Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC1005

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN 'An Pacáiste um na hEangacha Eorpacha'

COM/2025/1005 final

An Bhruiséil,10.12.2025

COM(2025) 1005 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

'An Pacáiste um na hEangacha Eorpacha'








1.Réamhrá

Le blianta beaga anuas, tá uair na cinniúna buailte leis an Aontas Eorpach mar gheall ar athruithe geopholaitiúla domhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus luaineachtaí trádála. Le cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, leagadh béim ar a ríthábhachtaí atá an tslándáil fuinnimh agus an t‑iomaíochas chun ár gcinniúint chomhchoiteann a mhúnlú. Tá sé ríthábhachtach go n‑áiritheoimid go mbeidh rochtain ag ár gcuideachtaí agus ag ár saoránaigh, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe, ar fhuinneamh flúirseach glan inacmhainne a tháirgtear san Eoraip.

Ní féidir é sin a bhaint amach, áfach, ach amháin trínár mbonneagar fuinnimh a neartú, arb é cnámh droma ní hamháin ár gcórais fuinnimh é ach cnámh droma na hEorpa féin. Tá eangacha lárnach san iarracht sin. Trí shreabhadh éifeachtúil fuinnimh a chumasú ar fud na mBallstát, fuinneamh glan níos saoire a chomhtháthú agus dlús a chur leis an leictriú, cuidítear le praghsanna fuinnimh a ísliú agus tacaítear le maireachtáil inacmhainne le haghaidh mhuintir na hEorpa uile mar a chuirtear i dtábhacht i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Fhuinneamh Inacmhainne. 1 An tráth céanna, áirithíonn siad soláthar slán iontaofa agus cuireann siad ar a gcumas do thíortha tacú le chéile in am an ghátair, i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU agus cumasú á dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh ón Rúis 2 . 

Dainneoin an dul chun cinn a rinneadh laistigh de chreat dlíthiúil reatha an Aontais, níl dóthain fuinnimh intíre againn go fóill ná níor bhaineamar amach an leibhéal idirnascachta i measc na mBallstát lena gcumasófaí fíor-Aontas Fuinnimh, ós rud é nach bhfuil roinnt Ballstát ar an mbóthar ceart chun an sprioc idirnaisc 15 % a bhaint amach faoi 2030. Tá costas na neamhghníomhaíochta uafásach: in 2022, ba as breoslaí iontaise a soláthraíodh an sciar ba mhó den ollúsáid fuinnimh AE a bhí ar fáil (70 %) san Aontas, agus rinneadh 98 % den ola agus den ghás uile a úsáideadh sna Ballstáit a allmhairiú 3 . Fágann sé sin go bhfuil an tAontas neamhchosanta ar luaineacht praghsanna agus ar rioscaí geopholaitiúla. In 2024 chaith an Eoraip thart ar EUR 375 bhilliún ar allmhairí breoslaí iontaise 4 . I gcodarsnacht mhór leis sin, tá an infheistíocht i gcumhacht agus eangacha in-athnuaite fós réasúnta íseal: Chaith an Eoraip USD 117 mbilliún in 2025, nuair a chaith an tSín USD 327 mbilliún 5 . 

Bíonn tionchar díreach ag comhtháthú neamhleor agus ag an tearcinfheistíocht inár mbonneagar fuinnimh ar bhillí fuinnimh shaoránaigh na hEorpa agus ar fhorbairt earnálacha straitéiseacha ar fud an Aontais, amhail tionscail ghlan-nialasacha nó an earnáil dhigiteach. Cuirtear i dtábhacht i dtuarascálacha Draghi agus Letta go bhfuil ár bpraghsanna leictreachais fós dhá uair go trí huaire níos airde ná na praghsanna sna Stáit Aontaithe; In R2 2024 bhí na praghsanna leictreachais do thomhaltóirí an Aontais le haghaidh na tionsclaíochta 2,2 oiread níos airde ná na praghsanna sna Stáit Aontaithe, dhá oiread níos airde ná na praghsanna sa tSín agus 1,2 oiread níos airde ná sa tSeapáin (go stairiúil bhídís ní bísle) 6 . Sa chéad leath de 2025 idir EUR 0,3835 in aghaidh an kWh sa Ghearmáin agus EUR 0,1040 in aghaidh an kWh san Ungáir a bhí sa mheánphraghas leictreachais do thomhaltóirí an Aontais, agus idir EUR 0,2726 in aghaidh an kWh in Éirinn agus EUR 0,0804 in aghaidh an kWh san Fhionlainn a bhí sna praghsanna leictreachais neamhtheaghlaigh 7 . Ceann de na príomhchúiseanna leis an éagothromaíocht sin is ea an leibhéal neamhleor infheistíochta inár mbonneagar agus an leibhéal neamhleor ar a bhfuil comhtháthú an bhonneagair sin. Mura ndéanfaimid beart, ní thabharfar aghaidh ar 45 % de na riachtanais acmhainneachta leictreachais trasteorann (cothrom le 41 GW) 8 faoi 2030 agus dfhéadfadh fuinneamh in-athnuaite nár úsáideadh a bheith chomh hard le 310 TWh faoi 2040, 9 beagnach leath den tomhaltas leictreachais in 2023.

Ar an taobh eile, tá buntáistí na gníomhaíochta soiléir: dfhéadfadh coigilteas costais bliantúil EUR 40 billiún a bheith mar thoradh ar chomhtháthú feabhsaithe an mhargaidh, agus dfhéadfaí fás bliantúil OTI an Aontais a mhéadú thart ar EUR 18 mbilliún faoi 2030 (nó 0,1 % 10 ) trí bhorradh 50 % a chur faoin trádáil leictreachais trasteorann. Go dtí 2030 bhí 88 GW dacmhainneacht tarchurtha leictreachais trasteorann in easnamh orainn. Dá ndéanfaí EUR 5 bhilliún a infheistiú, laghdófaí costais chórais EUR 8 mbilliún, rud a chruthódh glanghnóthachan eacnamaíoch EUR 3 bhilliún agus a chuirfeadh béim ar an gcaoi ar féidir le forbairt eangaí fíor-bhreisluach agus coigilteas costais a chur ar fáil do mhuintir na hEorpa 11 . 

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaimid gníomhaíocht chinntitheach i dteannta a chéile chun saincheisteanna struchtúracha i bpleanáil agus i gcur chun feidhme bhonneagar fuinnimh an Aontais a réiteach chun fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach go rathúil lena gcumasófar neamhspleáchas fuinnimh, lena neartófar ár n‑iomaíochas, lena spreagfar an dícharbónú, agus lena gcothófar ár slándáil fuinnimh. Is é is aidhm don Phacáiste um na hEangacha Eorpacha a chuir an Coimisiún ar aghaidh inniu é sin a dhéanamh go díreach. Agus na bearta sin á gcomhlánú, féachtar leis an tionscnamh um Mórbhealaí Fuinnimh, a sheol an tUachtarán von der Leyen in 2025 ina haitheasc ar Staid an Aontais, le dlús a chur, trí ghníomhaíocht láithreach, leis an dul chun cinn maidir le tionscadail bhonneagair fuinnimh chriticiúla a bhfuil géarghá leo, lena n‑áiritheofar gur féidir linn leas iomlán a bhaint as acmhainneacht ár gcórais fuinnimh chun go mbeidh an Eoraip níos athléimní, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe.

2. Dul i ngleic le scrogaill struchtúracha tríd an bPacáiste um na hEangacha Eorpacha

A.Todhchaí fuinnimh aontaithe a thógáil: pleanáil bonneagair trasteorann ar fud an Aontais a neartú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana

Leis an gcreat pleanála eangaí atá ann faoi láthair faoi Rialachán GTE-F, rinneadh comhordú agus forbairt tionscadal bonneagair fuinnimh trasteorann a chur chun cinn go mór. Ó bhí 2014 ann, fuair 124 Thionscadal Leasa Choitinn agus Tionscadal Comhleasa tacaíocht EUR 8,4 billiún ó SCE, rud a chuir EUR 15,8 billiún ar a laghad ar fáil dinfheistíochtaí príobháideacha 12 . Mar sin féin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun comhordú rianúil a áirithiú ar fud na leibhéal rialachais náisiúnta, réigiúnach agus AE agus ar fud na nearnálacha, chun eangach atá barrfheabhsaithe agus idirnasctha go hiomlán a áirithiú.

