This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025HB0026
Recommendation of the European Central Bank of 15 July 2025 amending Recommendation ECB/2017/10 on common specifications for the exercise of some options and discretions available in Union law by national competent authorities in relation to less significant institutions (ECB/2025/26)
MOLADH ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH an 15 Iúil 2025 lena leasaítear Moladh BCE/2017/10 maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh feidhmiú roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas (BCE/2025/26)
MOLADH ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH an 15 Iúil 2025 lena leasaítear Moladh BCE/2017/10 maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh feidhmiú roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas (BCE/2025/26)
ECB/2025/26
IO C, C/2025/4190, 28.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4190/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4190 |
28.7.2025 |
MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 15 Iúil 2025
lena leasaítear Moladh BCE/2017/10 maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh feidhmiú roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas
(BCE/2025/26)
(C/2025/4190)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh.1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) agus Airteagail 6(1) agus (5)(c) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Moladh BCE/2017/10 ón mBanc Ceannais Eorpach (2) (dá ngairtear an ‘Moladh O&D’ anseo feasta) bunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí (options and discretions) áirithe atá ar fáil i ndlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna) i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas. Leasaíodh an Moladh O&D le Moladh BCE/2022/13 ón mBanc Ceannais Eorpach (3) chun athruithe reachtacha a tugadh isteach ó glacadh é a chur san áireamh. |
|
(2) |
Tugadh roghanna agus discréidí nua isteach i ndlí an Aontais ó shin, agus ó shin i leith leasaíodh nó scriosadh roghanna agus discréidí atá ann cheana. lena n-áirítear roghanna agus discréidí a áirítear sa Mholadh O&D. Is iomchuí, dá bhrí sin, an Moladh O&D a ailíniú dá réir sin. |
|
(3) |
Maidir leis an rogha atá ag údarás inniúil a chinneadh nach measfar gur institiúid bheag neamhchasta í institiúid ar bhonn anailís ar a méid, a hidircheangailteacht, a castacht nó a próifíl riosca, measann BCE gur gá cur chuige comhchuibhithe a spreagadh trí imthosca a leagan amach inar cheart do ÚINanna measúnú a dhéanamh ar cé acu ar cheart nó nár cheart institiúid creidmheasa a mheas mar institiúid bheag neamhchasta. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Moladh BCE/2017/10 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
CUID A hAON
Leasuithe
Leasaítear Moladh BCE/2017/10 mar seo a leanas:
|
(1) |
i gCuid a Dó, cuirtear isteach an Roinn Ia seo a leanas: ‘Ia. Institiúidí beaga agus neamhchasta 1. Airteagal 4(1)(145)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: institiúidí beaga agus neamhchasta Nuair a shainaithnítear institiúid nach bhfuil chomh suntasach (less significant institution, LSI) mar LSI Ardriosca (*1) ar feadh níos mó ná ceithre cheathrú as a chéile, ba cheart don ÚIN measúnú a dhéanamh ar cibé acu ba cheart nó nár cheart an institiúid sin a mheas mar institiúid bheag neamhchasta ar bhonn anailíse ar a próifíl riosca. (*1) Aicmítear LSInna mar institiúidí ardriosca bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh ag an ÚIN ábhartha agus ar a mhéid a chomhlíonann siad ceanglais chaipitil agus ghiarála.’;" |
|
(2) |
Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo in ionad na hIarscríbinne. |
CUID A DÓ
Seolaithe
|
1. |
Dírítear an Mholadh seo chuig ÚINanna na mBallstát rannpháirteach. |
|
2. |
Moltar do ÚINanna an Moladh seo a chur i bhfeidhm amhail ar dháta a glactha. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 15 Iúil 2025.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) 1 OJ L 287, 29.10.2013, p.63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj.
(2) 2 Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Aibreán 2017 maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh feidhmiú roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas (BCE/2017/10) (IO C 120, 13.4.2017, lch. 2).
