Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0945

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Plean Gníomhaíochta RESourceEU Dlús a chur lenár straitéis amhábhar criticiúil chun dul in oiriúint do réaltacht nua

COM/2025/945 final

An Bhruiséil,3.12.2025

COM(2025) 945 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta RESourceEU

Dlús a chur lenár straitéis amhábhar criticiúil chun dul in oiriúint do réaltacht nua


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Plean Gníomhaíochta RESourceEU

Dlús a chur lenár straitéis amhábhar criticiúil chun dul in oiriúint do réaltacht nua

Réamhrá

Is léir ón stair go bhfuil an tAontas in ann laghdú a dhéanamh ar spleáchais throma fiú trí uaillmhian leordhóthanach agus leis na huirlisí cearta. Léiríodh é sin le REPowerEU ( 1 ), lenar athmhúnlaíodh ár dtírdhreach fuinnimh agus lenar cuireadh deireadh le hallmhairí gáis ón Rúis de réir a chéile chomh maith. Inniu, glacann an Coimisiún Plean Gníomhaíochta RESourceEU, agus loighic chomhchosúil, a bhaineann le dí-rioscú agus éagsúlú, á cur i bhfeidhm maidir le hamhábhair chriticiúla. Le RESourceEU, déantar réimse mór uirlisí beartais a shlógadh chomh maith le gníomhaithe príobháideacha agus poiblí chun go gcuirfidh an tAontas, in éineacht le chéile, dlús le cur chun feidhme a Straitéise um Amhábhair Chriticiúla, go laghdóidh sé a spleáchais chriticiúla, agus go neartóidh sé a shlándáil eacnamaíoch.

In 2024, tá bearta uaillmhianacha curtha ar aghaidh ag an Aontas cheana féin sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla (CRMA)( 2 ). Leagann an Gníomh sin cuspóirí soiléire síos maidir le slándáil soláthair an Aontais: faoi 2030, maidir leis na hamhábhair straitéiseacha a úsáideann sé, ba cheart an acmhainneacht a bheith ag an Aontas 10 % díobh a eastóscadh, 40 % díobh a phróiseáil agus 25 % díobh a athchúrsáil( 3 ). I gcomhthráth leis sin, ba cheart don Aontas a sholáthar a éagsúlú chun nach mbeidh sé ag brath ar thír aonair le haghaidh níos mó ná 65 % dá éileamh. Cé go bhfuil an treo sin soiléir, tá sé fíor-riachtanach go gcuirfimid dlús leis an dul chun cinn atá á dhéanamh againn ina leith.

Tá amhábhair chriticiúla fíor-riachtanach d’iomaíochas an Aontais, agus dá aistriú maidir le fuinneamh glan agus dá aistriú digiteach, dá riachtanais chosanta agus aeraspáis agus dá shlándáil bia chomh maith. Mar sin féin, i gcás fhormhór na namhábhar criticiúil (lena náirítear na 26 amhábhar chriticiúla atá ábhartha don aistriú fuinnimh), tá an tAontas ag brath an iomarca ar allmhairí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Tá ceannasacht bunaithe ag an tSín ar an acmhainneacht táirgeachta dhomhanda ag céimeanna uile an tslabhra luacha, ó eastóscadh go déanamh miotail nó monarú maighnéad ( 4 ) . Cruthaíonn an bonn láidir sin spleáchais don Aontas agus do chomhpháirtithe eile, ar spleáchais iad atá á núsáid níos mó agus níos mó mar uirlis troda chun críoch gheopholaitiúil trínar féidir difear suntasach a dhéanamh do mhonaraíocht an Aontais. Tá géarchéim i soláthar amhábhar criticiúil ina fíorbhagairt láithreach ar an Aontas.

Tá an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar amhábhair chriticiúla ag spreagadh rás geopholaitiúil chun rochtain a fháil ar acmhainní. Gníomhaíonn an tSín de réir cur chuige lena gcuimsítear an slabhra soláthair iomlán, agus leas á bhaint aici as a cumhacht mhargaidh i leith amhábhair chriticiúla chun a ceannasacht a leathnú go seasta ar fud na bpríomhshlabhraí luacha iartheachtacha éagsúla uile (ceallraí, gluaisteáin leictreacha nó tuirbíní gaoithe). Baintear é sin amach trí mheascán de Bheartais agus Cleachtais a bhaineann le Geilleagair Neamh-Mhargaidh, lena n‑áirítear fóirdheontais ar fud an tslabhra luacha, rud a chuidíonn leis an táirgeadh intíre a mhéadú ó scála, le ró-acmhainn a chruthú, le cleachtais soláthair agus praghsála creiche a úsáid, le haistrithe teicneolaíochta a fhórsáil, agus le hinfheistíocht d’fhonn na slabhraí luacha i dtríú tíortha a rialú. 

Ina theannta sin, le 3 bliana anuas, ghlac an tSín sraith beart rialaithe onnmhairí, lena gcumhdaítear amhábhair chriticiúla amhail graifít, gailliam, tungstan, biosmat, gearmáiniam agus tearc-chré, ach freisin táirgí deiridh amhail ceallraí, nó trealamh a bhaineann le dúile tearc-chré a phróiseáil. Le srianta an 9 Deireadh Fómhair 2025, cuimsíodh rialuithe seach-chríochacha ar aon táirge tionsclaíoch nó cosanta ina bhfuil amhábhair chriticiúla áirithe. Ní thugtar ach faoiseamh sealadach páirteach agus na srianta sin curtha ar fionraí ar feadh bliana. Maidir le bearta eile atá fós i bhfeidhm, tá difear á dhéanamh acu do ghníomhaithe tionsclaíocha an Aontais fós, rud is cúis le baic ó thaobh riaracháin de agus moilleanna loingseoireachta. Tá deifir ar tháirgeoirí gluaisteán agus innealra, agus ar mhonaróirí feistí leighis, na hEorpa a soláthar buanmhaighnéad tearc-chré a dhaingniú. Gan mórán roghanna malartacha ar an margadh, is minic a fhágtar iad ag fanacht, gan an t‑uainiú a bheidh i gceist le formheas na gceadúnas le feiceáil agus cuirtear de cheangal orthu faisnéis íogair ghnó a sholáthar.

Fágann sé sin go bhfuil an baol ann go múchfar an táirgeadh agus, ar deireadh, go ndúnfar gléasraí agus go leagfar foireann as, agus déantar dochar an tráth céanna do shlándáil eacnamaíoch agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus dá chuspóirí maidir leis an aistriú. De dheasca spleáchais chriticiúla i gcás amhábhar criticiúil áirithe, tá baol ann freisin go gcuirfí isteach ar chumas an Aontais a chuspóirí maidir le hullmhacht cosanta faoi 2030 a chomhlíonadh agus tacaíocht mhíleata a thabhairt don Úcráin, agus leis sin, tá riosca slándála díreach i gceist agus déantar dochar do spriocanna na Teachtaireachta maidir le Slándáil Eacnamaíoch na hEorpa( 5 ). Tá sé i measc na bpríomhchuspóirí ó thaobh na slándála eacnamaíche de freisin athléimneacht na slabhraí soláthair straitéiseacha sin a áirithiú, agus iad a chosaint ar chur isteach seachtrach agus spleáchais rioscúla a chosc. Tá bearta á ndéanamh ag gníomhaithe domhanda eile chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid spleáchas, amhail na Stáit Aontaithe, atá ag tabhairt faoi thionscadail maidir le hamhábhair chriticiúla trí chomhaontuithe ceannaithe táirgí agus comhpháirtíochtaí le tíortha comhpháirtíochta a shíniú.

Trí chur chuige comhleanúnach atá bunaithe ar Fhoireann na hEorpa, tá gá le bearta níos láidre agus níos tapúla san Aontas anois toisc nach féidir le fórsaí an mhargaidh an t‑éagsúlú riachtanach a sholáthar astu féin. Mar gheall ar mhíchothrom iomaíochta, is minic a bhíonn sé níos costasaí táirgí a tháirgeadh san Aontas ná i réigiúin eile, amhail i gcás buanmhaighnéad, rud dá bhféadfadh sé a bheith trí huaire níos costasaí. Tá cúiseanna éagsúla leis sin, ó phraghsanna fuinnimh go timpeallachtaí rialála níos déine. Thairis sin, de dheasca cúbláil margaidh glan amach ó ghnólachtaí ata ann cheana, cruthaítear éagobhsaíocht praghsanna agus lagaítear cás gnó na dtionscadal Eorpach a bhaineann le hamhábhair chriticiúla. Díspreagann sé sin tionscail iartheachtacha na hEorpa ó ghealltanas a thabhairt i leith comhaontuithe ceannaigh fadtéarmacha a dhéanamh le soláthraithe an Aontais. Ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn ag iontrálaithe nua oibriú i margadh atá an‑chomhchruinnithe, go háirithe i gcás ina n‑úsáideann gníomhaithe eile cleachtais agus iompraíochtaí neamh-mhargaidh atá spreagtha de bharr leasanna geopholaitiúla nó neamheacnamaíocha eile.

Dá bhrí sin, tá Plean Gníomhaíochta RESourceEU á ghlacadh ag an gCoimisiún chun dlús a chur le baint amach chuspóirí an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla, chun táirgeadh amhábhar criticiúil príomhúil agus tánaisteach san Aontas a chaomhnú agus a leathnú, chun athléimneacht an Aontais in aghaidh suaití soláthair a neartú agus chun conair a leagan amach i dtreo slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a éagsúlú níos tapúla. Dá réir sin, comhlánaíonn Plean Gníomhaíochta RESourceEU bearta eile chun spriocanna slándála eacnamaíche an Aontais a thabhairt chun cinn, mar chuid de chur chuige straitéiseach a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht maidir leis an tSlándáil Eacnamaíoch, agus rannchuidíonn an Plean leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan( 6 ) . 

Cé gur féidir leis an bPlean Gníomhaíochta tacú leis na hamhábhair chriticiúla uile, an rud a bhfuiltear ag díriú air láithreach, is é sin borradh a chur faoi na slabhraí luacha le haghaidh buanmhaighnéid tearc-chré, amhábhair ceallraí agus amhábhair a bhaineann le cosaint, i bhfianaise a ngné straitéiseach i leith chuspóirí na hEorpa maidir leis an iomaíochas, leis an aistriú agus an ullmhacht cosanta. Chun na críche sin, soláthraítear bearta sa Phlean Gníomhaíochta seo chun dlús a chur le tionscadail amhábhar criticiúil a rolladh amach, ar tionscadail iad a d’fhéadfadh a bheith i seirbhís in 2029 agus roimhe sin. A luaithe a dhéantar iad a oibríochtú, is féidir leis na tionscadail aibí sin rannchuidiú go mór le laghdú a dhéanamh ar spleáchais an Aontais agus an chuid eile den slabhra luacha a bhrú ar aghaidh, rud a chuideoidh leis an mbonn a leagan síos ar mhaithe le tionscal amhábhar criticiúil iomaíoch san Eoraip agus chun na Tionscadail Straitéiseacha uile maidir le hamhábhair chriticiúla atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a bhaint amach go rathúil. Beidh an chiorclaíocht ina cumasóir lárnach don dianiarracht sin, agus í á spreagadh leis an tacaíocht do thionscadail athchúrsála agus dreasachtaí rialála chun amhábhair a aisghabháil.