Chun é sin a chur chun cinn, ag tógáil ar na struchtúir atá ann cheana, ar an taithí a fuarthas go dtí seo agus ar chomhar réigiúnach neartaithe, ní mór dúinn bogadh i dtreo creat pleanála bonneagair fuinnimh trasteorann de chuid an Aontais lena gcumasófar sainaithint níos comhordaithe agus níos láidre riachtanas, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh tionscadail ailínithe leis na cuspóirí Eorpacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Tacaíonn an Pacáiste freisin le gréasán fuinnimh Eorpach atá nasctha ar bhealach níos fearr, lena dtreisítear uathriail straitéiseach, slándáil agus athléimneacht na hEorpa, agus comhar feabhsaithe á chothú an tráth céanna le comhpháirtithe comharsanachta ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ón gComhphobal Fuinnimh agus ó Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ó Chomharsanacht an Deiscirt.

Tar éis phacáiste beartaithe an lae inniu, laistigh de 2 bhliain ó achtaíodh é, forbróidh an Coimisiún cás cuimsitheach lárnach de chuid an Aontais a bheidh comhsheasmhach le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus lena soláthrófar córas costéifeachtach iomaíoch slán ar leibhéal an Aontais. Beidh an cás lárnach bunaithe ar ionchur ó na Ballstáit agus ó na páirtithe leasmhara ábhartha uile agus sineirgí ar fud na n‑earnálacha á gcur san áireamh. Ar an mbonn sin, sainaithneoidh líonraí Eorpacha d’oibreoirí córas tarchuir agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine na riachtanais bhonneagair ansin. 

Ina theannta sin, bíonn gá le hidirghabháil Eorpach neartaithe nuair a shainaithnítear gá le hacmhainneacht trasteorann ach níor cuireadh tograí tionscadail ábhartha chun cinn chun aghaidh a thabhairt air sin. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tús a chur le próiseas ‘líonta bearnaí’, bunaithe ar chomhar láidir réigiúnach, agus iarraidh ar oibreoirí córais, agus ar deireadh ar thionscnóirí tionscadail, tionscadail a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais gan chomhoiriúnú.

Chun córas comhtháite a bhaint amach, tá comhordú níos láidre idir pleanáil náisiúnta agus pleanáil Eorpach fíor-riachtanach, toisc go mbíonn tionchar mór ag eilimintí inmheánacha an ghréasáin ar fhorbairt bonneagair trasteorann, rud a dhéanann difear do thrádáil trasteorann ar a sheal. Dá bhrí sin, ní mór pleanáil na neangach dáileacháin a chomhordú go maith le pleanáil ar leibhéal an tarchurtha agus ba cheart dlúthbhaint a bheith ag an bpobal agus ag an tionscal araon léi, ionas go mbeidh eangacha amach anseo ullamh chun freastal ar ghiniúint agus ar éileamh leictreachais atá ag dul i méid. I gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, leanfaidh an Coimisiún den obair sin a chur chun cinn faoi Phlean Gníomhaíochta 2023 maidir le hEangacha 13 .

Idir an dá linn, tá sé ríthábhachtach an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana sula ndéanfar infheistíocht in acmhainneacht nua chun aistriú fuinnimh inacmhainne inbhuanaithe a bhaint amach agus chun an tslándáil fuinnimh a áirithiú. I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, is gá tuilleadh dreasachta a thabhairt do ghlacadh na neangach cliste leictreachais, na dteicneolaíochtaí nuálacha agus digiteacha agus na mbeart éifeachtúlachta gréasáin ar leibhéal an ghréasáin agus ar leibhéal na núsáideoirí araon, agus acmhainneacht leordhóthanach eangaí á háirithiú an tráth céanna chun freastal ar éileamh breise go tráthúil. Mar shampla, is féidir le húsáid teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí méadú 20 % a chur ar acmhainneacht fhoriomlán an ghréasáin san Eoraip go 40 % faoi 2040 agus costais a laghdú 35 % i gcomparáid le leathnú traidisiúnta an ghréasáin faoi 2040 14 . Moltar sa Phacáiste um na hEangacha Eorpacha na prionsabail sin a dhaingniú go daingean sa phleanáil gréasáin agus tionscadail ghaolmhara a chur chun cinn in éineacht le leathnú an bhonneagair fhisicigh. Leis an ardán Technopedia atá díreach seolta, cuirtear i láthair dea-chleachtais maidir le teicneolaíochtaí nuálacha lena bhfeabhsaítear an eangach 15 . An bhliain seo chugainn, cuirfidh an Coimisiún i láthair Treochlár Straitéiseach um Dhigitiú agus an Intleacht Shaorga san earnáil fuinnimh freisin, rud a chuideoidh le réitigh chliste a uas-scálú ar fud eangacha na hEorpa. Is féidir le huirlisí digiteacha cuidiú le haghaidh a thabhairt ar luaineacht mhéadaithe, go háirithe luaineacht mar thoradh ar chomhtháthú fuinnimh in-athnuaite. Thairis sin, is féidir le bonneagar mór sonraí agus néalríomhaireachta rannchuidiú le treisiú chobhsaíocht na heangaí agus, dá bhrí sin, cuirfear san áireamh é le linn an nós imeachta pleanála.

Thairis sin, de réir mar a thosaíonn rochtain ar eangacha ar bheith ina dúshlán i roinnt Ballstát, is féidir le réitigh chruthaitheacha cuidiú le hacmhainneacht a shaoradh agus scuainí a bhainistiú ar bhealach éifeachtúil. Leis an Treoraíocht maidir le naisc éifeachtúla eangaí a glacadh inniu, soláthraítear moltaí agus comhroinntear dea-chleachtais is féidir leis na Ballstáit agus leis na húdaráis rialála náisiúnta a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin láithreach agus chun an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na heangacha atá ann cheana. Áirítear orthu sin an prionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ a chur i bhfeidhm, critéir aibíochta thrédhearcacha do na hiarrataí uile ar nasc, garspriocanna soiléire forbartha tionscadail a bhunú le pionóis ghaolmhara as neamhchomhlíonadh, agus faireachán agus glanadh rialta a dhéanamh ar na scuainí nasctha.

Dá bhrí sin, tá ról lárnach ag an bPacáiste maidir le hEangacha chun a áirithiú go leanfaidh ár margadh leictreachais de bheith láidir éifeachtach. Neartaítear leis úsáid éifeachtúil an bhonneagair atá ann cheana, rud a rannchuidíonn le hacmhainneacht tarchurtha 70 % a chur ar fáil do thrádáil leictreachais thraschreasach 16 . Ina theannta sin, tacaíonn sé lenár dtiomantas an sprioc 15 % maidir le hidirnascadh leictreachais a bhaint amach faoi 2030, agus an obair á hullmhú an tráth céanna don athbhreithniú ar an Rialachán Rialachais chun ailíniú lenár nuaillmhian aeráide agus fuinnimh do na 10 mbliana amach romhainn.

B.Gníomhaíocht a dhéanamh de phleananna: dlús a chur le seachadadh tionscadal bonneagair fuinnimh ar an láthair

Níl i gceist le sainaithint riachtanas agus tionscadal bonneagair ach leath den turas. Fiú nuair a shainítear tionscadail, is minic a bhíonn moill ar an tógáil mar gheall ar nósanna imeachta fada ceadaithe, easpa glactha ag an bpobal, bacainní maoinithe, nó deacrachtaí maidir le costais a chomhroinnt idir na Ballstáit. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na nithe sin uile agus slándáil agus athléimneacht ár mbonneagair á bhfeabhsú in aghaidh cur isteach a dhéantar d’aon ghnó agus de thaisme araon.

