Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0159

P10_TA(2025)0159 — Cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfianaise Fhóram Polaitiúil Ardleibhéil 2025 — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 maidir le cur chun feidhme agus baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfianaise Fhóram Polaitiúil Ardleibhéil 2025 (2025/2014(INI))

IO C, C/2026/1441, 31.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1441/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1441/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1441

31.3.2026

P10_TA(2025)0159

Cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfianaise Fhóram Polaitiúil Ardleibhéil 2025

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2025 maidir le cur chun feidhme agus baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfianaise Fhóram Polaitiúil Ardleibhéil 2025 (2025/2014(INI))

(C/2026/1441)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagail 13 agus 208(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (1),

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2017 i dtaca leis an gComhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – Our world, our dignity, our future [Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí] (2),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh Right2Water (3) agus dá rún an 5 Deireadh Fómhair 2022 maidir le rochtain ar uisce mar cheart daonna — an ghné sheachtrach (4),

ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil, (5)

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (6),

ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2022 maidir le plean gníomhaíochta AE don gheilleagar sóisialta (7),

ag féachaint don rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 27 Márta 2023 dar teideal Promoting the Social and Solidarity Economy for Sustainable Development [An Geilleagar Sóisialta agus Dlúthpháirtíochta don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun cinn],

ag féachaint don rún ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le hobair chuibhiúil agus an geilleagar cúraim, a glacadh ag an 112ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair an 14 Meitheamh 2024,

ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2022 maidir le haghaidh a thabhairt ar shlándáil bia i dtíortha i mbéal forbartha (8),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2022 ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt a bheidh ann amach anseo (9),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2023 maidir le Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt (10),

ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2023 maidir le cur chun feidhme agus baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) (11),

ag féachaint don mholadh uaidh an 19 Nollaig 2024 chuig an gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (12),

ag féachaint dá rún an 11 Aibreán 2024 maidir leis an gceart chun ginmhillte a áireamh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (13),

ag féachaint dá rún an 24 Meitheamh 2021 ar staid na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe san Aontas, faoi chuimsiú shláinte na mban (14),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020 dar teideal [Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach – Cur chuige cuimsitheach] (SWD(2020)0400),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 3 Samhain 2021 dar teideal Better Regulation Guidelines [Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr] (SWD(2021)0305) agus don Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr ó mhí Iúil 2023,

ag féachaint do chomhtháthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa chreat um rialáil níos fearr, lena n-áirítear teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 dar teideal [Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámh a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh] (COM(2021)0219),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 26 Bealtaine 2015 maidir le díothú na bochtaineachta agus an fhorbairt inbhuanaithe tar éis 2015,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Geilleagar na Dea-Bhaile (15) agus do chonclúidí ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe le linn an 79ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Meán Fómhair 2024 - Meán Fómhair 2025,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Meitheamh 2021 dar teideal [Cur chuige cuimsitheach chun dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe – Atógáil ar bhealach níos fearr tar éis ghéarchéim COVID-19],

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le Foghlaim don Aistriú Glas agus don fhorbairt inbhuanaithe,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 dar teideal [Ról claochlaitheach an oideachais don fhorbairt inbhuanaithe agus don tsaoránacht dhomhanda mar uirlis ríthábhachtach chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a bhaint amach],

ag féachaint don chonclúid ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le spriocanna an Aontais i réimse na cabhrach forbraíochta,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal A new Circular Economy Action Plan – For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach – I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] (COM(2020)0098),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta AE: I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] (COM(2021)0400),

ag féachaint do thuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin an 3 Márta 2025 dar teideal Zero pollution monitoring and outlook 2025 [Faireachán agus ionchas i dtaobh truailliú nialasach, 2025],

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe (COM(2022)0066),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Márta 2024 dar teideal [Rioscaí aeráide a bhainistiú – daoine agus rathúnas a chosaint] (COM(2024)0091),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025)0085),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ (COM(2025)0097),

ag féachaint do na litreacha misin ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, chuig na 26 Choimisinéir Eorpacha,

ag féachaint do thuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an 4 Nollaig 2019 dar teideal The European environment – state and outlook 2020: Knowledge for transition to a sustainable Europe [Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020: Eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe],

ag féachaint do Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP III),

ag féachaint do Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030,

ag féachaint do straitéis cúraim na hEorpa,

ag féachaint don chéad athbhreithniú deonach de chuid an Aontais ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, arna chur faoi bhráid na Náisiún Aontaithe an 19 Iúil 2023,

ag féachaint do thuarascáil faireacháin 2024 ó Eurostat ar an dul chun cinn i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, a foilsíodh an 18 Meitheamh 2024,

ag féachaint do thuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal Indicators better suited to evaluate the SDGs – the civil society contribution [Táscairí níos oiriúnaí chun meastóireacht a dhéanamh ar SFInna – rannchuidiú na sochaí sibhialta], an 30 Deireadh Fómhair 2019 dar teideal Leaving no one behind when implementing the 2030 Sustainable Development Agenda [Gan aon duine a fhágáil ar lár agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe á chur chun feidhme], agus an 8 Nollaig 2021 dar teideal Renewed sustainable finance strategy [Straitéis athnuaite maidir le maoiniú inbhuanaithe],

ag féachaint do Rún 70/1 ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal [An domhan a chlaochlú: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] (Clár Oibre 2030), a glacadh ag Cruinniú Mullaigh sin na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe a bhí ar siúl an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac, agus lena mbunaítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,

ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW),

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (UNCBD) agus do Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal, a comhaontaíodh ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe in UNCBD,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD) agus do Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, 2021-2030,

ag féachaint do Chreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste, 2015-2030, a ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe ag an Tríú Comhdháil Dhomhanda de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Laghdú Rioscaí Tubaistí an 18 Márta 2015,

ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus do Chomhaontú Pháras a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015,

ag féachaint do Deich mBliana na Náisiún Aontaithe 2021-2030 maidir le hEolaíocht Aigéin um Fhorbairt Inbhuanaithe,

ag féachaint do Ghealltanas Buenos Aires, lena leagtar amach bealach chun cinn maidir le sochaí chúraim, a glacadh ag an 15ú Comhdháil Réigiúnach maidir le Mná i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, a d’eagraigh an Coimisiún Eacnamaíoch do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib, an Oifig Réigiúnach do Chríocha Mheiriceá agus do Mhuir Chairib de chuid Eintiteas na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan (Mná na Náisiún Aontaithe), agus Rialtas na hAirgintíne, agus a tionóladh in Buenos Aires ón 7 go dtí an 11 Samhain 2022,

ag féachaint do thuarascáil chomhpháirteach 2024 dar teideal Are we getting there? A synthesis of the UN system evaluations of SDG 5 ‘An bhfuilimidann go fóill? Sintéis de mheastóireachtaí chóras na Náisiún Aontaithe ar SFI 5’, arna fhoilsiú ag Mná na Náisiún Aontaithe, Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, Ciste Daonra na Náisiún Aontaithe, Ciste Leanaí na Náisiún Aontaithe agus an Clár Domhanda Bia,

ag féachaint do chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (BBNJ) an 4 Márta 2023 (Conradh na Náisiún Aontaithe ar an Mórmhuir),

ag féachaint don Dearbhú maidir le Foréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú,

ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne 2024 ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint d’Ardán Bhéising le haghaidh Gníomhaíochta agus do thorthaí a chomhdhálacha athbhreithnithe,

ag féachaint do rún 48/13 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, a glacadh an 8 Deireadh Fómhair 2021, agus do rún 76/300 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, a glacadh an 28 Iúil 2022, maidir le ceart an duine chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe agus do rún 2545 (2024) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, a glacadh an 18 Aibreán 2024, maidir le ceart an duine chun comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe a phríomhshruthú le próiseas Reykjavik,

ag féachaint do rún 5/10 ó Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA). [An ghné chomhshaoil de théarnamh iar-COVID-19 atá inbhuanaithe, athléimneach agus cuimsitheach], a glacadh an 2 Márta 2022,

ag féachaint do Thuarascáil na Náisiún Aontaithe ar an bhForbairt Inbhuanaithe Dhomhanda, 2019, dar teideal [Tá an Todhchaí Buailte Linn; Eolaíocht chun an Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach],

ag féachaint don tuarascáil ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dar teideal [Ár gComhchlár Oibre], a cuireadh faoi bhráid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, agus don sainordú a tugadh le Rún 76/6 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 15 Samhain 2021 d’Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe maidir le hobair leantach a dhéanamh ar a thuarascáil,

ag féachaint do Thuarascáil na Náisiún Aontaithe ar an bhForbairt Inbhuanaithe, 2021, dar teideal [Deich mBliana Gníomhaíochta le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe], agus do Thuarascáil na Náisiún Aontaithe ar an bhForbairt Inbhuanaithe, 2022, dar teideal [Ó Ghéarchéim go Forbairt Inbhuanaithe: SFInna mar Threochlár go dtí 2030 agus ina dhiaidh sin],

ag féachaint do Thuarascáil na Náisiún Aontaithe ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, 2024,

ag féachaint do thuarascáil speisialta 2018 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide ar théamh domhanda 1.5°C, don tuarascáil speisialta uaidh ar an athrú aeráide agus ar thalamh, don tuarascáil speisialta uaidh ar an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú agus don séú tuarascáil mheasúnachta (AR6) uaidh,

ag féachaint do thuarascáil mheasúnachta dhomhanda ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) an 25 Samhain 2019 ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais, agus do na tuarascálacha measúnachta is déanaí uaidh ar naisc agus ar athrú ó bhonn,

ag féachaint do thuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) an 18 Feabhra 2021 dar teideal [Síochán a dhéanamh leis an Dúlra: treoirphlean eolaíoch chun dul i ngleic le héigeandálaí aeráide, bithéagsúlachta agus truaillithe]

ag féachaint d’fhoilseachán Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe ó mhí Eanáir 2022 dar teideal [Dea-Chleachtais SFI: Cnuasach de scéalta ratha agus ceachtanna a foghlaimíodh i gcur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe – An Dara hEagrán],

ag féachaint do thuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an 10 Samhain 2022 dar teideal [Ionchas Domhanda 2023 maidir le Maoiniú don Fhorbairt Inbhuanaithe: Ní Féidir Inbhuanaitheacht a bheith ann Gan Cothromas a bheith ann],

ag féachaint do Thuarascáil 2023/24 ar an bhForbairt Dhaonna dar teideal [An tSáinn a Shárú: Comhar a athshamhlú i saol deighilte’],

ag féachaint do thuarascáil mhí Aibreáin 2024 ó Thascfhórsa Idirghníomhaireachta na Náisiún Aontaithe um Maoiniú don Fhorbairt, dar teideal Financing for Sustainable Development Report 2024: Financing for Development at a Crossroads ‘Maoiniú don Fhorbairt Inbhuanaithe 2024: Maoiniú d’Fhorbairt ag Crosbhealach’,

ag féachaint do thionscnamh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dar teideal [Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ina spreagadh le Clár Oibre 2030 a bhaint amach] ó mhí Feabhra 2023,

ag féachaint do Thionscnamh Bridgetown a seoladh an 23 Meán Fómhair 2022,

ag féachaint don tionscnamh ‘Aon Sláinte Amháin’ de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) agus don Phlean Gníomhaíochta Comhpháirteach ‘Aon Sláinte Amháin’ (2022-2026) ó EDS, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, agus UNEP,

ag féachaint do thuarascáil 2024 ó EDS maidir leis an dul chun cinn i dtaobh an Phlean Gníomhaíochta Domhanda maidir le Saol Sláintiúil agus Folláine do Chách,

ag féachaint don Tionscnamh Spotsolais chun an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a dhíothú,

ag féachaint do Threoirlínte Deonacha FAO maidir leis an Iascach Inbhuanaithe ar Mionscála a Chinntiú i gComhthéacs na Slándála Bia agus Dhíothú na Bochtaineachta,

ag féachaint don Chruinniú Mullaigh le haghaidh Comhshocrú Airgeadais Domhanda nua a bhí ar siúl i bPáras i Meitheamh 2023,

ag féachaint do Chruinniú Mullaigh 2023 maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhí ar siúl i Meán Fómhair 2023, le linn sheachtain ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do Chruinniú Mullaigh na Todhchaí a tionóladh an 22 agus an 23 Meán Fómhair 2024 i Nua-Eabhrac, don toradh a bhí air, don Chomhshocrú don Todhchaí, ina ngealltar 56 ghníomhaíocht a dhéanamh chun dlús a chur leis an bhforbairt inbhuanaithe agus chun í a mhaoiniú, agus don dá Iarscríbhinn a ghabhann leis, don Chomhshocrú Digiteach Domhanda agus don Dearbhú maidir leis na glúnta a bheidh ann amach anseo,

ag féachaint don 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta a bhí ar siúl in Sevilla na Spáinne, ón 30 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2025,

ag féachaint don tuarascáil ón Líonra Réitigh um Fhorbairt Inbhuanaithe ó mhí Eanáir 2025 dar teideal Europe Sustainable Development Report 2025: SDG Priorities for the New EU Leadership [Tuarascáil 2025 maidir le Forbairt Inbhuanaithe na hEorpa: Tosaíochtaí SFInna do Cheannaireacht Nua an Aontais],

ag féachaint don bhunachar sonraí ar líne dar teideal SDG Acceleration Actions [Gníomhaíochtaí Luasghéaraithe SFI],

ag féachaint do na tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana lena spreagtar comhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhorbairt agus an Choiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (A10-0125/2025),

