Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0802

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN DigitalJustice@2030

COM/2025/802 final

An Bhruiséil,20.11.2025

COM(2025) 802 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

DigitalJustice@2030


CeartasDigiteach@2030

Beidh iomaíochas an Aontais ag brath níos mó agus níos mó ar dhigitiú na n-earnálacha uile, rud a spreagfaidh infheistíocht 1 . Beidh digitiú agus úsáid na hintleachta saorga (IS) fíor-riachtanach do chumas na n-údarás poiblí seirbhísí poiblí ardcháilíochta a sholáthar, go háirithe i réimse an cheartais freisin. Tá Deacáid Dhigiteach na hEorpa faoi lán seoil leis an uaillmhian go mbeidh na príomhsheirbhísí poiblí uile atá ag an Aontas ar fáil ar líne faoi 2030. Is é is aidhm dó ar dheireadh thiar éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí a mhéadú trína ndéanamh digiteach mar réamhshocrú, rud a spreagfaidh táirgiúlacht 2 .

Is mó seans go n-infheisteoidh gnólachtaí i dtíortha ina bhfuil na córais cheartais éifeachtach, ina ráthaítear rochtain ar cheartas, ina bhfuil cáilíocht an cheartais ard, agus ina n-áirithítear trédhearcacht. Ciallaíonn seachadadh éifeachtúil an cheartais freisin gur lú iad na costais dlíthíochta do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Ina ionad sin, is féidir na hacmhainní sin a úsáid chun críoch infheistíochta agus chun críoch eile níos táirgiúla. Tá sé sin níos soiléire fós i gcásanna trasteorann inar féidir le huirlisí digiteacha an t-ualach riaracháin a laghdú go mór, moilleanna a íoslaghdú, agus deireadh a chur le bacainní teanga le feidhmchláir atá bunaithe ar an intleacht shaorga, amhail tiontú cainte go téacs agus tras-scríobh na cainte sin, meaisínaistriúchán, as a n-eascraíonn coigilteas costais.

Meastar freisin go mbeidh córais cheartais dhigitithe níos athléimní tráth géarchéime. Léiríodh é sin le linn phaindéim COVID-19. D’fhéadfadh méadú teacht ar cháilíocht an cheartais freisin toisc gur féidir le gairmithe ceartais díriú níos mó ar a bpríomhchúram maidir leis an gceartas a sholáthar. D’fhéadfadh digitiú na gcóras ceartais rochtain níos tapúla agus níos simplí ar cheartas a sholáthar, rud a thabharfadh níos gaire do dhaoine é 3 . Mar shampla, is féidir le huirlisí digiteacha rochtain thapa a thabhairt ar chúirteanna trí fhíschomhdháil, gan beann ar an achar ó sheomra cúirte. Trí rochtain ar líne a bheith acu ar cháschomhaid, méadaítear trédhearcacht freisin toisc gur féidir le daoine aonair, le gnólachtaí agus le hionadaithe dlíthiúla imeachtaí breithiúnacha a leanúint ar bhealach níos éasca 4 .

Ba gharsprioc i ndáil leis sin é glacadh an Rialacháin maidir le Digitiú 5 in 2023. I 24 nós imeachta breithiúnacha sibhialta, tráchtála agus coiriúla trasteorann, sainordaítear leis an rialachán úsáid a bhaint as cumarsáid dhigiteach. Leis an Rialachán maidir le Digitiú, soláthraítear creat dlíthiúil de chuid an Aontais freisin maidir le físchomhdháil a úsáid chun éisteachtaí cianda a reáchtáil in ábhair dlí shibhialta agus in ábhair dlí choiriúil áirithe.

Ní mór don Choimisiún sraith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh idir 2026 agus 2029 chun cuidiú leis na Ballstáit a gcórais TF náisiúnta a oiriúnú agus idir-inoibritheacht a áirithiú mar a cheanglaítear leis an Rialachán maidir le Digitiú. Beidh Pointe Rochtana Leictreonach Eorpach oibríochtúil ó 2028 ar aghaidh inar féidir le húsáideoirí éilimh áirithe a thaisceadh agus deimhnithe agus fianuithe a iarraidh 6 . Ba cheart córas TF díláraithe a bheith oibríochtúil le haghaidh na nósanna imeachta uile a thagann faoi raon feidhme an rialacháin faoi thús 2031. Tá gá le hiarracht chomhordaithe leanúnach ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit chun an Rialachán maidir le Digitiú a chur chun feidhme go tráthúil chomh maith leis na córais TF dhíláraithe eile a bunaíodh le déanaí faoi chúig ghníomh dlí eile a bhaineann leis an gceartas 7 .

Is féidir leis an digitiú rannchuidiú freisin leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta san Aontas. Is féidir le hoifigí ionchúisimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta uirlisí digiteacha a úsáid chun dlús mór a chur leis an gcumarsáid agus chun comhoibriú ar bhealach níos éifeachtúla sa chomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann. Ar an gcaoi chéanna, is féidir le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais 8 atá i gceannas ar choireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó ar thacaíocht a thabhairt do sheirbhísí ionchúisimh náisiúnta tairbhiú den digitiú, trí úsáid a bhaint as uirlisí chun faisnéis a chomhroinnt níos tapúla, agus as uirlisí chun tacú le húdaráis inniúla náisiúnta.

Agus gnóthachain éifeachtúlachta an digitithe á mbaint amach, ní mór na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú freisin. Agus uirlisí digiteacha á n-úsáid i gcúrsaí ceartais, ní mór an smacht reachta agus cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i reachtaíocht thánaisteach ábhartha an Aontais 9 . Ina theannta sin, sonraítear sa Ghnímh um an Intleacht Shaorga 10 nach bhféadfar ach córais IS nach ndéanann díobháil do chearta bunúsacha a úsáid. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ar an gceartas ar bhonn comhionann ag gach duine 11 a bhfuil cónaí orthu san AE, ba cheart bealaí neamhdhigiteacha chun rochtain a fháil ar cheartas a bheith ar fáil i gcónaí.

D’fhéadfadh córais cheartais níos digitithe a bheith leochaileach do sháruithe ar shonraí pearsanta agus do chibirionsaithe freisin. Cé go mbaineann leochaileachtaí eile le córais pháipéarbhunaithe, amhail comhroinnt theoranta agus deacrachtaí iad a thabhairt cothrom le dáta, ní mór aird ar leith a thabhairt ar phríobháideachas agus slándáil sonraí. Is píosaí bunúsacha de reachtaíocht an Aontais iad an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 12 agus an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i Réimse Fhorfheidhmiú an Dlí 13 arb é is aidhm dóibh daoine a chosaint ar na rioscaí sin, trí bhearta bainistithe riosca agus trí thuairisciú ar theagmhais. Le Gníomh an Aontais um Chibearshlándáil 14 , ardaítear freisin leibhéal cibearshlándála na dtáirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide san Aontas, lena n-áirítear le haghaidh táirgí a úsáidtear in earnáil an cheartais.

D’fhéadfadh infheistíocht mhór roimh ré a bheith i gceist le haistriú digiteach na gcóras ceartais náisiúnta a chistiú, ach déanfar na costais ghaolmhara a amúchadh le himeacht ama toisc go mbeidh coigilteas mar thoradh ar ghnóthachain éifeachtúlachta. Cé nach féidir le cistí an Aontais na costais tosaigh uile a chumhdach, is féidir leo tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar d’infheistíochtaí saincheaptha faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair agus d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe de réir pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí nuair a chuirfear tús leis an gcéad CAI eile 15 . Ina theannta sin, is féidir leo tionchar giarála ar bhuiséid náisiúnta a chruthú freisin 16 .

Beidh sé ríthábhachtach scileanna digiteacha gairmithe ceartais a neartú chun tairbhiú den digitiú agus chun leas a bhaint as ardteicneolaíochtaí mar spreagadh d’iomaíochas an Aontais 17 . Is é sin an fáth ar glacadh CeartasDigiteach@2030 in éineacht leis an Straitéis Eorpach nua um Oiliúint Bhreithiúnach 18 (2025-2030), lena ndírítear ar an digitiú, rud a chruthaíonn an timpeallacht thacúil is gá chun í a thabhairt chun fíre.

Tá an t-iomaíochas chun tosaigh agus i gcroílár shainordú an Choimisiúin sin 19 . Ní mór don Aontas dul níos tapúla agus níos faide chun an t-iomaíochas, an rathúnas agus an chothroime a áirithiú 20 . Tacaíonn an Chomhairle leis an seasamh sin agus iarrann sí go ndéanfaí gníomhaíocht chinntitheach chun borradh a chur faoin iomaíochas 21 . Cuireann CeartasDigiteach@2030 leis na spriocanna beartais sin agus déanann sé gníomhaíochtaí coincréiteacha de na tosaíochtaí a leag an Chomhairle síos sa Straitéis Eorpach don r-Cheartas 2024-2028, 22 agus sna conclúidí ón gComhairle maidir le húsáid IS sa cheartas 23 .