1.Soláthar a dhaingniú leis an Lárionad Eorpach um Amhábhair Chriticiúla

I bhfianaise dhúshlán na n‑amhábhar criticiúil, tá maoirseacht straitéiseach agus freagairt struchtúrach fhadtéarmach Eorpach riachtanach chun cuspóirí an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus RESourceEU a chomhlíonadh.

Agus é ag foghlaim ó thaithí Eagraíocht na Seapáine um Shlándáil Miotal agus Fuinnimh (JOGMEC), bunóidh an Coimisiún in 2026 Lárionad Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (‘an Lárionad’) a mbeidh sainordú aige cuidiú le rochtain ar amhábhair chriticiúla a dhaingniú do thionscal na hEorpa. Forbróidh an Lárionad faisnéis chórasach maidir le slabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil agus maidir le margaí príomhúla agus tánaisteacha, chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí Eorpacha agus náisiúnta a bhaineann le hinfheistíocht, stoc-charnadh agus ceannach comhpháirteach.

Tríd an bhfaisnéis sin a úsáid, beidh ról lárnach ag an Lárionad maidir le gníomhaíochtaí agus maoiniú a stiúradh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon feadh shlabhra soláthair amhábhar criticiúil an Aontais, agus, go háirithe, i dTionscadail Straitéiseacha, ag brath ar ionstraimí airgeadais a bheidh saincheaptha de réir riachtanais na dtionscadal, idir iasachtaí agus ráthaíochtaí agus chothromas, i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha agus le cistí amhábhar criticiúil na mBallstát. Ag gníomhú dó mar bhainisteoir punainne, cuimseoidh an Lárionad gníomhaíochtaí intíre agus domhanda araon chun slabhra luacha éagsúlaithe, inbhuanaithe agus slán d’amhábhair chriticiúla phríomhúla agus thánaisteacha a thógáil. Déanfaidh an Lárionad faireachán freisin ar thionscadail le linn a dtimthrialla forbartha agus a n‑oibríochtaí chun a áirithiú go gcuirfear borradh fúthu go tapa agus go leanfaidh siad de bheith ag oibriú san Aontas agus laistigh de thíortha comhpháirtíochta iontaofa.

Feidhmeoidh an Lárionad mar sciath chun tacú le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais agus le hathléimneacht an Mhargaidh Aonair trí stoc-chairn straitéiseacha d’amhábhair chriticiúla phríomhúla agus thánaisteacha a éascú, i gcomhar le gníomhaithe tionsclaíocha an Aontais agus leis na Ballstáit. Chun inmharthanacht na dtionscadal a áirithiú agus chun na stoc-chairn a fhorbairt, beidh an sainordú riachtanach ag an Lárionad chun oibríochtaí ceannaigh chomhpháirtigh a ghabháil de láimh agus chun éileamh agus soláthar a mheaitseáil. Tabharfaidh an Lárionad tosaíocht freisin d’amhábhair chriticiúla a cheannach, ar amhábhair iad atá ábhartha d’earnálacha straitéiseacha an Aontais, amhail aeraspás agus cosaint, agus comhleanúnachas agus comhlántacht le hiarrachtaí stoc-charntha na mBallstát agus an tionscail féin á n‑áirithiú an tráth céanna.

Cuirfidh an Lárionad tús lena chuid oibríochtaí in 2026, ag tógáil ar shásraí an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus RESourceEU. Molfaidh an Coimisiún ionstraimí reachtacha freisin faoi R2 2026 chun na huirlisí riachtanacha a thabhairt dó chun na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe aige a dhéanamh sa dara céim.

2.Tionscadail tosaíochta a chur chun cinn agus dlús a chur leo

Is coinníoll fíor-riachtanach é tionscadail ábhartha a shainaithint agus tacú leo chun go dtiocfaidh slabhra soláthair amhábhar criticiúil Eorpach chun cinn agus chun éagsúlú fhoinsí soláthair an Aontais a áirithiú. Tá 60 Tionscadal Straitéiseach formheasta ag an gCoimisiún cheana féin faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, lena náirítear 13 dTionscadal i dtríú tíortha( 7 ) . I measc na dTionscadal Straitéiseach sin agus tionscadal eile maidir le hamhábhair chriticiúla, tá sé d’acmhainneacht i gcuid acu go gcuirfear chun úsáide iad san fhíor-ghearrthéarma chun cuidiú leis an Aontas laghdú idir 30 % go 50 % a dhéanamh ar a spleáchais ar thír thionscnaimh aonair faoi 2029 ar a dhéanaí i gcás slabhraí luacha amhábhar a bhaineann le ceallraí, tearc-chré nó cosaint( 8 ) . Chun an acmhainneacht táirgeachta lena bhfuil gá a bhaint amach, ní mór do na tionscadail sin thart ar EUR 2,15 billiún a shlógadh chun freastal ar a riachtanais airgeadais mheasta le haghaidh caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil araon. Ní féidir é sin a bhaint amach gan idirghabháil phoiblí chun tionscadail a dhí-rioscú agus chun na hinfheistíochtaí príobháideacha substaintiúla lena bhfuil gá a shlógadh.

Dá bhrí sin, ní mór uirlisí an dí-rioscaithe a shlógadh agus fáil réidh le scrogaill rialála chun dlús a chur le tús táirgthe na dtionscadal ábhartha sin. Murach sin, bheadh srian ar thionscadail mar gheall ar an drogall a bhíonn ar infheisteoirí gealltanas a thabhairt i leith oibríochtaí fadtéarmacha casta agus mar gheall ar leasanna teoranta an tionscail iartheachtaigh i gcomhaontuithe ceannaithe táirgí.

2.1.Mol um maoiniú amhábhar criticiúil a chruthú chun dlús a chur le tionscadail amhábhar criticiúil san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta

Tá an Coimisiún, na Ballstáit agus institiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha tarraingthe isteach cheana féin chun tacú leis na Tionscadail Straitéiseacha a roghnaíodh níos luaithe i mbliana faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla. Chun forbairt slabhra luacha amhábhar criticiúil Eorpach a chothú, tá gá le caipiteal príobháideach leordhóthanach ó laistigh den Aontas freisin. Sa chomhthéacs sin, beidh ról lárnach ag an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta maidir le rochtain chuideachtaí an Aontais ar chistiú príobháideach a éascú ag gach céim dá saolré.

Tá raon clár cistiúcháin de chuid an Aontais ann lena soláthraítear tacaíocht do shlabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil. Trí ghlao 2024 ón gCiste don Nuálaíocht, dámhadh EUR 376 mhilliún ar chúig thionscadal amhábhar criticiúil, go háirithe an Tionscadal Straitéiseach Polvolt chun saoráid athchúrsála astaíochtaí ísle a mhonarú le haghaidh amhábhair ceallraí sa Pholainn. Ina theannta sin, tá Séala STEP faighte ag roinnt tionscadal de chuid an Chiste don Nuálaíocht chun cistiú a éascú ar an leibhéal náisiúnta. Sholáthair an Ciste um Aistriú Cóir maoiniú dar méid EUR 18,7 milliún don tionscadal maighnéad tearc-chré de chuid Neo Performance san Eastóin.

Mar chuid dá thionscnamh straitéiseach nua maidir le hamhábhair chriticiúla, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) tiomanta do mhaoiniú suas le EUR 2 bhilliún a sholáthar in aghaidh na bliana do thionscadail a bhaineann le hamhábhair chriticiúla, trí iasachtaí, fiachas fiontair, agus cistí príobháideacha( 9 ) . Go dtí seo, tá maoiniú soláthraithe cheana féin ag BEI do na Tionscadail Straitéiseacha dar teideal UpCatalyst (próiseáil graifíte) agus Keliber (eastóscadh agus próiseáil litiam) trí chomhaontuithe iasachta, le tacaíocht ó InvestEU freisin. Tá tacaíocht chomhairleach thiomnaithe maidir le hamhábhair chriticiúla curtha i bhfeidhm ag BEI chun cabhrú le tionscadail amhábhar criticiúil a bheith níos iontaofa ó thaobh brabúis, trí chúnamh teicniúil agus treoraíocht a sholáthar maidir le tionscadail a struchtúrú chun infheistíocht a mhealladh.

Sheol an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), le tacaíocht ón gCoimisiún, saoráid chun EUR 100 milliún a shlógadh chun cothromas a infheistiú i dtionscadail taiscéalaíochta amhábhar criticiúil( 10 ) . Rinne BEAF infheistíocht i gcothromas dar méid thart ar EUR 6 mhilliún freisin i dTionscadal Straitéiseach Euro Manganese i bPoblacht na Seice agus EUR 3,6 milliún i dTionscadal Straitéiseach Graifíte Sarytogan sa Chasacstáin( 11 ) ( 12 ) . Tá maoiniú ar leibhéal an Aontais don dí-rioscú fíor-riachtanach chun tacú le slabhra luacha amhábhar criticiúil de chuid an Aontais a fhorbairt, ach tá gá le hiarrachtaí breise in éineacht le cur chuige teagmhálach atá dírithe ar thorthaí agus ar thionscadail. Mar thúsphointe, déanfaidh an Coimisiún foinsí cistiúcháin ilroinnte an lae inniu i leith amhábhair chriticiúla a chomhordú chomh maith leis na gníomhaithe difriúla a bhfuil baint acu leo. Ó mhaoiniú taighde, trí chistiú don mhéadú ó scála, agus bainistiú deontas, tabharfaidh an Coimisiún comhleanúnachas feabhsaithe i leith na ngníomhaíochtaí uile sin. Oibreoidh an Coimisiún freisin chun dínascadh idir ionstraimí gníomhaíochta inmheánaí agus seachtraí a sheachaint chun na tionscadail ábhartha uile don Aontas a chur chun cinn agus chun cur chuige atá bunaithe ar an slabhra luacha a áirithiú i leith tionscadail amhábhar criticiúil, agus an rannchuidiú ó FBManna á chur san áireamh.

Bunóidh an Coimisiún mol um maoiniú amhábhar criticiúil chun tacaíocht chistiúcháin a chomhordú go straitéiseach, chun cúnamh teicniúil a sholáthar do thionscnóirí tionscadail agus do riaracháin náisiúnta agus chun dlús a chur le forbairt na dtionscadal. Leis an mol um maoiniú, tabharfar le chéile colúin dhifriúla chun tacaíocht a sholáthar do thionscadail ábhartha feadh an tslabhra luacha, agus béim shonrach á leagan ar an athchúrsáil, agus leibhéil dhifriúla den aibíocht theicneolaíoch (ón nuálaíocht go dtí céim an imlonnaithe margaidh):

·Soláthraíonn InvestEU acmhainneacht chriticiúil don dí-rioscú ar mhaithe le tionscadail amhábhar criticiúil feadh an tslabhra luacha. Tá coinne ag an gCoimisiún le thart ar EUR 2 bhilliún a shlógadh in infheistíochtaí breise a bhaineann le hAmhábhair Chriticiúla sa tréimhse 2026-2027, a bhuí le hatreisiú omnibus InvestEU chomh maith.