(3) 3 Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Márta 2022 maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh feidhmiú roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas (BCE/2022/13) (IO C 142, 30.3.2022, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh BCE/2017/10:
‘IARSCRÍBHINN
|
Bunús dlí na rogha agus/nó na discréide |
Cur chuige a mholtar: comhsheasmhacht leis an mbeartas maidir le roghanna agus discréidí d’institiúidí suntasacha |
|
Maoirseacht chomhdhlúite agus tarscaoiltí ceanglas stuamachta |
|
|
Airteagal 4(1), pointe (20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: lánrogha eintitis a eisiamh ón sainmhíniú ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais |
Roinn II, Caibidil 1 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 7(1) go 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: tarscaoiltí caipitil |
Roinn II, Caibidil 1 mír 4 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 8(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: tarscaoiltí leachtachta |
Roinn II, Caibidil 1 mír 5 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: modh comhdhlúthaithe aonair |
Roinn II, Caibidil 1 mír 6 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 10(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: tarscaoiltí maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach |
Roinn II, Caibidil 1 mír 7 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/676 (*1): modhanna comhdhlúthaithe i gcás ina bhfuil baint ag gnóthais lena chéile de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE |
Roinn II, Caibidil 1 mír 9 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 18(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/676: modhanna comhdhlúthaithe i gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitil seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 |
Roinn II, Caibidil 1 mír 10 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 5 agus 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/676: comhdhlúthú i gcásanna ina bhfuil tionchar suntasach agus comhbhainistíocht |
Roinn II, Caibidil 1 mír 11 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 18(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: comhdhlúthú |
Roinn II, Caibidil 1 mír 12 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcomhar le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/676: comhdhlúthú |
Roinn II, Caibidil 1 mír 13 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: eiseamh comhdhlúthaithe |
Roinn II, Caibidil 1 mír 14 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: luacháil na sócmhainní agus na n-ítimí lasmuigh den chlár-comhardaithe – Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta a úsáid chun críocha stuamachta |
Roinn II, Caibidil 1 mír 15 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 21a(4a) de Threoir 2013/36/AE: Lánrogha maidir le cuideachta shealbhaíochta airgeadais dhíolmhaithe agus cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha a eisiamh ó chomhdhlúthú stuamachta |
Roinn II, Caibidil 1 mír 16 de Threoir an BCE |
|
Cistí dílse |
|
|
Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: aicmiú mar ionstraimí CET1 d’eisiúintí iardain |
Roinn II, Caibidil 2 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: asbhaintí sealúchas árachaiis |
Roinn II, Caibidil 2 mír 5 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 49(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: sealúchais eintiteas earnála airgeadais a asbhaint |
Roinn II, Caibidil 2 mír 6 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 54(1), pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: ríomh an truicir d’ionstraimí breise Leibhéal 1 arna n-eisiúint ag fochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha |
Roinn II, Caibidil 2 mír 7 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 78(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: laghdú ar chistí dílse — ceanglas maidir le corrlach caipitil iomarcach |
Roinn II, Caibidil 2, mír 8 de Threoirleabhar BCE |
|
Airteagal 78(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: laghdú ar chistí dílse - cumainn frithpháirteacha, institiúidí coigiltis agus comharchumainn |
Roinn II, Caibidil 2 mír 10 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 78(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: laghdú ar ionstraimí breise Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 agus/nó ar chuntais scairbhisigh ghaolmhara |
Roinn II, Caibidil 2 mír 11 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 79(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: laghdú ar ionstraimí breise Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 |
Roinn II, Caibidil 2 mír 12 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 83(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: tarscaoileadh ar ionstraimí breise Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach |
Roinn II, Caibidil 2 mír 13 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 84(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite |
Roinn II, Caibidil 2 mír 14 de Threoir an BCE |
|