Cuireann CeartasDigiteach@2030 leis an bplé leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara sna Fóraim Ardleibhéil maidir le Ceartas le haghaidh Fáis agus maidir le Todhchaí Cheartas Coiriúil an Aontais, agus tionscnaimh maidir le digitiú á gcur i dtábhacht, ar tionscnaimh iad ar tacaíodh go forleathan leo 24 agus atá beartaithe chun glacadh teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear IS, i gcórais cheartais a mhéadú faoi 2030.

1.Mapáil a dhéanamh ar dhul chun cinn dhigitiú náisiúnta an cheartais agus ar mhalartú dea-chleachtas

Léirítear i Scórchlár Ceartais AE 2025 25 go bhfuil dul chun cinn míchothrom á dhéanamh ag na Ballstáit maidir le digitiú a gcóras ceartais náisiúnta. Ní mar a chéile na cúiseanna atá leis na difríochtaí sin ó Bhallstát go Ballstát ach áirítear leo infhaighteacht acmhainní daonna agus airgeadais chomh maith le tosaíochtaí polaitiúla éagsúla.

Cé go soláthraítear le Scórchlár Ceartais AE roinnt sonraí maidir le leibhéal digitithe na gcóras ceartais náisiúnta sna Ballstáit, ní thugtar aon forbhreathnú ann ar thionscnaimh ná ar uirlisí náisiúnta. Tá na huirlisí TF agus na caighdeáin sonraí chéanna nó chomhchosúla de dhíth ar na Ballstáit chun digitiú a dhéanamh ar chleachtais is coiteann do na córais cheartais náisiúnta uile. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag Ballstáit ar spéis leo réitigh atá éifeachtach i mBallstáit eile a úsáid rochtain a fháil ar an bhfaisnéis.

Chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin, thosaigh an Coimisiún, in éineacht leis an gComhairle, ar thionscnaimh agus uirlisí náisiúnta ábhartha a mhapáil. Tugann na sonraí forbhreathnú tosaigh ar dhigitiú na gcóras ceartais san Aontas. Forbrófar sásra níos buaine, ‘stóras beo’, ar an mbonn sin chun faisnéis a bhailiú agus chun dea-chleachtais a mhalartú. Déanfar an stóras a óstáil ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas 26 . Dá n-úsáidfí struchtúr agus leagan amach na Tairsí, bheadh na Ballstáit in ann nuashonruithe a dhéanamh go héasca nuair is gá, agus is é is aidhm don eolas atá ar an Tairseach ualaí riaracháin a íoslaghdú.

Is é is aidhm dó go sainaithneoidh na Ballstáit réitigh mhaithe in úsáid a bhféadfadh a gcur chun feidhme níos leithne a bheith mar thoradh orthu agus idir-inoibritheacht trasteorann a chothú. Eagróidh an Coimisiún, i gcomhar leis an gComhairle, malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát. Tá go leor samplaí de dhea-chleachtais dhigiteacha san Aontas a chuireann feabhas ar cháilíocht an cheartais, agus a sholáthraíonn rochtain níos fearr, agus níos mó trédhearcachta dóibh siúd atá faoi réir na gcóras ceartais agus a oibríonn laistigh díobh. Mar shampla, san Eastóin, tá gach seirbhís phoiblí ar fáil ar líne. Tá go leor uirlisí digiteacha ag a gcóras ceartais ach tá an ríomhchomhad i gcroílár an chórais. Soláthraítear leis an ríomhchomhad sin sonraí do chórais faisnéise na gcúirteanna agus tá sé idir-inoibritheach le córais faisnéise forfheidhmithe dlí. Is féidir gach cumarsáid idir páirtithe i gcásanna sibhialta a phróiseáil go leictreonach, lena n-áirítear toghairm, miontuairiscí éisteachtaí agus cinntí a chruthú agus a sheoladh - agus is féidir le gach páirtí imeachtaí a leanúint go leictreonach. Mheas an Eastóin gur laghdaigh úsáid na n-uirlisí digiteacha sin meánfhad na n-imeachtaí cúirte sibhialta ó 156 lá go 99 lá 27 .

Beidh na sonraí a bhaileofar mar bhonn freisin don bhosca uirlisí TF atá beartaithe (féach gníomhaíocht 3) agus cuideoidh siad le linn garspriocanna agus spriocanna infheistíochta agus athchóirithe a shocrú le haghaidh bearta cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann faoin gcéad CAI eile atá beartaithe 28 .

Gníomhaíocht 1: Cruthóidh an Coimisiún stóras beo d’uirlisí digiteacha, go háirithe IS, a úsáidtear sa cheartas ar fud an Aontais, a bheidh ar fáil ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas faoi dheireadh 2026.

Gníomhaíocht 2: Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát maidir le huirlisí digiteacha, go háirithe IS, a úsáidtear sa cheartas.

2.Bosca uirlisí TF le haghaidh an cheartais

Leis an obair chun na huirlisí digiteacha atá ar fáil faoi láthair sna Ballstáit a mhapáil, léiríodh go bhfuil riachtanais chomhionanna nó chomhchosúla ag na Ballstáit agus gur mian leo réitigh chomhchosúla a fhorbairt. Tá uirlisí IS in úsáid go rathúil ag roinnt Ballstát cheana féin agus d’fhéadfadh na réitigh sin dul chun tairbhe do Bhallstáit eile. Mar shampla, úsáidtear arduirlisí aitheanta cainte IS chun caint a thiontú go téacs agus éisteachtaí a thras-scríobh i roinnt Ballstát, trína spáráiltear am soiléir. Tá Ballstáit eile ag úsáid anótáil uathoibrithe agus tuairisc inneachair ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha eile, agus tá tús curtha ag roinnt Ballstát le samhlacha teanga móra a úsáid chun anailís a dhéanamh ar bhreithiúnais agus chun doiciméid dlí a dhréachtú. Mar sin féin, i gcás fhormhór na mBallstát, tá sé beartaithe uirlisí IS amháin a úsáid. Dá bhrí sin, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt maidir le húsáid uirlisí IS i gcórais cheartais náisiúnta chun ‘bosca uirlisí um cheartais IS’ comhroinnte a chruthú agus a oibriú 29 .

Cé go bhféadfadh comhchuibhiú iomlán ar fud an Aontais ar réitigh cheartais dhigitigh i gcórais náisiúnta a bheith ina bhac ar nuálaíocht shláintiúil, is laige i dtéarmaí costas agus éifeachtúlachta é leibhéal reatha na hilroinnte agus na heaspa caighdeánaithe. Mar shampla, níl sé riachtanach ná éifeachtúil do na Ballstáit 27 gcóras bogearraí éagsúla a chur chun feidhme chun taighde dlí a dhéanamh sna cúirteanna.

Tá sé d’aidhm ag an mbosca uirlisí coigilteas costais a bhaint amach agus bacainní ar chur chun feidhme a laghdú trí shraith uirlisí TF a sholáthar do na Ballstáit. Is leathnú nádúrtha ar an mapáil é an bosca uirlisí, a bhfuil sé de cuspóir aige ní hamháin réitigh TF a chomhroinnt ach cuidiú leis na Ballstáit a gcórais cheartais a dhigitiú sa chleachtas freisin. Trí úsáid a bhaint as uirlisí a d’fhorbair agus a thástáil tíortha eile cheana féin, ní gá do na Ballstáit tosú ón tús chun uirlis nua a chruthú, rud a spárálann am agus airgead araon. D’fhéadfadh cur chun feidhme uirlisí rathúla i roinnt Ballstát cuidiú le caighdeáin choiteanna a athúsáid agus cabhrú le hidir-inoibritheacht.

Cruthóidh an Coimisiún an bosca uirlisí sin chun cuidiú leis na Ballstáit dlús a chur lena leibhéal digitithe agus coigilteas costais a ghiniúint. Áireofar sa bhosca uirlisí uirlisí IS chomh maith le haon uirlisí TF ábhartha eile lena n-úsáid i gcórais cheartais. Déanfar é a óstáil ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach 30 a bunaíodh leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach 31 chun comhroinnt uirlisí, caighdeán sonraí agus treorach a éascú. Is faoi gach Ballstát a bheidh sé a chinneadh cé na huirlisí ba mhaith leo a chomhroinnt agus a mhéid a roinnfidh siad iad.

