This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025IE1434
Opinion of the European Economic and Social Committee – Economic impact of the implementation of the EU Emissions Trading System (ETS) (own-initiative opinion)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An tionchar eacnamaíoch a ghabhann le cur chun feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) (tuairim féintionscnaimh)
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An tionchar eacnamaíoch a ghabhann le cur chun feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) (tuairim féintionscnaimh)
EESC 2025/01434
IO C, C/2025/5140, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5140/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5140 |
28.10.2025 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An tionchar eacnamaíoch a ghabhann le cur chun feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA)
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2025/5140)
Rapóirtéir:
Krister ANDERSSON|
Comhairleoirí |
Samuel CORNELLA (thar ceann an rapóirtéara) Alex MONTEBELLO (thar ceann Ghrúpa I) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
27.2.2025 |
|
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
An rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
4.7.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
16.7.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
598 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
182/2/8 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá na cuspóirí ginearálta céanna ag Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ina ról maidir le geilleagar glas ísealcharbóin a bhaint amach agus atá ag córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí an Aontais (an Córas Trádála Astaíochtaí – CTA). Déanfar laghduithe ar CO2 áit ina mbeidh an costas ar an leibhéal is ísle, rud a fhágfaidh go mbeidh córas costéifeachtach ann. Cruthaíonn CTA dreasachtaí chun infheistíochtaí a dhéanamh sa teicneolaíocht ghlas, rud a chiallaíonn gur tábhachtach an rud é don Chomhaontú Glas don Eoraip. |
|
1.2. |
Tugann CESE dá aire, áfach, gur cheart iarmhairtí an chórais a mhéid a bhaineann le poist san Eoraip, chomh maith leis an tionchar sóisialta a bheidh aige, a chur san áireamh agus an córas á cheapadh agus á chur chun feidhme. Tá gá le hanailís agus measúnú críochnúil ar an tionchar ar earnálacha, ar shlabhraí luacha, ar réigiúin agus ar thíortha, bunaithe ar mhodheolaíocht chuimsitheach a chomhaontófar go coitianta. |
|
1.3. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir cuspóirí ginearálta comhshaoil a bhaint amach agus, ag an am céanna, gan saobhadh eacnamaíoch a chruthú ná an bonn a bhaint d’iomaíochas gheilleagar na hEorpa. Is mór is tábhachtach freisin éifeachtaí tánaisteacha na n-ionstraimí sin ar ghnólachtaí agus ar phoist i ngach earnáil a mheas. Ní mór feabhas suntasach a chur ar anailís eacnamaíoch an Choimisiúin i ndáil leis sin. |
|
1.4. |
Cuireann CESE in iúl go bhfuil roinnt impleachtaí criticiúla ag baint le sásra CTA maidir le costais chomhlíontachta agus éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith saofa chomh maith le hualach riaracháin iomarcach a fhorchur. Ina theannta sin, tá gá le comhar láidir idirnáisiúnta, lena n-áirítear ó lasmuigh den Aontas, chun é a chur i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh a bheith deacair agus casta araon. |
|
1.5. |
Mar a dúirt CESE roimhe seo, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag an luas brostaithe agus na spriocanna uaillmhianacha maidir le laghdú CO2 chomh maith le hinfhaighteacht laghdaithe na lamháltas gás ceaptha teasa ar iomaíochas na hEorpa ar leibhéal an mhargaidh dhomhanda mura leanann líon suntasach stát ceannaireacht an Aontais. |
|
1.6. |
Creideann CESE gur cheart beart domhanda a bheith i gceist le haon bheart atá dírithe ar dhícharbónú thionscal na loingseoireachta a chur chun cinn seachas beart réigiúnach nó aontaobhach más uainn sceitheadh carbóin a sheachaint. I ndáil leis an méid sin, tacaíonn CESE go mór le hobair na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) agus an creat glan-nialasachta go háirithe, rud a d’fhéadfadh cosc a chur ar an rialáil dhúbailte nó ar íocaíochtaí dúbailte freisin. |
|
1.7. |
Tacaíonn CESE le simpliú an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) a cuireadh síos le déanaí, agus é den tuairim gur chéim chun cinn é ó thaobh cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le cosaint an chomhshaoil, ar thaobh amháin, agus an gá comhthráthach atá ann an t-ualach riaracháin ar an ngeilleagar agus ar a ghnólachtaí, go háirithe FBManna, a laghdú ar an taobh eile. Dá bhrí sin, tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ex post a dhéanamh ar CTA chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar nithiúil atá aige ar ghnólachtaí agus ar phoist, ionas gur féidir athruithe a dhéanamh go pras más gá. |
