AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.11.2025
COM(2025) 801 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
An Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach 2025 - 2030
Timpeallacht thacúil a chruthú do DigitalJustice@2030
1.Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach do 2025-2030
Tá an digiteáil agus glacadh réiteach intleachta saorga (IS) fíor-riachtanach chun inniúlacht na riarachán poiblí san Aontas a fhorbairt chun seirbhísí poiblí éifeachtúla ardcháilíochta a chur ar fáil ar bhealach costéifeachtach. Tá sé sin chomh fíor céanna, agus ríthábhachtach, i réimse an cheartais, ina bhféadfadh an claochlú digiteach feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus cáilíocht na gcóras ceartais agus ar rochtain ar an gceartas.
Ráthaíonn tíortha, a bhfuil córais cheartais éifeachtacha acu, rochtain ar an gceartas, agus áirithíonn siad ardchaighdeán ceartais agus trédhearcachta, is mó seans go meallfaidh siad infheistíochtaí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an digiteáil agus IS rannchuidiú le fás agus iomaíochas gheilleagair an Aontais. D’fhéadfaí feabhas a chur ar cháilíocht an cheartais nuair a dhíríonn gairmithe ceartais ar a bpríomhdhualgas ceartas a dhéanamh, agus úsáid á bhaint as uirlisí digiteacha le haghaidh gnáthchúraimí teicniúla. D’fhéadfadh digiteáil an cheartais rochtain níos tapúla agus níos simplí ar an gceartas a chur ar fáil, rud a thabharfadh níos gaire do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí araon é. Tá sé tábhachtach freisin chun an ceartas a dhéanamh níos athléimní in aghaidh géarchéimeanna, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19. Athdhearbhaíodh ról ríthábhachtach na digiteála i gcomhaontú nua na Comhairle Eorpaí maidir le hiomaíochas na hEorpa agus i
dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen 2024-20299
.
Is é is aidhm do straitéis ‘CeartasDigiteach@2030’ an Choimisiúin dlús a chur le digiteáil na gcóras ceartais san Aontas faoi 2030. Sa chleachtas, ciallaíonn sé sin tacú le huirlisí digiteacha a chur in úsáid sa cheartas chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht agus a chur ar a gcumas do na Ballstáit foghlaim óna chéile maidir le huirlisí digiteacha agus bonneagar digiteach a fhorbairt agus a úsáid. Faoi 2030, ba cheart gach gairmí ceartais, gach gnólacht agus gach duine aonair a bheith in ann leas a bhaint as rochtain éasca ar líne ar an reachtaíocht agus ar an gcásdlí uile. Tá coinne ann freisin go mbeidh sé d’aidhm ag gach Ballstát pointe iontrála aonair digiteach a bheith acu lena gcuirtear ar a gcumas do na daoine aonair uile, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, dul i dteagmháil leis na cúirteanna, páirt a ghlacadh in éisteachtaí agus imeachtaí breithiúnacha a sheoladh agus a chur chun cinn aon tráth, in aon áit. Méadófar leis sin an rochtain ar an gceartas agus an costas á laghdú.
Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin, is gá do ghairmithe ceartais na scileanna, an t-eolas agus an fheasacht ábhartha a shealbhú. Chuige sin, tá an oiliúint bhreithiúnach ríthábhachtach agus is príomhchumasóir í don fhís ‘CeartasDigiteach@2030’ seo, lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí scileanna digiteacha, a cuireadh i dtábhacht i dtuarascálacha Draghi, Letta agus Niinistö. Cuireadh i dtábhacht i Straitéis Eorpach don r-Cheartas 2024-2028 ón gComhairle nach mór cumhachtú digiteach agus fothú acmhainneachta a úsáideoirí a áireamh i gclaochlú digiteach an cheartais agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar oiliúint do ghairmithe ceartais.
Chun tacú le haidhmeanna na straitéise DigitalJustice@2030, iarrtar sa Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach seo bearta sonracha chun timpeallacht thacúil a chothú chun gairmithe ceartais a uas-sciliú maidir le huirlisí digiteacha agus bonneagar digiteach a úsáid, cur lena n-eolas ar dhlí substainteach agus dlí nós imeachta an Aontais agus ar an dlí náisiúnta atá curtha in oiriúint do riachtanais an gheilleagair dhigitigh agus do riachtanais na sochaí, agus tuiscint a fhorbairt ar an ngá atá le digiteáil. Cuid lárnach de sin is ea na scileanna is gá a thabhairt do ghairmithe chun úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí nua. I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an intleacht shaorga a úsáid i réimse an cheartais, iarrtar ar sholáthraithe oiliúna oiliúint a fhorbairt agus gairmithe ceartais a chumhachtú chun déileáil le digiteáil na gcóras ceartais, go háirithe úsáid IS sa cheartas.
2.Cuspóirí
2.1.Scileanna digiteacha
Tá gá le cur chuige nua i leith scileanna san Eoraip. Ar an gcúis sin, thug an Coimisiún Eorpach Aontas na Scileanna isteach, plean arb é is aidhm dó a áirithiú go gcumhachtaítear gach duine san Eoraip bonn scileanna láidir a fhorbairt, dul i mbun uas-sciliú ar feadh an tsaoil agus na bunscileanna agus na hardscileanna digiteacha uile is gá a shealbhú chun a ról a chomhlíonadh. Ghlac sé freisin Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach, inar leagadh amach an sprioc gur cheart príomhsheirbhísí poiblí a chur ar fáil 100 % ar líne faoi 2030. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Spás Riaracháin Eorpach (ComPact) a Fheabhsú, cuirtear bearta nithiúla ar fáil chun úsáid inbhuanaithe agus éifeachtach na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus uas-sciliú digiteach an lucht saothair phoiblí a chur chun cinn.
Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, ní mór do gach gairmí ceartais na scileanna TF is gá agus na scileanna litearthachta intleachta saorga is gá a shealbhú. Ba cheart dóibh a bheith in ann uirlisí digiteacha a úsáid go héifeachtach - lena n-áirítear IS - agus bonneagar, agus nósanna imeachta digitithe trasteorann agus uirlisí digitithe trasteorann a chur i bhfeidhm go cumasach, lena n-áirítear an córas TF díláraithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/2844. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bheith in ann rochtain a fháil ar bhunachair sonraí dhigiteacha thar theorainneacha agus an tionchar atá ag an digiteáil ar imeachtaí cúirte a bhainistiú. De réir a róil ghairmiúil, ba cheart dóibh a bheith in ann cásanna a bhainistiú go digiteach, i.e. doiciméid dhigiteacha a mheasúnú, a aistriú agus a phróiseáil i gceart agus úsáid iomchuí a bhaint as físchomhdháil lena n-áirithítear urraim do chearta agus coimircí nós imeachta do dhaoine atá faoi dhrochamhras, do dhaoine cúisithe, do dhaoine iarrtha agus d’íospartaigh, inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus comhlíonadh ceanglas cosanta sonraí. Ós rud é go n-ullmhaíonn foireann na cúirte go leor gníomhartha nós imeachta nó go dteastaíonn a rannpháirtíocht ina leith, ba cheart dóibh freisin tairbhe a bhaint as oiliúint thráthrialta maidir le scileanna digiteacha. Ba cheart don oiliúint gairmithe a chumasú freisin chun córais dhigiteacha a úsáid lena gcuirtear feabhas ar rochtain leanaí ar an gceartas agus ar chosaint dlí, agus a gcearta rannpháirtíochta á gcosaint.
