Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0186

P10_TA(2025)0186 — Ról an bheartais chomhtháthaithe chun tacú leis an aistriú cóir — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le ról an bheartais comhtháthaithe chun tacú leis an aistriú cóir (2024/2121(INI))

IO C, C/2026/1473, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1473/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1473/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1473

9.4.2026

P10_TA(2025)0186

Ról an bheartais chomhtháthaithe chun tacú leis an aistriú cóir

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meán Fómhair 2025 maidir le ról an bheartais comhtháthaithe chun tacú leis an aistriú cóir (2024/2121(INI))

(C/2026/1473)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint d’Airteagail 4, 9, 151, 153, 162, 174 go 178 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (2),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (5),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (Rialachán na bhForálacha Coiteanna) (6),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (7), lena n-áirítear cuspóir dlíthiúil don Aontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, lena leagtar síos an sprioc idirmheánach glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (8),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide (9),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin an Aontais ag baint úsáid as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe (10),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2022 maidir le hoileáin an Aontais agus beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo (11),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas Eorpach: an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (12),

ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le cruthú post – an t-aistriú cóir agus infheistíochtaí tionchair (13),

ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le leas a bhaint as tallann i réigiúin na hEorpa (14),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Nollaig 2023 ar an gcreat a bheidh ann amach anseo maidir le cistí struchtúracha an Aontais a athmhúnlú chun tacú le réigiúin atá thíos go mór leis na dúshláin a bhaineann leis an aistriú ó thaobh gluaisteán de, leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach (15),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2024 maidir le beartas comhtháthaithe 2014-2020 - cur chun feidhme agus torthaí sna Ballstáit (16),

ag féachaint do Chomhaontú Pháras a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015,

ag féachaint do Chlár Oibre Críochach 2030 – Todhchaí do gach áit, a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na nAirí atá freagrach as pleanáil spásúlachta, forbairt chríochach agus/nó comhtháthú críochach an 1 Nollaig 2020,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal ‘ The European Pillar of Social Rights Action Plan’ [Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021)0102),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘ Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 climate target on the way to climate neutrality’ [‘Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta] (COM(2021)0550),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún ó mhí Feabhra 2024 dar teideal Todhchaí inbhuanaithe a chruthú le chéile – Comhtháthú le haghaidh Eoraip iomaíoch agus chuimsitheach: tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir le Todhchaí an Bheartais Chomhtháthaithe,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 maidir leis an 9ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (COM(2024)0149),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas na Scileanna’ (COM(2025)0090),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 8 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Aistriú Cóir i gcomhair réigiúin uile an Aontais’  (17),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 21 Samhain 2024 dar teideal ‘Beartas Comhtháthaithe athnuaite tar éis 2027 nach bhfágfaidh aon duine ar lár’  (18),

ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘ Much more than a market – Speed, Security, Solidarity: Empowering the single market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU citizens’ [I bhfad níos mó ná margadh - Luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: An margadh aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a sholáthar do shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh],

ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’,

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A10-0137/2025),

A.

de bhrí go bhféadfadh an sprioc uaillmhianach aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050 ar a dhéanaí tairbhí suntasacha eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a ghiniúint, lena n-áirítear tionscail nua, deiseanna fostaíochta agus cáilíocht saoil fheabhsaithe a chruthú; de bhrí, ag an am céanna, go bhféadfadh an t-aistriú sin na héagothromaíochtaí atá ann cheana idir réigiúin a ghéarú, rud a dhéanfadh difear díréireach do phobail leochaileacha mar gheall ar thosca socheacnamaíocha a chuireann bac ar a gcumas tairbhe a bhaint as an aistriú, agus leochaileachtaí nua a chruthú, go háirithe i réigiúin atá ag brath go mór ar thionscail ar mór a lorg carbóin, lena n-áirítear na réigiúin ghuail;

B.

de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir réigiúin an Aontais maidir lena saintréithe socheacnamaíocha, le leibhéil éagsúla forbartha, bonneagair, treochtaí déimeagrafacha agus dálaí mhargaidh saothair, agus gur léir nach bhfuil aon réiteach amháin ann a oireann do gach cás ar féidir leis aghaidh a thabhairt go leormhaith ar a riachtanais éagsúla; de bhrí gur gnách go mbíonn réigiúin bheagfhorbartha thíos níos mó leis an aistriú, i gcomparáid le réigiúin níos forbartha;

C.

de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí fós ann maidir le luas an aistrithe dhigitigh agus na nascachta ar fud na hEorpa, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta; de bhrí nach bhfuil bonneagar bunúsach agus seirbhísí riachtanacha ag go leor réigiún atá buailte, rud a fhágann go bhfuil sé deacair dóibh infheistíocht tháirgiúil a mhealladh as a n-eascraíonn téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta chun dlús a chur leis an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste agus chun na córais bhonneagair a nuachóiriú agus a éagsúlú chun inrochtaineacht a fheabhsú, nuálaíocht a chur chun cinn agus tacú leis an aistriú chuig geilleagar níos glaise; de bhrí gur cheart ról straitéiseach a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe maidir leis na bearnaí sin a dhúnadh, comhtháthú críochach a chur chun cinn agus a áirithiú nach bhfágfar aon réigiún ar lár san aistriú;

D.

de bhrí go bhfuil go leor de na réigiúin is boichte agus is leochailí lonnaithe in oirthear an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil tionchar diúltach breise ag an gcogadh san Úcráin ar na réigiúin sin;

E.

de bhrí gur míbhuntáiste struchtúrach buan é díscor fisiciúil agus scoiteacht oileán ón mórthír a dhéanann difear do roinnt gnéithe den saol eacnamaíoch agus sóisialta, lena n-áirítear rochtain ar an margadh saothair, oideachas, cúram sláinte, soghluaisteacht agus seirbhísí poiblí; de bhrí go gcuireann críoch theoranta na n-oileán srian suntasach ar dheiseanna le haghaidh uas-sciliú agus athsciliú gairmiúil, rud a chuireann teorainn le cumas oibrithe oiriúnú d’athruithe struchtúracha nó d’athruithe earnála, amhail iad siúd atá á spreagadh ag na haistrithe glasa agus digiteacha; de bhrí, i mórán cásanna, go gcuireann an easpa roghanna malartacha sin iallach ar oibrithe a réigiúin bhaile a fhágáil chun rochtain a fháil ar dheiseanna fostaíochta in áiteanna eile, rud a bhaineann an bonn go héifeachtach óna ‘gceart fanachta’ agus a rannchuidíonn le dídhaonrú agus imirce daoine oilte i gcríocha oileánacha;

F.

de bhrí gur uirlis thábhachtach é Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir (CUAC) chun a áirithiú nach bhfágfar daoine atá ina gcónaí i gcríocha a ndéanann an t-aistriú chuig aeráidneodracht difear dóibh ar lár agus chun rannchuidiú leis an gcuspóir maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe; de bhrí go bhfuil na rátaí ionsú fós ró-íseal ag an gcéim seo den chlárthréimhse;

G.