·Ina theannta sin, tacóidh an Ciste don Nuálaíocht le tionscadail nuálacha feadh shlabhra luacha na namhábhar criticiúil: le glao 2025, tiomnófar EUR 1 bhilliún don mhonaraíocht teicneolaíochta glaine agus béim láidir á leagan ar shlabhraí luacha amhábhar criticiúil a neartú ar son feidhmeanna teicneolaíochta glaine san Aontas, le haghaidh buanmhaighnéid tearc-chré agus ceallraí, mar shampla.

·Déanfar an pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí, a bhfuil imchlúdach EUR 1,8 billiún aige, a dhearadh freisin chun cistiú suas le EUR 300 milliún a thabhairt do thionscadail amhábhar criticiúil atá ríthábhachtach don luachshlabhra ceallraí, go háirithe litiam, cóbalt, nicil, mangainéis agus graifít.

·I bhfianaise a thábhachtaí atá siad don tionscal cosanta, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun amhábhair chriticiúla a chomhtháthú mar réimse tosaíochta i gcomhthéacs an chórais um shlándáil an tsoláthair agus na dtosaíochtaí cistiúcháin don Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach atá ar na bacáin ( 13 ).

In 2026, seolfaidh an Coimisiún cur chuige nua i leith maoiniú tionscadal, lena ndíreofar ar inmharthanacht fhadtéarmach na dtionscadal amhábhar criticiúil a mhéadú trína gceannach san Aontas a dhreasú agus a dhaingniú. Leis an gcur chuige sin, tabharfar tús áite do mhéadú a dhéanamh ar an éileamh san Aontas ar shlabhraí soláthair amhábhar criticiúil atá éagsúlaithe agus athléimneach.

In 2026, cuirfear EUR 700 milliún ar a laghad ar fáil ón gCiste don Nuálaíocht sa ghlao atá tiomnaithe don mhonaraíocht teicneolaíochta glaine agus do shlabhraí soláthair amhábhar criticiúil. Sa ghlao sin, beidh lucht na dtionscadal teicneolaíochta glaine agus amhábhar criticiúil araon incháilithe chun iarratas a dhéanamh agus cuirfidh an Coimisiún cur chuige comhtháite chun cinn trí thosaíocht a thabhairt do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glaine - lena bhfoinseofar amhábhair chriticiúla trí chomhaontuithe intíre ceannaithe táirgí nó ó fhoinsí éagsúlaithe eile i gcomhpháirtithe iontaofa. I gcás ina léiríonn an tionscnóir tionscadail nach bhfuil sé sin indéanta, éileofar plean chun soláthar na n‑amhábhar criticiúil a éagsúlú go tapa. Iarrfar ar na Ballstáit cistiú a ranníoc don ghlao sin i bhfoirm deontas mar sheirbhís, i gcomhréir le Státchabhair.

Thairis sin, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí airgeadais leasmhara chun ionstraimí airgeadais um dhí-rioscú a dhearadh, amhail Conarthaí Difríochta, chun comhaontuithe ceannaithe táirgí den sórt sin a dhreasú a thuilleadh.

I gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le Slándáil Eacnamaíoch an Aontais, beidh sé fíor-riachtanach a áirithiú go leanfaidh na tionscadail dá dtugtar tacaíocht de shlándáil soláthair a chur ar fáil. Oibreoidh an Coimisiún le BEI agus le BEAF chun coinníollacha dochta a leagan amach chun a áirithiú go bhfreastalóidh tionscadail amhábhar criticiúil dá dtugtar tacaíocht ó chistí an Aontais ar na margaí atá beartaithe acu.

Beidh ról lárnach ag an Lárionad um Amhábhair Chriticiúla maidir le faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme na dtionscadal, agus sa tacaíocht dá bhforbairt agus dá gcur chun feidhme agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí an mhoil um maoiniú amhábhar criticiúil.

Ar an iomlán, mar chuid de chur chuige a bheidh bunaithe ar Fhoireann na hEorpa, ba cheart don Aontas EUR 3 bhilliún de chistí an Aontais a shlógadh laistigh den 12 mhí amach romhainn chun tacú le slabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil go díreach. 

2.2.Leas a bhaint as acmhainneacht na mBallstát agus na réigiún

Mar gheall ar scála an dúshláin, tá cur chuige uilechuimsitheach riachtanach, lena nuasmhéadófar sineirgí idir tacaíocht ar leibhéal an Aontais agus cistí ó riaracháin náisiúnta agus áitiúla. cistí náisiúnta amhábhar criticiúil seolta ag an bhFrainc, ag an nGearmáin, ag an Iodáil agus ag an Ísiltír, agus tá gníomhaíochtaí comhchosúla á saothrú ag Ballstáit eile. Moltar do na Ballstáit leas a bhaint as a gcistí intíre a bhaineann le hamhábhair chriticiúla chun a áirithiú go rollfar amach tionscadail go pras, ar tionscadail iad a rannchuidíonn le hathléimneacht shlabhra luacha an Aontais. Chuige sin, moltar do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as na féidearthachtaí chun cabhair a dheonú do thionscadail incháilithe, go háirithe ar bhonn scéimeanna Státchabhrach arna bhformheas faoi Chreat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan. I gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma ar chláir an bheartais chomhtháthaithe, molann an Coimisiún do na Ballstáit agus do na réigiúin suas le EUR 1 bhilliún de chistiú a dhíriú i dtreo tacaíochta do Thionscadail Straitéiseacha a roghnaítear faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla. Tá cistí á nath-leithdháileadh cheana féin ar infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), lena gcuimsítear slabhraí luacha na namhábhar criticiúil( 14 ) .

I gcomhthráth leis sin, moltar do na Ballstáit cúnamh airgeadais a úsáid chun amhábhair a stoc-charnadh chun feabhas a chur ar infhaighteacht na dtáirgí cosanta faoin Rialachán maidir le Gníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE)( 15 ) . Is féidir leis na Ballstáit ar comhghuaillithe ECAT iad freisin tógáil ar Dhearbhú Chruinniú Mullaigh na Háige chun cistiú a dhíriú i dtreo tionscadal amhábhar criticiúil atá ábhartha don chosaint mar chuid dá ngealltanas maidir le 1,5 % de OTI ar mhaithe lena slándáil a neartú( 16 ) .

Tá sé fíor-riachtanach go leanfar den chomhar agus den chomhordú idir leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta chun tionchair na hidirghabhála poiblí a uasmhéadú. Sin é an fáth a leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí airgeadais chun comhordú a dhéanamh ar rolladh amach na n‑ionstraimí cistiúcháin um amhábhair chriticiúla laistigh den Bhord um Amhábhair Chriticiúla.

2.3.Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a oibríochtú i dtreo tionscadail choincréiteacha

Tá torthaí coincréiteacha á mbaint amach don Aontas agus dá chomhpháirtithe trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta maidir le hamhábhair. Ar bhonn déthaobhach, seoltar tionscadail, infheistíochtaí agus cláir chomhair faoi scáth na gcomhpháirtíochtaí. I measc na 15 chomhpháirtí dá chuid, tá píblíne ina bhfuil 60 tionscadal sainaitheanta ag an gCoimisiún, ar tionscadail iad atá ábhartha don Aontas go díreach( 17 ) . Tá méadú tagtha ar allmhairí amhábhar criticiúil ó Cheanada, ón gCasacstáin, ón nGraonlainn, ón tSile agus ón Namaib ó thaobh méide agus luacha araon de le blianta beaga anuas( 18 ) .

Mar sin féin, mar gheall ar na himthosca domhanda atá ag teacht chun cinn, tá cur chuige níos oibríochtúla riachtanach i leith comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus tionscnaimh iltaobhacha. Ar bhonn cur chuige atá dírithe ar thionscadail, soláthróidh an Coimisiún sraith straitéisí chun tacú le tionscadail ábhartha ag céimeanna difriúla dá bhforbairt agus chun a áirithiú go gcruthóidh siad breisluach áitiúil ard agus tairbhí socheacnamaíocha eile. Ar an gcéad dul síos, faoin gclár Fís Eorpach 2021-2027, seolfaidh an Coimisiún comhpháirtíocht Eorpach chomhchistithe ina mbeidh na Ballstáit agus tríú tíortha chun tionscadail taighde agus nuálaíochta a chómhaoiniú ar feadh shlabhra luacha na namhábhar criticiúil, agus tá coinne leis go mbeidh buiséad EUR 300 milliún san iomlán ar fáil chuige sin( 19 ) . Ar an dara dul síos, tacóidh ionstraimí airgeadais Global Gateway le Tionscadail Straitéiseacha agus le tionscadail ábhartha eile lasmuigh den Aontas, á áirithiú go ndíreofar soláthairtí i dtreo comhaontuithe ceannaithe táirgí de chuid an Aontais, mar is amhlaidh i gcás thionscadal molaibdéinim Malmbjerg de chuid Greenland Resources. Úsáidfear ionstraimí Ráthaíocht CEFI+ chun caipiteal poiblí agus príobháideach a charnadh isteach i dtimpeallachtaí amhábhar criticiúil atá casta agus lena mbaineann ardleibhéal riosca. Ar an tríú dul síos, trí Shaoráid Thascfhórsa BEI um Amhábhair Chriticiúla agus Saoráid an Choimisiúin um Amhábhair Chriticiúla, soláthrófar cúnamh teicniúil, rud a thacóidh le tionscadail a bhfuil gealladh fúthu chun iontaofacht ó thaobh brabúis a bhaint amach. D’fhéadfaí tacú le tionscadail níos aibí ansin trí ráthaíocht nó ionstraimí measctha ón gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus.

Thairis sin, ba cheart don Aontas na huirlisí taidhleoireachta agus eacnamaíocha uile atá aige a shlógadh chun éascú le conarthaí a thabhairt i gcrích go mear idir cuideachtaí Eorpacha agus cuideachtaí tríú tíortha feadh an tslabhra luacha amhábhar.

2.4.Dlús a chur le tionscadail a thabhairt i gcrích

Tá an Coimisiún ag obair chun cuidiú le hinmharthanacht fhadtéarmach na dtionscadal atá ábhartha don Aontas a áirithiú tríd an bpróiseas deonaithe ceadanna a chuíchóiriú agus a shimpliú. 

Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, soláthraítear an chéad fhreagairt ar na héiginnteachtaí a bhaineann le ceadú, trí é a chur de cheangal ar na Ballstáit amlíne docht a fhorfheidhmiú i leith dheonú na gceadanna le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha (27 mí i gcás tionscadail maidir le heastóscadh agus 15 mhí i gcás tionscadail phróiseála agus athchúrsála) agus Pointe Teagmhála Aonair nó Pointí Teagmhála Aonair a bhunú chun próiseas deonaithe na gceadanna tionscadal a chomhordú. Mar sin féin, na Ballstáit nach bhfuil Pointe Teagmhála Aonair nó Pointí Teagmhála Aonair bunaithe acu go fóill, ba cheart dóibh iad a chur ar bun láithreach, agus ba cheart do na Ballstáit uile na hacmhainní riachtanacha a sholáthar dá riarachán chun cloí le hamlínte an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla maidir le ceadú le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha. Cuirtear bac ar dhlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe mura bhfuil Pointe Teagmhála Aonair ainmnithe ann, go háirithe i gcás tionscadail atá ainmnithe mar thionscadail Straitéiseacha, amhail i gcás eastóscadh an chopair ag Rovina sa Rómáin.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a chreat dlíthiúil agus é á oiriúnú aige chun deireadh a chur le haon scrogall rialála chun leas a bhaint as poitéinseal an táirgthe agus na hathchúrsála intíre.

Mar chéad chéim, cuirfidh an Coimisiún togra síos maidir le dlús a chur leis an gceadú comhshaoil, lena n‑áireofar forálacha lena gcuirfear dlús leis an gceadú do thionscadail amhábhar criticiúil.

Ina theannta sin, chun méadú a dhéanamh ar na sineirgí agus ar an gcomhlántacht idir an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, eiseoidh an Coimisiún treoirdhoiciméad in R1 2026 chun go mbeifear in ann dlí an Aontais maidir leis an gceadú comhshaoil a chur chun feidhme ar bhealach níos simplí agus níos comhchuibhithe, lena n‑áirítear gnéithe a bhaineann leis an earnáil mianadóireachta. Leis an treoirdhoiciméad, soiléireofar gnéithe amhail comhlíonadh na gCaighdeán Cáilíochta Comhshaoil ar leibhéal an dobharlaigh ina iomláine agus cuirfear bealaí níos éasca agus níos tapúla chun cinn i leith na caighdeáin a chomhlíonadh. Dearbhófar sa treoirdhoiciméad freisin go gceadaítear leis an dlí tiúchaintí an chúlra ‘nádúrtha’ a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar stádas ceimiceach an uisce dhromchla.

I dteannta na treoraíochta, faoi R2 2026 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus athchóiriú ar an Treoir Réime maidir le hUisce, ag tógáil ar ionchur agus taithí na bpáirtithe leasmhara sna Ballstáit, agus aird ar leith á tabhairt ar an simpliú agus ar an riachtanas aghaidh a thabhairt ar scrogaill a d’fhéadfadh a bheith ann, chun an chiorclaíocht a chur chun cinn chomh maith leis an rochtain ar amhábhair chriticiúla san Aontas, agus an comhshaol agus sláinte an duine á gcosaint an tráth céanna.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: measfaidh sé réaltachtaí oibríochtúla sonracha na nearnálacha eastóscacha, athchúrsála agus próiseála san athbhreithniú a fógraíodh ar an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus sa bhealach a chuirtear an Treoir maidir le Carcanaiginí, Só-ghineacha agus Substaintí atá Tocsaineach don Atáirgeadh (CMRD) chun feidhme faoi láthair agus in athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo uirthi, agus an leibhéal is airde cosanta d’oibrithe, don tsláinte agus don chomhshaol á chaomhnú go hiomlán an tráth céanna( 20 ) ( 21 ) .

Sa bhreis ar an gceadú, tá dálaí cumasúcháin tacúla riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le hamhábhair chriticiúla. Tá tionscadal seolta ag an gCoimisiún chun tacú le comhar tionsclaíoch tairbhiúil feadh shlabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil, lena n‑áirítear comhar idir FBManna, i gcomhréir le dlí na hiomaíochta. Tá an Coimisiún réidh freisin chun treoraíocht a sholáthar do chuideachtaí a bhfuil baint acu le tionscadail um chomhar tionsclaíoch lena bhfeabhsaítear an éifeachtúlacht.

Ar deireadh, tá an tAontas ag gníomhú freisin chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais ó thaobh caipiteal daonna de atá ag gníomhaíochtaí amhábhar criticiúil trí chomhpháirtíocht scileanna ar mórscála maidir le hamhábhair chriticiúla a bhunú chomh maith le hAcadamh Amhábhar chun scileanna atá ábhartha don lucht saothair i slabhraí soláthair amhábhar criticiúil a chur chun cinn( 22 ) ( 23 ) .

Gníomhaíochtaí chun tionscadail tosaíochta a chur chun cinn agus chun dlús a chur leo

Bunóidh an Coimisiún mol ilcholúin um maoiniú amhábhar criticiúil chun tionscadail amhábhar criticiúil a dhí-rioscú trí raon ionstraimí de chuid an Aontais, lena n‑áirítear InvestEU, Ciste an Aontais don Nuálaíocht, an pacáiste um Threisiú leis an Tionscal Ceallraí nó an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach. Tá sé d’aidhm aige EUR 3 bhilliún a shlógadh laistigh de na 12 mhí amach romhainn.

Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta na Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha a oibríochtú a thuilleadh trí dhlús a chur le tacaíocht do thionscadail i dtríú tíortha trí chúnamh teicniúil, ráthaíocht agus ionstraimí measctha dá dtugtar tacaíocht ó uirlisí taidhleoireachta agus eacnamaíocha an Aontais.

Chun tús a chur le RESourceEU a chur chun feidhme, tá tacaíocht airgeadais á fuascailt ag an gCoimisiún agus ag BEI inniu le haghaidh 2 thionscadal amhábhar criticiúil lena bhfreastalófar ar riachtanais an Aontais go pras: Tionscadal molaibdéinim Malmbjerg de chuid Greenland Resources chun slándáil soláthair a bhaint amach d’earnáil na cosanta; agus Tionscadal Straitéiseach de chuid Vulcan sa Ghearmáin maidir le heastóscadh litiam, chun rannchuidiú le soláthar na n‑amhábhar ceallraí. Dhaingnigh an tionscadal EUR 250 milliún de thacaíocht airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

Molfaidh an Coimisiún go ndéanfar coigeartuithe ar chreat rialála an Aontais maidir leis an gceadú chun feabhas a chur ar na creatdálaí chun cuidiú le tionscadail amhábhar criticiúil a bheith i seirbhís níos tapúla.

Faoi R1 2026, eiseoidh an Coimisiún treoraíocht maidir leis an Treoir Réime maidir le hUisce agus, faoi R2 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus athchóiriú uirthi.

3.Leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal maidir leis an gciorclaíocht agus an nuálaíocht

3.1.Amhábhair chriticiúla a choimeád san Aontas agus na hacmhainní atá ar fáil cheana féin a athchúrsáil

Tá sé ríthábhachtach amhábhair chriticiúla a athchúrsáil chun acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais a mhéadú. Mar sin féin, sa lá atá inniu ann, is é 40 % an meánlíon táirgí a bhfuil a ré caite agus a bhailítear san Aontas, agus déantar níos lú ná 1 % de dhúile tearc-chré a athchúrsáil san Aontas( 24 ) . Is é sin le rá, tá sreabhadh ann d’fhuíoll buanmhaighnéad agus de tháirgí a bhfuil a ré caite a fhágann an tAontas, nach núsáidtear nó – níos measa fós – a fhágtar i líonadh talún ar deireadh. Leis an mbunábhar agus na dreasachtaí iomchuí, d’fhéadfadh athchúrsálaithe tearc-chré an Aontais amhail Carester agus Solvay sa Fhrainc nó Inspiree san Iodáil borradh a chur faoina ngníomhaíochtaí chun rannchuidiú le 3 800 tona de bhuanmhaighnéid tearc-chré a tháirgeadh sna blianta beaga amach romhainn, méid a chomhfhreagraíonn do thart ar 20 % d’éileamh an lae inniu.

Sin é an fáth a molfaidh an Coimisiún, faoi R2 2026, srianta ar fhuíoll buanmhaighnéad agus ar dhramh-bhuanmhaighnéid a onnmhairiú ón Aontas, ar bhonn measúnú críochnúil, agus aird chuí á tabhairt ar a oibleagáidí agus a chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta le tríú tíortha. Go deimhin, mar gheall ar an mbagairt go mbeidh ganntanas soláthair ann de dhúile tearc-chré atá riachtanach chun buanmhaighnéid a mhonarú, tá gá le gníomhaíocht thiomnaithe chun rochtain ar an mbunábhar is gá a áirithiú, i gcomhréir le hacmhainneachtaí táirgthe an Aontais agus a acmhainneachtaí chun dul i mbun leathnú. Cuimsítear leis an obair sin fochód ar leibhéal an Aontais a fhorbairt faoin Ainmníocht Chomhcheangailte agus faoin gCatalóg Dramhaíola Eorpach chun sreafaí buanmhaighnéad, agus táirgí a bhfuil a ré caite ina bhfuil na buanmhaighnéid sin, a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu. Chun gabháil leis na bearta sin, ní mór do na Ballstáit dul i mbun forfheidhmiú neartaithe in aghaidh sreafaí aindleathacha ag na teorainneacha seachtracha.

Le Gníomh Cur Chun Feidhme an Rialacháin maidir le Ceallraí i dtaca le lipéadú, áiritheoidh an Coimisiún gur féidir amhábhair ceallraí a aisghabháil agus a athchúrsáil ar bhealach níos éasca. I gcás ceallraí, is gá rochtain a fháil ar mhais dhubh freisin chun iad a athchúrsáil, rud atá fós ina dhúshlán do thionscal na hEorpa. De réir meastacháin ón Airmheán Comhpháirteach Taighde, d’fhéadfadh an tAontas thart ar 50 % go 65 % den mhais dhubh dá dtáirgeann sé a chóireáil, rud a d’fhágfadh go mbeadh suas le 1 mhilliún ceallra-phacaí nua do ghluaisteáin leictreacha ann in aghaidh na bliana. Mar sin féin, tá tearc-úsáid fós i gceist leis an acmhainneacht sin den chuid is mó agus onnmhairítear sciar suntasach de mhais dhubh na hEorpa chuig an Áise fós chun aisghabháil deiridh a dhéanamh uirthi. Chun an riosca sin a laghdú, mar a cinneadh i mí an Mhárta 2025, aicmeofar ceallraí litiam-ian dramhaíola agus mais dhubh mar dhramhaíl ghuaiseach i mí Mheán Fómhair 2026( 25 ) . Ciallaíonn sé sin go mbeidh toirmeasc ar onnmhairí chuig tíortha nach tíortha ECFE iad tar éis an dáta sin. Oibreoidh an Coimisiún chun an toirmeasc sin a chur chun feidhme go héifeachtach, gan aon imchéimniú, agus tíolacfaidh sé, de réir mar is gá, bearta chun onnmhairí maise duibhe a shrianadh a thuilleadh fiú. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh tionscadail lena ndéantar amhábhair ceallraí a athchúrsáil, amhail Hydromet san Fhionlainn, rochtain a fháil ar mhais dhubh bhreise chun a noibríochtaí a dhéanamh.

