Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025IE2364

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Acmhainneacht na mbuanábhar i ngeilleagar ciorclach an Aontais a éascú (tuairim féintionscnaimh)

EESC 2025/02364

IO C, C/2026/869, 27.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/869/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/869/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/869

27.2.2026

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Acmhainneacht na mbuanábhar i ngeilleagar ciorclach an Aontais a éascú

(tuairim féintionscnaimh)

(C/2026/869)

Rapóirtéir:

Andrea MONE (IT, II)

Comhrapóirtéir:

Michal PINTÉR (SK-1)

Comhairleoirí

Bonolo MADIBE (thar ceann rapóirtéir Ghrúpa II)

Alexandra ŠARINOVÁ (thar ceann an chomhrapóirtéara, 1 1)

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

23.1.2025

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

An rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

25.11.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

3.12.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

601

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

219/1/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Aithníonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil buanábhair ríthábhachtach don gheilleagar ciorclach. Sa tuairim seo, dírítear ar úsáid ábhar buan sa phacáistíocht agus cuirtear moltaí beartais ábhartha i láthair. Ba cheart aitheantas a thabhairt do bhuanábhair i reachtaíocht an Aontais chun a áirithiú go léireofar a rannchuidiú uathúil leis an gciorclaíocht i mbeartas amach anseo. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach coincheap agus saintréithe na mbuanábhar a aithint go soiléir i gcreat dramhaíola agus acmhainní an Aontais, agus go n-aithneofaí an ról atá acu mar a bheith fabhrach do gheilleagar ciorclach an Aontais.

1.2.

Tacaíonn CESE leis an gcur chuige uaillmhianach atá á ghlacadh ag an Aontas chun an sprioc 90 % maidir le bailiú ar leithligh le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht i mBallstáit uile an Aontais a bhaint amach faoi 2030, agus cistiú spriocdhírithe ón Aontas le haghaidh ardbhonneagar bailithe, sórtála agus athchúrsála ar ardchaighdeán mar thaca leis. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le bailiú ar leithligh chun athchúrsáil lúbiata a chumasú agus chun coinneáil agus luach na mbuanábhar a uasmhéadú.

1.3.

Molann CESE scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora (FLT) a neartú agus a chomhchuibhiú ar fud Bhallstáit an Aontais chun úsáid ábhar an-in-athchúrsáilte a dhreasú go gníomhach. Áirítear leis sin táillí éiceamhodhnaithe a fhorfheidhmiú ar bhonn critéir shoiléire, struchtúir táillí thrédhearcacha agus chomhréireacha a áirithiú, ioncaim a imfhálú le haghaidh athinfheistíochta sa sruth ábhartha céanna chun fíorthorthaí ciorclaíochta a spreagadh agus dea-chleachtas eile maidir le FLT a aithint.

1.4.

Tugann CESE dá aire gur gá tús áite a thabhairt do chistiú chun dlús a chur leis an infheistíocht i mbonneagar nua-aimseartha d’fhonn dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú, a shórtáil agus a athchúrsáil ar leithligh. Ba cheart béim ar leith a leagan ar na réigiúin sin a bhfuil feidhmíodht nó acmhainneacht infheistíochta níos ísle acu chun a áirithiú nach bhfágfar aon Bhallstát ar lár.

1.5.

Molann CESE don Choimisiún Eorpach measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar iompraíochtaí athchúrsála shaoránaigh an Aontais, d’fhonn easnaimh agus dea-chleachtais a shainaithint. Iarrann sé freisin go molfadh sé bearta chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht na dtomhaltóirí i ndeighilt na dramhaíola ó phacáistíocht mar an chéad chéim riachtanach d’athchúrsáil tí.

1.6.

Thairis sin, molann sé go n-áiritheofaí go mbeadh an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach inbhuanaithe go sóisialta trí réamh-mheas a dhéanamh go luath ar an tionchar ar mhargadh an tsaothair agus rochtain ar uas-sciliú agus athsciliú a ráthú chun tacú le daoine agus iad ag aistriú ó phost amháin go post eile, chun a áirithiú gur féidir le hoibrithe tairbhe iomlán a bhaint as an ngeilleagar ciorclach atá ag athrú agus rannchuidiú leis.

