Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0790

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta

COM/2025/790 final

An Bhruiséil,12.11.2025

COM(2025) 790 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta


1.RÉAMHRÁ

Tá spás sibhialta oscailte, ina bhfuil sochaí shibhialta bhríomhar, i gcroílár na ndaonlathas atá againn. Tá ról fíor-riachtanach ag an tsochaí shibhialta inár sochaithe, agus í ag rannchuidiú le ceapadh beartais, ag dul i gcomhpháirtíocht le rialtais chun beartais phoiblí a chur chun feidhme, ag soláthar tacaíochta agus seirbhísí sóisialta agus pobail, ag múscailt feasachta ar shaincheisteanna sóisialta tábhachtacha, agus ag déanamh ionadaíochta ar ghrúpaí éagsúla i gcásanna leochaileacha. Tá rannchuidiú na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun rannpháirtíocht saoránach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú, chomh maith le díospóireacht phoiblí chuimsitheach, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga a spreagadh. Tá ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta freisin sa chóras daonlathach srianta agus ceartúchán, agus í ag cuidiú le faireachán a dhéanamh ar bheartais agus ar chinnteoireacht agus le trédhearcacht agus cuntasacht a chothú.

Agus an tsochaí shibhialta ag feidhmiú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta – laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon – cuidítear leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) a chur chun cinn agus a chosaint. Agus aitheantas á thabhairt dá ról tábhachtach, leagtar amach i gConarthaí bunaidh an Aontais Eorpaigh gur cheart d’institiúidí an Aontais teagmháil a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta trí idirphlé oscailte, trédhearcach agus tráthrialta agus a gcuid oibre a dhéanamh ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir chun rannpháirtíocht chuimsitheach ghníomhach na sochaí sibhialta a áirithiú 1 .

Bunchloch de cheapadh beartais an Aontais is ea an rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta. Cuireann uirlisí agus próisis éagsúla ar leibhéal an Aontais ar a cumas don tsochaí sibhialta a tuairimí a chur i láthair agus a bheith rannpháirteach i reachtaíocht agus beartais an Aontais a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus tá idirphlé struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta bunaithe ag an gCoimisiún i mórán réimsí beartais. Thairis sin, soláthraíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) comhairle agus saineolas trí pháirt a ghlacadh in obair ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus i bhfóraim ábhartha eile. Tá ról lárnach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) freisin maidir le guth na sochaí sibhialta eagraithe a thabhairt chun an leibhéil Eorpaigh.

Chun go mbeidh an rannpháirtíocht sin éifeachtach, tá méadú tagtha ar aitheantas an Aontais go bhfuil timpeallacht chumasúcháin, shábháilte agus thacúil de dhíth ar an tsochaí shibhialta ar fud an Aontais 2 . Áirítear leis sin cosaint leormhaith do ESSanna agus do cosantóirí chearta an duine (CCDanna), a mbaineann laghdú foriomlán an spáis shibhialta dóibh, agus a mbíonn bagairtí agus ionsaithe rompu i ndáil lena gcuid oibre 3 . Tá tacaíocht airgeadais inbhuanaithe agus thrédhearcach fíor-riachtanach do shochaí shibhialta bhisiúil freisin agus chun a áirithiú gur féidir le ESSanna feidhmiú go neamhspleách.

Ag tógáil ar na creataí atá ann cheana agus ar an ngealltanas i d Treoirlínte Polaitiúla 2024-2029 dlús a chur leis an rannpháirtíocht le ESSanna agus a áirithiú go dtabharfar tacaíocht agus cosaint dóibh ina gcuid oibre laethúla, leagtar amach i Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta sraith gníomhaíochtaí coincréiteacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Tá na gníomhaíochtaí sin bunaithe ar thrí phríomhchuspóir:

·Rannpháirtíocht éifeachtach fhóinteach leis an tsochaí shibhialta mar chomhpháirtí sa rialachas a neartú

·Spás sibhialta cumasúcháin atá oscailte agus sábháilte a áirithiú trí thacaíocht agus cosaint a sholáthar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta

·Tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta trí chistiú leordhóthanach, inbhuanaithe agus trédhearcach

Bunóidh an Coimisiún Ardán Sochaí Sibhialta, lena soláthrófar creat tráthrialta struchtúrtha dá rannpháirtíocht le ESSanna i réimsí atá ábhartha chun luachanna an Aontais a chumhdach, go háirithe na heagraíochtaí sin atá ag obair ar chur chun cinn an daonlathais, an smachta reachta, an chomhionannais agus na gceart bunúsach, i gcomhréir leis na Treoirlínte Polaitiúla.

Leis an Straitéis, bunaítear creat coiteann freisin chun rannpháirtíocht an Choimisiúin le ESSanna a threorú agus a neartú. Agus é á aithint sa Straitéis go bhféadfadh ceanglais shonracha agus sásraí difriúla um rannpháirtíocht a bheith ag gabháil le gach réimse beartais, ní fhéachann sé lena gcaighdeánú. Ina ionad sin, leagtar amach tacar treoirphrionsabal inti a fheidhmeoidh mar chreat comhroinnte chun idirphlé tiomnaithe a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta sna hearnálacha beartais éagsúla, ag díriú ar phríomhpharaiméadair le haghaidh idirphlé, amhail comhpháirtíocht, trédhearcacht, ionadaíocht agus cuntasacht. Agus na prionsabail sin á leagan amach, cuirtear na sásraí institiúideacha atá ann cheana féin, go háirithe trí CESE, san áireamh go hiomlán sa Straitéis, agus comhlánaítear léi iad.

Is é is aidhm don Straitéis gníomhaíochtaí a neartú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, trí dhlúth-theagmháil a dhéanamh leis na Ballstáit agus le tíortha de chuid an mhéadaithe 4 , chun spás sibhialta bisiúil a chur chun cinn agus a chothú. Tá sé d’aidhm aici comhleanúnachas níos fearr a chothú idir gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha an Aontais sa réimse sin freisin. Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, tá comhar idir institiúidí agus comhlachtaí an Aontais ríthábhachtach, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), CESE, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus leis na Ballstáit. Trí chur chuige comhleanúnach agus comhar láidir, cothófar braistint freagrachta comhroinnte, rud a rachaidh chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine trí rannpháirtíocht dhaonlathach, athléimneacht agus muinín an phobail a threisiú. Comhlánaíonn an Straitéis sin na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Sciath Eorpach don Daonlathas.

Agus an Straitéis á hullmhú aige, bhailigh an Coimisiún ionchur trí chomhairliúcháin fhorleathana le raon leathan páirtithe leasmhara 5 . Chuir tuairim ó CESE , bonn eolais faoin Straitéis freisin, chomh maith le hionchur ó na Ballstáit, agus plé a tionóladh le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste Eorpach na Réigiún.

2.An tsochaí shibhialta mar chomhpháirtí sa rialachas: rannpháirtíocht éifeachtach agus fhóinteach a neartú

Trí rannchuidiú na sochaí shibhialta, bíonn an ceapadh beartais níos éifeachtaí, níos cuimsithí agus níos ionadaíche ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil. Gné thábhachtach de phróiseas láidir cuimsitheach chun beartais a cheapadh, sin é a áirithiú gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt fhóinteach a ghlacadh sa saol poiblí agus a dtuairimí a thabhairt uathu trí phróisis thrédhearcacha.

Chun críoch na Straitéise, tuigtear go ginearálta gurb é atá in eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) na heagraíochtaí neamhstáit, neamhbhrabúsacha, neamhspleácha agus neamhfhoréigneacha uile, trína saothraíonn agus trína gcosnaíonn daoine cuspóirí comhroinnte 6 . Is eintitis fhéinrialaitheacha iad atá neamhspleách ar leasanna rialtais nó gnó, agus iad ina ngrúpaí neamhfhoirmiúla, leathfhoirmiúla agus foirmiúla, agus is féidir leo a bheith bunaithe ar bhallraíocht, bunaithe ar chúis nó dírithe ar sheirbhís 7 . Is féidir leo feidhmiú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus oibrithe deonacha agus/nó baill foirne íoctha á stiúradh.

Maidir le cosantóirí chearta an duine, tuigtear i gcoitinne gur daoine aonair, grúpaí agus orgáin na sochaí iad, a dhéanann cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a aithnítear go huilíoch, lena n-áirítear cearta leanaí, a chur chun cinn agus a chosaint 8 .

Dírítear sa Straitéis ar ESSanna agus ar chosantóirí chearta an duine. Ní chumhdaítear rannpháirtíocht le comhpháirtithe sóisialta (e.g. ionadaithe fostóirí agus oibrithe) leis an Straitéis mar gheall ar a stádas sonrach faoi dhlí an Aontais, mar a aithnítear in Airteagal 154 CFAE.

I gcomhréir le luachanna an Aontais, cumhdaítear ESSanna cuntasacha, neamhspleácha agus trédhearcacha leis an Straitéis, ar eagraíochtaí iad a aontaíonn le gealltanas an Aontais don urraim do dhínit an duine, saoirsí, daonlathas, comhionannas, smacht reachta agus cearta bunúsacha, agus a fheidhmíonn dá réir.

Is léir go n-aithníonn muintir na hEorpa an rannchuidiú ó ESSanna, toisc gur mheas 87 % de na freagróirí ar shuirbhé Eorabharaiméadair 2023 go bhfuil ról tábhachtach ag na heagraíochtaí sin maidir leis an daonlathas agus luachanna eile de chuid an Aontais a chur chun cinn agus a chosaint, amhail urraim do chearta bunúsacha, agus i dtéarmaí díospóireacht dhaonlathach eolasach agus iolraíoch a chothú chomh maith. Mheas 42 % de na freagróirí ar Eorabharaiméadar 2025 gurbh é nochtadh an éillithe an réimse is suntasaí d’obair na sochaí sibhialta, agus ina dhiaidh sin cearta aonair a chosaint (41 %), seirbhísí a sholáthar (39 %) agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht rialtais (28 %).