Gníomhaíocht 3: Cruthóidh an Coimisiún an bosca uirlisí TF faoi dheireadh 2026 agus cuirfidh sé a úsáid chun cinn.

3.An intleacht shaorga i gcórais cheartais

Tá úsáid éifeachtach IS i gcórais cheartais mar chuid den sprioc chun an tAontas a chur ar thús cadhnaíochta i réabhlóid IS, mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga 32 . Dírítear i Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga 33 ar leas a bhaint as acmhainneacht chlaochlaitheach IS, ar dhlús a chur le glacadh IS ar fud na n-earnálacha uile chun feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an bhfás eacnamaíoch agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Chun úsáid IS sa cheartas a chur chun cinn agus dlús a chur léi, braitheann Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga ar ghníomhaíochtaí coincréiteacha sa straitéis CeartasDigiteach@2030 seo.

Tá acmhainneacht ollmhór ag IS i réimse an cheartais agus d’fhéadfadh gnóthachain mhóra éifeachtúlachta a bheith mar thoradh air. Mar shampla, sa Ghearmáin, cuidíonn an cúntóir IS OLGA le breithiúna achomhairc a phróiseáil in ollimeachtaí 34 tar éis chás Dieselgate 35 . Scrúdaíonn OLGA breithiúnais chéadchéime agus asbhaineann sí paraiméadair amhail an cineál feithicle agus innill, an caighdeán sceite agus na cúiseanna atá leis an aisghairm. Bunaithe ar na paraiméadair sin, déanann an uirlis cásanna comhchosúla a ghrúpáil le chéile go huathoibríoch agus líonann sí isteach teimpléid aonair arna ndearadh ag na breithiúna. Le húsáid OLGA, cumasaíodh sceidealú cliste a dhéanamh ar chásanna lenar bhain na hionadaithe gearánaí céanna, mar shampla, rud a d’fhág go raibh an chúirt in ann laethanta cruinnithe an-éifeachtach a thionól 36 . Leis an uirlis sin, rinneadh breithiúna a scaoileadh ó chúraimí an-atriallacha, rud a chuir ar a gcumas dóibh díriú ar a bpríomhobair ina ionad sin. Mar sin féin, níos tábhachtaí fós, ní chuireann an córas isteach ar an gcinnteoireacht toisc go ndéanann breithiúna na cinntí maidir le gach cás i gcónaí tar éis dóibh na fíricí a sheiceáil. Tuairiscíonn Aireacht Dlí agus Cirt agus Imirce Baden-Württemberg 37 go bhfuil sé níos éasca cásanna a láimhseáil agus go bhfuil laghdú mór tagtha ar an am a thógann sé iad a phróiseáil mar gheall ar úsáid OLGA. Go deimhin, gan OLGA, thógfadh sé roinnt mhaith blianta na cásanna a phróiseáil leis an bhfoireann atá ann faoi láthair. Tháinig an breitheamh atá freagrach as tionscadal OLGA ag Ard-Chúirt Réigiúnach Stuttgart ar an gconclúid seo a leanas: ‘tá an lá a ndéantar lámhphróiseáil ar ollimeachtaí thart’ 38 .

Mar sin féin, tá rioscaí do chearta bunúsacha ag baint le húsáid IS i gcórais cheartais freisin agus ní mór na rioscaí sin a mhaolú. Níor cheart d’uirlisí IS ach tacú leis na breithiúna ina gcinnteoireacht, agus níor cheart na huirlisí sin a chur in ionad na mbreithiúna riamh 39 . Le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga 40 , déantar úsáidí áirithe IS a aicmiú mar úsáidí ardriosca. Mar phrionsabal, meastar go bhfuil ardriosca ag baint le córais IS atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach chun cuidiú le taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar coincréiteach fíoras. Dá bhrí sin, tá ceanglais dhiana i bhfeidhm. Córais IS atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin nach ndéanann difear don chinnteoireacht iarbhír i gcásanna aonair, amhail bréagainmniú cinntí breithiúnacha, doiciméad nó sonraí, ní mheastar go bhfuil ardriosca ag baint leo. Mar sin féin, tá siad faoi réir ceanglais trédhearcachta.

Chun tacú le cur chun feidhme sábháilte IS i gcórais cheartais, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún acmhainneacht IS i réimse an cheartais a fhiosrú agus cuidiú leis na Ballstáit an Gníomh um an Intleacht Shaorga a chur chun feidhme 41 . Tá an Coimisiún tiomanta a bheith in éineacht leis na Ballstáit ar a n-aistear IS a cur chun feidhme. Ba é an chéad chéim an treoir maidir le cleachtais IS atá toirmiscthe a ghlacadh i mí Feabhra 20255 42 . Is é an chéad chéim eile an treoir ghinearálta maidir le córais IS ardriosca faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe lena fhoilsiú i mí Feabhra 2026 a thabhairt chun críche. Tá sé ríthábhachtach uirlisí IS ardriosca a úsáid i gcórais cheartais agus cuideoidh sé leis na treoirlínte sin a mhúnlú. Molann CeartasDigiteach@2030 freisin a sheiceáil an bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth ar na Ballstáit chun uirlisí IS a úsáid go héifeachtach i gcórais cheartais agus an bhfuil údar le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais.

Tá fonn ar na Ballstáit córais IS a úsáid sa cheartas chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun riaráistí a laghdú 43 . Tá roinnt beart a thacaíonn le húsáid IS i gcórais cheartais leagtha amach in CeartasDigiteach@2030. Tá an bosca uirlisí TF ceaptha chun glacadh uirlisí IS a éascú agus a luathú (gníomhaíocht 3). Tá cistiú ón Aontas ar fáil do thionscadail a bhaineann le húsáid IS i gcórais cheartais (gníomhaíochtaí 11 agus 12), agus déanfar faireachán ar ghlacadh IS trí uirlisí TF a mhapáil (gníomhaíocht 1). Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na húdaráis náisiúnta trí phlé a dhéanamh agus cuidiú leo lena gcinntí maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart dóibh uirlisí IS a úsáid, agus cad chuige ar cheart iad a úsáid, chomh maith le conas é sin a dhéanamh ar bhealach a mhéadóidh éifeachtúlacht mar atá beartaithe - le treoirlínte tiomnaithe b’fhéidir 44 .

Ar leibhéal an Aontais, smaoiníonn gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile ar an intleacht shaorga a úsáid ina gcuid oibre oibríochtúla agus d’fhéadfadh sé go mbeadh uirlisí nua IS á dtástáil acu. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na forbairtí sin.

Gníomhaíocht 4: Déanfaidh an Coimisiún mionsaothrú ar úsáid córas IS ardriosca sa cheartas, go háirithe trí threoirlínte ábhartha a shainiú faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga faoi mhí Feabhra 2026, le hionchur ón bpobal ceartais.

Gníomhaíocht 5: Sainaithneoidh an Coimisiún in éineacht leis na Ballstáit, go háirithe i Meitheal na Comhairle um r-Cheartas, agus réimsí páirtithe leasmhara ábhartha eile inar féidir leis an Aontas tacú leo agus iad ag glacadh leis an intleacht shaorga sa cheartas, b’fhéidir le treoirlínte tiomnaithe maidir le cé acu a d’fhéadfaidís nó nach bhféadfaidís uirlisí IS a úsáid, cad chuige a n-úsáidfí iad, agus conas a d'fhéadfadh siad iad a úsáid.

4.Spás Sonraí Dlíthiúla Eorpach

Tá lear mór eolais go héasca ag daoine aonair agus gairmithe i go leor réimsí. Ní hamhlaidh atá i gcás doiciméid dhlíthiúla agus sonraí, nach mbíonn ar fáil ar líne go minic, rud a chiallaíonn go bhfuil níos lú inrochtaineachta agus trédhearcachta sa réimse sin. Faoi láthair, is féidir rochtain a fháil ar shonraí dlíthiúla ar líne ar bhealaí éagsúla, agus an tAontas á n-éascú agus ag tacú leo. Is é is aidhm don Spás Sonraí Dlíthiúla Eorpach na sonraí sin uile a thabhairt le chéile in aon áit amháin:

·EUR-Lex le haghaidh rochtain ar reachtaíocht bharántúil an Aontais i 24 theanga, ar chásdlí an Aontais, ar bhearta náisiúnta trasuite agus ar roinnt cásdlí náisiúnta lena ngabhann feidhmeanna cuardaigh agus anailíse.

·N-Lex le haghaidh rochtain ar bhunachair sonraí dlí náisiúnta na mBallstát.