de bhrí go gciallaíonn an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, an ghéarchéim dhomhanda aeráide agus truailliú an chomhshaoil, a bhfuil tionchar acu ar bhia, ar oideachas agus ar shláinte, géarchéim do chearta leanaí in go leor réigiúin éagsúla san Aontas Eorpach, agus gur cheart bearta éifeachtacha, fóinteacha a dhéanamh chun a áirithiú go bhfásfaidh leanaí agus na glúnta atá le teacht suas le dínit agus go mbeidh siad feistithe do mhargadh saothair oilte an lae amárach;

H.

de bhrí go bhfuil moltaí do na Ballstáit maidir le straitéis fhoriomlán a bhfuil acmhainní leordhóthanacha aici chun an bhochtaineacht agus, go háirithe, bochtaineacht teaghlaigh agus leanaí san Aontas Eorpach a chomhrac, chomh maith le beartais agus gníomhaíocht chun í a chur chun feidhme, doimhniú an mhargaidh inmheánaigh agus dul chun cinn a chur chun cinn maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach, agus tacú le sprioc an Choimisiúin maidir le hEoraip iomaíoch agus chuimsitheach i réigiúin éagsúla;

I.

de bhrí go bhfuil ganntanas saothair agus scileanna san Eoraip faoi láthair, rud a chuireann bac ar iomaíochas an Aontais, mar a sainaithníodh i dtuarascálacha Draghi agus Letta; de bhrí gur féidir le dílárú straitéiseach na forbartha tionsclaíche agus teicneolaíochta agus na hinfheistíochta chuig réigiúin a ndéanann an t-aistriú difear dóibh cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin, ach go bhfuil gá le hinfheistíocht leordhóthanach sna seirbhísí poiblí agus sa bhonneagar a ghabhann leo amhail tithíocht, oideachas agus iompar;

J.

de bhrí go raibh dálaí oibre neamhfhabhracha agus spleáchas ar oibrithe séasúracha roimh go leor de na tionscail is mó atá thíos leis an dícharbónú; de bhrí nach mór na haistrithe glasa agus digiteacha a bheith fite fuaite leis an gceartas sóisialta; de bhrí gur cheart go gcabhródh aistriú cóir le haghaidh a thabhairt ar idirdhealú san ionad oibre, dálaí oibre cuibhiúla agus ardcháilíochta a áirithiú, caighdeáin saothair a ardú agus líontáin sábhála éifeachtacha agus sásraí cosanta éifeachtacha a áirithiú do na hoibrithe a ndéantar difear dá bpoist;

K.

de bhrí gur príomhearnáil de gheilleagar an Aontais Eorpaigh í an turasóireacht, a rannchuidíonn go díreach agus go hindíreach le níos mó ná 10 % de OTI AE, agus go bhfuil ról ríthábhachtach aici maidir le hiomaíochas, folláine shóisialta agus cruthú post inbhuanaithe a fheabhsú, go háirithe i réigiúin atá ag brath go mór ar an turasóireacht; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag an turasóireacht rannchuidiú go suntasach le comhtháthú críochach, go háirithe sna réigiúin iargúlta, tuaithe, chósta, sna réigiúin is forimeallaí agus oileánacha, agus gur féidir léi tacú le héagsúlú eacnamaíoch agus le haistriú cóir i limistéir a bhfuil dúshláin struchtúracha rompu, laghdú daonra, nó spleáchas ar thionscail ar mór a lorg carbóin; de bhrí go bhfostaíonn tionscal turasóireachta an Aontais Eorpaigh, atá comhdhéanta den chuid is mó de 2,3 milliún fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), thart ar 12,3 milliún duine agus gur mórghníomhaíocht eacnamaíoch é a bhfuil éifeachtaí láidre iolraitheora aige ar fud earnálacha éagsúla; de bhrí gur cheart don bheartas comhtháthaithe tacú le straitéisí turasóireachta inbhuanaithe mar chuid den aistriú cóir, lena gcothaítear athléimneacht, nuálaíocht agus claochlú glas agus digiteach in earnáil na turasóireachta, agus fás cuimsitheach á chur chun cinn agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha á caomhnú ag an am céanna;

L.

de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach, murab ionann agus a phríomhiomaitheoirí, ina cheannaire domhanda maidir le hastaíochtaí a laghdú, agus é ag dul i ngleic le go leor dúshlán a eascraíonn as an gcomhthéacs casta geopholaitiúil agus eacnamaíoch domhanda;

M.

de bhrí gur cheart próiseas an aistrithe fuinnimh a bheith fite fuaite leis an iomaíochas eacnamaíoch agus de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach slándáil fuinnimh na réigiún atá i mbun aistrithe a chosaint;

N.

de bhrí go n-áirítear fuinneamh núicléach sa tacsanomaíocht ghlas agus de bhrí, dá bhrí sin, go rannchuidíonn sé leis an aistriú i dtreo geilleagar dícharbónaithe; de bhrí go gcabhródh tuilleadh infheistíochta san fhoirm fuinnimh sin le huathriail straitéiseach agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí carbóin an Aontais Eorpaigh a bhaint amach; de bhrí, thairis sin, go mbeadh an fhoinse fuinnimh sin ina hathsholáthar éifeachtach maidir le feidhmíocht fuinnimh, cruthú post agus fás eacnamaíoch i réigiúin trasdula;

O.

de bhrí go bhfuil mór-roinn na hEorpa ag téamh níos tapúla ná an chuid eile den domhan agus go bhfuil na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide ag éirí níos casta agus go bhfuil sé níos dúshlánaí aghaidh a thabhairt orthu;

P.

de bhrí gur gá fócas agus tacaíocht ar leith a dhíriú ar staid leochaileach na n-oileán agus na réigiún oileánach agus na réigiún is forimeallaí, i bhfianaise na ndúshlán socheacnamaíoch tromchúiseach atá rompu san aistriú i dtreo spriocanna fuinnimh 2030 an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise na sprice maidir le geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050; de bhrí go gcuireann na míbhuntáistí atá ann go comhaimseartha ar oileáin, a eascraíonn as oileánachas, mar aon le tionchar tromchúiseach na géarchéime aeráide, a saoránaigh faoi mhíbhuntáiste breise, rud a chuireann leis na héagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha atá ann cheana; de bhrí go ndéanann teagmhais adhaimsire agus tubaistí nádúrtha atá ag dul i méid, amhail triomaigh, tuilte agus falscaithe, bearnaí forbartha a leathnú tuilleadh agus go gcuireann sé bac ar dhul chun cinn i bhforbairt inbhuanaithe réigiúin oileánacha an Aontais Eorpaigh;

Q.