Is gá do chórais oiliúna a bheith níos freagrúla do riachtanais scileanna atá ag athrú agus do bhearnaí scileanna a eascraíonn as forbairtí teicneolaíocha a bhfuil tionchar acu ar na córais cheartais. Ba cheart don oiliúint a chur ar a gcumas do ghairmithe ceartais freisin dul in oiriúint don timpeallacht dhlíthiúil atá ag athrú agus bearnaí scileanna digiteacha a laghdú. Chun na dúshláin a bhaineann leis an gclaochlú digiteach a bhainistiú, tá gá le comhar éifeachtach idir gairmithe ceartais, saineolaithe TF agus comhlachtaí inniúla.
Ba cheart don oiliúint a chur ar a gcumas do ghairmithe ceartais gnóthachain éifeachtúlachta a ghiniúint as uirlisí IS a úsáid. An tráth céanna, ba cheart di úsáid éifeachtúil agus fhreagrach uirlisí AI sa cheartas a chur chun cinn, i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais. Agus córais IS á gcur in úsáid, ní mór eolas maith a bheith ag gairmithe ceartais agus ag baill foirne eile de chuid na riarachán breithiúnach ar conas uirlisí IS a úsáid go héifeachtúil agus go freagrach laistigh dá dtimpeallachtaí oibre ar leith. Le tionscnaimh oiliúna, ba cheart tús áite a thabhairt d’fhorbairt na litearthachta intleachta saorga agus do na scileanna is gá chun uirlisí IS a thuiscint, a mheas agus a chur i bhfeidhm go hiomchuí. Áirítear leis sin feasacht iomlán ar na tairbhí, na teorainneacha agus na rioscaí bunúsacha a bhaineann leo agus comhlíonadh an chreata dhlíthiúil is infheidhme a áirithiú.
Teastaíonn oiliúint a chur ar fhoireann na riarachán breithiúnach i leith comhdú leictreonach cúirte chun córais comhdúcháin leictreonaigh a oibriú go héifeachtach agus chun a áirithiú go mbainfear an leas is fearr is féidir astu. Ní mór oiliúint mhaith a bheith ar bhaill foirne chun sonraí breithiúnacha a bhainistiú i gceart, mar shampla chun cinntí breithiúnacha a fhoilsiú ar líne agus chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil i bhformáid struchtúrtha, meaisín-inléite agus in-íoslódála a chuirfidh leis an Spás Eorpach Sonraí Dlí freisin. Chun tuiscint a fháil ar an idirghníomhaíocht idir córais agus sonraí, ba cheart topaic na hidir-inoibritheachta a chumhdach leis an oiliúint bhreithiúnach. Leis an obair sin, is féidir leas a bhaint as an obair ar an Acadamh um Eoraip Idir-inoibritheach i gcomhthéacs Rialachán 2024/903 (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach). Chun inniúlachtaí digiteacha na ngairmithe ceartais a neartú agus iad i mbun a gcuid dualgas (nó ‘r-bhreithcheardaíocht’), ba cheart bainistiú r-chásanna, bainistiú r-sheomra cúirte, ceannaireacht, cumarsáid trí mhodhanna leictreonacha a úsáid, eitic, cibearshlándáil agus athléimneacht a áireamh i dtopaicí oiliúna. Ní mór do cheannairí agus bainisteoirí in earnáil an cheartais scileanna bainistíochta a fhorbairt chun dul in oiriúint go héifeachtach do dhul chun cinn teicneolaíoch, cleachtais nua a chur chun feidhme, agus aistrithe digiteacha a stiúradh laistigh de riaracháin bhreithiúnacha agus i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ceartais uile. Tá na scileanna sin fíor-riachtanach chun aistriú rianúil chuig córais dhigiteacha agus teicneolaíochtaí digiteacha nua a áirithiú.
Tá príomhchuspóirí na Straitéise Eorpaí um Oiliúint Bhreithiúnach seo agus na gníomhaíochtaí a éilítear inti i gcomhréir go hiomlán leis na bearta sonracha a chuimsítear sa Phlean Cur Chun Feidhme le haghaidh Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Spás Riaracháin Eorpach (ComPact) a Fheabhsú.
Gníomhaíocht 1: Oiliúint a chur ar fáil do gach gairmí ceartais chun a litearthacht TF agus litearthacht intleachta saorga a fhorbairt, lena n-áiritheofar go gcuirfear an oiliúint in oiriúint dá róil agus dá bhfreagrachtaí sonracha.
Gníomhaíocht 2: Modúil oiliúna thiomnaithe agus iomchuí a chur ar fáil a bheidh ag gabháil le gníomhartha dlí uile an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh agus an aitheantais fhrithpháirtigh, lena n-áirítear gné dhigiteach. Thairis sin, oiliúint iomchuí a chur ar fáil, atá ar fáil do gach úsáideoir, chun gabháil le huirlisí agus bonneagar TF a chuirtear in úsáid lena n-úsáid ag gairmithe ceartais.
Gníomhaíocht 3: I gcás gach gnímh dlí maidir le comhar breithiúnach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Digiteáil, modúl oiliúna a chur ar fáil - atá ar fáil i dteangacha uile an Aontais - maidir le huirlisí digiteacha a úsáid a bhunaítear leis an Rialachán sin.
Gníomhaíocht 4: Iarraidh ar líonraí gairmithe ceartais Eorpacha scéalta ratha agus ceachtanna a foghlaimíodh ó rolladh amach na n-uirlisí agus an bhonneagair TF in earnáil an cheartais a shainaithint, a dhoiciméadú agus a chur chun cinn go córasach.
Gníomhaíocht 5: Creat deimhniúcháin a rolladh amach de réir a chéile le haghaidh scileanna digiteacha na ngairmithe ceartais, lena léirítear riachtanais shonracha agus saintréithe na ngairmeacha éagsúla.
