar an nuálaíocht, agus iarmhairtí neamhbheartaithe á seachaint agus measúnú á dhéanamh ar thionchar gníomhartha dlí a glacadh le déanaí sula molfar oibleagáidí nua; á mheabhrú a thábhachtaí atá comhchaighdeáin d’fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ceannaireacht an Aontais agus na dteicneolaíochtaí digiteacha á gcaighdeánú, agus a ríthábhachtaí atá an comhar trasatlantach agus idirnáisiúnta, sa réimse sin, chun ceannasacht theicneolaíoch agus iomaíochas domhanda a áirithiú, go háirithe i réimsí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga agus néalseirbhísí; |
|
30. |
ag aithint acmhainneacht na digiteála agus na hintleachta saorga mar phríomhuirlisí chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais, chun ualaí riaracháin a laghdú, chun nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú agus a uathoibriú, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe, údarúcháin, cheadaithe agus chomhlíontachta, chomh maith le hiontráil sa mhargadh a éascú agus measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht is infheidhme; á chur i bhfáth gur gá glacadh na bpríomhuirlisí sin a chur chun cinn ar mhaithe le héifeachtúlacht rialála a fheabhsú, tacú le cur chun feidhme níos fearr reachtaíocht an mhargaidh aonair agus tacú le faireachán níos fearr a dhéanamh air; ag tabhairt dá haire gur bacainn trasteorann é leibhéal éagsúil an digitithe do riaracháin sna Ballstáit; |
|
31. |
á chreidiúint gur cheart go mbeadh uirlisí agus tairseacha leictreonacha ina ngnáthchleachtas do gach ceanglas tuairiscithe agus riaracháin, agus á bheartú go ndéanfaí iad a chomhtháthú in ‘ionad ilfhreastail’ digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí ‘ionad ilfhreastail’ digiteach den sórt sin a chur ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach a leathnú chun cur chuige cuíchóirithe a éascú maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis, nósanna imeachta riaracháin agus seirbhísí cúnaimh do ghnólachtaí agus chun níos mó seirbhísí ar líne a thairiscint do shaoránaigh agus do chuideachtaí araon, go háirithe do FBManna, agus leas á bhaint as bonneagar poiblí digiteach amhail Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití agus an Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa atá ar na bacáin, agus comhsheasmhacht a áirithiú trí na huirlisí sin a chuíchóiriú i ngach togra reachtach ábhartha; |
|
32. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an idir-inoibritheacht chun ualaí riaracháin a laghdú, go háirithe an gá atá le hoibleagáidí tuairiscithe a dhéanamh comhleanúnach agus éasca le comhlíonadh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bhealaí a fhiosrú chun nósanna imeachta tuairiscithe a fheabhsú agus a dhigitiú chun comhroinnt faisnéise agus comhlíonadh a fheabhsú agus gan ró-ualach a chur ar chuideachtaí, lena n-áirítear tuairisciú uathoibrithe gnólacht le rialtas; á chur in iúl gur geal léi an Córas Teicniúil Aonuaire mar phríomhuirlis chun malartú sonraí trasteorann uathoibrithe a chumasú agus chun ualaí tuairiscithe dúblacha ar ghnólachtaí a laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart aon cheanglais maidir le comhroinnt agus tuairisciú sonraí a dhearadh agus aird á tabhairt ar an digitiú, lena n-áiritheofar gur féidir ceanglais maidir le comhroinnt agus tuairisciú sonraí a bheith sonraíbhunaithe agus uathoibrithe; |
|
33. |
á iarraidh ar an gCoimisiún cuíchóiriú a dhéanamh ar na huirlisí TF reatha atá ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis náisiúnta ábhartha chun fógra a thabhairt agus faisnéis ábhartha a chur in iúl amhail faisnéis maidir le tionóiscí, bearta ceartaitheacha agus sonraí eile maidir le sábháilteacht táirgí sa mhargadh aonair; á thabhairt chun suntais gur cheart uirlis TF aonair a fhorbairt chun am agus costais a laghdú agus chun comhlíonadh agus forfheidhmiú a mhéadú; |
|
34. |
á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar fhorbairt uirlisí comhlíontachta amhail cóid chleachtais, rud lena n-áiritheofar go bhfanfaidh siad laistigh de theorainneacha na n-oibleagáidí dlíthiúla foluiteacha, go mbeidh siad in-fhorfheidhmithe go praiticiúil do chuideachtaí de gach méid, agus go bhforbrófar iad trí chomhairliúcháin fhóinteacha agus thráthúla le geallsealbhóirí; |
|
35. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le bonneagar digiteach nua-aimseartha agus láidir chun uaillmhianta an Aontais sa digitiú agus i dteicneolaíochtaí teorann a éascú; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht leanúnach i bhforbairt ‘mórbhealaí digiteacha’ lena n-áirítear líonraí leathanbhanda trasteorann ardtoillte, conairí 5G, bonneagar slán néalríomhaireachta agus imeall-bhonneagair, chomh maith le seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha; |
|
36. |
á iarraidh go ndéanfaí lipéadú digiteach agus an Pas Táirge Digiteach a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe i reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí; á chur i bhfáth go bhfuil sé d’acmhainn acu ualaí comhlíontachta a laghdú, rochtain tomhaltóirí ar fhaisnéis chruinn a fheabhsú, agus tacú le hidir-inoibritheacht ilteangach agus, ag an am céanna, an fhéidearthacht go mbeadh faisnéis bhunriachtanach a bhaineann le sábháilteacht i bhformáid pháipéir ag gabháil le táirgí tomhaltóirí a chaomhnú; ag tathant ar an gCoimisiún forbairt caighdeán comhchuibhithe agus treorach mionsonraithe a éascú chun ilroinnt a sheachaint agus chun rannpháirtíocht FBManna sa trádáil trasteorann a éascú; |
