Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0174

P10_TA(2025)0174 — Soláthar Poiblí — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 maidir le Soláthar poiblí (2024/2103(INI))

IO C, C/2026/1470, 9.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1470/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1470/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1470

9.4.2026

P10_TA(2025)0174

Soláthar Poiblí

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 maidir le Soláthar poiblí (2024/2103(INI))

(C/2026/1470)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 3(3) de,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 114(151) agus 156 de,

ag féachaint do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (1),

ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (2).

ag féachaint do Threoir 2007/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena leasaítear Treoir 89/665/CEE agus Treoir 92/13/CEE ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar éifeachtacht na nósanna imeachta athbhreithnithe a bhaineann le conarthaí poiblí a dhámhachtain (3) (an Treoir maidir le Leigheasanna),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta — IPI) (4),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht) (5) agus do Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin) (6),

ag féachaint do bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 30 Eanáir 2020 i gCás C-395/18, Tim SpA – Direzione e coordinamento Vivendi SA v Consip SpA, Ministero dell’Economia e delle Finanze  (7),

ag féachaint do bhreithiúnais CBAE le déanaí maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí eachtracha i nósanna imeachta soláthair phoiblí AE, eadhon breithiúnais an 22 Deireadh Fómhair 2024 i gCás C-652/22, Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret AȘ v Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave  (8)agus an 13 Márta 2025 i gCás C-266/22, CRRC Qingdao Sifang Co. Ltd, Astra Vagoane Călători SA v Autoritatea pentru Reformă Feroviară, Alstom Ferroviaria SpA  (9),

ag féachaint do Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais 2012,

ag féachaint do chlár oibre 2025 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla (COM(2025)0045),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2024 dar teideal ‘ 2024 European Semester - Spring Package’ [Seimeastar Eorpach 2024 - Pacáiste an Earraigh] (COM(2024)0600),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal ‘ FBM needs analysis in Public Procurement’ [Anailís ar riachtanais FBManna sa Soláthar Poiblí] (2021), (10)

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘ Building an economy that works for people: an action plan for the social economy’ [Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar sóisialta] (COM(2021)0778),

ag féachaint do choinbhinsiún C94 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair de 1949 maidir le Clásail Saothair (Conarthaí Poiblí),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal ‘ Making Public Procurement work in and for Europe’ [An soláthar poiblí a chur ag obair san Eoraip agus don Eoraip] (COM(2017)0572),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 4 Nollaig 2024 dar teideal ‘Réigiúin na hEorpa a dhíon ar thurraingí: an athléimneacht eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach a neartú i bhforbairt straitéiseach an Mhargaidh Aonair’  (11),

ag féachaint do thuarascáil speisialta 28/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 4 Nollaig 2023 dar teideal ‘Soláthar poiblí san Aontas Eorpach – Níos lú iomaíochta maidir le conarthaí a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhisí sna 10 mbliana roimh 2021’ (Tuarascáil speisialta CIE),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 28/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Feabhas a chur ar iomaíocht chothrom éifeachtach le haghaidh conarthaí soláthair phoiblí de chuid an Aontais a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhísí’  (12),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2020 maidir le straitéis nua do FBManna Eorpacha (13),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Iúil 2023 maidir le staid FBManna an Aontais (14),

ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 dar teideal ‘ Implementation and best practices of national procurement policies in the Internal Market’ [Cur chun feidhme agus dea-chleachtais na mbeartas náisiúnta um sholáthar sa Mhargadh Inmheánach] (COM(2021)0245),

ag féachaint do staidéar ón bParlaimint an 24 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘ The social impact of public procurement’ – Can the EU do more? ’ [Tionchar sóisialta an tsoláthair phoiblí — An féidir leis an Aontas níos mó a dhéanamh?] (15),

ag féachaint do thuarascáil ón Údarás Eorpach Saothair i mí na Bealtaine 2024: ‘ Evaluating policy responses to prevent undeclared work in public procurement contracts’ [Meastóireacht ar fhreagairtí beartais chun cosc a chur ar obair neamhdhearbhaithe sa soláthar poiblí],

ag féachaint do na tuarascálacha ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘ The future of European competitiveness’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi) agus ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘ Much more than a market’ [I bhfad níos mó ná margadh] (tuarascáil Letta),

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A10-0147/2025),

A.

de bhrí gurb ionann an soláthar poiblí agus thart ar 14 % d’olltáirgeacht intíre AE agus go bhfeidhmíonn sé mar ionstraim thábhachtach don fhás eacnamaíoch, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), don nuálaíocht, don inbhuanaitheacht agus don chomhtháthú sóisialta, agus chun tionscal áitiúil agus poist ardcháilíochta a chur chun cinn in AE agus chun tacú leis an aistriú i dtreo slabhraí soláthair agus samhlacha gnó athléimneacha, lena n-áirítear i slabhraí fochonraitheoireachta;

B.

de bhrí go bhfuil rialtais áitiúla agus réigiúnacha, agus iad ar na hinfheisteoirí agus na húdaráis chonarthacha is mó in AE, ag éirí níos srianta de réir a chéile de dheasca rialacha diana AE agus náisiúnta, ceanglais agus nósanna imeachta dlíthiúla casta agus ualaí riaracháin díréireacha, agus, ag an am céanna, go bhfuil ganntanas leanúnach acmhainní airgeadais, pearsanra cáilithe agus saineolais theicniúil rompu – go háirithe ar leibhéal na mbardas agus na réigiún beag – rud is minic a fhágann gur gá príomhchúraimí a sheachfhoinsiú chuig eintitis sheachtracha, rud is cúis le brú airgeadais breise agus moilleanna nós imeachta;

C.

de bhrí gur féidir le soláthar poiblí éifeachtaí seach-iarmhartha a spreagadh a mhéadaíonn an t-éileamh ar earraí agus seirbhísí inbhuanaithe ar fud an mhargaidh ina iomláine, agus gur féidir leis tacú le príomhmhargadh a chruthú;

D.

de bhrí go raibh sé d’aidhm ag athchóiriú 2014 nósanna imeachta a shimpliú, trédhearcacht agus an comhrac i gcoinne an éillithe a fheabhsú, rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta nuálacha a chur chun cinn agus cuspóirí straitéiseacha soláthair a chomhtháthú trí chur chuige deonach, ach go bhfuil dúshláin fós ann maidir le trédhearcacht, éifeachtúlacht, úsáid agus ailíniú níos leithne critéar neamhphraghais, rochtain ar shonraí agus cuíchóiriú an fhorfheidhmithe, chomh maith le calaois agus éilliú a chosc;

E.

de bhrí gur tugadh isteach le hathchóiriú 2014 critéir na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch (MEAT) chun úsáid critéar cáilíochtúil amhail breithnithe comhshaoil agus sóisialta a dhreasú agus conarthaí poiblí á ndámhachtain; de bhrí gur tugadh le fios i dTuarascáil Speisialta CIE go raibh sciar mór de chonarthaí fós á ndámhachtain ar bhonn chritéar na tairisceana is ísle in 2021, agus ar an mbonn sin amháin; de bhrí gur dhámh 20 Ballstát níos mó ná 50 % dá dtairiscintí poiblí bunaithe ar phraghas amháin in 2023, agus níos mó ná 80 % dá dtairiscintí poiblí dáfa ag 10 mBallstát bunaithe ar phraghas amháin;

F.

de bhrí gur thángthas ar an gconclúid i dTuarascáil Speisialta CIE go raibh laghdú tagtha ar an leibhéal iomaíochta le haghaidh conarthaí poiblí ó 2014 i leith, agus i bhformhór na mBallstát gur tháinig méadú fiú ar mhinicíocht an chritéir dámhachtana sin bunaithe ar an tairiscint is ísle le linn na tréimhse faoi athbhreithniú;

G.

de bhrí go bhfuil tairseacha soláthair AE do sholáthairtí, do sheirbhísí agus d’oibreacha foirgníochta fós beagnach gan athrú ó 1994 i leith; de bhrí go bhfuil na tairseacha sin, a choigeartaítear do phraghsanna an mhargaidh, ag laghdú go leanúnach i dtéarmaí réadacha; de bhrí, mar thoradh air sin, nach mór líon méadaitheach conarthaí níos lú a thairiscint anois ar leibhéal AE trí nósanna imeachta is minic ar nósanna imeachta fada agus casta iad;

H.

de bhrí gur chinn an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) ‘nuair a úsáidtear an tairiscint is ísle mar an t-aon chritéar roghnúcháin amháin, go mbíonn méadú ar an riosca go ndéanfar obair neamhdhearbhaithe mar gheall ar an mbrú ar chostais saothair’; de bhrí gur thug ELA dá aire freisin go ‘[n]Aithnítear go forleathan, má thugtar tosaíocht do chritéar na tairisceana is ísle sa soláthar poiblí, go bhféadfaí timpeallacht a chruthú inar dóchúla go dtarlódh sáruithe ar dhlí an tsaothair mar gheall ar bhrú chun costas a chiorrú agus maoirseacht neamhleor a dhéanamh; d’fhéadfadh sé go mbeadh critéar an phraghais is ísle ina spreagadh do chonraitheoirí oibriú sa gheilleagar neamhdhearbhaithe chun costais a laghdú, agus rialacháin saothair a sheachaint’;

I.

de bhrí go léirítear sa tuarascáil chríochnaitheach ón gCoimisiún dar teideal ‘FBM needs analysis in public procurement’  (16) [Anailís ar riachtanais FBManna sa soláthar poiblí] gur gá fós cleachtais soláthair phoiblí a shoiléiriú, a shimpliú agus a chaighdeánú, agus sainiúlachtaí agus córais riaracháin éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh ag an am céanna;

J.

de bhrí go bhfuil soláthairtí díreacha trasteorann fós teoranta do 5 % (17) de na conarthaí soláthair uile, rud a léiríonn gurb ann fós do bhacainní ar iomaíocht trasteorann agus ar rochtain ar an margadh agus nósanna imeachta casta; de bhrí nach gcuirtear san áireamh leis an bhfigiúr sin rannpháirtíocht fochuideachtaí eile de chuid na mBallstát sa tír ina dtarlaíonn an nós imeachta soláthair;

K.

de bhrí go dtugann an Coimisiún chun suntais roinnt éiginnteachtaí dlíthiúla maidir le soláthar poiblí nuálaíoch atá freagrach go sóisialta a chur chun cinn (18); de bhrí go n-áirítear leis na héiginnteachtaí dlíthiúla sin, i measc nithe eile, deacrachtaí maidir le breithnithe sóisialta a nascadh le hábhar conartha;

L.

de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag Uachtarán an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat soláthair phoiblí d’fhonn a bheith in ann ‘tús áite a thabhairt do tháirgí Eorpacha sa soláthar poiblí le haghaidh earnálacha straitéiseacha ar leith’ (19);

M.

de bhrí gur cheart go ndíreodh an t-athbhreithniú ar threoracha soláthair phoiblí ar chritéir cháilíochtúla a spreagadh, nósanna imeachta soláthair a chuíchóiriú agus an luach is fearr ar airgead na gcáiníocóirí a áirithiú; de bhrí, mar sin féin, nach mór cineál sonrach earnálacha agus tionscal éagsúil agus spriocanna sonracha na n-údarás conarthach a chur san áireamh i rialacha soláthair phoiblí, ag aithint go bhféadfadh sé nach mbeadh cur chuige aonfhoirmeach maidir le bearta rialála, amhail téarmaí íocaíochta, oiriúnach do gach earnáil, agus go bhfuil gá le forálacha saincheaptha i rialacháin earnáilsonracha chun a áirithiú go mbeidh na creataí foriomlána soláthair ailínithe le réaltachtaí oibríochtúla agus airgeadais tionscalsonracha; de bhrí gur cheart tairiscintí rathúla a roghnú i gcomhréir leis na cinn a mheasann an t-údarás conarthach aonair a bheith ar an réiteach is fearr ó thaobh an gheilleagair de i measc na dtairiscintí a chuirtear isteach chun díriú ar cháilíocht agus solúbthacht níos fearr sa soláthar poiblí a spreagadh;

N.

de bhrí go leanann an soláthar poiblí de bheith ina uirlis neodrach agus nós imeachta, lena rialaítear an chaoi a gceannaíonn údaráis phoiblí earraí agus seirbhísí, seachas na cinn a cheannaíonn siad;

O.

de bhrí, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le ceannasacht thionsclaíoch na hEorpa agus an gá atá le poist agus fios gnó Eorpach a chaomhnú agus a neartú, gur cheart an soláthar poiblí a úsáid mar mhórluamhán straitéiseach chun cruthú breisluacha laistigh den Aontas a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin athléimneacht thionsclaíoch agus inbhuanaitheacht shlabhraí soláthair na hEorpa a fheabhsú;

P.

de bhrí gur cheart cead a bheith ag údaráis chonarthacha san Aontas tosaíocht a thabhairt do thairiscintí lena n-áirítear cion suntasach den bhreisluach a tháirgtear laistigh den Aontas;

Q.

de bhrí gur féidir le húsáid critéar inbhuanaitheachta rannchuidiú le spriocanna comhshaoil AE a bhaint amach, ar choinníoll go bhfuil na critéir sin sainithe go soiléir, go bhfuil siad comhréireach, agus nach gcuireann siad srian ar údaráis chonarthacha agus a riachtanais soláthair iarbhír á gcomhlíonadh acu;

R.

de bhrí go bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha i gcomhthéacsanna éagsúla áitiúla agus margaidh agus nach mór dóibh an tsaoirse a choinneáil chun ábhar, raon feidhme agus tosaíochtaí straitéiseacha an tsoláthair a shainiú i gcomhréir lena riachtanais agus lena n-acmhainneachtaí iarbhír; de bhrí nach mór prionsabal na comhréireachta agus na coimhdeachta a choimirciú in aon chur chuige ar leibhéal AE maidir le soláthar inbhuanaithe;