2.2.Dlí substainteach i gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití agus uirlisí comhair trasteorann
Tá an t-aistriú digiteach ina chúis le reachtaíocht nua ann (agus beidh sé ina chúis leis fós) lena rialaítear úsáid teicneolaíochtaí nua in go leor réimsí den gheilleagar digiteach agus den tsochaí dhigiteach. Tháinig athruithe ar dhlíthe atá ann cheana mar gheall air freisin (agus tiocfaidh athruithe orthu mar gheall air) chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicneolaíocha nua. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhfuil eolas ag gairmithe ceartais ar an dlí substainteach lena dtugtar aghaidh ar riachtanais an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití agus go gcuireann siad i bhfeidhm é, e.g. an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Gníomh um Shonraí, an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach, an Gníomh um Margaí Digiteacha, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an Treoir maidir le hÁbhar Digiteach, an Treoir maidir le Díolacháin Earraí, an Treoir maidir le Dliteanas i leith Táirgí agus an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Is gá do ghairmithe ceartais tuiscint a fháil agus dul faoi oiliúint phraiticiúil i dtaca le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, e.g. an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an Treoir maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus Rialachán an Aontais maidir le Cosaint Sonraí, rud atá ábhartha i gcomhthéacs dhigiteáil an cheartais. Thairis sin, teastaíonn eolas uathu freisin ar dhlíthe maidir le hinrochtaineacht dhigiteach amhail an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht. Níl in idirbhearta digiteacha trasteorann casta, cur chuige digiteach a úsáid sa 28ú córas creata dhlíthiúil chorparáidigh atá beartaithe, cinnteoireacht atá bunaithe ar algartam agus próiseáil sonraí pearsanta ach roinnt samplaí de réimsí inar féidir díospóidí a theacht chun cinn a bhféadfadh sé nach mbeadh na dlíthe atá ann cheana – ar cuireadh oiliúint ar ghairmithe ceartais ina leith ar dtús – ceaptha chun déileáil leo. Dá bhrí sin, nuair a thagann reachtaíocht nua nó reachtaíocht leasaithe, chomh maith le cásdlí gaolmhar CBAE, chun cinn, bíonn uas-sciliú leanúnach gairmithe ceartais fíor-riachtanach chun a áirithiú go ndéantar cinntí i gcomhréir le rialacha dlíthiúla nua agus go ndéantar iad a fhorfheidhmiú i gceart agus go héifeachtach.
Ní mór tuiscint chríochnúil a bheith ag gairmithe ceartais freisin ar an dlí nós imeachta agus ar an gcomhar trasteorann a chumasaítear le timpeallachtaí ceartais digitithe. Leis an Rialachán maidir le Fianaise a Ghlacadh agus leis an Rialachán maidir le Doiciméid a Sheirbheáil, ceanglaítear ar údaráis bhreithiúnacha cumarsáid leictreonach a dhéanamh ón 1 Bealtaine 2025 trí úsáid a bhaint as na córais TF dhíláraithe a bhunaítear faoi na gníomhartha sin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh oiliúint mhaith ar ghairmithe ceartais, agus a bheith oilte ar an gcreat dlíthiúil a bhunaítear leis an dá Rialachán sin, chun na córais TF dhíláraithe a úsáid.
Le Rialachán (AE) 2023/2844, rinneadh uasghrádú mór digiteach ar na bealaí cumarsáide atá ann cheana i réimse an chomhair bhreithiúnaigh trasteorann. Beidh ar ghairmithe ceartais a bheith go hiomlán oilte ar úsáid a bhaint as an gcóras TF díláraithe agus as an bPointe Rochtana Leictreonach Eorpach a bunaíodh leis an Rialachán sin chun bheith in ann a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtúil. Mar shampla, ba cheart do dhlíodóir ar mian leis éileamh beag a sheoladh i gcomhréir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga – chomh maith le bheith ar an eolas faoi na céimeanna nós imeachta de réir an Rialacháin maidir le hÉilimh Bheaga – bheith in ann úsáid a bhaint as an bPointe Rochtana Leictreonach Eorpach chun an t-éileamh a sheoladh chuig an gcúirt inniúil i mBallstát eile. Dá réir sin, beidh ar an mbreitheamh a fhaigheann an t-éileamh sa Bhallstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar siúl a bheith in ann úsáid a bhaint as an gcóras TF díláraithe chun an t-éileamh a phróiseáil agus freagra na cúirte a sheoladh ar ais chuig an éilitheoir. Ar an gcaoi chéanna, ní mór d’ionchúisitheoir poiblí a eisíonn Barántas Gabhála Eorpach tuiscint shoiléir a fháil ar cathain is ceart é a tharchur trí Chóras Faisnéise Schengen agus cathain agus conas an córas TF díláraithe arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2844 a úsáid.
Tá gá leis an oiliúint bhreithiúnach chéanna freisin maidir le hardán comhoibrithe na bhFoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú agus na córais TF dhíláraithe arna mbunú trí Rialachán (AE) 2023/2131 a leasú a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta, an Rialachán maidir le r-fhianaise, agus an Rialachán maidir le hImeachtaí in Ábhair Choiriúla a Aistriú.
Ar bhonn níos leithne, ba cheart cur amach a bheith ag gairmithe ceartais ar uirlisí digiteacha a úsáid, go háirithe uirlisí IS, agus láneolas acu ar na teorainneacha a bhaineann leo agus ar na rialacha lena rialaítear a n-úsáid agus ar na rioscaí bunúsacha a bhaineann leis na huirlisí sin. Mar shampla, ba cheart eolas a bheith ag gairmithe ceartais ar conas córas IS maidir le haithint cainte a úsáid i gceart chun taifeadtaí fuaime ar imeachtaí cúirte agus éisteachtaí cúirte a thras-scríobh, ar taifeadtaí iad a bheidh ina gcuid den chomhad ina dhiaidh sin, nó chun rochtain a fháil ar shonraí is gá le haghaidh imscrúduithe coiriúla ó sholáthraithe seirbhíse.
Gníomhaíocht 6: A áirithiú go dtugann curaclaim oiliúna tosaigh náisiúnta agus tairiscintí oiliúna leanúnaí do ghairmithe ceartais aghaidh ar an méid seo a leanas:
- dlí substainteach atá ábhartha don gheilleagar digiteach agus don tsochaí dhigiteach, lena n-áirítear maidir le cearta an duine aonair agus cearta gnó sa spás digiteach a chosaint;
- comhar breithiúnach trasteorann an Aontais agus ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh in ábhair shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus díriú ar an digiteáil ar leithligh.
Gníomhaíocht 7: Iarraidh ar líonraí gairmithe ceartais Eorpacha malartú dea-chleachtas a foghlaimíodh ón oiliúint sin a shainaithint, a dhoiciméadú agus a chur chun cinn go tráthrialta.
2.3.Feasacht a mhúscailt
Tá dlús á chur le digiteáil na gcóras ceartais náisiúnta agus leis an gcomhar trasteorann in ábhair shibhialta agus choiriúla, agus dul chun cinn á dhéanamh níos tapúla fós maidir le forbairt teicneolaíochtaí nua is féidir a úsáid sa cheartas. Dá bhrí sin, ní mór do ghairmithe ceartais a bheith ar an eolas faoin acmhainneacht atá ann do theicneolaíochtaí nua a gcuid oibre a shimpliú agus éifeachtúlacht a mhéadú. Ba cheart dóibh a thuiscint freisin go bhfuil scileanna digiteacha láidre ag teastáil ó gach gairmí ceartais chun máistreacht a fháil ar thimpeallacht oibre dhigiteach.