Ar an gcéad dul síos, tá ceadú mall fós ar cheann de na bacainní is suntasaí le cur in úsáid tráthúil bonneagair fuinnimh agus giniúna san Aontas. In 2023, cuireadh moill 12 mhí ar an meán ar 26 % de thionscadail leasa choitinn leictreachais de réir ACER, agus ceadú amháin ba chúis le níos mó ná leath damlíne iomlán cur chun feidhme an bhonneagair leictreachais 17 . Ar an gcaoi chéanna, tá éagsúlacht mhór idir na hamlínte ceadaithe ar fud na mBallstát, agus 5 bliana ar an meán a bhíonn i gceist le heangacha tarchurtha, 18 4,3 bliana ar an meán le tionscadail leasa choitinn, 19 suas le 9 mbliana le tionscadail fuinnimh in-athnuaite, 20 1 go 7 mbliana le suiteálacha stórála 21 agus suas le 2 bhliain le stáisiúin athluchtaithe. 22  

In 2022 agus 2023 rinne an tAontas bearta suntasacha chun dlús a chur le ceadú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus bonneagair, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh tríd an Rialachán Éigeandála (ab infheidhme go dtí mí an Mheithimh 2025) agus tríd an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-Athnuaite. Mar sin féin, tá moilleanna fós ann, go háirithe maidir le stáisiúin stórála agus luchtaithe neamhspleácha a chomhtháthú. Ina theannta sin, cé go bhfuil gá leis an measúnú comhshaoil chun cosaint na bithéagsúlachta agus glacadh sóisialta na dtionscadal a áirithiú, ní léirítear go héifeachtach leis na módúlachtaí atá ann faoi láthair sainiúlacht na dtionscadal a bhfuil an tionchar is lú is féidir acu ar an gcomhshaol agus is féidir leo moilleanna neamhriachtanacha a chruthú.

Sa chomhthéacs sin, leis an bPacáiste um na hEangacha Eorpacha, i gcomhar le creat rialála an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, bunaítear creat ar leibhéal an Aontais chun nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú agus a luathú le haghaidh an bhonneagair eangaí uile, na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite uile, na dtionscadal stórála uile agus na stáisiún athluchtaithe uile, agus neartaíonn sé a thuilleadh na forálacha maidir le tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa. Is é an dícharbónú an chéad ghníomhaíocht a d’fhéadfadh cuidiú leis an dúlra a chosaint agus truailliú aeir a laghdú. Dírítear na nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe sin ar na cásanna ina bhfuil na tionchair ar an gcomhshaol teoranta, bunaithe ar an taithí fhairsing ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair a chur chun feidhme; cuidíonn na hathruithe atá beartaithe le cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint na bithéagsúlachta agus córas fuinnimh ghlain a chur in úsáid go tapa. Is é is aidhm dó sin an sprioc a bhaint amach maidir le teorainn a chur leis an bpróiseas ceadaithe, ag brath ar an gcineál tionscadail, suas le 2 bhliain i bhformhór na gcásanna, agus 3 bliana ar a mhéad i gcás na dtionscadal is casta.

rannpháirtíocht an phobail i bpleanáil agus oibriú tionscadal fíor-riachtanach freisin chun muinín a chothú agus spriocanna an Aontais a bhaint amach, rud a íoslaghdaíonn dúshláin bhreithiúnacha fhadálacha. 23  Sa Phacáiste Eorpach maidir le hEangacha tá sé ina cheanglas go ndéanfadh tionscadail fuinnimh in-athnuaite de mhéid os cionn 10 MW na tairbhí a roinnt leis an bpobal áitiúil, lasmuigh de na pobail fuinnimh. Ceadaítear leis freisin gur féidir le héascaitheoirí neamhspleácha tacú le hidirphlé agus idirghabháil luath, rud a laghdóidh a thuilleadh an baol go mbeidh dúshláin bhreithiúnacha ann agus a chothóidh forbairt chomhoibríoch. Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an phobail maidir le glacadh, cuirfidh an Coimisiún bosca uirlisí praiticiúil ar fáil freisin maidir le cuimsiú poiblí in R1 2026, rud a éascóidh comhroinnt dea-chleachtas agus fothú acmhainneachta maidir le conas saoránaigh agus údaráis áitiúla a rannpháirtiú agus comhroinnt tairbhí tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. 24

Eascraíonn an dara dúshlán as an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar bhonneagar fuinnimh, rud a chuireann brú mór ar shlabhraí soláthair, infhaighteacht saothair, agus scileanna, agus bíonn scrogaill mhonaraíochta ag cur srian níos mó agus níos mó ar leathnú agus nuachóiriú ár gcórais leictreachais. Cé go bhfuil monaróirí teicneolaíochta eangaí príomha san Eoraip, ní leor an acmhainneacht táirgeachta atá ann faoi láthair i ndeighleoga áirithe chun freastal ar an éileamh 25 , agus ní mór an earnáil a uas-scálú chun coinneáil suas.

Mar a cuireadh i dtábhacht sa treoraíocht maidir le naisc éifeachtúla eangaí, tá infheictheacht éilimh fíor-riachtanach chun cinntí infheistíochta tionscail a threorú. Chun cuidiú le haghaidh a thabhairt air sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis an Eintiteas AE do OCDanna chun ardán a bhunú, roimh an an bhFóram um Bonneagar Fuinnimh 2026, le haghaidh pleanáil gréasáin dáileacháin AE lena soláthrófar infheictheacht ar an leibhéal dáileacháin maidir le pleananna amach anseo agus riachtanais mhonaraíochta ghaolmhara ar fud na mBallstát. Tá sraith beart á cur chun cinn go gníomhach ag an gCoimisiún chun brúnna sa slabhra soláthair a mhaolú, go háirithe trína chuid oibre a threisiú, ar bearta iad a tionscnaíodh faoi Ghníomhaíocht 13 den Phlean Gníomhaíochta um Eangacha, chun sonraíochtaí coiteanna teicneolaíochta agus ceanglais theicniúla a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú agus chun feabhas a chur ar idir-inoibritheacht chórais SDAV. Beidh nuachóiriú an chreata Eorpaigh um Sholáthar Poiblí, a fógraíodh le aghaidh na bliana seo chugainn, ríthábhachtach freisin chun an cuspóir maidir le tacú lenár mbonn monaraíochta a chur chun cinn a thuilleadh, lena n‑áirítear teicneolaíochtaí eangaí atá ‘Déanta san Eoraip’.

Ar an tríú dul síos, tá gá le hinfheistíocht phríobháideach a shlógadh chun leathadh amach inacmhainne na heangaí a áirithiú. Ós rud é go maoinítear bonneagar eangaí trí tharaifí den chuid is mó, is dúshlán é na hinfheistíochtaí substaintiúla is gá a bhaint amach (EUR 1,2 trilliún faoi 2040 le haghaidh eangacha leictreachais, lena náirítear EUR 730 billiún le haghaidh eangacha dáileacháin amháin, agus EUR 240 billiún le haghaidh líonraí hidrigine 26 ). Dá mbeifí ag brath ar an gcreat atá ann faoi láthair, dfhéadfadh praghsanna níos airde a bheith ann do thomhaltóirí, rud a dfhágfadh go mbeadh gá le gníomhaíocht ón Aontas sa réimse sin.

