Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IP0096

P10_TA(2025)0096 — Filleadh leanaí na hÚcráine arna n-aistriú agus arna ndíbirt go héigeantach ag an Rúis — Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 maidir le filleadh leanaí na hÚcráine arna n-aistriú agus arna ndíbirt go héigeantach ag an Rúis (2025/2691(RSP))

IO C, C/2026/581, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/581/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/581/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/581

24.2.2026

P10_TA(2025)0096

Filleadh leanaí na hÚcráine arna n-aistriú agus arna ndíbirt go héigeantach ag an Rúis

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2025 maidir le filleadh leanaí na hÚcráine arna n-aistriú agus arna ndíbirt go héigeantach ag an Rúis (2025/2691(RSP))

(C/2026/581)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, do Choinbhinsiúin na Ginéive agus dá bprótacail bhreise, do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC), do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, agus don Choinbhinsiún um Chinedhíothú (CPPCG),

ag féachaint do Riail 150(5) agus Riail 136(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.

de bhrí, ó mhí Feabhra 2022 ar a laghad, gur díbríodh thart ar 20 000 de leanaí na hÚcráine go héigeantach chuig Cónaidhm na Rúise agus chuig an mBealarúis nó gur coinníodh iad i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach, agus nár fhill ach 1 293 leanbh agus gur deimhníodh 624 leanbh marbh, de réir thionscnamh ‘Bring Kids Back UA’ de chuid an Uachtaráin Zhelensky; de bhrí, de réir Shaotharlann um Thaighde Daonnúil Ollscoil Yale (HRL), gur dócha go bhfuil na fíorfhigiúirí i bhfad níos airde, de réir mar a leanann na haistrithe agus an díbirt sin ar aghaidh;

B.

de bhrí go dtoirmisctear leis an dlí idirnáisiúnta aistriú éigeantach chuig críoch faoi fhorghabháil nó díbirt ó chríoch faoi fhorghabháil chuig críoch an ghabhálaí, ar coir chogaidh í faoi Reacht na Róimhe agus a d’fhéadfadh a bheith ina chinedhíothú faoi CPPCG;

C.

de bhrí gur eisigh ICC barántais ghabhála do Vladimir Putin agus Maria Lvova-Belova an 17 Márta 2023 as a bhfreagracht as an gcoir chogaidh i dtaca le haistriú neamhdhleathach agus díbirt neamhdhleathach leanaí na hÚcráine;

1.

ag géarcháineadh ghníomhaíochtaí foréigneacha Chónaidhm na Rúise agus comhpháirteachas na Bealarúise as an drochíde do leanaí na hÚcráine, lena n-áirítear maruithe, aistriú éigeantach agus díbirt éigeantach, uchtú neamhdhleathach, mí-úsáid ghnéasach agus dúshaothrú gnéasach, rúisiú éigeantach agus míleatú; á chur i bhfáth go bhfuil na gníomhartha sin mar chuid de straitéis chinedhíothach chun féiniúlacht na hÚcráine a scriosadh;

2.

ag tathant ar an Aontas iad siúd atá freagrach a thabhairt chun cuntais agus smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá luaite leis na coireanna sin;

3.

á éileamh go gcuirfí deireadh láithreach leis na coireanna sin agus go dtuairisceodh an Rúis faoi chéannacht agus cá bhfuil leanaí uile na hÚcráine a díbríodh agus go ndéanfadh sí a ndea-bhail agus a bhfilleadh sábháilte agus gan choinníoll a áirithiú;

4.

ag tathant ar údaráis chónaidhme agus áitiúla na Rúise rochtain a thabhairt d’eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ICRC, OHCHR agus UNICEF ar gach leanbh de chuid na hÚcráine a díbríodh;

5.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil ag teip ar ICRC a mhisean a chomhlíonadh chun cosaint a thabhairt do leanaí na hÚcráine a díbríodh chun na Rúise agus na Bealarúise nó atá lonnaithe i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach;

6.

ag cáineadh fhorchur éigeantach shaoránacht na Rúise ar na leanaí sin a díbríodh agus a n-uchtaithe státurraithe ag teaghlaigh na Rúise mar chuid de bheartas d’aon ghnó comhshamhlaithe éigeantaigh;

7.

á iarraidh ar an Aontas comhoibriú go dlúth le húdaráis na hÚcráine agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha agus tacú leo ina n-iarrachtaí leanaí uile na hÚcráine atá ar iarraidh agus a díbríodh a dhoiciméadú; ag tathant ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, cistiú HRL a choinneáil ar bun agus ar an Aontas a áirithiú go leanfar ar aghaidh leis;

8.

ag cur béim ar an bhfíoras nach mór aisdúichiú na leanaí sin agus cuntasacht as aistrithe éigeantacha agus díbirt éigeantach a bheith san áireamh le haon chomhaontú síochána;

9.

ag tathant ar an gcomhphobal idirnáisiúnta an Rúis a thabhairt chun cuntais trí chomhordú a threisiú trí ICC, trí CBI, agus tríd an mbinse Speisialta um choir an fhogha i gcoinne na hÚcráine;

10.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig ESCE agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine, agus chuig na Stáit Aontaithe, chuig an Rúis agus chuig an mBealarúis.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/581/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top