S.

de bhrí gur gá muinín sa soláthar poiblí a threisiú; de bhrí go mbaineann easpa trédhearcachta agus cothroime i nósanna imeachta soláthair, lena n-áirítear ábhair imní maidir le fabhraíocht, critéir roghnúcháin dhoiléire, sásraí formhaoirseachta neamhleora agus eisiamh agus smachtbhannaí neamhleora, an bonn ón muinín as conraitheoireacht phoiblí agus go gcruthaíonn sé deiseanna don éilliú; de bhrí go bhféadfadh an róspleáchas ar chritéar na tairisceana is ísle brú anuas a chur ar cháilíocht na seirbhísí agus ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre i gcásanna áirithe agus go bhféadfadh tionchar díobhálach eacnamaíoch fadtéarmach a bheith aige ar údaráis soláthair; de bhrí go raibh cásanna ann inar dámhadh conarthaí in éagmais iomaíocht iarbhír agus le teimhneacht agus easpa rialaithe sheachtraigh éifeachtaigh ar na critéir roghnúcháin, rud lena leagtar béim ar an ngá práinneach atá le prionsabail na trédhearcachta, an chomhionannais agus na dlíthiúlachta a neartú ag gach céim de nósanna imeachta soláthair phoiblí;

T.

de bhrí go mbíonn deacrachtaí suntasacha ag gnólachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna, maidir le rochtain a fháil ar mhargaí soláthair phoiblí idirnáisiúnta mar gheall ar bheartais chaomhnaitheacha i dtíortha nach de chuid an Aontais iad, agus go bhfuil ceann de na margaí soláthair is oscailte ar domhain á choinneáil ag an Aontas, rud a fhágann go bhfuil míbhuntáistí iomaíochta éagóracha ann do chuideachtaí AE; de bhrí, sa bhreis ar bheartais chaomhnaitheacha, gur minic a dhéantar iomaíocht chóir a shaobhadh trí fhóirdheonú táirgí ó rialtais tíortha nach de chuid an Aontais iad, trí bhearta idirdhealaitheacha agus trí easpa cómhalartachta agus deimhneachta dlíthiúla;

U.

de bhrí gur chuir an tAontas an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta agus an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha (20) lena bhosca uirlisí cosanta trádála le déanaí chun cómhalartacht a chur chun cinn maidir le rochtain ar mhargaí soláthair phoiblí idirnáisiúnta agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí agus táirgí an Aontais; de bhrí go mbeadh feidhm ag ceanglais chomhshaoil, shóisialta, saothair agus díchill chuí maidir le hoibreoirí eacnamaíocha tíortha nach de chuid an Aontais iad i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, (21)2014/24/AE, 2014/25/AE agus (AE) 2024/1760 (22) agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais;

V.

de bhrí nár shínigh comhaltaí uile EDT Comhaontú 2012 na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Soláthar Rialtais go fóill agus nach n-áirítear sa leagan is déanaí de, i measc nithe eile, na caighdeáin saothair agus chomhshaoil dhomhanda a glacadh ó tugadh i gcrích é, ná sásra coigeartaithe boilscithe nuashonraithe;

W.

de bhrí go soiléirítear le breithiúnais CBAE maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí eachtracha i nósanna imeachta soláthair phoiblí de chuid AE (Cás C-652/22 agus C-266/22) nach bhfuil rochtain shlán ar mhargadh soláthair AE ag tairgeoirí eachtracha ó thíortha nach bhfuil comhaontú iltaobhach, ilpháirtithe nó déthaobhach tugtha i gcrích acu; de bhrí gur athdhearbhaigh CBAE inniúlacht eisiach AE sa réimse sin agus gur dheimhnigh sé, in éagmais comhaontuithe den sórt sin, go bhféadfaidh údaráis chonarthacha, i gcomhréir le dlí AE, na tairgeoirí sin a theorannú nó a eisiamh – staid a bhféadfadh cleachtais náisiúnta éagsúla a bheith mar thoradh uirthi;

X.

de bhrí go bhfuil athrú ar thrádáil idirnáisiúnta agus ar dhinimic eacnamaíoch nua mar thoradh ar mhéadú ar theannas geopholaitiúil, rud a fhágann go bhfuil spleáchais straitéiseacha nua ag teacht chun cinn arna spreagadh ag comhchruinniú allmhairí agus ag inionadaitheacht theoranta allmhairí, agus go bhfuil rioscaí ag baint leis do chobhsaíocht na slabhraí soláthair; de bhrí go n-éilítear leis sin úsáid fheabhsaithe agus straitéiseach a bhaint as soláthar poiblí chun tacú le geilleagar AE agus lena acmhainneacht athléimneachta, spleáchais dhíobhálacha a laghdú agus a neamhspleáchas straitéiseach a neartú;

Y.

de bhrí gur cheart do bheartais soláthair phoiblí iomaíochas agus nuálaíocht na hEorpa a chur chun cinn;

Z.

de bhrí gur critéar dámhachtana tábhachtach é critéar na tairisceana is ísle i bhformhór na dtairiscintí in AE – i roinnt Ballstát cuirtear i bhfeidhm é i suas le 95 % (23) de chásanna nó uaireanta is é an t-aon chritéar é fiú i gcéimeanna tairisceana agus dámhachtana nós imeachta soláthair araon; de bhrí go dtugann ELA le fios, i dtuarascáil uaidh ó mhí na Bealtaine 2024 – go háirithe in earnálacha diansaothair a bhfuil ról ceannasach ag costais foirne chun iontu – gur féidir le spleáchas ar chritéar na tairscinte is ísle cur le tarlú na hoibre neamhdhearbhaithe agus go bhféadfadh sé an bonn a bhaint ó cháilíocht seirbhíse nó táirgí, ó inbhuanaitheacht agus ó chaighdeáin shóisialta; (24) de bhrí go ndéanann ionadaithe FBManna agus daoine ó FBManna a chuirtear faoi agallamh a thuairisciú arís agus arís eile go ndéanann údaráis chonarthacha neamhaird den chlásal sóisialta cothrománach, agus iad ag tabhairt le fios nach ndéanann siad conarthaí a dhámhachtain ach ar bhonn na tairisceana is ísle amháin, rud a spreagann tairiscintí thar a bheith íseal agus a dhíspreagann rannpháirtíocht tairgeoirí a chomhlíonann dlíthe agus cleachtais saothair;

AA.

de bhrí go ndeimhnítear le breithiúnas CBAE i gCás C-395/18 gur prionsabal ceangailteach atá sna ceanglais in Airteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE lena leagtar síos nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha oibleagáidí a bhaineann leis an dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair a chomhlíonadh, i bhfeidhmiú conarthaí poiblí, ar an gcaoi chéanna leis na prionsabail eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, mar atá, cóir chomhionann, neamh-idirdhealú, trédhearcacht agus comhréireacht; de bhrí go soiléirítear sa bhreithiúnas freisin go bhféadfaidh na Ballstáit sáruithe ag fochonraitheoirí a chur san áireamh agus forais eisiaimh á gcinneadh acu, ar choinníoll go n-urramaítear prionsabal na comhréireachta go docht;

AB.

de bhrí gur príomhuirlis é an soláthar poiblí chun tacú go gníomhach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, cuimsitheach agus cothrom agus gur féidir é a úsáid chun ceartas sóisialta agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn; de bhrí gur cheart a mholadh d’údaráis chonarthacha cuspóirí leas an phobail a shaothrú trí sholáthar, lena n-áirítear cuimsiú sóisialta, poist ardcháilíochta, comhdheiseanna, comhtháthú críochach agus tacaíocht do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta;

AC.

de bhrí gur gá aistriú ó chur chuige atá bunaithe ar chostas amháin go cur chuige lena ndéantar athléimneacht agus luach sóisialta agus comhshaoil a mheas freisin, lena n-áirítear trí urraim a thabhairt don chómhargáil agus do chearta bunúsacha saothair, chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an tsoláthair phoiblí straitéisigh;

AD.

de bhrí go bhfuil fochonraitheoireacht ríthábhachtach d’iomaíocht chóir do FBManna agus dá gcumas brath ar shaineolas; de bhrí gur féidir leis éifeachtúlacht, nuálaíocht agus rannpháirtíocht FBManna sa soláthar poiblí a fheabhsú freisin; de bhrí, mar gheall ar dhébhríochtaí dlíthiúla agus forfheidhmiú lag, go bhféadfadh sraitheanna iomadúla fochonraitheoireachta cuntasacht a laghdú, rioscaí sáruithe ar dhlí an tsaothair a mhéadú agus bac a chur ar fhorfheidhmiú éifeachtach;

AE.

de bhrí nach mór bearta láidre cibearshlándála, réamhriachtanais idir-inoibritheachta agus ardáin dhigiteacha atá éasca le húsáid agus comhchuibhithe le haghaidh aighneachtaí soláthair a bheith ag gabháil le digitiú méadaitheach na bpróiseas soláthair, agus trédhearcacht agus meaisín-inléiteacht a áirithiú chun críoch anailíseach; de bhrí gur féidir leis an digitiú, thairis sin, rannchuidiú le rochtain ar sholáthar poiblí a shimpliú do ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, chomh maith leis an ualach maorlathach ar údaráis chonarthacha bheaga a laghdú;

AF.

de bhrí, seachas seasamh ‘Eorpach amháin’ a ghlacadh, gur cheart do AE díriú ar an gcáilíocht is fearr is féidir, agus raon leathan dálaí á gcur i gcuntas, lena n-áirítear praghas, sábháilteacht, cáilíocht, inbhuanaitheacht, athléimneacht agus dálaí saothair; de bhrí gur cheart dó díriú freisin ar chomhpháirtíochtaí lena chomhghuaillithe daonlathacha a chur chun cinn;

AG.

de bhrí, in ainneoin chuspóir athchóiriú 2014, iarrachtaí chun rannpháirtíocht bhunriachtanach FBManna sa soláthar poiblí a chur chun cinn, go bhfuil a rannpháirtíocht teoranta go fóill mar gheall ar mhéideanna móra conarthaí, ceanglais dhíréireacha riaracháin, easpa sásraí tacaíochta saincheaptha a chuirfeadh ar a gcumas dul in iomaíocht go héifeachtach le heintitis níos mó, easpa soiléireachta i bhfógraí tairisceana agus moilleanna athfhillteacha íocaíochta;

AH.

de bhrí gur féidir le straitéisí soláthair timpeallacht eacnamaíoch a chur chun cinn atá fabhrach don fhás áitiúil, ag feabhsú rachmas pobail, cruthú post agus cobhsaíocht airgeadais fhadtéarmach, agus, ar an gcaoi sin, ag neartú, a mhéid is féidir, ról FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, i dtairiscintí poiblí;

AI.

de bhrí go mbunaítear le hAirteagal 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas prionsabal na gcomhdheiseanna fostaíochta i margaí saothair inrochtana agus cuimsitheacha; de bhrí, le Treoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí, gur féidir critéir shóisialta a ionchorprú i ndámhachtainí conartha, lena n-áirítear bearta lena dtacaítear le fostaíocht chuimsitheach agus lena dtugtar aghaidh ar eisiamh sóisialta; de bhrí, i straitéis 2021-2030 AE maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, go n-aithnítear conarthaí forchoimeádta faoi Threoir 2014/24/AE mar uirlis amháin i measc uirlisí eile chun caighdeáin inrochtaineachta a áirithiú;

AJ.

de bhrí go bhféadfadh cur i bhfeidhm chritéir MEAT, agus saolré táirgí agus tionchar ar an gcomhshaol á gcur san áireamh, tacú le cinntí réasúnacha agus fadtéarmacha maidir le soláthar poiblí;

AK.

de bhrí go mbíonn trasuí rialacha Eorpacha maidir le soláthar poiblí sa dlí náisiúnta neamhéifeachtach uaireanta, agus neamhréireachtaí sa chur chun feidhme, éiginnteacht dhlíthiúil agus bacainní ar rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha ann mar thoradh air; de bhrí, chun na bearnaí cur chun feidhme sin a chosc agus chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú, gur cheart creataí treorach mionsonraithe a bhunú chun cabhrú leis na Ballstáit na rialacha a thrasuí go héifeachtach;

AL.

de bhrí gur féidir le cláir chórasacha feidhmíochta conarthaí feabhas a chur ar chumas na n-údarás conarthach gníomhaithe mí-oiriúnacha a eisiamh go tapa ó phróisis soláthair, lena n-áirítear gníomhaithe atá nasctha le líonraí coiriúla agus le trasnaíocht eachtrach, dúshaothrú saothair a chosc agus feidhmíocht iontaofa conartha a fheabhsú; de bhrí go bhfuil idir-inoibritheacht éifeachtach agus inrochtaineacht trasteorann na gclár sin ar fud na mBallstát tábhachtach chun trédhearcacht a neartú, cistí poiblí a choimirciú, tacú leis an margadh inmheánach agus slándáil agus sláine an bhonneagair phoiblí chriticiúil agus na seirbhísí poiblí criticiúla a threisiú;

Cuspóirí straitéiseacha

1.

á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh soláthar poiblí Eorpach de bheith ina cholún bunriachtanach de mhargadh inmheánach a fheidhmíonn go cuí agus de gheilleagar níos leithne, agus go bhfuil gá le hathchóiriú uaillmhianach, spriocdhírithe chun leas a bhaint as a fhíoracmhainneacht, chun táirgeadh a spreagadh sna Ballstáit agus chun rannchuidiú le slabhraí soláthair athléimneacha, slána agus straitéiseacha; á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit an creat reachtach atá ann faoi láthair agus an creat reachtach athchóirithe a chur chun feidhme go comhchuibhithe; á iarraidh ar an gCoimisiún béim na spriocanna soláthair phoiblí a chuíchóiriú agus a shoiléiriú, lena n-áirítear na spriocanna sin don soláthar straitéiseach, trí shraith cuspóirí a bhunú a bheidh níos dírithe, níos inmharthana ó thaobh an gheilleagair de, níos beaichte agus ar lú an easaontacht eatarthu agus a bheidh soiléir, intomhaiste agus in ann tionchar inláimhsithe a imirt ar an margadh; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar chomhleanúnachas chun cur i bhfeidhm na rialacha ag údaráis chonarthacha a shimpliú, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil go leor nósanna imeachta soláthair rófhada, rud a chuireann moill ar infheistíocht bhunriachtanach; á chur in iúl, thairis sin, gur cheart don soláthar poiblí luach a thabhairt don phobal sa bhreis ar rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch chothrom ar fud an Aontais;

2.