Dá bhrí sin, ní mór dúinn muirir ghréasáin a sheasfaidh an aimsir a áirithiú 27 , agus bealaí breise a fhiosrú chun bonneagar a mhaoiniú i gcás inar gá, lena náirítear é sin a dhéanamh trína dhéanamh ina cheanglas go núsáidfear cuid den ioncam ó phlódú le haghaidh infheistíochtaí in idirnascairí ar an liosta de thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa. Thairis sin, faoi mar a éiríonn bonneagar fuinnimh trasteorann níos comhtháite, soláthraíonn níos mó tionscadal tairbhí lasmuigh de na críocha ina dtógtar iad. Fágann sé sin go mbíonn comhroinnt costas atá cothrom trédhearcach fíor-riachtanach chun ualaí díréireacha ar thomhaltóirí áitiúla a sheachaint. Chun dul i ngleic leis sin, is é is aidhm don Phacáiste um na hEangacha Eorpacha níos mó trédhearcachta, cinnteachta agus cothroime a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a ndéantar costais agus tairbhí a mheasúnú agus a chomhroinnt agus cuachadh tionscadal leasa choitinn nó tionscadal comhleasa a éascú chun plé maidir le comhroinnt costais a éascú. Is féidir le cuachadh maoiniú a dhéanamh níos éasca freisin, mar shampla trí mheáin shainchuspóireacha a bhunú, agus ar an gcaoi sin infheistíocht bhreise a mhealladh.

Tá an tacaíocht airgeadais le haghaidh an bhonneagair fuinnimh á huas-scálú ag an Eoraip. Leis an reachtaíocht a glacadh le déanaí maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar an mBeartas Comhtháthaithe, cuirtear ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha cistiú 2021-2027 a ath-leithdháileadh ar phríomhthosaíochtaí, amhail an taistriú fuinnimh 28 . Thairis sin, áirítear sa togra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 29 eile Saoráid um Chónascadh na hEorpa atá treisithe go mór. Mar sin féin, ní féidir le cistiú ón Aontas amháin freastal ar ár riachtanais ollmhóra infheistíochta. Ní mór ról níos láidre a bheith ag buiséad an Aontais maidir leis an riosca a bhaineann le hinfheistíocht phríobháideach a laghdú agus maoiniú ó infheisteoirí institiúideacha a scaoileadh. Sa Straitéis Infheistíochta um Fhuinneamh Glan atá ar na bacáin, molfar gníomhaíochtaí nithiúla chun tacaíocht fheabhsaithe ó infheistíocht phríobháideach a phlódú isteach agus a áirithiú, lena náirítear é sin a dhéanamh le tacaíocht ó BEI, príomh-chomhpháirtí chun dlús a chur le leathadh amach na heangaí.

Maidir le hidrigin, tá forbairt tionscadail fós mall mar gheall ar iontaofacht theoranta ó thaobh brabúis de agus rioscaí arda ar fud an tslabhra luacha. Chun aghaidh a thabhairt air sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus, i gcás inarb ábhartha, tacóidh sé le cur chun feidhme réiteach féideartha, amhail conarthaí difríochta nó comhordú trasteorann uirlisí rialála, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh mar chuid de na grúpaí ardleibhéil réigiúnacha, chun dul chun cinn comhordaithe a áirithiú agus cuidiú le bearnaí maoiniúcháin a líonadh.

Ar an gceathrú dul síos, tá sé ríthábhachtach slándáil agus athléimneacht ár mbonneagair fuinnimh a neartú i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu agus i bhfianaise na rioscaí méadaitheacha a bhaineann leis an aeráid. Léiríonn teagmhais a tharla le déanaí i Muir Bhailt, lena n‑áirítear damáistí do Balticconnector agus Estlink 2, leochaileachtaí na sócmhainní fuinnimh trasteorann, agus tá teagmhais a bhaineann leis an aeráid agus suaitheadh de thaisme fós ina rioscaí suntasacha dár slándáil soláthair.

Chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a chosaint, leis an bPacáiste maidir le hEangacha comhtháthaítear breithnithe fisiceacha agus cibearshlándála i bpleanáil tionscadail trasteorann ón tús, lena gcuirtear athléimneacht agus slándáil trí dhearadh chun cinn le haghaidh bonneagar nua, lena gcuirtear feabhas ar an trédhearcacht san úinéireachta chun spleáchas ar eintitis eachtracha ardriosca a sheachaint, agus lena náirithítear go mbeidh feabhsuithe atá ann cheana sa bhonneagar fisiceach, sa chibearshlándáil agus san athléimneacht incháilithe le haghaidh maoiniú ó SCE agus forluí le tacaíocht maoiniúcháin eile ón Aontas á chosc an tráth céanna. Ina theannta sin, agus é ag tógáil ar an bPlean Gníomhaíochta um Shlándáil Cáblaí, leanfaidh an Coimisiún dá chuid oibre trí Mhoil Réigiúnacha Cáblaí agus neartóidh sé cur i bhfeidhm an Bhosca Uirlisí um Shlándáil Cáblaí 30 .

3. Ocht dtosaíocht le haghaidh chnámh droma fuinnimh na hEorpa: an tionscnamh um Mórbhealaí Fuinnimh

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 10 Meán Fómhair 2025, dfhógair an tUachtarán von der Leyen ocht Mórbhealach Fuinnimh. Agus iad ag tógáil ar thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa atá ann cheana faoi chreat GTE-F, chomh maith le tionscadail shuaitheanta dá dtagraítear sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, tugann na Mórbhealaí Fuinnimh aghaidh ar na riachtanais bonneagair fuinnimh is práinní a bhfuil tacaíocht agus tiomantas gearrthéarmach ar leith ag teastáil ina leith maidir le cur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill a chuireann bac ar dhul chun cinn 31 . 

Leis na Mórbhealaí Fuinnimh, cuirfear feabhas ar an tslándáil fuinnimh, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise, comhtháthófar níos mó foinsí in-athnuaite san eangach, cuirfear leictriú chun cinn, laghdófar praghsanna fuinnimh, cuirfear dlús le cur chun feidhme REPowerEU agus cuideofar leis na Ballstáit iad féin a chur in oiriúint do dheireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí breosla iontaise ón Rúis. Tá stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa ag go leor de na Mórbhealaí Fuinnimh sa dara liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a foilsíodh an 1 Nollaig 2025, ina bhfuil 235 thionscadal bonneagair fuinnimh trasteorann laistigh den Aontas agus le comhpháirtithe tríú tír amhail Celtic Interconnector, Black Sea Interconnection Cable, Estlink 3. Faoi chreat GTE-F, baineann na tionscadail leasa choitinn agus na tionscadail chomhleasa uile ar liosta an Aontais tairbhe as roinnt buntáistí, lena n‑áirítear stádas tosaíochta agus nósanna imeachta cuíchóirithe deonaithe ceadanna chomh maith le hincháilitheacht chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Fíor 1: Léarscáil de na hOcht Mórbhealach Fuinnimh

1. Pyrenean crossing 1 agus Pyrenean crossing 2 [Leithinis na hIbéire a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le hidirnascairí cumhachta trasna na bPiréiní go dtí an Fhrainc]

2. Great Sea Interconnector [An Chipir a nascadh le mór-roinn na hEorpa chun deireadh a chur lena leithlisiú leictreachais]

3. Harmony Link [Naisc chumhachta leis na Stáit Bhaltacha a neartú]

4. Sreabh cúltreo na Píblíne Tras-Bhalcánaí [Feabhas a chur ar sholáthairtí fuinnimh i réigiún na mBalcán agus i stáit chomharsanachta an oirthir]

5. Bornholm Energy Island [Mol idirnascaire amach ón gcósta a dhéanamh de Mhuir Bhailt]

6. Feabhas a chur ar chobhsaíocht praghsanna agus ar an tslándáil fuinnimh in oirdheisceart na hEorpa

7. SoutH2 Corridor [Conair hidrigine an Deiscirt]

8. Conair hidrigine an Iardheiscirt ón bPortaingéil go dtí an Ghearmáin

Tá an Coimisiún tiomanta dlús a chur láithreach leis na Mórbhealaí Fuinnimh trí chomhordú polaitiúil feabhsaithe, agus leas á bhaint as na Grúpaí Ardleibhéil Réigiúnacha, trí thacaíocht ó chomhordaitheoirí Eorpacha a shlógadh i gcás inarb ábhartha agus oibriú go dlúth leis an Tascfhórsa um an Aontas Fuinnimh, agus for-rochtain á leathnú lasmuigh de Bhallstáit an Aontais i gcás inar gá. Tabharfar tosaíocht do gach tionscadal ar leibhéal an Aontais, agus tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit an tosaíocht chéanna a thabhairt dóibh ar an leibhéal náisiúnta.