Ina theannta sin, molfaidh an Coimisiún bearta spriocdhírithe maidir le fuíoll alúmanaim in Earrach 2026, chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí domhanda agus chun iomaíochas na dtionscal alúmanaim a choinneáil ar bun agus chun an Plean Gníomhaíochta maidir le Cruach agus Miotail a chomhlíonadh. Tá an tionscnamh sin bunaithe ar na torthaí ón bhfaireachán ar shreafaí fuíll a fhágann an tAontas, ar faireachán é a sheol an Coimisiún i mí Iúil 2025, agus cuideoidh sé lena áirithiú go gcoinneofar rochtain leormhaith ar bhunábhar fíor-riachtanach do bhruithneoirí agus athchúrsálaithe Eorpacha. Tar éis gníomhaíochtaí faireacháin breise, measfar gníomhaíochtaí comhchosúla maidir le fuíoll copair más gá sin.

Chun aghaidh a thabhairt ar shreabhadh foriomlán na dramhaíola amhábhar criticiúil, cumasóidh an Coimisiún loingsithe éifeachtúla na dramhaíola amhábhar criticiúil agus ábhar tánaisteach laistigh den Aontas tríd an Rialachán maidir le Loingsithe Dramhaíola a chur chun feidhme, lena n‑áirítear an t‑aistriú chuig nósanna imeachta digiteacha agus an fhéidearthacht go gcuirfear sruthanna dramhaíola sonracha ‘ar an liosta glas’ lena n‑athchúrsáil san Aontas (18). Ina theannta sin, dúnfaidh an Coimisiún bealaí éalaithe dlíthiúla a fhágann go n‑onnmhairítear fuíoll copair nó alúmanaim chuig tríú tíortha faoi láthair, ar fuíoll copair nó alúmanaim é a chuirtear i láthair mar tháirgí go calaoiseach (19).

3.2.Athchúrsáil na namhábhar criticiúil a dhreasú

Tá an Coimisiún ag dreasú athchúrsáil na dtáirgí ina bhfuil amhábhair chriticiúla. Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, tugadh isteach ceanglais maidir le lipéadú cheana féin i dtaca le buanmhaighnéid chun feabhas a chur ar phróisis athchúrsála. Agus é ag tógáil air sin, tá an Coimisiún ag moladh an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a leasú chun liosta na dtáirgí ina bhfuil buanmhaighnéid a leathnú, ar táirgí iad a bhfuil lipéad ag teastáil ina leith lena soláthraítear faisnéis ábhartha d’athchúrsálaithe.

Tá gá le gníomhaíochtaí breise freisin chun a áirithiú go rachaidh ábhair aisghafa isteach sa slabhra luacha an athuair agus go n‑úsáidfear amhábhair thánaisteacha i dtáirgí nua go héifeachtach. Díríonn an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla ar dhramhaíl iarthomhaltais chun forbairt bhailiú na dramhaíola deireadh ré agus na margaí tánaisteacha laistigh den Aontas a spreagadh. Mar sin féin, ní chuimsítear an dramhaíl réamhthomhaltais sa Ghníomh agus an cion athchúrsáilte á ríomh, cé go mbíonn sé níos glaine, níos éasca agus níos costéifeachtaí an athchúrsáil a dhéanamh go hiondúil. Dá gcuimseofaí dramhaíl réamhthomhaltais a ghintear le linn monaraíochta, chuirfí feabhas ar éifeachtúlacht acmhainne ghearrthéarmach agus chomhlánófaí aisghabháil na dramhaíola iarthomhaltais, rud atá fós fíor-riachtanach chun fíorchiorclaíocht agus fíorchórais athchúrsála a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag moladh inniu go leasófar an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla chun dearbhú maidir le cion athchúrsáilte a dhíorthaítear ó dhramhaíl réamhthomhaltais agus iarthomhaltais a éileamh. Ar bhonn na faisnéise a bhailítear, ba cheart don Choimisiún sainiú a dhéanamh freisin ar na híoschionta d’amhábhair chriticiúla arna n‑aisghabháil ó dhramhaíl réamhthomhaltais agus iarthomhaltais intíre atá le húsáid i mbuanmhaighnéid a ionchorpraítear i dtáirgí. Tacaíonn an beart leis an acmhainneacht athchúrsála laistigh den Aontas freisin, rud a chruthaíonn dreasachtaí táirgthe ar son tionscadail amhail MagReesource sa Fhrainc.

Lasmuigh de bhuanmhaighnéid tearc-chré, tá gá le hiarrachtaí breise chun aisghabháil na n‑amhábhar criticiúil ó dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a mhéadú. San athbhreithniú ar an Treoir maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL), mar chuid den togra le haghaidh an Ghnímh um an nGeilleagar Ciorclach, cuimseofar bearta chun feabhas a chur ar bhailiú an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil a ré caite chun feabhas a chur ar aisghabháil na n‑amhábhar criticiúil. Molfar ann freisin go bhfeabhsófar cóireáil an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil a ré caite chun comhpháirteanna ina bhfuil saibhreas amhábhar criticiúil a chaomhnú. Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, ar feitheamh a fhormheasta ag na comhreachtóirí, beifear in ann amhábhair chriticiúla a aisghabháil ó ghluaisteáin freisin.

Ar an gcaoi chéanna, tá gá le hiarrachtaí breise chun laghdú a dhéanamh ar na spleáchais chriticiúla ar leasacháin san Eoraip, a bhfuil cuid díobh bunaithe ar amhábhair chriticiúla, trí athchúrsáil agus trí tháirgeadh intíre na leasachán a spreagadh.

3.3.Nuálaíocht a spreagadh chun ionadú agus éifeachtúlachtaí a chumasú

Tá an Coimisiún ag tacú le Taighde agus Nuálaíocht (T&N) chun feabhas a chur ar theicneolaíochtaí eastósctha, próiseála agus athchúrsála na n‑amhábhar criticiúil, agus le hardábhair nuálacha, ardmhonarú agus réitigh mhalartacha a chur in ionad amhábhair chriticiúla chomh maith. Tá EUR 700 milliún leithdháilte cheana féin ag an gCoimisiún faoin gclár Fís Eorpach le 5 bliana anuas chun tacú le forbairt tionscadal Taighde agus Nuálaíochta maidir le slabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil, agus as na tionscadail sin, rannchuidigh fiche díobh le teicneolaíochtaí le haghaidh Tionscadail Straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla amhail tionscadail litiam Barroso, Emili agus Keliber.

Chun cur leis an bpoitéinseal sin ar son ionadú agus na héifeachtúlachta, seolfaidh an Coimisiún glaonna tiomnaithe dar méid EUR 593 mhilliún faoin gclár Fís Eorpach faoi chlár oibre 2026-2027 chun tacú le barrfheabhsú úsáidí na n‑acmhainní i ngeilleagar ciorclach agus i bpróisis táirgthe nua.

Déanfaidh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) foráil maidir le EUR 100 milliún bhreise de thacaíocht maoinithe mheasctha trí dhá dhúshlán faoi Luasaire CNE, dúshlán amháin dar méid EUR 50 milliún maidir le ‘Borradh a chur faoi shlabhra luacha Eorpach na nAmhábhar Criticiúil’ agus dúshlán eile dar méid EUR 50 milliún maidir le ‘Ardábhair le haghaidh Córais Fuinnimh In‑athnuaite agus Stórála Fuinnimh’.

Bainfear leas as an gCiste Eorpach Cosanta freisin chun méadú a dhéanamh ar iomaíochas agus nuálaíocht bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa trí thacú le hábhair ábhartha in ionad amhábhair chriticiúla a chomhtháthú i dtáirgí agus teicneolaíochtaí cosanta.

Tacóidh an Coimisiún Eorpach leis na Ballstáit tríd an bhFóram Comhpháirteach Eorpach um Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) chun IPCEInna a chur in úsáid chun nuálaíocht agus an chéad chur in úsáid tionsclaíoch a chur chun cinn maidir le hamhábhair chriticiúla a fhoinsiú, a phróiseáil agus a athchúrsáil. Tacóidh an Coimisiún freisin, trí Mhol Tacaíochta Dearaidh IPCEI, le bailchríoch a chur ar dhearadh IPCEI is iarrthóir maidir le hardábhair a tháirgtear ar bhealach ciorclach.

I gcomhthráth leis sin, cuirfidh an Coimisiún dlús le forbairt agus le cur in úsáid na n‑ábhar in ionad amhábhair chriticiúla trí nuálaíocht ardábhar faoin nGníomh um Ardábhair.

Gníomhaíochtaí chun leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal ar son na ciorclaíochta agus nuálaíochta san Aontas

Faoi R2 2026, molfaidh an Coimisiún srianta ar onnmhairiú fuíll buanmhaighnéad tearc-chré.

Faoi R2 2026, molfaidh an Coimisiún bearta spriocdhírithe freisin maidir le fuíoll alúmanaim. Déanfar bearta comhchosúla a mheas maidir le fuíoll copair, tar éis tuilleadh faireacháin a dhéanamh.

Mar chuid de RESourceEU, molann an Coimisiún go leasófar an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla chun méadú a dhéanamh ar in‑athchúrsáilteacht na mbuanmhaighnéad tearc-chré.

Faoi R3 2026, molfaidh an Coimisiún bearta chun méadú a dhéanamh ar aisghabháil na n‑amhábhar criticiúil sa Ghníomh um an nGeilleagar Ciorclach, lena n‑áirítear ó dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach.

Faoi R2 2026, molfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta chun infhaighteacht agus inacmhainneacht na leasachán intíre a áirithiú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun cothaithigh athchúrsáilte agus roghanna malartacha eile ar leasacháin a chumasú.

Faoi chlár oibre Fís Eorpach 2026-2027, seolfaidh an Coimisiún glaonna tiomnaithe dar méid EUR 593 mhilliún chun tacú le cuspóirí RESourceEU, in éineacht le EUR 100 milliún bhreise de thacaíocht maoinithe mheasctha ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach.

Faoi R4 2026, molfaidh an Coimisiún an Gníomh um Ardábhair.

4.Méadú a dhéanamh ar an éileamh Eorpach ar thionscadail Eorpacha agus margadh buan a chruthú

Faoi láthair, tugann luaineacht praghsanna agus cleachtais margaidh neamh-thrédhearcacha dúshlán do na hacmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana agus do shlabhraí luacha amhábhar criticiúil níos athléimní a fhorbairt amach anseo. Rannchuidíonn sé sin leis an líon teoranta comhaontuithe ceannaithe táirgí idir an tAontas agus comhpháirtithe in earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha.

Dá bhrí sin, tá gá le hidirghabháil phoiblí chun foinsí soláthair a éagsúlú ach freisin chun sásraí margaidh a chruthú agus chun tacú le hoibriú na dtionscadal amhábhar criticiúil le himeacht ama, chun costais níos airde a shárú chomh maith le athraitheacht praghsanna agus éiginnteacht sa mhargadh domhanda.