á mheas go bhfuil an iomaíocht dhomhanda á múnlú níos mó agus níos mó, ní hamháin ag fórsaí an mhargaidh, ach freisin ag straitéisí tionsclaíocha faoi stiúir an stáit, lena n-áirítear fóirdheontais eachtracha, ró-acmhainneacht agus cleachtais soláthair idirdhealaitheacha, ar bagairt iad ar an mbonn a bhaint ó iomaíochas agus ó athléimneacht tháirgeoirí na hEorpa; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé athléimneacht straitéiseach agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa a threisiú trí fhorbairt tionscal criticiúil agus nuaghinte i bpríomhearnálacha a chur chun cinn; á aithint gur gá an margadh aonair agus uathriail straitéiseach an Aontais a neartú trí thosaíocht a thabhairt d’earraí agus do sheirbhísí Eorpacha in earnálacha straitéiseacha spriocdhírithe; ag tacú le féachaint ar an gcaoi ar féidir leis an soláthar poiblí a bheith ina uirlis spriocdhírithe chun éileamh ar tháirgí agus teicneolaíochtaí nuálacha agus inbhuanaithe de dhéantús na hEorpa a spreagadh, agus chun acmhainneacht thionsclaíoch a dhaingniú laistigh den Aontas; ag aithint, thairis sin, acmhainneacht chritéir inneachair nó athléimneachta an Aontais – má dheartar go comhréireach iad – chun tacú le slándáil fhadtéarmach an tsoláthair i réimsí íogaire; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór d’aon treoshuíomh straitéiseach a bheith fréamhaithe i gcónaí sa deimhneacht dhlíthiúil, sa trédhearcacht agus san iomaíocht chóir, agus ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, saobhadh gealltanas idirnáisiúnta nó coimhthiú comhpháirtithe straitéiseacha á seachaint;

3.

ag aithint mheastóireacht leanúnach an Choimisiúin maidir leis an athbhreithniú ar na creataí dlíthiúla do sholáthar poiblí an Aontais; á thabhairt chun suntais gur cheart go n-áireofaí sa phróiseas comhairliúcháin measúnú tionchair rialála lena n-urramaítear prionsabail an tsaormhargaidh agus gur cheart go mbeadh sé mar phríomhchuspóir aige breisluach a bhaint amach trí réitigh mhargadhbhunaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtaispeánfaí éifeacht na rialacha nua a d’fhéadfadh a bheith ann arb é is aidhm dóibh na cuspóirí agus na bearta soláthair inbhuanaithe agus sóisialta is gá a chur chun cinn chun iomaíocht chothrom agus éifeachtach a áirithiú, agus ag an am céanna deireadh a chur le bacainní riaracháin iomarcacha agus neamhriachtanacha agus forálacha rialála a chuíchóiriú a mhéid is féidir; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an tsolúbthacht maidir le cineál agus cuimsiú breithnithe straitéiseacha i nósanna imeachta soláthair phoiblí a chinneadh;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an t-athchóiriú ar an soláthar poiblí a ailíniú go hiomlán lena chuspóirí straitéiseacha arb é is aidhm dóibh maorlathas agus ualaí rialála a laghdú, simpliú, ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a choinneáil, forbairt eacnamaíoch áitiúil uaillmhianach a ráthú, rochtain do FBManna a chur chun cinn agus borradh a chur faoi iomaíochas agus slándáil an Aontais, dumpáil shóisialta a chosc agus ár gceannasacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch a chaomhnú, chun aghaidh a thabhairt ar spleáchais dhíobhálacha i ndáil le táirgí agus seirbhísí ríthábhachtacha áirithe; ag moladh i gcoinne bearta a d’fhéadfadh aon cheann de na prionsabail sin a chur i mbaol;

5.

ag meabhrú chuspóirí beartais comhsheasmhacha an Aontais a léirítear i rialacháin éagsúla, amhail inbhuanaitheacht, caighdeáin saothair, cearta an duine, nuálaíocht, athléimneacht agus ciorclaíocht, i gcomhthéacs an athchóirithe atá ar na bacáin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá dul i ngleic le rórialáil, cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann le linn an athchóirithe atá ar na bacáin, agus na príomhbhacainní ar sholáthar inbhuanaithe agus athléimneach a shainaithint agus a shárú, slándáil an tsoláthair a ráthú agus iomaíocht chothrom agus éifeachtach a áirithiú;

6.

á aithint, chun an soláthar poiblí a dhéanamh níos inrochtana do ghníomhaithe beaga, lena n-áirítear eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta a bhfuil baint acu leis an soláthar poiblí, agus go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, nach mór é a bheith d’aidhm ag leaganacha nuashonraithe de threoracha an 476 airteagal nó 907 leathanach dlí atá ann faoi láthair a laghdú agus nach mór dóibh leanúint de chineál nós imeachta a bheith acu, lena sonrófar conas seachas cad ba cheart a cheannach; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart solúbthacht leordhóthanach a choinneáil d’údaráis chonarthacha chun próisis soláthair a oiriúnú bunaithe ar a riachtanais shonracha, lena n-áiritheofar éifeachtúlacht agus an luach is fearr ar airgead;

7.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an iomaíocht idirnáisiúnta ag cur brú ar go leor earnálacha tionsclaíocha san Eoraip trí ró-acmhainneacht agus dumpáil praghsanna, agus ag dréim leis, dá bhrí sin, gur cheart, chomh maith le tionscnaimh ghlasa agus shóisialta a chur chun cinn, príomh-mhargaí a dhaingniú i dtairiscintí poiblí chun neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa i bpríomhearnálacha a neartú, agus tosaíocht á tabhairt do thairgeoirí Eorpacha laistigh de na hearnálacha sin;

8.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag aon athbhreithniú forfheidhmiú dlíthe soláthair amach anseo a neartú agus nach mór dó aghaidh a thabhairt ar chastacht na rialacha atá ann faoi láthair agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’údaráis chonarthacha; á chur i bhfios nach mór do rialacha soláthair prionsabal an neamh-idirdhealaithe a urramú agus soiléireacht a sholáthar maidir leis an nasc leis an ábhar, i gcomhréir leprionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na n-oibleagáidí faoi Chomhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais (GPA) agus i bhfianaise líon na ndlíthe earnáilsonracha;

9.

á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí suntasacha dlíthiúla agus riaracháin ann ar fud na mBallstát agus a gcóras soláthair, ó leibhéil éagsúla neamhspleáchais d’údaráis áitiúla go straitéisí soláthair éagsúla; ag aithint na dtairbhí a bhaineann le formáid na treorach, lena gceadaítear éagsúlacht den sórt sin agus comhleanúnachas dlíthiúil agus urraim fhrithpháirteach do chórais náisiúnta á n-áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ionstraim dlí is iomchuí i bhfianaise an athchóirithe atá le teacht;

10.

á athdhearbhú gur cheart airgead na gcáiníocóirí a chaitheamh leis an stuamacht agus leis an trédhearcacht is mó is féidir chun tairbhe na saoránach agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch, chun tacú leis an bhfás inbhuanaithe; á mheas gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an athbhreithniú ar na treoracha na cuspóirí a leagtar amach in 2014 a thabhairt chun críche agus dul in oiriúint do na dúshláin nua nach mór don Eoraip aghaidh a thabhairt orthu; á chreidiúint, dá bhrí sin, go bhfuil trí threoirphrionsabal – luach ar airgead thar an tsaolré iomlán, iomaíocht chóir agus bearta frithéillithe – fós bailí i gcomhthéacs an athchóirithe atá ar na bacáin agus nár cheart iad a chur i mbaol;

11.

ag aithint, sa chomhthéacs sin, cé gur féidir leis an soláthar poiblí a bheith ina uirlis úsáideach chun cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach, amhail nuálaíocht agus inbhuanaitheacht nó tacú le tionscail straitéiseacha san Eoraip atá bunriachtanach do shlándáil an aschuir thionsclaíoch agus na cobhsaíochta eacnamaíche, gur inneall é chun cúraimí a chomhlíonadh arb é a bpríomhfheidhm an luach is fearr a bhaint amach do chistí cánach poiblí agus, ar an gcaoi sin, soláthar éifeachtúil agus trédhearcach earraí agus seirbhísí a áirithiú;

12.

ag tathant ar an gCoimisiún, i bhfianaise an mhoillithe eacnamaíoch agus an fhiachais phoiblí atá ag dul i méid, measúnú cúramach a dhéanamh ar aon athruithe dlíthiúla a d’fhéadfadh srian breise a chur ar chumhacht ceannaigh na n-údarás conarthach agus teorainn a chur leis na díoltóirí atá ar fáil, ós rud é go bhféadfadh srianta den sórt sin an bonn a bhaint ar deireadh ó rochtain na saoránach ar sheirbhísí poiblí agus ar bhonneagar poiblí ar ardchaighdeán; á chur i bhfios go láidir nach mór aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le rialacha soiléire maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le táirgí agus le hoibreoirí eacnamaíocha ó thíortha nach bhfuil san Aontas; ag tabhairt rabhaidh, áfach, i gcoinne soláthar a úsáid chun críoch caomhnaitheachta; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, gur cheart go mbeadh tosaíocht Eorpach i gcomhréir le gealltanais an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála;

13.

á chur i bhfáth nár cheart go ndéanfadh bearta tacaíochta an chothroime iomaíochta a shaobhadh; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go bhfanfadh próisis soláthair phoiblí Eorpacha chomh hoscailte agus is féidir agus á áitiú nach mór dóibh leanúint de bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus dírithe ar an iomaíocht; á thabhairt chun suntais gur cheart inmharthanacht tráchtála fhadtéarmach a bheith ina treoirphrionsabal agus measúnú á dhéanamh ar theicneolaíochtaí le haghaidh infheistíocht phoiblí;

Na príomhdhúshláin

14.

á aithint go bhfuil neamhréireachtaí suntasacha fós ann idir na Ballstáit maidir le rialacha soláthair phoiblí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, lena ndíspreagtar tairiscintí trasteorann agus rannpháirtíocht gnólachtaí beaga agus fhiontair an gheilleagair shóisialta, rud a chruthaíonn éagothroime iomaíochta; ag cur sonrú i leibhéil éagsúla chur chun feidhme an tsoláthair phoiblí ghlais ar fud na mBallstát, agus gan ach aon trian díobh ag tabhairt isteach oibleagáidí ceangailteacha agus cineálacha cur chuige deonacha á roghnú ag an gcuid eile;

15.

ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs earraí agus seirbhísí a sholáthar agus i gcomhréir le struchtúir bhunreachtúla na mBallstát – go háirithe féinrialtas réigiúnach agus áitiúil a chosaint faoi Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach – go bhfuil sé de rogha ag na húdaráis áitiúla a chinneadh conas a riachtanais soláthair a chomhlíonadh; á mheabhrú go bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh earraí a sholáthar go hinmheánach, comhoibriú le heintitis phoiblí eile, nó dul i dteagmháil leis an margadh trí nósanna imeachta soláthair; á chreidiúint gur cheart saoirse agus neamhspleáchas na n-údarás poiblí a choimirciú agus a urramú;

16.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an iomaíocht sa soláthar poiblí le deich mbliana anuas, mar a cuireadh in iúl i dTuarascáil Speisialta CIE, rud a fhágann go bhfuil méadú tagtha ar líon na dtairiscintí le tairiscint aonair nó gan aon tairiscint; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, go gcinntear sa tuarascáil chéanna go gcuireann údaráis chonarthacha soláthar straitéiseach chun feidhme go pointe an-teoranta agus gur sciar an-teoranta de na nósanna imeachta a úsáideann critéir dhámhachtana seachas praghas; á aithint go bhfuil úsáid an tsoláthair phoiblí straitéisigh teoranta i gcónaí mar gheall ar easpa deimhneachta dlíthiúla maidir le léirmhíniú an cheanglais maidir le ‘nasc le hábhar an chonartha’ a chuirtear ar fáil d’údaráis chonarthacha agus an eagla atá orthu roimh dhlíthíocht dá thoradh sin;

17.

ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta soláthair ag éirí níos casta agus níos troime, rud a chruthaíonn bacainní riaracháin nach bhfuil gá leo lena ndíspreagtar raon éagsúil soláthróirí, lena n-áirítear soláthróirí trasteorann, ó bheith rannpháirteach, chomh maith le srian a chur ar iomaíocht agus a fhágann go mbíonn moilleanna ar sheachadadh tionscadal poiblí bunriachtanach; á chur i bhfáth go ndéanann na saincheisteanna sin difear d’údaráis chonarthacha phoiblí freisin, go háirithe rialtais áitiúla agus réigiúnacha níos lú; ag tabhairt rabhaidh go léirítear i dTuarascáil Speisialta CIE go bhfuil méadú tagtha ar fhad na nósanna imeachta riaracháin ó 2021 i leith; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil an easpa bonneagair dhigitigh idir-inoibrithigh d’ardáin soláthair fós ina bacainn ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna, rud a chuireann le neamhéifeachtúlachtaí agus le costais mhéadaitheacha;

18.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil trédhearcacht agus forfheidhmiú sa soláthar fós neamhleor, mar a léirítear le rátaí foilsithe atá íseal go leanúnach le haghaidh dámhachtainí conartha, inrochtaineacht theoranta ar shonraí soláthair agus rioscaí leanúnacha mí-úsáide, calaoise agus éillithe; á mheabhrú go mbaineann fabhar, critéir roghnúcháin dhoiléire nó chlaonta agus sásraí formhaoirseachta neamhleora le haghaidh forfheidhmiú agus smachtbhannaí an bonn ó mhuinín as conraitheoireacht phoiblí agus as cothroime; á chur i bhfáth gur gá oibleagáidí maidir le foilsiú agus bonn cirt treisithe do gach dámhachtain a bhunú trí nós imeachta idirbheartaithe gan glao roimh ré ar iomaíocht, chun íosleibhéal iomaíochta, inrianaitheachta agus rialaithe a ráthú, agus mí-úsáid eisceachtaí dlíthiúla á seachaint; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as arduirlisí agus ardáin dhigiteacha chun trédhearcacht agus cuntasacht i bpróisis soláthair phoiblí a mhéadú agus chun cleachtais éillithe a dhíspreagadh;

19.

ag tabhairt dá haire, faoi láthair, go bhfuil an rogha ag údaráis chonarthacha phoiblí tosca amhail nuálaíocht, athléimneacht, inbhuanaitheacht agus breithnithe sóisialta a mheas trí dhámhachtain, trí shonraíocht theicniúil nó trí chlásail feidhmíochta conartha, ar bhonn deonach agus ag brath ar a gcinneadh, mar a cheadaítear go sainráite le treoracha 2014; ag tabhairt dá haire, i gcásanna áirithe, go leantar de chonarthaí poiblí a dhámhachtain go príomha ar bhonn critéar maidir leis an bpraghas is ísle, agus mar gheall ar oiliúint neamhleor agus acmhainní airgeadais agus daonna freisin, lena gcuirtear srian ar údaráis soláthair tosca breise a mheas amhail nuálaíocht agus cóimheas idir praghas agus caighdeán, as a n-eascraíonn torthaí fadtéarmacha fo-optamacha atá mí-ailínithe le leasanna na saoránach; á chur i bhfáth go gcuireann spleáchas ar an gcritéar maidir leis an bpraghas is ísle teorainn le cumas na n-údarás conarthach costais oibríochtúla a chur san áireamh agus costáil saolré a chur i bhfeidhm;

20.

ag cur béim ar an bhfíoras go ndéanann castacht, critéir cháilithe iomarcacha agus ualach maorlathach méadaitheach na bpróiseas soláthair difear díréireach do FBManna, do ghnólachtaí áitiúla agus do chonraitheoirí náisiúnta, rud a dhíspreagann iad ó pháirt a ghlacadh agus, ar an gcaoi sin, éagsúlacht na dtairiscintí a laghdú agus an bonn a bhaint ó sholáthar inbhuanaithe agus nuálach; á thabhairt faoi deara go bhfuil deacrachtaí fós ag FBManna maidir le soláthar poiblí, in ainneoin sásraí náisiúnta agus Eorpacha a bhunú, go háirithe mar gheall ar mhoilleanna athfhillteacha ar íocaíochtaí i roinnt Ballstát, easpa soiléireachta agus inrochtaineachta i bhfógraí tairisceana náisiúnta agus Eorpacha, chomh maith le heaspa trédhearcachta i nósanna imeachta roghnúcháin na n-iarrthóirí, rud a chuireann leis an dearcadh go bhfuil na próisis doiléir;

21.

á mheabhrú gur cinneadh i dTuarascáil 2023 maidir le hAnailís Straitéiseach ar earnáil na tógála ón Údarás Eorpach Saothair agus ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (COM(2024)0320) gur féidir le slabhraí fochonraitheoireachta fada agus casta dúshláin iomadúla a chruthú d’údaráis forfheidhmithe saothair nuair a úsáidtear iad chun freagrachtaí dlíthiúla a éalú agus go bhféadfadh cuntasacht agus deacracht dhoiléir a bheith mar thoradh orthu maidir le comhlíonadh conarthaí soláthair phoiblí agus oibleagáidí saothair a áirithiú; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, nach gcuireann an treoir uirlisí leordhóthanacha ar fáil d’údaráis chonarthacha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar neamh-chomhlíonadh conarthaí poiblí, agus i gcásanna áirithe go gcuireann sí bac fiú ar údaráis ar mian leo bearta réamhghníomhacha a dhéanamh;

Réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu

22.

ag tabhairt dá haire go bhfuil éileamh láidir ann faoi láthair chun tairseacha soláthair phoiblí a nuashonrú i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar bhoilsciú agus ar chostais tógála in AE; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun méadú ar na tairseacha ar an leibhéal idirnáisiúnta a mholadh agus sásra a thabhairt isteach agus rátaí boilscithe á gcur san áireamh; á chur i bhfios go dtugann ardú na dtairseach níos mó neamhspleáchais agus deiseanna do na húdaráis chonarthacha conarthaí a dhámhachtain bunaithe ar riachtanais áitiúla; á chur i bhfios go bhfuil nósanna imeachta atá róchasta, a bhfuil ardleibhéal castachta teicniúla agus dlíthiúla mar shaintréith acu, mar aon le ceanglais riaracháin atá díréireach uaireanta le luach an chonartha, ar cheann de na príomhfhadhbanna in earnáil an tsoláthair phoiblí agus, dá bhrí sin, gur cheart go rachadh iarrachtaí an Choimisiúin níos faide ná luachanna tairsí a chaibidliú;

23.

ag tabhairt dá haire, cé go bhforáiltear do sholúbthacht le sé nós imeachta soláthair éagsúla, gurb annamh a úsáidtear cuid acu sin, amhail nósanna imeachta le haghaidh comhpháirtíochtaí nuálaíochta, mar gheall ar a gcastacht agus a mbacainní maorlathacha; á chreidiúint go bhféadfadh cuíchóiriú agus ailíniú a dhéanamh ar oibleagáidí tuairiscithe sonraí d’údaráis chonarthacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, chomh maith le ceanglais bhunúsacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, breisluach a sholáthar; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit anailís chórasach ar shonraí soláthair ar bhealach cuimsitheach agus struchtúrtha chun na bunchúiseanna atá le laghdú iomaíochta agus neamhéifeachtúlachtaí i bpróisis soláthair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;

24.

á mholadh go ndéanfaí idirdhealú níos soiléire idir údaráis chonarthacha agus gnóthais phoiblí; á chur i bhfios go láidir nach mór saoirse agus neamhspleáchas na n-údarás poiblí a choimirciú agus a urramú i gcónaí; ag cur béim ar an bhfíoras go n-aithnítear go sainráite in athchóiriú 2014 an ceart atá ag údaráis phoiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar agus a eagrú go neamhspleách trína n-institiúidí, a ngnólachtaí nó a ngnóthais phoiblí féin; á chur i bhfáth gur roghanna atá ar fáil iad seirbhísí a bheith á soláthar go díreach ag údaráis phoiblí nó áitiúla, soláthar inmheánach seirbhísí agus comhar poiblí-poiblí, agus gur cheart go leanfaidís de bheith ar fáil;

25.

á chur i bhfáth gur cheart rialacha soláthair do ghnóthais phoiblí a ailíniú níos fearr le cleachtais tráchtála agus an tsolúbthacht is mó is féidir a áirithiú chun srianta neamhriachtanacha, boilsciú costais agus moilleanna in earnálacha criticiúla amhail fuinneamh agus fóntais a chosc; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an tsaincheist sin sa mheasúnú tionchair atá le teacht;

26.

á mheabhrú, agus é ina ábhar imní di, gur fhulaing líon suntasach oibreoirí eacnamaíocha eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí mar gheall ar mhion-neamhrialtachtaí foirmiúla ina dtairiscintí, gan an deis a thabhairt dóibh lochtanna den sórt sin a leigheas, i nósanna imeachta oscailte agus idirbheartaithe araon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an cleachtas sin díobhálach do na hoibreoirí eacnamaíocha, a bhféadfadh go leor ama agus acmhainní a bheith infheistithe acu agus a dtairiscintí á n-ullmhú acu, agus do na húdaráis chonarthacha, a bhféadfadh iallach a bheith orthu critéir MEAT a eisiamh ar fhorais fhoirmiúla amháin; á chur i bhfáth go mbaineann foirmiúlacht dhocht den sórt sin an bonn ó éifeachtacht, ó éifeachtúlacht agus ó iomaíochas na nósanna imeachta soláthair phoiblí; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbunófaí prionsabal ginearálta lena gceadófaí mion-neamhrialtachtaí a thabhairt chun rialtachta nó a shoiléiriú, gan gá leis an tairiscint a chur ar ceal, ar choinníoll nach mbeidh modhnú substaintiúil ar an tairiscint i gceist leis sin, agus á áitiú gur cheart gurb é an prionsabal sin an riail seachas an eisceacht; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé níos mó solúbthachta a thabhairt isteach i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus deimhneacht dhlíthiúil á háirithiú d’údaráis chonarthacha, lena n-áirítear d’údaráis chonarthacha bheaga agus mheánmhéide;

27.

ag cur iomaíocht chóir chun cinn i measc tairgeoirí trína áirithiú go ndearfar critéir dhámhachtana agus iontrálaithe nua, agus gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus gnólachtaí nuálacha á gcur i gcuntas, lena gcothófar éagsúlacht sa mhargadh agus praghsáil iomaíoch;

Claochlú digiteach an tsoláthair phoiblí Eorpaigh

28.

á chreidiúint go láidir gur cheart go leanfadh an digitiú de bheith ina phríomhghné maidir le costais a ísliú agus soláthar poiblí a chuíchóiriú d’eintitis chonarthacha agus tairisceana, go háirithe eintitis an-bheag agus FBManna; á mholadh, áfach, chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na n-uirlisí digiteacha, nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart do reachtaíocht soláthair amach anseo digitiú a éascú agus a dhaingniú go sábháilte, seachas díreach na próisis analógacha fhadálacha atá ann faoi láthair a dhigitiú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh treoirlínte agus treoracha nuashonraithe, soiléire agus sonracha ag gabháil le hardáin soláthair phoiblí chun a áirithiú gur féidir le gach úsáideoir, gan beann ar a leibhéal taithí, na hardáin sin a nascleanúint agus a úsáid go héifeachtach; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht agus oiliúint mhéadaithe d’údaráis chonarthacha maidir le húsáid uirlisí digiteacha;

29.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige ‘tús áite don digitiú’ a ghlacadh san athbhreithniú ar chreat dlíthiúil soláthair phoiblí an Aontais; á mholadh go ndíreofaí go háirithe ar idir-inoibritheacht próiseas áirithe a uathoibriú agus a áirithiú, amhail trí aistriú chuig córas idirbheartbhunaithe ó chóras fógrabhunaithe atá as dáta, líon na bhfoirmeacha leictreonacha a laghdú agus an doiciméad aonair Eorpach um sholáthar agus eCertis a chomhtháthú i gcórais riaracháin agus ghnó níos leithne; á mheas go dtreiseoidh an t-aistriú sin an fhéidearthacht grinnscrúdú poiblí a dhéanamh sa phróiseas soláthair, go háirithe i bhfianaise na hacmhainneachta a bhaineann le teicneolaíochtaí suaiteacha amhail an intleacht shaorga; á chreidiúint go gcuirfeadh an t-aistriú sin chuig córais uathoibrithe atá bunaithe ar idirbhearta feabhas ar ghabháil sonraí fíor-ama, go ndéanfaí próisis soláthair a chuíchóiriú agus go bhféadfaí sonraí a úsáid ar bhealach níos fearr, rud a rachadh chun tairbhe do FBManna go háirithe;

30.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach ailtireacht sonraí soláthair uile-Aontais a bhunú le bailiú sonraí iontaofa struchtúrtha chun faisnéis níos fearr a spreagadh agus chun feidhmíocht soláthair a fheabhsú ar fud na mBallstát; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí phoiblí a chur chun cinn chun dlús a chur le seiceálacha ar chruinneas na gceanglas ag oibreoirí agus chun nach n-iarrfar faisnéis atá ar fáil cheana i mbunachair sonraí phoiblí éagsúla; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le Spás Eorpach Sonraí um Sholáthar Poiblí (PPDS); á mheas go bhféadfadh an tionscnamh seo trédhearcacht a fheabhsú agus tacú le mí-úsáid cistí, calaois agus éilliú a chosc, chomh maith le níos mó deiseanna soláthair a chruthú do FBManna agus a áirithiú go mbainfidh caiteachas poiblí luach níos fearr amach trí thacair sonraí soláthair Eorpacha agus náisiúnta a chomhcheangal; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar roghanna chun pas digiteach soláthair phoiblí a thabhairt isteach, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna, mar uirlis chun rannpháirtíocht FBManna sa soláthar poiblí a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá uirlisí reatha amhail ríomhfhoirmeacha, eTender, eCertis agus PPDS a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí chun imeacht ó phróisis analógacha i dtreo córais atá go hiomlán digiteach chun cinntí soláthair a dhéanamh níos cliste;

31.

ag tabhairt dá haire nár baineadh amach go hiomlán an cuspóir maidir le rannpháirtíocht gnóthas i soláthar poiblí a shimpliú agus a éascú le tabhairt isteach an doiciméid aonair Eorpaigh um sholáthar (ESPD), mar gheall ar dheacrachtaí oibríochtúla leanúnacha a leanann de rochtain cuideachtaí – go háirithe eintitis an-bheag agus FBManna – ar nósanna imeachta soláthair a dhéanamh níos casta; á iarraidh ar an gCoimisiún doiciméadacht chaighdeánach soláthair a chuíchóiriú agus a shoiléiriú, lena n-áirítear ESPD; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát féachaint ar an gcaoi ar féidir le córais soláthair comhéadan a dhéanamh le córais agus bunachair sonraí riaracháin dea-fheidhmiúla eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun feabhas a chur ar mhargadh inmheánach an Aontais;

32.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go bhforfheidhmeofar caighdeáin aonfhoirmeacha chibearshlándála atá ailínithe leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht (25) agus le Treoir NIS2 (26), i gcás inarb infheidhme, i reachtaíocht ábhartha uile an Aontais maidir le soláthar poiblí, chomh maith lena áirithiú go gcomhlíonfar rialacha cosanta sonraí an Aontais ag gach céim den phróiseas soláthair;

33.