2.1. Rannpháirtíocht agus idirphlé leis an tsochaí shibhialta a neartú

Tá ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta maidir le comhairle, tacaíocht agus saineolas a sholáthar i bhforbairt agus i gcur chun feidhme reachtaíocht agus bheartais an Aontais i réimse leathan earnálacha éagsúla, amhail talmhaíocht, beartas comhtháthaithe, cultúr, beartas sóisialta, oideachas agus an óige, ceartas agus gnóthaí baile, cosaint tomhaltóirí, beartas iomaíochta, beartas na meán agus an beartas digiteach, imirce agus tearmann, taighde agus nuálaíocht, aeráid agus comhshaol, soghluaisteacht, trádáil agus forbairt inbhuanaithe, cabhair dhaonnúil agus comhar idirnáisiúnta, agus beartas um méadú. Ar bhonn níos leithne, cuidíonn siad leis na cearta a chumhdaítear sa Chairt 9 a chur chun cinn agus a chosaint, le hidirdhealú a chosc agus a chomhrac, le saoránacht ghníomhach a chur chun cinn agus le daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha. Cuidíonn siad freisin le hullmhacht agus athléimneacht na sochaí a chothú 10 . Is comhpháirtithe tábhachtacha iad san fhaireachán ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn na n-athchóirithe aontachais agus na caibidlíochta i gcomhthéacs an mhéadaithe.

Tá sásraí éagsúla um rannpháirtíocht ann ar leibhéal an Aontais, rud a chuireann ar a gcumas do ESSanna rannchuidiú i gcaitheamh an timthrialla ceaptha beartais sna réimsí beartais éagsúla uile, ó na céimeanna tosaigh lena n-ullmhaítear tionscnaimh go dtí an chéim lena gcur chun feidhme. Mar shampla, feidhmíonn an tairseach ‘Cloisimis Uait’ mar an pointe iontrála do chách chun rannchuidiú le tograí reachtacha, meastóireachtaí, seiceálacha oiriúnachta agus cumarsáid trí chomhairliúcháin phoiblí.

Úsáideann an Coimisiún réimse leathan modhanna comhairliúcháin dá rannpháirtíocht le ESSanna. Sa bhreis ar na h uirlisí um Rialáil Níos Fearr , is éard atá i gceist leis sin struchtúir fhoirmiúla idirphlé amhail idirphlé maidir le cur chun feidhme, idirphlé beartais leis an aos óg, boird chomhairleacha, chomh maith le grúpaí saineolaithe agus socruithe solúbtha eile (e.g. fócasghrúpaí ad hoc maidir le saincheisteanna sonracha, nó trí ardáin agus líonraí páirtithe leasmhara). Ar an leibhéal náisiúnta, is féidir le líonra na gComhairleoirí um Ghnóthaí AE , atá á chomhbhainistiú ag an gCoimisiún agus ag Coiste na Réigiún, agus lárionaid Europe Direct cuidiú le nascadh agus teagmháil a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta ar an láthair. Déanann an Coimisiún agus Toscaireachtaí an Aontais teagmháil le ESSanna i dtíortha de chuid an mhéadaithe agus i dtríú tíortha go tráthrialta freisin.

Déantar idirphlé tiomnaithe leis an tsochaí shibhialta i réimsí beartais éagsúla. Mar shampla, áirithítear idirphlé struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta i mbeartais fostaíochta agus shóisialta trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh agus is comhpháirtithe tábhachtacha iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Cuimsítear páirtithe leasmhara earnálacha sonracha san idirphlé leis an tsochaí shibhialta uaireanta freisin. Mar shampla, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar phobail tuaithe tríd an g Comhshocrú um an Tuath faoin bhFís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, nó idirphlé le grúpaí reiligiúnacha nó neamhchreidmheacha, arna mbunú faoi Airteagal 17 CFAE. Tacaíonn an t Ardán Eorpach do Dhaoine faoi Mhíchumas le comhar leis na Ballstáit agus leis an tsochaí shibhialta maidir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas a chur chun feidhme, agus trí Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí cuirtear ceart éisteachta leanaí sa chinnteoireacht chun cinn agus tacaítear leis an tsochaí shibhialta rannpháirtíocht leanaí a chothú 11 .

Leis an Ardán Sochaí Sibhialta, a thiocfaidh i bhfeidhm ó 2026 ar aghaidh, treiseofar an t-idirphlé maidir le luachanna an Aontais. Soláthróidh sé creat tráthrialta agus struchtúrtha le haghaidh idirphlé maidir le luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn, lena ndéanfar rannpháirtíocht maidir le cearta bunúsacha, daonlathas, comhionannas agus smacht reachta a chuíchóiriú agus a neartú, agus lena gcuirfear spás ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh ESSanna atá ag obair sna réimsí sin 12 . Tríd an Ardán, éascófar malartuithe maidir le cuspóirí na Straitéise chun rannpháirtíocht, tacaíocht agus cosaint a neartú, chun go mbeifear in ann ionchur fóinteach a sholáthar go tráthúil maidir le forbairt beartas agus cistiú.

Chun infheictheacht agus inrochtaineacht faisnéise a fheabhsú, agus chun go mbeidh rannpháirtíocht níos éasca d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, cuirfidh an Coimisiún suíomh gréasáin ar bun don Ardán Sochaí Sibhialta, ar a bhfoilseoidh sé faisnéis agus acmhainní faoi obair an Ardáin chomh maith le faisnéis faoi idirphlé an Choimisiúin leis an tsochaí shibhialta i réimsí beartais éagsúla eile. Leis sin, beidh eagraíochtaí in ann teacht ar fhaisnéis, dátaí, ceanglais maidir le rannpháirtíocht agus féidearthachtaí chun a chur in iúl gur spéis leo páirt a ghlacadh i bpróisis dhifriúla idirphlé.

Mar chuid den Ardán, eagróidh an Coimisiún cruinniú mullaigh bliantúil i gcomhar le CESE chun sineirgí idir idirphlé atá ar siúl faoi láthair a fhorbairt agus tosaíochtaí straitéiseacha a phlé.

Beidh struchtúr sofhreagrúil agus inoiriúnaithe ag an Ardán, ar struchtúr é a bheidh ceaptha chun freagairt ar athruithe a thiocfaidh ar riachtanais agus tosaíochtaí. Agus feidhmiú an Ardáin á fhorbairt, bainfidh an Coimisiún leas as na dea-chleachtais atá ann cheana laistigh den Choimisiún agus as saineolas na bpáirtithe leasmhara ábhartha chomh maith, go háirithe CESE agus Ardán um Chearta Bunúsacha de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Le himeacht ama, féadfar síneadh a chur leis an Ardán chun réimsí beartais eile a chumhdach.

2.2 Treoirphrionsabail le haghaidh idirphlé éifeachtach fóinteach leis an tsochaí shibhialta

Cuireadh i dtábhacht sna comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, cé go bhfuil mórán struchtúr tábhachtach rannpháirtíochta ann, gur cheart féachaint le tuilleadh comhsheasmhachta eatarthu a bhaint amach. Agus é á aithint go mbeidh gá i gcónaí leis an idirphlé a oiriúnú de réir cuspóirí sonracha agus riachtanais earnáil-shonracha chun go mbeidh sé éifeachtach agus fóinteach, moltar 10 dtreoirphrionsabal sa Straitéis le haghaidh idirphlé idir an Coimisiún agus an tsochaí shibhialta 13 .

Tá sé ceaptha go mbeadh na treoirphrionsabail sin ag fónamh mar chreat comhroinnte chun tabhairt faoi shásraí tiomnaithe idirphlé le ESSanna sna hearnálacha beartais éagsúla, agus feidhm acu maidir leis an gCoimisiún agus maidir le ESSanna araon. Tá sé tábhachtach go n-áiritheoidh ESSanna iad féin go mbeidh a gcleachtais agus a struchtúir féin trédhearcach, freagrach agus i gcomhréir le luachanna an Aontais, chun go mbeidh a rannpháirtíocht san idirphlé sin cuntasach agus bunaithe ar chomhchaighdeáin agus go n-urramófar róil institiúidí an Aontais agus an treoir maidir le cistiú a fháil 14 . Leis na prionsabail sin, baineadh leas as ionchur ó chomhairliúcháin éagsúla, doiciméid bheartais agus moltaí éagsúla de chuid an Aontais, dea-chleachtais atá ann cheana san Aontas, agus caighdeáin agus cleachtais a forbraíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta 15 .

10 dtreoirphrionsabal le haghaidh idirphlé leis an tsochaí shibhialta

1) Comhpháirtíocht: Leis an gcomhar, ba cheart fáiltiú roimh rannchuidiú réamhghníomhach ón tsochaí sibhialta mar chomhpháirtí chun an t-idirphlé a mhúnlú, tosaíochtaí agus cláir oibre a leagan síos, cuspóirí a shainiú nó meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí.

2) Cuimsitheacht: Leis an idirphlé, ba cheart féachaint le rannpháirtíocht ón tsochaí sibhialta a tharraingt isteach ag céimeanna difriúla den cheapadh beartais.

3) Intuarthacht agus rialtacht: Ba cheart an t-idirphlé a bheith ina chuid de phróiseas intuartha agus tráthrialta agus tráthchláir leordhóthanacha a sholáthar le haghaidh rannchuidiú.

4) Trédhearcacht: Ba cheart cumarsáid shoiléir a áirithiú maidir le nósanna imeachta, cuspóirí, amlínte agus critéir rannpháirtíochta, mar aon le rochtain thráthúil agus leormhaith ar dhoiciméid ábhartha, i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme.

5) Ionadaíocht: Ba cheart roghnú na rannpháirtithe a bheith bunaithe ar neamhspleáchas, dlisteanacht, ionadaíochas agus saineolas na n-eagraíochtaí, agus ar a mhéid a chloíonn siad le luachanna an Aontais chomh maith.

6) Cuimsiú: Ba cheart dícheall a dhéanamh san idirphlé raon sách leathan d’eagraíochtaí a chuimsiú, lena léireofaí cothromaíocht ó thaobh earnálacha de agus cothromaíocht gheografach, agus aird chuí á tabhairt ar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht, imeallaithe nó i gcásanna leochaileacha.

7) Inrochtaineacht: Ba cheart idirphlé, bídís ag tarlú ar líne nó as líne, a dhearadh agus a chur chun feidhme le huirlisí teicneolaíochta iomchuí d’fhonn deireadh a chur le bacainní inrochtaineachta agus rannpháirtíocht iomlán agus chomhionann a chumasú.

8) Cuntasacht: Le haiseolas maidir leis an gcaoi a rannchuidíonn an t-idirphlé le dul chun cinn a dhéanamh i leith beartais, ba cheart freagracht chomhpháirteach agus muinín a chothú.

9) Acmhainní: I gcás inarb infheidhme, ba cheart tacaíocht airgeadais nó lóistíochta a chur ar fáil chun rannpháirtíocht a chumasú, agus riachtanais eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí pobalbhunaithe á gcur san áireamh chun a áirithiú nach ndéanfar iad a eisiamh mar gheall ar acmhainní teoranta.