de bhrí, gan aird agus tacaíocht airgeadais leormhaith, go bhfuil baol ann go dtiocfaidh meath eacnamaíoch ar réigiúin a bhí ag brath ar tháirgeadh fuinnimh roimhe seo, lena n-áirítear táirgeadh móna, gníomhaíochtaí mianadóireachta agus próisis scaglainne, chomh maith le réigiúin eile atá an-tionsclaithe, rud a laghdaíonn a n-iomaíochas; de bhrí gur minic a bhíonn dúshláin dhéimeagrafacha roimh na limistéir sin amhail dídhaonrú leanúnach, go háirithe i gceantair thuaithe, ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí, chomh maith le haosú agus imirce daoine oilte, mar aon le rochtain theoranta ar infheistíocht, bonneagar neamhleor, nascacht neamhleor agus bearna mhéadaitheach sa táirgiúlacht agus i ndeiseanna fostaíochta i gcomparáid le réigiúin níos dinimiciúla; de bhrí go bhfuil tacaíocht chuimsitheach agus straitéisí sonracha ath-thiontaithe ag teastáil uathu chun deiseanna a dhéanamh de na dúshláin sin;

R.

de bhrí go mbraitheann éifeachtacht straitéisí um aistriú cóir ar úsáid chomhleanúnach agus straitéiseach ionstraimí airgeadais an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cur chuige críochach agus áitbhunaithe a choinneáil do na Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil i ndearadh straitéisí ón mbun aníos do na críocha a chumhdaítear leis an gclár;

S.

de bhrí gur cheart an cúnamh teicniúil d’údaráis phoiblí faoi CUAC, InvestEU agus faoin tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí – arb ionann iad agus trí cholún an tsásra um Aistriú Cóir – a neartú;

T.

de bhrí nach mór an próiseas iarratais do CUAC a shimpliú, a chuíchóiriú agus a dhéanamh níos solúbtha chun inrochtaineacht níos leithne a áirithiú agus chun imscaradh níos tapúla agus níos éifeachtaí acmhainní a chumasú; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach nósanna imeachta a shimpliú chun tionchar CUAC a uasmhéadú, go háirithe do réigiúin bheaga agus d’údaráis áitiúla a bhfuil acmhainneacht riaracháin theoranta acu, agus chun a áirithiú go sroichfidh an tacaíocht na pobail agus na hoibrithe is mó a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh ar bhealach tráthúil;

Díriú ar limistéir ina gcailltear poist

1.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar thogra ó na Ballstáit, i gcomhpháirtíocht leis na réigiúin agus leis na húdaráis áitiúla, bunú criosanna eacnamaíocha speisialta CUAC a éascú do limistéir a ndéanann dúnadh suíomhanna difear dóibh, go dtí go ndéanfar formhór na bpost a chailltear go háitiúil a ionadú sa limistéar áitiúil, agus rochtain tosaíochta ar chistiú á tabhairt ar dtús do láithreacha a bhfuil tionchar díreach orthu i ngaireacht ghinearálta an limistéir inar cailleadh poist, chomh maith le limistéir eile, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis go n-éilíonn tionchar díreach nó indíreach na gcaillteanas sin rochtain ar CUAC; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé critéir shóisialta amhail rátaí dífhostaíochta áitiúla, éiginnteacht shocheacnamaíoch agus rioscaí méadaithe eisiaimh shóisialta a chur san áireamh freisin, lena n-áiritheofar go mbeidh an téarnamh eacnamaíoch faoi stiúir an phobail agus inbhuanaithe;

2.

á iarraidh go dtabharfaí isteach cinntí pleanála níos tapúla mar aon le bearta speisialta, ionstraimí airgeadais agus dreasachtaí sna criosanna sin, lena n-áirítear dreasachtaí cánach sealadacha agus spriocdhírithe do ghnólachtaí agus d’infheistíochtaí, ar choinníoll nach mbainfidh siad an bonn de chobhsaíocht an mhargaidh aonair; á athdhearbhú gur féidir leis na bearta sin poist a chruthú, deiseanna a chur ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí sna réigiúin sin agus tacú le hoibreoirí eacnamaíocha, agus tosaíocht á tabhairt do FBManna, do mhicrifhiontair agus dóibh siúd a oibríonn gnólachtaí traidisiúnta áitiúla agus teaghlaigh, lena bhfeabhsaítear an fhorbairt réigiúnach agus an t-iomaíochas;

3.

á chur i bhfáth go bhfuil sé d’acmhainn ag criosanna eacnamaíocha speisialta borradh a chur faoin infheistíocht agus faoin bhfás i réigiúin, amhail na criosanna eacnamaíocha speisialta a bunaíodh ag Aerfort na Sionainne i gContae an Chláir, Éire in 1959, agus in Katowice, réigiún na Siléise, an Pholainn in 1996; á áitiú, áfach, nach mór na sásraí sin a rialú le rialacha diana chun a áirithiú go sroichfidh na tairbhí eacnamaíocha pobail áitiúla go héifeachtach, go gcoiscfear aon chineál dumpála sóisialta nó fioscaí, sciúrtha airgid agus imghabhála cánach, agus go mbeidh siad faoi réir critéir dhiana maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil, agus tosaíocht á tabhairt do ghnólachtaí áitiúla, go háirithe FBManna agus micrifhiontair;

4.

á iarraidh go n-áireofaí réigiúin oileánacha mar limistéir incháilithe chun rátaí cánach laghdaithe a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú chriosanna eacnamaíocha oileánacha CUAC, agus é mar aidhm aghaidh a thabhairt ar an gcostas maireachtála atá díréireach ard sna críocha sin, rud atá níos measa fós mar gheall ar thionchair an aistrithe ghlais agus an aistrithe fuinnimh; á chur i bhfáth go bhfuil bearta fioscacha den sórt sin bunriachtanach chun inmharthanacht eacnamaíoch phobail na n-oileán a fheabhsú, chun tacú le gnólachtaí áitiúla agus chun infheistíocht inbhuanaithe a mhealladh; á thabhairt chun suntais gur féidir le dreasachtaí cánach spriocdhírithe a bheith ina n-uirlis éifeachtach chun gníomhú in aghaidh threocht leanúnach dhídhaonrú na n-oileán, chun cruthú post a chur chun cinn agus chun geilleagair áitiúla athléimneacha fhéinchothaitheacha a chothú, agus aistriú cothrom agus cuimsitheach i dtreo na haeráidneodrachta á áirithiú ag an am céanna;

Oideachas, oiliúint oibrithe agus printíseachtaí

5.

á chur i bhfios go bhfuil cistí AE (Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus, go háirithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA)) agus CUAC á n-úsáid chun cur le hinfheistíochtaí na réigiún éagsúil san oideachas luath-óige;

6.

á athdhearbhú go bhfuil stair shuntasach agus uasal ag go leor réigiún a chumhdaítear le CUAC maidir le cláir oiliúna agus phrintíseachta, atá bunriachtanach chun oibrithe a athsciliú agus chun freagairt d’éilimh nua mhargadh an tsaothair freisin; á chur i bhfios go láidir gur cheart tosaíocht a thabhairt dá leanúint ar aghaidh; á iarraidh go mbeadh cistiú ann laistigh de CUAC chun tacú le rochtain ar dheiseanna oiliúna agus printíseachta, go háirithe do mhná, do dhaoine óga agus do phobail imeallaithe;

7.