|
1.8. |
Le cuimsiú na n-earnálacha muiriompair le déanaí laistigh de chreat CTA, tugadh isteach tuilleadh dúshlán, rud a imríonn tionchar suntasach ar an slabhra lóistíochta earnála ó chríochfoirt chalafoirt go dtí tomhaltóirí deiridh. D’ainneoin an chlásail maidir le calafoirt chomharsanachta a leagtar amach in CTA (1), déantar línte loingseoireachta a dhreasú chun cuairt a thabhairt ar chalafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad, ós rud é nach bhfuil aon dlínse ag an Aontas ar na hoibríochtaí trasloingsithe a dhéantar ar bhealaí lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, is cúis imní do CESE go bhféadfadh aistriú margaidh a bheith ann maidir le hoibríochtaí trasloingsithe ó chalafoirt Eorpacha go calafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad agus maidir le longa tríú tír ag baint úsáid as calafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad seachas calafoirt de chuid an Aontais. |
|
1.9. |
Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go bhféadfadh CTA dídhreasú suntasach a chruthú i dtaca le hinfheistíocht a dhéanamh i gcalafoirt an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh éagothroime iomaíoch ann idir calafoirt na Meánmhara atá lonnaithe i mBallstáit an Aontais agus calafoirt iomaíocha i dtríú tíortha in aice láimhe, go háirithe iad sin atá lonnaithe san Afraic Thuaidh. |
|
1.10. |
D’fhéadfadh costais do thír aonair a bheith i gceist le loingsiú atreoraithe freisin ós rud é go dtagann méadú ar chostas na n-ionchur le haghaidh táirgeadh ina dtír féin. Déanann sé sin difear do tháirgeadh agus d’fhostaíocht sa tír sin, agus ba cheart na costais sin a áireamh in aon mheasúnú ar thionchar eacnamaíoch chur chun feidhme na reachtaíochta carbóin. Bheadh éifeacht chomhchosúil ann dá méadófaí na costais loingseoireachta (arna measúnú ag an gCoimisiún ag 3,7 % in 2024 agus ag dul i méid, mura ndéantar aon ghnóthachan táirgiúlachta) agus dá gcuirfí an costas ar aghaidh chuig an gcuideachta táirgthe. Laghdóidh sé an táirgeadh agus an fhostaíocht. Uaidh seo amach, ní mór na costais sin a chur san áireamh go cuí de réir mar a dhéantar an córas a dhearadh agus a mheas. |
|
1.11. |
Tugann CESE dá aire go bhféadfadh brú a bheith ar gheilleagair na n-oileán, amhail Málta, an Chipir agus Éire, agus na mBallstát atá dírithe go mór ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta agus muirí mar gheall ar chur i bhfeidhm shásra CTA, ós rud é go bhfuil siad thar a bheith leochaileach i leith méaduithe ar chostais loingseoireachta ós rud é go bhfuil siad ag brath go mór ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar an onnmhairiú, arb iad an phríomhfhoinse fostaíochta agus forbartha áitiúla iad go minic. |
2. Cúlra na tuairime
|
2.1. |
Is é is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Tá ról an-tábhachtach ag córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí an Aontais, CTA, chun geilleagar glas ísealcharbóin a bhaint amach. Le CTA, tá CO2 anois ina chineál earra intrádála a bhfuil feidhm ag an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’ ina leith. Ciallaíonn an líon níos ísle lamháltas go laghdaítear astaíochtaí CO2 ar dtús i gcás ina bhfuil sé sin ar an gcostas is ísle, rud a fhágann gur córas costéifeachtach é. De réir mar a tháinig forbairt ar an margadh trádála carbóin, ní hamháin go bhfuil spotmhargadh carbóin tagtha chun cinn de réir a chéile ach tá roinnt margaí díorthaigh amhail margadh todhchaíochtaí carbóin, margadh roghanna agus réamh-mhargadh tagtha chun cinn de réir a chéile. |
|
2.2. |
Cumhdaítear le CTA AE thart ar 40 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais. Ós rud é gur feiniméan domhanda é leibhéal CO2 san atmaisféar, is córas aonfhoirmeach domhanda a bheadh i gcóras trádála costéifeachtach. Tá an staid reatha níos ilroinnte ná riamh, áfach, agus tugadh córais trádála éagsúla isteach i dtíortha agus i réigiúin éagsúla, ach mar sin féin ní dhéileáiltear ach le 24 % d’astaíochtaí an domhain le leagan éigin de chóras ETS (2). |
|
2.3. |
Tugtar aghaidh sa tuairim seo ar roinnt de na saincheisteanna nach mór a mheas i dtéarmaí na gcostas eacnamaíoch agus na n-impleachtaí a bhaineann le CTA AE a bheith ina chóras réigiúnach. Bainfear úsáid as an earnáil mhuirí mar shampla, cé go dtuigtear go bhfuil a saintréithe sonracha ag gach earnáil. Ba cheart measúnú tionchair eacnamaíoch a bheith bunaithe go bunúsach, áfach, ar mhodheolaíocht eacnamaíoch choiteann (3). |
|
2.4. |