10) Sábháilteacht: Ba cheart coimircí a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le heagraíochtaí páirt a ghlacadh go sábháilte san idirphlé, lena n-áirítear trí bhearta iomchuí chun sonraí pearsanta agus rúndacht a chosaint.

Tá na prionsabail sin ar aon dul leis na príomhpharaiméadair le haghaidh rannpháirtíocht saoránach a leagtar amach i Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún , ina n-iarrtar freisin ar na Ballstáit deiseanna breise a chruthú do shaoránaigh agus do ESSanna chun páirt éifeachtach a ghlacadh i bpróisis ceaptha beartais phoiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Mar fhreagairt ar an Moladh, tá bearta déanta ag roinnt Ballstát chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é, lena n-áirítear trí chreataí agus ardáin institiúideacha nua a bhunú le haghaidh idirphlé leis an tsochaí shibhialta, trí threoraíocht a ullmhú maidir le comhairliúcháin le linn an phróisis cinnteoireachta, trí theagmháil a dhéanamh go tráthrialta leis an tsochaí shibhialta go tráthrialta sna réimsí beartais éagsúla agus trí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróisis chomhairliúcháin a áirithiú ar bhealach níos córasaí 16 .

Tá dul chun cinn tábhachtach déanta, ach tuairiscíonn ESSanna easnaimh áirithe fós agus, tar éis beagnach 2 bhliain ó glacadh an Moladh sin, tá gá le tuilleadh sonraí a bhailiú agus obair leantach a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tabharfaidh an Coimisiún tuilleadh tacaíochta d’fhothú acmhainneachta ar an leibhéal náisiúnta chun an Moladh a chur chun feidhme agus eagróidh sé malartuithe leis na Ballstáit, i gcomhar le CESE agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Díreofar na malartuithe sin ar rannpháirtíocht, tacaíocht agus cosaint na sochaí sibhialta a neartú ar an leibhéal náisiúnta.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin a chomhar leis an tsochaí shibhialta a mhéadú trí ardáin agus tionscnaimh dhifriúla. Beidh daoine óga agus eagraíochtaí rannpháirteach i bhfóraim óige éagsúla, spreagfaidh sé rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i ndíospóireachtaí ar an Ardán um Rannpháirtíocht Saoránach, agus nascfaidh sé an tsochaí shibhialta le hionchur na saoránach ó na Painéil Saoránach Eorpach chun cuidiú le beartais an Aontais a mhúnlú.

Is gníomhaí fíor-riachtanach í an tsochaí shibhialta sa chlár oibre um méadú. I gcás stát ar mian leis a bheith ina Bhallstát den Aontas, rannchuidíonn sochaí shibhialta bhríomhar le próiseas an aontachais. Trí rannpháirtiú na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe, is féidir rannchuidiú le tuiscint níos doimhne a bheith ag saoránaigh ar na hathchóirithe is gá chun coinníollacha an aontachais a chomhlíonadh. D’fhonn rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sna próisis sin a neartú, stiúrfaidh an Coimisiún obair chun comhairliúchán intíre le ESSanna a institiúidiú agus a chaighdeánú agus cruinnithe na gcomhlachtaí ábhartha faoi na comhaontuithe comhlachais á n-ullmhú chomh maith leis an obair leantach agus faireachán orthu.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

-Ardán Sochaí Sibhialta a bhunú chun dlús a chur lena theagmháil le ESSanna atá gníomhach i gcur chun cinn agus i gcosaint luachanna an Aontais, agus an fhéidearthacht ann leathnú chun réimsí beartais eile a chuimsiú le himeacht ama.

-Cruinniú mullaigh bliantúil d’Ardán na Sochaí Sibhialta a eagrú i gcomhar le CESE.

-Úsáid na 10 dtreoirphrionsabal a chur chun cinn le haghaidh idirphlé leis an tsochaí shibhialta.

-Teagmháil a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta trí Bhord na nÓg um Chomhairliú Uachtarán an Choimisiúin, Grúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige, Idirphlé Óige an Aontais agus Idirphlé Beartais leis an Aos Óg agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chur chun cinn sna díospóireachtaí a chuirtear chun cinn ar an Ardán um Rannpháirtíocht Saoránach.

-Teagmháil a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta maidir leis na Painéil Saoránach Eorpach mar bhealach chun nasc a chruthú idir ESSanna agus rannpháirtíocht le saoránaigh i múnlú bheartais an Aontais.

-Tacú le fothú acmhainneachta náisiúnta agus malartuithe a eagrú leis na Ballstáit maidir le Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún a bhaineann le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, i gcomhar le gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear CESE agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

-Comhairliúchán intíre le ESSanna a institiúidiú agus a chaighdeánú agus cruinnithe na gcomhlachtaí ábhartha faoi na comhaontuithe comhlachais á n-ullmhú chomh maith leis an obair leantach agus faireachán orthu.

Iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Sásraí agus beartais rannpháirteachais a neartú i gcomhréir leis na prionsabail a shainaithnítear sa Straitéis, lena n-áirítear trí bhearta breise a dhéanamh chun Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún a chur chun feidhme go hiomlán, a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht éifeachtach eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

3.Tacaíocht agus cosaint a sholáthar: Spás sibhialta cumasúcháin atá oscailte agus sábháilte a áirithiú

Chun go mbeidh spás sibhialta bisiúil ann 17 , tá gá le timpeallacht dhlíthiúil, riaracháin agus rialála atá ina timpeallacht chumasúcháin, ina dtacaítear le ESSanna agus ina gcumhachtaítear iad, agus ina gcosnaítear iad agus inar féidir leo oibriú gan bhac. De réir shuirbhé Eorabharaiméadair 2024 maidir leis an smacht reachta, measann 86 % de mhuintir na hEorpa go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na meáin agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó Bhallstát go chéile in ann oibriú gan bhac agus gan bhrú. Chun timpeallacht shaor chumasúcháin den sórt sin a choinneáil ar bun, tá gá le faireachán agus freagairtí éifeachtacha nuair a thagann bagairtí nó ionsaithe chun cinn.

Tá tacaíocht do shochaí shibhialta bhríomhar fós lárnach d’obair an Choimisiúin sna réimsí beartais éagsúla uile - gealltanas a léirítear i straitéisí agus i ndoiciméid bheartais éagsúla 18 . I d tuarascáil bhliantúil 2022 maidir le cur i bhfeidhm na Cairte , díríodh ar an spás sibhialta, ar na bearta atá ann cheana a mhapáil agus ar bhearnaí agus réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a shainaithint, agus comhlánaíodh í le conclúidí ón gComhairle maidir leis an topaic 19 .

Cuireadh roinnt beart ar aghaidh chun an spás sibhialta a choimirciú. Mar shampla, trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní sistéamacha a chuireann bac ar chomhar trasteorann idir ESSanna, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta (SEAP) agus don Mholadh ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt ESSanna a neartú trí bhorradh a chur faoina n-acmhainneacht, faoina n-infheictheacht agus faoina dtionchar sa gheilleagar sóisialta. Tá bearta coincréiteacha déanta ag an gCoimisiún freisin chun timpeallacht níos tacúla a chruthú don tsochaí shibhialta, lena n-áirítear bearta chun cánachas cothrom a áirithiú d’eagraíochtaí carthanachta agus chun a rochtain ar sheirbhísí airgeadais a choimirciú. Mar shampla, faoin Rialachán maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac a glacadh le déanaí, tugadh isteach bearta chun a áirithiú nach ndiúltaítear seirbhísí airgeadais do ESSanna, amhail cuntais bhainc, toisc go n-oibríonn siad i dtíortha ina meastar go bhfuil riosca ard i leith sciúradh airgid, agus ar an gcúis sin amháin 20 .

3.1. Bacainní agus bagairtí a thuiscint: faireachán a dhéanamh ar an spás sibhialta

Tuairiscíonn páirtithe leasmhara faoi bhearta lena ndéantar, dar leo, an timpeallacht ina n-oibríonn ESSanna agus cosantóirí chearta an duine (CCDanna) a shrianadh 21 . Orthu sin, d’fhéadfaí ceanglais chlárúcháin atá díréireach agus trom, rialacha cánach nó tuairiscithe airgeadais a éagóracha, easnaimh maidir le rochtain a fháil ar chistiú, constaicí míchuí i seirbhísí airgeadais a fháil, agus ceanglais dhlíthiúla lena ndéantar oibríochtaí trasteorann a shrianadh a áireamh.

Tuairiscíonn ESSanna áirithe níos mó agus níos mó freisin go mbíonn bagairtí agus ionsaithe éagsúla rompu, lena n-áirítear ionsaithe ar a bhfoireann nó ar a n-áitreabh, feachtais chlúmhillte agus bhréagaisnéise, nó cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí (SLAPPanna). Ábhar imní a tharraingíonn an tsochaí shibhialta anuas freisin is ea iarrachtaí comhlachais a dhíscaoileadh go míchuí, struchtúir idirphlé a dhíchur, cistiú a reo nó a ghearradh ar bhonn lánroghnach nó bearta faireachais neamhdhleathacha. Tá cos ar bolg trasnáisiúnta ó thríú tíortha ina fheiniméan atá ag dul i méid, agus is rud é a dhéanann difear go háirithe do CCDanna 22 . Cruthaíonn gnéithe trasteorann an chos ar bolg sin bacainní nach beag do CCDanna dá ndéantar difear agus gearáin á ndéanamh, cosaint á lorg, nó ceartas á shaothrú acu. Ina leith sin, is minic a bhíonn constaicí sonracha rompu a bhaineann le doiciméid taistil agus ceanglais víosa 23 chomh maith le bacainní agus moilleanna riaracháin.

D’fhéadfadh toradh iarmhartach a bheith ag an méid sin, rud a fhágann go gcuireann ESSanna teorainn lena rannpháirtíocht agus go ndíspreagtar iad óna róil a fheidhmiú go hiomlán. Thairis sin, déanann na nithe sin difear díréireach do ESSanna a oibríonn maidir le topaicí a bhaineann leis an daonlathas, smacht reachta agus cearta bunúsacha, agus ar ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht, imeallaithe agus atá i gcásanna leochaileacha 24 . Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá gá le cur chuige comhleanúnach cuimsitheach ón Aontas agus ó na Ballstáit.