á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht ag gach leibhéal oideachais agus oiliúna i limistéir atá buailte, lena n-áirítear trí scileanna glasa agus digiteacha, litearthacht agus uimhearthacht bhunúsach, chomh maith le scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM), a chomhtháthú i gcláir oiliúna, i gcomhréir leis na teachtaireachtaí ón gCoimisiún le déanaí maidir le hAontas na Scileanna, leis an bPlean Gníomhaíochta um Bunscileanna agus leis an gcreat straitéiseach d’oideachas ETIM; á áitiú a thábhachtaí atá cistiú chun bunscileanna digiteacha agus teicniúla a neartú chun infhostaitheacht agus iomaíochas a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cistiú leormhaith ón Aontas Eorpach le haghaidh teagaisc do leanaí agus do mhic léinn a thagann ó na limistéir atá buailte, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais don mheánoideachas agus don ardoideachas;

8.

á chur i bhfáth go gcuireann an ganntanas múinteoirí speisialaithe leis na bearnaí scileanna in earnálacha straitéiseacha agus go mbaineann sé an bonn d’iomaíochas eacnamaíoch na réigiún beagfhorbartha; á iarraidh go bhforbrófaí cláir spriocdhírithe chun tarraingteacht ghairm na múinteoireachta a fheabhsú, go háirithe in ETIM, trí dhreasachtaí eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha, go háirithe i réigiúin a ndéanann an t-aistriú difear dóibh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé acmhainní sonracha a leithdháileadh ar oiliúint nuálach múinteoirí agus oiliúnóirí, chomh maith le scileanna digiteacha oideolaíocha a fhorbairt, ar scileanna iad atá bunriachtanach chun oibrithe a ullmhú d’aistrithe tionsclaíocha; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun feabhas a chur ar thuarastal agus ar dhálaí oibre múinteoirí chun oideoirí cáilithe a mhealladh agus a choinneáil, go háirithe i limistéir atá i mbun aistrithe, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá acu maidir leis an lucht saothair a ullmhú do riachtanais thionsclaíocha amach anseo; á iarraidh ar an gComisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-infheistíochtaí in oiliúint oiliúnóirí agus múinteoirí chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos fearr as cistiú agus go mbainfear an leas is fearr as na torthaí scileanna a fhaigheann mic léinn agus oibrithe i réigiúin bheagfhorbartha;

9.

á iarraidh, agus aitheantas á thabhairt d’infheistíochtaí a rinneadh cheana féin i bprintíseachtaí, go n-úsáidfí sciar suntasach de na cistí oideachais sna réigiúin atá buailte le haghaidh printíseachtaí agus gairmoiliúint atá i gcomhréir le riachtanais an phobail áitiúil ina gcailltear poist, trí chláir phrintíseachta ardcháilíochta, lena n-áiritheofar go gcuirfear luach saothair leordhóthanach, dálaí oibre cuibhiúla agus oiliúint ardcháilíochta ar fáil leis na cláir sin;

10.

á chur i bhfáth gurb é an beartas comhtháthaithe an fhreagairt cheart ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha, agus go bhfuil a ról thar a bheith tábhachtach anois i bhfianaise bhagairt an díthionsclaithe; á iarraidh go mbeadh comhordú níos fearr ann idir CUAC, CSE+ agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun a dtionchar ar ath-imlonnú agus athsciliú oibrithe a ndéanann athstruchtúrú tionsclaíoch difear dóibh a uasmhéadú; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí cistiú CSE+ a dhíriú níos mó ar bhonn réigiúnach, faoi threoir cur chuige il-leibhéil, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus go mbeadh sineirgí níos mó agus níos fearr ann idir CSE+ agus CUAC, go háirithe maidir le hoideachas agus oiliúint; ag aithint freisin an ról ríthábhachtach atá ag an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir le tacú leis an aistriú cóir agus gur gá leanúint den chomhar idir an infheistíocht phoiblí agus an infheistíocht phríobháideach a neartú;

11.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an beartas comhtháthaithe, lena n-áirítear CUAC, a ailíniú le straitéisí nuálaíochta réigiúnacha agus le tosaíochtaí speisialtóireachta cliste chun iomaíochas réigiúnach a fheabhsú agus chun tacú le héagsúlú eacnamaíoch agus le hathléimneacht na limistéar atá ag athrú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar limistéir ina bhfuil meath déimeagrafach agus tosaíocht a thabhairt do limistéir atá buailte thar na limistéir sin nach ndéanann an t-aistriú difear dóibh sna critéir roghnúcháin do thionscadail atá incháilithe do mhaoiniú CUAC, rud a mhéadóidh scór na dtionscnamh fiontraíochta atá lonnaithe go cruinn díreach i mbardais a ndéanann dúnadh earnálacha ar mór a lorg carbóin difear dóibh, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh torthaí nithiúla mar thoradh ar an dreasacht sin; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go rannchuideoidh na cistí atá ar fáil faoi STA le tacú leis an bpróiseas aistrithe sna críocha atá i gceist;

12.

ag aithint go bhfuil ról lárnach ag an tionscal gluaisteán san Aontas Eorpach, lena n-áirítear maidir le fostaíocht a ghiniúint ar fud réigiúin éagsúla; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach an earnáil gluaisteán a áireamh i raon feidhme an aistrithe chóir, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann leis an iomaíocht dhomhanda san aistriú chuig leictrea-shoghluaisteacht agus i bhfianaise thionchar na mbacainní trádála nach bhfuil údar leo; á chur i bhfáth go bhfuil gá le beartais spriocdhírithe lena dtugtar tosaíocht d’athsciliú oibrithe agus le tionscnaimh atá dírithe ar shamhail eacnamaíoch na réigiún ina bhfuil tionscal suntasach gluaisteán a éagsúlú;

13.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur freagairt riachtanach í an ghairmoiliúint ar chlaochlú eacnamaíoch na réigiún; á chur i bhfáth gur gá cláir ghairmoiliúna agus athscilithe uaillmhianacha agus spriocdhírithe a bhunú, trí CUAC, do chuardaitheoirí poist agus d’oibrithe a ndéanann na haistrithe eacnamaíocha difear díreach dóibh, chun cosc a chur ar theacht chun cinn dífhostaíochta struchtúraí fadtéarmaí; á áitiú gur gá cistiú a leithdháileadh do na cláir sin sna pleananna críochacha um aistriú cóir;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit, leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le ceardchumainn agus le gnólachtaí áitiúla chun a áirithiú go dtabharfar aird ar leith ar an bhféidearthacht d’oibrithe a chaill a bpost páirt a ghlacadh i gcláir fostaíochta agus oiliúna a fhaigheann tacaíocht ó CSE+ nó i gcláir eile arna gcistiú ag an Aontas Eorpach ina bpobail;

15.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cláir phrintíseachta agus oiliúna a fhorbairt do limistéir a ndéanann an t-aistriú difear dóibh, i gcomhar le gnólachtaí áitiúla, institiúidí oideachais, ionaid oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil, comhpháirtithe sóisialta agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus riarachán poiblí, chun deiseanna agus taithí fhiúntach a chur ar fáil do mhic léinn agus d’oibrithe dífhostaithe laistigh dá bpobail agus chun a ‘gceart fanachta’ a chosaint;

16.