A.

de bhrí gurb iad Clár Oibre 2030 agus na 17 SFI chomhtháite, lena n-áirítear a 169 sprioc agus 247 dtáscaire, an t-aon chreat atá comhroinnte agus comhaontaithe go polaitiúil ar fud an domhain le haghaidh beartais fhianaise-bhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach ina dtrí ghné — an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta agus an ghné chomhshaoil — ar bhealach cothrom agus comhtháite;

B.

de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag Ballstáit na Náisiún Aontaithe na SFInna a bhaint amach faoi 2030; de bhrí nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ach i leith 17 % de na SFInna, gur beag dul chun cinn atá á dhéanamh i leith leath na SFInna, geall leis, nó gur dul chun cinn measartha atá á dhéanamh ina leith, agus nach bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh i leith níos mó ná aon trian de na SFInna, nó go bhfuil an dul chun cinn ina leith dulta ar gcúl fiú i dtreo is go bhfuil sé faoi bhun leibhéil bhonnlíne 2015; de bhrí go léiríonn na céimeanna tábhachtacha atá déanta cheana i réimsí ríthábhachtacha an gá atá le gníomhaíocht phráinneach chun an treocht scanrúil sin a aisiompú agus gur cheart dóibh gníomhú mar dhreasacht chun na SFInna a chur chun feidhme ina n-iomláine;

C.

de bhrí go dtugtar le tuiscint le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 go bhfuil an fhorbairt eacnamaíoch fite fuaite leis an gceartas sóisialta, leis an dea-rialachas agus le hurraim do chearta an duine; de bhrí go bhfuil iarmhairtí phaindéim COVID-19, an tírdhreach geopholaitiúil nua, coinbhleachtaí atá ag dul in olcas, teannas geopholaitiúil, sárú teorainneacha pláinéadacha, spleáchais mhéadaitheacha ar amhábhair agus ar mhianraí criticiúla, éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta, agus géarchéimeanna iomadúla i réimsí éagsúla ag cur isteach go mór ar an dul chun cinn i dtreo SFInna a bhaint amach;

D.

de bhrí go meastar go sroichfidh líon na ndaoine breise atá faoi fhíorbhochtaineacht sna tíortha is boichte ar domhan 175 mhilliún duine faoi 2030, lena n-áirítear 89 milliún bean agus cailín (16); de bhrí go bhfuil daoine faoi mhíchumas níos leochailí i leith na bochtaineachta mar gheall ar dheiseanna fostaíochta agus oideachais laghdaithe, pá níos ísle agus costais mhaireachtála níos airde; de bhrí go bhfuil géarghá le gníomhaíocht chomhchoiteann bhreise chun freagairt don bhochtaineacht;

E.

de bhrí go bhfuil na SFInna, ós rud é go bhfuil siad uilíoch agus doroinnte, infheidhme maidir leis na gníomhaithe uile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, agus maidir leis an earnáil phoiblí agus leis an earnáil phríobháideach araon; de bhrí gur cheart do na gníomhaithe sin a bheith rannpháirteach go córasach i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartas a bhaineann leis na SFInna; de bhrí go dtugann tiomantas na hearnála príobháidí do na SFInna an deis scála na ngníomhaíochtaí forbartha agus a n-inbhuanaitheacht a mhéadú trí phoist a chruthú, fás eacnamaíoch a spreagadh agus bochtaineacht a dhíothú;

F.

de bhrí gur leag AE béim ar a thiomantas doshéanta do Chlár Oibre 2030 agus dá SFInna; de bhrí nach bhfuil an dul chun cinn i dtreo spriocanna SFI a bhaint amach míchothrom ar fud thíortha na hEorpa agus nach bhfuil dul chun cinn suntasach léirithe ag go leor gnéithe den fhorbairt inbhuanaithe le 10 mbliana anuas, agus go bhfuil leibhéil mhéadaitheacha bhochtaineachta agus leibhéal méadaitheach neamhionannais idir tíortha agus laistigh díobh ina mbagairt don fhorbairt inbhuanaithe; de bhrí go léirítear sa tuarascáil is déanaí maidir le faireachán ar dhul chun cinn an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol nach bhfuil AE ar an mbóthar ceart chun na spriocanna a bhaint amach i gcás fhormhór na dtáscairí (17); de bhrí gur aithin an Coimisiún go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn maidir le go leor SFInna ar leibhéal AE, agus go bhfuil sé níos práinní ná riamh dlús a chur le cur chun feidhme na SFInna, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine leochaileacha;

G.

de bhrí nár cheap an Coimisiún straitéis uileghabhálach go fóill chun Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar leibhéal AE ná plean maoinithe do na SFInna; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún cur chuige ‘uile-rialtais’ a ghlacadh maidir le cur chun feidhme SFInna agus gur cheart dá chlár oibre cur i gcrích Chlár Oibre 2030 a chothú; de bhrí gur cheart do AE dea-shampla a thabhairt chun rathúnas a áirithiú do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht ar fud an domhain;

H.

de bhrí go dtionólfar Fóram Polaitiúil Ardleibhéil (HLPF) 2025 ón 14 go dtí an 23 Iúil 2025 faoi choimirce na Comhairle Eacnamaíche agus Sóisialta; de bhrí go ndíreofar leis an HLPF ar réitigh inbhuanaithe, chuimsitheacha, eolaíochtbhunaithe agus fhianaisebhunaithe a chur chun cinn i leith Chlár Oibre 2030 agus a SFInna, agus é mar aidhm leis nach bhfágfar aon duine ar lár; de bhrí go ndéanfar grinn-athbhreithnithe ann ar SFI 3 (Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois), SFI 5 (Comhionannas inscne a bhaint amach agus gach bean agus cailín a chumhachtú), SFI 8 (Fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán agus tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn), SFI 14 (Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe), agus SFI 17 (An chomhpháirtíocht dhomhanda um fhorbairt inbhuanaithe a athbheochan);

I.

de bhrí gur bunús fíor-riachtanach d’fholláine na ndaoine í an tsláinte; de bhrí gur staid iomlán fhisiceach, mheabhrach agus shóisialta í an tsláinte agus nach é amháin go bhfuil galar nó míchumas in easnamh (18); de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 aisti féin deireadh le 10 mbliana de dhul chun cinn ar leibhéil dhomhanda ionchais saoil (19); de bhrí gurb iad galair neamhtheagmhálacha (NCDanna), lena n-áirítear galar cardashoithíoch, ailse, diaibéiteas, néaltrú agus galar riospráide ainsealach, na príomhchúiseanna báis ar domhan; de bhrí gur cúis imní í an tsábháilteacht ar bhóithre freisin;

J.

de bhrí gur toisc mhór é truailliú aeir do ghalair neamhtheagmhálacha agus gurb é is cúis le beagnach 7 milliún bás ar fud an domhain, agus go dtarlaíonn níos mó ná naoi gcinn as gach deich mbás i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim; de bhrí, ar leibhéal AE, go bhfuil truailliú aeir fós ar an mbaol is mó don tsláinte chomhshaoil, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, rud is cúis leis na céadta míle bás anabaí gach bliain;

K.

de bhrí go bhfuil comhionannas inscne ríthábhachtach d’fhorbairt chothrom, chuimsitheach agus inbhuanaithe; de bhrí, in ainneoin roinnt céimeanna chun cinn, go bhfuil neamhionannais shuntasacha fós ann; de bhrí go bhfuil gá le cearta na mban a threisiú, mná agus cailíní a chumhachtú, noirm shóisialta chlaonta a cheistiú, deireadh a chur le cleachtais dhíobhálacha agus dul i ngleic le hidirdhealú chun SFI 5 a chur chun cinn;

L.

de bhrí go bhfuil laghdú ag teacht ar chosaint na gceart saothair agus go bhfuil an neamhionannas ioncaim ag dul i méid; de bhrí gur shroich an bhearna dhomhanda post 402 mhilliún in 2024, agus go ndéanann fíorchineálacha bochtaineachta oibre difear do 240 milliún oibrí ar fud an domhain (20); de bhrí go mbíonn mná agus daoine óga thíos le rátaí dífhostaíochta níos airde; de bhrí nach bhfuil níos mó ná duine amháin as gach cúigear i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (21);

M.

de bhrí go gcumhdaíonn an t-aigéan níos mó ná 70 % de dhromchla ár bpláinéid agus gurb é an t-éiceachóras is mó atá aige é; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an aigéan mar rialtóir aeráide, go gcumasaíonn sé gníomhaíocht eacnamaíoch agus go gcuireann sé slite beatha ar fáil do níos mó ná 3 bhilliún duine; de bhrí gurb é an t-aigéan an comhghuaillí is mó ar domhan i gcoinne an athraithe aeráide toisc go ngineann sé 50 % d’ocsaigin an domhain, go n-ionsúnn sé 25 % de na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin uile agus go ngabhann sé 90 % den fharasbarr teasa a ghineann na hastaíochtaí sin ach go bhfuil a acmhainneacht ionsúcháin ag laghdú; de bhrí go bhfuil tionchar mór ag truailliú, ídiú iascaigh, cailliúint gnáthóg cósta agus gníomhaíochtaí daonna eile ar 40 % den aigéan; de bhrí gur fhógair Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ‘éigeandáil aigéin’ le linn Chomhdháil na Náisiún Aontaithe in 2022 maidir leis na hAigéin; de bhrí gur cheart rialachas cuimsitheach aigéan, i measc nithe eile, a bheith bunaithe ar chearta an duine agus a bheith cothrom go sóisialta, agus comhionannas inscne a fheabhsú;

N.

de bhrí go bhfuil bearna infheistíochta bhliantúil USD 4 thrilliún ann faoi láthair i leith bhaint amach na SFInna; de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar shreafaí infheistíochta dírí coigríche chuig tíortha i mbéal forbartha agus go bhfuil na gnóthachain i seoltáin agus i gcúnamh oifigiúil forbraíochta (COF) measartha (22);

O.

de bhrí gur bacainn mhór í an easpa maoinithe maidir le torthaí comhionannais inscne a bhaint amach; de bhrí go bhfuil comhionannas inscne ríthábhachtach chun gealltanais na hinbhuanaitheachta, an rathúnais, an cheartais shóisialta, na síochána agus an dul chun cinn dhaonna a chomhlíonadh; de bhrí go bhfuil gealltanais fhónta agus leanúnacha airgeadais agus próisis bhuiséadaithe neartaithe bunriachtanach chun tacú le cur chun feidhme reachtaíochta, beartas agus seirbhísí a fhreagraíonn do chúrsaí inscne chun comhionannas inscne a chur chun cinn ar fud spriocanna uile SFI 5 (23);

P.

de bhrí, tar éis deich mbliana de charnadh tapa fiachais, go bhfuil leibhéil fiachais na dtíortha ísealioncaim, meánioncaim agus ardioncaim fós ar leibhéil arda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, rud a chuireann teorainn lena n-acmhainneacht infheistíocht a dhéanamh chun SDGanna a bhaint amach agus chun dul i ngleic go héifeachtúil le dúshláin aeráide; de bhrí go bhfuil thart ar 60 % de thíortha ísealioncaim i mbaol mór ó thaobh anás fiachais de nó go bhfuil siad in in anás fiachais cheana féin (24); de bhrí go ndéantar an spás fioscach atá ann cheana i dtíortha i mbéal forbartha a bhfuil fiachais ollmhóra acu a laghdú tuilleadh mar gheall ar thurraingí seachtracha, amhail tubaistí nádúrtha, gnéithe éagsúla de bhainistiú fiachais, costais iasachtaíochta níos airde agus easpa timpeallacht idirnáisiúnta fhabhrach chun acmhainní intíre a shlógadh;

Q.

de bhrí go bhfuil meath domhanda tagtha ar ioncaim mar thoradh ar shreafaí aindleathacha airgeadais, creimeadh an bhoinn cánach, aistriú brabúis agus éilliú agus gur bacainn thábhachtach eile ar an bhforbairt inbhuanaithe iad; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh comhair agus rialacha idirnáisiúnta cánach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin;

R.

de bhrí gurb iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir is mó do thíortha i mbéal forbartha, a sholáthraíonn thart ar 42 % den chúnamh oifigiúil forbraíochta iomlán; de bhrí go bhfuil sprioc leagtha síos ag an Aontas cúnamh oifigiúil forbraíochta arb ionann é agus 0,7 % dá ollioncam náisiúnta (OIN) a chur ar fáil i dteannta a chéile; de bhrí gurbh ionann cúnamh oifigiúil forbraíochta comhchoiteann AE agus 0,57 % OIN in 2023 agus nach raibh ach ceithre Bhallstát ag comhlíonadh na sprice a comhaontaíodh agus roinnt Ballstát eile ag déanamh ciorruithe stairiúla ar a gcúnamh oifigiúil forbraíochta; de bhrí, chun an sprioc chomhaontaithe a bhaint amach, gur cheart gurb ionann buiséad an Aontais le haghaidh cúnamh oifigiúil forbraíochta agus íosmhéid measta EUR 200 billiún thar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile; de bhrí gur ionstraim straitéiseach é Global Gateway agus go bhfuil sé d’acmhainn aici raon SDGanna idirnasctha a chur chun cinn, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus infheistíochtaí san iompar, san fhuinneamh, sa bhonneagar digiteach, sa tsláinte agus san oideachas;

S.

de bhrí gur athdhearbhaíodh tiomantas polaitiúil AE don chomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt sa Chomhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt 2017, inar sainaithníodh comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt mar ‘eilimint ríthábhachtach de straitéis an Aontais chun na SDGanna a bhaint amach agus mar rannchuidiú tábhachtach leis an gcuspóir níos leithne maidir le comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe (PCSD)’; de bhrí gur cur chuige é PCSD lena gcomhtháthaítear gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe ag gach céim den cheapadh beartas intíre agus idirnáisiúnta;

T.

de bhrí go bhfuil roinnt cinntí déanta ag riarachán nua na Stát Aontaithe i réimse na forbartha idirnáisiúnta agus na cabhrach daonnúla atá díobhálach agus ar ábhar buartha iad, go háirithe 83 % den chistiú do chláir Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) a chur ar fionraí; de bhrí go meastar go mbaineann sé sin le USD 54 bhilliún i gconarthaí cabhrach eachtraí; de bhrí go mbeidh impleachtaí fadtéarmacha ag cistiú USAID a bheith curtha ar fionraí agus ag ciorruithe ar chabhair dhomhanda ag roinnt Ballstát ar chlár oibre forbartha an domhain agus ar bhaint amach SDGanna;

Staid na himeartha

1.