Chuir CESE in iúl roimhe seo gur gá anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag CTA ar iomaíochas thionscal agus sholáthraithe seirbhíse na hEorpa, in earnálacha atá dian ar charbón agus in earnálacha eile freisin, agus d’iarr sé go ndéanfaí bearta chun cosc a chur, a mhéid is féidir, ar éifeachtaí diúltacha ar an ngeilleagar agus ar éifeachtaí diúltacha sóisialta amhail an dífhostaíocht, bochtaineacht fuinnimh, teannas idir ceardchumainn agus fostóirí nó bochtaineacht soghluaisteachta (4). |
|
2.5. |
Maidir leis an earnáil mhuirí, is díol sásaimh do CESE, i bprionsabal, infheidhmeacht CTA a leathnú chuig soithí os cionn olltonnáiste 5 000 a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais agus chuig turais ó chalafoirt tríú tíortha agus chucu, agus aird á tarraingt ag an am céanna ar an obair leanúnach laistigh de IMO a bhfuil ról ríthábhachtach aici chun teacht ar réiteach domhanda maidir le hastaíochtaí muiriompair. Molann CESE don Aontas oibriú go gníomhach chun réiteach inmharthana a bhaint amach faoi chuimsiú IMO, rud a chuirfidh le laghduithe suntasacha astaíochtaí (5). |
|
2.6. |
Is díol sásaimh do CESE an comhairliúchán poiblí maidir le CTA a seoladh i mí Aibreáin 2025 agus iarrann sé go ndéanfaí meastóireacht chríochnúil ar chur chun feidhme CTA bunaithe ar fhianaise eimpíreach láidir agus anailís chuimsitheach ar iarmhairtí eacnamaíocha. Má léiríonn torthaí an chomhairliúcháin phoiblí agus an mheasúnaithe tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ina dhiaidh sin go bhfuil iarmhairtí diúltacha tromchúiseacha ann d’iomaíochas thionscail an Aontais, beidh gá le hathbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar CTA agus/nó ar na bearta a ghabhann leis. |
3. Réamhrá
|
3.1. |
Tá sé deacair an cion CO2 a thomhas ó nádúr. Tá dearadh agus cur chun feidhme nithiúil CTA agus SCCT casta, agus is deacair na hiarmhairtí eacnamaíocha a thuar agus a mheasúnú. De réir an Choimisiúin, meastar go nginfidh CTA ioncam ó bhuiséad an Aontais de thart ar EUR 7 mbilliún (i bpraghsanna 2018) in aghaidh na bliana ó 2024 ar aghaidh. Meastar go méadóidh sé sin go dtí thart ar EUR 19 mbilliún gach bliain ó 2028, nuair a chuirfear ioncaim ón CTA nua le buiséad an Aontais freisin (6). Ag an am céanna, d’fhéadfadh an t-ioncam bliantúil ó CTA a leithdháiltear ar na Ballstáit dul os cionn EUR 46 bhilliún, méid a bheadh i bhfad Éireann níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis nuair a cuireadh síos an togra ‘Oiriúnach do 55’. |
|
3.2. |
Ag tús 2024, leathnaíodh CTA AE chuig astaíochtaí muiriompair. I ndáil leis sin, tá faireachán, tuairisciú agus fíorú (MRV) astaíochtaí long i measc phríomhuirlisí an Choimisiúin atá dírithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnáil an mhuiriompair (7). |
|
3.3. |
Tá CTA ceaptha chun cuideachtaí a dhreasú chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí níos glaine, agus ar an gcaoi sin a n-astaíochtaí agus a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Leis an gcomhartha praghais a chruthaíonn CTA, tugtar dreasachtaí airgeadais soiléire do chuideachtaí loingseoireachta infheistíocht a dhéanamh in éifeachtúlacht fuinnimh. Cuidíonn sé freisin leis an difríocht sa phraghas idir breoslaí iontaise agus in-athnuaite agus ísealcharbóin a laghdú, agus cruthaíonn sé deiseanna nua cistiúcháin don earnáil. Tugtar faoi deara freisin go ndéanfar beagán den ioncam a ghintear faoi CTA – EUR 1.6 billiún faoi 2030 nó mar sin – a chur le Ciste Nuálaíochta an Aontais chun tacú le tionscnaimh dícharbónaithe loingseoireachta. Tugaimid dár n-aire, áfach, go bhfuil líon beag Ballstát ann nach bhfuil rochtain acu ar an gciste sin ach ar éigean. Is iad Málta, Lucsamburg agus an Eastóin, an t-aon trí thír nach bhfuair tacaíocht ón gciste sin go fóill, ainneoin airgead a bheith íoctha acu leis. Maidir le Málta go sonrach, ní móide go mbainfidh an tír sin tairbhe as an sásra sin mar gheall ar easpa acmhainní. Fágann sin nach bhfuil an scéim cothrom ó thaobh a thionchair de. |
|
3.4. |
Fíordhúshlán atá ann, áfach, is ea cothrom iomaíochta a chruthú, idir earnálacha agus tíortha araon agus i leith tríú tíortha. Chun nach seachnófar ceanglais CTA AE, ní mór faireachán cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme an chórais, go háirithe chun iompar imghabhála a bhrath chun cosc a chur air ag céim luath (8). |
|
3.5. |
