This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52025DP0207
P10_TA(2025)0207 – Request for the waiver of the immunity of Klára Dobrev – European Parliament decision of 7 October 2025 on the request for waiver of the immunity of Klára Dobrev (2024/2042(IMM))
P10_TA(2025)0207 — Iarraidh ar dhíolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 ar an iarraidh ar dhíolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh (2024/2042(IMM))
P10_TA(2025)0207 — Iarraidh ar dhíolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh — Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 ar an iarraidh ar dhíolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh (2024/2042(IMM))
IO C, C/2026/1539, 15.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1539/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1539 |
15.4.2026 |
P10_TA(2025)0207
Iarraidh ar dhíolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 ar an iarraidh ar dhíolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh (2024/2042(IMM))
(C/2026/1539)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Klára Dobrev, a thíolaic Cúirt Dúiche Bhúdaipeist II agus III an 29 Lúnasa 2024 i dtaca le himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh ina coinne trí thairiscint phríobháideach, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 16 Meán Fómhair 2024, |
|
— |
tar éis di éisteacht a thabhairt do Klára Dobrev an 29 Eanáir 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire, |
|
— |
ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023 (1), |
|
— |
ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0184/2025), |
|
A. |
de bhrí, an 29 Lúnasa 2024, gur thíolaic Cúirt Dúiche Bhúdaipeist II agus III iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine pharlaiminteach Klára Dobrev, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh san Ungáir, i gcomhthéacs na n-imeachtaí coiriúla mar gheall ar chlúmhilleadh a thionscain páirtí ionchúisimh príobháidigh ina coinne; |
|
B. |
de bhrí, de réir na tairisceana príobháidí, an 22 Feabhra 2024, gur phostáil Klára Dobrev grianghraf ar na meáin shóisialta inar taispeánadh inscríbhinn do Phríomh-Aire na hUngáire agus don pháirtí ionchúisimh príobháideach inar dearbhaíodh go raibh an páirtí ionchúisimh príobháidigh ‘ciontach freisin i scannal péidifileach’ a bhí ar siúl san Ungáir an tráth sin; |
|
C. |
de bhrí, tríd an ngrianghraf a phostáil, go líomhnaítear go ndearna Klára Dobrev cion an chlúmhillte go poiblí de bhun Airteagal 226(1) agus Airteagal 226(2)(b) d’Acht C 2012 maidir le Cód Coiriúil na hUngáire; de bhrí, de bhun Airteagal 231(2) de Chód Coiriúil na hUngáire, nach bhféadfar an cion sin a phionósú ach amháin i gcomhthéacs tairiscint phríobháideach; |
|
D. |
de bhrí gur toghadh Klára Dobrev chun na Parlaiminte i dtoghcháin Eorpacha 2019 agus go raibh sí ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe; |
|
E. |
de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin; |
|
F. |
de bhrí, de bhun Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, agus a cumhachtaí maidir le pribhléidí agus díolúintí á bhfeidhmiú aici, go ngníomhaíonn an Pharlaimint chun a hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus chun neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh; |
|
G. |
de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh; |
|
H. |
de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh dá éis sin ar dhíolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh, le tuairim a thug Klára Dobrev ná le vóta a chaith sí agus a dualgais á gcomhlíonadh aici de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; |
|
I. |
de bhrí go sonraítear i bhfomhír 1(a) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtann Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar d’fheisirí pharlaimint na tíre sin; |
|
J. |
de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 4(2) de Dhlí Bunúsach na hUngáire go dteachtann comhaltaí de Pharlaimint na hUngáire díolúine pharlaiminteach; de bhrí, de bhun Roinn 74(1) d’Acht Uimh. XXXVI 2012 maidir leis an Tionól Náisiúnta, nach bhféadfar imeachtaí coiriúla nó, i gcás nach dtarscaoiltear díolúine go deonach i leith an ábhair atá i gceist, imeachtaí sáraithe a thionscnamh nó a shaothrú agus nach bhféadfar bearta comhéigneacha faoin nós imeachta coiriúla a chur i bhfeidhm i gcoinne Feisire ach amháin le toiliú roimh ré ón Tionól Náisiúnta; |
|
K. |
de réir go leanann sé ó chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil rogha leathan ag an bParlaimint ‘nuair a chinntear iarraidh ar tharscaoileadh díolúine a dheonú nó diúltú di (...), de bharr cineál polaitúil cinnidh den sórt sin’ (2); |
|
L. |
de bhrí go meastar gur freasúra glórach agus cáinteoir ar Rialtas na hUngáire í Klára Dobrev; de bhrí gur deirfiúr iar-Uachtarán na hUngáire í an páirtí ionchúisimh príobháideach chomh maith, atá ina comhalta den pháirtí polaitiúil atá i gceannas; de bhrí gur féidir a thuiscint, dá bhrí sin, go bhfuil an páirtí ionchúisimh príobháideach nasctha leis na ciorcail is dlúithe d’údaráis pholaitiúla rialaithe na hUngáire; |
|
M. |
de bhrí go ndealraíonn sé gur féidir éilimh chlúmhillte faoi dhlí na hUngáire a shaothrú ar bhonn an dlí choiriúil agus ar bhonn an dlí shibhialta araon, agus difríochtaí suaithinseacha sna hiarmhairtí dlíthiúla comhfhreagracha féideartha, lena n-áirítear an phríosúnacht; de bhrí, sa chás seo, go gcuireann an rogha chun caingean choiriúil a thionscnamh amhras ar an gcuspóir díobháil iarbhír do chlú a cheartú agus, mar sin, go bhféadfaí go sáródh aidhm na caingne an cuspóir dlisteanach sin agus is é atá ann dochar a dhéanamh do chlú Klára Dobrev mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; |
|
N. |
de bhrí, tráth na bhfíoras as a n-eascraíonn an iarraidh ar tharscaoileadh a díolúine parlaimintí, go raibh Klára Dobrev ina comhalta de Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile a dhéileálann go rialta le nithe an dlí choiriúil, lena n-áirítear cosaint leanaí agus cionta gaolmhara amhail péidophilia, agus de bhrí go raibh seasamh polaitiúil á ghlacadh ag Klára Dobrev ina gníomhaíocht mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus gur labhair sí amach go rialta i gcoinne údaráis pholaitiúla a tíre; |
|
O. |
de bhrí go ndealraíonn sé, dá bhrí sin, gur cás é sin inar féidir glacadh leis gurb ann do chás fumus persecutionis, i.e. ‘fianaise nithiúil’ (3) ina léirítear gur tionscnaíodh na himeachtaí dlíthiúla le hintinn an bonn a bhaint ó ghníomhaíocht pholaitiúil Klára Dobrev trí tharscaoileadh díolúine a iarraidh; |
|
P. |
de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir (4); |
|
1. |
á chinneadh gan díolúine Klára Dobrev a tharscaoileadh; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil na hUngáire agus chuig Klára Dobrev. |
(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile v an Pharlaimint, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23, mír 59 agus an cásdlí a luaitear.
(3) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2020, Troszczynski v an Pharlaimint, C-12/19, ECLI:EU:C:2020:725, mír 26.
(4) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1539/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)