Chun comhar éifeachtach trasteorann maidir le ceadú a áirithiú, díreoidh an Coimisiún ar thionscadail tosaíochta idirnascaire shainaitheanta, rud a neartóidh a thacaíocht do na Ballstáit chun nósanna imeachta comhpháirteacha a shainaithint le haghaidh próiseas ceadaithe éifeachtach éifeachtúil le tacaíocht ó Chomhordaitheoir Eorpach, i gcás inarb iomchuí. Agus leas á bhaint as an taithí sin le comhordú níos dlúithe ar nósanna imeachta deonaithe ceadanna, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh gníomhaíochta a mheas. Thairis sin, chun acmhainneacht riaracháin na n‑údarás ceadaithe agus digitiú na nósanna imeachta deonaithe ceadanna maidir le fuinneamh in-athnuaite a neartú, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht ar fáil do na Ballstáit trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe a chomhlánóidh an creat rialála ceadaithe. Áireofar leis sin uirlisí amhail an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a ghiaráil agus iniúchadh a dhéanamh ar shaoráid phíolótach a chruthú maidir le ceadú trí shaoráidí comhairleacha atá ann cheana chun feabhas a chur ar fhothú acmhainneachta agus ar rochtain ar mhaoiniú le haghaidh infheistíochtaí agus athchóirithe maidir le ceadú. Cuirfidh an Coimisiún comhroinnt eolais chun cinn freisin maidir le féidearthachtaí cistiúcháin agus maidir le hardáin dhigiteacha nua a fhorbairt lena gceadú tríd an nGrúpa Saineolaithe um Cheadú.  

Aithnítear roinnt tionscadal cheana féin mar Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne, rud a thugann tairbhí breise ó thaobh an cistiúcháin agus an chomhordaithe de. Ar an gcaoi chéanna, ainmneofar na mórbhealaí Pyrenean crossing 1 agus Pyrenean crossing 2, conair hidrigine an iardheiscirt agus mórbhealach Oirdheisceart na hEorpa mar phíolótaí faoin Uirlis um Chomhordú Iomaíochais, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh tairbhe a bhaint as cur chuige uile-rialtais na huirlise agus as a hacmhainneacht shonrach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cothrománacha. Déanfar na gníomhaíochtaí tosaíochta a bhunófar faoi CCT i gcomhar le hiarrachtaí na ngrúpaí nó na bhfóram ardleibhéil ar leith agus léireofar leo riachtanais gach mórbhealaigh ar leith, amhail feabhas a chur ar sholúbthacht an chórais fuinnimh, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an slabhra soláthair nó dúshláin mhaoiniúcháin.

Thairis sin, sannadh Comhordaitheoirí Eorpacha do na Mórbhealaí i réigiún Mhuir Bhailt agus Lár agus Oirdheisceart na hEorpa le déanaí faoi chreat GTE-F, 32 chun cur chun feidhme tráthúil tionscadal a éascú trí idirphlé trasteorann a chur chun cinn, trí thacú le ceadú agus maoiniú, trí thacaíocht ó na Ballstáit a áirithiú, agus trí thuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar bhacainní. Ina theannta sin, neartóidh an Coimisiún na struchtúir atá ann cheana agus áiritheoidh sé acmhainní tiomnaithe chun fócas méadaithe leanúnach a bhaint amach ar sheachadadh na nocht Mórbhealach Fuinnimh, i ndlúthchomhar leis na Comhordaitheoirí Eorpacha, i gcás inarb iomchuí.

Comhoibreoidh an Coimisiún go gníomhach leis na Ballstáit uile lena mbaineann agus leas iomlán á bhaint as an mbosca uirlisí thuas chun cur chun feidhme rathúil na Mórbhealaí Fuinnimh a áirithiú. Cuirfear nuashonruithe rialta ar dhul chun cinn ar fáil don Chomhairle Eorpach chun tiomantas polaitiúil a áirithiú agus an trédhearcacht agus an chuntasacht á n‑áirithiú an tráth céanna.



Iarscríbhinn: Gníomhaíocht spriocdhírithe ghearrthéarmach bhreise le haghaidh gach ceann de na Mórbhealaí Fuinnimh

Sa bhreis ar an tacaíocht chothrománach a chuirtear i láthair thuas, cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí spriocdhírithe gearrthéarmacha ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha le haghaidh gach ceann de na Mórbhealaí, chun a áirithiú gur féidir dul chun cinn nithiúil agus táirgí insoláthartha a bhaint amach laistigh de na 6-9 mí amach romhainn.

1. Pyrenean crossing 1 agus Pyrenean crossing 2 [Idirnaisc leictreachais trasna na bPiréiní chun Leithinis na hIbéire a chomhtháthú ar bhealach níos fearr]

Níl Leithinis na hIbéire nasctha go leordhóthanach fós leis an gcuid eile de mhargadh fuinnimh an Aontais, agus tá an acmhainneacht trasteorann atá ann faoi láthair idir an Fhrainc agus an Spáinn teoranta do 2,5 GW. Cuireann sé sin bac ar chomhtháthú an mhargaidh, spreagann sé difreálaigh leanúnacha praghsanna, agus cuireann sé srian ar chomhtháthú in-athnuaite. Chomh maith le tionscadal idirnaisc Bhá na Bioscáine atá á thógáil, is é is cuspóir don dá thionscadal breise sin sna Piréiní an acmhainneacht idirnaisc iomlán a ardú go 8 GW faoi 2040, athléimneacht an chórais a neartú, agus ciorrú foinsí in-athnuaite fuinnimh a laghdú. Athdhearbhaíodh an dá thionscadal idirnaisc sna bPiréiní sa liosta de thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa atá ann faoi láthair mar thionscadail tosaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an scrogall sin. I mí na Bealtaine 2025 fuair an tionscadal Navarra (ES) — Landes (FR) deontas EUR 11,1 milliún ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) le haghaidh staidéir ullmhúcháin. D’ainneoin a dtábhachta straitéisí, tá an dul chun cinn sách mall, agus tá gá le tuilleadh oibre ar threisithe inmheánacha agus ar an gcur chuige maoiniúcháin a shoiléiriú.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: Oibreoidh an Coimisiún chun dearbhú polaitiúil comhpháirteach a éascú ag an gcéad chruinniú Aireachta eile den Ghrúpa Ardleibhéil um Iardheisceart na hEorpa (R1 2026), agus é mar chuspóir aige tús an chur chun feidhme a dheimhniú le haghaidh ceann amháin ar a laghad de na tionscadail agus aghaidh a thabhairt ar na treisithe inmheánacha is gá ar an eangach.

2. Great Sea Interconnector [Idirnasc leictreachais na Cipire le mór-roinn na hEorpa chun deireadh a chur lena leithlisiú leictreachais]

Is í an Chipir an Ballstát deireanach den Aontas nach bhfuil nasctha le heangach leictreachais na hEorpa 33 , rud a chuireann teorainn lena comhtháthú sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus a chuireann srian ar dheiseanna le haghaidh comhtháthú in-athnuaite. Le Great Sea Interconnector, ar idirnascaire é atá beartaithe idir an Ghréig agus an Chipir, tabharfar aghaidh ar an mbearna sin, rud a chuirfidh deireadh le leithlisiú leictreachais na Cipire, a thacóidh le dícharbónú na Cipire agus a neartóidh athléimneacht chóras fuinnimh na hEorpa. Ina theannta sin, éascóidh sé comhtháthú níos fearr an fhuinnimh in-athnuaite i mór-réigiún na Meánmhara.