Chun deireadh a chur le nós sin na long calafoirt i mBallstát den Aontas (nó i dtír LEE) a sheachaint, d’fhéadfaí cosc a chur ar stadanna ag calafoirt neamh-AE, cuir i gcás na calafoirt sin san Afraic Thuaidh, a mheas mar thús nó deireadh muiraistir chun críocha chreat CTA. Ar an gcaoi sin, ba lú dreasacht a bheadh ann stopadh ag na moil sin nach bhfuil san Aontas roimh chuairt a thabhairt ar chalafoirt an Aontais nó ina dhiaidh. Laghdaíonn sé sin deiseanna chun muirir a sheachaint, ós rud é go gceanglófaí orthu fós íocaíocht a dhéanamh faoin gcóras CTA. Beart seachanta eile is ea modhanna malartacha iompair d’earraí a úsáid agus d’fhéadfadh sé gur ghá aghaidh a thabhairt air sin. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar iompar imghabhála den sórt sin. |
|
3.6. |
Má dhéanann rialacha difear do ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha, fágann sin go mbaineann gné sheach-chríochach le CTA, agus d’fhéadfaí a áitiú go sáraíonn beart den sórt sin ceannasacht na dlínse sin. Chuirfí na hiarmhairtí eacnamaíocha sin san áireamh i measúnú tionchair cuimsitheach. Mar sin féin, cé go gcuireann sé le cothrom iomaíochta i leith tríú tíortha agus go gcuidíonn sé le hiompraíocht sceite carbóin san Aontas a chosc, is gnách go mbíonn glacadh idirnáisiúnta le rialacha den sórt sin teoranta ós rud é go gcuireann siad costais bhreise ar ghníomhaíochtaí a dhéantar i dtríú tíortha. Ó thaobh an tionchair eacnamaíoch de, tá sé cosúil, go pointe áirithe, le taraif nó dleacht chustaim a fhorchur (9). |
|
3.7. |
Thairis sin, de réir mar a thugann níos mó réigiún isteach a leagan féin de CTA, méadaíonn an riosca go mbeadh rialacha forluiteacha seach-chríochacha ann ó thríú tíortha. D’fhéadfaí calafort a áireamh i scéimeanna dhá chóras réigiúnacha nó níos mó. Beidh gá le comhordú idir bloic thrádála, rud a bhfuil ECFE ag smaoineamh ar fhiosrú a dhéanamh ina leith. Cur chuige níos fearr is ea an cur chuige a mholtar faoi chuimsiú chreat IMO: is cur chuige domhanda é sin, seachas ceann réigiúnach as a n-eascraíonn ualaí riaracháin níos airde agus lena mbaineann baol níos mó maidir le cánachas dúbailte/íocaíochtaí dúbailte. I ndáil leis an méid sin, tacaíonn CESE go láidir leis an gcomhaontú ar tháinig IMO air i mí Aibreáin 2025, a mheastar a ghlacfar i mí Dheireadh Fómhair 2025. |
4. Barúlacha ginearálta
|
4.1. |
Aontaíonn CESE le cuspóirí ginearálta CTA agus SCCT ó thaobh dícharbónú, cosaint an chomhshaoil agus inbhuanaitheacht níos fearr de. I ndáil leis an méid sin, aithníonn CESE gur chuir CTA leis an dícharbónú le 20 bliain anuas, rud a fhágann go bhfuil an mhonaraíocht atá bunaithe san Aontas níos glaine. Mar sin féin, theip ar CTA iomaíochas an táirgthe thionsclaíoch a chosaint, rud a chuaigh i laghad ní hamháin ina uimhreacha coibhneasta ach ina dhearbhuimhreacha. Caitheann sin amhras mór faoi éifeachtacht CTA mar bheart aeráide ar fud an domhain. Ba cheart dearadh agus cur chun feidhme córas ar bith, go háirithe córas réigiúnach, a bheith costéifeachtach dar ndóigh, agus ní mór anailís chúramach a dhéanamh ar na hiarmhairtí do phoist san Eoraip agus ar an tionchar sóisialta. |
|
4.2. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir cuspóirí ginearálta comhshaoil a bhaint amach agus, ag an am céanna, gan saobhadh eacnamaíoch a chruthú ná an bonn a bhaint d’iomaíochas gheilleagar na hEorpa. Tá sé tábhachtach freisin éifeachtaí tánaisteacha na n-ionstraimí sin a mheas. |
|
4.3. |
Cuireann CESE in iúl go mbaineann roinnt impleachtaí criticiúla le sásra CTA maidir le costais chomhlíontachta, éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith saofa agus ualach riaracháin iomarcach (10). Ina theannta sin, tá gá le comhar láidir idirnáisiúnta, lena n-áirítear ó lasmuigh den Aontas, chun é a chur i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh a bheith deacair agus casta i bhfianaise an teannais atá ag dul i méid sa trádáil dhomhanda faoi láthair. Chun tús áite a thabhairt don chomhordú idirnáisiúnta san fhadtéarma, d’fhéadfadh creat cuimsitheach IMO a rinneadh le déanaí moltaí inmharthana a chur ar fáil (11). |
|
4.4. |
Creideann CESE gur cheart an faireachán cuí a dhéanamh ar iarmhairtí eacnamaíocha chun iarmhairtí díobhálacha ar iomaíochas na hEorpa agus, dá dheasca sin, ar phoist Eorpacha a sheachaint. Go deimhin, ceann de na príomhchúiseanna atá leis na scéimeanna dreasachta is ea cothrom iomaíochta a chruthú laistigh den mhargadh aonair idir táirgeoirí an Aontais agus allmhaireoirí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad in earnálacha a bhfuil lorg ard carbóin acu. Tá feidhm aige sin freisin maidir le SCCT agus maidir lena chuspóir sceitheadh carbóin a sheachaint. Mar sin féin, i roinnt de na príomh-mhargaí lasmuigh den Aontas Eorpach, oibríonn cuideachtaí laistigh de chomhthéacsanna rialála nach ndéantar carbón a phraghsáil iontu (e.g. roinnt de na stáit sna Stáit Aontaithe) nó ina n-íocann siad costais níos ísle (e.g. an tSín) (12). |
|
4.5. |