Tá sé fíor-riachtanach faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an spás sibhialta chun tacú le ESSanna agus iad a chosaint ina gcuid oibre. De thoradh rioscaí agus bagairtí a shainaithint go soiléir, is féidir go dtiocfaidh gníomhaíochtaí leantacha coincréiteacha ó na gníomhaithe sin a bhfuil na scileanna cuí acu tacaíocht a sholáthar – idir ghníomhaíochtaí coisctheacha (mar fhreagairt ar chomharthaí luathrabhaidh) agus gníomhaíochtaí frithghníomhacha (i bhfianaise bagairtí nó ionsaithe iarbhír). Ar na bearta sin, d’fhéadfaí ráitis phoiblí a áireamh ina gcáintear forbairtí díobhálacha agus ina gcuirtear in iúl tacaíocht d’obair ESSanna, chomh maith le cistiú do thacaíocht shíceasóisialta, comhairleoireacht dhlíthiúil agus cistiú éigeandála.

Tá a gcuid uirlisí faireacháin agus meastóireachta féin forbartha ag an gCoimisiún lena ndírítear ar ghnéithe a bhaineann leis an spás sibhialta freisin. Faoi na tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta , déanann an Coimisiún faireachán ar fhorbairtí sna Ballstáit uile agus i dtíortha áirithe de chuid an mhéadaithe, agus forbairtí dearfacha agus diúltacha araon i ndáil leis an spás sibhialta á gcur i dtábhacht aige, agus eisíonn sé moltaí sonracha i gcás inarb ábhartha. I gcás na dtíortha de chuid an mhéadaithe, déantar faireachán ar an bhfaisnéis sin freisin mar chuid den phacáiste bliantúil um méadú 25 .

Faigheann an Coimisiún faisnéis maidir leis na dúshláin atá roimh ESSanna ar bhonn ad hoc freisin trína rannpháirtíocht féin leis an tsochaí shibhialta. Ina theannta sin, soláthraíonn an Coimisiún tacaíocht airgeadais faoi chláir do roinnt tionscadal faoi stiúir cuibhreannais ESSanna a dhéanann faireachán ar an spás sibhialta, san Aontas agus níos faide i gcéin 26 .

Thairis sin, braitheann an Coimisiún ar ghníomhaíochtaí faireacháin a dhéanann gníomhaithe eile, lena n-áirítear Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (NHRInna) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta 27 . Tá ról ríthábhachtach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha sa réimse sin trí thuarascálacha a fhoilsiú maidir leis an spás sibhialta , trí chleachtais a bhfuil gealladh fúthu a chur i dtábhacht, ag tacú le malartuithe i measc gníomhaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta, agus trí mholtaí a eisiúint sa réimse sin.

3.2. Freagairtí a sholáthar ar leibhéal an Aontais

Tá roinnt píosaí reachtaíochta de chuid an Aontais ina rannchuidiú díreach chun ESSanna a chosaint san Aontas. Mar shampla, leis an Treoir agus an Moladh maidir leis an Dlíthíocht Straitéiseach i gcoinne Rannpháirtíocht Phoiblí a chomhrac (SLAPPanna) , soláthraítear coimircí nós imeachta chun daoine, a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí, lena n-áirítear ESSanna, a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha. Chun tacú lena gcur chun feidhme, tacóidh an Coimisiún le hoiliúint do chleachtóirí ceartais maidir le SLAPPanna lena ndírítear ar ESSanna agus le dlíthíocht i ndáil leis an gCairt, go háirithe a mhéid a bhaineann le saoirse comhlachais, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil.

Tacaíonn an Coimisiún le roinnt beart cosanta a dhéantar trí thionscnaimh thiomnaithe faoi stiúir ESSanna. Príomhbheart arna chistiú ag an Aontas faoin g Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) is ea úsáid a bhaint as tacaíocht airgeadais le haghaidh tríú páirtithe (FSTP), lena gceadaítear do ESSanna a fhaigheann cistí ón Aontas gníomhú mar idirghabhálaithe, ar féidir leo acmhainneacht a fhorbairt agus cistí a dháileadh ar ESSanna beaga nó pobail, lena n-áirítear na heagraíochtaí siúd a bhféadfadh sé go mbeadh orthu freagairt ar chásanna nó éigeandálaí práinneacha nó gan choinne. Sheol an tAontas glao le déanaí freisin chun an Líonra Eorpach um Sheiceáil Fíricí a neartú, lena n-áirítear scéim cosanta in aghaidh ciapadh, agus é á aithint go bhfuil méadú ag teacht ar an líon ionsaithe ar an bpobal seiceála fíricí, agus cinsireacht á cur ina leith agus aghaidh le tabhairt ar an imeaglú.

I gcomhthéacs an mhéadaithe agus an aontachais, tá sé fíor-riachtanach i gcónaí timpeallacht chumasúcháin a chothú agus ról níos láidre agus níos fóintí a áirithiú do ESSanna. Agus measúnú á dhéanamh ar Fheidhmiú na nInstitiúidí Daonlathacha (FDI), scrúdaítear an timpeallacht ina n-oibríonn ESSanna freisin. In 2020, glacadh an mhodheolaíocht athbhreithnithe um méadú , agus cuirtear i dtábhacht inti gur cheart na príomh-athchóirithe uile i dtíortha de chuid an mhéadaithe a dhéanamh ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach agus cuimsitheach, agus baint ag páirtithe leasmhara iontu. Faoin modheolaíocht athbhreithnithe sin, cuirtear de cheangal ar thíortha is iarrthóirí Treochlár a dhréachtú maidir le Feidhmiú na nInstitiúidí Daonlathacha, ina leagtar amach gníomhaíochtaí sonracha chun an timpeallacht chumasúcháin a neartú don tsochaí shibhialta.

3.3. An spás sibhialta a chosaint ar an leibhéal náisiúnta

Tá ról ríthábhachtach ag na Ballstáit maidir le spás sibhialta a chumasú agus a chosaint ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil agus ar leibhéal an phobail, agus is minic gurb iad na Ballstáit is túisce a sholáthraíonn tacaíocht choincréiteach do ESSanna atá i mbaol. Dá bhrí sin, is tosaíocht thábhachtach don Choimisiún é go n-oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit chun timpeallacht shábháilte, thacúil agus chumasúcháin a chur chun cinn do ESSanna ar fud an Aontais.

Le Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún, iarrtar ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa spás sibhialta trí úsáid a bhaint as táscairí soiléire agus creataí tuairiscithe struchtúrtha. Molann sé do na Ballstáit comhar agus comhordú idir na páirtithe leasmhara ábhartha uile a chur chun cinn, rochtain ar nósanna imeachta nó bealaí ar leith a éascú chun bagairtí agus ionsaithe a thuairisciú, agus doiciméadú agus anailís chórasach a dhéanamh ar an timpeallacht oibriúcháin ina n-oibríonn ESSanna. D’fhreagair roinnt Ballstát ar an Moladh ón gCoimisiún trí bhearta a ghlacadh chun an spás sibhialta a neartú ar an leibhéal náisiúnta. Orthu sin, áirítear straitéisí náisiúnta tiomnaithe a chur ar bun chun comhar ó thaobh na rannpháirtíochta saoránach de a neartú idir saoránaigh, ESSanna agus údaráis áitiúla. Tá tionscadail curtha ar bun ag cuid acu chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus an ceart comhthionóil agus comhlachais á fheidhmiú acu, nó tá dreasachtaí sonracha cánach agus dreasachtaí eile curtha i bhfeidhm acu ar mhaithe le ESSanna a chistiú 28 .

Tá bearta tugtha isteach ag roinnt Ballstát freisin chun ESSanna a chosaint, lena n-áirítear trí chóras ginearálta na leigheasanna dlí atá ar fáil sna córais náisiúnta dlí choiriúil, riaracháin agus shibhialta. Tá seirbhísí comhairleoireachta tiomnaithe curtha ar bun ag cuid acu, nó tacaíonn siad leo, ar seirbhísí iad lena ndírítear go sonrach ar an bhfuath (ar líne) agus ar an idirdhealú 29 . Comhlachtaí agus institiúidí neamhspleácha náisiúnta – go háirithe NHRInna, comhlachtaí comhionannais agus ombudóirí – is féidir ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le ESSanna a chosaint ar an leibhéal náisiúnta, trí chur lena nguthanna, feasacht phoiblí a mhúscailt, agus tacú le hiarrachtaí fothaithe acmhainneachta. Is infheistíocht shoiléir na gníomhaíochtaí sin chun timpeallacht chumasúcháin a áirithiú don tsochaí shibhialta agus chun freagairtí a sholáthar nuair a bhíonn siad i mbaol.

3.4 Tacaíocht agus cosaint a neartú

Cé go bhfuil dul chun cinn tábhachtach déanta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, iarrann páirtithe leasmhara go mbeidh cur chuige níos comhordaithe ann i leith ESSanna a chosaint, agus tá gá le gníomhaíocht níos comhordaithe ar leibhéal na mBallstát, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí a dhéanann difear do ESSanna, chun bearta coisctheacha a chur chun feidhme mar fhreagairt ar chomharthaí luathrabhaidh faoi laghdú ar an spás sibhialta, agus chun ESSanna a chosaint ar bhagairtí agus ionsaithe den sórt sin. Chuige sin, agus chun tionscnaimh faireacháin atá ann cheana a mhapáil ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, cruthóidh an Coimisiún, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, mol eolais ar líne maidir leis an spás sibhialta. Leis an mol sin, éascófar rochtain ar thionscadail, uirlisí agus gníomhaíochtaí faireacháin agus cosanta atá ann cheana, lena n-áirítear bearta cosanta atá ar fáil.

Trí fhaisnéis a chomhdhlúthú, cuideoidh an mol le treochtaí agus bearnaí san fhaireachán ar an spás sibhialta a shainaithint agus le bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí den sórt sin. Ar an mbonn sin, d’fhéadfaí bearta cosanta breise a fhiosrú, amhail cúnamh práinneach d’eagraíochtaí atá faoi bhagairt, bearta cosanta atá ar fáil sna Ballstáit a chomhordú, oiliúint agus tacaíocht maidir le socruithe riaracháin, dlíthiúla agus lóistíochta. Tá eolas fianaisebhunaithe ar an gcás ar an láthair ríthábhachtach chun bheith in ann freagairt leormhaith ar riachtanais shonracha ESSanna agus CCDanna a áirithiú.