1.7.

Molann CESE an t-idirphlé sóisialta a neartú ar gach leibhéal agus an chómhargáil a chur chun cinn, lena n-áirítear ar leibhéal na gcuideachtaí, chun a áirithiú go gcuirfear oibrithe ar an eolas, go rachfar i gcomhairle leo agus go mbeidh siad rannpháirteach san aistriú i dtreo samhlacha gnó ciorclacha, agus ar an gcaoi sin fostaíocht cháilíochta, sábháilteacht san ionad oibre agus ceartas sóisialta a threisiú.

2.   Barúlacha ginearálta agus cúlra

2.1.

I dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin Eorpaigh 2024-2029 (1), leag Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, amach fís chun go mbeidh an tAontas Eorpach ina gheilleagar níos ciorclaí agus níos athléimní. Measann an Coimisiún Eorpach atá ann faoi láthair, in éineacht leis an gComhairle Eorpach, mar a leagtar amach ina Clár Oibre Straitéiseach 2024-2029 (2), gur tosaíocht é cabhrú leis an Aontas a bheith níos inbhuanaithe agus acmhainní a choimeád laistigh de gheilleagar an Aontais ar feadh tréimhse níos faide. Leis an ngá atá ann níos mó airde a thabhairt ar phrionsabail agus spriocanna an gheilleagair chiorclaigh, tugtar ceisteanna sonracha chun solais, amhail na hábhair is oiriúnaí lena n-úsáid agus lena gcoimeád i dtáirgeadh laistigh den gheilleagar ciorclach agus conas is féidir acmhainní a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Is é is aidhm don tuairim féintionscnaimh seo feasacht a mhúscailt maidir le coincheap na mbuanábhar, lucht ceaptha beartas, tomhaltóirí agus páirtithe leasmhara eile a chur ar an eolas faoi na príomhthréithe agus na príomhbhreithnithe a bhaineann leis an gcoincheap, agus díospóireacht idirinstitiúideach a spreagadh ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, fiosraítear inti an bhféadfaí buanábhair a phríomhshruthú i mbeartas agus i reachtaíocht an Aontais, go háirithe sula nglacfar an Gníomh um an nGeilleagar Ciorclach, agus rialachán maidir le dramhaíl a chur chun cinn lena n-aithnítear na tairbhí a bhaineann le buanábhair le haghaidh in-athchúrsáilteachta agus ciorclaíochta, lena ndírítear ar bheartais an gheilleagair chiorclaigh a chomhchuibhiú, lena ndreasaítear úsáid ábhar tánaisteach, agus lena gcuirtear dearadh táirgí inbhuanaithe chun cinn.

2.2.

Is féidir buanábhar a shainmhíniú mar ‘ábhar nach n-athraíonn a airíonna bunúsacha le linn a shaolré, gan beann ar an líon uaireanta a théann sé trí phróiseas athchúrsála’ . Tá sé sin i gcodarsnacht le hábhair eile a dhíghrádaíonn le linn a n-úsáide agus a n-athchúrsáilte — go pointe difriúil i ngach ceann acu. Ní athraíonn airíonna bunúsacha na cruach, na gloine agus an alúmanaim le linn na hathchúrsála, áfach, filleadh siad ar a saintréithe bunaidh, rud a fhágann gur féidir athchúrsáil a dhéanamh arís agus arís eile. Dá bhrí sin, measaimid gur buanábhair iad gloine, alúmanam agus cruach agus tá siad roghnaithe againn mar fhócas na tuairime seo. Cé go bhfuil ról ríthábhachtach ag buanábhair i bhfeidhmeanna tionsclaíocha, dírítear sa tuairim seo d’aon ghnó ar a n-úsáid sa phacáistíocht, rud a léiríonn an phráinn agus na deiseanna atá le tapú sa réimse sin. Tá athchóiriú rialála suntasach á dhéanamh ar earnáil na pacáistíochta faoi láthair tríd an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht, rud a fhágann gur pointe iontrála tráthúil agus straitéiseach í chun buanábhair a phríomhshruthú. Tá dramhaíl ó phacáistíocht fós ar cheann de na sruthanna dramhaíola is feiceálaí agus is achrannaí ar leibhéal an teaghlaigh, agus d’fhéadfaí an t-athchúrsáil a mhéadú tuilleadh. Trí dhíriú ar phacáistíocht, tugtar aghaidh sa tuairim seo ar an gcuid sin den chóras ina mbriseann an chiorclaíocht síos, ina bhfuil athchúrsáil ardcháilíochta indéanta go teicniúil, ach atá srianta ag lóistíocht agus iompraíocht an duine. Thairis sin, is í an phacáistíocht an príomh-chomhéadan idir tomhaltóirí agus úsáid ábhair, rud a fhágann gur spás straitéiseach í chun iompraíocht phoiblí, beartais agus infheistíochtaí a ailíniú. Tá uas-scálú na hathchúrsála lúbiata ar phacáistíocht ghloine, chruach agus alúmanaim ina bhealach láithreach agus mórthionchar chun spriocanna ciorclaíochta an Aontais a chur chun cinn.