Tá ualach suntasach riaracháin agus oibríochtúil i gceist leis an staid reatha ar fud an tslabhra táirgeachta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le praghsanna níos airde do thomhaltóirí. |
|
4.6. |
I ndáil leis sin, tugann CESE dá aire freisin go bhfuil na sonraí agus na measúnuithe eacnamaíocha atá ar fáil faoi láthair le haghaidh CTA an-teoranta agus nach mór do tháirgeoirí sna tíortha tionscnaimh cuid mhór den fhaisnéis is gá a chur ar fáil go minic. Is cosúil go bhfuil sé an-deacair aghaidh a thabhairt ar an méid sin castachta agus ilroinnte, lena n-áirítear do na húdaráis phoiblí atá freagrach as an gcreat dlíthiúil Eorpach a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. |
|
4.7. |
Maidir le leathnú CTA chuig an muiriompar agus an oibleagáid atá ar chuideachtaí loingseoireachta lamháltais an Aontais a thabhairt suas, measann an Coimisiún go bhfuil méadú 3,7 % ar an meán tagtha ar chostais iomlána loingseoireachta in 2024. Méaduithe is airde ná sin an rud is dócha in 2025 agus in 2026 (13). Tá sonraí ar fáil cheana féin ó bhealaí seoltóireachta i Muir Aidriad a thugann le fios gur méadú suas le 17 % atá ann i mbliana. Ní léir a mhéid is féidir leis an earnáil mhuirí dul i ngleic le méaduithe costais den sórt sin le bearta costchiorrúcháin eile (táirgiúlacht níos mó, níos lú fostaithe, etc.). Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil na costais forleathan san earnáil, tá na dreasachtaí do chuideachta aonair chun an costas a inmheánú teoranta. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an baol ann go mbeidh praghsanna níos airde os comhair a dtomhaltóirí, agus gach ní eile mar a chéile. Is cúis díomá freisin nach dtugann an Coimisiún an aird chuí ar éifeachtaí díréireacha CTA ar na Ballstáit oileán agus ar na Ballstáit atá go mór i dtuilleamaí an iompair ar muir mar gheall ar naisc idirmhódúla theoranta arb é an suíomh geografach atá acu is cúis leo. |
|
4.8. |
Bheadh coinne leis go léireofaí méaduithe costais i gcostais táirgthe i bhformhór na n-earnálacha eile, agus ar deireadh i bpraghsanna do thomhaltóirí, rud a mbeadh tionchar aige ar an gcostas maireachtála, ach is ábhar iontais nach ndearnadh ach líon beag staidéar ar an ábhar sin. Thángthas ar an gconclúid i staidéar amháin lena gcumhdaítear éifeachtaí na méaduithe ar chostais CTA ó 2018 i leith go bhfreagraíonn gnólachtaí truaillitheacha don mhéadú ar chostais truaillithe trí tháirgiúlacht a fheabhsú go córasach agus méid a lucht saothair a laghdú go minic (14). De ghnáth, dhéanfadh costais mhéadaithe an táirgeadh a chiorrú agus, dá bhrí sin, laghdófaí an fhostaíocht chomh maith le húsáid sócmhainní. |
|
4.9. |
Is féidir a áitiú go bhfuil údar le roinnt saoráidí táirgthe a dhúnadh, ós rud é gur cuid den aistriú chuig táirgeadh saor ó charbón é. Tá sé an-tábhachtach, áfach, éifeachtaí den sórt sin a áireamh in aon mheasúnú tionchair eacnamaíoch, lena n-áirítear trí mheasúnuithe tionchair eacnamaíoch atá ann cheana nó atá ar siúl faoi láthair a leathnú chuig sonraí níos mionsonraithe, bunaithe ar mhodheolaíocht arna comhaontú le hionadaithe tionscail, le heolaithe agus leis an bpobal acadúil. Ar ndóigh, ní mór faireachán a dhéanamh ar imghabháil na rialacha, ach is amhlaidh an cás freisin maidir leis an éifeacht ar fhostaíocht agus ar an iomaíochas in earnálacha éagsúla, i réigiúin éagsúla agus i mBallstáit éagsúla. |
|
4.10. |
Mar a chuir CESE in iúl roimhe seo, beidh tionchar diúltach ag luas luathaithe agus leibhéal ard uaillmhéine na laghduithe ar CO2 agus infhaighteacht laghdaithe na lamháltas gás ceaptha teasa ar iomaíochas na hEorpa ar an margadh domhanda mura leanfaidh líon suntasach stát ceannaireacht an Aontais (15). Athdhearbhaíonn CESE a sheasamh. |
|
4.11. |
I mí na Bealtaine 2023, thug an tAontas Eorpach SCCT isteach chun praghas a chur i bhfeidhm ar astaíochtaí atá leabaithe i dtáirgí áirithe a allmhairítear ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Níor áiríodh foráil chomhchosúil maidir le honnmhairí, rud a d’fhág go raibh míbhuntáiste comparáideach ann d’onnmhaireoirí Eorpacha. Tá sé thar am go dtiocfar ar réiteach onnmhairiúcháin. Rinne an Coimisiún athbhreithniú agus leathnú freisin ar CTA le haghaidh lamháltais astaíochtaí trádála laistigh den Aontas (a bunaíodh den chéad uair in 2003 agus a tháinig i bhfeidhm in 2005). |
|
4.12. |
Beidh feidhm ag SCCT ina chóras cinntitheach ó 2026 ar aghaidh, agus mairfidh an idirthréimhse atá ann faoi láthair ó 2023 go 2025. Tá tabhairt isteach SCCT de réir a chéile ailínithe le deireadh a chur de réir a chéile le leithdháileadh lamháltas saor in aisce faoi CTA AE chun tacú de réir a chéile le dícharbónú thionscal an Aontais. Tugann CESE dá aire gur cheart faireachán cuí a dhéanamh ar na srianta ar infhaighteacht lamháltas astaíochtaí saor in aisce, agus b’fhéidir iad a chur siar, mura bhfeidhmíonn SCCT go héifeachtach agus má tá gá le hoiriúnuithe ar dhálaí eacnamaíocha domhanda. |