Beidh an tionscadal, a athdheimhníodh sa liosta de thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa atá ann faoi láthair, ar an gcábla cumhachta fomhuirí is faide ar domhan, agus fad beagnach 900 km ann. Fuair sé tacaíocht ó dheontais ó SCE, lena n‑áirítear EUR 2,3 milliún le haghaidh staidéir indéantachta agus EUR 658 milliún le haghaidh oibreacha chun an chuid idir an Ghréig agus an Chipir a thógáil. I mí na Bealtaine 2025 cuireadh obair i gcrích ar an gcábla faoin bhfarraige a nascann mórthír na Gréige leis an gCréit, céim thábhachtach i dtreo an idirnaisc iomláin.

Chuir comhthéacs casta geopholaitiúil bac ar dhul chun cinn an tionscadail, agus d’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige sin d’amlínte agus do chostais. Léiríonn luach straitéiseach an idirnaisc sin a thábhachtaí atá comhordú láidir idir na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun a áirithiú go gcuirfear an tionscadal i gcrích.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht láidir pholaitiúil agus theicniúil a thabhairt don tionscadal a bhfuil an tábhacht straitéiseach is mó ag baint leis i ndlúthchomhar le hUachtaránacht na Cipire ar an gComhairle in 2026 atá ar na bacáin, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí imeachtaí tiomnaithe agus plé ardleibhéil, agus le rannpháirtíocht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe geopholaitiúla.

3. Harmony Link [An t‑idirnasc leictreachais idir na Stáit Bhaltacha a neartú chun borradh a chur faoi na tairbhí slándála a bhaineann lena neamhspleáchas ar an Rúis]

An 9 Feabhra 2025 d’éirigh leis na trí Stát Bhaltacha a gcórais leictreachais a shioncrónú le mór-roinn na hEorpa, éacht suntasach maidir le slándáil fuinnimh na hEorpa. Príomhinfheistíocht atá fágtha faoi thionscadal leasa choitinn an tsioncrónaithe Bhaltaigh is ea an t‑idirnascaire Harmony Link idir an Liotuáin agus an Pholainn, lena gcuirfear comhtháthú iomlán mhargaí leictreachais Mhuir Bhailt i gcrích. Ba cheart ceapachán comhordaithe Eorpaigh le déanaí chun an tionscadal sin a chur i gcrích a bheith ina thacú le seachadadh tapa.

A luaithe a bheidh sé curtha i gcrích, cuirfidh Harmony Link feabhas ar chomhtháthú an mhargaidh, rud a chumasóidh trádáil leictreachais tríd an bPolainn agus a chothóidh iomaíocht lenar féidir praghsanna a laghdú do thomhaltóirí agus gnólachtaí sa réigiún. Éascóidh sé comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite freisin. Neartóidh Harmony Link an tslándáil fuinnimh sna Stáit Bhaltacha go mór freisin. Sa lá atá inniu ann, is é an t‑idirnascaire LitPol Link an t‑aon nasc idir na Stáit Bhaltacha agus mór-roinn na hEorpa, agus bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ag éaradh ar chóras fuinnimh Mhuir Bhailt.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: Tacóidh an Coimisiún le seachadadh tráthúil an tionscadail seo trí bhíthin comhar réigiúnach feabhsaithe agus déanfaidh sé breithniú ar leibhéal na nAirí le linn an chéad chruinnithe Ardleibhéil eile de chuid BEMIP in 2026, tar éis shíniú Mheabhrán Tuisceana nuashonraithe BEMIP anuraidh, agus áiritheoidh sé go dtabharfar tús áite do sheachadadh an mhórbhealaigh sin le glacadh Phlean Gníomhaíochta nua Ghrúpa Ardleibhéil BEMIP.

4. Sreabh cúltreo na Píblíne Tras-Bhalcánaí [Athléimneacht soláthairtí fuinnimh i réigiún na mBalcán agus inár gcomharsanacht san oirthear]

Ní tionscadal chun cur le hacmhainneacht é sreabh cúltreo na Píblíne Tras-Bhalcánaí, ach iarracht chomhordaithe i réigiún Lár agus Oirdheisceart na hEorpa chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as an acmhainneacht tarchurtha gáis nádúrtha atá ann cheana sa treo droim ar ais, ón Deisceart go dtí an Tuaisceart. Tá an fheidhmiúlacht sin ríthábhachtach chun soláthairtí gáis nádúrtha a éagsúlú in Oirdheisceart na hEorpa agus chun deireadh a chur le hallmhairí ón Rúis.

Agus acmhainneacht mhór iompair aige, is féidir ról lárnach a bheith ag an bPíblíne Thras-Bhalcánach maidir le héagsúlú réigiúnach agus maidir le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach. Tiocfaidh méadú breise ar an acmhainneacht sin ó 2027 ar aghaidh, nuair a mheastar go dtiocfaidh an gáscheantar Neptun Deep sa Rómáin ar líne. Dá ndéanfaí an Phíblíne Thras-Bhalcánach a oibriú go hiomlán ó Dheas-Thuaidh, mar aon le héagsúlú foinsí, chothófaí níos mó trádála, iomaíochta agus leachtachta margaidh sa réigiún gan gá le bonneagar nua costasach.

D’ainneoin na hacmhainneachta sin, cruthaíonn bacainní rialála agus margaidh atá ann faoi láthair i roinnt Ballstát feadh na píblíne bacainní ar úsáid agus ar inmharthanacht tráchtála na Píblíne Tras-Bhalcánaí. Trí Chomhordaitheoir Eorpach a cheapadh le déanaí le haghaidh réigiún CESEC, neartófar tacaíocht an Aontais chun na bacainní sin a réiteach.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: Cuirfidh an Coimisiún dlús leis an gcomhordú faoi Ghrúpa Ardleibhéil CESEC, leis na tíortha uile lena mbaineann, lena n‑áirítear an Mholdóiv agus an Úcráin, d’fhonn cur le tarraingteacht tráchtála na píblíne a luaithe is féidir, agus comhlíonadh fadtéarmach acquis fuinnimh an Aontais á áirithiú an tráth céanna. Sa chomhthéacs sin, tacóidh an Coimisiún a thuilleadh le hobair Ghrúpa Ardleibhéil CESEC maidir le comhchuibhiú cáilíochta gáis, agus deireadh a chur le bacainní leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bPíblíne Thras-Bhalcánach.

5. Bornholm Energy Island [Mol idirnascaire amach ón gcósta a dhéanamh de Mhuir Bhailt]

Mar thionscadal ar tionscadal é nach bhfacthas a leithéid riamh, is tionscadal hibrideach amach ón gcósta é Bornholm Energy Island (BEI), atá suite in iardheisceart Bornholm, i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Danmhairge. Tá an tionscadal beartaithe mar mhol fuinnimh amach anseo, a d’fhéadfadh a bheith in ann leathnú agus nascadh le níos mó idirnascairí le tíortha eile. Athdhearbhaítear é sa dara liosta de thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa agus fuair sé deontas ó SCE le haghaidh oibreacha (EUR 645,2 milliún) i mí Mheán Fómhair 2025. Is treoirphlean é BEI le haghaidh tionscnaimh amach ón gcósta de chuid an Aontais amach anseo; cuirfidh sé le comhtháthú an mhargaidh, cuirfidh sé feabhas ar shlándáil an tsoláthair ar leibhéal an Aontais agus rachaidh sé chun tairbhe don Danmhairg agus don Ghearmáin agus do na Ballstáit lasmuigh den réigiún. Trí ghiniúint amach ón gcósta a nascadh le heangacha náisiúnta na Danmhairge agus na Gearmáine, déantar fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a chlaochlú ó acmhainn náisiúnta go sócmhainn chomhroinnte de chuid na hEorpa le haghaidh tuilleadh leictrithe, rud a neartaíonn ár n‑athléimneacht chomhchoiteann agus ár neamhspleáchas fuinnimh. Baineann na dúshláin atá fós ann le comhaontú idir an Danmhairg agus an Ghearmáin maidir le conas na costais tacaíochta bhreise le haghaidh na feirme gaoithe amach ón gcósta sa Danmhairg a chomhroinnt agus an creat rialála sa Danmhairg a thabhairt chun críche, go háirithe maidir le dliteanas trasteorann.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: : Tar éis shíniú chomhaontú deontais SCE ar fiú EUR 645 mhilliún é chun tacú le taobh na Danmhairge de Bornholm Energy Island (BEI) an 4 Meán Fómhair 2025 i gCóbanhávan, chun dhá stáisiún tiontaire nua a thógáil agus córas cáblaí fomhuirí a shuiteáil, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don Danmhairg agus don Ghearmáin chun teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le comhroinnt costais as an nginiúint amach ón gcósta atá lonnaithe in uiscí na Danmhairge, chomh maith lena gcreat rialála maidir le dliteanas trasteorann a thabhairt chun críche. Thairis sin, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don obair ar idir-inoibritheacht na ngréasán amach ón gcósta chun a áirithiú gur féidir forbairt a theacht ar BEI amach anseo le go mbeidh sé ina fhíor-mhol amach ón gcósta le haghaidh an réigiúin Bhaltaigh.