2.3.

Coinníonn buanábhair amhail cruach, alúmanam agus gloine a n-airíonna bunúsacha trí il-lúbanna athchúrsála, gan díghrádú. Seachas ábhair a íoschúrsálann le himeacht ama, ceadaíonn buanábhair athchúrsáil ábhair lúbiata, inar féidir an t-aschur athchúrsáilte a ionadú go hiomlán le hóghábhar don fheidhm chéanna (nó d’fheidhm cosúil leis) arís agus arís eile. Fágann an tsaintréith intreach sin go bhfuil na hábhair sin oiriúnach go huathúil do gheilleagar atá fíor-inbhuanaithe agus ciorclach. Leagann CESE béim ar an ngá atá ann idirdhealú a dhéanamh idir ábhair bhuana agus ábhair a íosghrádaíonn le himeacht ama, agus iarrann sé go ndéanfaí an téarma ‘buanábhair’ a phríomhshruthú i mbeartas, reachtaíocht agus méadracht chiorclaíochta an Aontais. Tá sé ríthábhachtach an chatagóir sin a aithint agus cur chuige spriocdhírithe a chur chun feidhme ina leith chun dlús a chur le spriocanna aeráide agus éifeachtúlachta acmhainní an Aontais.

2.4.

Tá buanábhair fós ina bpríomhacmhainní don gheilleagar ciorclach agus is féidir tairbhí agus coigiltis a bhaint amach dá n-úsáid arís agus arís eile agus dá n-athchúrsáil. Déantar stánphláta, táirge cruach comhréidh fuar-rollta le haghaidh feidhmeanna pacáistíochta, a tháirgeadh go príomha trí bhealach na bunfhoirnéise ocsaigine (BOF), le hionchur fuíll teoranta (15-20 %) mar gheall ar dhiancheanglais cháilíochta. Mar sin féin, téann pacáistíocht stánphláta bailithe isteach arís go comhsheasmhach sa timthriall cruach, agus í mar ábhar ionadach d’amhiarainn agus cóc in BOFanna nó fónann sé mar dhramh ardcháilíochta i stuafhoirnéisí leictreacha (EAFanna). Le hathchúrsáil stánphláta, cuirtear coigilteas fónta acmhainní, fuinnimh agus CO2 ar fáil, agus ag an am céanna coinnítear rátaí athchúrsála os cionn 80 % i roinnt Ballstát de chuid an Aontais (3). Maidir le halúmanam, sábhálann an athchúrsáil 95 % den fhuinneamh is gá le haghaidh táirgeadh príomhúil, chomh maith le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT). In 2022, bhí lorg carbóin an táirgthe alúmanaim phríomhúil dhomhanda (ón mianach go dtí an teach teilgthe) 15,1 tona CO2 coibhéis (CO2e) in aghaidh an tona, ach ba é 0,52 tona CO2e in aghaidh an tona na hastaíochtaí carbóin don alúmanam athchúrsáilte (geata go geata) (4). Maidir le gloine, ar an meán, le méadú 10 % ar ghloine athchúrsáilte (cuilléid) san fhoirnéis, laghdaítear úsáid fuinnimh faoi 3 % agus laghdaítear astaíochtaí CO2 2 faoi 5 % (5). Mar aon leis sin tá measúnú saolré Chónaidhm Ghloine Coimeádán na hEorpa i ndiaidh léiriú go sábháiltear 670 kg CO2 (meán an Aontais, ar bhonn cliabhán go cliabhán) le gach tona gloine athchúrsáilte. Nuair a leáitear cuilléid 100 %, laghdaítear astaíochtaí CO2 faoi thart ar 58 %, i gcomparáid le cás nach n-úsáidtear aon chuilléid (6).