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar timpeallacht chumasúcháin do ESSanna a chur chun cinn le beartais agus reachtaíocht náisiúnta agus de chuid an Aontais, agus go neartófar gníomhaíochtaí maidir le faireachán agus cosaint do ESSanna. Mar shampla, is próisis struchtúrtha thábhachtacha iad measúnuithe tionchair agus idirphlé maidir le cur chun feidhme a chuidíonn le héifeachtaí agus iarmhairtí na mbeartas agus na reachtaíochta atá beartaithe a shainaithint agus le meastóireacht a dhéanamh orthu. Leanfaidh an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar thionchair na dtionscnamh dá chuid ar an tsochaí shibhialta i measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí laistigh den chreat um Rialáil Níos Fearr.

Chun tacú leis na Ballstáit Moladh (AE) 2023/2836 a chur chun feidhme a thuilleadh, eagróidh an Coimisiún malartuithe leis na Ballstáit chun tacaíocht agus cosaint ESSanna a neartú a thuilleadh, ar malartuithe iad a bheidh ann idir údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara ábhartha agus tacóidh sé le hoiliúint ar an leibhéal náisiúnta do ghairmithe ceartais maidir le SLAPPanna agus leis an gCairt. I gcomhthéacs mhéadú an Aontais, neartóidh an Coimisiún a chórais luathrabhaidh, chun gur féidir freagairtí níos láidre a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: 

-Tacóidh sé le mol eolais ar líne a chruthú maidir leis an spás sibhialta lena ndéantar tionscnaimh faireacháin, tuarascálacha agus acmhainní cosanta atá ann cheana agus a bhaineann leis an spás sibhialta a dhoiciméadú, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

-Fiosróidh sé féidearthachtaí ar mhaithe leis na bearta cosanta atá ar fáil do ESSanna agus do CCDanna atá i mbaol san Aontas a neartú agus a chomhordú.

-Tacóidh sé hoiliúint do ghairmithe ceartais maidir le SLAPPanna a dhíríonn ar ESSanna agus le dlíthíocht maidir leis an gCairt, go háirithe a mhéid a bhaineann le saoirse comhlachais agus chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil.

-Tacóidh sé le fothú acmhainneachta náisiúnta agus eagróidh malartuithe leis na Ballstáit i dtaca le Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún maidir le cosaint agus tacaíocht, i gcomhar le gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear CESE agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

-Córais luathrabhaidh an Aontais a neartú chun go mbraithfear comharthaí a thagann chun cinn go bhfuil an spás sibhialta ag laghdú i dtíortha de chuid an mhéadaithe.

Iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Straitéisí nó pleananna gníomhaíochta náisiúnta tiomnaithe a fhorbairt nó a thabhairt cothrom le dáta chun tacaíocht, cosaint agus cumhacht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chun spás sibhialta cumasúcháin sábháilte a chothú, i gcomhréir le Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún.

Iarrtar ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Leanúint dá faireachán agus dá tuairisciú ar an spás sibhialta, agus líonra ionadaithe a chruthú ó institiúidí agus comhlachtaí náisiúnta agus de chuid an Aontais, ESSanna agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a oibríonn ar fhaireachán ar an spás sibhialta agus ar a chosaint, chun gur féidir leo sonraí, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú.

4.Cistiú leordhóthanach inbhuanaithe agus trédhearcach don tsochaí shibhialta

Mar chuid de thimpeallacht chumasúcháin fhoriomlán, teastaíonn tacaíocht leordhóthanach agus inbhuanaithe ó ESSanna chun a gcuid oibre ríthábhachtaí a dhéanamh, chun teagmháil a dhéanamh go héifeachtach le lucht déanta cinntí, agus chun leanúint de rannchuidiú fóinteach a dhéanamh lenár sochaithe. Ina leith sin, tá cistiú fadtéarmach, intuartha agus leordhóthanach barrthábhachtach chun an chobhsaíocht a sholáthar lena bhfuil gá ag ESSanna chun oibriú go neamhspleách agus go héifeachtach.

Braitheann ESSanna ar chistiú ó mheascán foinsí poiblí agus príobháideacha chun a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú. San Aontas Eorpach, tacaíonn an Coimisiún agus na Ballstáit le ESSanna ar bhealaí difriúla, lena n-áirítear trí dheontais oibriúcháin agus trí chistiú tionscadalbhunaithe. Féadfaidh ESSanna cistiú a fháil freisin trí shíntiúis aonair agus deontais ó fhondúireachtaí príobháideacha, ó eagraíochtaí daonchairdiúla, nó ó chuideachtaí agus ó ghnólachtaí. Maidir le tacaíocht cistithe bhreise, féadfaidh sí teacht ó scéimeanna leithdháileacháin, atá á n-oibriú ag dornán beag Ballstát, agus a cheadaíonn do cháiníocóirí céatadán nó méid seasta dá gcáin ioncaim a ainmniú trína dtuairisceán cánach ioncaim go díreach go n-íocfar é le heintiteas cáilitheach 30 .

Tá cistiú fíor-riachtanach ar fud raon iomlán na ngníomhaíochtaí de chuid ESSanna. Thairis sin, is cuspóir sonrach cistithe i roinnt clár de chuid an Aontais é rannpháirtiú na sochaí sibhialta i reachtaíocht agus i mbeartais an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu. Tacaíonn roinnt clár de chuid an Aontais le gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimsí difriúla beartais 31 . Áirítear orthu sin Fís Eorpach, lena n-áirítear Saoráid Bauhaus Eorpach Nua, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (clár CERV), Erasmus+, Clár an Mhargaidh Aonair, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Clár um Cheartas, Naisc idir gníomhartha forbartha tuaithe (LEADER), Clár Frithchalaoise an Aontais agus clár LIFE. I réigiún an mhéadaithe, soláthraíonn an tAontas tacaíocht do ESSanna, lena n-áirítear tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III). Comhlánú ar chistiú ón Aontas is ea Deontais an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus na hIorua, a thacaíonn le ESSanna san Eoraip, tríd an g Ciste um Shaoránaigh Ghníomhacha .

Is príomhphrionsabail iad an chomhpháirtíocht agus an trédhearcacht maidir le cistiú ón Aontas. Le prionsabal comhpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, éilítear dlúthchomhar idir údaráis phoiblí agus raon leathan comhpháirtithe, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus ESSanna, i gcaitheamh shaolré na gclár arna gcistiú ag an Aontas. Áirithítear leis an bprionsabal sin go mbeidh baint ag páirtithe leasmhara éagsúla le hullmhú agus cur chun feidhme na gcistí ón Aontas agus leis an bhfaireachán agus meastóireacht orthu, chun feabhas a chur ar a n-éifeachtacht, a n-éifeachtúlacht agus a gcuntasacht 32 .

Is í an trédhearcacht, i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana, an treoirphrionsabal i gcónaí i mbainistiú bhuiséad an Aontais. Tá coimircí agus nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh cistiú ón Aontas chuig aon chineál tairbhí (ó ghnólachtaí go ESSanna agus daoine aonair) trédhearcach agus cuntasach, agus chun urraim do luachanna an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis a fhoilsiú faoi fhaighteoirí cistithe ón Aontas atá faoi bhainistiú díreach agus indíreach 33 .

Faoi na rialacha is infheidhme, go háirithe Rialachán Airgeadais an Aontais, chomh maith le creataí conarthacha le haghaidh deontas, tá coimircí láidre i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfaighidh aon eintiteas ná tionscadal a bhfuil a gcuspóirí ar neamhréir le luachanna an Aontais tacaíocht. Chun na coimircí agus na ceanglais sin a neartú a thuilleadh, tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar a indéanta atá sé táscairí riosca a chur le seiceálacha comhlíontachta luachanna an Aontais chun na seiceálacha sin a neartú, mar chuid d’fhobairt na huirlise scórála riosca Arachne , más féidir sin go teicniúil agus más comhlíontach ó thaobh an dlí de, agus an indéantacht a fhiosrú maidir le méadú a dhéanamh ar mhinicíocht na nuashonruithe a dhéantar ar shonraí atá ar fáil go poiblí ar a Chóras Trédhearcachta Airgeadais 34 . Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún nóta ina dtugtar treoir maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí nár cheart don Aontas a éileamh mar choinníoll le haghaidh cistiúcháin mar chuid d’fhorbairt beartais agus reachtaíochta, de chur chun feidhme beartais, d’fhaireachán agus d’fhorfheidhmiú.

Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun inrochtaineacht an chistithe phoiblí ar fud an Aontais a áirithiú. Tuairiscíonn ESSanna gur minic a dhírítear cistiú poiblí ar institiúidí stáit go príomha, gan ach rochtain theoranta agus neamhréireach ann i gcás ESSanna, go háirithe eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí níos lú 35 . Ina theannta sin, is minic a bhíonn deacrachtaí ag ESSanna rochtain a fháil ar chistiú fadtéarmach, ar ESSanna iad a oibríonn maidir le topaicí a bhaineann le grúpaí atá faoi ghannionadaíocht, imeallaithe agus i gcásanna leochaileacha.

Tá roinnt beart déanta ag an gCoimisiún cheana féin chun na nósanna imeachta is infheidhme a shimpliú, an t-ualach riaracháin a laghdú agus na nósanna imeachta sin a ailíniú le riachtanais ESSanna ar an láthair (e.g. trí íocaíochtaí cnapshuime agus cláir oibre ilbhliantúla a úsáid). Leis an úsáid mhéadaithe a bhaintear as tacaíocht airgeadais le haghaidh tríú páirtithe, trína n-eisíocann ESSanna móra cistí ón Aontas le heagraíochtaí níos lú, táthar in ann eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí pobail a bhaint amach le cistiú ón Aontas, ar eagraíochtaí iad nach mbeadh in ann rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas ar shlí eile, agus rannchuidíonn sé sin, faoi seach, le tacaíocht a thabhairt do raon éagsúil den tsochaí sibhialta. Mar shampla, bhí ról lárnach ag an úsáid mhéadaithe sin sa tacaíocht do ESSanna a oibríonn chun luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn faoi chláir amhail Oideachas agus Múscailt Feasachta maidir le Forbairt (DEAR) de chuid an Aontais agus CERV 36 .