á iarraidh go ndéanfaí próisis ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhnithe a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát chun soláthar poiblí digiteach slán, éifeachtúil agus iontaofa a áirithiú ar fud AE;

34.

á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur cheart don Choimisiún, in idirphlé leis na geallsealbhóirí agus leis na comhpháirtithe sóisialta, measúnú a dhéanamh ar na nósanna imeachta nach gcuireann mórán breisluacha ar fáil i gcoibhneas lena gcostais, lena n-ualach riaracháin nó lena rannchuidiú le cáilíocht agus ansin iad a fheabhsú, a uathoibriú nó a dhíothú ina n-iomláine;

35.

ag tarraingt aird ar ghlacadh rathúil shamhail soláthair GovTech i dtíortha amhail an Pholainn, an Liotuáin agus an Danmhairg, chomh maith leis an aitheantas a thug an Coimisiún don tsamhail mar phríomhuirlis chun na spriocanna a leagtar amach i gCompás Digiteach AE 2030 a bhaint amach; á chreidiúint gur deis don earnáil phoiblí é cur le taithí rathúil náisiúnta agus forbairt margaidh Eorpaigh GovTech a chothú chun rochtain thapa agus éifeachtúil a fháil ar réitigh dhigiteacha shaincheaptha, agus tacú freisin le hathchóiriú ar sholáthar poiblí atá dírithe ar an digitiú; á chur i bhfios go láidir gur chuir úsáid GovTech sa soláthar réamhthráchtála ar chumas bardas nach bhfuil acmhainní airgeadais chomh mór sin acu cuibhreannais ilpháirtí a bhunú go dtí seo, samhail is féidir a mhéadú le haghaidh tionscadail náisiúnta níos mó; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil dúshláin áirithe ann a bhaineann an bonn ó úsáid éifeachtach GovTech agus á chreidiúint gur cheart aghaidh a thabhairt air sin amach anseo;

Moltaí sonracha maidir le soláthar poiblí Eorpach a fheabhsú

36.

á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar chreat soláthair phoiblí an Aontais chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa, geilleagar níos inbhuanaithe a chur chun cinn, athléimneacht a chothú, deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus nósanna imeachta á ndigitiú, na rialacha d’údaráis chonarthacha agus do thairgeoirí araon a laghdú agus a shimpliú, agus slándáil an tsoláthair a áirithiú do theicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí ríthábhachtacha áirithe, poist ardcháilíochta a chur chun cinn agus seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh, lena n-áirítear trí chomhaontuithe cómhargála a urramú i gcomhréir le dlíthe agus cleachtais náisiúnta; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún comhchuibhiú a mholadh i gcás inar féidir leis an mbreisluach is mó a sholáthar, amhail uirlisí soláthair dhigitigh agus caighdeánú nósanna imeachta agus struchtúr tairisceana le haghaidh soláthar comhpháirteach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann araon; á mholadh, ar an gcaoi sin, go n-úsáidfí uirlisí soláthair dhigitigh chun rannpháirtíocht trasteorann a éascú agus á iarraidh go gcuirfí soláthar poiblí trasteorann chun cinn sa mhargadh aonair, go háirithe i réigiúin teorann; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go mbeadh an cuspóir comhchuibhithe ar a shon féin, ach chun deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtúlacht agus intuarthacht a fheabhsú, chomh maith le hualaí iomarcacha riaracháin ar údaráis chonarthacha agus ar thairgeoirí a laghdú, agus solúbthacht, saoirse rogha agus neamhspleáchas a mhéadú d’údaráis chonarthacha, chun úsáid stuama airgead na gcáiníocóirí a áirithiú;

37.

á thabhairt chun suntais gur gá oiliúint a chur ar údaráis chonarthacha, lena n-áirítear míniú a thabhairt ar na rialacha agus soiléiriú leormhaith a thabhairt ar an úsáid a bhaintear as critéir neamhphraghais, lena n-áirítear an bunús dlí do chritéir MEAT agus an gá atá le cur i bhfeidhm Airteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE a áirithiú chun deimhneacht dhlíthiúil a thairiscint d’údaráis chonarthacha ionas go mbraitheann siad níos muiníní agus iad á n-úsáid, agus maoirseacht leormhaith agus roghanna rochtana sonraí á gcoinneáil ar bun ag an am céanna; ag spreagadh an Choimisiúin gairmiúlú agus oiliúint na n-oifigeach soláthair a neartú tuilleadh agus á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún cistiú a mhéadú chun oiliúint bhreise a chur ar údaráis chonarthacha chun creat soláthair phoiblí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach;

38.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh dámhachtain conarthaí poiblí atá bunaithe ar an bpraghas is ísle amháin iomaíocht éagórach a spreagadh agus go bhfuil sé sin chun dochair do cháilíocht, d’inbhuanaitheacht agus do chaighdeáin shóisialta; á áitiú gur cheart tuilleadh conarthaí, go háirithe do sheirbhísí intleachtúla a dhámhachtain bunaithe ar an gcóimheas is fearr idir praghas agus cáilíocht, trí chritéir MEAT a úsáid, rud a chiallaíonn gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar thairiscintí ní hamháin ar phraghas ach freisin ar thosca amhail cáilíocht, tionchar réigiúnach nó leanúnachas soláthair seirbhísí atá casta agus bunriachtanach; á chur in iúl, thairis sin, gur cheart ualú substaintiúil a thabhairt do bhreithnithe neamhphraghais sa rátáil fhoriomlán agus sa chinneadh críochnaitheach maidir le conarthaí a dhámhachtain, go háirithe i gcás seirbhísí innealtóireachta, ar conarthaí iad atá fíor-riachtanach chun tionscadail bhrabúsacha ardcháilíochta a áirithiú san fhadtéarma, agus nuálaíocht a chosaint agus tairiscintí atá thar a bheith íseal a dhíspreagadh ag an am céanna;

39.

á mholadh gur cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí nithiúla a chur ar aghaidh chun an t-éilliú a chomhrac agus chun trédhearcacht a mhéadú maidir le húsáid nósanna imeachta idirbheartaithe gan foilsiú roimh ré, go háirithe tríd an bhfógra trédhearcachta ex ante deonach a neartú; á iarraidh go bhfoilseofaí na fógraí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin nó ar ardán poiblí eile an údaráis chonarthaigh ábhartha, ag brath ar luach an tsoláthair; á chur i bhfáth nach mór bonn cirt le húsáid an nós imeachta idirbheartaithe a bheith ar áireamh sna fógraí sin, ina leagtar amach na cúiseanna sonracha atá le himeacht ó mhodhanna caighdeánacha soláthair, gan ualach riaracháin míchuí a chur ar na húdaráis chonarthacha;

40.

á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na critéir eisiaimh i bpróisis soláthair, rud a chuirfidh ar a gcumas aghaidh níos fearr a thabhairt ar rioscaí earnálacha sonracha a bhaineann le calaois, éilliú agus insíothlú coiriúil; á chur i bhfáth go n-éilíonn earnálacha éagsúla critéir eisiaimh shaincheaptha ar leithligh, lena léirítear a leochaileachtaí sonracha; á chreidiúint go láidir gur cheart cumhacht a thabhairt d’údaráis chonarthacha nósanna imeachta soláthair a oiriúnú chun gníomhaíochtaí coiriúla a chomhrac agus aghaidh a thabhairt orthu; á thabhairt chun suntais, chun éifeachtúlacht agus simpliú níos fearr a chur chun cinn, gur cheart na forálacha a bhaineann leis na forais eisiaimh a chuíchóiriú trí liosta uileghabhálach agus idirdhealú soiléir a bheith idir na forais éigeantacha eisiaimh, atá beartaithe chun leas an phobail a chosaint, agus forais roghnacha eisiaimh, atá beartaithe chun leasanna na n-údarás conarthach nó na n-eintiteas conarthach a chosaint; á chur in iúl, thairis sin, gur cheart aon oibreoir eacnamaíoch a sháraíonn a oibleagáidí faoi na dlíthe saothair agus comhshaoil is infheidhme de bhun Airteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE a eisiamh go héifeachtach ón bpróiseas soláthair phoiblí atá i gceist;

41.

ag spreagadh comhar trasteorann níos fearr sa soláthar poiblí, i gcás ina bhfuil tairbhí soiléire ag baint leis, amhail i dtionscadail mhórscála, chun éifeachtúlacht agus comhtháthú laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais a fheabhsú; ag tacú le bonneagar digiteach idir-inoibritheach lena gcumasaítear sonraí agus nósanna imeachta soláthair a chomhroinnt gan uaim ar fud na mBallstát, ós rud é go laghdódh sé sin bacainní agus go bhfeabhsódh sé comhtháthú an mhargaidh, rud a rachadh chun tairbhe do sholáthraithe idir bheag agus mhór ar fud an Aontais;

42.

á iarraidh go mbainfí leas iomlán as an tsolúbthacht uile a chuirtear ar fáil faoi GPA i ndlí soláthair phoiblí an Aontais, ar a laghad i gcás conraitheoireacht fho-lárnach, agus é mar aidhm leis simpliú substainteach ar nósanna imeachta soláthair a bhaint amach; á thabhairt chun suntais go gceadaítear le GPA i bhfad níos mó solúbthachta agus roghanna nós imeachta níos cuíchóirithe a mhéid a bhaineann le rogha agus ceapadh na bpróiseas soláthair; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cead a thabhairt d’údaráis chonarthacha bheaga nósanna imeachta simplithe a úsáid, agus úsáid á baint acu as an tsolúbthacht dá bhforáiltear i dTreoracha 2014/25/AE agus 2014/23/AE, chun aghaidh a thabhairt ar a n-acmhainní agus a saineolas teoranta agus chun ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú, lena gcuirfí ar a gcumas, dá bhrí sin, a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach níos éifeachtúla;

43.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil rialacha éagsúla earnáilsonracha maidir le soláthar poiblí ilroinnte agus go bhféadfadh sé a bheith deacair iad a chur chun feidhme do ghnólachtaí agus do rialtais áitiúla araon;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar rialacha soláthair earnáilsonracha agus iad a chuíchóiriú chun ualaí neamhriachtanacha ar údaráis chonarthacha a laghdú agus trédhearcacht, éifeachtúlacht, deimhneacht dhlíthiúil agus solúbthacht á n-áirithiú ag an am céanna; á iarraidh go leanfadh reachtaíocht earnála de bheith comhchuibhithe leis na creataí soláthair foriomlána agus go mbeadh sí teoranta i gcónaí do shonraíochtaí teicniúla;

45.

á iarraidh go mbunófaí treoirlínte aonfhoirmeacha neamhcheangailteacha, sásraí caighdeánaithe faireacháin agus tuairiscithe, ráthaíochtaí nós imeachta, comhlachtaí maoirseachta neamhspleácha ag a bhfuil cumhachtaí leordhóthanacha agus uirlisí éifeachtacha forfheidhmiúcháin agus comhlíontachta chun deimhneacht dhlíthiúil, iomaíocht chóir agus comhsheasmhacht a chur chun cinn ar fud an tsoláthair phoiblí san Aontas, gan srian a chur ar lánrogha na n-údarás conarthach; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht d’údaráis chonarthacha, go háirithe dóibh siúd a bhfuil acmhainní teoranta riaracháin agus eacnamaíocha acu san fhorfheidhmiú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh conraitheoirí na hoibleagáidí conarthacha a chomhaontaítear; ag cur béim ar a thábhachtaí atá prionsabal na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór cinntí an údaráis chonarthaigh, chomh maith leis na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar síos i dtairiscint, a ailíniú le cineál agus raon feidhme an chonartha atá á sholáthar; ag tathant ar an gCoimisiún an coincheap sin a shoiléiriú chun an úsáid a bhaintear as critéir seachas critéir a bhaineann le praghas amháin a dhreasú;

46.

ag tabhairt dá haire go bhfuil comhtháthú méadaitheach an mhargaidh soláthair phoiblí ríthábhachtach chun spriocanna straitéiseacha an Aontais a bhaint amach, ar choinníoll go n-urramaítear leis sin go hiomlán inniúlacht na mBallstát a dtosaíochtaí straitéiseacha féin a shainiú; á chur i bhfios go láidir nach mór aon iarrachtaí ar nósanna imeachta soláthair a chaighdeánú a bheith treoraithe ag prionsabal na coimhdeachta agus nach mór solúbthacht náisiúnta a chaomhnú leo;

47.

á chur i bhfáth gur cheart tacú le hiarrachtaí FBManna margaí na mBallstát eile a fhiosrú; á iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtas a chomhroinnt ar fud an Aontais agus go ndéanfaí nósanna imeachta soláthair trasteorann a shimpliú; á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht gnólachtaí i soláthar poiblí trasteorann a spreagadh trí staonadh ó chritéir teanga a úsáid chun tairiscintí i nósanna imeachta tairisceana a dhiúltú;

48.

á iarraidh ar an gCoimisiún próisis riaracháin a chuíchóiriú a mhéid is féidir chun ualaí a mhaolú, critéir roghnúcháin a bheachtú le haghaidh soláthar éifeachtach agus borradh a chur faoi chumais riaracháin; á chreidiúint go bhfágann critéir chaighdeánaithe go mbeidh conarthaí níos inrochtana agus níos tarraingtí ann do FBManna, rud atá ríthábhachtach chun rannpháirtíocht níos leithne a chothú agus chun nuálaíocht san earnáil a spreagadh; á mholadh go láidir, dá bhrí sin, go n-eiseofaí critéir chaighdeánaithe i bhfoirm treoirlínte neamhcheangailteacha ón gCoimisiún;

49.