6. Feabhas a chur ar chobhsaíocht praghsanna agus ar an tslándáil fuinnimh in oirdheisceart na hEorpa, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí stóráil

Tá réigiún Oirdheisceart na hEorpa thíos le difreálaigh praghsanna struchtúracha arda, mar is léir ó arduithe tobanna ar phraghsanna 2024, rud is cúis le héagothromaíocht níos mó ná EUR 10/MWh sa mheánphraghas idir na tíortha ar leith.

Mórbhealach Fuinnimh idirnaisc leictreachais Oirdheisceart na hEorpa, a bhfuil d’aidhm aige feabhas a chur ar chobhsaíocht praghsanna agus slándáil an tsoláthair agus comhtháthú an mhargaidh réigiúnaigh a chothú, tugann sé aghaidh ar bhearnaí criticiúla sa bhonneagar leictreachais sa réigiún. Is éard atá i gceist leis úsáid níos fearr a bhaint as na hidirnaisc atá ann cheana agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais trasteorann a bheidh ann amach anseo chun deireadh a chur le héagothromaíochtaí praghsanna atá ann faoi láthair. De réir ENTSO-E 2024, tá gá le measúnú ar chóras TYNDP agus le hatreisithe bonneagair ar fhormhór na dteorainneacha sa réigiún. Beidh sé ríthábhachtach tionscadail leasa choitinn atá ann cheana agus tionscadail bonneagair leictreachais tosaíochta an Ghrúpa Ardleibhéil um Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC) a chur chun feidhme go pras chun na riachtanais sin a chomhlíonadh. Trí dhlús a chur le stóráil sa réigiún, cuirfear feabhas freisin ar sholúbthacht an chórais.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: Beidh comhordú agus tacaíocht láidir ó Ghrúpa Ardleibhéil CESEC, in éineacht le Comhordaitheoir CESEC, ríthábhachtach chun dlús a chur leis an dul chun cinn. Áiritheoidh an Coimisiún go dtionólfar plé ardleibhéil tiomnaithe ar na leibhéil uile an bhliain seo chugainn chun an móiminteam a choinneáil ar bun agus chun tacú leis an gcur chun feidhme.

7. SoutH2 Corridor [Conair hidrigine an Deiscirt (an Túinéis, an Iodáil, an Ostair agus an Ghearmáin)]

Beidh Conair Hidrigine an Deiscirt ríthábhachtach chun aistriú fuinnimh cóir inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud na Meánmhara, go háirithe san Afraic Thuaidh, agus dícharbónú mol tionsclaíoch feadh a bealaigh á chumasú an tráth céanna. Cuireann sé acmhainneacht mhór ar fáil chun táirgeadh hidrigine in-athnuaite, bonneagar agus margaí ceannaigh a uas-scálú, comhtháthú margaidh a chothú, agus creat rialála agus infheistíochta tacúil a bhunú atá ailínithe le straitéis hidrigine agus creat rialála an Aontais.

Áirítear sa chonair sin ceithre Thionscadal Leasa Choitinn, ar bhain cuid acu tairbhe cheana féin as deontais ó SCE le haghaidh staidéar, agus [Tionscadal Comhleasa amháin leis an Túinéis], agus athdheimhníodh iad uile sa dara liosta de thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa. Amach anseo agus i bhfianaise na gcéimeanna luatha d’fhorbairt an mhargaidh hidrigine, beidh gá le tuilleadh obair choincheapúil, go háirithe chun infheistíochtaí gaolmhara a dhí-rioscú a thuilleadh agus comhpháirtíocht chomhthairbheach leis an Afraic Thuaidh á coinneáil ar bun an tráth céanna.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: Sa ghearrthéarma, treiseoidh an Coimisiún iarrachtaí comhordúcháin agus cur chun feidhme Rúnaíocht SoutH2, faoi chomhcheannaireacht AS MENA agus AS ENER. Cuirfear dlús leis an idirphlé réigiúnach freisin trí chruinnithe de Mheitheal Chomhpháirteach Thríthaobhach AE Chonair Hidrigine an Aontais Theas (an Iodáil, an Ostair agus an Ghearmáin) agus den ghrúpa Cúigthaobhach (an Ailgéir, an Túinéis, an Iodáil, an Ostair agus an Ghearmáin) go luath in 2026, chun an tionscnamh a chur chun cinn. Leis an tionscnamh suaitheanta i leith Fuinneamh In-Athnuaite Tras-Mheánmhuirí agus Teicneolaíocht Ghlan, a seoladh faoin gComhshocrú don Mheánmhuir, 34 rannchuideofar freisin leis an Mórbhealach Fuinnimh sin a bhaint amach.

8. Conair hidrigine an Iardheiscirt ón bPortaingéil go dtí an Ghearmáin

Le conair hidrigine an Iardheiscirt, déanfar hidrigin dhícharbónaithe a iompar ó láithreáin táirgthe in Iardheisceart na hEorpa go hionaid éilimh thionsclaíoch, rud a chuirfidh dlús le dícharbónú na n‑earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo agus a chumasóidh comhtháthú éifeachtúil an fhuinnimh in-athnuaite. Cuimsíonn an tionscnamh príomhthionscadail leasa choitinn idir an Phortaingéil, an Spáinn agus an Fhrainc, chomh maith le naisc inmheánacha a shíneann chuig an nGearmáin. I dteannta a chéile, is é is aidhm do na tionscadail sin suas le 2 mhilliún tona de hidrigin in-athnuaite a sheachadadh in aghaidh na bliana faoi 2030, rud a neartóidh an tslándáil fuinnimh agus an tsolúbthacht ar fud an réigiúin.

Mar sin féin, tá an dul chun cinn teoranta, agus tá roinnt dúshlán fós ann, lena n‑áirítear easpa glactha, moilleanna ar chur chun feidhme rialála, deacrachtaí maidir le maoiniú a fháil agus bearta laghdaithe riosca a chomhordú feadh na conaire, agus tosaíochtaí straitéiseacha ar fud na mBallstát chun a áirithiú go gcuirfidh an chonair tairbhí comhroinnte ar fáil do na rannpháirtithe uile.

Gníomhaíochtaí gearrthéarmacha: Beidh comhordú láidir agus tacaíocht pholaitiúil athnuaite trí Ghrúpa Ardleibhéil Iardheisceart an Aontais ríthábhachtach chun dlús a chur leis an dul chun cinn. Le Cruinniú Aireachta an Ghrúpa Ardleibhéil um Iardheisceart na hEorpa atá ar na bacáin in R1 2026, cuideofar le dlús a chur leis na hiarrachtaí agus le malartuithe a éascú i measc na mBallstát maidir leis na príomhghnéithe teicniúla, airgeadais agus dí-rioscaithe d’fhorbairt na conaire.