·an Tairseach Eorpach don r-Cheartas chun faisnéis a fháil ar chórais cheartais agus ar rochtain ar cheartas san Aontas, chomh maith le rochtain ar chásdlí an Aontais agus ar chásdlí náisiúnta.

·oibríonn roinnt Ballstát a n-ardáin féin.

Tá go leor buntáistí ag baint le rochtain éasca a bheith ann ar reachtaíocht agus ar chásdlí is infheidhme atá cothrom le dáta, ní hamháin ar leibhéal an Aontais, ach i ngach Ballstát freisin. Samhlaigh breitheamh de chuid na Polainne nach mór dó dlí na hIodáile a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le díospóid idir cuideachta de chuid na Polainne agus cuideachta de chuid na hIodáile. Áirítear sa chonradh idir an dá chuideachta clásal maidir le rogha an dlí is infheidhme (an dlí rialaitheach) lena sonraítear go bhfuil feidhm ag dlí na hIodáile 45 Ós rud é gur thug an gnólacht de chuid na Polainne an cás os comhair cúirt sa Pholainn 46 , déanfaidh an breitheamh, ar breitheamh de chuid na Polainne é, cinneadh maidir leis an díospóid bunaithe ar dhlí na hIodáile agus beidh rochtain ar reachtaíocht agus ar chásdlí gaolmhar uile na hIodáile de dhíth air. Mura mbíonn siad sin ar fáil ar líne, bíonn sé níos deacra fós do ghairmithe ceartais i gcásanna trasteorann dlí eachtrach a aimsiú, a thuiscint, a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm maidir le cás atá ar feitheamh 47 . D’fhéadfadh moilleanna móra a bheith mar thoradh air sin, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar an gceartas a sheachadadh agus an bonn a bhaint den fhás eacnamaíoch agus den iomaíochas. Tá sé deacair go leor do ghairmithe ceartais dlíthe eachtracha a chur i bhfeidhm nár cuireadh oiliúint orthu ina leith, gan bheith ag streachailt freisin chun na doiciméid is gá a aimsiú.

Chomh maith le cuidiú le gairmithe ceartais i gcásanna trasteorann, cuidíonn trédhearcacht níos fearr freisin le muinín an phobail as an gcóras ceartais a mhéadú. Tá rochtain ar fhaisnéis maidir leis an dlí, an cásdlí agus an léirmhíniú breithiúnach ar fhorálacha dlí tábhachtach chun an ceart rochtana ar cheartas a fheidhmiú 48 .

Is é sin an fáth, ar bhonn Straitéis Eorpach maidir le Sonraí 2020, 49 ar cuireadh Spás Sonraí Dlíthiúla Eorpach i bhfeidhm chun leas a bhaint as luach na sonraí chun tairbhí níos leithne a sholáthar do gheilleagar agus do shochaí an Aontais. Is é is aidhm dó sonraí atá inrochtana, in-athúsáidte agus inchuardaithe go héasca a chur ar fáil le haghaidh reachtaíochta agus cásdlí ar fud an Aontais. Ní hamháin go gcuireann an Spás Sonraí Dlíthiúla Eorpach sonraí ar fáil chun cuidiú le gairmithe ceartais ina gcuid oibre. Cuirfidh sé rochtain ar shonraí breithiúnacha ar fáil de réir a chéile freisin, atá oiriúnach chun oiliúint a chur ar chórais IS, agus ar an gcaoi sin tacófar le cuideachtaí teicneolaíochta dlíthiúla uirlisí nuálacha IS a fhorbairt atá oiriúnaithe do réimse an cheartais. Tá cáilíocht na sonraí oiliúna mar chuid ríthábhachtach d’uirlisí IS dea-fheidhmiúla. Is ansin is féidir leis an Spás Sonraí Dlíthiúla Eorpach cuidiú leis an nuálaíocht, i.e. trí rochtain a sholáthar ar ábhar dlíthiúil in-íoslódáilte, ardcháilíochta, ardéilimh agus ábhartha. Tá na sonraí atá ar fáil ar EUR-Lex le haghaidh dhoiciméid dlí an Aontais Eorpaigh i gcroílár na hoibre sin.

Tá comhchaighdeáin ríthábhachtach chun Spás Sonraí Dlíthiúla Eorpach a chur ag obair, agus chun idir-inoibritheacht sonraí dlíthiúla agus breithiúnacha a áirithiú, go háirithe an tAitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) 50 agus an tAitheantóir Cásdlí Eorpaigh (ECLI) 51 . Chun rochtain a fháil ar reachtaíocht agus ar chásdlí, ní mór na doiciméid ábhartha uile a bheith sainaitheanta i gceart, inléite ag meaisín agus inchuardaithe ar líne. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go nglacfaidh na Ballstáit uile ELI agus ECLI a luaithe is féidir 52 . Tá caighdeán ELI in úsáid anois ag 19 mBallstát, agus tá ELI glactha ag seacht gcinn díobh ó bhí 2024 ann. Tá ECLI curtha chun feidhme go páirteach in 21 Bhallstát, i bhformhór na gcásanna ag líon teoranta cúirteanna amháin. Tá 17 gcinn de na Ballstáit a ghlac caighdeán ECLI nasctha le hinneall cuardaigh ECLI ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Cé go leantar den obair ar N-Lex agus ar an tairseach Eorpach don r-Cheartais agus ar na hinnill chuardaigh dlí agus cásdlí a bhaineann leo, ba cheart sonraí breithiúnacha atá inrochtana, in-athúsáidte agus inchuardaithe go héasca ag gach gairmí ceartais, daoine aonair agus cuideachtaí teicneolaíochta dlíthiúla a bheith mar thoradh ar na gníomhaíochtaí in CeartasDigiteach@2030. Tá an Coimisiún tiomanta do chur chun feidhme iomlán ELI agus ECLI, ag tacú leis na Ballstáit ar bhealaí éagsúla. D’fhéadfaí cistiú ón Aontas faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus cúnamh teicniúil breise faoin CAI a bheidh ann amach anseo a úsáid chun ELI agus ECLI a chur chun feidhme.

I Straitéis um Aontas Sonraí Eorpach, 53 d’fhógair an Coimisiún go molfaidh sé an liosta de thacair sonraí ardluacha a leathnú in 2026 54 chun sonraí dlíthiúla a chumhdach freisin, a mbeidh cáilíocht agus inrochtaineacht fheabhsaithe i gceist leo. Ní mór tacair sonraí ardluacha a chur ar fáil gan bhacainn i bhformáidí meaisín-inléite agus trí chomhéadan feidhmchláir caighdeánaithe. I gcás inarb ábhartha, ba cheart tacair sonraí ardluacha a bheith ar fáil mar oll-íoslódáil. Trí liosta na dtacar sonraí ardluacha a leathnú, cuirfear níos mó sonraí ar fáil do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhorbróirí IS trí bhacainní rochtana ar shonraí a ísliú.

Gníomhaíocht 6: Tacóidh an Coimisiún agus Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh le glacadh iomlán ELI agus ECLI. I gcás ECLI, a áirithiú go sannfar ECLI do gach cásdlí i ngach Ballstát faoi 2030 agus gur féidir teacht air go héasca ar inneall cuardaigh ECLI ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Is é an chéad chéim ECLI a shannadh do gach cinneadh cúirte nua i ngach cúirt. Is é an dara céim an cásdlí atá ann cheana a chomhtháthú. I gcás ELI, a chinntiú go sannfar ELI do gach píosa reachtaíochta i ngach Ballstát faoi 2030, rud a bheidh le fáil go héasca ar inneall cuardaigh ELI.

Gníomhaíocht 7: Tacóidh an Coimisiún agus Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh le feidhmchláir teicneolaíochta dlíthiúla a fhorbairt, lena n-áirítear uirlisí IS le haghaidh an cheartais trí infhaighteacht agus ath-inúsáidteacht sonraí dlíthiúla agus breithiúnacha a fheabhsú (lena n-áirítear cásdlí agus reachtaíocht).

5.Físchomhdháil

Mar gheall ar phaindéim COVID-19, bhí ar chodanna móra den lucht saothair (lena n-áirítear na breithiúna) dul in oiriúint don staid nua: tháinig úsáid físchomhdhála chun bheith ina réiteach inmharthana i go leor cásanna chun leanúnachas an cheartais a áirithiú. Cé go raibh físchomhdháil á rialáil agus á húsáid cheana féin faoi 2020, i gcásanna áirithe de chomhar trasteorann an Aontais in ábhair shibhialta agus choiriúla 55 , bhí an bunús dlí in easnamh i gcás go leor nósanna imeachta trasteorann eile. Leis an Rialachán maidir le Digitiú, dúnadh cuid den bhearna sin agus cuirtear bunús dlí ar fáil anois chun éisteachtaí a reáchtáil trí fhíschomhdháil le haghaidh imeachtaí breithiúnacha trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála, agus le haghaidh nósanna imeachta comhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla.