|
4.13. |
Tacaíonn CESE go láidir le simpliú an tsásra SCCT a cuireadh síos le déanaí sa Phacáiste Omnibus mar chéim chun cinn ó thaobh cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le cosaint an chomhshaoil, ar thaobh amháin, agus an gá comhthráthach leis an ualach riaracháin ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna, a laghdú ar an taobh eile. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún measúnuithe tionchair ex post a dhéanamh amach anseo chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar nithiúil ar ghnólachtaí agus ar phoist chun athruithe a dhéanamh go pras más gá. |
|
4.14. |
Tá súil ag CESE go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta in ann ról gníomhach a bheith acu maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar agus ar éifeachtaí nithiúla chreat CTA agus maidir le bearta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainiú chun creat den sórt sin a oiriúnú agus a bheachtú mar chuid den rannpháirtíocht in aistriú glas cóir. |
5. Barúlacha sonracha: díriú ar an earnáil mhuirí
|
5.1. |
Tá dúshláin bhreise ag baint le cuimsiú na n-earnálacha muiriompair le déanaí laistigh de chreat CTA, rud a imríonn tionchar ar an slabhra lóistíochta earnála ó chríochfoirt chalafoirt go dtí na tomhaltóirí deiridh. In ainneoin nach féidir stadanna ag calafoirt neamh-AE, cuir i gcás na calafoirt sin san Afraic Thuaidh, a mheas mar thús nó deireadh muiraistir chun críocha chreat CTA, rud a laghdaíonn na dreasachtaí stopadh ag na moil sin nach bhfuil san Aontas roimh chuairt a thabhairt ar chalafoirt an Aontais nó ina dhiaidh sin (16), is cúis imní go fóill do CESE go bhféadfadh freagairt teacht ón margadh maidir le hoibríochtaí trasloingsithe a bhogadh ó chalafoirt Eorpacha go calafoirt neamh-AE (17) agus go n-úsáidfeadh longa tríú tír calafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad seachas calafoirt de chuid an Aontais. |
|
5.2. |
D’fhéadfadh cur chun feidhme CTA dídhreasú suntasach a chruthú i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh i gcalafoirt an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh éagothroime iomaíoch ann idir calafoirt na Meánmhara atá lonnaithe i mBallstáit an Aontais agus calafoirt iomaíocha in aice láimhe i dtríú tíortha, go háirithe iad sin atá lonnaithe san Afraic Thuaidh. Dheimhneofaí an claonadh sin dá dtiocfadh méadú díréireach ar infheistíochtaí ó mhórlínte loingseoireachta i gcalafoirt atá lonnaithe ar ilchríocha eile, mar bhealach praiticiúil chun roghanna malartacha a ullmhú chun creat rialála an Aontais a sheachaint. |
|
5.3. |
Mar dhúshlán breise, tugann CESE dá aire go gcuireann na deacrachtaí a bhaineann le CTA tuilleadh de mhíbhuntáiste an iomaíochais ar chalafoirt an Aontais ós ísle do chostais an tsaothair i gcalafoirt éagsúla san Afraic Thuaidh agus mar gheall ar na buntáistí eile atá ag seoltóirí a úsáideann calafoirt chomharsanacha faoi láthair. Fágann na tosca sin gur deacra do longa a úsáideann calafoirt an Aontais costais astaíochtaí a ionsú ar bhealach níos éifeachtúla. Ó thaobh eile de, d’fhéadfadh caillteanas iomaíochais teacht as loingseoireacht ghearrthurais mar gheall ar chur i bhfeidhm dian CTA, rud a d’fhágfadh go mbeadh torthaí éiginnte ann ó thaobh inbhuanaitheacht comhshaoil de. |
|
5.4. |
Tugann CESE dá aire freisin go bhféadfadh brú a bheith ar gheilleagair na n-oileán, amhail Málta, an Chipir agus Éire, agus na mBallstát atá dírithe go mór ar ghníomhaíochtaí loingseoireachta agus muirí mar gheall ar chur i bhfeidhm shásra CTA, ós rud é go bhfuil siad thar a bheith leochaileach i leith méaduithe ar chostais loingseoireachta ós rud é go bhfuil siad ag brath go mór ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar an onnmhairiú, arb iad an phríomhfhoinse fostaíochta agus forbartha áitiúla iad go minic. Faoi mar a leagtar amach go soiléir i dTuarascáil Ricardo (2021), arna choimisiúnú ag an gCoimisiún Eorpach, cuirtear i dtábhacht go sonrach ar leathanach 136 an tionchar díréireach atá ag CTA AE ar Bhallstáit áirithe. Nuair a bhí an tuarascáil ar an measúnú tionchair á scríobh, ní raibh smál dá laghad air de thoradh ar an suaitheadh sa Mhuir Rua, rud ba dhearbhú ar shláine eolaíoch a cuid torthaí. Is cúis díomá nach dtugann an Coimisiún an aird chuí ar éifeachtaí díréireacha CTA ar na Ballstáit oileán agus ar na Ballstáit atá go mór i dtuilleamaí an iompair ar muir mar gheall ar naisc idirmhódúla theoranta arb é an suíomh geografach atá acu is cúis leo. |
|
5.5. |