2.5.

Ós rud é go n-aithnítear go forleathan an coigilteas comhshaoil, fuinnimh agus uisce a bhaineann le buanábhair a athchúrsáil, ba cheart luach na mbuanábhar a aithint i reachtaíocht ábhartha uile an Aontais, mar aon lena ról mar phríomhchumasóirí spriocanna aeráide agus ciorclaíochta an Aontais. Cuidíonn córas lúbiata chiorclach, lena chuirtear ábhair athchúrsáilte in áit acmhainní óghábhair, le hastaíochtaí CO2 ó tháirgeadh alúmanaim, gloine agus cruach a laghdú. Trí spleáchas na hEorpa ar acmhainní príomhúla a laghdú, leordhóthanacht ábhair a bhaint amach, agus bonneagar bailithe agus sórtála a mhéadú (go háirithe i mBallstáit ísealfheidhmíochta an Aontais), tacófar leis an aeráidneodracht, agus beidh ról ríthábhachtach ag buanábhair chun na spriocanna sin a bhaint amach. Ní mór na colún sin a dhaingniú mar cholúin chumasúcháin mhargadh aonair ciorclach an Aontais, lena dtacaítear freisin le cuspóir níos leithne an Aontais maidir le huathriail straitéiseach agus spleáchas laghdaithe ar thríú tíortha le haghaidh amhábhar.

2.6.

D’ainneoin aidhm an Aontais a ráta úsáide ciorclaí ábhair a dhúbailt faoi 2030, tá an dul chun cinn fánach, agus méadú thart ar aon phointe céatadáin amháin tagtha air thar níos mó ná deich mbliana. B’ábhar athchúrsáilte 11,8 % den ábhar a úsáideadh in 2023, méadú 1,1 pointe céatadáin ó 2010. Léiríonn sé sin nach bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart faoi láthair chun a ráta úsáide ábhair chiorclaigh a dhúbailt faoi 2030 (7). Molann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an athchúrsáil a mhéadú agus spleáchas ar acmhainní príomhúla a laghdú chun an ráta úsáide ábhair chiorclaigh a mhéadú (8), cúram a bhfuil buanábhair an-oiriúnach dó.

3.   Barúlacha sonracha: Geilleagar ciorclach an Aontais a uas-scálú le buanábhair

3.1.

Ós rud é nach bhfuil an tAontas fós ar an mbóthar ceart chun a ráta úsáide ábhair chiorclaigh a dhúbailt faoi 2030, léiríonn an mharbhántacht sin i méadracht chiorclaíochta dúshlán struchtúrach níos doimhne. Tá acmhainní luachmhara fós á gcailleadh ag an Eoraip chun an íoschúrsáil, an t-onnmhairiú agus an diúscairt líonta talún a ísliú, rud a bhaineann an bonn de chuspóirí ciorclaíochta, aeráide agus iomaíochais. Gan athrú sistéamach ar son táirgí ciorclacha, tá an baol ann go dtitfidh an tAontas chun deiridh ina cheannaireacht thionsclaíoch ghlas agus go lagófar a athléimneacht. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le sreafaí ábhair lúbiata ardluacha chun geilleagar ciorclach den Aontas a dhaingniú a chuirfidh tairbhí comhshaoil agus straitéiseacha ar fáil.