Faoi dhlí an Aontais, is féidir finnéithe, saineolaithe, daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe, chomh maith le híospartaigh na coireachta, a éisteacht trí fhíschomhdháil chun fianaise a bhailiú má tá siad i mBallstát eile 56 . I gcás íospartaigh na coireachta, molann an Coimisiún freisin foráil a chur isteach sa Treoir maidir le Cearta Íospartach maidir le físchomhdháil a úsáid chun rannpháirtíocht chianda íospartach a bhfuil cónaí orthu ar an gcoigríoch in imeachtaí coiriúla a éascú. Tá an togra seo fós faoi chaibidil. Níl aon riail uile-Aontais ann faoi láthair lena rialaítear rannpháirtíocht chianda duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe in éisteachtaí cúirte in imeachtaí coiriúla ó Bhallstát eile chun críoch eile seachas fianaise a bhailiú. Is minic a bhíonn costais mhóra taistil ar dhuine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe mar thoradh ar an gcás sin, agus d’fhéadfadh dúshláin phraiticiúla a bheith ag baint leis, go háirithe do dhaoine leochaileacha. D’fhéadfadh sé freisin go ndéanfaí trialacha in absentia nó go n-éileofaí go n-úsáidfí bearta comhéigneacha an-chunórach amhail Barántas Gabhála Eorpach chun a áirithiú go bhfreastalóidh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe ar an triail.

Aithníodh na breithnithe sin sa mheastóireacht is déanaí ar chur chun feidhme an Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh, 57     ina n-iarrtar ar an gCoimisiún teacht ar réiteach ar leibhéal an Aontais chun rannpháirtíocht daoine cúisithe i dtrialacha trí fhíschomhdháil ó Bhallstát eile a cheadú. Féachann an Coimisiún le haghaidh a thabhairt ar an mbearna sin trí rannpháirtíocht chianda in éisteachtaí cúirte coiriúla duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe ó Bhallstát eile a chumasú trí fhíschomhdháil. Maidir le híospartaigh na coireachta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar rannpháirtíocht chianda freisin, agus toradh na caibidlíochta maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach á chur san áireamh.

Tá dúshláin phraiticiúla áirithe ann nach mór dul i ngleic leo chun a áirithiú go n-éireoidh go réidh le héisteachtaí cianda trí fhíschomhdháil. Mar shampla, is minic a úsáideann na Ballstáit ardáin físchomhdhála éagsúla, nach saincheist ann féin é ach a d’fhéadfadh a bheith ina mbacainn agus éisteacht chianda trasteorann á déanamh acu, toisc nach mbíonn réitigh bogearraí agus chrua-earraí éagsúla idir-inoibritheach i gcónaí. Tá sé sin tábhachtach nuair a eagraítear físchomhdháil idir dhá údarás bhreithiúnacha i mBallstáit éagsúla, mar shampla, chun fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta 58 agus le linn éisteachtaí in ábhair choiriúla.

Cé go bhfuil réitigh ar fáil cheana féin ar fhadhb na hidir-inoibritheachta sin, amhail forlíontáin, breiseáin agus feidhmchláir tríú páirtí, is minic a fhágann na réitigh sin go mbíonn an nasc éagobhsaí agus gur cúis imní iad maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas. Níl aon réiteach físchomhdhála uile-Aontais ann faoi láthair le haghaidh imeachtaí trasteorann i gcúrsaí ceartais. Úsáideann gach Ballstát táirgí réamhdhéanta nó uirlisí a d’fhorbair siad féin. D’fhéadfadh sé sin a bheith iomchuí go leor le haghaidh éisteachtaí intíre ach, i gcásanna trasteorann, fágann easpa idir-inoibritheachta go bhfuil sé deacair, nó fiú dodhéanta, éisteachtaí cianda a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba ghá réiteach a lorg chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin idir-inoibritheachta. Is é sin an fáth a ndéanfaidh an Coimisiún anailís ar roghanna éagsúla chun bacainní ar idir-inoibritheacht a shárú 59 .

Ina theannta sin, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit trí shraith ceanglais theicniúla choiteanna dheonacha a sholáthar le haghaidh físchomhdhála. Cumhdófar leis na ceanglais sin, cuir i gcás, an chaoi le físchomhdháil a dhéanamh, agus an chaoi le bogearraí físchomhdhála atá in úsáid cheana féin a fhorbairt a thuilleadh. Dhéanfaí na ceanglais sin a oiriúnú lena n-úsáid i réimse an cheartais agus sholáthrófaí bonn láidir leo, chun cáilíocht mhaith fuaime agus amhairc a áirithiú i bhfíor-am le haghaidh físchomhdhála sláine agus rúnda le linn imeachtaí breithiúnacha. D’fhéadfadh na Ballstáit na ceanglais sin a úsáid agus nósanna imeachta soláthair nó forbartha breise á reáchtáil acu, mar shampla, agus d’fhéadfaidís coigilteas a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le ceanglais den sórt sin a chur le chéile dóibh féin. Is é is aidhm do na ceanglais theicniúla dheonacha sin idir-inoibritheacht a éascú. Beidh rochtain orthu tríd an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

Gníomhaíocht 8: Molfaidh an Coimisiún ceanglais theicniúla dheonacha uile-Aontais maidir le físchomhdháil faoi dheireadh 2027.

Gníomhaíocht 9: I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le hOrdú Imscrúdaithe Eorpach, féachfaidh an Coimisiún le rannpháirtíocht chianda daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine cúisithe ó Bhallstát eile a chumasú trí fhíschomhdháil, lena n-áirítear na coimircí nós imeachta is gá. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an ngá comhfhreagrach atá le rialacha a chur san áireamh chun rannpháirtíocht chianda íospartaigh na coireachta a éascú chomh maith leis na coimircí is gá, agus toradh na caibidlíochta maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach á chur san áireamh.

Gníomhaíocht 10: Déanfaidh an Coimisiún staidéar ar indéantacht roghanna éagsúla chun saincheisteanna idir-inoibritheachta a shárú maidir le físchomhdháil trasteorann in imeachtaí breithiúnacha faoi dheireadh 2027 agus déanfaidh sé measúnú ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann leis na roghanna sin.

6.Cistiú

Is infheistíocht é córais cheartais náisiúnta a dhigitiú a bhfuil sé d’aidhm aici ceartas níos éifeachtúla a bhaint amach. Déanfar an infheistíocht sin a fhritháireamh de réir a chéile agus ar deireadh, déanfar acmhainní a spáráil. Mar shampla, d’éirigh go maith leis an bhfíschomhdháil a chur i bhfeidhm i seomraí cúirte sa tSeicia. In 2024, reáchtáladh 12 300 éisteacht ar an meán trí fhíschomhdháil. Chosain sé thart ar EUR 8 milliún trealamh agus bogearraí gaolmhara a chur i bhfeidhm i seomraí cúirte, ar tacaíodh leis trí chistiú ón Aontas faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 60 . Leis an bhfíschomhdháil, coiglítear níos mó ná EUR 2,2 milliún in aghaidh na bliana d’údaráis bhreithiúnacha na Seice i gcostais tionlacain iompair agus slándála, i gcúiteamh d’fhinnéithe agus in aisíocaíochtaí taistil d’fhinnéithe – agus leanfar de na coigiltis sin 61 .

Cuirfidh infheistíocht sa digitiú le táirgiúlacht mhéadaithe freisin. I ndeireadh na dála, is é is aidhm d’infheistíocht den sórt sin éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta a mhéadú, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar an bhfás eacnamaíoch. Le codanna áirithe den straitéis CeartasDigiteach@2030 seo, e.g. athúsáid uirlisí TF a spreagadh, ginfear coigilteas do bhuiséid náisiúnta, agus cuirfear feabhas ar idir-inoibritheacht idir na córais cheartais náisiúnta an tráth céanna.

I bhfianaise na mbreithnithe sin, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún cistiú leordhóthanach a chur chun cinn chun IS a fhorbairt agus a úsáid sa cheartas 62 . Cuirtear i bhfios go láidir i Straitéis na Comhairle don r-Cheartas 2024-2028 63 gur cheart do na Ballstáit a bheith in ann cistiú a lorg trí na hionstraimí airgeadais éagsúla a áirítear sa CAI. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain ar mhaoiniú a éascú ar leibhéal an Aontais.