á athdhearbhú go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go ndéanfar na SDGanna uile, a spriocanna agus Clár Oibre 2030 ina iomláine a chur chun feidhme agus a bhaint amach go hiomlán agus go pras, go háirithe i bhfianaise an tírdhreacha gheopholaitiúil, shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil atá ag dul in olcas; ag athdhearbhú a tiomantais láidir don Chomhshocrú don Todhchaí, ar céim ríthábhachtach é chun na Náisiúin Aontaithe a athbheochan agus na SDGanna a bhaint amach;

2.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an comhphobal domhanda go mór chun deiridh i ndáil le Clár Oibre 2030 a thabhairt chun fíoraithe agus na spriocanna i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach; aithníonn sí idirnascthacht agus idirspleáchas na 17 SDG agus aithníonn sí go mbeidh gá le gníomhaíocht leathan luathaithe ar fud na SDGanna uile chun Clár Oibre 2030 agus cláir ina dhiaidh sin a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir gur bacainní suntasacha iad éifeachtaí scanrúla phaindéim COVID-19, coinbhleachtaí atá ag dul in olcas, teannas geopholaitiúil, éigeandálaí sóisialta, sláinte agus daonnúla agus éifeachtaí diúltacha luathaithe an athraithe aeráide chun spriocanna SDG a bhaint amach agus go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí ó na gníomhaithe uile chun freastal ar fhíor-riachtanais;

3.

á aithint go bhfuil an mhoill maidir leis na SDGanna a bhaint amach níos measa mar gheall ar an mbearna shuntasach dul chun cinn i measc grúpaí éagsúla tíortha, go háirithe sna tíortha agus sna réigiúin is boichte agus is leochailí; á thabhairt chun suntais go bhfuil an dul chun cinn éagothrom atá ann faoi láthair ag dul in olcas mar gheall ar chistiú USAID a bheith curtha ar fionraí agus trí chiorruithe ar bhuiséid chúnaimh dhomhanda ag Ballstáit AE agus ag tíortha eile ECFE; á chur i bhfáth gur gá béim láidir a choinneáil ar an gcomhar um fhorbairt chun an domhan a chur ar an mbealach ceart chun na SDGanna a bhaint amach;

4.

á chur i bhfios go láidir go ndéantar beartais ábhartha chun na SDGanna a bhaint amach i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim a laghdú den chuid is mó le leibhéil arda fiachais agus le hualaí arda seirbhísithe fiachais; á chur i bhfios freisin go bhfuil teorainneacha leis an ollstruchtúr airgeadais domhanda agus nach bhfuil tacaíocht idirnáisiúnta leordhóthanach ann; á chur i bhfáth go bhfuil níos mó acmhainní airgeadais agus spás fioscach ag teastáil go práinneach ó na tíortha sin chun infheistíocht i bhfad níos mó sna SDGanna a éascú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le comhar domhanda chun an t-ollstruchtúr airgeadais domhanda a athchóiriú, go háirithe i bhfianaise an 4ú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú na Forbraíochta a tionóladh in Sevilla ón 30 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2025;

5.

á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le comhar idirnáisiúnta agus le gníomhaíocht chinntitheach chlaochlaitheach chun ár sochaithe agus ár ngeilleagair a chur go daingean ar an mbealach ceart chun na SDGanna a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim phláinéadach thriarach an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe; á thabhairt chun suntais gur cheart na SDGanna a bhaint amach ar bhealach cóir agus teorainneacha pláinéadacha á n-urramú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an inbhuanaitheacht shóisialta, lena n-áirítear neamhionannais dhomhanda a laghdú, rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha a áirithiú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, a phríomhshruthú ar fud iarrachtaí uile chur chun feidhme na SDGanna;

6.

á chur in iúl gur geal léi, mar chéad chéim, an leagan is déanaí de Thionscnamh Bridgetown ó thaobh gníomhú ar son na haeráide de, ina n-iarrtar go ndéanfaí USD 500 billiún breise a shlógadh in aghaidh na bliana le haghaidh maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin i dtíortha i mbéal forbartha; á mheabhrú, áfach, gurb ísle sin fós ná an méid is gá; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, dá réir sin, oibriú chun USD 1.3 trilliún breise a chur ar fáil in aghaidh na bliana don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú don athrú sin chomh maith le caillteanas agus damáiste, trí ionstraimí lamháltais poiblí agus neamhchruthaithe fiachais, i gcomhréir le ‘Treochlár Baki go Belem’ a comhaontaíodh ag COP 29;

7.

á athdhearbhú gur coinníoll bunúsach é an comhar idirnáisiúnta chun go ndéanfaidh an domhan dul chun cinn maidir leis na SDGanna faoi 2030 agus ina dhiaidh sin agus gur cheart, leis an gcomhar sin, tús áite a thabhairt do neartú athléimneacht, chobhsaíocht agus neamhspleáchas na dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe san Afraic, trí dheiseanna don fhorbairt eacnamaíoch agus dhaonna a chur chun cinn agus trí dhíriú ar phríomhthosaíochtaí amhail cothú, cúram sláinte agus oideachas; á thabhairt chun suntais, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann leis an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin agus ar na pobail is faide ón marc, chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár; ag tabhairt rabhaidh gurb iad na daoine is leochailí go príomha a sheasfadh iarmhairtí na neamhghníomhaíochta nó na moille breise ach go ndéanfadh sé dochar freisin don domhan ina iomláine;

8.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rochtain gan bhriseadh ar shonraí ardcháilíochta aeráide agus comhshaoil agus oibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh le haghaidh ceapadh beartas atá bunaithe ar eolaíocht agus ar fhianaise; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go léiríonn forbairtí geopholaitiúla le déanaí leochaileachtaí sa bhonneagar domhanda aeráide; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil gá le comhar níos láidre idir institiúidí an Aontais agus institiúidí domhanda, IPCC agus na Náisiúin Aontaithe chun a áirithiú go leanfaidh beartais an Aontais agus beartais dhomhanda araon de bheith bunaithe ar an eolaíocht aeráide is déanaí;

9.

ag aithint a thábhachtaí atá straitéisí forbartha inbhuanaithe tírthreoraithe chun na SDGanna a chur chun feidhme; á aithint gur cheart cuir chuige forbartha inbhuanaithe a chur in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla sonracha; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil ról suntasach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le gníomhaíochtaí agus straitéisí áitiúla a shainiú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, ar gníomhaíochtaí agus straitéisí iad a rannchuidíonn le baint amach na SDGanna ar fud an domhain; á chur i bhfáth, thairis sin, chun na SDGanna a chur chun feidhme go héifeachtach, go bhfuil gá le rannpháirtíocht raon leathan geallsealbhóirí, comhpháirtíochtaí sóisialta agus institiúideacha níos láidre, infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, comhar agus freagracht chomhroinnte idir gníomhaithe poiblí, rannpháirtíocht níos mó na ndaoine, oideachas leormhaith agus idirghníomhaíocht níos leithne idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, an eolaíocht agus an tsochaí shibhialta;

10.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ceannaireacht an Aontais i gcur chun feidhme domhanda na SDGanna ríthábhachtach i gcónaí, go háirithe mar gheall ar an iliomad dúshlán geopholaitiúil agus géarchéimeanna atá ann; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Aontas agus dá Bhallstáit ról ceannaireachta níos láidre a ghlacadh maidir le hiarrachtaí domhanda a chomhordú chun marbhántacht nó cúlchéimniú a aisiompú, agus chun baint amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe a éascú agus a luathú, agus ag an am céanna leanúint de bheith ina gcomhpháirtí iontaofa le haghaidh cabhair éifeachtach agus inbhuanaithe; á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an gComhaontú Glas don Eoraip maidir leis na SDGanna a chur chun feidhme agus a bhaint amach;

11.

á thabhairt chun suntais gur gá acmhainní airgeadais leordhóthanacha a shlógadh i dtreo claochluithe atá ábhartha do SDGanna agus comhleanúnachas beartais agus cuimsitheacht a chur chun cinn ar gach leibhéal rialachais, agus tús áite á thabhairt do SDGanna a áireamh i gceapadh beartas agus i measúnuithe tionchair an Choimisiúin;

12.

á iarraidh ar institiúidí an Aontais a ghealltanais sheanbhunaithe a chomhlíonadh maidir le príomhshruthú inscne agus dearcadh trasnach a chur i bhfeidhm maidir le beartais agus cistiú uile an Aontais Eorpaigh; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil 44 % de na sonraí is gá chun SFI 5 a rianú fós ag tíortha agus go bhfuil sonraí maidir le sprioc SFI 5 amháin ar a laghad in easnamh ag os cionn 80 % de na tíortha (25); á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá oifigí staidrimh náisiúnta a neartú agus a gcomhordú agus a gcomhar domhanda a fheabhsú chun ceapadh beartas eolasach a áirithiú agus na bearnaí sonraí inscne atá fós ann a dhúnadh;

13.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról suntasach ag na Náisiúin Aontaithe agus HLPF maidir le faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na SDGanna; á chreidiúint gur cheart leas a bhaint as HLPF 2025 mar dheis chun treoir pholaitiúil ardleibhéil agus spreagadh nua a chur le hiarrachtaí treisithe agus do ghníomhaíocht luathaithe chun na SDGanna a bhaint amach faoi 2030;

Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhfuil grinn-athbhreithniú á dhéanamh ag HLPF 2025 orthu

SFI 3. Saol sláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur chun cinn do gach duine gan beann ar aois

14.

á chur in iúl gur oth léi gur beag dul chun cinn atá á dhéanamh i leith bhunáite spriocanna SFI 3, nó gur dul chun cinn measartha atá á dhéanamh ina leith, agus gur dul chun cinn mall atá á dhéanamh i leith príomhréimsí iomadúla ó bhí 2015 ann; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil níos lú ná 10 % de spriocanna SFI 3 ar shéala a bheith bainte amach agus gur dócha go mbainfear amach níos lú ná aon trian díobh faoi 2030; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur tharla céimeanna ar gcúl don Aontas freisin i dtuairim is leath de na táscairí a ndearna Eurostat anailís orthu dá thuarascáil i mí an Mheithimh 2024

15.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil moill tagtha ar an dul chun cinn i dtreo cumhdach sláinte uilíoch, rud a fhágann nach bhfuil rochtain ag beagnach leath de dhaonra an domhain ar sheirbhísí riachtanacha sláinte; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go nochtar 2 bhilliún duine do chruatan airgeadais ó chostais cúraim sláinte mar gheall ar an easpa cumhdaigh sláinte (26);

16.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil brú méadaithe ar chórais cúraim sláinte mar gheall ar dhaonra an domhain atá ag dul in aois, bonneagar cúraim sláinte ar chaighdeán íseal agus ganntanas domhanda oibrithe cúraim sláinte agus á mheabhrú gur gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cumhdach sláinte uilíoch; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha ann ar fud an domhain maidir le líon leordhóthanach na n-oibrithe cúraim sláinte, agus an dlús agus an dáileadh is ísle ag tíortha ísealioncaim; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le 1,8 milliún oibrí cúraim sláinte breise i 54 thír, tíortha ardioncaim den chuid is mó, díreach chun a ndlús caighdeánaithe de réir aoise reatha a choinneáil (27); á thabhairt chun suntais a leochailí atá oibrithe cúraim sláinte a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar ualach oibre méadaithe, traochadh agus fadhbanna meabhairshláinte; á mholadh go mbeadh tacaíocht spriocdhírithe, oiliúint agus bearta cosanta ann chun gairmithe túslíne a chosaint agus chun acmhainneacht práinnfhreagartha sláinte éigeandála a neartú;

17.

á chur i bhfáth go bhfuil baol ann go rachaidh an ghéarchéim sláinte in olcas, go mbainfear an bonn den tslándáil sláinte dhomhanda agus den dul chun cinn i dtreo spriocanna SDG 3, mar gheall thionchar diúltach an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta ar an tsláinte, ar an éagobhsaíocht eacnamaíoch, ar an mbochtaineacht, ar neamhionannais leanúnacha, go háirithe i measc daonraí agus réigiúin leochaileacha, agus ar acmhainní atá ag éirí níos srianta, in ainneoin na n-éileamh méadaitheach ar sheirbhísí sláinte;

18.