3.2.

Molann CESE beartas dramhaíola an Aontais a aistriú i dtreo bainistiú straitéiseach acmhainní, ábhair a choimeád i gcúrsaíocht agus tús áite a thabhairt d’athchúrsáil lúbiata ardcháilíochta. Leis an sainmhíniú atá ann faoi láthair ar ‘athchúrsáil’ in Airteagal 3(17) den Treoir maidir le Dramhaíl, soláthraítear creat ginearálta is infheidhme maidir le gach ábhar. Mar sin féin, lena chur i bhfeidhm laistigh de ‘ord na réiteach dramhaíola’ (Airteagal 4 den Treoir maidir le Dramhaíl) ní dhéantar idirdhealú leordhóthanach idir ábhair atá ciorclach ó nádúr, i.e. ábhair is féidir a athchúrsáil arís agus arís eile gan caillteanas feidhme, agus iad sin a dhíghrádaíonn le gach timthriall agus a chailltear ar deireadh. Dá dtabharfaí ord na réiteach sin cothrom le dáta chun an t-idirdhealú sin a léiriú ar bhealach níos fearr, thacófaí le cuspóir an Aontais fíorchiorclaíocht a chumasú trí iliomad lúba athchúrsála ardcháilíochta, an sprioc maidir le geilleagar iomlán ciorclach a chur chun cinn agus stoic na n-ábhar sin atá ar fáil go buan a choinneáil ar bun.

3.3.

Iarrann CESE go ndéanfaí coincheap agus saintréithe na mbuanábhar a shainiú agus a aithint in acquis an Aontais maidir le dramhaíl agus acmhainní agus go n-aithneofaí an ról níos iomchuí atá acu chun spriocanna an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn ná ról na n-ábhar a dhíghrádaíonn thar thimthriallta athchúrsála. Cuideoidh sé sin le borradh a chur faoi rátaí bailithe agus athchúrsála, le spleáchais ar óghábhair a laghdú agus le lúba athchúrsála dúnta a chur chun cinn, agus ag an am céanna deireadh a chur le dramhaíl agus deireadh a chur de réir a chéile le líonadh talún agus loscadh agus le caillteanas acmhainní gaolmhara.

3.4.

Leis an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht, tugtar isteach sainmhíniú réamhbhreathnaitheach ar athchúrsáil ardcháilíochta, lena n-aithnítear a shainiúlacht. Dá ndéanfaí sainmhíniú cosúil ar athchúrsáil ardcháilíochta a leabú sa Ghníomh um an nGeilleagar Ciorclach agus sa Treoir maidir le Dramhaíl, neartófaí comhsheasmhacht reachtach an Aontais agus spreagfaí bailiú agus sórtáil éifeachtúil ábhar ar bhealach lena gcumasaítear athchúrsáil ábhair lúbiata. Céim straitéiseach a bheadh sa mhéid sin i dtreo coinneáil ábhair ardcháilíochta a chothú agus dlús a chur leis an aistriú ciorclach. Molann CESE sainmhíniú a chur san áireamh sa Treoir maidir le Dramhaíl mar seo a leanas: ciallaíonn ‘athchúrsáil ardcháilíochta aon phróiseas athchúrsála lena dtáirgtear ábhair athchúrsáilte atá ar cháilíocht atá coibhéiseach leis na hábhair bhunaidh, bunaithe ar shaintréithe teicniúla caomhnaithe, agus a úsáidtear chun príomh-amhábhair a ionadú i gcás príomhábhar do na feidhmeanna céanna nó d’fheidhmeanna eile ina gcaomhnaítear cáilíocht an ábhair athchúrsáilte. Is féidir an t-ábhar athchúrsáilte a athchúrsáil arís agus arís eile’.

3.5.