Tacaíonn an tAontas cheana féin leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a gcórais bhreithiúnacha a dhéanamh níos éifeachtúla trí roinnt ionstraimí cistiúcháin, lena saothraítear cuspóirí éagsúla:

·Leis an gClár um Cheartas, tacaítear le tionscadail digitithe trasteorann a fhorbairt ach tá a bhuiséad teoranta. Leagtar béim ar leith leis faoi láthair ar chuidiú leis na Ballstáit an Rialachán maidir le Digitiú a chur chun feidhme 64 .

·Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tacaítear le hathchóirithe agus infheistíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit chun a ngeilleagair agus a sochaithe a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do dhúshláin agus do dheiseanna an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Is é is aidhm do roinnt beart atá sna Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta digitiú chórais cheartais na mBallstát a chur chun cinn. Chuir thart ar leath de na Ballstáit 65 athchóirithe agus infheistíochtaí den sórt sin san áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta. Áirítear ar na tionscadail, cuir i gcás, físchomhdháil, taifeadtaí digiteacha fuaime ar imeachtaí a thabhairt isteach, feabhas a chur ar bhainistiú cásanna, imeachtaí sibhialta agus coiriúla a dhigitiú.

·Leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, tacaítear le hobair an Choimisiúin maidir le comhar breithiúnach trasteorann an Aontais a dhigitiú, go háirithe i gcomhthéacs an Rialacháin maidir le Digitiú. Tacaítear freisin le glacadh ELI sna Ballstáit leis. Úsáidtear é chun sainchomhairleoireacht agus ceardlanna a thairiscint agus chun tacú leis na Ballstáit cloí leis an gcuardach atá bunaithe ar ELI ar N-Lex.

·Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tacaítear leis na Ballstáit trí shaineolas teicniúil saincheaptha a sholáthar. Is féidir é a úsáid chun tacú le tionscadail a bhaineann le digitiú na gcóras ceartais náisiúnta, amhail cásdlí a fhoilsiú, glacadh breise ECLI, próiseáil uathoibrithe lena n-úsáidtear IS, agus físchomhdháil. Teorainn thábhachtach amháin, áfach, is ea nach féidir é a úsáid chun obair forbartha TF iarbhír a mhaoiniú, ná chun bogearraí agus crua-earraí a cheannach 66 . Ba cheart do thionscadail faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil breisluach AE soiléir a sholáthar, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí na torthaí a bhaintear amach i mBallstáit eile a athúsáid.

Faoin gcéad CAI eile,  67 is é is aidhm dó buiséad an Aontais a dhéanamh níos simplí agus níos solúbtha. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí cistiú a chur in oiriúint do thosaíochtaí atá ag athrú agus d’fhorbairtí teicneolaíochta nua. Tá buiséad uaillmhianach, beartasbhunaithe molta ag an gCoimisiún don tréimhse 2028 go 2034. I bhfianaise dul chun cinn neamhleor agus míchothrom maidir le claochlú digiteach an Aontais, 68 sholáthródh an buiséad tacaíocht do dhigitiú na gcóras ceartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais bunaithe ar dhá cholún:

I. Tá córais cheartais dhigitithe níos éifeachtúla agus níos athléimní, ionas go bhféadfadh na Ballstáit a bPleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí 69 a úsáid chun digitiú na gcóras ceartais náisiúnta a chistiú. D’fhéadfaí cistí a úsáid freisin chun na spriocanna a leagtar síos i gclár beartais na Deacáide Digití a bhaint amach, arb é is aidhm dó na príomhsheirbhísí poiblí uile a chur ar fáil ar líne faoi 2030 70 . I gcomparáid leis na hionstraimí maoinithe atá ann faoi láthair, laghdódh na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí an t-ualach riaracháin ar údaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus réigiúnacha 71 . D’fhéadfadh spriocanna náisiúnta chun córais cheartais náisiúnta a dhigitiú a bheith bunaithe ar an mbailiú sonraí i ngníomh 1.

II.Is é is aidhm don togra le haghaidh clár nua um Cheartas rannchuidiú le limistéar Eorpach ceartais atá éifeachtúil, cuimsitheach agus athléimneach a fhorbairt, agus thacódh sé le digitiú an cheartais ar leibhéal an Aontais 72 . Is é is aidhm dá fhócas méadaithe ar an digitiú faoina chuspóirí ginearálta agus sonracha 73 cur chuige níos straitéisí agus níos comhsheasmhaí a áirithiú i leith na saincheisteanna agus na ndúshlán uile a bhaineann le digitiú na gcóras ceartais. Tá méadú mór beartaithe ar an mbuiséad. Leanfaidh an clár atá beartaithe de thacaíocht a thabhairt do chothabháil na n-uirlisí nó na n-ardán TF atá ann cheana agus do bhunú na n-uirlisí nó na n-ardán nua is gá le haghaidh ionstraimí comhair bhreithiúnaigh, 74 lena n-áirítear cuidiú leis na Ballstáit gníomhartha cur chun feidhme a chur i bhfeidhm faoin Rialachán maidir le Digitiú.

Gníomhaíocht 11: Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint de thionscadail agus de ghníomhaíochtaí a chistiú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát faoin gcéad CAI eile tríd an gClár um Cheartas atá beartaithe.

Gníomhaíocht 12: Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún tacú le digitiú na gcóras ceartais náisiúnta faoin gcéad CAI eile, trí na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí.

7.Imeachtaí trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a dhigitiú a thuilleadh

Fiú tar éis chur chun feidhme iomlán an Rialacháin maidir le Digitiú , ní bheifear in ann nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann a chur i gcrích go hiomlán trí mhodhanna digiteacha fós, e.g. cás cúirte ó thús go deireadh. Ní dhéantar foráil sa Rialachán maidir le Digitiú maidir le digitiú cumarsáide le haghaidh gach céim nós imeachta i ngach nós imeachta breithiúnach trasteorann, ná maidir le gach cineál imeachta cúirte a thionscnamh. Mar shampla, i gcás inar bunaíodh dlínse idirnáisiúnta na cúirte, 75 féadfaidh na páirtithe sna himeachtaí cumarsáid leictreonach a dhéanamh leis an gcúirt sin i gcásanna áirithe, 76 ach ní bheidh siad in ann éisteacht chianda a iarraidh ná fianaise i scríbhinn a chur i láthair tríd an bPointe Rochtana Leictreonach Eorpach. Ní bheidh gnólacht in ann fiachas atá faoi chonspóid a aisghabháil go digiteach ó ghnó eile sa chúirt ach oiread má sháraíonn luach an éilimh EUR 5 000, toisc nach féidir an Pointe Rochtana Leictreonach Eorpach a úsáid chun na críche sin agus go bhféadfadh sé nach dtabharfadh córais náisiúnta TF atá ann cheana rochtain do neamhchónaitheoirí.

Dá gcuirfí uirlisí digiteacha ar fáil do dhaoine aonair agus do chuideachtaí chun éilimh a chur isteach nó chun faireachán a dhéanamh ar imeachtaí breithiúnacha agus dul ar aghaidh leo go dtí go dtabharfar an breithiúnas, dhéanfaí an ceartas níos éifeachtúla. Spárálfadh sé am agus airgead do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair freisin in imeachtaí breithiúnacha trasteorann faoin dlí sibhialta agus tráchtála.

D’fhéadfadh sé gurb é an uirlis chun nósanna imeachta breithiúnacha trasteorann a dhigitiú go hiomlán an Pointe Rochtana Leictreonach Eorpach a leathnú chuig gach ábhar sibhialta agus tráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Beidh an Pointe Rochtana Leictreonach Eorpach oibríochtúil ó 2028 ar aghaidh agus d’fhéadfaí pointe rochtana aonair a dhéanamh as ina bhféadfadh daoine aonair agus gnólachtaí nósanna imeachta sibhialta trasteorann a sheoladh agus páirt a ghlacadh iontu. Deis a bheidh san obair chun meastóireacht chuimsitheach an Choimisiúin ar an Rialachán maidir le Digitiú 77 a ullmhú measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an Phointe Rochtana Leictreonach Eorpach agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le digitiú na gcóras ceartais laistigh de na Ballstáit chomh maith le bearnaí agus laigí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.

Sna blianta amach romhainn, mar ullmhúchán don mheastóireacht, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ina ndéanfar anailís ar éifeachtaí dhigitiú breise na n-imeachtaí trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála. D’fhéadfadh an anailís sin cur leis an meastóireacht agus le machnamh comhpháirteach ar thodhchaí na n-imeachtaí breithiúnacha sibhialta agus tráchtála in éineacht leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus le páirtithe leasmhara phobal an cheartais.