á chur in iúl gur oth léi éifeacht uafásach phaindéim COVID-19 ar an tsláinte dhomhanda agus ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna SDG 3; á chur i bhfáth gur léiríodh le paindéim COVID-19 laigí fairsinge fadtéarmacha i gcórais cúraim sláinte agus gur tugadh chun suntais a thábhachtaí atá sé ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, acmhainneacht freagartha ar ghéarchéimeanna agus athléimneacht na gcóras cúraim sláinte a mhéadú; á chur i bhfáth nach bhfuil aon teorainneacha ag bagairtí sláinte agus gur féidir le héigeandáil sláinte áitiúil géarú go tapa ina phaindéim dhomhanda, rud a éilíonn freagairt chomhordaithe dhomhanda agus comhar idirnáisiúnta neartaithe trí institiúidí sláinte iltaobhacha láidre, go háirithe EDS;

19.

á chur in iúl gur oth léi go mór cinneadh na Stát Aontaithe tarraingt siar ó EDS agus díchóimeáil na gclár sláinte faoi USAID; á chur i bhfios go láidir go mbeidh tionchar tromchúiseach ag an gcinneadh sin ar shaol daoine agus ar rochtain daoine ar sheirbhísí sláinte ar fud an domhain, rud a dhéanfaidh laigí sna córais sláinte dhomhanda a nochtadh agus a ghéarú, éagothromaíochtaí cúraim sláinte a mhéadú agus acmhainní a bhrú le hiarmhairtí fadtéarmacha don tslándáil sláinte dhomhanda agus don athléimneacht sláinte dhomhanda; á chur i bhfáth go gcuirfidh an tarraingt siar sin bac suntasach ar an dul chun cinn i dtreo SDG 3 a bhaint amach trí acmhainneachtaí a laghdú chun faireachán a dhéanamh ar bhagairtí sláinte, agus ar chomhordú, ar acmhainní agus ar cheannaireacht idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte agus rochtain chothrom ar an tsláinte a chur chun cinn do chách; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe athmhachnamh a dhéanamh ar a gcinneadh tarraingt siar ó EDS;

20.

á aithint go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas mar thoradh ar iarrachtaí chun galair theagmhálacha amhail VEID-SEIF, eitinn, maláire agus galair thrópaiceacha a ndéantar siléig iontu a chomhrac; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, an méadú atá tagtha ar líon na gcásanna maláire agus eitinne agus, in ainneoin an méid atá bainte amach, go bhfuil neamhionannais fós ann agus go bhfuil bagairtí ag teacht chun cinn i gcónaí, rud a fhágann go bhfuil go leor pobal leochaileach agus a lagaíonn iarrachtaí domhanda; á chur in iúl gur oth léi go mór go bhféadfadh cur isteach ar chláir VEID-SEIF 20 bliain de dhul chun cinn a mhilleadh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le breis agus 10 milliún cás VEID-SEIF agus 3 mhilliún bás (28); á iarraidh go ndéanfaí beartais agus cláir a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí chun rátaí tarchuir a laghdú tuilleadh agus chun rochtain ar chóireáil agus ar chosc a fheabhsú, go háirithe i dtíortha lagfhorbartha;

21.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar fós ag galair thrópaiceacha a ndéantar siléig iontu ar na billiúin daoine, agus nach bhfuil rochtain leordhóthanach ag go leor tíortha ar chóireáil, rud a thugann chun suntais go bhfuil géarghá le hacmhainneachtaí coisc, ullmhúcháin agus freagartha an Aontais agus a chomhpháirtithe a neartú, go háirithe sa Domhan Theas, chun a áirithiú go mbainfidh gach duine tairbhe as iarrachtaí domhanda; á iarraidh go mbeadh dreasachtaí ann chun taighde agus forbairt a chur chun cinn maidir le cógais leighis atá dírithe ar ghalair thrópaiceacha; á iarraidh ar an Aontas bearta réamhghníomhacha a dhéanamh chun nuálaíocht a spreagadh agus dlús a chur le hinfhaighteacht drugaí;

22.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, in ainneoin an fheabhsaithe ó thaobh cnáimhseacha cáilithe a bheith ann agus an laghdaithe ar mhortlaíocht fhoriomlán nuabheirthe dhomhanda agus ar rátaí mortlaíochta faoi bhun 5 bliana d’aois, go bhfuil an ráta mortlaíochta máthartha ar fud an domhain beagnach gan athrú ó 2015 i leith; á chur i bhfios go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha idir tíortha ísealioncaim agus tíortha ardioncaim agus go bhfuil staid an-ardghéar ann i dtíortha leochaileacha a bhfuil leibhéal ard foláirimh agus leibhéal an-ard foláirimh iontu; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chinntitheach ar fud na mBallstát agus mar chuid de bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo sprioc 2030 maidir le mortlaíocht máithreacha a laghdú, rochtain uilíoch ar sheirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe a áirithiú, lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte máithreacha ar ardchaighdeán, cnáimhseacha oilte ar bhreith, cúram cnáimhseach éigeandála, seirbhísí cuimsitheacha réamhbhreithe agus iarbhreithe, pleanáil teaghlaigh agus ginmhilleadh dlíthiúil;

23.

á thabhairt chun suntais nach dtéann feabhsuithe ar rátaí breithe na n-ógánach a laghdú agus ar rochtain ar mhodhanna frithghiniúnacha nua-aimseartha chun tairbhe chomhionann do gach bean agus cailín; á chur i bhfios go bhfuil neamhionannais shóisialta, eacnamaíocha agus réigiúnacha leanúnacha ann a chuireann bac ar leathnú na dtreochtaí dearfacha; á iarraidh ar an Aontas a áirithiú, mar thosaíocht, go mbeidh rochtain ar mhodhanna frithghiniúna sábháilte agus éifeachtacha agus ar sheirbhísí ginmhillte dlíthiúla ar fud na mBallstát agus rannchuidiú leis an méid céanna trína bheartais sheachtracha; á iarraidh an athuair go n-áireofaí an ceart chun ginmhillte shábháilte agus dhlíthiúil i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais;

24.

á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) a bhaint amach go hiomlán agus neamhspleáchas coirp na mban agus na gcailíní a chaomhnú chun comhionannas inscne a bhaint amach; á thabhairt chun suntais gur dlúthchuid de chlúdach sláinte uilíoch iad SRHR agus go bhfuil siad ríthábhachtach chun SFI 3, go háirithe sprioc 3.7, a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áireofar SRHR i dtionscnaimh agus i gcláir an Aontais Eorpaigh maidir le clúdach sláinte uilíoch;

25.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an dul chun cinn i dtreo na naoi sprioc dheonacha dhomhanda a comhaontaíodh i gCreat Faireacháin Domhanda NCD mall agus míchothrom; á chur i bhfáth, mura nglacfar níos mó leis na hidirghabhálacha éifeachtacha sin, go gcaillfidh leath de na tíortha uile sprioc 2030 SDG chun básmhaireacht anabaí a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí gníomhaíochtaí neartaithe, comhordaithe agus ilearnála chun galair neamhtheagmhálacha a chosc agus a rialú chun fulaingt a laghdú agus básmhaireacht anabaí a chosc; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí tosaíocht do chur chun feidhme bheartais EDS maidir le ‘ceannach is fearr’, chun aghaidh a thabhairt ar na príomhthosca riosca a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha, lena n-áirítear úsáid tobac, aistí bia míshláintiúla, mí-úsáid alcóil, úsáid drugaí agus neamhghníomhaíocht choirp; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfaí Creat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac a chur chun feidhme go hiomlán i ngach tír shínitheach;

26.

á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin AE maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go hiomlán le treoirlínte EDS i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (29); á mheabhrú go bhfuil cathracha agus pobail inbhuanaithe, agus go háirithe dul i ngleic le leibhéil truaillithe aeir i gceantair uirbeacha, ríthábhachtach chun an tsláinte agus an fholláine a chur chun cinn, ós rud é go bhfuil os cionn leath de dhaonra an domhain ina gcónaí i gcathracha faoi láthair;

27.

á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht fheabhsaithe, chomhordaithe agus iomlánaíoch, pleanáil ilbhliantúil agus shaincheaptha agus infheistíocht shuntasach chun cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá córais sláinte agus an lucht saothair cúraim sláinte a neartú, rochtain chothrom ar sheirbhísí cúraim sláinte ar ardchaighdeán agus ar chógais agus vacsaíní atá sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne a áirithiú, cosc agus cóireáil galar a chur chun cinn, réitigh nuálacha a fhorbairt, agus córais sláinte chuimsitheacha athléimneacha a thógáil; á iarraidh freisin go ndéanfaí gníomhaíocht chun dul i ngleic le tosca comhshaoil géaraitheacha, líon na dtinnis agus na mbásanna ó cheimiceáin ghuaiseacha agus ó thruailliú a laghdú, na rioscaí a bhaineann le heipidéimí agus paindéimí zónóiseacha atá ag teacht chun cinn agus atá ag teacht chun cinn an athuair a laghdú, agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac; á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le heagraíochtaí cúraim sláinte sóisialta agus dlúthpháirtíochta agus aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint shóisialta na sláinte agus ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram agus ar sheirbhísí ardcháilíochta, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, go háirithe do phobail leochaileacha amhail mná agus cailíní faoi mhíchumas, agus aird ar leith á tabhairt ar réigiúin atá buailte go díreach agus ar phobail tuaithe agus iargúlta;

28.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le clársceidealú cothrománach sa bheartas sláinte agus le hinfheistíocht in ullmhacht i gcoinne bagairtí sláinte agus i gcórais sláinte poiblí athléimneacha; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i dtaighde agus i bhforbairt ar vacsaíní agus ar chógais do na galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha a dhéanann difear go príomha do thíortha i mbéal forbartha d’fhonn rochtain ar chógais agus vacsaíní bunriachtanacha inacmhainne a chur ar fáil; á chur in iúl gur oth léi gur chaill 20,5 milliún leanbh amach ar vacsaíní tarrthála in 2022 (30); ag tabhairt dá haire nach mór rochtain ar vacsaíní a bheith cothrom chun freagairt dhomhanda éifeachtach a thabhairt; á iarraidh go n-úsáidfí tionscnaimh amhail an Tairseach Dhomhanda chun infheistíocht a éascú do tháirgeadh áitiúil cógas agus teicneolaíochtaí leighis agus chun éigeandálaí sláinte amach anseo a chosc trí acmhainneachtaí a neartú ar fud an domhain;

29.

ag athdhearbhú a tiomantais do chur chuige na hAon Sláinte Amháin; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le SDG 3; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur gá don Choimisiún agus do na Ballstáit straitéis sláinte domhanda AE a chur chun feidhme go hiomlán, faireachán a dhéanamh ar a cur chun feidhme agus tuairisciú go rialta don Pharlaimint maidir lena cuspóirí a bhaint amach;

30.

á mheabhrú go mbraitheann rochtain ar chógais inacmhainne agus ardcháilíochta ar theicneolaíocht agus ar aistriú eolais freisin; ag cur béim, dá bhrí sin, ar na solúbthachtaí i gComhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), a deimhníodh le Dearbhú Doha, mar bhearta beartais dlisteanacha ar féidir le rialtais iad a úsáid chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus a chur chun cinn trí theorainneacha agus coimircí a chur i bhfeidhm maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú; ag tathant ar an Aontas a áirithiú go dtacóidh comhaontuithe trádála le tíortha atá i mbéal forbartha go hiomlán leis an gcuspóir sin;

31.

á chur i bhfios go láidir gurb iad rioscaí comhshaoil is cúis leis an gceathrú cuid den ualach galair ar fud an domhain (31); á mheabhrú, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, go mbraitheann sláinte an duine agus sláinte ainmhithe ar shláinte an phláinéid agus gur ceart uilíoch de chuid an duine agus colún bunúsach den fhorbairt inbhuanaithe agus d’fholláine an duine é comhshaol sláintiúil; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht fhorleathan ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe d’aitheantas a thabhairt don cheart chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe mar cheart uilíoch an duine (32) agus á iarraidh go ndéanfar é a chosaint go héifeachtach ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth gur gá toirmeasc a chur ar na ceimiceáin is guaisí, lena n-áirítear suaiteoirí inchríneacha a thoirmeasc, agus deireadh a chur de réir a chéile le síorcheimiceáin PFAS, gan a n-úsáid a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil sé ríthábhachtach d’earnálacha criticiúla, amhail feistí leighis, cógaisíocht agus táirgí atá riachtanach don dá aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach digiteach; á chur i bhfáth gur gá freisin toirmeasc a chur ar onnmhairiú lotnaidicídí ceimiceacha a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas chuig tríú tíortha;

32.

á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar na rioscaí sláinte arb í an ghéarchéim aeráide is cúis leo, lena n-áirítear líon méadaitheach na dtinneas a bhaineann le teas, na ngalar riospráide agus na ngalar cardashoithíoch, agus leathadh galar veicteoir-iompartha agus uisce-iompartha; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí tiomnaithe chun pobail leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear daoine scothaosta, leanaí, daoine a bhfuil riochtaí orthu cheana féin, daoine faoi mhíchumas, agus pobail ísealioncaim, a mbíonn rioscaí díréireacha sláinte a bhaineann leis an aeráid rompu; ag tathant go ndéanfaí pleananna gníomhaíochta áitiúla a chur chun feidhme i réimse na cosanta teasa agus go gcuirfí ionaid dídine inrochtana agus gníomhaíochtaí for-rochtana spriocdhírithe ar fáil le linn teagmhais adhaimsire;

33.