Ní mór do ghairmithe ceartais a bheith ar an eolas faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an teicneolaíocht nua-aimseartha, lena n-áirítear IS, cearta bunúsacha agus luachanna bunúsacha. Dá bhrí sin, ba cheart don oiliúint an caidreamh idir IS agus an neamhspleáchas breithiúnach a chur i dtábhacht.
Ba cheart don teicneolaíocht i réimse an cheartais tacú le breithiúnas daonna agus freagracht ghairmiúil, gan teacht ina n-ionad. Is é is cuspóir di acmhainneacht a shaoradh i measc gairmithe ceartais ionas gur féidir leo díriú ar a bpríomhchúraimí. Tá an cur chuige cothrom sin fíor-riachtanach ní hamháin chun spreagadh gairmiúil a choinneáil ar bun ach chun muinín an phobail a chosaint freisin. Thairis sin, ní mór é a bheith ina ábhar oiliúna do cheannairí agus do bhainisteoirí a chuireann athruithe chun feidhme i riaracháin bhreithiúnacha.
Ar deireadh, ba cheart don oiliúint gairmithe ceartais a ullmhú ról réamhghníomhach a bheith acu i ndearadh, forbairt agus cur in úsáid táirgí agus seirbhísí digiteacha a bhaineann lena n-obair. Ba cheart próisis an chlaochlaithe dhigitigh a dhearadh i gcomhar le gairmithe ceartais agus le haghaidh gairmithe ceartais ionas go mbeidh na próisis sin fíorúsáideach dá gcúraimí laethúla.
Gníomhaíocht 8: Oiliúint shonrach a chur ar fáil do gach gairmí ceartais maidir le hábharthacht, fóntas agus tionchair atá ag an digiteáil, go háirithe i ndáil le húsáid IS, ar róil agus freagrachtaí gairmithe ceartais.
Gníomhaíocht 9: Oiliúint a chur ar cheannairí agus ar bhainisteoirí in earnáil an cheartais chun an t-aistriú digiteach a chur chun cinn go gníomhach agus chun próisis chuimsitheacha chlaochlaithe a dhearadh.
Gníomhaíocht 10: Modúl maidir le gnéithe gaolmhara den digiteáil a áireamh i ngach clár foghlama breithiúnaí.
Gníomhaíocht 11: Malartú gairmiúil trasteorann a éascú chun feasacht dhigiteach a fhorbairt.
2.4.Cuspóirí oiliúna eile
2.4.1.Cearta bunúsacha agus an smacht reachta
Tá oiliúint bhreithiúnach maidir le cearta bunúsacha tábhachtach chun córais cheartais a fhorbairt lena n-urramaítear luachanna bunaidh an Aontais maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus an comhionannas. Téann muinín chun tairbhe do na córais cheartais sin, rud a spreagann fás dá réir sin. Dá bhrí sin, tacaíonn urraim don smacht reachta agus do chórais cheartais dhea-fheidhmiúla leis an bhfiontraíocht agus leis an infheistíocht.
Tá ról lárnach ag breithiúna neamhspleácha agus ag gairmithe ceartais eile maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus dlí tánaisteach an Aontais a chur chun feidhme, á chur i bhfeidhm san fhíorshaol do dhaoine. Ina straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú, gheall an Coimisiún tús áite a thabhairt do dheiseanna oiliúna maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, a raon feidhme, a hábhar agus a cásdlí gaolmhar, chomh maith lena hidirghníomhú leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Leis an oiliúint maidir le cearta bunúsacha, ba cheart acquis sonrach an Aontais a chumhdach freisin, amhail cosaint do sceithirí, cosaint ar fhuathchaint nó ar fhuathchoireacht agus ceartas lena dtacaítear le leanaí. Leagtar amach tosaíochtaí breise oiliúna i Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh, ina n-iarrtar oideachas maidir le croíphrionsabail amhail leas an linbh, ceart éisteachta an linbh, agus an gá atá le rochtain atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus nósanna imeachta cosanta. Tá gá le hoiliúint freisin chun cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le neamh-idirdhealú a áirithiú lena n-áirítear i ndáil le daoine faoi mhíchumas. Ar bhonn níos leithne, ní mór comhionannas inscne a bheith leabaithe ní hamháin in ábhar na hoiliúna breithiúnaí ach in eagrú an chomhionannais inscne freisin, lena n-áirítear roghnú rannpháirtithe oiliúna, rannpháirtíocht saineolaithe agus bailiú sonraí.
Gníomhaíocht 12: Curaclaim oiliúna tosaigh náisiúnta agus tairiscint oiliúna leanúnaí do ghairmithe ceartais a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:
-
acquis an Aontais maidir leis an smacht reachta;
-
acquis an Aontais maidir le cearta bunúsacha agus neamh-idirdhealú, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais a chur i bhfeidhm, cearta nós imeachta agus sásraí sásaimh atá ann cheana.
2.4.2.Réimsí oiliúna athfhillteacha an Aontais
Trí oiliúint bhreithiúnach a chur orthu, faigheann gairmithe ceartais an saineolas chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go córasach ina gcleachtas laethúil, lena n-áirithítear a thosaíocht agus, i gcás inarb infheidhme, a éifeacht dhíreach. Áirítear leis sin go n-urramaítear na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear i ndlí an Aontais i gcónaí in imeachtaí intíre. Chun sláine agus éifeachtacht dhlíchóras an Aontais a chaomhnú, ní mór do ghairmithe ceartais a gcuid eolais ar reachtaíocht an Aontais agus ar chásdlí ábhartha CBAE a choinneáil cothrom le dáta. Chuige sin, tá gá le hoiliúint, nach féidir le hionstraimí dlí nua agus le cásdlí nua an tionchar atá beartaithe dóibh a bhaint amach dá huireasa. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le hionstraimí an Aontais lena rialaítear comhar breithiúnach trasteorann agus prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Tá an oiliúint bhreithiúnach ina bunchloch chun limistéar Eorpach ceartais níos láidre agus níos comhtháite a chaomhnaíonn an smacht reachta agus cearta saoránach a fhorbairt.
Ní féidir comhar breithiúnach a bheith éifeachtach ach amháin i gcás ina measann na Ballstáit go bhfuil cinntí arna ndéanamh ag údaráis inniúla Ballstát eile coibhéiseach lena gcuid cinntí féin, rud a thugann le tuiscint ní hamháin go bhfuil muinín acu as leordhóthanacht rialacha Ballstát eile, ach go bhfuil muinín acu freisin go gcuirtear na rialacha sin i bhfeidhm i gceart. Dá bhrí sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus ar na dúshláin phraiticiúla atá ag teacht chun cinn maidir le comhar breithiúnach an Aontais agus ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm i réimse an dlí shibhialta, an dlí tráchtála agus an dlí choiriúil trí oiliúint, agus díriú ar an digiteáil ar leithligh chun soláthar ceartais thar theorainneacha atá nua-aimseartha agus éifeachtúil a áirithiú.