Leis an Tiachóg Céannachta Digití a cruthaíodh faoin gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach 78 , ba cheart rochtain ar líne ar imeachtaí breithiúnacha a éascú. Tabharfaidh siad céannacht leictreonach do gach saoránach den Aontas nó do gach cónaitheoir, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh iad féin a shainaithint go slán agus ríomhdhoiciméid a shíniú trí úsáid a bhaint as ríomhshíniú cáilithe. Ina theannta sin, ba cheart Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a úsáid chun doiciméid leictreonacha a mhalartú. Ag tógáil ar an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach, cruthóidh na Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa sin céannacht dhigiteach d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis phoiblí lena mbeifear in ann iad a shainaithint agus a fhíordheimhniú, fógraí oifigiúla a fháil agus a stóráil, agus dintiúir fhíoraithe a chomhroinnt.

Gníomhaíocht 13: Déanfaidh an Coimisiún anailís ar éifeachtaí an digitithe breise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar imeachtaí trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin maidir le Digitiú faoi dheireadh 2028.

Gníomhaíocht 14: Forbróidh an Coimisiún an Pointe Rochtana Leictreonach Eorpach ionas go bhféadfaí é a leathnú amach anseo chun gach cás dlí shibhialta agus tráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a chumhdach.

8.Conclúid

Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí in CeartasDigiteach@2030 na coinníollacha a chruthú chun dlús a chur leis an gceartas digiteach san Aontas faoi 2030. Tá sé tábhachtach freisin smaoineamh níos faide chun cinn ná 2030 toisc go bhfuil sé d’aidhm ag an gcéad CAI eile an chonair a shocrú do na deiseanna cistiúcháin is gá chun na córais cheartais náisiúnta a dhigitiú. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ba cheart do na gníomhaíochtaí agus na cistí tacú leis na Ballstáit trí na huirlisí agus an bonneagar a sholáthar dóibh chun a gcórais cheartais náisiúnta a dhigitiú, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh tairbhe a bhaint as córais cheartais níos éifeachtúla, lena n-áirítear an tairbhe a bhaineann le fás eacnamaíoch a spreagadh.

Déanfar na gníomhaíochtaí sin trí idirphlé leanúnach agus trí chomhar ríthábhachtach leis na Ballstáit, agus, i gcás inar gá, le páirtithe leasmhara eile i bhfóraim ábhartha. Beidh an comhar sin ríthábhachtach. Díríonn CeartasDigiteach@2030 beagnach go heisiach ar ghníomhaíochtaí neamhreachtacha, nach n-éireoidh leo ach amháin má bhíonn comhar leanúnach idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Braitheann rath na straitéise sin ar rannpháirtíocht dheonach, ghníomhach agus leanúnach na mBallstát.

Le digitiú mórscála, ní bheidh an áit ina gcónaíonn úsáideoirí tábhachtach a thuilleadh toisc go mbeidh córas ceartais dhigitigh ag na Ballstáit uile agus beidh rochtain uilíoch ar cheartas trí uirlisí digiteacha. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gach Ballstát pointe iontrála aonair a bheith acu lena nascfar na cúirteanna uile. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas aon duine dul i dteagmháil leis na cúirteanna, páirt a ghlacadh in éisteachtaí agus nósanna imeachta breithiúnacha a sheoladh agus a chur chun cinn ó áit ar bith, tráth ar bith, agus mar sin costais an cheartais a laghdú.

Mar thoradh ar CeartasDigiteach@2030, beidh na Ballstáit in ann foghlaim agus tairbhiú den taithí a fuair tíortha eile atá ag forbairt agus ag úsáid uirlisí digiteacha agus bonneagar digiteach. In ionad uirlisí TF a bheith á bhforbairt ina n-aonar ag gach Ballstát lena n-úsáid ina chóras ceartais, beidh sé in ann uirlisí a roghnú a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil siad luachmhar cheana féin, agus cúraimí is coiteann do gach córas ceartais á gcur i gcrích aige.

Ba cheart úsáid uirlisí IS i gcórais cheartais a chur chun cinn chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach, chun cuidiú le riaráiste cásanna sna cúirteanna a laghdú agus chun buiséid faoi bhrú na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú.

Faoi 2030, ba cheart rochtain éasca ar líne a bheith ag gach gairmí ceartais ar an reachtaíocht agus ar an gcásdlí uile. Ba cheart rochtain éasca a bheith ag cuideachtaí teicneolaíochta dlíthiúla freisin ar go leor sonraí breithiúnacha, rud atá ríthábhachtach chun uirlisí IS atá oiriúnaithe lena n-úsáid i gcórais cheartais a fhorbairt agus a oiliúint.

Déanfar faireachán ar rath CeartasDigiteach@2030 trí Scórchlár Ceartais AE bliantúil den chuid is mó, ina bhfuil caibidil ar leith maidir le digitiú na gcóras ceartais náisiúnta.

(1)

  Tuarascáil Draghi  The future of European competitiveness – Part B: In-depth analysis and recommendations [Todhchaí iomaíochas na hEorpa – Cuid B: Grinnanailís agus moltaí], lch. 67.

(2)

  COM(2021)118 final - 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití], lch. 10.

(3)

Straitéis na Comhairle don r-Cheartas 2024-2028 ( C/2025/437 ), an 4ú mír.

(4)

Le tacaíocht ó thorthaí na tuarascála Digitalising justice: a fundamental rights-based approach [An ceartas a dhigitiú: cur chuige bunaithe ar chearta bunúsacha] ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(5)

  Rialachán (AE) 2023/2844 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh.

(6)

Amhail fianuithe le haghaidh pósadh agus le haghaidh páirtnéireachtaí cláraithe, nó deimhnithe le haghaidh bearta cosanta in ábhair shibhialta.

(7)

  Rialachán (AE) 2020/1784 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (athmhúnlú), Rialachán (AE) 2020/1783 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (athmhúnlú), Rialachán (AE) 2023/1543 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla, Rialachán (AE) 2024/3011 maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú agus Rialachán (AE) 2023/2131 a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta.

(8)

Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

(9)

Amhail Treoir 2012/13/AE maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla.

(10)

  Rialachán (AE) 2024/1689 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga).

(11)

Áirítear leis sin daoine a bhfuil litearthacht dhigiteach theoranta acu, daoine faoi mhíchumas a fhágann go bhfuil sé deacair acu uirlisí digiteacha agus timpeallachtaí digiteacha a nascleanúint gan chúnamh agus daoine nach bhfuil rochtain acu, mar shampla ar chúiseanna bochtaineachta, ar bhonneagar digiteach iomchuí.

(12)

  Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

(13)

  Treoir (AE) 2016/680 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

(14)

  Rialachán (AE) 2019/881 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (an Gníomh um Chibearshlándáil).

(15)

  COM(2025)570 - Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Buiséad AE dinimiciúil i gcomhair thosaíochtaí na todhchaí - Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, lch. 3., agus COM(2025)565 Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus tuaithe, iascach agus muirí, rathúnas agus slándáil don tréimhse 2028-2034, aithris 20 agus Airteagal 3(1)(e)(ii).

(16)

  COM(2025) 570 final — SWD(2025) 570 final/2 – Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le Buiséad AE dinimiciúil i gcomhair thosaíochtaí na todhchaí - Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, lch. 39.

(17)

Tuarascáil Draghi The future of European competitiveness – In-depth analysis and recommendations [Todhchaí iomaíochas na hEorpa – Grinnanailís agus moltaí], lch. 67.

(18)

COM(2025)801 – European Judicial Training Strategy 2025-2030 – creating a supportive environment for DigitalJustice@2030.

(19)

  COM(2025) 30 final – Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach, lch. 2.

(20)

  ‘Rogha na hEorpa’ – Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029, lch. 6.

(21)

  Comhairle an Aontais Eorpaigh (838/24) Dearbhú Bhúdaipeist i ndáil leis an gComhaontú Nua maidir le hIomaíochas na hEorpa, lch. 1.

(22)

Straitéis na Comhairle don r-Cheartas 2024-2028 ( C/2025/437 ).

(23)

Conclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2024 maidir leis an Intleacht Shaorga a úsáid i réimse an cheartais ( 16593/24 ), mír 25.

(24)

Leis an dá fhóram ardleibhéil sin , tugadh le chéile na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, ionadaithe ón saol acadúil, cleachtóirí agus an tsochaí shibhialta i gceithre chruinniú iomlánacha idir mí an Mhárta 2025 agus mí na Samhna 2025.

(25)

Scórchlár Ceartais AE 2025 COM(2025) 375 final , roinn 2.2.3. Digitiú.

(26)

  an r-Cheartas: Cúirt na hEastóine a dhigitiú. .

(27)

Bileog eolais e-Estonia: an r-Cheartas.  

(28)

  COM(2025) 565 final – Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus tuaithe, iascach agus muirí, rathúnas agus slándáil don tréimhse 2028-2034.