4.1.Comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach ag tionscal na hEorpa a chumasú

  Sásra tiomnaithe um Amhábhair forbartha ag an gCoimisiún faoi Ardán an Aontais Eorpaigh um Fhuinneamh agus Amhábhair. Feidhmeoidh sé mar uirlis meaitseála chun ceannaitheoirí agus soláthróirí amhábhar straitéiseach, institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhísí stoc-charntha a nascadh. Soláthróidh sé an deis do cheannaitheoirí leasmhara an téileamh a chomhiomlánú agus amhábhair a cheannach go comhpháirteach, agus do thionscadail nuaghinte comhaontuithe ceannaithe táirgí a dhaingniú i gcomhréir le rialacha an Aontais in aghaidh trustaí. Tríd an sásra, cuirfear feabhas ar an rochtain a bheidh ag FBManna ar amhábhair straitéiseacha freisin trí laghdú a dhéanamh ar a gcostais chuardaigh agus trí é a chur ar a gcumas dóibh an mhéid chriticiúil a bhaint amach chun bheith incháilithe do mhéideanna móra arna ndíol ag soláthróirí. Méadófar trédhearcacht mhargaí na namhábhar criticiúil go mór de thoradh an ardáin. Ina theannta sin, féadfaidh an tardán tacú le gníomhaíochtaí maidir le dí-rioscú a dhéanfar amach anseo tríd an mol um maoiniú amhábhar criticiúil. Nuair a bheidh sé i seirbhís, tógfaidh an Lárionad ar ghníomhaíochtaí an tsásra chun ceannach comhpháirteach poiblí a dhéanamh thar ceann comhlachtaí poiblí agus príobháideacha.

Sheol an Coimisiún an clárúchán leis an ardán an 18 Samhain 2025 agus beidh an chéad bhabhta meaitseála ar siúl i mí an Mhárta 2026( 26 ) . Díreoidh an babhta tosaigh sin ar shlabhraí luacha dúl tearc-chré, amhábhar ceallraí agus cosanta atá ar fáil láithreach agus a bheidh go luath, rud dá dtairbheoidh gníomhaithe i margaí beaga neamhleachtacha go háirithe amhail i gcás tungstain nó gailliam( 27 ) . Díreoidh an Sásra um Amhábhair ar sholáthróirí ón Aontas, ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ó Thíortha agus Críocha Thar Lear, agus ó thíortha comhpháirtíochta straitéisí. Sna babhtaí atá ar na bacáin, díreofar ar fhorbairt tionscadal, ar sholáthar éagsúlaithe amhábhar straitéiseach a dhaingniú do thionscal an Aontais, agus ar rannpháirtithe a nascadh le seirbhísí stórála agus stoc-charntha.

An fheidhm sin maidir le nascadh margaidh a dhéantar tríd an Ardán, ní mór í a chomhlánú le sásraí lena ndreasófar conarthaí a thabhairt i gcrích le soláthróirí éagsúlaithe. Rachaidh an Lárionad i mbun na feidhme sin amach anseo. I bhfianaise an mhéid sin, seolfaidh an Coimisiún próiseas in éineacht le páirtithe leasmhara chun staidéar a dhéanamh ar dhearadh, raon feidhme agus cistiú sásra chostéifeachtaigh chun leas a bhaint as íosráta chun infheistíochtaí a scaoileadh isteach i saoráidí próiseála san Eoraip agus in eastóscadh na mianraí criticiúla san Eoraip agus i dtíortha comhpháirtíochta araon.

4.2.Éagsúlú na namhábhar criticiúil ag tionscal na hEorpa á spreagadh

Tá comhiomlánú an tsoláthair agus an éilimh ina chéad chéim i dtreo margadh amhábhar criticiúil a dhéanamh atá athléimneach agus éagsúlaithe. Mar sin féin, ní dhéanfar laghdú go díreach dá bharr sin ar an difreálach praghsanna leanúnach a dhéanann difear do thionscadail an Aontais maidir le hamhábhair chriticiúla agus a rannchuidíonn le luaineacht an mhargaidh. 

Chun spreagadh a thabhairt go ndéanfar foinsiú na n‑amhábhar criticiúil a éagsúlú a thuilleadh, tá an Coimisiún ag moladh go ndéanfar leasú spriocdhírithe ar an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla freisin. Go deimhin, is gá earnálacha tionsclaíocha iartheachtacha na hEorpa a chur faoi ghealltanas an soláthar a éagsúlú toisc nach féidir leo brath go hiomlán a thuilleadh ar onnmhairí ón tSín chun a n‑éilimh ar amhábhair chriticiúla a chomhlíonadh. Sa chleachtas, beidh ar chuideachtaí móra measúnú riosca a dhéanamh ar a slabhraí soláthair agus bearta maolaithe a ghlacadh, de réir mar is gá, lena n‑áirítear chun éagsúlú a dhéanamh sa chaoi go mbeidh níos mó ná aon fhoinse aonair soláthair acu. Ba cheart an inniúlacht a bheith ag an gCoimisiún chun bearta éifeachtacha maidir leis an éagsúlú a dhreasú, ar cheart do chuideachtaí móra iad a ghlacadh i gcás leochaileachtaí nach beag, agus, i gcás nach ngníomhóidh na cuideachtaí ina leith sin, chun an t‑éagsúlú a dhéanamh éigeantach. Ba cheart go rannchuideodh sé sin freisin leis an éileamh ar thionscadail maidir le slabhra luacha an Aontais a spreagadh agus le soláthairtí ó thíortha comhpháirtíochta iontaofa a dhaingniú. I gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu, is mó go mór na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann leis an éagsúlú ná na costais airgeadais ghearrthéarmacha. Ba cheart do chuideachtaí príobháideacha agus d’institiúidí airgeadais chomh maith iad a chur san áireamh go cuí.

Ina theannta sin, ní mór aird ar leith a thabhairt ar chás thionscal cosanta an Aontais. Is bagairt shoiléir láithreach ar shlándáil agus ar chosaint an Aontais iad rialuithe ar onnmhairiú amhábhar criticiúil, agus toimhde ann go ndiúltófar a nonnmhairiú le haghaidh úsáid deiridh mhíleata, lena náirítear rialuithe seach-chríochacha ag tríú tíortha ar threalamh cosanta ina bhfuil amhábhair chriticiúla. Ba cheart d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit, i gcomhar le ECAT, gach luamhán féideartha dá bhfuil ar fáil dóibh a shlógadh chun laghdú a dhéanamh go mear ar spleáchais a bhaineann le hamhábhair chriticiúla sna slabhraí luacha tionsclaíocha um an gcosaint, agus caiteachas cosanta á úsáid mar chatalaíoch breise chun tionscadail tosaíochta amhábhar criticiúil a thionscnamh. Tá an Coimisiún ag fiosrú dreasachtaí ar mhaithe le soláthar na namhábhar criticiúil a éagsúlú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na Treoracha maidir leis an Soláthar Poiblí( 28 ) agus leis an Soláthar Trealaimh Cosanta, agus i ndearadh Thionscadail Shuaitheanta 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta chomh maith( 29 ) . Moltar d’údaráis chonarthacha na mBallstát freisin é a chur ar a gcumas do na conraitheoirí amhábhair a fhoinsiú ar bhealach slán, e.g. trí thosaíocht a thabhairt do thionscadail ar bhonn critéir neamhphraghais, amhail éagsúlú, go háirithe nuair a bhíonn siad ag brath ar amhábhair a scagtar nó a athchúrsáiltear san Aontas.

4.3.Tacú le stoc-charnadh chun athléimneacht thionsclaíoch na hEorpa a mhéadú

Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair chun stoc-chairn amhábhar criticiúil a chomhordú, rud ar féidir leo a bheith ina uirlis fhíor-riachtanach chun teorainn a chur le rioscaí soláthair. Faoi láthair, is iomaí cuideachta nach gceannaíonn amhábhair chriticiúla ach nuair is gá, agus bac á chur orthu de dheasca ceadúnú teoranta ón tSín, easpa acmhainneachta stórála, roghanna neamhleora maidir le maoiniú, agus athruithe a thagann ar shonraíochtaí ábhair i gcaitheamh tréimhsí fada stórála. Fágann an staid sin go mbíonn dálaí ceannaigh fo-optamacha ann le linn tréimhsí agus na praghsanna ard agus leibhéil na n‑ábhar stoc-charntha íseal. Níl aon ionstraim struchtúrach san Aontas chun stoc-chairn amhábhar criticiúil a bhainistiú agus chun a áirithiú go scaoilfear iad go cothrom cuí ó Bhallstát go chéile i gcás suaití, ach tá iarrachtaí straitéiseacha nach beag déanta ag tríú tíortha amhail an tSeapáin, na Stáit Aontaithe agus an Chóiré Theas chun a slándáil agus a gcobhsaíocht eacnamaíoch féin a áirithiú.

I mí Iúil 2025, glacadh Straitéis an Aontais um stoc-charnadh, arb é is aidhm di feabhas a chur ar idir-inoibritheacht agus ar chomhordú na gcóras stoc-charntha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta( 30 ) . Thairis sin, tríd an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach atá ar na bacáin, tacófar le gníomhaíochtaí a bhaineann le dlús a chur leis na coigeartuithe ar athruithe struchtúracha, lena náirítear iad siúd a bhaineann le hamhábhair, lena stoc-charnadh agus le borradh cúltaca a fhorbairt.

Tá an Coimisiún agus roinnt Ballstát ag comhoibriú ar threoirthionscadal maidir le hamhábhair chriticiúla a stoc-charnadh chun cur chuige éifeachtach comhordaithe a fhorbairt i leith amhábhair chriticiúla a stoc-charnadh laistigh den Aontas. Beidh an treoirthionscadal i seirbhís go luath in 2026, ag tógáil ar acmhainneachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin, agus aird ar leith á tabhairt ar amhábhair thánaisteacha. Tabharfaidh sé aghaidh ar ghnéithe lóistíochta maidir leis an stoc-charnadh, amhail na coinníollacha a bhaineann le hamhábhair chriticiúla a cheannach, a stóráil agus a scaoileadh. Measfar sa treoirthionscadal an cineál stoc-charntha is fearr a thacaíonn le tionscal na hEorpa freisin i bhfianaise na n‑uirlisí maoiniúcháin atá ar fáil le haghaidh na n‑oibríochtaí sin agus chun comhleanúnachas le hiarrachtaí an tionscail a áirithiú. Déanfaidh an Lárionad gníomhaíochtaí an treoirthionscadail sin a chomhtháthú ina dhiaidh sin agus oibríochtaí stoc-charntha á ndéanamh aige.

Gníomhaíochtaí chun éileamh na hEorpa ar thionscadail Eorpacha a mhéadú agus chun margadh buan a chruthú

Faoi R1 2026, seolfaidh an Coimisiún an chéad bhabhta meaitseála faoi Ardán an Aontais Eorpaigh um Fhuinneamh agus Amhábhair, lena ndíreofar ar shlabhra luacha na mbuanmhaighnéad tearc-chré agus na n‑amhábhar ceallraí agus cosanta.

Mar chuid de RESourceEU, molann an Coimisiún go leasófar an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla chun na hiarrachtaí ó oibreoirí móra margaidh a spreagadh ar son an slabhra soláthair a éagsúlú, chun spleáchas ar fhoinsí aonair soláthair a chosc.