I réimse an chomhair bhreithiúnaigh shibhialta, tá níos mó ná 20 ionstraim ann cheana féin. Braitheann a gcur i bhfeidhm ceart ar ghairmithe ceartais a bheith oilte ar ionstraimí amhail an Bhruiséil Ia, an Bhruiséil IIb, Doiciméid a Sheirbheáil, agus na Rialacháin maidir le Comharbas, nó an Treoir maidir le frith-SLAPP. I dteannta a chéile, is cuid de acquis an Aontais iad na hionstraimí sin atá sách teicniúil agus nach dtuigtear go leordhóthanach go minic, in ainneoin a n-ábharthachta atá ag dul i méid mar gheall ar ghluaiseacht mhéadaithe trasteorann daoine agus trádála.
Maidir le comhar breithiúnach trasteorann in ábhair choiriúla, tá sé tábhachtach go gcuirfear oiliúint chuí ar ghairmithe ceartais chun a áirithiú go gcuirfidh siad i bhfeidhm i gceart an iliomad ionstraimí de chuid an Aontais atá i bhfeidhm. Tá an chuid is mó díobh sin bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, lena n-áirítear ionstraimí nua amhail na rialacha maidir le r-fhianaise, an Rialachán nua maidir le hImeachtaí a Aistriú, agus píosaí ábhartha eile reachtaíochta amhail an Treoir maidir le hAisghabháil agus Coigistiú Sócmhainní a rinneadh le déanaí. Chun an choireacht trasteorann a chomhrac go héifeachtach, ní mór tuiscint a bheith ag gairmithe ceartais freisin ar an gcaoi a ndéantar cionta coiriúla a chomhchuibhiú agus a phionósú ar fud an Aontais, go háirithe na Treoracha a glacadh le déanaí maidir le sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais agus maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil, agus an Treoir maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil agus an Treoir maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil. Rud atá tábhachtach, leis an Treoir maidir le Comhrac na Gáinneála arna leasú in 2024, ceanglaítear go sonrach ar na Ballstáit oiliúint speisialaithe a chur chun cinn nó a chur ar fáil d’fhoireann na cúirte maidir le cionta a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine.
Ní mór do ghairmithe ceartais a bheith ar an eolas freisin faoi na comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais ag a bhfuil sainordú tacú leis an gcomhar breithiúnach nach mór do na húdaráis náisiúnta dul i gcomhar leo chun freagairt mhear chomhordaithe ar na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht trasteorann a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart oiliúint a chur ar fáil freisin maidir le cúraimí agus cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), Eurojust agus maidir leis na hoibleagáidí gaolmhara atá ar údaráis náisiúnta dul i gcomhar leo.
Cuirtear i dtábhacht i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chearta Íospartach (2020 – 2025) go bhfuil oiliúint maidir le cearta íospartach fíor-riachtanach freisin agus nach mór na gníomhaithe ábhartha uile a shroicheadh go héifeachtach atá i dteagmháil le híospartaigh, amhail údaráis bhreithiúnacha. Réimse eile ina bhfuil an oiliúint úsáideach is ea an margadh aonair, atá ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais. Ní bheidh rath ar an margadh aonair ach amháin má dhéantar a rialacha, go háirithe i réimse na saorghluaiseachta, a fhorfheidhmiú i gceart, tá sé ríthábhachtach dá bhrí sin go dtuigfidh gairmithe ceartais iad i gceart. Ní féidir cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais ná cur i bhfeidhm cuí dhlí comhshaoil an Aontais a bhaint amach ach amháin má bhaineann gairmithe ceartais ag a bhfuil feidhmeanna ábhartha tairbhe as oiliúint speisialaithe.
Ar deireadh, bhainfeadh comhaltaí de na breithiúna tairbhe as oiliúint freisin chun déileáil le caingne ionadaíocha mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha agus faoin Treoir athbhreithnithe maidir le Réiteach Malartach Díospóidí.
Áiríodh na topaicí oiliúna a leagtar amach thuas i straitéisí Eorpacha um oiliúint bhreithiúnach a bhí ann roimhe seo, agus deonaíodh tacaíocht mhór ón Aontas chun oiliúint a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt orthu. Ós rud é go bhfuil na réimsí sin fós ábhartha, tá coinne ann go leanfaidh soláthraithe oiliúna breithiúnaí d’aghaidh a thabhairt orthu mar chuid dá ngníomhaíochtaí. Leanfar de thacaíocht ón Aontas a chur ar fáil, faoi réir na gcistí atá ar fáil.
Gníomhaíocht 13: A áirithiú go dtugann curaclaim oiliúna tosaigh náisiúnta agus tairiscint oiliúna leanúnaí do ghairmithe ceartais aghaidh ar an méid seo a leanas:
-
dlí an Aontais a chur i bhfeidhm sa chleachtas laethúil;
-
reachtaíocht nua athbhreithnithe an Aontais agus cásdlí ábhartha CBAE;
-
comhar breithiúnach trasteorann in ábhair shibhialta agus choiriúla, lena n-áirítear comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais ag a bhfuil sainordú tacú leis an gcomhar breithiúnach;
-
acquis an Aontais i réimsí na gceart agus na gcoimircí nós imeachta do dhaoine atá faoi dhrochamhras, do dhaoine cúisithe agus do dhaoine iarrtha agus d’íospartaigh na coireachta;
-
acquis mhargadh aonair na hEorpa, go háirithe i réimse na saorghluaiseachta.
2.4.3.Méadú
Chun critéir bhallraíochta an Aontais a chomhlíonadh, ní mór do thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha úsáid a bhaint as oiliúint bhreithiúnach chun neamhspleáchas na mbreithiúna atá saor ó éilliú, agus córais cheartais dhigitigh éifeachtacha eolasbhunaithe a fhorbairt. Tá oiliúint ríthábhachtach freisin maidir le breithcheardaíocht, scileanna digiteacha agus dlí Eorpach agus díriú ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha agus ar a gcur i bhfeidhm sa chleachtas laethúil. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag tacaíocht an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar bhonn measúnú fónta ar riachtanais oiliúna agus cur chuige atá dírithe ar fhadhbanna. Thairis sin, ní mór ról tábhachtach a bheith ag an oiliúint bhreithiúnach i bpróiseas téarnaimh agus atógála na hÚcráine.
Gníomhaíocht 14: A áirithiú go dtabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas le hoiliúint bhreithiúnach i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha:
-
acquis an Aontais ina ndírítear ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha;
-
breithcheardaíocht
3.Cuspóirí a bhaint amach agus gníomhaíochtaí a dhéanamh
3.1.Spriocghrúpaí agus páirtithe leasmhara
Tá an Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach dírithe ar na breithiúna agus ar an bhfoireann bhreithiúnach: breithiúna, ionchúisitheoirí, foireann na cúirte agus na hoifige ionchúisimh, agus gairmithe ceartais eile a bhfuil baint acu leis an gcóras ceartais (dlíodóirí sa chleachtas príobháideach, nótairí, báillí, cleachtóirí dócmhainneachta, idirghabhálaithe, foireann príosúin agus promhaidh, agus ateangairí agus aistritheoirí cúirte). Tugtar aghaidh sa straitéis ar riachtanais oiliúna tosaigh/ionduchtaithe agus leanúnaí, agus béim ar leith á leagan ar iolraitheoirí agus ar fhoireann na cúirte mar oibreoirí uirlisí digiteacha. Ós rud é go bhfuil riachtanais oiliúna éagsúil de réir grúpaí gairmiúla agus na mBallstáit (nó tíortha is iarrthóirí), tá sé tábhachtach do líonraí agus eagraíochtaí gairmiúla – in éineacht le soláthraithe oiliúna gairmiúla – a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí oiliúna breithiúnaí ós rud é gurb iad is fearr a thuigeann cásanna agus riachtanais oiliúna éagsúla na gcatagóirí gairmithe ceartais a ndéanann siad ionadaíocht orthu.