(29)

Conclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2024 maidir leis an Intleacht Shaorga a úsáid i réimse an cheartais ( 16593/24 ), mír 25.

(30)

  An Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach .

(31)

Rialachán (AE) 2024/903 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach).

(32)

  COM(2025) 165 final – Plean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga, lch. 1.

(33)

COM(2025)723 final – Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga, lch. 1 agus lch. 12.

(34)

Tuigtear gur caingne breithiúnacha iomadúla arna dtionscnamh ag éilitheoirí aonair maidir leis an gcleachtas céanna nó cleachtas comhchosúil ‘ollimeachtaí’. D’fhéadfadh uirlisí TF a bheith ábhartha freisin i gcaingne breithiúnacha eile lena dtugtar aghaidh ar mhórdhíobháil amhail caingne ionadaíocha faoin Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha (AE) 2020/1828.

(35)

‘Dieselgate’ a thugtar ar scannal a nochtadh in 2015 maidir le gluaisteáin a díoladh ina raibh bogearraí sonracha sna hinnill díosail a d’fhéadfadh a bhrath nuair a bhí an carr á thástáil, rud a d’athraigh an fheidhmíocht dá réir chun torthaí a fheabhsú. Bhí na mílte cás dlí agus achomharc mar thoradh air.

(36)

Spoenle, J. OLGA – der KI-Assistent für Dieselverfahren .

(37)

Landtag von Baden-Württemberg, Drucksache 17/5658 , Drucksache 17/5658, lch. 4.

(38)

Landtag von Baden-Württemberg, Drucksache 17/5658 , lch. 4.

(39)

Aithris 61 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga .

(40)

  Rialachán (AE) 2024/1689 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga).

(41)

Conclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2024 maidir leis an Intleacht Shaorga a úsáid i réimse an cheartais ( 16593/24 ), mír 21.

(42)

  C(2025)5052 final - Treoirlínte an Choimisiúin maidir le cleachtais toirmiscthe intleachta saorga arna mbunú le Rialachán (AE) 2024/1689 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga).

(43)

Ón bplé a rinneadh i gcruinniú na saineolaithe faoi Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Vársá dar teideal New Challenges of AI Development and e-Communication in the Field of Justice [Dúshláin Nua maidir le Forbairt IS agus Ríomhchumarsáid i Réimse an Cheartais] (19-20 Bealtaine 2025).

(44)

Conclúidí ón gCoimisiún Eorpach agus ó Uachtaránacht na Polainne i gCuntas oifigiúil chruinniú na saineolaithe faoi Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Vársá - New Challenges of AI Development and e-Communication in the Field of Justice [Dúshláin Nua maidir le Forbairt IS agus Ríomhchumarsáid i Réimse an Cheartais] (19-20 Bealtaine 2025), lch. 39.

(45)

I gcomhréir le hAirteagal 3, Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I)

(46)

Chinnfí dlínse chúirt na Polainne i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) 1215/2012 (Rialachán An Bhruiséil Ia).

(47)

Mura féidir an fhaisnéis a fháil, cuirfear iallach ar an mbreitheamh iarraidh oifigiúil ar fhaisnéis a dhéanamh faoi Airteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach um Fhaisnéis maidir le Dlí Eachtrach (1968, CETS 062), a thógann i bhfad níos mó ama ná mar a thógfadh sé dá mbeadh an reachtaíocht agus an cásdlí ar fáil ar líne.

(48)

Treoirlínte CEPEJ maidir le cinntí breithiúnacha a fhoilsiú ar líne ( CEPEJ (2024)9 ) 18 Samhain 2024, lch. 4.

(49)

Straitéis Eorpach maidir le Sonraí ( COM/2020/66 ), roinn 5.D.

(50)

Cad is ELI ann?

(51)

Cad is ECLI ann?

(52)

Teachtaireacht 2020 ón gCoimisiún ( COM/2020/710 final ) – Digitalisation of justice in the EU. A toolbox of opportunities [Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach. Bosca uirlisí de dheiseanna], a leag béim cheana féin ar an tábhacht a bhaineann le sonraí breithiúnacha a bheith ar fáil (Roinn 3.4.).

(53)

COM(2025)835 – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis um Aontas Sonraí Eorpach lena scaoiltear sonraí le haghaidh IS, lch. 10.

(54)

Airteagail 13 agus 14 faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte ( Treoir (AE) 2019/1024 maidir le sonraí oscailte agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú)).

(55)

Go háirithe, Treoir 2014/41/AE maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla, Airteagal 10 den Choinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais ( 42000A0712(01) ), Treoir 2012/29/AE maidir le cearta íospartaigh na coireachta, agus Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála.

(56)

I gcomhréir le Treoir 2014/41/AE an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla, Coinbhinsiún AE maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla ( 42000A0712(01) ) agus Treoir 2012/29/AE maidir le cearta íospartaigh na coireachta.

(57)

Tuarascáil chríochnaitheach maidir leis an deichiú babhta de mheastóireachtaí frithpháirteacha maidir le cur chun feidhme an Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh (OIE), 15834/1/24 , an Bhruiséil, an 10 Nollaig 2024.

(58)

Faoi Rialachán (AE) 2020/1783 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (athmhúnlú)

(59)

Beidh roghanna straitéiseacha forbartha agus soláthair TF faoi réir réamhcheadú Bhord an Choimisiúin Eorpaigh um an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Chibearshlándáil.

(60)

Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(61)

Ionchur ó ón tUasal Přemysl Sezemský, Stiúrthóir na Roinne r-Cheartais in Aireacht Dlí agus Cirt Phoblacht na Seice i gCuntas Oifigiúil chruinniú na saineolaithe faoi Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Vársá - New Challenges of AI Development and e-Communication in the Field of Justice [Dúshláin Nua maidir le Forbairt IS agus Ríomhchumarsáid i Réimse an Cheartais] (19-20 Bealtaine 2025), lgh. 15-16.

(62)

Conclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2024 maidir leis an Intleacht Shaorga a úsáid i réimse an cheartais ( 16593/24 ), mír 22.

(63)

Straitéis na Comhairle don r-Cheartas 2024-2028 ( C/2025/437 ) mír 24.

(64)

Clár Oibre 2023-2025 an chláir um Cheartas, lch. 23, chomh maith le Clár Oibre 2026-2027 an chláir um Cheartas a bheidh ann amach anseo.

(65)

BE, BG, CY, CZ, EL, ES, HR, IT, MT, NL, PT, RO, SI, SK.

(66)

Mar a cuireadh i dtábhacht sna Conclúidí ón gCoimisiún Eorpach agus ó Uachtaránacht na Polainne i gCuntas oifigiúil chruinniú na saineolaithe faoi Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Vársá - New Challenges of AI Development and e-Communication in the Field of Justice [Dúshláin Nua maidir le Forbairt IS agus Ríomhchumarsáid i Réimse an Cheartais] (19-20 Bealtaine 2025), lch. 39.

(67)

  COM(2025) 570 final – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Buiséad AE dinimiciúil i gcomhair thosaíochtaí na todhchaí – Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, lch. 2.

(68)

  COM(2025) 565 final – Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus tuaithe, iascach agus muirí, rathúnas agus slándáil don tréimhse 2028-2034, aithris 7.

(69)

  COM(2025) 565 final – Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus tuaithe, iascach agus muirí, rathúnas agus slándáil don tréimhse 2028-2034, aithris 20, agus Airteagal 3.1(e)(ii) agus (iii).

(70)

  COM(2025) 565 final – Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, talmhaíocht agus tuaithe, iascach agus muirí, rathúnas agus slándáil don tréimhse 2028-2034, Airteagal 3.1(a)(iv).

(71)

  COM(2025) 570 final – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Buiséad AE dinimiciúil i gcomhair thosaíochtaí na todhchaí – Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, lch. 24.

(72)

  COM(2025) 570 final – Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Buiséad AE dinimiciúil i gcomhair thosaíochtaí na todhchaí – Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034, lch. 18.

(73)

  COM(2025)463 final – Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an clár um Cheartas don tréimhse 2028-2034, Meabhrán Míniúcháin, lch. 10, Aithrisí 2 agus 18, Airteagal 3.

(74)

  COM(2025)463 final – Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an clár um Cheartas don tréimhse 2028-2034, Meabhrán Míniúcháin, Aithris 10.

(75)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú)

(76)

Mar shampla, in imeachtaí um aithint, dearbhú in-fhorfheidhmitheachta nó aithint a dhiúltú nó deimhnithe a iarraidh go leictreonach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 .

(77)

Le foilsiú faoi 2033.

(78)

  Rialachán (AE) 2024/1183 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú.

Top