Cosaint tomhaltóirí a fheabhsú sa ré dhigiteach
|
37. |
á thabhairt chun suntais nár cheart go laghdódh cuíchóiriú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí an t-ardchaighdeán cosanta tomhaltóirí atá ann faoi láthair ar fud an Aontais; ag aithint an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le rialacha cosanta tomhaltóirí a neartú agus iad a chur in oiriúint do réaltachtaí nua teicneolaíochta agus inbhuanaitheachta; á chur i bhfios go láidir gur gá cosaint tomhaltóirí a neartú tuilleadh, amhail i réimse na ríomhthráchtála maidir le faisnéis bhréagach nó mhíthreorach faoi tháirgí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé tábhachtach forfheidhmiú éifeachtach agus anailís chríochnúil a dhéanamh ar na dlíthe cosanta tomhaltóirí agus ar a dtionchar; á áitiú gur cheart go ndíreodh tionscnaimh reachtacha nua ar bhearnaí sa reachtaíocht reatha a dhúnadh nó ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a bhfuil bunús leo nach dtéitear i ngleic leo laistigh den chreat dlíthiúil reatha; |
|
38. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil dinimic nua margaidh tugtha isteach ag leathnú tapa na n-ardán digiteach agus na ríomhthráchtála agus go bhfuil ard-dheiseanna agus dúshláin agus rioscaí d’úsáideoirí cruthaithe aige; á aithint gur ionstraimí reachtacha tábhachtacha iad an Ionstraim um Margaí Digiteacha (14) agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha chun iomaíocht chóir, inchoimhlinteacht agus cothroime in ardáin dhigiteacha a áirithiú, agus timpeallacht dhigiteach níos sábháilte, níos iontaofa agus níos trédhearcaí agus cosaint tomhaltóirí sa gheilleagar digiteach á gcothú ag an am céanna, agus á iarraidh go ndéanfaí an reachtaíocht teicneolaíochta sin a fhorfheidhmiú go cuí chun fíor-rogha, cosaint agus iomaíocht chóir atá uathrialach agus feasach a áirithiú do thomhaltóirí; |
|
39. |
á athdhearbhú gur cheart go leanfadh dlíthe cosanta tomhaltóirí de bheith bunaithe ar phrionsabail den chuid is mó agus de bheith comhleanúnach ar fud ionstraimí dlíthiúla éagsúla, ach gur cheart go gceadófaí leo freisin forálacha níos sonraí nuair is gá le haghaidh deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé oibleagáidí atá iomarcach nó gan feidhm acu níos mó sheachaint, a d’fhéadfadh ualaí neamhriachtanacha a fhorchur ar ghnólachtaí gan tuiscint tomhaltóirí a fheabhsú; á iarraidh go mbeadh oibleagáidí comhréireacha agus cuspóirbhunaithe ann maidir le faisnéis do thomhaltóirí; ag tabhairt dá haire, de réir Scórchlár Dhálaí na dTomhaltóirí 2025, nach bhfuil formhór na dtomhaltóirí ar an eolas faoina gcearta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais a fhorbairt chun feasacht tomhaltóirí a mhéadú; |
|
40. |
ag tathant ar an gCoimisiún uirlisí digiteacha a úsáid chun trédhearcacht agus muinín tomhaltóirí in idirbhearta trasteorann a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfaí sásraí sásaimh do thomhaltóirí a fhorfheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le comhshásamh, agus cearta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú go hiomlán san Aontas, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, (15) ag díriú ar fhorfheidhmiú trasteorann a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, a thábhachtaí atá an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí chun forfheidhmiú trasteorann a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar iompraíocht éagórach, go háirithe ag trádálaithe nach de chuid an Aontais iad; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé comhar a neartú i measc údaráis inniúla éagsúla na mBallstát, lena n-áirítear trí thionscadail chomhordaithe chomh-fhorfheidhmithe agus trí mhalartú faisnéise a chuíchóiriú; ° ° ° |
|
41. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |
(1) IO C 214, 16.6.2023, lch. 8.
(2) https://single-market-economy.ec.europa.eu/publications/2025-annual-single-market-and-competitiveness-report_ga;
https://www.weforum.org/stories/2024/09/wind-energy-permitting-processes-europe/.
(3) Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).
(4) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/123/oj).
(5) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1 , ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/1535/oj).
(6) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2005/36/oj ).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/883/oj).
(8) Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).
(9) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(11) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(12) Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).
(13) Treoir (AE) 2024/2853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha agus lena n-aisghairtear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle (IO L, 2024/2853, 18.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2853/oj).
(14) Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).
(15) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2394/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1483/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)