Ba cheart aird a thabhairt ar aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí agus ar bhearnaí in oiliúint dhlí an Aontais idir na Ballstáit, grúpaí gairmiúla agus réigiúin gheografacha. Ba cheart éagothromaíochtaí i measc tíortha is iarrthóirí, lena n-áirítear i ndigiteáil an cheartais, a chur san áireamh freisin agus iad á n-ionchorprú i ngníomhaíochtaí agus líonraí oiliúna ábhartha.
Tá ról tábhachtach ag an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB) mar ardán lena gcomhordaítear oiliúint náisiúnta agus trasteorann do na breithiúna agus d’fhoireann bhreithiúnach.
Ba cheart do sholáthraithe oiliúna Eorpacha amhail Acadamh an Dlí Eorpaigh, an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, chomh maith le GEOB, Fondúireacht na nDlíodóirí Eorpacha agus eagraíochtaí páirtithe leasmhara ceartais eile agus tairbhithe chistí an Aontais oiliúint trasteorann a eagrú d’fhonn dearcadh Eorpach níos leithne a chothú i measc rannpháirtithe agus comhar trasteorann, malartú gairmiúil agus líonrú idir gairmithe ceartais a éascú. Is maith is féidir le GEOB muinín fhrithpháirteach a neartú, cultúr breithiúnach Eorpach comhroinnte a chur chun cinn, agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú i measc na mbreithiúna agus na foirne breithiúnaí ar fud na mBallstát uile. D’fhéadfadh soláthraithe oiliúna ar an leibhéal náisiúnta an méid sin a chomhlánú agus tuilleadh a dhéanamh.
Ba cheart do na soláthraithe oiliúna uile ar leibhéal an Aontais a bheith ina spreagadh do chineálacha cur chuige nuálach oiliúna agus do mhodhanna oiliúna nua ar bhonn píolótach. Ina theannta sin, ba cheart dóibh ábhair oiliúna atá réidh le húsáid nó inoiriúnaithe a fhorbairt agus iad aistrithe go teangacha uile an Aontais lena gcumhdaítear ábhair oiliúna tosaíochta an Aontais, agus iad sin a chur ar fáil chun críoch oiliúna náisiúnta. Ba cheart na hábhair sin a dhearadh chun freastal ar chomhthéacsanna náisiúnta sonracha, ar chreataí dlíthiúla agus ar imthosca praiticiúla, agus ba cheart iad a chur in oiriúint do riachtanais na gcatagóirí éagsúla gairmithe ceartais nó a bheith inoiriúnaithe dóibh.
Rannchuidíonn an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála le hoiliúint bhreithiúnach i réimse an chomhair trasteorann trí acmhainní agus saineolas a chur ar fáil, trí thacú le piarfhoghlaim, trí rochtain ar fhaisnéis phraiticiúil a éascú, agus trí dhul i gcomhar le soláthraithe oiliúna breithiúnaí.
3.2.Cistiú a ghiaráil
I gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2023/2844, tá na Ballstáit freagrach as cuid dá mbuiséad oiliúna a thiomnú chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar ghairmithe ceartais agus ar údaráis inniúla chun úsáid éifeachtúil a bhaint as an gcóras TF díláraithe arna bhunú faoin Rialachán sin agus úsáid iomchuí a bhaint as físchomhdháil. Thairis sin, agus IS á úsáid sa cheartas, ní mór do na Ballstáit a n-oibleagáidí litearthachta intleachta saorga a eascraíonn as Airteagal 4 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga a chomhlíonadh.
Trí dhigiteáil an cheartais, tá ceann de phríomhthreochtaí ár linne ag athmhúnlú earnáil atá ríthábhachtach do shochaí fheidhmiúil. Tá comhdhearcadh leathan ann gur cuid ríthábhachtach í an oiliúint bhreithiúnach don timpeallacht thacúil atá ag teastáil chun go mbeidh rath ar an gclaochlú sin. Mar sin féin, is inniúlacht náisiúnta í an oiliúint bhreithiúnach fós agus is iad na buiséid oiliúna náisiúnta cnámh droma an mhaoinithe sa réimse sin. Dá bhrí sin, ní leor tacaíocht airgeadais an Aontais féin d’oiliúint bhreithiúnach chun tionchar fóinteach a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní mór iarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon a chomhcheangal chun an aidhm choiteann a bhaint amach rath a bheith ar dhigiteáil an cheartais tríd an oiliúint. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún cistí atá ar fáil a úsáid chun tacú le hoiliúint bhreithiúnach, agus údaráis náisiúnta, institiúidí um oiliúint bhreithiúnach agus comhlachtaí gairmiúla a spreagadh gníomhaíochtaí a dhéanamh agus cuspóirí na straitéise sin a chur chun feidhme de réir riachtanais éagsúla na mBallstát. Agus é sin á dhéanamh aige, is féidir le cistiú ón Aontas éifeacht ghiarála a chruthú ar bhuiséid náisiúnta.
Beidh ról lárnach ag an gClár um Cheartas chun an Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach a chur chun feidhme trí dheontais ghníomhaíochta agus deontais oibriúcháin a chur ar fáil chun tionscadail oiliúna trasteorann a mhaoiniú. Cuirfidh an Coimisiún feabhas ar chomhordú inmheánach ionas go mbeidh cláir eile de chuid an Aontais a rannchuidíonn le hoiliúint a chur ar ghairmithe ceartais comhsheasmhach le tosaíochtaí na Straitéise um Oiliúint Bhreithiúnach seo. Ní mór ionstraimí cistiúcháin a bhainistiú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr chun an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na buiséid atá ar fáil agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna cistiúcháin atá ann cheana. Thairis sin, tá gá le comhordú agus comhtháthú níos láidre ar an leibhéal straitéiseach, téamach agus oibríochtúil i leith chuspóirí agus ghníomhaíochtaí na straitéise seo. I réimse an dlí choiriúil, le comhar níos láidre leis an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), chuirfí feabhas ar chomhsheasmhacht na hoiliúna atá ar fáil, agus comhordú láidir á áirithiú idir údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha agus d’fhéadfaí barainneacht scála a bhaint amach.