Agus buiséad foriomlán os cionn EUR 1.5 billiún don tréimhse 2021-2027 aige, tá spás ar leith ag clár CERV i réimse cistithe ESSanna toisc gur minic gurb é an t-aon fhoinse chistithe atá ar fáil do ESSanna a oibríonn maidir le cearta agus luachanna bunúsacha san Aontas. Ó bhí 2021 ann, thacaigh an clár le níos mó ná 6 000 ESS ar fud na mBallstát uile agus na dtíortha incháilithe uile nach tíortha nach de chuid an Aontais iad. Sna chéad 4 bliana de chur chun feidhme an chláir, ba iad ESSanna príomhthairbhithe CERV, agus 77 % de na cistí a dámhadh faighte acu. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht airgeadais a sholáthar do ESSanna agus do CCDanna atá i mbaol, lena n-áirítear tríd an bhféidearthacht a fhiosrú i dtaobh úsáid na tacaíochta airgeadais a leathnú a thuilleadh chun scéimeanna tríú páirtithe a chuimsiú, i gcláir cistithe ábhartha éagsúla an Aontais.

Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 37 , a glacadh an 16 Iúil 2025, cuirtear in iúl go soiléir go mbeidh tacaíocht airgeadais do ESSanna fós ina tosaíocht do na blianta amach romhainn, i raon réimsí beartais éagsúla. Cuirfidh an clár nua dar teideal AgoraEU le rath chláir Eoraip na Cruthaitheachta agus CERV atá ann faoi láthair, trí bhuiséad táscach iomlán méadaithe de bheagnach EUR 9 mbilliún. Trí thacaíocht don chultúr, do na meáin agus don tsochaí shibhialta a chomhdhlúthú, feabhsóidh AgoraEU cosaint agus cur chun cinn na gceart bunúsach, spreagfaidh sé rannpháirtíocht dhaonlathach agus athléimneacht, déanfaidh sé éagsúlacht chultúrtha agus saoirse ealaíne a chur chun cinn, agus cothóidh sé tírdhreach faisnéise a bheadh saor agus éagsúil.

Leis an g clár Erasmus+ atá beartaithe, comhtháthófar an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ina chuid de, agus buiséad táscach EUR 40.8 billiún ag gabháil leis, agus chomh maith le bheith ag tacú le sealbhú scileanna, cuirfidh sé athléimneacht, rannpháirtíocht sa saol daonlathach agus rannpháirtíocht saoránach chun cinn trí chonairí foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Leanfaidh clár Fís Eorpach dá thacaíocht do thaighde arb é is aidhm dó an daonlathas a neartú, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn.

Mar chuid de thogra CAI, tá sé d’aidhm freisin ag na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí atá beartaithe tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíocht chun forbairt a dhéanamh ar acmhainneachtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta chun luachanna an Aontais a chumhdach, ar oideachas saoránachta agus ar rannpháirtíocht na n-óg. Le togra CAI freisin, aithnítear agus athdhearbhaítear prionsabal na comhpháirtíochta le ESSanna, ag tógáil ar chur chuige rialachais il-leibhéil. Leis an tSaoráid AE atá beartaithe mar chuid den chiste sin freisin, soláthraítear, i measc gníomhaíochtaí eile, cistiú do ghníomhaíochtaí ar son an chomhshaoil agus na haeráide, agus chun tacaíocht agus cumhacht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chomh maith. Ar bhonn níos ginearálta, agus CAI 2028-2034 glactha, déanfar nósanna imeachta a chomhchuibhiú agus a shimpliú a thuilleadh, rud a laghdóidh an t-ualach riaracháin ar ESSanna ar an láthair. Dá bhrí sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle machnamh a dhéanamh ar an ról fíor-riachtanach a bhaineann le cistiú do ESSanna sa chaibidlíocht atá ar na bacáin maidir le CAI 2028-2034.

4.1. Gníomhaithe a shlógadh agus acmhainní a chomhthiomsú

Tá cistiú ón Aontas ríthábhachtach chun ESSanna a chumhachtú, ach is léir nach féidir freastal ar riachtanais cistithe ESSanna ar fud an Aontais agus na dtíortha is iarrthóirí ach amháin trí chistiú ó fhoinsí difriúla. Lasmuigh de chomhthéacs na ndeontóirí poiblí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá méadú ag teacht ar an ról atá ann do dheontóirí príobháideacha (lena n-áirítear gnólachtaí) agus eagraíochtaí daonchairdiúla (fondúireachtaí aonair, cistí comhthiomsaithe agus líonraí). Ní mór do na deontóirí féin a bheith in ann oibriú i dtimpeallacht dhlíthiúil, riaracháin agus rialála, atá ina timpeallacht chumasúcháin lena gcosnaítear saoirsí daonchairdiúla agus lena n-éascaítear síntiúis (trasteorann). Leis sin, cuimsítear creat dlíthiúil lena n-aithnítear fondúireachtaí agus comhlachais (lena n-áirítear thar theorainneacha), agus lena n-áirithítear gur féidir le ESSanna agus deontóirí tairbhiú de dhreasachtaí cánach le haghaidh síntiús is mian leis na Ballstáit a sholáthar 38 .

Tuairiscíonn ESSanna gur minic a bhíonn sé deacair teacht ar fhaisnéis faoi na cineálacha difriúla cistithe atá ar fáil agus faoi na heintitis a sholáthraíonn iad. Tá gá le tuilleadh faisnéise a chomhroinnt, agus níos mó idirphlé agus comhair idir deontóirí, agus idir deontóirí agus ESSanna araon, chun cinntí níos straitéisí a dhéanamh maidir leis na bealaí éagsúla chun tacaíocht a sholáthar agus dúbailt a sheachaint. Dá bhrí sin, éascóidh an Coimisiún idirphlé idir deontóirí, agus idir deontóirí agus ESSanna, lena n-áirítear tríd an Ardán Sochaí Sibhialta, chun taithí a mhalartú, bearnaí cistithe a shainaithint agus comhlántacht na bhfoinsí cistithe a áirithiú ar bhealach níos fearr.

Is minic a bhíonn cineálacha eile tacaíochta ag teastáil ó ESSanna amhail cúnamh comhchineáil, rud is féidir le gairmithe nó oibrithe deonacha a chur ar fáil. Go sonrach, chun dul i ngleic leis an timpeallacht dhlíthiúil, riaracháin, rialála agus theicneolaíoch atá ann faoi láthair ina bhfeidhmíonn ESSanna, ní hamháin gur gá na hacmhainní airgeadais riachtanacha a bheith acu, ach tá méadú ag teacht ar a mhéad is gá scileanna agus saineolas sonrach a bheith acu freisin. Is féidir ról lárnach a bheith ag tacaíocht dhlíthiúil a sholáthraíonn dlíodóirí pro bono maidir leis sin 39 . Is féidir leo tacú le ceisteanna ó thaobh an dlí agus comhlíontachta de (e.g. maidir le hoibleagáidí fostaíochta agus cánach is infheidhme), rud a thugann níos mó spáis do ESSanna na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a dhéanamh, agus is féidir leo tacú leis na príomhchúraimí sin chomh maith (e.g. trí thaighde abhcóideachta, fothú acmhainneachta agus oiliúint, agus dlíthíocht straitéiseach).

Is féidir le dlíodóirí pro-bono tacú le ESSanna aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar ionsaithe freisin, amhail feachtais chlúmhillte agus SLAPPanna, lena n-áirítear trí ionadaíocht a dhéanamh ar ESSanna sa chúirt agus trí comhairleoireacht dhlíthiúil a sholáthar. Dá bhrí sin, oibreoidh an Coimisiún chun pobail dlíodóirí pro bono a nascadh le ESSanna sna hearnálacha éagsúla, ar ESSanna iad a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, chun tacaíocht a éascú maidir le cúrsaí riaracháin, soghluaisteachta, dlíthiúla agus airgeadais.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: 

-Éascóidh sé idirphlé idir deontóirí, agus idir deontóirí agus ESSanna, lena n-áirítear tríd an Ardán Sochaí Sibhialta, chun taithí a mhalartú, bearnaí cistithe a shainaithint agus comhlántacht na bhfoinsí cistithe a áirithiú ar bhealach níos fearr.

-Oibreoidh sé chun pobail dlíodóirí pro bono a nascadh le ESSanna sna hearnálacha éagsúla, ar ESSanna iad a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu, chun tacaíocht a éascú maidir le cúrsaí riaracháin, soghluaisteachta, dlíthiúla agus airgeadais.

-Fiosróidh sé an fhéidearthacht i dtaobh úsáid na tacaíochta airgeadais a leathnú a thuilleadh chun scéimeanna tríú páirtithe a chuimsiú, i gcláir cistithe ábhartha éagsúla an Aontais, i gcás inarb iomchuí.

Iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Timpeallacht dhlíthiúil, riaracháin agus rialála a bhunú agus a choinneáil ar bun, atá ina timpeallacht chumasúcháin, le haghaidh ESSanna agus deontóirí, lena n-áirítear an daonchairdeas, trí phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chur chun feidhme chomh maith leis an Moladh níos leithne ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt.

-Cistí ón Aontas le haghaidh ESSanna a chomhlánú trí shásraí tacaíochta intíre, i gcomhréir le Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún.

5.An tsochaí shibhialta i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais

Ina ghníomhaíochtaí seachtracha freisin, léirítear gealltanas an Aontais teagmháil a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta, agus cosaint agus tacaíocht a thabhairt di. Oibríonn an tAontas go dlúth leis an tsochaí shibhialta chun fíorú chearta an duine a chur chun cinn do chách – trí noirm uilíocha a chur i bhfeidhm, faoi threoir an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Rannchuidíonn ESSanna ar bhealaí tábhachtacha leis an daonlathas a neartú agus le sochaithe athléimneacha ar fud an domhain. Mar shampla, is minic a ghníomhaíonn siad mar chomhpháirtithe cur chun feidhme do thionscadail arna gcistiú ag an Aontas i gcomhar um fhorbairt, i gcabhair dhaonnúil, agus i gcláir fothaithe acmhainneachta, agus déanann siad faireachán ar chomhaontuithe trádála agus comhlachais chun a áirithiú go gcumhdaítear clásail um chearta an duine agus um fhorbairt.

5.1. Teagmháil a dhéanamh le ESSanna go hidirnáisiúnta

Iarrtar go tráthrialta ar ESSanna a gcuid saineolais maidir le beartais sheachtracha an Aontais a chomhroinnt agus rannchuidiú leis an Idirphlé maidir le Cearta an Duine a dhéanann an tAontas ar bhonn tráthrialta le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta. Ar leibhéal tíre, tá ról ríthábhachtach ag toscaireachtaí an Aontais maidir le teagmháil a dhéanamh le ESSanna agus CCDanna, agus is féidir leo faireachán a dhéanamh ar staid an daonlathais, cearta an duine agus an spáis shibhialta go háitiúil.