Braitheann athchúrsáil ardcháilíochta pacáistíochta ar infhaighteacht córas éifeachtúil bailithe agus sórtála ar leithligh. Chun fíorchiorclaíocht a chumasú, ba cheart don Aontas cur chuige tráthúil uaillmhianach a ghlacadh chun 90 % de dhramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú ar leithligh i ngach Ballstát faoi 2030. Ba cheart tacú leis an iarracht sin trí chistiú spriocdhírithe ón Aontas chun bonneagar nuálach bailithe agus sórtála a fhorbairt agus a úsáid, agus trí infheistíocht a dhéanamh i saoráidí athchúrsála ar ardchaighdeán, go háirithe sna Ballstáit sin de chuid an Aontais a bhfuil dúshláin rompu maidir le spriocanna athchúrsála an Aontais a bhaint amach. Is réamhriachtanas é bailiú ar leithligh a neartú ar fud an Aontais chun athchúrsáil lúbiata a chumasú agus chun stoc agus luach na mbuanábhar a uasmhéadú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034 a ailíniú le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh chun buanábhair a ghiaráil go hiomlán agus ba cheart é sin a dhéanamh tríd an gCiste Eorpach um Iomaíochas atá tiomnaithe don aistriú glan.

3.6.

Braitheann rath aon bheartais um an ngeilleagar ciorclach, go háirithe in earnáil na pacáistíochta, ar iompraíocht tomhaltóirí freisin. Tá ról lárnach ag tomhaltóirí maidir le tús a chur leis an bpróiseas athchúrsála trí dhramhaíl ó phacáistíocht a dheighilt agus a dhiúscairt i gceart ar leibhéal an teaghlaigh. Braitheann fiú na teicneolaíochtaí athchúrsála is forbartha ar an gcéad chéim sin a dhéanamh i gceart. Tá gá le hiarrachtaí níos mó ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, chun feasacht a mhúscailt, lipéadú soiléir agus comhchuibhithe a chur ar fáil, agus córais bhailiúcháin iomasacha agus inrochtana a áirithiú ar fud na mBallstát uile. Is díol sásaimh do CESE iarrachtaí an Choimisiúin scéim lipéadaithe chomhchuibhithe uile-Aontais a fhorbairt chun cabhrú le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus a ndramhaíl — go háirithe dramhaíl ó phacáistíocht — a shórtáil i gceart, rud a chomhlíonann coinníoll riachtanach chun athchúrsáil ardcháilíochta a bhaint amach agus lúba ábhair a dhúnadh.

3.7.

Tá tomhaltóirí lárnach d’athchúrsáil dramhaíola tí, ós rud é gurb é an chéad chéim riachtanach é dramhaíl ó phacáistíocht a dheighilt. Braitheann a dtoilteanas ar fhaisnéis shoiléir, ar fhreagracht, ar oideachas ardcháilíochta faoi phrionsabail na hathchúrsála agus na ciorclaíochta, ar lipéadú, ar spreagadh, ar dhreasachtaí, ar éascú agus ar aitheantas sochaíoch an chleachtais. Ní mór don tionscal, don tráchtáil, d’údaráis phoiblí, do reachtóirí agus do na meáin rannchuidiú le dálaí tacaíochta a chruthú. Ba cheart don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar dhearcthaí an phobail ar fud an Aontais chun bearnaí agus dea-chleachtais a shainaithint le haghaidh straitéisí a bheidh ann amach anseo.

3.8.

Chun leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair chiorclaigh, ní mór a phrionsabail a bheith leabaithe i margadh aonair an Aontais. I dtuarascáil Enrico Letta 2024 maidir le todhchaí an mhargaidh aonair, cuirtear i dtábhacht go bhfuil margadh aonair ciorclach tiomnaithe ríthábhachtach chun tacú leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus chun an nuálaíocht, an t-iomaíochas, an athléimneacht agus an fás a spreagadh. Iarrtar go sainráite sa tuarascáil go mbunófaí margadh aonair ciorclach den sórt sin. Chun an fhís a bhaint amach, tá gá le gníomhaíochtaí beartais, lena n-áirítear deireadh a chur le hilroinnt rialála, bacainní agus neamhréireachtaí ar an leibhéal náisiúnta lena gcuirtear bac ar ghlacadh ciorclaíochta ar fud an Aontais. Tá sé ríthábhachtach cloí le croíphrionsabail an mhargaidh aonair trí ualaí riaracháin a chomhchuibhiú, a shimpliú agus a dhíothú le haghaidh samhlacha gnó ciorclacha agus braistint úinéireachta níos fearr ar chleachtais inbhuanaithe. Leagann CESE béim go háirithe ar ról Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh chun na spriocanna sin a chur chun cinn.