Faoin CAI reatha cheana féin, ní mór cistiú ón Aontas agus cistiú náisiúnta le haghaidh oiliúint bhreithiúnach a chomhordú ar bhealach níos fearr chun a dtionchar a uasmhéadú. Go deimhin, tá sineirgí éifeachtacha idir ionstraimí cistiúcháin éagsúla an Aontais agus idir ionstraimí cistiúcháin an Aontais agus buiséid náisiúnta fíor-riachtanach chun forluí a sheachaint agus chun a áirithiú go bhfuil ábhar na hoiliúna ailínithe go dlúth leis na riachtanais ar an láthair.
Faoin gcéad CAI eile, lena gcumhdaítear an tréimhse 2028-2034, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún buiséad an Aontais a dhéanamh níos simplí agus níos solúbtha, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí cistiú a threorú i dtreo tosaíochtaí nua agus riachtanais atá ag athrú. Ceann de phríomhchuspóirí an CAI nua is ea ilroinnt, forluí, éagothromaíochtaí agus rialacha cistiúcháin éagsúla a shárú agus uirlisí cistiúcháin éagsúla a chuachadh chun caiteachas a chomhordú agus a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr. Dá bhrí sin, faoin gcéad CAI eile, leanfar leis an gClár um Cheartas de bheith ag díriú ar thacaíocht a thabhairt do dhigiteáil an cheartais agus don oiliúint ghaolmhar. Cé go bhfuil sé aitheanta ag an gCoimisiún gur cheart don Chlár um Cheartas tacú le digiteáil an cheartais ar leibhéal an Aontais, tá sé beartaithe aige dlús mór a chur lena bhuiséad, lena dtacófar le hoiliúint bhreithiúnach le haghaidh dhigiteáil an cheartais. Ina theannta sin, gheobhaidh na Ballstáit tacaíocht le haghaidh dhigiteáil an cheartais náisiúnta agus oiliúint ghaolmhar trí na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí. Beidh na pleananna comhpháirtíochta sin fréamhaithe i dtosaíochtaí Eorpacha ach cuirfear iad in oiriúint do riachtanais shonracha na mBallstát agus na réigiún. Dá bhrí sin, beidh na Ballstáit in ann leas a bhaint as an deis sin trí thosaíochtaí na Straitéise um Oiliúint Bhreithiúnach a ionchorprú ina bpleananna náisiúnta.
Bainfear cuspóirí na Straitéise um Oiliúint Bhreithiúnach amach ar bhealach níos fearr trí thrédhearcacht níos mó agus trí chomhar agus comhordú níos láidre idir na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le hoiliúint bhreithiúnach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú leis na hiarrachtaí sin trí dhreasachtaí a chur ar fáil do na soláthraithe oiliúna náisiúnta is éifeachtaí chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe eile trí chomhpháirtíochtaí réigiúnacha agus trí úsáid chomhordaithe na n-ionstraimí cistiúcháin a chur chun cinn chun feabhsuithe fadtéarmacha a bhaint amach ar fud an Aontais.
Ar deireadh, chuir an Coimisiún i dtábhacht cheana féin go bhféadfaí tionchar agus éifeachtacht an chistithe a bhaineann le hoiliúint a uasmhéadú le hailíniú níos fearr idir tosaíochtaí infheistíochta an Aontais agus tosaíochtaí infheistíochta náisiúnta Fágann sé sin go bhféadfaí torthaí na hoiliúna a bhainfear amach trí bhuiséid oiliúna náisiúnta a bharrfheabhsú dá ndéanfadh na Ballstáit a gcuspóirí oiliúna náisiúnta a ailíniú agus a chomhordú le cuspóirí agus gníomhaíochtaí na straitéise sin, agus iad á gcur in oiriúint do riachtanais náisiúnta. D’fhéadfaí feabhas a chur air sin trí na Ballstáit a bheith ag obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna. Is féidir sineirgí a bheith mar thoradh ar chistiú comhordaithe náisiúnta agus cistiú comhordaithe ón Aontas, rud a chuideoidh leis an timpeallacht thacúil is gá a bhaint amach le haghaidh dhigiteáil an cheartais, agus iarrachtaí oiliúna á ndéanamh níos inbhuanaithe agus nuálaíocht agus acmhainneacht á ngiaráil. Le samhail ón mbun aníos, arna comhlánú le comhordú ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaí na Ballstáit a chumhachtú úsáid a bhaint as buiséid náisiúnta agus as buiséid an Aontais araon.
Beidh ról lárnach ag líonraí Eorpacha lena gcomhordaítear a gcomhaltaí náisiúnta chun cuspóirí na Straitéise um Oiliúint Bhreithiúnach a bhaint amach agus gníomhaíochtaí na Straitéise um Oiliúint Bhreithiúnach a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart do líonraí Eorpacha na soláthraithe oiliúna breithiúnaí, amhail GEOB nó Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE) trí Fhondúireacht na nDlíodóirí Eorpacha iarrachtaí na n-institiúidí náisiúnta um oiliúint bhreithiúnach agus na gcomhlachtaí gairmiúla a chomhordú lena gcruthaítear timpeallacht thacúil le haghaidh dhigiteáil an cheartais agus na sineirgí, an tionchar agus an barrfheabhsú cistiúcháin thuasluaite a dhaingniú. Ba cheart do na líonraí sin oibriú chun tionscnaimh oiliúna arna gcistiú ag an Aontas agus tionscnaimh oiliúna arna gcistiú go náisiúnta a bhaint amach agus bealaí cumarsáide struchtúrtha a bhunú idir institiúidí an Aontais agus soláthraithe oiliúna náisiúnta. Ní mór don phrionsabal sin a bheith ina threoraíocht maidir leis an gcaoi a n-úsáideann na líonraí Eorpacha a thacaíonn le hoiliúint a chur ar ghairmithe ceartais sna Ballstáit cistiú ón gCoimisiún lena n-áiritheofar go n-úsáidfear acmhainní go héifeachtúil agus go mbainfear éifeachtaí giarála láidre amach ar fud na mBallstát.
Tá roinnt líonraí gairmiúla ann ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfadh ról lárnach a bheith acu freisin cuidiú le cumarsáid struchtúrtha éifeachtach a bhaint amach idir institiúidí an Aontais agus páirtithe leasmhara ceartais náisiúnta agus soláthraithe oiliúna. Áirítear orthu sin Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach, Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra na nIonchúisitheoirí Poiblí nó institiúidí coibhéiseacha ag na Cúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha, CCBE, Comhlachas Eorpach Barra Coiriúla, Comhairle Nótairí an Aontais Eorpaigh, Aontas Eorpach Rechtspfleger, Aontas Eorpach na nOifigeach Breithiúnach, Fondúireacht Eorpach na mBáillí, an Eagraíocht Eorpach um Sheirbhísí Príosúin agus Ceartúcháin, Cónaidhm an Phromhaidh Eorpaigh, chomh maith le comhlachais gairmithe ceartais. Ní mór do na líonraí sin oiliúint atá ailínithe le cuspóirí agus glaonna ar ghníomhaíocht na Straitéise um Oiliúint Bhreithiúnach a chur chun cinn agus rannchuidiú léi, tacú le fothú acmhainneachta i measc soláthraithe oiliúna náisiúnta, dea-chleachtas a roinnt, caighdeáin a leagan síos, páirtithe leasmhara a nascadh agus comhar a spreagadh idir na Ballstáit maidir le cláir agus tionscadail oiliúna.