á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil teagmhais adhaimsire ag cur isteach ar bhonneagar cúraim sláinte, ar sholáthar fuinnimh agus ar shlabhraí soláthair, agus, ar an gcaoi sin, go bhfuil rochtain ar chúram leighis criticiúil agus ar chóir leighis chriticiúil á cur i mbaol; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht a dhéanamh i gcórais cúraim sláinte atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, lena n-áirítear bonneagar tubaistedhíonach, foinsí fuinnimh in-athnuaite i saoráidí leighis, agus córais láidre uisce agus sláintíochta; á iarraidh go ndéanfaí córais luathrabhaidh, aonaid sláinte shoghluaiste agus samhlacha díláraithe cúraim sláinte pobalbhunaithe a chomhtháthú chun leanúnachas cúraim in éigeandálaí aeráide a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chomhtháthú i ngach beartas sláinte poiblí agus i ngach straitéis sláinte náisiúnta; ag moladh go n-úsáidfí táscairí atá ailínithe le SFInna chun faireachán a dhéanamh ar an tionchair atá ag an athrú aeráide ar an tsláinte agus chun straitéisí um an oiriúnú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a threorú;

SFI 5. Comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú

34.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an dul chun cinn i dtreo an chomhionannais inscne mall, ós rud é go bhfuil formhór na dtáscairí chun deiridh, agus go bhfuil baol ann go mbeidh cúlú breise ann i réimsí an chomhionannais inscne agus chearta na mban dá bharr sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí lena laghdaítear an spás sibhialta do chosantóirí chearta na mban; á mheas go bhfuil tionchar diúltach ag laghduithe ar chabhair um fhorbairt cheana féin ar chumhachtú na mban agus ar an gcomhionannas inscne; á athdhearbhú gur cuspóir neamhspleách é an comhionannas inscne agus gur spreagadh é freisin do chur chun cinn spriocanna SFI eile; á iarraidh ar an Aontas ceannaireacht láidir idirnáisiúnta a léiriú agus an comhionannas inscne agus cearta na mban á gcur chun cinn trí chúnamh beartais agus airgeadais;

35.

á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht luathaithe agus spriocdhírithe chun deireadh a chur le gach cineál foréigin agus ciaptha in aghaidh na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe agus foréigean inscnebhunaithe arna éascú ag an teicneolaíocht, agus chun deireadh a chur le cleachtais dhíobhálacha amhail pósadh leanaí, luathphósadh agus pósadh éigeantais, foréigean ‘onóra’ mar a thugtar air, steiriliú agus ciorrú ball giniúna ban; á mheabhrú go ndearnadh ciorrú ball giniúna ban ar os cionn 230 milliún cailín agus bean (33) agus á chur in iúl gur saoth léi go léirítear le meastacháin nua méadú 30 milliún cás i gcomparáid le 2016 (34); á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí na rátaí arda mortlaíochta máthartha ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim; á chur i bhfáth go bhfuil éigniú fós ar cheann de na sáruithe is forleithne ar chearta an duine agus á iarraidh go mbunófaí sainmhíniú comhchoiteann ar éigniú ar bhonn easpa toilithe; á chur i bhfáth nach mór ról tábhachtach a bheith ag cuspóirí SFI 5 i gcaidreamh an Aontais le tíortha eile;

36.

á chur i bhfáth go ndéanann an t-athrú aeráide difear díréireach do mhná, go háirithe sna tíortha is lú forbairt agus i gceantair thuaithe; á chur i bhfios go láidir go mbíonn bagairtí ar leith ag an tionchar díréireach sin ar a slite beatha, ar a sláinte agus ar a sábháilteacht, lena n-áirítear méadú ar neamhshlándáil bia agus uisce, neamhchosaint mhéadaithe ar fhoréigean inscnebhunaithe i gcomhthéacs an easáitithe agus na himirce a bhaineann leis an aeráid, agus éagobhsaíocht eacnamaíoch méadaithe de bharr spleáchas ar earnálacha atá íogair ó thaobh na haeráide de; á chur i bhfáth gur mná agus cailíní iad ceathrar as gach cúigear díobh siúd atá easáitithe mar gheall ar an ngéarchéim aeráide (35); á iarraidh go n-áireofaí i bpleananna gníomhaíochta ar son na haeráide tacaíocht do mhná agus do rannpháirtíocht na mban sa chinnteoireacht i dtaobh na haeráide ar gach leibhéal; á iarraidh go ndéanfaí córais cúraim sláinte a neartú chun dul i ngleic le galair a bhaineann leis an aeráid a dhéanann difear do mhná agus go ndéanfaí oideachas ar an oiriúnú don athrú aeráide a chur chun cinn; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth leis an bplean gníomhaíochta nua inscne faoi UNFCCC; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le plean gníomhaíochta inscne uaillmhianach agus éifeachtach nua a ghlacadh ag COP30;

37.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cearta gnéis agus atáirgthe na mban fós teoranta ar fud an domhain, agus á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht le haghaidh a thabhairt ar na bacainní lena gcuirtear cosc ar chumas na mban cinntí a dhéanamh maidir le frithghiniúint, rochtain ar chúram sláinte agus toiliú gnéis, agus á aithint go mbíonn tionchar suntasach ag tosca socheacnamaíocha, oideachas agus suíomh geografach ar chumas na mban na cearta sin a fheidhmiú; á mheabhrú go bhfuil an tAontas tiomanta do chur chun cinn, cosaint agus comhlíonadh cheart gach duine smacht iomlán a bheith acu, agus cinneadh a dhéanamh gan bhac agus ar bhealach freagrach, ar ábhair a bhaineann lena ngnéasacht agus lena gcearta gnéis agus atáirgthe, saor ón idirdhealú, ón gcomhéigean agus ón bhforéigean; ag tabhairt rabhaidh nach mbainfear amach spriocanna a leagtar síos le SFI 5 mura ráthaítear rochtain uilíoch ar shláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus ar chearta atáirgthe san Aontas agus ar fud an domhain agus á iarraidh ar an Aontas tosaíocht a thabhairt don tsaincheist sin i mbeartas agus i gcistiú, agus an ceart chun ghinmhilleadh dlíthiúil agus sábháilte a chumhdach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais; á athdhearbhú nach mór rochtain a bheith ag gach bean ar sheirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear seirbhísí le haghaidh pleanáil clainne, faisnéise agus oideachais, agus á iarraidh go ndéanfaí sláinte atáirgthe a chomhtháthú i straitéisí náisiúnta agus i gcláir náisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht bhreise sna réimsí sin chun rochtain ar sheirbhísí cuimsitheacha agus neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú;

38.

á iarraidh go leanfaí de chláir lena ndírítear ar chearta, cumhachtú agus neamhspleáchas na mban a chur chun cinn agus ar chur i gcoinne gach cineáil foréigin inscnebhunaithe a chistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeadh an inscne ina cuspóir suntasach nó ina príomhchuspóir de 85 % de na gníomhaíochtaí seachtracha nua uile agus go ndéanfaí 20 % de COF i ngach tír a leithdháileadh ar chláir a mbeadh an comhionannas inscne ar cheann de na príomhchuspóirí iontu; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar diananailísí inscne, bailiú sonraí atá imdhealaithe de réir inscne, buiséadú inscne-fhreagrúil agus measúnuithe tionchair inscne a chur chun feidhme go córasach;

39.

á chur in iúl gur oth léi gur tháinig laghdú ar an gcúnamh ó dheontóirí an Choiste Cúnaimh Forbartha de chuid ECFE le haghaidh an chomhionannais inscne in 2022, arb é an chéad laghdú é tar éis 10 mbliana fáis (36); ag tabhairt dá haire nach raibh an comhionannas inscne mar phríomhchuspóir ach ag 4 % de COF in-leithdháilte (37); á chur i bhfáth gur gá acmhainní nua a shlógadh chun tús a chur leis an dul chun cinn i dtreo an chomhionannais inscne arís; á chur in iúl gur oth léi, ó seoladh GAP III, nach bhfuil an comhionannas inscne mar phríomhchuspóir ach ag 3,8 % de na gníomhaíochtaí inscne-fhreagrúla/spriocdhírithe uile, atá chun deiridh ar an sprioc 5 % a leagtar amach i Rialachán ICFCI (38); á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún líon ghníomhaíochtaí an Aontais a bhfuil cur chun cinn an chomhionannais inscne mar phríomhchuspóir acu a mhéadú go suntasach; á iarraidh ar an Aontas méadú a dhéanamh ar chistiú cistí iltaobhacha don chomhionannas inscne, amhail UN Women, agus do shláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe, amhail Ciste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal agus an Ciste Domhanda chun SEIF, Eitinn agus Maláire a chomhrac;

40.

á mheabhrú gurb iad mná a dhéanann an chuid is mó den obair tí agus chúraim gan íocaíocht go ginearálta, agus mar thoradh air sin, cuirtear ualach díréireach ar theaghlaigh ísealioncaim, cuirtear leis an mbochtaineacht, leis an neamhionannas agus le dálaí forbhásacha maireachtála agus laghdaítear rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair; á iarraidh go ndéanfaí cur chun cinn níos fearr ar cheart gach mná cothromaíocht a bhaint amach idir a saol gairmiúil agus a saol príobháideach bunaithe ar fhreagracht chomhpháirteach agus dálaí oibre lena n-éascaítear comhréiteach idir an saol príobháideach, saol an teaghlaigh agus an saol oibre; á iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí ar an mbearna phá agus an bhearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh, lena n-áirítear i ngeilleagar an chúraim, agus ar idirdheighilt chothrománach agus ingearach i margadh an tsaothair a chomhrac; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí iarrachtaí chun rannpháirtíocht agus ceannaireacht iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban a áirithiú i róil chinnteoireachta agus i ndeiseanna cinnteoireachta san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear sna gnéithe uile a bhaineann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil; á iarraidh go ndéanfaí rannpháirtíocht na mban san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic a chur chun cinn tuilleadh;

41.

á aithint go bhfuil géarghá le freagairt ar threochtaí diúltacha a chuireann bac ar dhul chun cinn i réimse an chomhionannais inscne san Aontas, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe, agus le freagairt ar an dioscúrsa polaitiúil gnéasaíoch atá i réim; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, Treochlár an Choimisiúin um Chearta na mBan mar threoir do ghníomhaíocht an Aontais amach anseo sa réimse sin laistigh agus lasmuigh den Aontas araon agus go ndéanfar leis an straitéis nua um chomhionannas inscne, a fhoilseofar in 2026, a fhorbairt; á chur i bhfáth gur cheart go gcothófaí leis an treochlár sin cur chun feidhme beart reachtach agus neamhreachtach chun dul chun cinn agus cuntasacht níos fearr a bhaint amach i ndáil le SFI 5 agus á iarraidh go mbeadh na Ballstáit níos rannpháirtí; ag tathant go mbeadh cur chuige cuimsitheach ann lena dtabharfaí aghaidh ar sheirbhísí gnéis agus atáirgthe, ar leithcheal trasnach agus ar mhná leochaileacha a chosaint;

42.

á chur in iúl gur saoth léi na hionsaithe méadaitheacha gan údar ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí um chearta na mban, san Aontas agus ar fud an domhain araon; á chur i bhfáth gur gá sásra cosanta a bhunú do chosantóirí chearta an duine san Aontas, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná, ar dhaoine LADTIA+ agus ar chosantóirí chearta SRHR an duine; á iarraidh go ndéanfaí beartais um chomhionannas inscne (plean gníomhaíochta inscne, straitéis um chomhionannas inscne), lena n-áirítear ina gcomhpháirteanna SRHR, a chur chun feidhme ina n-iomláine, agus á áitiú nach mór tacú leis an gcur chun feidhme sin le cistiú leormhaith, lena n-áirítear d’eagraíochtaí um chearta na mban agus d’eagraíochtaí SRHR, agus le faisnéis faoi phleanáil clainne, frithghiniúint inacmhainne, ginmhilleadh dlíthiúil, sábháilte agus saor, agus cúram sláinte máthartha; á chur i bhfáth go bhfuil eagraíochtaí um chearta na mban fós tearcmhaoinithe go córasach, agus níos lú ná 1 % de COF domhanda á fháil acu;

43.