Ba cheart cás sonrach na réigiún is forimeallaí agus Ceuta agus Melilla a chur san áireamh freisin agus meastóireacht á déanamh ar raon feidhme chur i bhfeidhm agus ar thionchar shásra CTA. |
|
5.6. |
I dtéarmaí ginearálta, tá CESE den tuairim gur cinnte go gcuireann cur i bhfeidhm CTA maidir le hearraí tionsclaíocha ó lár na 2000idí roinnt ceachtanna luachmhara ar fáil chun creat CTA AE a chur chun feidhme go fónta san earnáil mhuirí freisin. |
|
5.7. |
Mar shampla nithiúil, má théann long a iompraíonn earraí ó Shingeapór go Rotterdam trí Chanáil Shuais agus má théann sé isteach i gcalafort i Málta, ní mór lamháltais CTA AE a thabhairt suas. Má úsáideann an long calafort nach bhfuil san Aontas ina ionad sin, beidh an muirear astaíochtaí carbóin i bhfad níos ísle ós rud é nach n-iompraíonn aistear calafoirt nach bhfuil san Aontas ach 50 % den mhuirear astaíochtaí carbóin. |
|
5.8. |
Má tá na mílte teileafón soghluaiste á n-iompar ag an long, ní bheadh sa chostas breise do gach teileafón ach cúpla cent in aghaidh an ghutháin, ach is féidir leis an gcuideachta loingseoireachta na mílte euro de chostais bhreise a sheachaint fós trí chalafort a roghnú san Éigipt nó in áiteanna eile san Afraic Thuaidh. Tá riosca den sórt sin an-ard i dtionscal atá chomh híogair sin ó thaobh praghais de agus atá an loingseoireacht. |
|
5.9. |
D’fhéadfadh costais do thír aonair a bheith i gceist le loingsiú atreoraithe freisin ós rud é go dtagann méadú ar chostas na n-ionchur le haghaidh táirgeadh ina dtír féin. Déanann sé sin difear do tháirgeadh agus d’fhostaíocht sa tír sin, agus ba cheart na costais sin a áireamh in aon mheasúnú ar thionchar eacnamaíoch chur chun feidhme na reachtaíochta carbóin. Más rud é, mar shampla, go mbíonn ar chuideachta a bhíodh ag brath ina táirgeadh ar earraí ionchuir arna soláthar ag long a théann isteach i gcalafort in aice láimhe, ach ina ionad sin, go bhfuil uirthi a cuid earraí a allmhairiú trí shoitheach níos lú a chur ar conradh chun na hearraí a bhailiú i dtír eachtrach (nó i mór-roinn eile), d’fhéadfadh an méid sin cur go mór leis na costais. D’fhéadfadh sé sin tarlú freisin dá leanfadh an soitheach de bheith ag dul isteach sa chalafort in aice láimhe dá gcuirfí na costais loingseoireachta mhéadaithe mar gheall ar chostais astaíochtaí ar aghaidh chuig an gcuideachta táirgthe (ag 3,7 % nó aon líon eile). Ní mór iarmhairtí den sórt sin ar tháirgeadh, ar fhostaíocht agus ar iarmhairtí sóisialta a chur san áireamh go cuí de réir mar a dhéantar an córas a dhearadh agus a mheas. |
|
5.10. |
Tugann CESE dá aire go bhféadfadh sé a bheith an-deacair an earnáil mhuirí a rialáil mar gheall ar a híogaireacht praghsanna agus a claonadh oiriúnú go tapa d’athruithe rialála. Má thosaíonn oibríochtaí ag atreorú chuig dlínsí eile, is dócha go mbeidh sé deacair an treocht sin a aisiompú agus d’fhéadfadh sé go mbeadh earnálacha eile de gheilleagair mhuirí thíos go mór leis an bpróiseas. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar an gcineál sin riosca nuair a dhéantar measúnú ar thionchar na rialála. |
|
5.11. |
Creideann CESE gur cheart beart domhanda a bheith i gceist le haon bheart atá dírithe ar dhícharbónú thionscal na loingseoireachta a chur chun cinn seachas beart réigiúnach nó aontaobhach más uainn sceitheadh carbóin a sheachaint. I ndáil leis an méid sin, tacaíonn CESE go láidir le hobair IMO, go háirithe an creat glan-nialasachta. |
|
5.12. |
Agus obair á déanamh ar chóras domhanda inmharthana san fhadtéarma, tá sé an-tábhachtach, idir an dá linn, measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha do na Ballstáit agus d’earnálacha éagsúla den gheilleagar. Is tábhachtach freisin cás a sheachaint ina dtabharfadh tríú tíortha dúshlán in aghaidh bearta atá de chineál seach-chríochach. Dá bhrí sin, ós rud é nach n-áirítear calafoirt tríú tír go cuimsitheach i gcóras CTA, cuirtear cosc ar chothrom iomaíochta a bhaint amach, fad is nach bhfuil caighdeáin CO2 ag réigiúin eile atá ar aon dul leis an gcaighdeán Eorpach. |
|
5.13. |
Tá an Coimisiún i ndiaidh tabhairt faoi shimpliú mór ar SCCT. Ní mór an aird chuí a thabhairt air agus an tacaíocht chuí a thabhairt dó. I bhfianaise chastacht na gcóras le SCCT agus CTA, áfach, d’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur orthu gan an t-aistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin níos glaise a chur i mbaol. |
An Bhruiséil, an 16 Iúil 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Ní féidir stadanna ag calafoirt neamh-AE cosúil leo siúd san Afraic Thuaidh a mheas mar thús nó deireadh muiraistir chun críocha chreat ETS, rud a fhágann nach bhfuil dreasachtaí ann chun stopadh ag na moil sin nach bhfuil san Aontas roimh chuairt a thabhairt ar chalafoirt an Aontais nó ina dhiaidh.