á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn cláir éifeachtacha athoiliúna agus uas-scilithe pleanáil agus ullmhú leormhaith i bhfad sula gcuirfear deireadh de réir a chéile leo nó sula ndéanfar aon athrú tionsclaíoch suntasach; ag tabhairt dá haire nach mór oiliúint agus athoiliúint oibrithe agus cuardaitheoirí poist, uas-sciliú, athsciliú agus oideachas ar feadh an tsaoil a dhéanamh ar bhealach lena n-áiritheofar nach ndéanfar dearmad ar aon duine, gan beann ar a n-earnáil oibre, ar an gcineál conartha, ar inscne nó ar shuíomh geografach, ar an mbealach i dtreo aistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais Eorpaigh; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun réamhaíocht agus pleanáil réamhghníomhach riachtanas scileanna a éascú agus chun na cearta sin a áirithiú do na hoibrithe uile a ndéantar difear dóibh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha ‘Comhairlí Scileanna Áitiúla’ nó comhlachtaí il-gheallsealbhóra comhchosúla a bhunú, a bhfuil sé de chúram orthu bearnaí scileanna áitiúla a dhiagnóisiú, riachtanais scileanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a thuar, agus comhairle a thabhairt maidir le hinfheistíochtaí spriocdhírithe faoi CUAC agus CSE+;

17.

á mholadh go gcruthófaí sásra réigiúnach chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar scéimeanna printíseachta, ina mbeadh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach: údaráis áitiúla, fostóirí, institiúidí oideachais agus daoine óga; á chreidiúint go bhfágfadh sé sin go bhféadfaí straitéisí oiliúna a choigeartú go tapa d’éilimh an mhargaidh saothair agus don aiseolas díreach ó rannpháirtithe, agus ar an gcaoi sin inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht printíseachtaí a áirithiú san fhadtéarma;

18.

á chur i bhfios go bhfuil ganntanas scileanna agus saothair roimh na réigiúin a ndéanann an t-aistriú éiceolaíoch difear dóibh, agus go bhfuil géarchéim tithíochta agus plódú i gceantair uirbeacha i roinnt mhaith áiteanna san Eoraip; á mholadh go gcruthófaí clár tithíochta inacmhainne sna réigiúin sin agus ag tabhairt dá haire gur cheart don chlár sin daoine óga a mhealladh, rud a chuirfeadh le hathbheochan eacnamaíoch agus sóisialta na limistéar sin;

19.

ag spreagadh na mBallstát chun ráthaíochtaí tithíochta, scéimeanna comh-mhaireachtála, agus tacaíocht chíosa do phrintísigh agus do mhic léinn a chomhtháthú i dtionscadail CUAC agus CSE+, go háirithe i réigiúin ina bhfuil rátaí arda dífhostaíochta i measc na hóige nó i réigiúin ina bhfuil meath déimeagrafach;

20.

á iarraidh go ndéanfaí cuid de na cistí comhtháthaithe a leithdháileadh go sonrach chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe na dteaghlach is ísle ioncam agus ar na foirgnimh leis an éifeachtúlacht fuinnimh is lú, ós rud é go bhfágfaí ar lár san aistriú glas iad murach sin;

Plean um Poist ar Ardchaighdeán

21.

ag tabhairt dá haire nár cuireadh san áireamh go leordhóthanach san Aistriú Cóir sainiúlachtaí phróifílí éagsúla na n-oibrithe agus na bpobal a ndéantar difear dóibh; ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur oth léi, nár cruthaíodh roghanna malartacha oibre séasúraí, mar fhoinse ioncaim bhreise d’oibrithe agus mar dheis ioncaim do mhic léinn;

22.

á thabhairt chun suntais an dífhostaíocht agus an dífhostaíocht i measc na hóige, go háirithe i roinnt mhaith réigiún, ceantar tuaithe agus Ballstát; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hinrochtaineacht ar thithíocht, iompar agus oideachas inacmhainne, agus le cuimsiú na nglúnta óga, go háirithe ó theaghlaigh ar ioncam íseal;

23.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá maoiniú bord ardoideachais agus oiliúna a chomhlánú chun a áirithiú go ndéanfar athoiliúint nó athsciliú ar oibrithe atá ag smaoineamh ar a bpróifíl ghairmiúil a athrú nó a bhfuil a bpost caillte acu, go háirithe mná agus iad siúd atá os cionn 50 bliain d’aois; á mholadh gur cheart do CUAC deiseanna athoiliúna, athscilithe agus oideachais a chur ar fáil freisin do bhaill neasteaghlaigh na n-oibrithe a ndéantar difear dóibh laistigh de ghaireacht dá gceantair áitiúla;

24.

ag tabhairt rabhaidh, i gcás cuid de na tionscail atá dúnta, nó atá á ndúnadh, go dtairgeann siad dálaí saothair os cionn an mheáin eacnamaíoch, lena n-áirítear pá níos airde, liúntais riosca agus árachas sláinte d’oibrithe agus dá dteaghlaigh; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil gá le cistiú sealadach faoi chreat CUAC chun an difríocht idir sochair dhífhostaíochta agus na tuarastail nua a chúiteamh, lena bhféadfar aistriú níos réidhe a dhéanamh agus lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí conarthacha uile a glacadh roimhe sin;

25.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin treochlár um poist ar ardchaighdeán a mholadh faoi dheireadh 2025, arna fhorbairt i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun aistriú cóir a áirithiú do chách; á mheabhrú gur cheart go dtacódh an treochlár le pá cóir, ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta, dálaí maithe oibre, oiliúint agus aistrithe córa poist d’oibrithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe, go háirithe trí chumhdach cómhargála a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart don treochlár tús áite a thabhairt do bhainistiú aistrithe mar phríomhthosaíocht agus go n-áireofaí ann tograí a ghabhann leis lena dtacaítear go nithiúil le hoibrithe;

26.

á chur i bhfáth gur gá ‘conarthaí sóisialta’ a thabhairt i gcrích do na hearnálacha eacnamaíocha atá ag dul faoi phróiseas an aistrithe chóir agus ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún lena bhformheas gan mhoill; á chur i bhfáth gur cheart na conarthaí sóisialta sin a bheith bunaithe ar dhiagnóis stuama agus ar réamhaisnéisí eacnamaíocha, tacú le cómhargáil agus le hurraim do chearta oibrithe, agus sainiúlachtaí na réigiún lena mbaineann a chur san áireamh; ag tacú le sásraí cosanta sóisialta a chruthú d’oibrithe a ndéanann aistrithe tionsclaíocha agus fuinnimh difear díreach dóibh, lena n-áirítear ioncam aistrithe agus síntí spriocdhírithe ar shochair dhífhostaíochta; á iarraidh go mbeadh treoir ann maidir leis an aistriú cóir i saol na hoibre lena leagtar amach creat reachtach chun a áirithiú go gcruthófar poist ar ardchaighdeán sna réigiúin atá buailte ag an aistriú; á spreagadh go gcruthófaí grúpaí oibrithe i dtionscail a ndéanann an t-aistriú difear dóibh, rud a chuirfidh ar chumas iarfhostaithe tairbhe dhíreach a bhaint as athnuachan eacnamaíoch réigiúnach;

27.