Le blianta fada anuas, bhí Fóram AE-ENR maidir le Cearta an Duine ina dheis thráthrialta do ESSanna agus do chosantóirí chearta an duine comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus saincheisteanna maidir le cearta an duine a phlé, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin don spás sibhialta ar fud an domhain, le contrapháirtithe an Aontais go díreach. Tá an Fóram Beartais um Fhorbairt agus an dá Shaoráid Chomharsanachta um Shochaí Shibhialta do Chomharsanacht an Deiscirt agus an Oirthir, ina bhfóraim freisin le haghaidh rannpháirtíochta le ESSanna sna réimsí beartas éagsúla de chuid an Aontais. Tá an Coimisiún tiomanta dá thacaíocht don tsochaí shibhialta ar fud an domhain a neartú, agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bhfóraim iltaobhacha a chumasú chomh maith.

Tá teagmháil á déanamh ag an Aontas le ESSanna maidir le rolladh amach straitéis Global Gateway an Aontais agus chuir sé ar bun an t Ardán Comhairleach do ESSanna agus Údaráis Áitiúil maidir le Global Gateway chun na críche sin. Tá ról tábhachtach ag ESSanna freisin maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe trádála agus iad a chur chun feidhme, go háirithe trí Ghrúpaí Comhairleacha Baile. Tá Treochláir le haghaidh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ar leibhéal na tíre comhpháirtíochta forbartha ag an Aontas, in éineacht leis na Ballstáit agus leis an tsochaí shibhialta, agus is é aidhm dóibh idirphlé leanúnach agus struchtúrtha a bhunú idir na gníomhaithe sin. Ina leith sin, tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí do bheith ag tacú le freagairtí faoi stiúir áitiúil ó ESSanna agus le comhpháirtíochtaí cothroma i suíomhanna daonnúla agus lena gcur chun cinn. Déanfar é sin trí bheith ag tacú le hacmhainneacht ESSanna agus trí na hacmhainneachtaí sin a neartú, trí mhéid an chistithe dhaonnúil do ESSanna áitiúla a mhéadú agus trí níos mó údaráis a chineachadh d’fhreagróirí áitiúla de réir a chéile, lena n-áirítear don tsochaí shibhialta.

Sna sásraí éagsúla sin, cuirtear íogaireacht cúrsaí slándála san áireamh leis an gcur chuige i leith na rannpháirtíochta le ESSanna agus CCDanna, agus aird á tabhairt ar imthosca áirithe na gcomhchainteoirí, chun a áirithiú nach nochtfar na heagraíochtaí do rioscaí breise de dheasca na rannpháirtíochta féin.

5.2. Cosaint agus tacaíocht a thabhairt do ESSanna ar fud an domhain

Tá gealltanas ag an Aontas le fada an lá cosaint agus tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus don spás sibhialta ar fud an domhain agus ar leibhéal na tíre. Léirítear é sin, mar shampla, in Teachtaireacht maidir le Rannpháirtíocht na hEorpa leis an tSochaí Shibhialta sa Chaidreamh Seachtrach , i b Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2027 40 , i d Treoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine , agus Cosantóirí Chearta an Duine , agus i g Conclúidí 2019 ón gComhairle maidir leis an Daonlathas , agus i gcur i bhfeidhm an chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta 41 . Tá sé ina phríomhthosaíocht i mbeartas eachtrach an Aontais go dtacófar le ESSanna agus CCDanna, agus go bhfeabhsófar rannpháirtíocht sa saol poiblí agus polaitiúil, go háirithe i gcás na mban agus an aosa óig.

Chun na cuspóirí sin a thabhairt chun cinn a thuilleadh, comhoibríonn an tAontas le heagraíochtaí agus fóraim idirnáisiúnta a fhorbraíonn noirm maidir leis an spás sibhialta. Áirítear orthu sin Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

Is ionstraim thábhachtach iad Tuarascálacha Bliantúla an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas chun faireachán a dhéanamh ar chás ESSanna agus ar an spás sibhialta ar fud an domhain. Trí shásraí eile, amhail na Misin Breathnóireachta Toghcháin, cuirtear ar a chumas don Aontas measúnú a dhéanamh ar an timpeallacht toghcháin, lena n-áirítear na coinníollacha maidir le breathnóireacht sochaí sibhialta intíre, agus déanann sé teagmháil le sciar leathan den tsochaí shibhialta i gcaitheamh na misean sin.

Is tosaíocht i gComharsanacht an Oirthir é go dtacófar le hacmhainneacht agus athléimneacht ESSanna, go háirithe eagraíochtaí pobail, chun gabháil do phróisis ceaptha beartais go fóinteach, go háirithe i gcomhthéacs spás sibhialta atá ag laghdú 42 . Leis an g Comhshocrú don Mheánmhuir , leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé sochaí shibhialta bhríomhar a choinneáil i gComharsanacht an Deiscirt, agus tá sé d’aidhm aige an tsochaí shibhialta, an óige agus pobail áitiúla a chumhachtú, a n-acmhainneachtaí a fhorbairt agus a rannpháirtíocht in idirphlé áitiúil nó réigiúnach a chothú.

Tá dlús curtha ag an Aontas lena ghníomhaíocht chun an spás sibhialta agus cosantóirí chearta an duine a chosaint, lena n-áirítear nuair a dhírítear cos ar bolg trasnáisiúnta as líne agus ar líne orthu. Mar shampla, sheol an tAontas an Córas le haghaidh Timpeallacht Cumasúcháin (EU SEE) 43 don tsochaí shibhialta, lena dtacaítear le ESSanna i mbreis agus 80 tír le faireachán a dhéanamh ar a spás sibhialta, luathrabhaidh a thabhairt maidir le srianta, agus rannchuidiú le freagairtí.

Sholáthair an Coimisiún treoraíocht freisin trína Lámhleabhar ar Víosaí , lena n-áirítear treoraíocht maidir le víosaí a eisiúint do CCDanna, agus soláthraíonn sé oiliúint ina leith sin 44 . I gcomhar leis na Ballstáit, leanfaidh sé den Lámhleabhar agus dá chur chun feidhme a chur chun cinn, go háirithe i ndáil leis an treoraíocht maidir leis na riachtanais ar leith atá ag CCDanna.

5.3. Cistiú a sholáthar, comhpháirtíochtaí a thógáil

Ó bhí 2013 ann, thacaigh an tAontas leis an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais (EED) 45 , lena soláthraítear tacaíocht agus cosaint ríthábhachtach do ESSanna agus do CCDanna i dtimpeallachtaí géarchéime agus diansmachta. Sásra cosanta sonrach atá cistithe ag an Aontas is ea Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosantóirí Chearta an Duine, a cuireadh ar bun chun tacú le cosantóirí chearta an duine i dtríú tíortha 46 , agus soláthraíonn sé cineálacha tacaíochta éagsúla (e.g. cosaint fhisiciúil agus dhigiteach; tacaíocht dhlíthiúil agus leighis; monatóireacht ar thrialacha agus ar phríosúin; fothú acmhainneachta; abhcóideacht; agus athlonnú sealadach).

Soláthraítear cistiú do ESSanna tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (ICFCI - an Eoraip Dhomhanda), mar shampla, trí dheontais a sholáthraítear trí na cláir théamacha um Chearta an Duine agus an Daonlathas agus an tSochaí Shibhialta.

Faoi thogra CAI an Choimisiúin le haghaidh 2028-2034, is tosaíocht i gcónaí é an comhar le ESSanna i dtíortha comhpháirtíochta agus an tacaíocht dóibh faoi ICFCI - an Eoraip Dhomhanda atá beartaithe. Áirítear leis sin an tiomantas leanúnach do chearta an duine agus don daonlathas a chaomhnú ar fud an domhain.

5.4. Ag féachaint chun cinn, an athléimneacht a fhorbairt

Leanfaidh an tAontas dá thacaíocht don spás sibhialta agus do thimpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta ar fud an domhain, agus d’fhaireachán a dhéanamh ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an spás sibhialta trí na sásraí atá ann cheana. Leanfaidh sé de thacaíocht agus cosaint a sholáthar do ESSanna agus do CCDanna atá i mbaol freisin, lena n-áirítear ón gcos ar bolg trasnáisiúnta, trí thionscnaimh amhail ProtectDefenders.eu agus an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais.

Tá dlús á chur ag an Aontas lena rannpháirtíocht ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal réigiúnach leis an tsochaí shibhialta i leith príomhphróisis amhail Cruinnithe Mullaigh réigiúnacha. Leanfaidh an tAontas de bheith ag gabháil d’idirphlé tráthrialta le ESSanna mar phríomh-chomhpháirtithe ina chuid oibre maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an mbeartas eachtrach, agus rachaidh sé i gcomhairle leo agus le cosantóirí chearta an duine agus an chéad Phlean Gníomhaíochta eile de chuid an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas á ullmhú aige. Eagróidh sé seisiúin Idirphlé Struchtúrtha ardleibhéil comhpháirtigh leis an tsochaí shibhialta i réigiúin chomhpháirtíochta freisin, mar shampla faoi chuimsiú an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach.

Faoin gComhshocrú don Mheánmhuir, cumhachtófar príomhghníomhaithe trí roinnt tionscnamh chun tacaíocht choincréiteach a thabhairt dá bpobail, go háirithe trí Thionól Parlaiminteach na nÓg don Mheánmhuir a bhunú; trí thacú le seirbhís shibhialta Mheánmhuirí a fhorbairt; trí eagrú faoi stiúir na mban a chumhachtú mar thionchairí ríthábhachtacha laistigh dá bpobail; agus trí shásraí comhair ar an leibhéal áitiúil a fheabhsú chun an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, lena n-áirítear do dhaoine i gcásanna leochaileacha.

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: 

-Rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta a neartú i ngach réimse beartais de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear trí Thoscaireachtaí an Aontais.

-Rachaidh sé i gcomhairle le ESSanna maidir le timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta i gcomhthéacs na n-ullmhúchán don chéad Phlean Gníomhaíochta eile de chuid an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas.

-Neartóidh sé a thacaíocht don tsochaí shibhialta ar fud an domhain, chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bhfóraim iltaobhacha a chumasú chomh maith.

-Eagróidh sé Idirphlé Struchtúrtha comhpháirteach ardleibhéil leis an tsochaí shibhialta ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach agus leanfaidh sé den idirphlé comhpháirteach sin a chur chun cinn lena chomhpháirtithe réigiúnacha.