3.9.

Aithníonn CESE raibh ról lárnach ag scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora (FLT) maidir le rátaí arda bailithe agus athchúrsála a bhaint amach le haghaidh buanábhair. Mar sin féin, i gcomhréir le fócas méadaithe ar chiorclaíocht agus ar in-athchúrsáilteacht, ní mór iad a fhorbairt anois ina n-ionstraimí fíorstraitéiseacha lena ndreasaítear go gníomhach úsáid buanábhar a bhfuil leibhéil arda in-athchúrsáilteachta agus fíoracmhainneacht chiorclach ag baint leo. Éilítear cheana féin in Airteagal 8a den Treoir maidir le Dramhaíl go ndéanfaí modhnú ar tháillí FLT bunaithe ar in-athchúrsáilteacht, ach ní mór an prionsabal sin a neartú agus a fhorfheidhmiú. Ní hamháin gur cheart go measfaí le táillí éicea-mhodhnaithe an féidir táirge a athchúrsáil, ach an féidir é a bhailiú, a shórtáil agus a athchúrsáil arís agus arís eile, gan caillteanas cáilíochta ábhair, agus ar an gcaoi sin a bheith in ann acmhainní óghábhair a ionadú leis. Molann CESE dreasachtaí eacnamaíocha a ailíniú le torthaí feidhmíochta agus ciorclaíochta ábhartha trí scéimeanna FLT a bhunú agus a athchóiriú go héifeachtach ar fud an Aontais.

3.10.

Molann CESE go ndéanfaí íoscheanglais ghinearálta le haghaidh scéimeanna FLT a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát agus go mbeadh siad bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

táillí trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha FLT, lena gcumhdaítear na glanchostais a bhaineann leis an ábhar pacáistíochta sonrach a n-íoctar iad ina leith a bhailiú, a shórtáil agus a athchúrsáil;

ioncam FLT a imfhálú chun a áirithiú go ndéanfar athinfheistíocht i mbailiú agus athchúrsáil an tsrutha ábhair chéanna, lena gcoiscfear tras-fhóirdheonú ar fud na n-ábhar;

éiceamhodhnú táillí, lena léirítear in-athchúrsáilteacht iarbhír na pacáistíochta, an fhéidearthacht í a athchúrsáil arís agus arís eile gan caillteanas airíonna intreacha, agus fíorráta athchúrsála an ábhair.

3.11.

Beidh sé ríthábhachtach soláthar iontaofa d’amhábhair thánaisteacha ardcháilíochta (mar shampla fuíoll feiriúil, fuíoll neamhfheiriúil agus cuilléid gloine) a dhaingniú agus rochtain níos fearr a fháil orthu. Tacaíonn CESE le critéir deiridh dramhaíola an Aontais a mhionchoigeartú, bailiú sonraí agus cáilíocht na méadrachta inbhuanaitheachta a fheabhsú, agus reachtaíocht ábhartha uile an Aontais a ailíniú chun feabhas a chur ar infhaighteacht ábhar tánaisteach ar fud mhargadh aonair an Aontais.

3.12.

Chun athchúrsáil agus ciorclaíocht ábhair ardcháilíochta a bhaint amach ar fud an Aontais, beidh gá le hinfheistíocht spriocdhírithe i mbonneagar, go háirithe chun dramhaíl ó phacáistíocht a bhailiú, a shórtáil agus a athchúrsáil ar leithligh. Tá dúshláin struchtúracha agus bhuiséadacha le sárú ag go leor Ballstát den Aontas maidir leis an mbonneagar sin a mhéadú chun spriocanna an Aontais a bhaint amach. Iarrann CESE go leagfaí béim níos mó ar na gnéithe sin laistigh d’ionstraimí cistiúcháin ábhartha an Aontais chun tacú le bonneagar bailithe agus sórtála nua-aimseartha ardéifeachtúlachta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar réigiúin ina bhfuil feidhmíocht nó acmhainneacht infheistíochta níos ísle, chun a áirithiú nach bhfágfar aon Bhallstát ar lár.