Airteagail 84(1), pointe (a), 85(1), pointe (a), agus 87(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: maolú ar an gcritéar “is ísle den dá cheanglas” is infheidhme chun leasanna mionlaigh agus leasanna cáilitheacha leibhéal 1 agus leibhéal 2 a ríomh |
Roinn II, Caibidil 2 mír 15 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 142(1) de Threoir 2013/36/AE: mainneachtain maidir le ceanglas maoláin chomhcheangailte nó ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe a chomhlíonadh |
Roinn II, Caibidil 11 mír 11 de Threoir an BCE |
|
Ceanglais chaipitil |
|
|
Airteagal 104(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: díolúine maidir le haicmiú leabhair trádála |
Roinn II, Caibidil 3 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 104(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: díolúine maidir le haicmiú leabhar neamhthrádála |
Roinn II, Caibidil 3 mír 4 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 113(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh – risíochtaí inghrúpa |
Roinn II, Caibidil 3 mír 5 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 244(2) agus (3) agus Airteagal 245(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: aistriú priacail shuntasaigh |
Roinn II, Caibidil 3 mír 7 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 283(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: modh na samhla inmheánaí a chur chun feidhme |
Roinn II, Caibidil 3 mír 8 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 284(4) agus (9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: luach na risíochta ar priacal creidmheasa an chontrapháirtí a ríomh |
Roinn II, Caibidil 3 mír 9 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 314(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: maolú chun comhpháirt úis, léasanna agus díbhinní ar leithligh a ríomh le haghaidh fochuideachtaí sonracha |
Roinn II, Caibidil 3 mír 10 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 314(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: ríomh na comhpháirte seirbhísí le haghaidh na scéime cosanta institiúidí |
Roinn III, Caibidil 2 mír 2 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 325c de Rialacháin (AE) No 575/2013: athbhreithniú inmheánach ar úsáid cur chuige caighdeánaithe malartach chun sástachta an údaráis inniúil agus minicíocht an athbhreithnithe sin |
Roinn II, Caibidil 3 mír 11 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 325t(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: cead an sainmhíniú malartach ar íogaireachtaí (delta agus vega) a úsáid |
Roinn II, Caibidil 3 mír 12 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 366(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: uimhir an luacha faoi riosca a ríomh |
Roinn II, Caibidil 3, mír 13 de Threoirleabhar BCE |
|
Airteagal 383b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail deilte agus vega (íogaireachtaí malartacha) |
Roinn II, Caibidil 3 mír 14 de Threoir an BCE |
|
Airteagail 383p, 383s agus 384(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: rátálacha inmheánacha a úsáid chun céimeanna cáilíochta creidmheasa a chinneadh le haghaidh coigeartuithe luachála creidmheasa ar an gcur chuige caighdeánaithe agus coigeartuithe luachála creidmheasa ar an gcur chuige bunúsach |
Roinn II, Caibidil 3 mír 15 de Threoir an BCE |
|
Scéimeanna cosanta institiúideacha |
|
|
Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: tarscaoileadh leachtachta do bhaill scéimeanna cosanta institiúideacha |
Roinn II, Caibidil 4 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Risíochtaí móra |
|
|
Airteagal 396(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: ceanglais maidir le risíochtaí móra a chomhlíonadh |
Roinn II, Caibidil 5 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: ceanglais maidir le risíochtaí móra a chomhlíonadh |
Roinn II, Caibidil 5 mír 4 de Threoir an BCE |
|
Leachtacht |
|
|
Airteagal 414 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: ceanglais leachtachta a chomhlíonadh |
Roinn II, Caibidil 6 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 422(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: eis-sreafaí leachtachta inghrúpa |
Roinn II, Caibidil 6 mír 10 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 425(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: insreafaí leachtachta inghrúpa |
Roinn II, Caibidil 6 mír 14 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: éagsúlú sealúchas sócmhainní leachtacha |
Roinn II, Caibidil 6 mír 5 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 8(3)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: bainistiú sócmhainní leachtacha |
Roinn II, Caibidil 6 mír 6 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 8(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: neamhréireanna airgeadra |
Roinn II, Caibidil 6 mír 4 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 17(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: tarscaoileadh an sásra leachtaithe |
Roinn I, Caibidil 5 mír 1 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 23(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: eis-sreafaí ó tháirgí agus seirbhísí eile |