á mholadh go ndéanfaí sásraí neartaithe maidir le trédhearcacht agus maoirseacht sa soláthar poiblí a thabhairt isteach trí ard-anailísíocht sonraí agus teicneolaíochtaí IS a chomhtháthú sa phróiseas soláthair chun neamhchomhlíonadh, neamhrialtachtaí, calaois, rioscaí slándála náisiúnta agus éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath i bhfíor-am; ag spreagadh an Choimisiúin, sa chomhthéacs sin, tacú leis an bhforbairt ar ardán anailísíochta riosca sonraíbhunaithe a bheidh nasctha le clárlanna soláthraithe agus le bunachair sonraí toirmisc an Aontais agus náisiúnta araon laistigh de PPDS, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le soláthar, cuideachta agus smachtbhannaí a chomhtháthú chun brath réamhghníomhach calaoise agus faireachán réamhghníomhach ar shláine a chumasú;

50.

á mheas, trí shásra uile-Aontais a thabhairt isteach lena n-áiritheofaí comhroinnt trasteorann faisnéise d’údaráis chonarthacha maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a eisiadh ó na margaí soláthair agus fad tréimhse a n-eisiamh, i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/24/AE, go n-éascófaí forfheidhmiú, go simpleofaí nósanna imeachta, go ndéanfaí cistí poiblí a choimirciú, go ndéanfaí cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach a choimirciú agus go neartófaí slándáil agus sláine bonneagair agus seirbhísí poiblí criticiúla; ag tabhairt dá haire nach réamhriachtanas é comhroinnt faisnéise trasteorann maidir le trádálaí áirithe a eisiamh i mBallstát amháin chun an trádálaí sin a eisiamh i mBallstát eile;

51.

ag tathant ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá clár uile-Aontais de dhearbhuithe leasanna i réimse an tsoláthair phoiblí, agus luach na gconarthaí á chur i gcuntas, lena bhféadfaí naisc phearsanta nó ghairmiúla idir údaráis chonarthacha agus tairgeoirí a n-éireodh leo a shainaithint, chun cásanna coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláine an phróisis a chosc agus chun a áirithiú go mbeidh sásraí láidre sceithireachta ann;

52.

á mheas go bhfuil gá le cleachtais soláthair phoiblí a shimpliú agus a chaighdeánú tuilleadh; ag tacú le teimpléid chaighdeánacha ranna conartha a thabhairt isteach, i gcás inarb iomchuí, ar fud na mBallstát chun aonfhoirmeacht níos fearr i nósanna imeachta tairisceana a chruthú, ualaí riaracháin a laghdú agus soiléireacht dhlíthiúil d’údaráis chonarthacha agus d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, agus solúbthacht á coinneáil ag an am céanna le haghaidh réitigh atá faoi thionchar an mhargaidh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, dá dtabharfaí isteach teimpléid chaighdeánacha ranna conartha ar fud na mBallstát, go n-éascófaí freisin comhtháthú sonraí conartha in ardáin dhigiteacha, lena ndéanfaí rianú agus comparáid níos éasca a chumasú; á mheas go gcuireann an caighdeánú sin go mór le héifeachtúlacht riaracháin agus le laghdú ar chostais idirbheart, toisc go gcuireann sé ar chumas na n-údarás conarthach cuíchóiriú a dhéanamh ar ullmhú doiciméad tairisceana agus ar oibreoirí eacnamaíocha chun gnéithe de thairiscintí roimhe sin a athúsáid, go háirithe agus iad rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair iomadúla; á chur i bhfios go n-úsáidtear samhlacha caighdeánacha, lenar cheart go gceadófaí doiciméid tairisceana níos giorra agus níos comhsheasmhaí a bheith ann;

53.

á chur in iúl gur geal léi an tosaíocht a thug an Coimisiún chun an t-ualach ar ghnólachtaí a bhaineann le ceanglais tuairiscithe atá sainordaithe go dlíthiúil a laghdú 25 % agus 35 % i gcás FBManna; á iarraidh go gcuirfí an tosaíocht sin chun feidhme ar fud na n-earnálacha uile agus á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar an athbhreithniú atá beartaithe a dhéanamh ar sholáthar poiblí ar an mbonn sin;

54.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na húdaráis chonarthacha leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil amhail bosca uirlisí cosanta trádála an Aontais, cosc a chur ar iomaíocht éagórach ó thíortha nach bhfuil san Aontas a dhéanann idirdhealú i gcoinne rannpháirtíocht thíortha an Aontais ina bpróisis soláthair phoiblí, agus prionsabal dian cómhalartachta a chur i bhfeidhm le húsáid éifeachtach Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar earnálacha straitéiseacha de mhargadh soláthair phoiblí an Aontais; á mheabhrú go bhféadfaidh an tAontas srian a chur le rochtain ar a mhargaí soláthair phoiblí mar fhreagairt ar sháruithe ar rialacha trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear méaduithe ar dhleachtanna custaim atá ar neamhréir le rialacha EDT; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí gníomhaíocht chinntitheach tríd an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha (27); á thabhairt chun suntais, thairis sin, na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le Rialachán (AE) 2023/2675 (28) maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha; á chur i bhfáth go bhfuil na nósanna imeachta a leanadh roimh chur chun feidhme na mbeart athchothromúcháin rómhall; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle nósanna imeachta a cheadú lena gcumasófaí freagairt níos tapúla; á mheabhrú nach féidir le tíortha nach bhfuil san Aontas nach bhfuil páirteach sa Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais nó nach bhfuil comhaontuithe idirnáisiúnta tugtha i gcrích acu leis an Aontas lena ráthaítear rochtain chomhionann agus chómhalartach ar sholáthar poiblí cóir chomhionann a éileamh i réimse an tsoláthair phoiblí, mar a shoiléirítear le cásdlí CBAE (Cás C-652/22);

55.

á mheabhrú gur cheart na coinníollacha a leagtar amach i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 94 maidir le Clásail Saothair a urramú, agus á mheas nár cheart tíortha nach gcomhlíonann iad a bheith ábalta rochtain a fháil ar phróisis soláthair phoiblí an Aontais;

56.

ag tabhairt dá haire go ndámhtar sciar suntasach de chonarthaí i bhformhór na mBallstát bunaithe ar an tairiscint ar an bpraghas is ísle; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú nach bhfaighidh cuideachtaí nach bhfuil san Aontas buntáiste éagórach i nósanna imeachta soláthair trí fhóirdheontais stáit dhíreacha nó indíreacha, lena ndéantar, dá bhrí sin, iomaíocht chóir laistigh den mhargadh inmheánach a shaobhadh; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh i gcoinne eintitis nach bhfuil san Aontas a bhaineann leas as na fóirdheontais sin chun sladghearradh a dhéanamh ar phraghsanna nó chun forlámhas a bheith acu ar thairiscintí ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais; á mholadh go mbunófaí rialacha soiléire agus trédhearcacha chun eintitis nach bhfuil san Aontas a eisiamh, chomh maith le cuideachtaí atá bunaithe san Aontas ar sháraigh a bhfochonraitheoirí nach bhfuil san Aontas dlí an Aontais go mion minic; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh cóineasú ann i measc na mBallstát maidir leis na rialacha lena rialaítear rannpháirtíocht tairgeoirí nach bhfuil san Aontas i dtairiscintí poiblí, go háirithe i gcás tionscadail a mhaoinítear le cistí Eorpacha;

57.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tairiscintí atá thar a bheith íseal, go háirithe ó thairgeoirí nach bhfuil san Aontas, cur isteach ar fhorghníomhú éifeachtach conarthaí poiblí, caighdeáin cháilíochta a chur i mbaol, agus rioscaí a chruthú don tslándáil náisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs bonneagar criticiúil; á iarraidh go mbeadh bearta níos láidre ann chun na tairiscintí sin a bhrath agus chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear trí mheasúnuithe neamhspleácha costais agus trí oibleagáidí soiléire ar údaráis chonarthacha tairiscintí a dhiúltú i gcás nach leor nó nach bhfuil an t-údar atá leis an bpraghas neamhghnách íseal cinntitheach; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún modheolaíocht shoiléir agus chomhchuibhithe a chur ar aghaidh chun measúnú a dhéanamh ar choincheap an ‘phraghais thar a bheith íseal’, chun deimhneacht dhlíthiúil agus treoraíocht phraiticiúil níos fearr a chur ar fáil d’údaráis chonarthacha agus meastóireacht á déanamh acu ar thairiscintí;

58.

á iarraidh ar an gCoimisiún a leagan amach go soiléir nach bhfuil tairgeoirí ó thíortha nach bhfuil san Aontas incháilithe chun páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair phoiblí a dhéantar laistigh den Aontas mura dtugann a dtír thionscnaimh, ar bhonn comhaontú ilpháirtithe nó déthaobhach maidir le soláthar poiblí arna shíniú leis an Aontas, rochtain chómhalartach ar an margadh do thairgeoirí an Aontais;

59.

á iarraidh go leanfaí de mhaoluithe a chur i bhfeidhm do na réigiúin is forimeallaí i bhfianaise na ndúshlán sonrach atá os comhair na gcríoch sin; ag aithint, thairis sin, imthosca uathúla na bpobal a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann an Aontais a bhíonn i mbun malartú rialta trasteorann eacnamaíoch agus sóisialta le tíortha comharsanachta nach bhfuil san Aontas;

60.

á iarraidh a áirithiú go n-ionchorprófaí sa soláthar poiblí sásraí a thacaíonn le hathléimneacht eacnamaíoch réigiúnach, le cruthú post áitiúil ar ardchaighdeán agus le hinbhuanaitheacht na ngeilleagar áitiúil, lena rannchuideofaí le dáileadh níos cothroime gníomhaíochta eacnamaíche idir limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, ról na dtáirgeoirí talmhaíochta agus a slabhraí soláthair, chomh maith leis an ról ríthábhachtach atá ag seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an moladh atá i dtuarascáil Draghi chun rogha a thabhairt d’údaráis chonarthacha cuóta íosta sainráite a shocrú d’earraí roghnaithe a tháirgtear go háitiúil sa soláthar poiblí i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, le cleachtais soláthair phoiblí, fás eacnamaíoch a chothú gan fabhar míchuí a thabhairt d’earnálacha nó do réigiúin shonracha, agus á aithint ag an am céanna a thábhachtaí atá sé cur le cumas na n-údarás conarthach béim níos mó a chur ar chritéir shóisialta agus inbhuanaitheachta, lena n-áirítear breithnithe a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, i gcás ina measann siad gurb iomchuí sin;

61.

ag aithint shaintréithe sonracha agus ról straitéiseach an tsoláthair phoiblí chun slándáil agus athléimneacht bia an Aontais a neartú, agus á aithint gur gá úsáid níos fearr a bhaint as critéir inbhuanaitheachta agus critéir a bhaineann leis an aeráid, tacú le feirmeoirí an Aontais, agus nósanna itheacháin níos sláintiúla a chur chun cinn chomh maith le beartais bhia inbhuanaithe agus sláintiúla;

62.

ag tacú le solúbthacht mhéadaithe i gcomhpháirtíochtaí poiblí-poiblí, lena gcuirtear ar chumas na n-údarás poiblí oibriú le chéile ar bhealach níos éifeachtaí chun soláthar seirbhísí a fheabhsú agus costais a laghdú; á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chomhpháirtíocht agus idirphlé poiblí-príobháideach a fhorbairt sa soláthar poiblí chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bpróiseas agus ar an gcomhar idir údaráis phoiblí agus gnólachtaí; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar shainmhíniú reatha na treorach ar chomhar poiblí-poiblí chun an comhar sin a aithint mar aon chonradh nó socrú a dhéantar idir dhá údarás chonarthacha nó níos mó ná sin; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an gcomhar idir údaráis phoiblí (comhar poiblí-poiblí) a dhíolmhú chun cúram éifeachtúil a chomhlíonadh ó raon feidhme na dtreoracha soláthair, gan tuilleadh coinníollacha sriantacha;

63.

á chur i bhfáth go gcuidíonn forbairt agus úsáid lipéad agus deimhnithe inbhuanaitheachta iontaofa, ardcháilíochta agus trédhearcacha le húdaráis chonarthacha cuspóirí inbhuanaitheachta a oibríochtú, lena laghdaítear, dá bhrí sin, an t-ualach riaracháin agus an gá atá le measúnuithe teicniúla doimhne a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún na lipéid sin a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh ar leibhéal an Aontais, lena n-áiritheofaí a n-inchreidteacht agus a n-inúsáidteacht ar fud na n-earnálacha;

64.

á thabhairt faoi deara go bhfuil údaráis chonarthacha ag gabháil cheana féin do sholáthar inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don aeráid, faoi threoraíocht rialacháin chuimsitheacha inbhuanaitheachta ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;

65.