(1)

  EUR-Lex - 52025DC0079 - GA - EUR-Lex

(2)

  REPowerEU

(3)

  Renewables, electrification and flexibility - For a competitive EU energy system transformation by 2030 [Foinsí in-athnuaite fuinnimh, leictriú agus solúbthacht le haghaidh claochlú iomaíoch ar chóras fuinnimh an Aontais faoi 2030] | Foilseacháin | An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) , lgh. 6 agus 16.

(4)

  Imports of energy products to the EU down in 2024 - News articles [Allmhairí táirgí fuinnimh chuig an Aontas síos in 2024 - Ailt nuachta] - Eurostat .

(5)

  China’s energy dominance in three charts [Ceannasacht fuinnimh na Síne arna doiciméadú i dtrí cinn de chairteacha] | MIT Technology Review

(6)

An Coimisiún Eorpach, An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne (COM(2025) 79), lch. 1.

(7)

  Electricity price statistics - Statistics Explained [Staidreamh faoi phraghsanna leictreachais - Míniú ar Staidreamh] - Eurostat .    

(8)

  TYNDP 2024 / Infrastructure Gaps Report / Opportunities for a more efficient European power system by 2050 [PFG10B 2024 / Tuarascáil ar Bhearnaí sa Bhonneagar / Deiseanna do chóras cumhachta Eorpach níos éifeachtúla faoi 2050] . 

(9)

  Electricity and heat statistics - Statistics Explained [Staidreamh faoi leictreachas agus teas - Míniú ar Staidreamh] - Eurostat .

(10)

 IMF Staff Background note on EU Energy Market Integration, 17 January 2025 [Nóta Cúlra Foirne CAI maidir le Comhtháthú Mhargadh Fuinnimh an Aontais, an 17 Eanáir 2025], https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-5438-2025-INIT/en/pdf , lch. 5.

(11)

  TYNDP 2024 / Infrastructure Gaps Report / Opportunities for a more efficient European power system by 2050 [PFG10B 2024 / Tuarascáil ar Bhearnaí sa Bhonneagar / Deiseanna do chóras cumhachta Eorpach níos éifeachtúla faoi 2050] . 

(12)

  Punann Tionscadail CINEA - Fáilte | Bileog - Qlik Sense (europa.eu) .

(13)

  Eangacha, an nasc atá ar iarraidh - Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach , COM (2023) 757 final.

(14)

Tuarascáil faireacháin ACER 2024 ar bhonneagar leictreachais, ACER_2024_Monitoring_Electricity_Infrastructure.pdf

(15)

  TSO DSO Technopedia [Technopedia OCT OCD] - Baile  

(16)

Mar a fhoráiltear faoi Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/943 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas, bainfear an acmhainneacht íosta sin amach faoin 31 Nollaig 2025.

(17)

  2023_ACER_PCI_Report.pdf .

(18)

 ACER Monitoring Report 2024, Electricity infrastructure development to support a competitive and sustainable energy system [Tuarascáil faireacháin ACER 2024, Bonneagar leictreachais a fhorbairt chun tacú le córas fuinnimh iomaíoch inbhuanaithe], lch. 18.

(19)

  https://www.acer.europa.eu/media/charts/PCIs-and-PMIs-monitoring-2025 .

(20)

Tá an tuarascáil chríochnaitheach le fáil anseo: Technical support for RES policy development and implementation – simplification of permission and administrative procedures for RES installations [Tacaíocht theicniúil chun beartas foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a chur chun feidhme – Simpliú na nósanna imeachta ceadaithe agus riaracháin le haghaidh suiteálacha foinsí fuinnimh in-athnuaite] (RES Simplify) - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh .

(21)

Institiúid Fraunhofer um Thaighde Córas agus Nuálaíochta, et al., Study on energy storage [Staidéar ar stóráil fuinnimh] , 2023.

(22)

Faisnéis arna bailiú ag eagraíochtaí luchtaithe feithiclí leictreacha, go háirithe ChargeUp Europe, Ionity agus Milence.

(23)

Tá samplaí ábhartha den dea-chleachtas le fáil in SWD(2024) 124 final - Treoraíocht le haghaidh na mBallstát maidir le dea-chleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in‑athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara.

(24)

Amhail Cúnant na Méaraí, an Comhshocrú um Rannpháirteachas agus an tionscnamh Foinsí In-Athnuaite Fuinnimh agus Eangacha Tapa Cothroma.

(25)

Mar shampla, tháinig méadú beagnach faoi dhó ar phraghsanna agus agaí tionscanta le haghaidh claochladáin agus cáblaí nua in 2025 i gcomparáid le 2021-2022 (Foinse: Building the future transmission grid – Strategies to navigate supply chain challenges [An eangach tarchurtha a bheidh ann amach anseo a thógáil – Straitéisí chun dul i ngleic le dúshláin sa slabhra soláthair] ; IEA, mí Feabhra 2025).

(26)

Artelys, LBST, Trinomics, Finesso, A. et al., Investment needs of European energy infrastructure to enable a decarbonised economy [Riachtanais infheistíochta bhonneagar fuinnimh na hEorpa chun go bhféadfaidh geilleagar dícharbónaithe a bheith ann] , 2025.

(27)

  https://energy.ec.europa.eu/publications/communication-future-proof-network-charges-reduced-energy-system-costs_en  

(28)

D’fhéadfaí tacaíocht a thabhairt chun idirnascairí fuinnimh trasteorann a fhorbairt, foinsí fuinnimh in-athnuaite amhail grianfhuinneamh agus fuinneamh gaoithe a leathnú, bonneagar athluchtaithe a chur in úsáid agus gréasáin dáileacháin fuinnimh a uasghrádú chun luaineachtaí sa soláthar a bhainistiú go héifeachtúil.

(29)

Cuireann an tAontas tacaíocht mhór ar fáil faoi láthair tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Cistí Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Cistí Comhtháthaithe nó Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, i measc nithe eile. Faoin togra ón gCoimisiún maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, thiocfadh méadú mór ar bhuiséad na Saoráide um Chónascadh na hEorpa don Fhuinneamh (SCE-F), ó EUR 5,84 billiún le haghaidh 2021-2027 go EUR 29,91 billiún le haghaidh 2028-2034. Cuirfidh an Ciste Eorpach um Iomaíochas sruth cistiúcháin comhdhlúite ar fáil (EUR 234,3 billiún) le cistiú tiomnaithe (EUR 26,2 billiún) chun teicneolaíochtaí dícharbónaithe agus aistrithe ghlain a uas-scálú agus a chur in úsáid, lena n‑áirítear bonneagar. Leis na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (EUR 865 bhilliún), tabharfar le chéile infheistíochtaí agus athchóirithe fuinnimh ghlain agus tacófar le cur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

(30)

Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí, JOIN(2025) 9 final, eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52025JC0009 .

(31)

  Rialachán Tarmligthe maidir leis an dara liosta de chuid an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn agus de Thionscadail Chomhleasa agus an iarscríbhinn a ghabhann leis - Fuinneamh .

(32)

  New European coordinator appointed to oversee completion of Baltic synchronisation energy project [Comhordaitheoir Eorpach nua ceaptha chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i gcrích thionscadal fuinnimh an tsioncrónaithe Bhaltaigh] - an Coimisiún Eorpach

New European coordinator appointed for the Central and South-East European energy interconnectivity [Comhordaitheoir Eorpach nua ceaptha le haghaidh idirnascacht fuinnimh Lár agus Oirdheisceart na hEorpa] .

(33)

Beidh Éire nasctha go díreach le heangach leictreachais an Aontais tríd an tionscadal leanúnach Celtic Interconnector idir Éire agus an Fhrainc.

(34)

  Joint communication on the Pact for the Mediterranean - Middle East, North Africa and the Gulf [Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an gComhshocrú don Mheánmhuir - an Meánoirthear, an Afraic Thuaidh agus an Mhurascaill] .

Top