Roinn II, Caibidil 6 mír 7 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 24(4) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: eis-sreafaí ó thaiscí miondíola cobhsaí |
Roinn III, Caibidil 3 mír 1 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 24(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: iolraitheoir do thaiscí miondíola arna gcumhdach ag scéim ráthaithe taiscí |
Roinn III, Caibidil 3 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 25(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: rátaí eis-sreafa níos airde |
Roinn II, Caibidil 6 mír 8 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 26 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: eis-sreafaí le hinsreafaí idirspleácha |
Roinn II, Caibidil 6 mír 9 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: láimhseáil fhabhrach laistigh de ghrúpa nó de scéim chosanta institiúideach (SCI) |
Roinn II, Caibidil 6 mír 10 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 30(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: eis-sreafaí comhthaobhachta breise ó thruicir íosghrádú |
Roinn II, Caibidil 6 mír 11 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 33(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: uasteorainn ar insreafaí |
Roinn II, Caibidil 6 mír 12 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 33(3) go (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: saininstitiúdí creidmheasa |
Roinn II, Caibidil 6 mír 13 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: isreafaí laistigh de ghrúpa nó de SCI |
Roinn II, Caibidil 6 mír 14 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 428b(5) de Rialachán (AE) 575/2013: ceanglas maidir le glanchistiúchán cobhsaí (CGCC) srian ar neamhréireanna airgeadra |
Roinn II, Caibidil 6 mír 15 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 428f(1) de Rialachán (AE) 575/2013: CGCC sócmhainní agus dliteanais idirspleácha |
Roinn II, Caibidil 6 mír 16 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 428h de Rialachán (AE) 575/2013: CGCC - láimhseáil fhabhrach laistigh de ghrúpa nó de SCI |
Roinn II, Caibidil 6 mír 17 de Threoir an BCE. |
|
Airteagal 428p(7) de Rialachán (AE) 575/2013: CGCC láimhseáil oibríochtaí neamhchaighdeánacha an bhainc ceannais |
Roinn I, Caibidil 5 mír 1 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 428ai de Rialachán (AE) 575/2013: CGCC an ceanglas maidir le glanchistiúchán cobhsaí simplithe (CGCCs) a chur i bhfeidhm |
Roinn II, Caibidil 6 mír 18 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 428aq(7) de Rialachán (AE) 575/2013 CGCC láimhseáil oibríochtaí neamhchaighdeánacha an bhainc ceannais (CGCCs) |
Roinn I, Caibidil 5 mír 1 de Threoir an BCE |
|
Airtegal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: tarscaoiltí leachtachta |
Roinn II, Caibidil 4 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Luamhánú |
|
|
Airteagal 429a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: cóireáil fhabhrach i bhfabhar bainc forbartha poiblí |
Roinn II, Caibidil 7 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 429a(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: cúlchistí an bhainc ceannais a dhíolmhú ón gcóimheas luamhánaithe a ríomh |
Roinn I, Caibidil 5 mír 1 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 429b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: láimhseáil fhabhrach do shocruithe comhthiomsaithe airgid barúlacha |
Roinn II, Caibidil 7 mír 4 de Threoir an BCE |
|
Ceanglais tuairiscithe |
|
|
Airteagal 430(11) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: tuairisciú ar cheanglais stuamachta agus ar fhaisnéis airgeadais |
Roinn II, Caibidil 8 mír 1 de Threoir an BCE |
|
Ceanglais ghinearálta maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa |
|
|
Airteagal 21(1) de Threoir 2013/36/AE: tarscaoileadh maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach |
Roinn II, Caibidil 9 mír 1 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 21b(2) de Threoir 2013/36/AE: máthairghnóthas idirmheánach |
Roinn II, Caibidil 9 mír 3 de Threoir an BCE |
|
Socruithe rialachais agus maoirseacht stuamachta |
|
|
Airteagal 91(6) de Threoir 2013/36/AE: Stiúrthóireacht neamhfheidhmiúcháin bhreise |
Roinn II, Caibidil 1110 mír 4 de Threoirleabhar BCE |
|
Airteagal 108(1) de Threoir 2013/36/AE: próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil le haghaidh institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan le comhlacht lárnach |
Roinn II, Caibidil 10 mír 5 de Threoir an BCE |
|
Ailt 117 agus 118 de Threoir 2013/36/AE: oibleagáidí comhair |
Roinn II, Caibidil 10 mír 8 de Threoir an BCE |
|
Airteagal 142 de Threoir 2013/36/AE: pleananna caomhnaithe caipitil |
Roinn II, Caibidil 10 mír 11 de Threoir an BCE |
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/676 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(3) go (6) agus Airteagal 18(8) den Rialachán sin (IO L 123, 26.4.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/676/oj)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4190/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)