(2) An Banc Domhanda, Global Carbon Revenues Top a Record $100 Billion , preaseisiúint, Bealtaine 2024: https://www.worldbank.org/en/news/press-release/2024/05/21/global-carbon-pricing-revenues-top-a-record-100-billion.
(3) Ní mór gach togra, lena n-áirítear tograí simpliúcháin, a mheasúnú agus grinnscrúdú a dhéanamh orthu i measúnuithe tionchair.
(4) IO C 152, 6.4.2022, lch. 175.
(5) IO C 152, 6.4.2022, lch. 175. Rinneadh comhaontú i mí Aibreáin 2025 i dtreo glanastaíochtaí nialasacha ón loingseoireacht dhomhanda a bhaint amach faoi 2050: IMO approves net-zero regulations for global shipping : https://www.imo.org/en/mediacentre/pressbriefings/pages/imo-approves-netzero-regulations.aspx.
(6) Buiséad an Aontais: Cuireann an Coimisiún pacáiste coigeartaithe ar aghaidh don chéad ghlúin eile d'acmhainní dílse , Meitheamh 2023: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_23_3328.
(7) Cuireadh tús le córas MRV chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar in 2018, mar chéad chéim roimh na hastaíochtaí sin a áireamh faoi raon feidhme CTA AE. Le córas MRV, cumhdaítear astaíochtaí ó gach soitheach mór (os cionn olltonnáiste 5 000) a thagann isteach i gcalafort de chuid an Aontais.
(8) Leis an Treoir maidir le CTA AE, ceanglaítear ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar leathnú CTA chuig earnáil an mhuiriompair agus a thorthaí a thuairisciú gach dhá bhliain. Féach an tuarascáil ón gCoimisiún Faireachán ar chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE i ndáil le muiriompar (COM(2025) 110 final), 18.3.2025.
(9) Dá mhéad a théann an uaillmhian chomhshaoil thar an uaillmhian chomhfhreagrach i dtíortha comharsanachta nó i réigiúin chomharsanachta, is ea is mó is gá raon feidhme na mbeart a leathnú chuig dlínsí eile, chun míbhuntáistí iomaíochta agus, dá bhrí sin, sceitheadh carbóin a laghdú.
(10) Maidir leis an earnáil mhuirí, tuairiscíonn níos mó ná 12 000 long ó gach cearn den domhan a n-astaíochtaí CO2 i ndáil lena n-aistir san Aontas gach bliain, agus tá sin á dhéanamh acu ó 2018 i leith. Is léir go n-eascraíonn costas suntasach riaracháin chun an córas a riar san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon. Baineann costais bhreise leis na scéimeanna dreasachta (an Ciste Nuálaíochta etc.) i dtéarmaí cur i bhfeidhm, láimhseála agus rialaithe chun mí-úsáid a chosc.
(11) Sa tuairim uaidh Taidhleoireacht Aeráide an Aontais (IO C, C/2024/1575, 5.3.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=OJ:C_202401575), molann CESE don Aontas cur le bosca uirlisí na taidhleoireachta aeráide trí bhíthin tionscnaimh atá dírithe ní hamháin ar an uaillmhian aeráide a ardú, ach ar thaithí an Aontais sa réimse sin a chomhroinnt agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid chomh maith.
(12) Cé go bhfuil rialacha ag SCCT chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí carbóin a mhéid a bhaineann le hallmhairí, níl aon rialacha den sórt sin ann, sa lá atá inniu ann, chun cothrom iomaíochta a chruthú le haghaidh onnmhairí. Tá impleachtaí móra aige sin d’earnálacha amhail earnáil na cruach maidir lena gcumas dul san iomaíocht ar an margadh domhanda. Tá gá le measúnú tionchair críochnúil, i gcás neamhghníomhaíochta agus i gcás aon togra chun na héifeachtaí a leigheas.
(13) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/694, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697, (AE) 2021/1153, (AE) 2023/1525 agus 2024/795, a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí maidir le cosaint a dhreasú i mbuiséad an Aontais chun an Plean ReArm Europe a chur chun feidhme (COM(2025) 110 final).
(14) Tuairiscítear sa staidéar méadú díreach 5,2 % ar an dóchúlacht go dtiocfaidh laghdú air sa tréimhse iar- Boeckx, J., Struyfs, K. agus Torsin, W., ‘ Green pressure, lean measures: Unveiling corporate downsizing within the European Union Emissions Trading System’, Journal of Financial and Quantitative Analysis, 2025, lgh. 1-61. doi:10.1017/S0022109025000237.
(15) IO C 152, 6.4.2022, lch. 175.
(16) Mar bheart frith-imghabhála, eisiatar le treoir CTA ‘calafoirt trasloingsithe coimeádán chomharsanacha’ (ina bhfuil > 65 % de sciartha trasloingsithe agus laistigh de 300 nm de chalafort de chuid an Aontais) ón sainmhíniú maidir le ‘calafort cuarda’. Ciallaíonn sé sin nach féidir stadanna ag na calafoirt sin nach bhfuil san Aontas a mheas mar thús nó mar dheireadh muiraistir, rud a laghdaíonn an dreasacht chun stopadh ag na moil sin nach bhfuil san Aontas roimh dhul isteach i gcalafoirt an Aontais nó ina dhiaidh.
(17) Níor tháinig an Coimisiún ar aon fhorbairt den sórt sin ina thuarascáil faireacháin: COM(2025) 110 final.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5140/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)