Tá an Coimisiún ag fiosrú dreasachtaí ar mhaithe leis an éagsúlú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir maidir leis an Soláthar Trealaimh Cosanta agus i ndearadh Thionscadail Shuaitheanta 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta

Faoi R1 2026, cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit tús leis an gcéad treoirthionscadal maidir le hamhábhair chriticiúla a stoc-charnadh.

5.An Margadh Aonair agus athléimneacht shlabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais a chosaint

5.1.An faireachán ar shlabhraí soláthair a neartú agus freagairtí ar shuaití soláthair a chomhordú

Le linn géarchéimeanna, is é an chéad fhreagracht atá ar an Aontas an Margadh Aonair a chosaint, agus tá an Coimisiún ag áirithiú go noibreoidh na Ballstáit in éineacht le chéile seachas in aghaidh a chéile. Is é sin príomhchuspóir an Ghnímh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (IMERA)( 31 ) . Ón tráth a thiocfaidh an Gníomh sin i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2026, agus ar bhonn na faisnéise arna bailiú agus an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla á chur chun feidhme, úsáidfidh an Coimisiún bosca uirlisí IMERA chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le slabhra luacha an Aontais. I gcás ina ngníomhachtófar modhanna faireachais nó éigeandála an Mhargaidh Inmheánaigh faoi IMERA, beidh an Coimisiún in ann aghaidh a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis maidir le hacmhainneachtaí táirgeachta agus stoic, suaití nó ganntanais sna slabhraí soláthair, ach freisin chun ceannacháin chomhpháirteacha a dhéanamh, iarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a shainordú agus dáileadh stoc-charntha a chomhordú.

Roimh theacht i bhfeidhm an Ghnímh, thug an Coimisiún na Ballstáit le chéile cheana féin chun machnamh a dhéanamh ar shuaití soláthair agus chun freagairtí a chomhordú. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh a bhuí leis an bhfaireachán ar shlabhraí soláthair a rinneadh faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla. Tá tús curtha ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún le tástálacha struis a dhéanamh ar shlabhraí soláthair straitéiseacha, agus díreofar na chéad chleachtaí comhpháirteacha eile ar shlabhraí luacha na ndúl tearc-chré agus ar amhábhair chriticiúla a bhaineann le cosaint. Cuirtear de cheangal ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar phríomhoibreoirí margaidh feadh shlabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil freisin agus fógra a thabhairt don Choimisiún más rud é go bhféadfadh mórimeachtaí bac a chur ar a n‑oibríochtaí tráthrialta. Tá sé tábhachtach oibriú le comhpháirtithe iontaofa chun measúnú a dhéanamh ar shuaití soláthair agus chun ullmhacht a neartú.

5.2.An tAontas a chosaint ar chur isteach naimhdeach

Tá an Coimisiún ag obair chun úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bailíodh maidir le cleachtais mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach. Cé gur féidir le hinfheisteoirí coigríche rannchuidiú leis na tionscadail amhábhar criticiúil san Aontas, ní mór don Aontas a áirithiú go dtabharfaidh infheistíocht den sórt sin fíor-bhreisluach don Mhargadh Aonair agus go mbeidh sí ag teacht lenár gcuspóirí ó thaobh na slándála eacnamaíche de. I bhfianaise chineál straitéiseach shlabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil, déanfaidh an Coimisiún Tionscadail Straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla a chomhtháthú mar ‘Tionscadail nó Cláir chun leasa an Aontais’ faoin Rialachán maidir le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche, rud a sholáthróidh rialú méadaithe ar infheistíocht choigríche a dhéanfar i slabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais ar fhorais slándála.

Trí chlár oibre Fís Eorpach le haghaidh 2026-2027, srianfar rannpháirtíocht eintitis de chuid Síne agus eintitis atá faoi rialú na Síne atá bunaithe san Aontas sna gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta uile a bhaineann le hamhábhair chriticiúla. Oibreoidh an Coimisiún chun an cur chuige sin a mhacasamhlú sna hionstraimí cistiúcháin éagsúla uile eile san Aontas agus molann sé do na Ballstáit bearta comhchosúla a dhéanamh dá dtacaíocht cistiúcháin intíre ar son amhábhair chriticiúla.

Ag tógáil ar a niarrachtaí comhchoiteanna chun slabhraí soláthair a choimirciú ar chleachtais margaidh éagóracha, thacaigh an Coimisiún, tíortha G7, an Astráil agus an Úcráin leis an Treochlár ó G7 i dtreo margaí mianraí criticiúla atá bunaithe ar chaighdeáin( 32 ) . Le cur chun feidhme an Treochláir, spreagfar inrianaitheacht agus trédhearcacht i leith an tslabhra soláthair agus, an tráth céanna, leagfar amach critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais chun margaí den scoth le haghaidh mianraí criticiúla a thógáil a bheidh ina margaí iontaofa slána. Leis sin, beifear in ann leas a bhaint as éileamh ar mhargaí den scoth go hidirnáisiúnta agus an tagarmharc domhanda a dhéanamh den táirgeadh freagrach. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh éagsúlú agus athléimneacht an tslabhra soláthair i gcónaí ina gcomhpháirteanna fíor-riachtanacha de mhargaí atá bunaithe ar chaighdeáin.

Chun infheistíochtaí an Aontais agus na mBallstát i dtionscadail amhábhar criticiúil a chosaint, beidh sé fíor-riachtanach a áirithiú nach féidir cur isteach ar a ninmharthanacht trí chúbláil margaidh chreachach agus trí chleachtais agus beartais a bhaineann le geilleagair neamh-mhargaidh ó sholáthróirí atá ann faoi láthair. I ndlúthchomhar le G7 agus le comhpháirtithe eile, agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir leis an tSlándáil Eacnamaíoch, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cur chuige beartais láidir a fhorbairt agus a chur in úsáid, ionstraimí trádála san áireamh, lena náiritheofar gur féidir leis an Aontas gníomhú go tapa agus go deimhneach i gcás cleachtais neamh-mhargaidh ó thríú tíortha, amhail cúbláil praghsanna, i slabhraí luacha amhábhar criticiúil( 33 ) . Agus é sin á dhéanamh aige, bainfidh an Coimisiún leas as príomhláidreachtaí an Aontais, amhail rochtain ar a Mhargadh Aonair, chun rochtain ghearrthéarmach ar amhábhair chriticiúla a áirithiú i gcás suaití sa slabhra soláthair ó thríú tíortha.

Gníomhaíochtaí chun an margadh aonair agus athléimneacht shlabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil a chosaint

Ó R2 2026 agus cibé uair is gá, slógfaidh an Coimisiún bosca uirlisí IMERA chun an margadh inmheánach a chosaint ar shuaití soláthair i slabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil.

Faoi R2 2026, déanfaidh an Coimisiún Tionscadail Straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla a chomhtháthú sa Rialachán maidir le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche chun méadú a dhéanamh ar an rialú ar infheistíocht choigríche in earnálacha straitéiseacha.

I gcomhthráth leis sin, forbróidh an Coimisiún agus comhpháirtithe G7 margaí amhábhar criticiúil a bheidh bunaithe ar chaighdeáin agus a thógfar de réir critéir chomhshaoil, shóisialta, rialachais, éagsúlú an tsoláthair agus athléimneachta.

Faoi R2 2026, forbróidh an Coimisiún cur chuige beartais láidir, lena n‑áirítear ionstraimí trádála, chun frithghníomhú in aghaidh cleachtais neamh-mhargaidh, amhail saobhadh praghais, i slabhra luacha na n‑amhábhar criticiúil.

6.Ag dul i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha chun dul i mbun éagsúlú

6.1.Rannpháirteachas an Aontais a threisiú agus a leathnú

Chun soláthairtí amhábhar criticiúil an Aontais a éagsúlú, tá clár oibre taidhleoireachta réamhghníomhach maidir le hamhábhair chriticiúla á shaothrú ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus i gcomhar leis na Ballstáit. Sa bhreis ar chomhaontuithe saorthrádála agus Comhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan, síníodh 15 chomhpháirtíocht straitéiseacha maidir le hamhábhair go dtí seo le tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de ó bhí 2021 ann agus tá a líonra comhpháirtíochtaí le comhpháirtithe iontaofa á leathnú a thuilleadh ag an Aontas( 34 ) .

Is é is aidhm do na comhpháirtíochtaí sin go dtairbheoidh an tAontas agus a chomhpháirtíochtaí araon díobh tríd an tairbhiú áitiúil. Tá sé fíor-riachtanach breisluach áitiúil agus poist áitiúla a chruthú, lena n‑áirítear trí é a chur ar chumas do thríú tíortha a n‑acmhainneacht a threisiú lasmuigh den eastóscadh. Ar an iomlán, féachann na comhpháirtíochtaí le slabhra luacha an dá pháirtí a chomhtháthú trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail chomhpháirteacha agus trí chomhoibriú maidir le caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG), taighde agus nuálaíocht.

Tugadh an Meabhrán Tuisceana is déanaí i gcrích leis an Afraic Theas an 20 Samhain 2025. Ba cheart cur chun feidhme an Mheabhráin a bheith ina thacaíocht do thionscadail choincréiteacha amhail Tionscadal Straitéiseach Zandkopsdrift chun dúile tearc-chré agus mangainéis a tháirgeadh agus gléasra Sulfáite Monaihiodráite Mangainéise Ardíonachta de chuid Manganese Metal Company. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún caibidlíocht dhéthaobhach leis an mBrasaíl, comhpháirtí straitéiseach a bhfuil slabhraí luacha tábhachtacha aici maidir le dúile tearc-chré, niaibiam, nicil, graifít, mangainéis litiam agus alúmanam.

Oibreoidh an Coimisiún freisin chun slabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais a chomhtháthú le comhpháirtithe straitéiseacha, le tíortha a bhfuil comhaontuithe saorthrádála aige leo, le tíortha de chuid an mhéadaithe agus le tíortha comharsanachta. Mar shampla, maoineoidh sé tionscadail amhábhar criticiúil tríd an gCreat Infheistíochta don Úcráin, rud a bhféadfadh Tionscadail Straitéiseacha na hÚcráine tairbhiú de, agus spreagfaidh sé cur chun feidhme na comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus an Úcráin maidir le hamhábhair. I gcás inarb infheidhme, soláthróidh sé ionstraimí airgeadais freisin trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar chun comhtháthú a slabhraí luacha tionsclaíocha leis an Aontas a éascú. Déanfar comhar feabhsaithe lenár dtíortha Comharsanachta a chur chun cinn, go háirithe san Afraic Thuaidh, maidir le rochtain ar acmhainní carraige fosfáite agus potaise, agus sa Mhurascaill. Beidh raon tionscadal infheistíochta i bPlean Gníomhaíochta an Chomhshocraithe don Mheánmhuir atá ar na bacáin, lena gcuirfear deiseanna ar fáil dár dtíortha comhpháirtíochta i gComharsanacht an Deiscirt freisin a rachaidh chun tairbhe do gach aon chomhpháirtí.