á aithint, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, go bhfuil 122 mhilliún cailín fós ar fud an domhain nach bhfuil in ann freastal ar scoil (39); ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil rochtain chomhionann ar oideachas ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe, do laghdú na bochtaineachta agus don rathúnas eacnamaíoch, ós rud é go gcumhachtaítear mná agus cailíní léi chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí; á iarraidh go ndéanfaí straitéisí inscne-fhreagrúla a chomhtháthú i mbeartais oideachais chun aghaidh a thabhairt ar na neamhionannais sin; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear oideachas ar fáil i mbunscoileanna agus i meánscoileanna, atá dírithe ar fhoréigean inscnebhunaithe agus steiréitíopáil inscne a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tairbhí móra ag baint le hinfheistíocht a dhéanamh in oideachas cailíní do na glúnta atá le teacht, rud a rannchuidíonn go díreach lena gcearta bunúsacha a bhaint amach agus lena gcosaint ar gach cineál foréigin, agus a rannchuidíonn freisin le folláine níos fearr do shochaithe iomlána;

44.

ag aithint leochaileacht dhíréireach na mban agus na gcailíní i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna daonnúla, lena n-áirítear an riosca méadaithe a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, easáitiú agus cur isteach ar sheirbhísí bunriachtanacha; ag athdhearbhú ról ríthábhachtach na mban agus na gcailíní i gcothú na síochána, i réiteach coinbhleachta agus in atógáil iarchoinbhleachta, agus béim á leagan ar a rannpháirtíocht bhunriachtanach i gcaibidlíocht síochána agus i bpróisis chinnteoireachta, mar a leagtar amach sa chlár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil;

45.

á iarraidh go mbeadh beartais agus gníomhaíochtaí níos láidre ann lena gcuirfí rochtain ar thalamh, ar chreidmheas, ar fhiontraíocht agus ar oideachas chun cinn, chomh maith le fostaíocht agus sláinte, go háirithe do mhná agus do chailíní i gcúinsí leochaileachta, do mhná faoi mhíchumas, do mhná torracha agus do mhná i gceantair thuaithe;

46.

ag cur sonrú sna ceachtanna a foghlaimíodh a liostaítear sa tuarascáil chomhpháirteach ó 2024 dar teideal Are we getting there? A synthesis of the UN system evaluations of SDG 5, lena n-áirítear a thábhachtaí atá sé go mbeadh fir agus buachaillí rannpháirteach go héifeachtach i gcláir agus i dtionscnaimh maidir le saincheisteanna lena gcuirtear oideachas orthu agus lena gcuidítear leo san athrú iompraíochta is gá chun na spriocanna a bhaint amach, agus tosaíocht níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a thabhairt do na spriocanna i gcomhthéacsanna daonnúla;

47.

á chur in iúl gur oth léi cúlchéimniú chearta LADTIA+ agus an trasfóibe a chuireann an comhionannas inscne i mbaol; ag cáineadh an fhíorais nár thuairiscigh ach trí eagraíocht frith-LADTIA+ USD 1 bhilliún in ioncam idir 2021 agus 2022, agus go bhfuair 8 000 deontaí domhanda LADTIA+ USD 905 mhilliún eatarthu (40); ag tabhairt rabhadh faoin méadú ar mhaoiniú frith-inscne, ar ábhar imní é, arb é is aidhm dó gníomhú in aghaidh éachtaí forásacha chearta na mban agus LADTIA+ le blianta beaga anuas;

48.

á iarraidh ar an Aontas toirmeasc a chur ar ionaid tiontúcháin sna Ballstáit agus aon rud is féidir a dhéanamh chun an cleachtas sin a chosc i ngach áit;

SFI 8. Fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe agus lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn do chách

49.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di gurb amhlaidh, i measc na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sin a bhfuil grinn-athbhreithniú á dhéanamh ag HLPF 2025 orthu, atá an dul chun cinn is moille á dhéanamh i leith spriocanna SFI 8, nó gurb iad is mó a bhfuil siléig á déanamh iontu;

50.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an laghdú atá tagtha le deich mbliana anuas ar chearta saothair, ar shaoirse comhlachais agus ar an gceart chun cómhargála, agus béim á leagan ar an drochthionchar atá aige ar cheartas sóisialta agus ar iarrachtaí chun fostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn do chách; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil aon chúigiú de dhaonra an domhain ina chónaí i dtíortha ina bhfuil leibhéil arda neamhionannais (41); á dhearbhú gur gá bearta sóisialta a neartú chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, agus iarmhairtí sóisialta an bhoilscithe, brúnna buiséadacha atá ag dul i méid, teannas geopholaitiúil agus rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide agus le teagmhais adhaimsire do shláinte agus sábháilteacht oibrithe á gcur san áireamh; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht le haistriú cóir i ndícharbónú an gheilleagair, chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú a chothroime agus a chuimsithí agus is féidir do gach duine lena mbaineann;

51.

á iarraidh go nglacfaí beartais níos láidre agus go ndéanfaí gníomhaíochtaí misniúla chun forbairt eacnamaíoch chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn; ag tathant ar an Aontas agus ar chomhpháirtithe domhanda ionstraimí amhail Global Gateway a úsáid chun foinsí iomadúla cistiúcháin a ghiaráil, lena n-áirítear infheistíochtaí na hearnála príobháidí, caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a urramú agus cruthú post cuibhiúil a chur chun cinn lena laghdófar neamhionannas ioncaim agus lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár; ag aithint an róil atá ag maoiniú príobháideach maidir leis an mbearna mhaoiniúcháin a laghdú chun na SFInna a bhaint amach; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil gá le hinfheistíochtaí poiblí i seirbhísí criticiúla amhail cúram sláinte, oideachas agus cosaint shóisialta;

52.

á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar neamhionannais chríochacha agus tithíochta trí thacú le rochtain ar thithíocht inacmhainne, leormhaith agus fuinneamhéifeachtúil, go háirithe i gceantair uirbeacha agus thuaithe faoi mhíbhuntáiste; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht bhreise i bhforbairt pobail chomhtháite, i mbonneagar sóisialta agus i seirbhísí bunúsacha chun comhtháthú sóisialta agus cuimsiú eacnamaíoch a chur chun cinn; ag moladh go dtabharfaí tacaíocht do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun straitéisí forbartha inbhuanaithe, cuimsitheacha agus athléimneacha a chur chun feidhme lena nascfaí an aeráid, an tsláinte, an tithíocht, an tsoghluaisteacht agus an cuimsiú sóisialta;

53.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an fás eacnamaíoch i roinnt mhaith tíortha atá i mbéal forbartha fós mall agus míchothrom, agus gur minic a bhíonn laigí struchtúracha, neamhionannais eacnamaíocha, éagobhsaíocht pholaitiúil, suaití seachtracha agus tionchar méadaitheach an athraithe aeráide ina mbac air; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag tionscnaimh áitiúla lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais ar leith atá ag an bpobal maidir le fás eacnamaíoch cothrom a chothú; á chur i bhfios go láidir go gcuireann an comhar réigiúnach i gconairí eacnamaíocha leis an trádáil, an infheistíocht, an tionsclaíocht inbhuanaithe agus an t-éagsúlú eacnamaíoch;

54.

ag moladh go méadófaí infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa taighde, i gcleachtais ghnó inbhuanaithe, san aistriú glas agus san aistriú digiteach, in oideachas ardcháilíochta agus i bhforbairt scileanna, lena n-áirítear athsciliú agus uas-sciliú, ar cheart iad a chur in oiriúint freisin d’éileamh an mhargaidh, agus go dtacófaí le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le gnólachtaí nuathionscanta chun rochtain ar mhaoiniú a éascú agus infheistíocht agus nuálaíocht a chothú; á athdhearbhú gur gá béim ar leith a leagan ar chumhachtú eacnamaíoch na mban a chur chun cinn agus ar rochtain chothrom ar dheiseanna gnó a áirithiú; á iarraidh go mbeadh beartais chuimsitheacha ann do dhaoine faoi mhíchumas san ionad oibre;

55.

ag athdhearbhú an tábhacht a bhaineann le beartais lena dtacaítear le fostaíocht don aos óg, oideachas agus gairmoiliúint; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an daonra óg atá ag dul i méid sa Domhan Theas don fhorbairt inbhuanaithe; á áitiú go bhfuil tábhacht ag baint le naisc níos láidre a chruthú idir oideachas, forbairt scileanna agus fostaíocht, chun rochtain ar obair chuibhiúil a cheadú i margadh an tsaothair atá ag athrú go tapa;

56.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tionscnaimh atá dírithe ar fhás eacnamaíoch a chothú a bheith fite fuaite le ceartas sóisialta, comhionannas inscne, cearta saothair agus cosaint an chomhshaoil; á iarraidh ar an Aontas páirt chuiditheach a ghlacadh san obair i dtreo ghlacadh Chonradh na Náisiún Aontaithe ar Ghnó agus ar Chearta an Duine;

57.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil níos mó ná leath den lucht saothair domhanda i bhfostaíocht neamhfhoirmiúil (42), rud atá ina bhac suntasach ar cheartas sóisialta agus ar fhás cuimsitheach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil beagnach naonúr as gach deichniúr oibrithe fós fostaithe go neamhfhoirmiúil sna tíortha is lú forbairt, san Afraic Fho-Shahárach agus san Áise Láir agus Theas (43);

58.

ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil an olltáirgeacht intíre fós ina táscaire tábhachtach ar fheidhmíocht eacnamaíoch, gur cheart méadrachtaí breise lena léirítear gnéithe sóisialta agus comhshaoil a chur san áireamh chun cur chuige níos cothroime agus níos eolaí a bhaint amach maidir le ceapadh beartas eacnamaíoch;

59.

á iarraidh go ndéanfaí bearta breise chun deireadh a chur le hobair éigeantais, le gáinneáil ar dhaoine agus le saothar leanaí d’aon chineál, lena n-áirítear saighdiúirí ar leanaí iad a earcú agus a úsáid;

SFI 14. Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar shlí inbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe

60.

ag cur béim ar na treochtaí scanrúla a bhaineann le truailliú muirí, eotrófú an chósta, aigéadú an aigéin, teochtaí atá ag ardú, ró-iascaireacht, laghdú ar bhithéagsúlacht mhuirí, scriosadh gnáthóg, cleachtais thionsclaíocha neamh-inbhuanaithe, torann faoi uisce agus éilliú uisce intíre, a chuireann éiceachórais mhuirí agus pobail chósta i mbaol, ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha agus i réigiúin leochaileacha, agus atá ina mbac ar spriocanna SFI 14 a bhaint amach;

61.

á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil dul chun cinn iarbhír á dhéanamh i dtreo spriocanna SFI 14 a bhaint amach agus, i gcásanna áirithe, go bhfuil an t-ionchas go mbainfear amach iad ag dul i léig, go háirithe mar gheall ar easpa bearta éifeachtacha mar aon le brúnna eacnamaíocha atá ag dul i méid; á chur in iúl gur cúis mhór imní di nár baineadh amach aon cheann de spriocanna SFI 14 do 2020; á mheas go bhfágann an dul chun cinn fánach nó measartha, agus an mhoille agus an tsiléig nach beag, gur gá an-dlús a chur leis an ngníomhaíocht dhomhanda, agus an-bhorradh a chur fúithi, chun spriocanna SFI 14 a bhaint amach in am; á mheabhrú go bhfuil cothromas i dtairbhí agus i gcomhroinnt costas araon bunriachtanach chun SFI 14 a chur chun feidhme;

62.

ag tabhairt dá haire go bhfuil SFI 14 fós i measc na SFInna is lú a mhaoinítear agus go meastar gurb ionann an bhearna chistiúcháin atá ann faoi láthair agus thart ar USD 150 billiún in aghaidh na bliana; á chur i bhfios go láidir gur cheart go dtabharfaí spreagadh nua le Comhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aigéan chun fáil réidh leis an mbearna chistiúcháin atá ann agus chun timpeallacht chobhsaí chumasúcháin a chruthú i dtaobh cistiú méadaithe a shlógadh chun spriocanna SFI 14 a bhaint amach; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena ranníocaíocht airgeadais chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú; á iarraidh ar an gCoimisiún cistí tiomnaithe a leithdháileadh ar an gComhshocrú Eorpach um an Aigéan chun an t-aigéan a chosaint agus ar mhaithe leis an aistriú cóir chuig geilleagar gorm inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe do phobail chósta, don fhás eacnamaíoch agus don tsochaí ina hiomláine;

63.

á thabhairt chun suntais gur gá an t-aigéan a chosaint mar eintiteas aontaithe agus úsáid a bhaint as ar bhealach inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ann lena gcomhtháthófaí cosaint agus athbhunú an chomhshaoil, rathúnas, cothromas sóisialta, inbhuanaitheacht agus iomaíochas, agus go mbeadh creat cuimsitheach ann a bheadh ina phointe tagartha aonair do na beartais uile a bhaineann leis an aigéan; ag dréim leis go mbeidh an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan atá ar na bacáin ina dhea-shampla idirnáisiúnta trí chur chuige iomlánaíoch den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le gach beartas a bhaineann leis an aigéan agus trí chomhleanúnachas a thabhairt isteach i ngach réimse beartais a bhaineann leis an aigéan;

64.

á chreidiúint go bhfuil géarghá le bearta domhanda ceangailteacha agus le cur chuige bunaithe ar éiceachórais chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh, chun dlús a chur le gníomhaíochtaí agus chun sláinte fhadtéarmach an aigéin a áirithiú, go háirithe faoi dhálaí aeráide atá ag athrú; á chur i bhfáth gur cheart go n-áiritheofaí cosaint chearta an duine agus ár n-éiceachóras muirí leis na bearta sin; á mheas go bhfuil sé riachtanach go háirithe tacú leis an aistriú cóir i dtreo iascach inbhuanaithe, iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, aghaidh a thabhairt ar líon méadaitheach na speiceas coimhthíoch ionrach, trédhearcacht in earnáil an bhia mara a neartú, cearta iascairí ar mionscála a chosaint, iarrachtaí caomhnaithe agus athbhunaithe muirí a fheabhsú agus conradh domhanda ar thruailliú plaisteach a ghlacadh; á mheabhrú go bhfuil Dlí an Aontais um Athbhunú Dúlra ar cheann de na huirlisí atá ag an Aontas chun a ghealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le héiceachórais mhuirí agus chósta a athbhunú;

65.