á iarraidh ar an gCoimisiún bunú cláir oiliúna sóisialta a éascú d’oibrithe dífhostaithe scothaosta, go háirithe mná agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach nach bhfuil in ann athoiliúint a dhéanamh agus poist nua a fháil, lena n-áiritheofar go dtabharfar tacaíocht dóibh go dtí go rachaidh siad ar scor chun caighdeán maith maireachtála a ráthú dóibh; á chur i bhfáth gur gá ról na mban a neartú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn;

28.

á chur i bhfáth nach mór do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do rochtain ar thalamh atá faoi úinéireacht stáit agus gur cheart dóibh, i gcás inar féidir, foirgnimh agus sócmhainní eile a aisghabháil, a athshlánú agus a athchuspórú, amhail seansaoráidí tionsclaíocha agus suíomhanna mianadóireachta, do thionscadail nua arna gcistiú faoi chreat CUAC, lena n-áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh, athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh, nó ationsclú glas; á chur i bhfáth gur cheart go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún formhaoirseacht agus faireachán ar an bpróiseas sin;

Cur chun feidhme agus rialachas

29.

á chur i bhfáth nach bhfuil aistriú na réigiún atá incháilithe do thacaíocht CUAC curtha i gcrích go fóill agus go mbeidh tacaíocht shonrach fós ag teastáil ó na réigiúin sin chun dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla a bhaineann leis an aistriú fuinnimh amach anseo; á mheas gur gá bearta a ghlacadh chun uasghlacadh na gcistí sin a áirithiú, lena n-áirítear trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, sásraí tacaíochta agus comhairleacha a chur ar bun chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla rochtain a fháil ar na hinfheistíochtaí is gá agus iad a úsáid go rathúil, agus réamh-mhaoiniú a mhéadú do na húdaráis áitiúla;

30.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil eis-sreabhadh leanúnach oibrithe óga agus oilte ag roinnt réigiún de chuid an Aontais mar gheall ar athruithe déimeagrafacha agus ar an imirce, agus go bhfuil tionchar ar leith á imirt ar cheantair thuaithe agus intíre, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá naisc láidre thuaithe-uirbeacha chomh maith le tacaíocht spriocdhírithe do mhná i gceantair thuaithe; á mheabhrú go ndéanann na leibhéil imirce agus dídhaonraithe sin difear tromchúiseach d’iomaíochas, d’fhás eacnamaíoch, do shlándáil bia, do tháirgiúlacht agus d’inbhuanaitheacht na réigiún a ndéantar difear dóibh;

31.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil laghdú mór tagtha le blianta beaga anuas ar leibhéil leordhóthanacha cistiúcháin náisiúnta ó na Ballstáit do na réigiún is boichte iontu; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé prionsabal an Aontais maidir leis an mbreisíocht a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis náisiúnta aird chuí ar chomhtháthú inmheánach agus tionscadail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta á ndréachtú agus á gcur chun feidhme acu;

32.

ag glacadh leis gur faoi na Ballstáit atá sé próiseas CUAC a chur chun feidhme, ach á iarraidh go mbeadh ról níos láidre ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena n-áiritheofar go mbeidh straitéisí cistiúcháin ailínithe le riachtanais shonracha na bpobal a ndéanann an t-aistriú difear dóibh agus go mbeidh siad comhsheasmhach le hinfheistíochtaí faoi chistí straitéiseacha eile atá nasctha leis an aistriú cóir; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar iarratais a shimpliú agus raon feidhme an chiste a leathnú ionas go mbeidh réigiúin agus earnálacha eile a ndéantar difear comhionann dóibh in ann tairbhe a bhaint as CUAC; á chur i bhfios go láidir gur gá don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoirlínte soiléire a thíolacadh maidir le saincheisteanna cur chun feidhme chun dlús a chur le leithdháileadh cistí agus le cur chun feidhme éifeachtúil thionscnaimh CUAC;

33.

á chreidiúint gur cheart don Choimisiún paraiméadair shoiléire a leagan amach a bheadh le saothrú ag gach Ballstát i réimsí amhail infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint, uas-sciliú agus athsciliú oibrithe le haghaidh fostaíochta malartaí, agus a chur ar chumas infheisteoirí tríú páirtí an cultúr agus na traidisiúin a bhaineann le hiar-réigiúin ghuail agus mhóna a chaomhnú, chomh maith le cabhrú le glanadh na gceantar truaillithe timpeall na suíomhanna eastósctha; ag spreagadh malartú fios gnó agus dea-chleachtas idir réigiúin atá i mbun aistrithe; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh sineirgí ann le tionscnaimh, amhail Bauhaus Eorpach Nua, maidir le tionscadail lena ndéantar seansaoráidí tionsclaíocha a athchuspórú ina n-ionaid shóisialta agus chultúrtha;

34.

ag aithint an easnaimh chistithe do thionscadail scála ón mbun aníos; á mholadh go líonfadh na bearnaí sin trí leanúint ar aghaidh CUAC nuair a shainaithnítear gá; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht theicniúil thiomnaithe ó CUAC a chur ar fáil do réigiúin, d’údaráis áitiúla agus do ghrúpaí pobail ó na céimeanna is luaithe chun a n-acmhainneacht maidir le pleanáil ón mbun aníos a neartú agus chun cabhrú le tairbhithe féideartha tionscadail ardcháilíochta a bhfuil tionchar acu a ullmhú;

35.

ag aithint nach bhfuil dóthain cistiú meaitseála do ghrúpaí san earnáil dheonach atá ag déanamh iarratas ar CUAC, agus ag iarraidh sásra cistiúcháin simplithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé réamh-mhaoiniú leordhóthanach a dheonú de níos mó ná leath den chostas caipitil nó cuid shubstainteach den tionscadal do ghrúpaí a mheastar riosca íseal a bheith ag baint leo, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go seachnóidh na grúpaí sin rátaí arda úis agus táillí arda le haghaidh maoiniú meaitseála agus idirlinne, agus ar an gcaoi sin eagraíochtaí áitiúla deonacha agus pobail a chumhachtú chun tionscadail a bhaineann leis an aistriú a chur i gcrích go héifeachtach;

36.

á iarraidh go gcuirfí dlús leis na sineirgí idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ionas gur féidir leo dul i ngleic le próiseas an aistrithe le chéile, rud a réiteoidh an bealach chun na críocha atá i gceist a thiontú go táirgiúil;

37.