á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise chásdlí CBAE (lena n-áirítear Cás C-395/18), go bhfuil údaráis chonarthacha i dteideal ceanglais atá bunaithe ar dhlí náisiúnta an tsaothair a áireamh i ndoiciméadacht soláthair, amhail comhaontuithe comhchoiteanna ceangailteacha, íoschaighdeáin fostaíochta, forálacha maidir le pá comhionann, agus critéir shóisialta ábhartha eile; á chur in iúl gur geal léi an soiléiriú ó CBAE gur ‘luach bunúsach nach mór do na Ballstáit a gcomhlíonadh a áirithiú’ iad na hoibleagáidí sóisialta agus comhshaoil atá sa Chlásal Sóisialta Cothrománach; á iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht agus creat dlíthiúil a fhorbairt, lena n-áirítear soiléiriú ar an ábhar agus ar a chur i bhfeidhm praiticiúil, a áirithíonn deimhneacht dhlíthiúil agus a chumhachtaíonn na húdaráis chonarthacha – laistigh dá lánrogha féin – chun na critéir sin a chur i bhfeidhm gan bheith orthu aghaidh a thabhairt ar rioscaí dlíthiúla díréireacha;

66.

ag aithint acmhainneacht shuntasach an tsoláthair phoiblí atá freagrach go sóisialta (SPFS) maidir le hobair chuibhiúil, cuimsiú sóisialta agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn; ag spreagadh na n-údarás conarthach chun critéir shóisialta a chomhtháthú go córasach i nósanna imeachta soláthair phoiblí, agus indéantacht eacnamaíoch, solúbthacht agus coimhdeacht á n-áirithiú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chritéir shóisialta a áireamh sna nósanna imeachta soláthair agus creat soiléir dlíthiúil agus beartais agus treoraíocht phraiticiúil a chur ar fáil, lena n-áirítear soiléireacht dhlíthiúil agus samplaí de dhea-chleachtais, chun cur chun feidhme SPFS atá éifeachtach agus fónta ó thaobh an dlí de ag údaráis chonarthacha a chumasú; á aithint gur féidir feabhas suntasach a chur ar cháilíocht agus iontaofacht thorthaí an tsoláthair phoiblí trí chlásail shóisialta a chur san áireamh, amhail ceanglais a bhaineann le dálaí oibre, cómhargáil agus urraim do chearta saothair; á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú san athbhreithniú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE, a bhaineann le dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair, ceangailteach;

67.

á chreidiúint gur cheart do nósanna imeachta soláthair phoiblí réitigh nuálacha agus inbhuanaithe a spreagadh agus a chúiteamh lenar féidir forbairt eacnamaíoch a spreagadh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé critéir inbhuanaitheachta a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme ar fud na mBallstát ar bhealach a léiríonn reachtaíocht reatha an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs na seiceála oiriúnachta atá beartaithe maidir le reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais, measúnú a dhéanamh ar bhunú bosca uirlisí critéar inbhuanaitheachta earnáilsonrach ina mbeadh dámhachtain samhla agus critéir theicniúla, modheolaíochtaí fíorúcháin agus forálacha conarthacha, d’fhonn glacadh forchéimnitheach cleachtas soláthair níos inbhuanaithe a éascú, soiléireacht a chur ar fáil d’údaráis chonarthacha agus ceanglais a chur in oiriúint d’earnálacha sonracha agus d’acmhainneachtaí eacnamaíocha áitiúla ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú ar conas is féidir gnéithe a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus prionsabal na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch á chur i bhfeidhm, chun nuálaíocht agus úsáid éifeachtúil acmhainní a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacar critéar a fhorbairt arb é is aidhm dóibh nuálaíocht i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a chothú agus iomaíochas an Aontais a mhéadú i bpríomh-mhargaí amach anseo; á chreidiúint gur cheart neartú an mhargaidh d’ábhair thánaisteacha a bheith mar chuid den chur chuige sin; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur cheart an fhorbairt ar bhosca uirlisí a bheith ag brath ar fhianaise inléirithe (a) nach gcuireann sé d’oibleagáid ar údaráis chonarthacha ná ar eintitis chonarthacha costais dhíréireacha a thabhú ná nach bhfuil neamh-chomhoiriúnachtaí nó deacrachtaí teicniúla mar thoradh air, (b) go gcuireann sé saolré, éagsúlacht agus infhaighteacht táirgí agus seirbhísí ábhartha i gcuntas, agus go gcloíonn sé le prionsabal na neodrachta teicneolaíche, agus (c) go gcaomhnaíonn sé iomaíocht chóir;

68.

á mholadh go gcuirfí samhlacha straitéiseacha soláthair chun feidhme a thugann tús áite do leasanna an Aontais agus na mBallstát, chomh maith le luach agus athléimneacht fhadtéarmach thar laghduithe gearrthéarmacha ar chostais, agus a chuireann deiseanna margaidh tosaigh ar fáil do tháirgí lena n-urramaítear cuspóirí an Aontais, go háirithe in earnálacha straitéiseacha;

69.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair domhain a dhéanamh, i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá beartaithe ar an gcreat soláthair phoiblí, ar bhealaí agus ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le tosaíocht a thabhairt do phrionsabal na ‘tosaíochta Eorpaí’ sa soláthar a bhaineann le tionscail straitéiseacha chun leanúnachas na gcumas criticiúil sna Ballstáit a áirithiú agus chun athléimneacht, slándáil, iomaíochas agus uathriail straitéiseach a threisiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Choimisiún meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na himpleachtaí costais a d’fhéadfadh a bheith ann, ar na rioscaí a bhaineann le rochtain ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha a theorannú, agus ar na héifeachtaí ar cháilíocht seirbhísí agus táirgí, agus comhsheasmhacht le gealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta an Aontais á coinneáil ag an am céanna agus gan comhpháirtithe atá ar aon intinn leis a eisiamh; á chur i bhfios go láidir nár cheart gur caomhnaitheacht ná saobhadh iomaíochta a bheadh in aon bhearta chun rannpháirtíocht cuideachtaí Eorpacha a chur chun cinn; á aithint, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá gnólachtaí a infheistíonn agus a athinfheistíonn san Aontas, lena neartaítear geilleagar an Aontais, lena gcosnaítear leas na n-oibrithe agus a théann chun tairbhe do phobail áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, scrúdú a dhéanamh ar dheiseanna chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht cuideachtaí atá bunaithe san Aontas i bpróisis soláthair a sheoltar le haghaidh tionscadail arna maoiniú ag institiúidí an Aontais nó trí shíneadh a chur leis an gcóras tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 85 de Threoir 2014/25/AE chuig conarthaí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha agus in Airteagal 15 de Threoir 2014/24/AE le haghaidh earnálacha straitéiseacha spriocdhírithe;

70.

á iarraidh go n-áireofaí, i nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhaineann le tionscadail leasa straitéisigh don Aontas – go háirithe i réimsí an bhonneagair chriticiúil, na n-ardteicneolaíochtaí agus na n-amhábhar criticiúil – forálacha lena gceadaítear d’údaráis chonarthacha a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha comhpháirtíochtaí tionsclaíocha a bhunú le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go n-áireofaí sna comhpháirtíochtaí sin clásail lena n-áirithítear aistriú teicneolaíochtaí, fios gnó nó príomhscileanna teicniúla chuig comhpháirtithe atá bunaithe san Aontas, i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais agus le gealltanais idirnáisiúnta;

71.

á chur i bhfáth na dúshláin shonracha atá os comhair oibreoirí eangaí leictreachais, le hamanna seachadta méadaithe agus costais mhéadaithe; á iarraidh go simpleofaí nósanna imeachta soláthair phoiblí d’oibreoirí eangaí leictreachais agus go n-áiritheofaí a solúbthacht agus a n-éifeachtúlacht; á mholadh go mbeadh níos mó comhsheasmhachta ann idir rialacháin an Aontais a bhfuil tionchar acu ar sholáthar poiblí na n-eangach leictreachais;

72.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí a scaoileadh sa mhargadh don soláthar poiblí agus do lamháltais, agus á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh i dtaobh an léiríonn an creat atá ann faoi láthair ar feadh fad tréimhse na gconarthaí lamháltais infheistíochtaí iardhámhachtana ó lamháltóirí go leormhaith, agus a mheas an gcabhródh níos mó solúbthachta leis na hinfheistíochtaí sin a dhreasú;

73.

á chur i bhfáth gur gá ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint do cheannaitheoirí poiblí agus d’oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair; á chur i bhfios go láidir, agus athbhreithniú á dhéanamh ar reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais, gur cheart breithniú a dhéanamh i gcónaí ar an ngá atá le castacht a laghdú agus rómhaorlathas a laghdú ionas nach gcuirfear bac ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha sa soláthar poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar roghanna chun critéir nua a thabhairt isteach sa soláthar poiblí, a áirithiú go dtabharfar aird ar leith ar an gcéim ag a gcuirtear na ceanglais sin isteach sa phróiseas soláthair; á chur i bhfios go láidir gur cheart aird ar leith a thabhairt i dtaobh an áirítear na critéir sin sna critéir dhámhachtana nó ag céimeanna níos luaithe de na doiciméid soláthair, lena n-áiritheofaí soiléireacht dhlíthiúil agus indéantacht phraiticiúil d’údaráis chonarthacha agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon;

74.

ag tacú le nuachóiriú na gcritéar soláthair chun an dul chun cinn sa teicneolaíocht agus sa tslándáil a léiriú, rud lena n-áiritheofar go gceadófar le creataí nua soláthair freagairtí meara ar thírdhreacha eacnamaíocha agus geopholaitiúla atá ag athrú, agus neamhspleáchas na mBallstát maidir lena mbeartais soláthair a bhainistiú á choinneáil ar bun ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go bhforbraítear iomaíochas an Aontais in éineacht le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil sa mhargadh inmheánach; á chur i bhfáth gur cheart do na creataí a bheidh ann amach anseo don soláthar poiblí na láidreachtaí sin a fheabhsú, gan iad a laghdú, chun seasamh ghníomhaithe an Aontais i dtairiscintí soláthair phoiblí a neartú;

75.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta (29) mar shampla de chritéir athléimneachta a bhaineann le slándáil an tsoláthair, poist ardcháilíochta, rannchuidiú le ceannaireacht thionsclaíoch agus iomaíochas an Aontais, cloí le caighdeáin chibearshlándála agus spleáchas ar thír aonair nach de chuid an Aontais í agus nach bhfuil rannpháirteach i gcomhaontuithe soláthair idirnáisiúnta a laghdú;

76.

ag tacú le próisis soláthair phoiblí a dhigitiú tuilleadh, d’fhonn ualaí riaracháin a laghdú, éifeachtúlacht agus iomaíochas a fheabhsú, trédhearcacht a fheabhsú agus rochtain a éascú do FBManna agus do thairgeoirí trasteorann, agus comhlíonadh caighdeán slándála á áirithiú ag an am céanna;

77.

á iarraidh go mbeadh sásraí tacaíochta feabhsaithe ann d’eintitis an-bheag, do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta chun a chur ar a gcumas dul san iomaíocht go héifeachtach i dtairiscintí poiblí, lena n-áirítear cláir um chúnamh teicniúil, agus fothú acmhainneachta do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair shóisialta; á chreidiúint go bhfuil tuilleadh treoraíochta agus tacaíochta do FBManna ríthábhachtach chun a rannpháirtíocht sa soláthar poiblí a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá srianta maorlathacha a laghdú a dhéanann difear díréireach do rannpháirtíocht FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis, agus gur gá don Choimisiún measúnuithe tionchair cuí agus tástáil éigeantach FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a dhéanamh maidir le haon riail nua agus maidir leis na rialacha nua uile; á thabhairt chun suntais a éifeachtaí atá tionscnaimh idirphlé chun cabhrú le FBManna eolas níos fearr a fháil ar phrionsabail an tsoláthair phoiblí, agus ag an am céanna ligean do sholáthróirí poiblí faisnéis a bhailiú chun critéir níos cothroime a dhearadh agus ualaí riaracháin a laghdú; ag tacú, i gcás inarb iomchuí, leis an úsáid fhorleathan a bhaineann ceannaitheoirí poiblí as cleachtais foinsithe sula ndearfar glaonna ar thairiscintí, chomh maith le teorainneacha ar acmhainneacht airgeadais iomarcach agus ar cheanglais maidir le cruthúnas ar fheidhmíocht; á chur in iúl gur gá tacú le FBManna comhpháirtithe a shainaithint;

78.

á iarraidh go ndéanfaí na critéir roghnúcháin a shimpliú go práinneach, agus sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún freisin féachaint an bhféadfadh cruthú bunachair sonraí dhigitigh ar leibhéal an Aontais de FBManna réamhcháilithe agus de ghníomhaithe beaga cabhrú le nósanna imeachta a chuíchóiriú agus rochtain ar thairiscintí poiblí a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí córais chreidiúnaithe a úsáid chun acmhainneacht theicniúil agus airgeadais cuideachtaí a chinneadh agus chun a n-ionracas gairmiúil a fhíorú roimh an bpróiseas tairisceana agus gur cheart go gcuimseodh critéir maidir le sláine ghairmiúil a gcuntas teiste maidir le comhlíonadh na ndlíthe saothair, cearta an duine agus comhshaoil is infheidhme; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh idir-inoibritheacht éifeachtach agus inrochtaineacht trasteorann na gclár sin ar fud na mBallstát trédhearcacht a neartú, cistí poiblí a choimirciú, tacú leis an margadh inmheánach agus slándáil agus sláine an bhonneagair phoiblí chriticiúil agus na seirbhísí poiblí criticiúla a threisiú go bunúsach;

79.

á chur i bhfáth nach mór do chreat soláthair phoiblí an Aontais rochtain chothrom a áirithiú do FBManna, d’eintitis geilleagair shóisialta agus do ghnólachtaí áitiúla trí nósanna imeachta simplithe a chur chun cinn, lena n-áirítear trína áirithiú nach gceanglaítear ar chuideachtaí faisnéis atá ar fáil go poiblí a chur isteach arís ina n-iarratas ar thairiscintí agus trí cheanglais chomhréireacha a chur i bhfeidhm bunaithe ar an gcomhthéacs áitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar roinnt na gconarthaí a phríomhshruthú ina luchtóga níos lú chun iomaíocht a chothú agus chun ceannasacht ag eintitis mhóra a chosc, agus é á aithint ag an am céanna nár cheart conarthaí a roinnt i gcás ina bhfuil fíorréasúnaíocht theicneolaíoch nó éifeachtúlachta ann gan é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leis an roinnt sin ina luchtóga níos lú i gcás seirbhísí innealtóireachta, tógála agus pleanála toisc gur féidir léi an iomaíocht a neartú, deiseanna rannpháirtíochta a choimirciú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do mhicrifhiontair, agus úsáid spriocdhírithe saineolais speisialaithe a chumasú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le treoirlínte soiléire lena gcinntear an uair a bheidh údar le neamhroinnt conarthaí; ag tabhairt dá haire gur bealach éifeachtach é roinnt na luchtóg freisin chun slabhraí fochonraitheoirí neamh-indéanta a chosc;

80.