á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht dhomhanda fheabhsaithe chun dul i ngleic le haigéadú an aigéin agus le leibhéil teasa an aigéin d’fhonn ról an aigéin mar an linn charbóin is tábhachtaí ar an bpláinéad a chosaint agus beatha mhuirí agus an bia-eangach a chosaint;

66.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Conradh na Náisiún Aontaithe ar an Mórmhuir (an Comhaontú maidir leis an mBithéagsúlacht Mhuirí i Limistéir lasmuigh den Dlínse Náisiúnta, nó BBNJ); á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil an conradh sin daingnithe ach ag ceann amháin de 27 mBallstát an Aontais go dtí seo; ag tathant ar na Ballstáit uile a bpróisis daingniúcháin faoi seach a thabhairt chun críche go pras; á iarraidh ar na páirtithe leanúint den obair ar Idirphlé na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aigéan agus leis an Athrú Aeráide agus a áirithiú go gcuirfear an comhaontú chun feidhme go pras, lena n-áirítear trí chistí ó Chlár an Aontais um an Aigéan Domhanda a shlógadh; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun Conradh na Náisiún Aontaithe ar an Mórmhuir a chomhtháthú i ndlí an Aontais;

67.

ag meabhrú an ghealltanais faoi sprioc 3 de Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal chun 30 % ar a laghad de limistéir talún agus uisce intíre agus de limistéir mhuirí agus chósta a chaomhnú go héifeachtach faoi 2030 trí limistéir faoi chosaint agus bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile a bhunú; á mheas go bhfuil gá le hiarrachtaí méadaithe chun limistéir mhuirí agus chósta faoi chosaint a leathnú tuilleadh chun an sprioc 30 % a bhaint amach agus chun caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe speiceas, gnáthóg, éiceachóras agus acmhainní muirí a éascú; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí a bhaint amach maidir le 30 % dá limistéir mhuirí a chosaint faoi 2030;

68.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá ag teacht ar leibhéil an truaillithe mhuirí atá le méadú faoi dhó nó faoi thrí faoi 2040; á thabhairt chun suntais go n-eascraíonn cuid mhór den bhrú truaillithe a chuirtear ar na haigéin as gníomhaíochtaí ar tír; á iarraidh go mbeadh bearta níos láidre agus cur chun feidhme luathaithe ann mar ábhar práinne chun deireadh a chur le truailliú muirí ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon; á chur i bhfios go láidir gurb iad plaistigh an sciar is mó, is díobhálaí agus is seasmhaí den bhruscar muirí; á chur in iúl gur oth léi an easpa conclúide maidir leis an gcéad ionstraim dhomhanda riamh atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le truailliú plaisteach; ag tathant go nglacfaí conradh domhanda uaillmhianach ceangailteach maidir le truailliú plaisteach tráth a chuirfear tús an athuair leis an gcaibidlíocht idir-rialtasach in 2025; ag tacú le seasamh an Aontais gur cheart sprioc a bheith sa chomhaontú deiridh chun táirgeadh polaiméirí plaisteacha príomhúla a laghdú;

69.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé plean gníomhaíochta an Aontais maidir le truailliú nialasach a chur chun cinn lena n-áirítear spriocanna suntasacha chun cáilíocht an uisce a fheabhsú, giniúint dramhaíola a laghdú, agus caillteanais cothaitheach a laghdú; ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach 37 % d’uiscí dromchla na hEorpa i riocht sláintiúil éiceolaíoch agus go gcosnaíonn truailliú cothaitheach níos mó ná EUR 75 bhilliún in aghaidh na bliana (44); ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir thuarascáil faireacháin agus ionchais maidir le truailliú nialasach 2025, nach bhfuil ach dhá cheann de na spriocanna maidir le truailliú nialasach ar an mbóthar ceart; á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme agus forfheidhmiú na reachtaíochta comhshaoil ríthábhachtach chun spriocanna 2030 maidir le truailliú nialasach a bhaint amach agus go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún spriocanna uaillmhianacha AE a mholadh do 2030 chun loirg ábhair agus tomhaltais an Aontais a laghdú go suntasach agus iad a thabhairt laistigh de theorainneacha pláinéadacha faoi 2050 mar a cheanglaítear faoin 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá teicneolaíochtaí nua-aimseartha a ghiaráil, lena n-áirítear an intleacht shaorga, chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú;

70.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm sa mhianadóireacht domhainfharraige; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, go dtacaíonn sí le moratóir idirnáisiúnta maidir le saothrú mianadóireachta domhainfharraige tráchtála, go dtí go ndéanfar staidéar agus taighde leordhóthanach ar éifeachtaí na mianadóireachta domhainfharraige ar an muirthimpeallacht, ar an mbithéagsúlacht agus ar ghníomhaíochtaí an duine ar muir (45);

71.

á thabhairt chun suntais go gcuireann an meath leanúnach ar phobail inbhuanaithe éisc béim ar a thábhachtaí atá creat rialála a leanann cur chuige bunaithe ar éiceachórais mar aon le córais faireacháin éifeachtúla agus thrédhearcacha chun cleachtais iascaireachta inbhuanaithe a chur chun cinn agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi Comhaontú EDT maidir le Fóirdheontais Iascaigh mar chéim mhór chun cinn i dtreo deireadh a chur le fóirdheontais dhíobhálacha a chuireann leis an ró-iascaireacht; á iarraidh ar chomhaltaí EDT nach bhfuil sé sin déanta acu go fóill a n-ionstraimí glactha a thaisceadh chun go dtiocfadh an comhaontú chun a bheith oibríochtúil; ag tathant, thairis sin, ar chomhaltaí EDT deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha muirí, lena n-áirítear fóirdheontais dhíobhálacha iascaigh;

72.

á aithint go bhfuil cleachtais iascaireachta inbhuanaithe lena mbaineann rannpháirtíocht an phobail ríthábhachtach chun an ró-iascaireacht a laghdú agus chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na n-acmhainní muirí a áirithiú; á mheabhrú go bhfuil go leor pobal iascaireachta ar mionscála fós ag dul i ngleic le himeallú agus le hiomaíocht éagórach; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach athléimneacht na bpobal cósta agus oileánach agus acmhainneacht an gheilleagair ghoirm a chur chun cinn i gcomhréir le reachtaíocht agus cuspóirí comhshaoil an Aontais, lena n-áiritheofar rochtain ar uisce óil, iompar inbhuanaithe, iascach riailbhunaithe, turasóireacht inbhuanaithe, fiontraíocht agus rochtain chothrom ar sheirbhísí; á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin idirnáisiúnta inbhuanaithe iascaireachta a chur chun cinn chun cothrom iomaíochta domhanda a áirithiú, i measc nithe eile;

73.

á iarraidh ar AE a thacaíocht d’eolaíocht aigéin a athdhearbhú agus dlús a chur léi; ag spreagadh taighde eolaíoch a chur chun cinn agus sonraí cruinne a scaipeadh, mar aon le dea-chleachtas a fhorbairt agus a chomhroinnt; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá beartas bainistithe na n-aigéan a chomhtháthú le heolas dúchasach traidisiúnta, leis an eolaíocht agus le rannpháirtíocht an phobail; á iarraidh go ndéanfaí uirlisí bainistithe limistéarbhunaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhar le bearta caomhnaithe iomchuí eile;

SFI 17. Na modhanna cur chun feidhme a neartú agus an chomhpháirtíocht dhomhanda a athbheochan ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe

74.

á iarraidh ar AE leanúint de thacú leis an iltaobhachas agus de bheith ag obair ar son an iltaobhachais agus ceannaireacht dhomhanda a sholáthar maidir le cur chun feidhme SFInna agus Chlár Oibre 2030 a chur chun cinn, agus conarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta a threisiú, amhail Comhaontú Pháras, an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, agus tionscnaimh chaomhnaithe réigiúnacha;

75.

á chur i bhfáth gurb amhlaidh, sa tírdhreach geopholaitiúil deacair éiginnte atá ann faoi láthair, trína rá go bhfuiltear meáite i gcónaí ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, a thabharfar comhartha soiléir do chomhpháirtithe ar fud an domhain agus a thacófar le gníomhaíocht dhomhanda an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bhearna infheistíochta USD 4 thrilliún maidir le SFInna a bhaint amach (46); á chur i bhfáth gur cheart tacú le tiomantas AE do SFInna trí ghealltanais uaillmhianacha airgeadais sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile 2028-2034; á iarraidh ar AE cur chuige treisithe maidir le comhar um fhorbairt a shaothrú agus gníomhaithe idirnáisiúnta eile a shlógadh agus leanúint de bheith ag dul i dteagmháil ar bhealach cuiditheach leo chun dlús a chur lena n-iarrachtaí forbartha inbhuanaithe agus chun tacú leis an tsíocháin, leis an gcomhionannas inscne agus le forbairt an duine;

76.

á athdhearbhú go bhfuil cúnamh oifigiúil forbraíochta (COF) fós ina fhoinse ríthábhachtach maoinithe phoiblí agus ina uirlis bhunriachtanach chun an bhochtaineacht a laghdú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais, agus chun tacú leis na pobail is leochailí, go háirithe sna tíortha leochaileacha, sna tíortha ina bhfuil coinbhleacht agus sna tíortha is lú forbairt (TLFanna);

77.

á chur in iúl gur oth léi an laghdú ar COF ag roinnt Ballstát de chuid an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit uile agus ar na comhpháirtithe domhanda seasamh lena dtiomantas do COF mar phríomhcholún dá mbeartas forbartha agus a áirithiú go ndíreofar maoiniú leordhóthanach ar chomhlíonadh an ghealltanais 0,7 % den ollioncam náisiúnta a chaitheamh ar COF agus 0,2 % a chaitheamh mar COF do na tíortha is lú forbairt; á chur i bhfáth, thairis sin, nach ndírítear ach 12 % de COF ar leanaí faoi láthair in ainneoin a n-ionadaíochta suntasaí laistigh de dhaonra na dtíortha a fhaigheann COF; á iarraidh go mbainfí bacainní, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin, chun go sroichfidh an chabhair na pobail is leochailí;

78.

á iarraidh ar AE feabhas a chur ar a ról maidir le gealltanais airgeadais níos láidre a mholadh don fhorbairt agus don chabhair dhaonnúil ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear SFInna agus Comhaontú Pháras, agus go háirithe tacú le hoiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide sna réigiúin is leochailí, lena n-áirítear Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha (SIDS) agus TLFanna; á iarraidh, thairis sin, ar AE a áirithiú go mbainfear amach spriocanna maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus go dtabharfar tús áite dóibh i gcaibidlíocht iltaobhach agus i gcomhpháirtíochtaí domhanda; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go gcuimseofaí freisin, agus leasanna eacnamaíocha an Aontais á gcur chun cinn, comhpháirtíochtaí cobhsaí a chruthú faoi threoir leasanna frithpháirteacha agus gur cheart beartais sheachtracha uile an Aontais a bheith leabaithe i gcreat mór Chlár Oibre 2030, agus gur cheart beartas forbartha an Aontais agus úsáid COF an Aontais a bheith dírithe i gcónaí ar laghdú na bochtaineachta mar atá sainithe ag Coiste Cúnaimh Forbartha ECFE;

79.

á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt ar thearcionadaíocht na dtíortha ón Domhan Theas sa rialachas domhanda agus ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta níos cuimsithí a chothú; á mheas go bhfuil comhar Theas-Theas agus comhar triantánach ríthábhachtach do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030;

80.

á áitiú go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na Náisiúin Aontaithe i gcroílár an chórais iltaobhaigh chun córas domhanda síochánta, cothrom, comhionann, cuimsitheach agus riailbhunaithe a chruthú a oibreoidh do chách, gan aon duine a fhágáil ar lár; á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, go dtacaíonn sí le hathchóirithe tapa agus éifeachtacha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le hathbhreithniú agus athchóiriú a dhéanamh ar rialachas domhanda an chomhair idirnáisiúnta um fhorbairt, go háirithe tar éis ciorruithe ar chabhair dhomhanda ag roinnt tíortha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh athchóirithe ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta bunaithe ar thiomantas athnuaite i leith an iltaobhachais;

81.

ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag comhpháirtíochtaí il-gheallsealbhóirí agus rannpháirtíocht fhóinteach na rialtas áitiúil, na sochaí sibhialta agus na hóige agus ionadaithe na mban chun spriocanna SDG a bhaint amach chomh maith le rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil i gcomhpháirtíochtaí domhanda, i gcomhréir le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le cearta na bpobal dúchasach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tionscnaimh faoi stiúir na hóige, go háirithe sa Domhan Theas agus i réigiúin atá buailte ag an aeráid;

82.

ag aithint na ról ríthábhachtach ilghnéitheach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le SFInna a chur chun cinn trí straitéisí comhthéacs-shonracha faoi stiúir áitiúil lena gcumhachtaítear gníomhaithe áitiúla agus lena n-áirithítear rannpháirtíocht leathan chuimsitheach ar gach leibhéal den tsochaí; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh pobail leochaileacha níos rannpháirtí i gceapadh agus i bhfaireachán beartas a bhaineann le SFInna agus go mbeadh comhar neartaithe, slógadh acmhainní, agus rannpháirtíocht il-gheallsealbhóra ann chun SFInna a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus spás sibhialta ann chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar chistí poiblí réimis dhiansmachtúla a mhaoiniú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rochtain ar chistiú struchtúrach chun go mbeidh an tsochaí shibhialta rannpháirteach go héifeachtach i gceapadh beartas;

83.