á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar diúltach ag na rialacha maidir leis an státchabhair ar ghrúpaí deonacha agus seachbhrabúsacha; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, an ról ríthábhachtach atá ag eintitis an gheilleagair shóisialta maidir le freagairtí nithiúla pobalbhunaithe a chur ar fáil do riachtanais shóisialta shaoránaigh an Aontais agus maidir le tacú le réitigh chuimsitheacha duinelárnacha le haghaidh aistriú cóir; á mheas go bhféadfaí na rialacha maidir leis an státchabhair a mhaolú, faoi choinníollacha a bhfuil údar cuí leo, i gcás grúpaí deonacha agus seachbhrabúsacha a mheastar go bhfuil riosca íseal ag baint leo; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, oibriú leis na Ballstáit ionas gur féidir comhsheasmhacht agus soiléireacht níos mó a bheith ann maidir le léirmhíniú rialacha maidir leis an státchabhair a mhéid a bhaineann siad le grúpaí pobail agus seachbhrabúsacha;

38.

á thabhairt chun suntais gur gá samhail fheabhsaithe leasa pobail a fhorbairt, a bheidh saincheaptha do gach réigiún an aistrithe chóir; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis bhainistíochta, chuige sin, sciar d’acmhainní CUAC a leithdháileadh chun tacú le scéimeanna pobail glasa a bhunú, nuálaíocht shóisialta agus an geilleagar sóisialta, go háirithe trí chomharchumainn fuinnimh saoránach a chistiú, trí thionscadail rannpháirtíochta áitiúla maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus trí thionscnaimh lena gcuirtear geilleagar ciorclach áitiúil chun cinn; ag tabhairt dá haire gur cheart cead a thabhairt d’iar-oibrithe agus dá dteaghlaigh infheistíocht a dhéanamh sna tionscadail sin nó páirt a ghlacadh iontu, agus ar an gcaoi sin an nasc idir an t-aistriú glas agus an cuimsiú sóisialta a neartú;

39.

á athdhearbhú gur cheart go mbainfeadh tionscadail chomhoibríocha nó tionscadail faoi stiúir an phobail a bhaineann le tithíocht tairbhe as rochtain shimplithe ar chistiú CUAC, lena n-áirítear trí thairseacha cómhaoinithe níos ísle agus réamhíocaíochtaí; á iarraidh go soláthrófaí treoir do na Ballstáit maidir le gníomhaithe tithíochta a chumasú chun rochtain a fháil ar chistí;

40.

á iarraidh go laghdófaí ualach riaracháin CUAC ar phobail, trí bhainisteoirí speisialaithe ‘praiticiúla’ a chruthú agus trí ionad ilfhreastail agus ardáin dhigiteacha leormhaithe a fhorbairt chun tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil maidir le hiarratais a láimhseáil agus na tionscadail a bhainistiú a luaithe a roghnófar iad, lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain chomhionann ag na pobail sin ar chistiú, agus ar an gcaoi sin cuidiú le haghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha;

41.

á iarraidh ar CUAC tacú le hoidhreacht chultúrtha agus thionsclaíoch na bpobal a ndéantar difear dóibh, í a thabhairt chun suntais agus í a chaomhnú trí fhorbairt inbhuanaithe turasóireachta a chur chun cinn; á spreagadh go mbunófaí cláir oiliúna thiomnaithe do threoraithe oidhreachta chun fostaíocht áitiúil agus leanúnachas cultúrtha a chothú agus chun tacú le hionaid cuairteoirí agus spásanna léirmhíniúcháin a chruthú ina léirítear stair áitiúil, traidisiúin agus aistear claochlaithe na réigiún sin, agus ar an gcaoi sin fostaíocht áitiúil a chruthú agus féiniúlacht chultúrtha a chaomhnú agus turasóireacht chultúrtha agus oideachais á mealladh ag an am céanna;

42.

á chur i bhfios go láidir an tábhacht straitéiseach a bhaineann le ‘ceart fanachta’ na ndaoine ina réigiúin nó ina gceantair áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte sonracha a eisiúint maidir le conas an prionsabal sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh agus a réigiún; á iarraidh go ndéanfaí é sin a chomhtháthú níos láidre mar phrionsabal trasearnála i mbeartais uile an Aontais Eorpaigh, ionas go dtacóidh siad le cuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh, mar a leagtar amach sna Conarthaí;

Ceartas sóisialta roimh an aistriú don gheilleagar ina iomláine

43.

á chur i bhfios go láidir an ról lárnach atá ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais Eorpaigh a bhaint amach agus borradh a chur faoi gheilleagar an Aontais trí rannchuidiú le haistriú agus forbairt chóir, chuimsitheach agus inbhuanaithe, cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta idir tíortha agus réigiúin a chur chun cinn, agus nuálaíocht agus fostaíocht a chothú; á chur in iúl gur oth léi, mar gheall ar sholúbthacht theoranta an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) reatha, go ndeachaigh an Coimisiún i muinín beartas comhtháthaithe a atreorú, beartas nach uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna é ach ar baineadh leas as arís agus arís eile chun easnaimh sa tsolúbthacht bhuiséadach nó i sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna in CAI a chúiteamh, rud a chuaigh chun dochair dá chuspóirí beartais fadtéarmacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe;

44.

á chreidiúint go bhfuil athruithe sa tírdhreach geopholaitiúil, mar aon le tosca eile, ina gcúis le hathruithe ollmhóra ar fheidhmiú gheilleagar an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh CUAC de ról cinntitheach a bheith aige i bpróiseas an dícharbónaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar na hamscálaí chun príomhghníomhaithe fuinnimh san Aontas Eorpach a dhúnadh, agus tionchar na ndúnadh sin a mhaolú, lena n-áiritheofar ‘ceartas sóisialta i mbun aistrithe’ d’oibrithe;

45.

á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar an ngá atá le naisc leictreachais a chur chun cinn, le hacmhainneacht óstála eangaí a mhéadú agus le córais stórála fuinnimh a neartú, mar chomhpháirteanna riachtanacha d’aistriú éifeachtach fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun forálacha Threoir (AE) 2019/944 (19) a bhaineann le pobail fuinnimh saoránach a chur chun feidhme go hiomlán, agus bearta sonracha á soláthar chun teaghlaigh leochaileacha a chosaint ar bhochtaineacht fuinnimh i réigiúin CUAC; á chreidiúint, sa chomhthéacs sin, gur cheart tacaíocht a thabhairt do bhonneagar glas áitiúil faoi stiúir an phobail agus do thionscadail fuinnimh in-athnuaite, amhail suiteálacha gréine, gaoithe agus hidreachumhachta, chomh maith le hiompar inbhuanaithe, lena spreagtar geilleagair áitiúla, lena gcuirtear acmhainneacht mhór ar fáil chun poist áitiúla a chruthú san earnáil tógála, san innealtóireacht, sa chothabháil agus i dtionscail ghaolmhara;

46.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na Ballstáit chun idirphlé sóisialta earnála agus cómhargáil a chur chun cinn, go háirithe i dtionscail ghlasa nua atá ag teacht chun cinn, agus chun a áirithiú freisin go gcuirfear gnólachtaí beaga agus meánmhéide san áireamh, lena n-áirítear fiontair an gheilleagair shóisialta; á chur i bhfáth gur deis iontach í an Treoir maidir le Pá Íosta (20) chun cómhargáil maidir le socrú pá agus láithreacht na gcomhpháirtithe sóisialta in earnálacha atá ag teacht chun cinn a neartú;

47.