Gníomhaíocht 15: A áirithiú go n-úsáidfidh líonraí Eorpacha na soláthraithe oiliúna cistiú ón Aontas chun iarrachtaí a gcomhaltaí a chomhordú agus chun sineirgí idir oiliúint arna cistiú ag an Aontas agus oiliúint arna cistiú go náisiúnta, d’fhonn timpeallacht le haghaidh dhigiteáil an cheartais.
3.3.Tacaíocht ón gCoimisiún
Leathnófar Ardán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach de chuid an Choimisiúin a thuilleadh chun bosca uirlisí fíorchuimsitheach oiliúna breithiúnaí a chur ar fáil lena gcuirfear ábhar oiliúna comhlántach ardcháilíochta ar fáil a chistítear ó fhoinsí éagsúla atá scaipthe go maith, comhordaithe agus an-infheicthe. Ba cheart dó sineirgí a chothú agus dúbláil agus forluí a sheachaint chun tionchar na n-acmhainní agus na mbuiséad atá ar fáil a uasmhéadú. Thairis sin, óstálfar leis an Ardán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach ábhar atá réidh le húsáid, le haghaidh foghlaim aonair agus úsáid trí iolraitheoirí araon, ar féidir é a chur in oiriúint don chomhthéacs náisiúnta agus do na riachtanais náisiúnta a thuilleadh agus a d’fhéadfadh tacú le hidir-inoibritheacht na n-ardán oiliúna breithiúnaí náisiúnta.
Leis an Deais maidir le hOiliúint Bhreithiúnach ar an Ardán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, cuideofar le faireachán a dhéanamh ar thionchar na Straitéise um Oiliúint Bhreithiúnach go córasach agus léireofar conas a chomhlíon na Ballstáit a n-oibleagáidí dlíthiúla a bhaineann le hoiliúint, timpeallacht thacúil a chruthú le haghaidh dhigiteáil an cheartais, agus dea-chleachtais a eascraíonn as scéalta ratha náisiúnta agus Eorpacha a chur chun cinn. Beidh sonraí staidrimh arna mbailiú ag an Deais maidir le hOiliúint Bhreithiúnach teoranta do tháscairí fíor-riachtanacha agus baileofar iad de réir caighdeáin shoiléire a fhágann inchomparáideacht sonraí ó fhoinsí éagsúla. Baileofar na sonraí go tráthrialta. Thairis sin, úsáidfear í chun an dul chun cinn i dtreo cuspóirí oiliúna breithiúnaí agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is gá ar fud na mBallstát agus na ngrúpaí gairmiúla a thomhas, agus béim ar leith á leagan ar aistriú digiteach na gcóras ceartais agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais.
D’fhéadfadh fóram oiliúna breithiúnaí ina dtugtar le chéile raon leathan páirtithe leasmhara ó réimse na hoiliúna breithiúnaí a bheith ina bheart breise atá dírithe ar thorthaí chun tacú leis an Straitéis um Oiliúint Bhreithiúnach a bhaint amach trí dhíriú ar fhor-rochtain agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara. D’fhéadfadh sé a bheith d’aidhm ag fóram den sórt sin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí oiliúna agus ar éagothromaíochtaí idir na Ballstáit, grúpaí gairmiúla agus limistéir gheografacha.
Tá sé tábhachtach modhanna oiliúna praiticiúla a úsáid san oiliúint bhreithiúnach Eorpach agus náisiúnta chun cuidiú le gairmithe dul in oiriúint do thimpeallachtaí oibre atá ag éirí níos digití agus cleachtais nua a ghlacadh. Tá oiliúint aghaidh ar aghaidh fíor-riachtanach agus ba cheart í a chomhlánú le cianfhoghlaim chun oiliúint aghaidh ar aghaidh a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ina leith, rud a chuirfidh leis na héifeachtaí foghlama. D’fhéadfaí tairbhí breise a bhaint amach freisin trí dhlús a chur le comhroinnt dea-chleachtas nó trí mhalartuithe gairmiúla agus oiliúint thrasghairmiúil a eagrú. D’fhéadfaí IS a chomhtháthú san oiliúint bhreithiúnach féin ar bhealach níos fearr freisin, mar shampla chun cuidiú le gairmithe foghlaim agus bheith ar an eolas is deireanaí maidir le forbairtí dlíthiúla, chun fíor-ionsamhlúcháin idirghníomhacha a ghiniúint nó chun gur féidir scileanna gairmiúla a chleachtadh agus a fhorbairt. D’fhéadfaí uirlisí digiteacha eile, amhail an réaltacht fhíorúil, a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun freastal ar stíleanna agus riachtanais foghlama éagsúla. Ba cheart rochtain a bheith ag cleachtóirí atá ag obair i limistéir scoite nó iargúlta i mBallstát ar oiliúint bhreithiúnach freisin. Ba cheart an deimhniú a bheith comhoiriúnach ar fud dlínsí agus ba cheart do mhodheolaíochtaí oiliúna forluí nó dúbailt a sheachaint. Ní mór inbhuanaitheacht a áirithiú trí nuashonruithe tráthrialta ar ábhar na hoiliúna a chumasú.
Ní mór meastóireacht úrscothach ar oiliúint a bheith ina caighdeán agus ina réamhchoinníoll chun tacaíocht ón Aontas a fháil. Ba cheart do sholáthraithe oiliúna modhanna meastóireachta iomchuí a chur i bhfeidhm maidir leis an gcineál oiliúna a chuirtear ar fáil, lena dtomhaistear ní hamháin raon na ngníomhaíochtaí oiliúna, ach a dtionchar fadtéarmach freisin. Ba cheart raon uirlisí a úsáid chun na críche sin, lena n-áirítear úsáid níos córasaí a bhaint as Scórchlár Ceartais AE a dhéanann faireachán ar éifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na gcóras ceartais náisiúnta. Ba cheart bearta coincréiteach a chur i bhfeidhm ar bhonn na meastóireachta, amhail tuairisciú ar scéalta ratha nó ar fheidhmíocht na n-athbhreithnithe piaraí chun tástáil a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh torthaí foghlama chun feidhme agus ar cuireadh i bhfeidhm iad in áit oibre agus eagraíocht na rannpháirtithe. Ní mór na gníomhaíochtaí meastóireachta uile a bheith éifeachtach ar deireadh, úsáid a bhaint as eolaíocht cur chun feidhme, agus modhanna agus straitéisí a chur i bhfeidhm lena ndéantar faireachán ar an gcaoi ar úsáideadh an fhoghlaim go gairmiúil, i.e. conas a dúnadh an ‘bearna eolais’.