á iarraidh go ndéanfaí faireachán níos fearr ar chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’athbhreithnithe áitiúla deonacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí iontaofa agus sonraí atá imdhealaithe de réir ioncaim, aoise, inscne, míchumais agus tíreolaíochta a bhailiú agus a úsáid; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá staidreamh a nuachóiriú agus fothú acmhainneachta sonraí a neartú i dtíortha an Domhain Theas;

84.

á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú le faoiseamh fiachais domhanda agus athstruchtúrú fiachais do thíortha i mbéal forbartha, go háirithe iad siúd sa Domhan Theas, agus prionsabail Trádála agus Forbartha na Náisiún Aontaithe maidir le hiasachtú ceannasach agus iasachtaíocht cheannasach atá freagrach a chur chun cinn á gcur san áireamh; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí athchóirithe cuimsitheacha ar institiúidí airgeadais domhanda, lena n-áirítear bainc forbartha iltaobhacha, chun feabhas a chur ar a n-éifeachtacht, ar a gcothromas agus ar a bhfreagracht maidir le tacú le cur chun feidhme SFInna; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart díriú níos mó ar ionstraimí agus ar bhainc forbartha atá ann cheana, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;

85.

á chur i bhfáth gur gá an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena n-áirítear cláir Global Gateway, a chur i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, le Comhaontú Pháras agus le táscairí forbartha daonna; á iarraidh go mbeadh an Pharlaimint níos rannpháirtí agus go mbeadh ról níos gníomhaí aici sa ghrinnscrúdú ar chláir Global Gateway, lena ráthófar a n-éifeachtacht agus a gcur chun feidhme cuí;

86.

á áitiú go n-éilíonn tionscnamh Global Gateway cur chuige níos straitéisí agus níos comhordaithe, lena n-ionchorpraítear critéir dhochta le spriocanna SFInna agus le spriocanna Chomhaontú Pháras agus le luachanna bunúsacha AE, lena n-áirítear cearta an duine, dea-rialachas, daonlathas, trédhearcacht agus inbhuanaitheacht chomhshaoil; ag aithint acmhainneacht Global Gateway rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe; á chur i bhfáth nach mór dó a bheith trédhearcach ina phróiseas pleanála agus sásraí soiléire a bheith aige chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar;

87.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cumarsáid, comhordú agus ailíniú níos soiléire idir tionscadail Global Gateway agus beartais forbartha an Aontais atá ann cheana; á chur i dtábhacht, sa chomhthéacs sin, gur cheart do BEI dlús a chur lena chomhoibriú le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile agus le bainc forbartha náisiúnta chun tionchar a idirghabhálacha a uasmhéadú, agus a áirithiú an tráth céanna go bhfuil a ghníomhaíochtaí ailínithe go hiomlán le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna);

88.

ag athdhearbhú a hiarrata láidre ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar a neartú le comhpháirtithe maidir leis an gcoireacht eagraithe, an t-éilliú, sreabha aindleathacha airgeadais, iomaíocht dhíobhálach cánach, seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac; á iarraidh go méadófaí an comhar le tíortha atá i mbéal forbartha maidir le cúrsaí cánach, lena n-áirítear ó thaobh acmhainneachtaí, digitiú, agus neartú a gcóras cánach; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh próiseas idir-rialtasach chun coinbhinsiún cánach de chuid na Náisiún Aontaithe a ghlacadh mar chreat domhanda nua le haghaidh comhar idirnáisiúnta cánach; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag cánachas forchéimnitheach maidir le hioncam a áirithiú chun forbairt inbhuanaithe a mhaoiniú; ag tacú leis an gcinneadh a rinne airí airgeadais G20 a áirithiú go ngearrfar cáin go héifeachtach ar dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas thar a bheith ard acu;

Ionchas

89.

á athdhearbhú gurb iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an t-aon sraith chuimsitheach spriocanna, a comhaontaíodh ar fud an domhain, ar na mórdhúshláin atá le sárú ag tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha araon agus go bhfuil siad ar an uirlis is fearr chun dul i ngleic le bunchúiseanna na ndúshlán sin; á chur i bhfáth, chun go mbainfí Clár Oibre 2030 amach, go bhfuiltear ag brath ar chomhar domhanda agus ar ghníomhaíocht fheabhsaithe agus bhrostaithe ag na gníomhaithe uile; á iarraidh ar AE gníomhaíocht a dhúbailt agus a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an dul chun cinn a dhéanamh sna 5 bliana sin roimh spriocdháta 2030 chun dlús a chur le gníomhaíocht chun na treochtaí diúltacha a aisiompú agus todhchaí níos córa, níos síochánta agus níos inbhuanaithe a chothú do chách;

90.

ag cur béim ar an bhfíoras gur oibleagáid cheangailteach é comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt faoi Airteagal 208 CFAE lena ndírítear ar ghnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú ag gach céim den timthriall ceaptha beartas, chun sineirgí a chothú ar fud réimsí beartais, comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a thabhairt chun réitigh, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar éifeachtaí iarmharta idirnáisiúnta bheartais AE;

91.

á thabhairt chun suntais an deis a chuirtear ar fáil le SFInna chun go gcothófaí geilleagar inbhuanaithe atá dírithe ar an bhfolláine agus ar an duine; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach lena n-áiritheofar inbhuanaitheacht agus rathúnas fadtéarmach tar éis 2030 i gcomhréir le riachtanais agus cúinsí éagsúla tíortha éagsúla;

92.

á chur in iúl gur geal léi an Comhshocrú don Todhchaí lena ngealltar 56 ghníomhaíocht chun dlús a chur leis an bhforbairt inbhuanaithe agus í a mhaoiniú, chun a áirithiú go rachaidh an teicneolaíocht chun tairbhe do dhaoine agus don phláinéad, chun infheistíocht a dhéanamh san aos óg, chun tacú le cearta an duine agus leis an gcomhionannas inscne, agus chun an rialachas domhanda a chlaochlú; á iarraidh go mbeadh na gealltanais a tugadh le linn Chruinniú Mullaigh na Todhchaí agus a léirítear sa Chomhshocrú don Todhchaí ina ngníomhaíochtaí nithiúla agus spriocanna intomhaiste; ag tathant ar na Náisiúin Aontaithe tús a chur le straitéis chuimsitheach Chlár Oibre iar-2030 a ullmhú bunaithe ar thiomantas domhanda don fhorbairt inbhuanaithe;

93.

á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar an gCeathrú Comhdháil Idirnáisiúnta maidir le Maoiniú don Fhorbairt in Sevilla mar iarracht shuntasach chun an t-ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta a athchóiriú, aghaidh a thabhairt ar an gcostas iasachtaíochta, agus infheistíocht a mhéadú chun an bhearna i maoiniú don fhorbairt inbhuanaithe a dhúnadh;

94.

á iarraidh go mbeadh pleananna cur chun feidhme ann le hamlínte nithiúla chun SFInna a bhaint amach faoi 2030 agus spriocanna uaillmhianacha a leagan síos tar éis 2030; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún dea-shampla a thabhairt agus straitéis chuimsitheach a fhorbairt a mbeidh plean struchtúrtha cur chun feidhme SFInna ag gabháil léi ina mbeidh spriocanna soiléire agus nithiúla; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile de chuid an Aontais go hiomlán comhsheasmhach le SFInna;

95.

á chur in iúl gur geal léi an chéad athbhreithniú deonach a rinne an tAontas ar chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe in 2023; á mheas gur féidir lena conclúidí a bheith ina mbonn láidir do straitéis chuimsitheach AE maidir le SFInna, ar cheart go n-áireofaí léi córas faireacháin nuashonraithe lena gcuirtear san áireamh tionchar inmheánach agus seachtrach AE ar phróiseas SFI; á áitiú go ndéanfar cleachtaí rialta de na hathbhreithnithe sin agus go gcuirfear a gconclúidí san áireamh i dtograí ón gCoimisiún;

96.

á chreidiúint gur cheart go mbeadh rath ar dhul chun cinn na SFInna a bheith infheicthe agus an bealach a réiteach chun dea-chleachtas a cheapadh chun go mbainfí SFInna amach; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá digitiú cuimsitheach, lena n-áirítear maidir le IS, ag tógáil ar an gComhshocrú Digiteach Domhanda; á chur in iúl gur geal léi Tuarascáil 2025 maidir leis an bhForbairt Dhaonna ina ndírítear ar an ábhar sin;

°

° °

97.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus Uachtarán Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

(1)   IO L 114, 12.4.2022, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/591/oj.

(2)   IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.

(3)   IO C 316, 22.9.2017, lch. 99.

(4)   IO C 132, 14.4.2023, lch. 54.

(5)   IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.

(6)   IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.

(7)   IO C 47, 7.2.2023, lch. 171.

(8)   IO C 47, 7.2.2023, lch. 149.

(9)   IO C 167, 11.5.2023, lch. 57.

(10)   IO C, C/2023/398, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/398/oj.

(11)   IO C, C/2024/493, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/493/oj.

(12)   IO C, C/2025/1971, 11.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1971/oj.

(13)   IO C, C/2025/1279, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1279/oj.

(14)   IO C 81, 18.2.2022, lch. 43.

(15)   IO C 400, 26.11.2019, lch. 9.

(16)   https://www.un.org/sustainabledevelopment/wp-content/uploads/2023/02/SDG-Stimulus-to-Deliver-Agenda-2030.pdf.

(17)   https://www.eea.europa.eu/en/analysis/publications/monitoring-progress-towards-8th-eap-objectives.

(18)   https://apps.who.int/gb/bd/PDF/bd47/EN/constitution-en.pdf?ua=1.

(19)   https://www.who.int/news/item/24-05-2024-covid-19-eliminated-a-decade-of-progress-in-global-level-of-life-expectancy.

(20)   https://www.ilo.org/sites/default/files/2025-01/WESO25_Trends_Report_EN.pdf.

(21)   https://www.ilo.org/resource/news/number-youth-not-employment-education-or-training-neet-cause-concern.

(22)   https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/Goal-17/.

(23)   https://equalmeasures2030.org/wp-content/uploads/2024/09/EM2030_2024_SDG_Gender_Index_EN_digital.pdf.

(24)   https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/Goal-17/.

(25)   https://equalmeasures2030.org/wp-content/uploads/2024/09/EM2030_2024_SDG_Gender_Index_EN_digital.pdf.

(26)   https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/The-Sustainable-Development-Goals-Report-2024.pdf.

(27)   https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/The-Sustainable-Development-Goals-Report-2024.pdf.

(28)   https://www.who.int/news-room/speeches/item/who-director-general-s-opening-remarks-at-the-media-briefing-17-march-2025.

(29)  Treoir (AE) 2024/2881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le aercháilíocht chomhthimpeallach agus aer níos glaine don Eoraip (IO L, 2024/2881, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2881/oj).

(30)   https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/The-Sustainable-Development-Goals-Report-2024.pdf.

(31)   https://www.who.int/data/gho/data/themes/public-health-and-environment.

(32)   https://docs.un.org/en/A/RES/76/300.

(33)   https://www.who.int/news-room/fact-sheets/detail/female-genital-mutilation.

(34)   https://www.unicef.org/press-releases/over-230-million-girls-and-women-alive-today-have-been-subjected-female-genital.

(35)   https://www.un.org/en/climatechange/science/climate-issues/women#:~:text=When%20extreme%20weather%20disasters%20strike.

(36)   https://www.oecd.org/en/publications/development-finance-for-gender-equality-2024_e340afbf-en.html.

(37)   https://www.oecd.org/en/publications/development-finance-for-gender-equality-2024_e340afbf-en.html.

(38)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).

(39)   https://www.unwomen.org/en/news-stories/press-release/2025/03/fast-facts-30-years-of-uneven-progress-for-adolescent-girls.

(40)  Achoimre beartais ODI, Where next for feminist foreign policy on funding feminist movements?, https://media.odi.org/documents/ODI-ET-FundingMovements-PB-EN-May24-Final.pdf.

(41)   https://www.worldbank.org/en/publication/poverty-prosperity-and-planet.

(42)   https://www.oecd.org/content/dam/oecd/en/publications/reports/2023/04/informality-and-globalisation_d7548f2e/c945c24f-en.pdf, https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/The-Sustainable-Development-Goals-Report-2024.pdf.

(43)   https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/The-Sustainable-Development-Goals-Report-2024.pdf.

(44)   https://environment.ec.europa.eu/topics/water/water-wise-eu/polluted-water_en.

(45)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2024 maidir leis an gcinneadh a rinne an Iorua le déanaí mianadóireacht ar ghrinneall na farraige a chur chun cinn san Artach (IO C, C/2024/6333, 7.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6333/oj).

(46)   https://unstats.un.org/sdgs/report/2024/The-Sustainable-Development-Goals-Report-2024.pdf.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1441/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top