6.2.Ag tógáil ar thionscnaimh iltaobhacha chun soláthar éagsúlaithe a dhaingniú

Ba dhíol sásaimh iltaobhach don Aontas agus do chomhpháirtithe G20 Creat um Mianraí Criticiúla, ar treoirphlean comhoibritheach atá ann chun a áirithiú go spreagfaidh mianraí criticiúla fás agus rathúnas inbhuanaithe, feadh an tslabhra luacha iomláin( 35 ) . Rannchuideoidh an creat sin, i measc nithe eile, le mapáil na nacmhainní geolaíocha a spreagadh, le feabhas a chur ar chaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais agus le méadú a dhéanamh ar infheistíochtaí maidir leis an slabhra luacha amhábhar criticiúil.

Chun tionscadail amhábhar criticiúil a dhí-rioscú i dteannta a chéile, tacaíonn an Coimisiún leis an gComhghuaillíocht um Tháirgeadh Mianraí Criticiúla faoi Uachtaránacht Cheanada ar G7. Liosta na dtionscadal dá dtugtar tacaíocht agus a fógraíodh le linn chruinniú aireachta G7 i mí Dheireadh Fómhair 2025, is chéad chéim é sin i dtreo iarrachtaí comhordaithe chun tacú le slabhra soláthair domhanda na n‑amhábhar criticiúil. I leaganacha atá ar na bacáin, ba cheart tionscadail bhreise atá lonnaithe i dtacar éagsúlaithe dlínsí a chuimsiú. Leis an gComhghuaillíocht um Tháirgeadh Mianraí Criticiúla agus Treochlár G7 i dtreo na margaí atá bunaithe ar chaighdeáin, athluaitear na gníomhaíochtaí a leagtar amach thuas ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh araon den slabhra luacha amhábhar criticiúil.

Gníomhaíochtaí maidir le dul i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha chun soláthairtí a éagsúlú

Beidh uirlisí taidhleoireachta agus eacnamaíocha an Aontais i gcomhthéacs Fhoireann na hEorpa ina dtacaíocht freisin le conarthaí a thabhairt i gcrích idir cuideachtaí de chuid an Aontais agus cuideachtaí tríú tíortha.

Seolfaidh an Coimisiún caibidlíocht maidir le comhpháirtíocht i leith amhábhair chriticiúla leis an mBrasaíl.

Feabhsóidh an Coimisiún an comhar le Comharsanacht an Deiscirt, go háirithe le Plean Gníomhaíochta an Chomhshocraithe don Mheánmhuir atá ar na bacáin.

Bainfidh an Coimisiún leas as Comhghuaillíocht G7 um Tháirgeadh Mianraí Criticiúla a ghiaráil chun tionscadail amhábhar criticiúil san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta a dhí-rioscú.

Déanfaidh an Coimisiún obair leantach i leith gealltanas comhroinnte agus chun brú go láidir ar son éagsúlú ar leibhéal G20, faoi chuimsiú Chreat G20 um Mianraí Criticiúla.

Conclúid

Cé go bhfuil clár oibre soiléir leagtha amach ag an Aontas Eorpach chun a sholáthar amhábhar criticiúil a dhaingniú, is de réir a chéile agus i gcaitheamh an mheántéarma amháin atá an laghdú le déanamh ar an ardleibhéal spleáchais atá ann cheana. I bhfianaise scála an dúshláin, is trí ghníomhaíocht mhisniúil chomhchoiteann agus chomhpháirteach amháin ón Aontas agus ó na Ballstáit is féidir tacú le tionscal na hEorpa in iarracht ar mhórscála ar mhaithe leis an éagsúlú trí raon uirlisí, inniúlachtaí agus acmhainneacht airgeadais a shlógadh chun slabhra luacha amhábhar criticiúil cobhsaí agus éifeachtúil de chuid an Aontais a fhorbairt.

Leagtar roinnt gníomhaíochtaí amach i bPlean RESourceEU chun an beartas um éagsúlú de chuid an Aontais a neartú, agus tionchar gearrthéarmach i gceist, d’fhonn méadú a dhéanamh go mear ar a athléimneacht i leith suaití sna slabhraí soláthair agus chun a chur in iúl do na margaí go bhfuil treo nua i gceist leis an mbeartas don mheántéarma. Neartófar na gníomhaíochtaí sin trí Lárionad a chruthú lena mbainisteofar uirlisí tiomnaithe agus sásraí tacaíochta praghsanna agus a mbeidh sé d’acmhainneacht aige éagsúlú, forbairt tionscadal agus athléimneacht shlabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais a chur chun cinn. Mar thaca leis an Lárionad, beidh an chumhacht airgeadais a sholáthraítear leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas, atá beartaithe mar chuid den chreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo.

Ní mór éagsúlú sholáthar na n‑amhábhar criticiúil a bheith ina phríomhthosaíocht pholaitiúil de chuid an Aontais sna blianta amach romhainn. Chuige sin, treiseoidh an Coimisiún a chuid iarrachtaí, agus na hionstraimí beartais agus airgeadais uile á slógadh aige, chun bonn soláthraithe amhábhar criticiúil an Aontais a leathnú, chun eastóscadh agus athchúrsáil intíre a neartú, agus chun laghdú a dhéanamh ar na spleáchais iomarcacha atá ann faoi láthair maidir le hamhábhair chriticiúla. Iarrann an Coimisiún Eorpach go mbeadh comhar feabhsaithe i leith amhábhair chriticiúla ann le Parlaimint na hEorpa, le Ballstáit an Aontais, le comhpháirtithe tríú tíortha, le páirtithe leasmhara tionsclaíocha agus leis an tsochaí shibhialta. Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle Eorpach tacú leis an bPlean seo. Ní mór oibriú i gcomhar le chéile chun go n‑éireoidh le RESourceEU.

(1) ()     https://energy.ec.europa.eu/topics/markets-and-consumers/actions-and-measures-energy-prices/repowereu-3-years_en  
(2) ()    Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020.
(3) ()Is fothacar d’amhábhair chriticiúla iad amhábhair straitéiseacha, a shainítear sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla agus a úsáidtear i dteicneolaíochtaí straitéiseacha don aistriú digiteach agus don aistriú glas agus do thionscail na cosanta agus an aeraspáis chomh maith. Liostaítear amhábhair chriticiúla agus amhábhair straitéiseacha in Iarscríbhinní 1 agus 2 den Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla.
(4) ()Carrara, S., Baldassarre, B., Jakimów, M., Kuzov, T., Mc Govern, L. et al., Deep dive on critical raw materials for wind turbines in the EU, Black, C. (eagarthóir), Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2760/5665594, JRC141759.
(5) () COM/2025/977 final.
(6) () COM/2025/85 final.
(7) ()     https://single-market‑economy.ec.europa.eu/sectors/raw-materials/areas-specific-interest/critical-raw-materials/strategic-projects-under-crma/selected-projects_en  
(8) ()    Is ar bhonn acmhainneachtaí táirgeachta pleanáilte atá fógartha a rinneadh meastacháin.
(9) ()     https://www.eib.org/en/press/all/2025-156-eib-steps-up-financing-for-european‑security-and-defence-and-critical-raw-materials  
(10) ()     EBRD and EU to mobilise up to EUR 100 million for critical raw materials investments [Suas le EUR 100 milliún le slógadh ag BEAF agus ag an Aontas le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le hamhábhair chriticiúla]
(11) ()     Euro Manganese equity | We invest in changing lives
(12) () AsxDownload.aspx
(13) ()     https://defence-industry-space.ec.europa.eu/eu-defence-industry/edip-dedicated-programme-defence_en  
(14) ()     https://strategic-technologies.europa.eu/index_en  
(15) ()    Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh.
(16) ()     Dearbhú Chruinniú Mullaigh na Háige | Téacs Oifigiúil ECAT
(17) ()    An Afraic Theas, an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an Chasacstáin, an Ghraonlainn, an Iorua, an Namaib, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an tSaimbia, an tSeirbia, an tSile, an Úcráin, agus an Úisbéiceastáin.
(18) ()    Mar shampla, tá méadú tagtha ar allmhairí amhábhar criticiúil ón gCasacstáin ó thaobh méide de (ó 32 153,3 tonna go 673 982,9 tonna) agus ó thaobh luacha de (ó EUR 188 milliún go EUR 662 mhilliún) araon le linn na tréimhse 2000 – 2024. I gcás Cheanada go háirithe, tháinig méadú ar allmhairí iomlána d’amhábhair chriticiúla áirithe san Aontas idir an tréimhse roimh an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) (2012-2016) agus an tréimhse tar éis CETA (2017-2023). Maidir le hallmhairí a tháinig isteach san Aontas, tháinig méadú 11 % ar allmhairí litiam, méadú 33 % ar ghraifít, méadú 28 % ar mhangainéis, agus méadú 24 % ar dhúile tearc-chré.
(19) ()     https://cordis.europa.eu/programme/id/HORIZON_HORIZON‑CL4-INDUSTRY-2025-01-MATERIALS-64  
(20) ()     Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH).
(21) ()    Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí, só-ghineacha, nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ar an láthair oibre.
(22) ()     https://pact‑for-skills.ec.europa.eu/document/download/9a32c1f7-66e4-4af9-86db-df5a25856db7_en  
(23) ()     https://eitrawmaterials.eu/rawmaterials-academy  
(24) ()    MC GOVERN, L., TAPOGLOU, E. and GEORGAKAKI, A., Material streams from wind energy decommissioning to 2050 [Sreafaí ábhar ón díchoimisiúnú fuinnimh gaoithe go dtí 2050], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2760/0326924, JRC139814.
(25) ()    Cinneadh Tarmligthe (AE) 2025/934 ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/CE a mhéid a bhaineann le nuashonrú ar an liosta dramhaíola i ndáil le dramhaíl a bhaineann le ceallraí.
(26) ()     Ardán an Aontais Eorpaigh um Fhuinneamh agus Amhábhair - Sásra um Amhábhair
(27) ()    Tá líon leordhóthanach tionscadal ar thaobh an tsoláthair le sonrú ar phríomh-shaintréithe na margaí leachtacha amhábhar criticiúil, mar sin is féidir ionstraimí margadhbhunaithe amhail ceantanna a úsáid chun praghas iomaíoch a chinneadh (e.g., litiam). Níl i margaí neamhleachtacha ach aon soláthróir amháin nó fíorbheagán soláthróirí (e.g. gailliam nó gearmáiniam).
(28) ()     Treoir 2014/23/AE maidir le Lamháltais, Treoir 2014/24/AE maidir leis an Soláthar Poiblí, agus Treoir 2014/25/AE maidir le Fóntais
(29) ()    Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha poiblí, soláthair phoiblí agus seirbhíse poiblí ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta nó na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE.
(30) ()    COM (2025) 528 final.
(31) ()    Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh).
(32) ()     https://g7.canada.ca/en/news-and-media/news/roadmap-to-promote-standards-based-markets-for-critical-minerals
(33) ()    Cuir isteach tagairt
(34) ()    An Afraic Theas, an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an Chasacstáin, an Ghraonlainn, an Iorua, an Namaib, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Ruanda, an tSaimbia, an tSeirbia, an tSile, an Úcráin, agus an Úisbéiceastáin.
(35) ()     https://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2025/11/22/g20-johannesburg-leaders-declaration/  
Top