3.13.

Maidir leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach atá bunaithe ar bhuanábhair, cuireann CESE i bhfios nach mór an t-aistriú sin a bheith inbhuanaithe go sóisialta. Chuige sin, ní mór oibrithe agus a gcearta a chur i gcroílár an phróisis. De réir mar a théann tionscail in oiriúint do shamhlacha gnó ciorclacha, tá sé fíor-riachtanach réamh-mheas luath a dhéanamh ar thionchair ar mhargadh an tsaothair — trí bheartais scileanna réamhbhreathnaitheacha, mapáil post agus infheistíocht sa ghairmoiliúint (athsciliú, uas-sciliú). Ní mór rochtain chearta-bhunaithe ar uas-sciliú, lena n-áirítear saoire oideachais íoctha agus bearta le haghaidh daoine atá ag aistriú ó phost go post, a ráthú chun a áirithiú gur féidir le hoibrithe tairbhe iomlán a bhaint as an ngeilleagar ciorclach atá ag athrú agus rannchuidiú leis.

3.14.

Leagann CESE béim ar an ról lárnach atá ag an idirphlé sóisialta agus iarrann sé go dtacófaí leis an bPacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht le colún sóisialta láidir: ní hamháin chun feasacht a mhúscailt agus faireachán a dhéanamh ar aistrithe ar leibhéal na cuideachta, ach a áirithiú freisin go gcuirfear oibrithe ar an eolas go héifeachtach, go rachfar i gcomhairle leo agus go mbeidh siad rannpháirteach go héifeachtach. Tá sé ríthábhachtach agus an Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht á chur chun feidhme, aistrithe saothair rianúla a áirithiú, measúnú a dhéanamh ar thionchar oibleagáidí an Aontais agus infheistíocht a dhéanamh i gcruthú post ardcháilíochta, agus cómhargáil, sláinte agus sábháilteacht, scileanna agus bearta cosanta sóisialta a neartú. Ní mór an t-idirphlé sóisialta, an chómhargáil agus rannpháirtíocht na n-oibrithe ar gach leibhéal a neartú chun a áirithiú go gcuirfidh ciorclaíocht níos fearr maidir le buanábhair leis an bhfostaíocht ardcháilíochta, leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair, agus leis an gceartas sóisialta. Ar leibhéal na cuideachta agus na hearnála, is féidir le comhaontuithe comhchoiteanna ciorclaíocht a chur chun cinn trí ghealltanas a thabhairt úsáid níos mó a bhaint as amhábhair thánaisteacha, dearadh le haghaidh athchúrsála, agus bailiú agus athchúrsáil ardcháilíochta.

An Bhruiséil, an 3 Nollaig 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Séamus BOLAND


(1)  An Coimisiún Eorpach: Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029, 18 Iúil 2024.

(2)  An Chomhairle Eorpach, an Clár Oibre Straitéiseach don Aontas 2024-2029, Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2024.

(3)   An Ráta Athchúrsála is airde ar Taifead Bainte amach leis an bPacáistíocht Cruach- Cruach mar ábhar pacáistíochta san Eoraip.

(4)   Facts About Aluminium — Institiúid Idirnáisiúnta um Alúmanam.

(5)  FEVE — Cónaidhm Ghloine Coimeádán na hEorpa, Recycling: Why glass always has a happy CO2 ending’.

(6)  FEVE — Cónaidhm Ghloine Coimeádán na hEorpa, Recycling: Why glass always has a happy CO2 ending’.

(7)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, 2025, ‘Circular material use rate in Europe’. [‘Ráta úsáide ábhair chiorclaigh san Eoraip’.]

(8)  An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, 2025, ‘Circular material use rate in Europe’. [‘Ráta úsáide ábhair chiorclaigh san Eoraip’.]


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/869/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top