á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag infheistíochtaí i seirbhísí poiblí ardcháilíochta maidir le hathléimneacht shóisialta a chothú agus déileáil le géarchéimeanna eacnamaíocha, go háirithe i réigiúin atá thíos le dúshláin thromchúiseacha bhuana nádúrtha agus dhéimeagrafacha; á thabhairt chun suntais gur gá tosaíocht a thabhairt go sonrach d’infheistíochtaí i mbonneagar bunúsach, i seirbhísí sóisialta agus sa turasóireacht inbhuanaithe, agus i líonraí lóistíochta agus nascacht, lena n-áirítear modhanna iompair inbhuanaithe, agus é mar aidhm athléimneacht agus nuálaíocht a chothú, agus fás cuimsitheach á chur chun cinn ag an am céanna, poist nua á gcruthú agus tionscadail ghnó nua á ndéanamh inmharthana i gcríocha a ndéantar difear dóibh;

48.

á iarraidh ar an gCoimisiún díriú, go háirithe, ar oileáin agus ar na réigiúin is forimeallaí chun tacú leo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe chuig spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais Eorpaigh agus chuig geilleagar aeráidneodrach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus oibriú leis na Ballstáit chun méideanna sonracha óna leithdháiltí náisiúnta a chur in áirithe faoi chuimsiú a bpleananna críochacha um aistriú cóir; á iarraidh go ndéanfaí bearta cúiteacha nithiúla lena bhfritháireofar iarmhairtí diúltacha do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach na n-oileán sa phróiseas chun aistriú chuig geilleagar agus sochaí níos glaine a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar a spleáchas ar na hearnálacha eitlíochta agus muirí; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí tosaíocht a thabhairt d’oileáin i bhforbairt bonneagair atá dírithe ar an aeriompar agus ar an muiriompar a dhícharbónú;

49.

á chur in iúl gur oth léi nár mhol an Coimisiún Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) neamhspleách i dtograí uaidh le déanaí maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a bheidh ann amach anseo; á iarraidh, dá bhrí sin, go leanfaí le CUAC trí CUAC ‘II’, don chlárthréimhse tar éis 2027 chun tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail chun aistriú a dhéanamh, agus chun acmhainneacht idirghabhála a chumasú a bheidh i gcomhréir le tionchair shocheacnamaíocha, fostaíochta, dhéimeagrafacha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna fuinnimh 2030 an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go bhfeidhmeodh an ciste sin faoi phrionsabal na bainistíochta comhroinnte agus prionsabal na comhpháirtíochta, faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe, agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh a leithdháileadh buiséid intuartha féin aige, lena n-áiritheofar a neamhspleáchas ó ionstraimí urghnácha freagartha ar ghéarchéimeanna, amhail NextGenerationEU;

50.

ag tathant ar an gCoimisiún ionstraimí airgeadais faoi CAI tar éis 2027 a chuíchóiriú agus a ailíniú, lena n-áiritheofar cur chuige comhleanúnach agus comhordaithe chun tacú le straitéisí um aistriú cóir trí CUAC ‘II’; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí raon feidhme CUAC ‘II’ a leathnú, i gcomhréir le tograí ó na Ballstáit, le bearta atá le cur i bhfeidhm go dtí go ndéanfar poist a chailltear go háitiúil a ionadú sa limistéar áitiúil, agus gur cheart é a dhíriú ar an bhforbairt inbhuanaithe a thabhairt chun réitigh leis an iomaíochas, lena n-áiritheofar go mbeidh rath eacnamaíoch ar réigiúin atá i mbun aistrithe gan a spriocanna comhshaoil agus sóisialta a chur i mbaol; á chur i bhfáth go bhfuil gá le pleananna do limistéir aistrithe chóir lena nglactar cur chuige réamhghníomhach chun na próisis chlaochlaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a réamh-mheas freisin agus lena n-áirítear gealltanas soiléir maidir le tionscnaimh um athghiniúint straitéiseach agus um fhorbairt a fhorbairt, agus béim ar leith á leagan ar fhorbairt fiontar agus ar chruthú post sna réimsí is mó a ndéanann dúnadh saoráidí táirgthe breoslaí iontaise difear dóibh; á thabhairt chun suntais go bhfuil solúbthacht áirithe ag na Ballstáit maidir lena gconair i dtreo an dícharbónaithe, i gcomhréir le spriocanna comhaontaithe an Aontais Eorpaigh, agus an pheirspictíocht theicneolaíoch agus eacnamaíoch á cur san áireamh, agus ag brath ar riachtanais áitiúla agus réigiúnacha;

51.

á chur i bhfáth gur gá critéir leithdháilte níos beaichte agus teorannú raon feidhme críochach na gcistí a bheith i bhfeidhm, chun díriú go sonrach ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha, faoi leibhéal riaracháin NUTS 3 (21). á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go sroichfidh na cistí na réigiúin a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach difear ar leith dóibh mar gheall ar chineál earnála a ngeilleagair, nó mar gheall ar dhúnadh suiteálacha ar mór a lorg carbóin, agus nach bhfuil infheistíochtaí comhchruinnithe i lárionaid uirbeacha mhóra limistéar NUTS 3 amháin; á chur i bhfáth a phráinní atá sé táscairí críochacha agus déimeagrafacha a chomhtháthú freisin i leithdháileadh chistí CUAC, amhail aosú an daonra, imirce amach na hóige, laghdú leanúnach ar an daonra agus dídhaonrú agus tionchar na fostaíochta neamhbhuaine;

52.

á chreidiúint go bhfuil an creat dea-rialachais ríthábhachtach chun an t-aistriú cóir a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le dearadh, cur chun feidhme agus faireachán éifeachtach chláir an Aontais Eorpaigh a áirithiú, i bhfianaise a ghaire atá siad do na saoránaigh agus i bhfianaise a dtuiscint dhomhain ar riachtanais chríochacha; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé seasamh le prionsabal na comhpháirtíochta agus leis an gcód iompair Eorpach maidir le comhpháirtíocht, agus béim a leagan ar an gcur chuige áitbhunaithe, chun rannpháirtíocht iomlán na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú i rialachas, i roghnú agus i bhfaireachán na dtionscadal cistithe, i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060;

°

° °

53.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.


(1)   IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj.

(2)   IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.

(3)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1056/oj.

(4)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj.

(5)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj.

(6)   IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj.

(7)   IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj.

(8)   IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj.

(9)   IO C 494, 8.12.2021, lch. 26.

(10)   IO C 15, 12.1.2022, lch. 125.

(11)   IO C 493, 27.12.2022, lch. 48.

(12)   IO C 125, 5.4.2023, lch. 100.

(13)   IO C, C/2024/4224, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4224/oj.

(14)   IO C, C/2024/4225, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4225/oj.

(15)   IO C, C/2024/4166, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4166/oj.

(16)   IO C, C/2024/6562, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6562/oj.

(17)   IO C, C/2024/7058, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7058/oj.

(18)   IO C, C/2025/285, 24.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/285/oj.

(19)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú), (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).

(20)  Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach, (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj).

(21)  Aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh – leibhéal 3.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1473/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top