á mholadh gur cheart go gceadófaí leis an gcreat soláthair do thairgeoirí agus d’údaráis chonarthacha fianaise atá in easnamh a chur isteach ag céim níos déanaí sa nós imeachta, trí phróisis soláthair a shimpliú agus a luathú, mar shampla, trí Airteagal 56(3) de Threoir 2014/24/AE a leathnú; á mholadh go ndéanfaí rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a chur chun cinn trí cheanglais tagartha dhochta a oiriúnú lena gcuirtear bac díréireach ar chuideachtaí nuabhunaithe; á iarraidh, i gcás inarb iomchuí, go mbeadh níos mó solúbthachta ann i gcritéir cháilithe chun rochtain chothrom ar dheiseanna soláthair a áirithiú do ghnólachtaí nuathionscanta agus trédhearcacht agus iomaíocht á gcoinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur cheart solúbthacht a chur san áireamh agus cuntais teiste á n-iarraidh ar chonarthaí ó FBManna;

81.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh próisis soláthair phoiblí níos inrochtana agus níos trédhearcaí trí tháblaí achoimre nó forléargais shothuigthe ar thairiscintí poiblí a sholáthar, ina leagtar amach go soiléir sonraíochtaí teicniúla molta agus ceanglais na hoibre nó na seirbhíse arna soláthar; á iarraidh ar an gCoimisiún fiontair a bhfuil níos lú taithí acu a mheas go háirithe, ar cheart dóibh na huirlisí a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar na doiciméid soláthair agus chun iad a léirmhíniú ar bhealach níos fearr;

82.

á athdhearbhú gur gá na rialacha d’údaráis chonarthacha a shimpliú agus a shoiléiriú chun rochtain chothrom a fháil ar nósanna imeachta soláthair phoiblí;

83.

á thabhairt chun suntais go léiríonn taithí ar chonarthaí poiblí, amhail tionscadail tógála, go gcuidíonn ceadú tograí malartacha (tairiscintí athraitheacha) le húdaráis chonarthacha seirbhísí a sholáthar ar bhealach níos nuálaí, níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí; ag cur béim ar an bhfíoras gur fusa réitigh nuálacha a chomhtháthú sa soláthar nuair a cheadaítear tairiscintí athraitheacha go ginearálta agus chun fios gnó fiontraíochta a ionchorprú go héifeachtach i ndámhachtain conarthaí poiblí, gur cheart tograí malartacha (tairiscintí athraitheacha) a cheadú go ginearálta ach amháin má chinneann an t-údarás conarthach go sonrach iad a eisiamh (rogha an diúltaithe); á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht tograí malartacha (tairiscintí malartacha) de bhun Airteagal 45(1) de Threoir 2014/24/AE;

84.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear prionsabal na haonuaire i bhfeidhm go comhsheasmhach ar gach leibhéal riaracháin sa soláthar poiblí, chun ualaí riaracháin a laghdú, ionas nach mbeidh ar thairgeoirí ach faisnéis chaighdeánach áirithe a sholáthar do na húdaráis agus do na riaracháin aon uair amháin; á aithint gur minic gur féidir ualaí a laghdú agus éifeachtúlacht a mhéadú trí chead a thabhairt do thairgeoirí féindearbhuithe comhlíontachta a úsáid in ionad go leor doiciméad riaracháin a chur isteach ag an gcéim thosaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún a shainaithint cén áit a bhféadfaí na cleachtais sin a chur i bhfeidhm go hiomchuí, agus soiléireacht dhlíthiúil agus coimircí dlíthiúla á n-áirithiú ag an am céanna;

85.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur dea-chleachtas iad conarthaí forchoimeádta le haghaidh seirbhísí áirithe a thacaíonn leis an ngeilleagar sóisialta; á mholadh go bhféadfaí tús áite a thabhairt do FBManna agus d’oibreoirí margaidh nuálacha i gcás tairiscintí coibhéiseacha nó go bhféadfaí iad a chur chun feidhme trí chonarthaí forchoimeádta nó trí chuid fhorchoimeádta d’fheidhmíocht an chonartha; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, éifeachtacht na gconarthaí forchoimeádta chun tacú le daoine faoi mhíchumas a fhostú trí sholáthar poiblí, agus á thabhairt dá haire ag an am céanna go bhféadfaí feabhas a chur ar a gcur chun feidhme fós;

86.

á aithint, cé go gceadaítear le fochonraitheoireacht níos mó solúbthachta, rochtain ar scileanna speisialaithe, agus coigilteas costais, go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leis freisin amhail cuntasacht lagaithe, riosca méadaithe maidir le sáruithe ar chearta saothair agus bacainní ar fhorfheidhmiú éifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na gconarthaí poiblí atá á ndéanamh go príomha ag oibrithe díreacha an tairgeora rathúil agus á mholadh go spreagfadh rialacha soláthair phoiblí cuideachtaí chun foireann inmheánach leordhóthanach a bheith acu chun na tionscadail a ndéantar conarthaí poiblí a dhámhachtain dóibh ina leith a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún, chun deireadh a chur le fochonraitheoireacht mhí-úsáideach agus cearta oibrithe a chosaint, agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a neartú ar fud an tslabhra soláthair, agus machnamh a dhéanamh ar chóras dea-shainithe a thabhairt isteach maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach oibreoirí eacnamaíocha agus fochonraitheoirí agus chun trédhearcacht a áirithiú maidir leis na fochonraitheoirí lena mbaineann agus maidir leis an sciar den chonradh atá beartaithe ag an gconraitheoir a ligean ar fochonradh;

87.

ag tacú le solúbthacht i bpraghsáil conarthaí trí shíneadh a chur le huastréimhse na gcreat-chomhaontuithe d’údaráis chonarthacha, trí fhorálacha a thabhairt isteach lena gceadaítear coigeartuithe praghais mar fhreagairt ar mhéaduithe díréireacha costais nach bhféadfadh an tairgeoir a thuar go réasúnach, amhail boilsciú, méaduithe ar chostais ábhartha nó fuinnimh agus athruithe ar dhlíthe saothair, inmharthanacht conarthaí a áirithiú gan brú airgeadais a fhorchur ar údaráis phoiblí, agus trí shíneadh a chur leis an nós imeachta idirbheartaithe mar phrionsabal do chonarthaí i ndiaidh creat-chomhaontú;

88.

ag tabhairt dá haire go bhfuil na rialacha maidir le soláthar nuálaíochta fós tearcúsáidte; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar an ngá atá le rialacha breise speisialta soláthair a bhunú do thionscadail taighde eolaíoch agus nuálaíochta, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá acu maidir le dul chun cinn eacnamaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn, agus úsáid éifeachtúil acmhainní poiblí á háirithiú ag an am céanna; á chur in iúl go bhfuil gá le forálacha breise agus daingne lena gcosnaítear cearta maoine intleachtúla tairgeoirí, lena n-áirítear le linn an phróisis tairisceana;

89.

á chreidiúint gur cheart go mbeadh gairmiúlú ceannaitheoirí poiblí mar chuid d’fheabhas a chur ar mhodhanna soláthair phoiblí laistigh den Aontas; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh náisiúnta arb é is aidhm dóibh cabhrú le ceannaitheoirí poiblí eolas a chur ar an gcreat dlíthiúil reatha agus ar choincheapa amhail an t-ábhar a shainiú agus critéir roghnúcháin agus dhámhachtana iomchuí a cheapadh; á iarraidh ar an gCoimisiún cláir chomhchosúla a fhorbairt agus a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus béim á leagan ar úsáid níos fearr a bhaint as critéir neamhphraghais trí chritéir chomhshaoil agus shóisialta atá ‘réidh le húsáid’ a bhunú;

90.

á thabhairt chun suntais rannchuidiú ríthábhachtach na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, na n-eaglaisí agus na bhfiontar sóisialta sa soláthar poiblí ar fud na hEorpa, ag cur sonrú ina saineolas, ina naisc láidre áitiúla, agus ina gcumas léirithe chun seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé conarthaí forchoimeádta a choinneáil agus a chur chun cinn mar ionstraim chumhachtach chun a áirithiú go dtacóidh an soláthar poiblí le cuspóirí sochaíocha níos leithne, leis an ngeilleagar sóisialta agus le héagsúlacht na ngníomhaithe lena mbaineann; á iarraidh, dá bhrí sin, go neartófaí an fhéidearthacht atá ann cheana do na Ballstáit agus d’údaráis chonarthacha rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí a fhorchoimeád go sonrach do ghníomhaithe atá ag feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúsach; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an teorainn trí bliana agus ar an oibleagáid gan na seirbhísí sin a chur ar fáil laistigh de na trí bliana roimhe sin faoi Airteagal 77 de Threoir 2014/24/AE;

91.

á iarraidh go mbainfí úsáid níos fearr as an rogha a leagtar síos in Airteagal 71(3) de Threoir 2014/24/AE maidir le híocaíocht dhíreach le fochonraitheoirí a chumasú; á iarraidh ar na Ballstáit trédhearcacht na n-íocaíochtaí a dhéanann údaráis phoiblí le conraitheoirí agus le fochonraitheoirí, agus trédhearcacht na n-íocaíochtaí a dhéanann an conraitheoir lena fhochonraitheoirí nó lena sholáthróirí, a chur chun cinn;

92.

á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid uirlisí chun faireachán a dhéanamh ar iomaíocht sa soláthar poiblí a thabhairt cothrom le dáta; á mheas, trí na modheolaíochtaí agus na teicneolaíochtaí le haghaidh anailís mhargaidh a bheachtú, lena n-ionchorpraítear ardanailísíocht sonraí agus intleacht shaorga, gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh timpeallacht soláthair a chur chun cinn, rud lena n-áiritheofar iomaíochas, cothroime, trédhearcacht, luach straitéiseach agus cothromas níos fearr; á chreidiúint gur féidir le bearta den sórt sin cur le tuiscint níos soiléire ar shaincheist na hiomaíochta ísle sa soláthar poiblí agus tacú le tograí nua a fhorbairt chun rochtain ar thairiscintí d’fhiontair a shimpliú;

°

° °

93.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj.

(2)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj.

(3)   IO L 335, 20.12.2007, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/66/oj.

(4)   IO L 173, 30.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1031/oj.

(5)   IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj.

(6)   IO L 327, 2.12.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2102/oj.

(7)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 30 Eanáir 2020, Tim SpA – Direzione e coordinamento Vivendi SA v Consip SpA, Ministero dell’Economia e delle Finanze, C-395/18, ECLI:EU:C:2020:58.

(8)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Deireadh Fómhair 2024, Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret AȘ v Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave, C-652/22, ECLI:EU:C:2024:910.

(9)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 13 Márta 2025, CRRC Qingdao Sifang Co. Ltd, Astra Vagoane Călători SA v Autoritatea pentru Reformă Feroviară, Alstom Ferroviaria SpA, C-266/22, ECLI:EU:C:2025:178.

(10)  An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna, t33, Celotti, P., Alessandrini, M., Valenza, A. et al., SME needs analysis in public procurement – Final report [Anailís ar riachtanais FBManna sa soláthar poiblí — Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig na bhFoilseachán, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2873/86199.

(11)   IO C, C/2024/7061, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7061/oj.

(12)   IO C, C/2024/3521, 3.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3521/oj.

(13)   IO C 445, 29.10.2021, lch. 2.

(14)   IO C, C/2024/4013, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4013/oj.

(15)  Parlaimint na hEorpa An Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha,Caimi, V. agus Sansonetti, S., The social impact of public procurement – Can the EU do more? [Tionchar sóisialta an tsoláthair phoiblí – An féidir leis an Aontas níos mó a dhéanamh?], Deireadh Fómhair 2023.

(16)  An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna et al., SME needs analysis in public procurement — Final report [Anailís ar riachtanais FBManna sa soláthar poiblí — Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig na bhFoilseachán, 2021.

(17)  Tuarascáil Speisialta 28/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: Public Procurement in the EU – Less Competition for Contracts Awarded for Works, Goods and Services in the 10 Years Up to 2021 [Soláthar poiblí san Aontas Eorpach – Níos lú iomaíochta maidir le conarthaí a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhisí sna 10 mbliana roimh 2021’], Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 2023.

(18)  Tuarascáil ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 dar teideal ‘ Implementation and best practices of national procurement policies in the Internal Market’ [Cur chun feidhme agus dea-chleachtais na mbeartas náisiúnta um sholáthar sa Mhargadh Inmheánach] (COM(2021)0245),

(19)  Treoirlínte polaitiúla ó Uachtarán an Choimisiúin an 18 Iúil 2024 dar teideal ‘Rogha na hEorpa: Treoirlínte Polaitiúla don Chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029’, lch. 11.

(20)  Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach ( IO L 330, 23.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2560/oj).

(21)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/23/oj).

(22)  Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj.)

(23)  tuarascáil 28/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, fíor 11.

(24)  tuarascáil ón Údarás Eorpach Saothair i mí na Bealtaine 2024 dar teideal ‘ Evaluating policy responses to prevent undeclared work in public procurement contracts’ [Tuarascáil maidir leis an meastóireacht ar fhreagairtí beartais chun cosc a chur ar obair neamhdhearbhaithe sa soláthar poiblí].

(25)  Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).

(26)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 ( IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(27)  Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2560/oj).

(28)  Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha (IO L, 2023/2675, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj).

(29)  Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1470/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top