-Neartóidh sé a rannpháirtíocht faoi Thionscnamh Daonlathais Fhoireann na hEorpa chun bagairtí atá ag teacht chun cinn agus bagairtí síorathraitheacha ar an spás sibhialta a phlé.

-Tabharfaidh sé Creat-Chomhaontuithe Comhpháirtíochta nua a i gcrích chun acmhainneacht a fhorbairt agus ESSanna a nascadh le chéile trí thionscnaimh spriocdhírithe ina réigiúin chomhpháirtíochta.

Iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

-Comhordú a dhéanamh le Toscaireachtaí an Aontais ar an láthair chun a áirithiú go gcuirfear Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus Treoirlínte an Aontais maidir le cearta an duine chun feidhme go héifeachtach, agus tacú le rolladh amach na glúine nua (2025-27) de Threochlár an Aontais le haghaidh rannpháirtíocht le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

-Feasacht a mhúscailt agus fothú acmhainneachta a sholáthar, lena n-áirítear trí chúrsaí oiliúna nua, i leith na treoraíochta sa Lámhleabhar ar Víosaí maidir le víosaí a éascú do chosantóirí chearta an duine a bhfuil cosaint á lorg acu i gcríoch an Aontais.

6.CONCLÚID

 
Is bunchloch den daonlathas í an tsochaí shibhialta ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Rannchuidíonn an tsochaí shibhialta le ceapadh beartais, trí dhul i gcomhpháirtíocht leis an rialtas náisiúnta agus le hinstitiúidí an Aontais maidir le beartais a chur chun feidhme agus le raon leathan tacaíochta agus seirbhísí a sholáthar in earnálacha éagsúla uile na sochaí. Cuidíonn rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta i spás sibhialta cumasúcháin, atá saor ó bhagairtí agus ó ionsaithe, leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chur chun cinn agus a choimirciú.

Le Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta, réitítear an bealach le haghaidh rannpháirtíocht, tacaíocht agus cosaint neartaithe agus le haghaidh sochaí shibhialta chumhachtaithe. Cuireann an Straitéis tacar beart comhleanúnach chun cinn, ar bearta iad a threisíonn a chéile, chun feabhas éifeachtach a chur ar chosaint na sochaí sibhialta agus ar an tacaíocht a thugtar di, agus chun go mbeidh rannpháirtíocht éifeachtach agus fhóinteach ann le lucht déanta cinntí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais chomh maith.

Teastaíonn iarrachtaí ar na leibhéil uile chun an Straitéis seo a chur chun feidhme. Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith leis na Ballstáit agus tíortha de chuid an mhéadaithe, is gá dóibh uile rannchuidiú leis. Aithnítear sa Straitéis go bhfuil an spás sibhialta ina chontanam agus ina spás daonlathach comhroinnte sna Ballstáit agus i dtíortha de chuid an mhéadaithe, agus go bhfuil sochaí shibhialta bhríomhar i spás sibhialta cumasúcháin fíor-riachtanach chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an aontachais. Ar an leibhéal domhanda, leanfaidh an tAontas dá chomhoibriú lena thíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun timpeallacht chumasúcháin a chruthú don tsochaí shibhialta agus chun rannpháirtíocht, cosaint agus tacaíocht níos láidre a chothú do ESSanna ar fud an domhain.

Tionólfaidh an Coimisiún comhráite go tráthrialta leis na Ballstáit, leis an tsochaí shibhialta, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus le gníomhaithe ábhartha eile chun tacú le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a chuirtear ar aghaidh agus chun machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle, chomh maith le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, tacú le cur chun feidhme na Straitéise seo. Ní mór tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith láidir fós sa chéad CAI eile, agus iarrachtaí a bheith ann chun próisis chistithe a shimpliú, ualaí riaracháin a laghdú, agus feabhas a chur ar an rochtain trí uirlisí digiteacha so-úsáidte.

(1) Airteagal 11 den CAE; Mír 1 d’Airteagal 15 de CFAE.
(2) Féach Straitéis 2020 um an gCairt agus Tuarascáil 2022 maidir leis an gCairt , European Parliament 2022 Report on the shrinking space for civil society in Europe [Tuarascáil 2022 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip] ; Conclúidí ón gComhairle maidir le Cur i bhFeidhm Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh .
(3) Airteagail 11 agus 12 den Chairt.
(4) Déanfar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas don Aontas a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí ábhartha agus beidh siad bainteach ar bhealach comhchosúil leis na Ballstáit sa Straitéis. Aithnítear sa Straitéis go bhfuil an spás sibhialta ina chontanaim agus ina spás comhroinnte sna Ballstáit agus i dtíortha de chuid an mhéadaithe.
(5) Ina gcuid de na comhairliúcháin sin, bhí suirbhé comhairliúcháin phoiblí; suirbhé Eorabharaiméadair; agus cruinnithe comhairliúcháin spriocdhírithe le ESSanna, deontóirí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí náisiúnta um chearta an duine. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta don óige faoi chuimsiú na Seiceála Óige de chuid an Choimisiúin.
(6) Féach Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn; Treoirlínte maidir le tacaíocht an Aontais don tsochaí shibhialta sa réigiún um méadú 2021-2027 ; agus Teachtaireacht ón gCoimisiún, Maidir le fréamhacha an daonlathais agus na forbartha inbhuanaithe: maidir le rannpháirtíocht na hEorpa leis an tSochaí Shibhialta sa chaidreamh seachtrach . Ní sainmhíniú ceangailteach ó thaobh dlí é an coincheap ‘eagraíochtaí na sochaí sibhialta’ a úsáidtear sa Straitéis seo agus féadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais shonracha faoi dhlí an Aontais maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear sa Teachtaireacht seo, amhail faoi Rialachán Airgeadais an Aontais.
(7) I measc na samplaí tá eagraíochtaí pobalbhunaithe, eagraíochtaí creideamhbhunaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha, carthanachtaí, fondúireachtaí, gluaiseachtaí óige agus sóisialta, agus comharchumainn.
(8) Sa Straitéis, úsáidtear an téarma ‘ESSanna’ chun tagairt a dhéanamh d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine araon, ach ní áirítear leis na daoine aonair ná na grúpaí sin a dhéanann nó a chraobhscaoileann foréigean. Féach míreanna 2 agus 3 de Threoirlínte an Aontais maidir le Cosantóirí Chearta an Duine agus aithris 11 de Threoir frith-SLAPP an Aontais .
(9) Féach, mar shampla, Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Cur i bhFeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh .
(10) Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Straitéis um Aontas na hUllmhachta .
(11)

I measc na samplaí eile tá Bauhaus Eorpach Nua ; an Coiste Comhairleach um Dheiseanna Comhionanna idir Mná agus Fir; Grúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige ; Ardán Shochaí Shibhialta an Aontais in aghaidh na Gáinneála ar Dhaoine ; Grúpa Saineolaithe um barúlacha na n-imirceach i réimse na himirce, an tearmainn agus na lánpháirtíochta , Fóram na Sochaí Sibhialta maidir le Drugaí ; Fóram AE-ENR maidir le Cearta an Duine ; Idirphlé na sochaí sibhialta maidir leis an Trádáil ; Fóram frithchiníochais na sochaí sibhialta ; Ardán an Aontais le haghaidh Íospartaigh ; Ardán an Aontais le haghaidh Cuimsiú Romach ; An Grúpa Comhairleach um Beartas Tomhaltóirí .

(12) Féach na sonraí is déanaí, mar shampla Fundamental Rights Agency, Protecting civil society – Update 2023 [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, An tsochaí shibhialta a chosaint – An tEolas is Déanaí 2023] ; FRA civic space consultations 2024 – key findings [Comhairliúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir leis an spás sibhialta 2024 – príomhthorthaí] ; Factual Summary report on consultations for the EU Civil Society Strategy [ Tuarascáil Achomair Fhíorasach maidir le comhairliúcháin le haghaidh Straitéis an Aontais um an tSochaí Shibhialta] (Tuarascáil achomair fhíorasach).
(13) Ba cheart na prionsabail sin a bheith ina dtreoraíocht le haghaidh sásraí idirphlé le ESSanna, agus é á aithint go bhfuil mórán cineálacha rannpháirtíochta eile ann, amhail tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh, comhairliúcháin phoiblí, nuálaíocht oscailte, eolaíocht saoránach, nó próisis breithniúcháin ionadaíocha.
(14) Féach an treoir atá foilsithe ag an gCoimisiún.
(15) Tuarascáil achomair fhíorasach ; Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún; Tuairim SOC/840-EESC-2025 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE); CoE Secretary General’s Roadmap on the Council of Europe's Engagement with Civil Society [Treochlár Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa maidir le Rannpháirtíocht Chomhairle na hEorpa leis an tsochaí sibhialta] 2024-2027, SG/Inf(2023)28; Comhdháil Chomhairle na hEorpa d’Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Idirnáisiúnta, Code of Good Practice for Civil Participation in the Decision-Making Process [Cód Dea-Chleachtais maidir le Rannpháirtíocht Shibhialta sa Phróiseas Cinnteoireachta]; Caighdeáin um Rannpháirtíocht agus Comhchruthú ón gComhpháirtíocht um Rialtas Oscailte ; OECD Working Paper on Public Governance No. 81 .
(16) Mar shampla, sa Danmhairg, in Éirinn, san Fhionlainn, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Laitvia, sa Phortaingéil, agus sa tSeicia, tá roinnt comhlachtaí comhairleacha lena gcuimsítear ESSanna curtha ar bun chun comhairle a chur ar an rialtas i réimsí difriúla (e.g. cearta leanaí, cearta daoine scothaosta, mionlaigh náisiúnta agus comhionannas LADTIA+).
(17) Leis spás sibhialta, déantar tagairt don ‘timpeallacht a chuireann ar a gcumas do dhaoine agus do ghrúpaí – nó ‘gníomhaithe spáis shibhialta’ – páirt fhóinteach a ghlacadh sa saol polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha ina sochaithe’ ( Treoirnóta ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal Protection and Promotion of Civic Space ) nó don ‘tacar coinníollacha dlíthiúla, beartais, institiúideacha agus praiticiúla lena bhfuil gá ag gníomhaithe neamhrialtasacha chun faisnéis a rochtain, iad féin a chur in iúl, a chomhlachú, a eagrú agus páirt a ghlacadh sa saol poiblí’ (ECFE, the Protection and Promotion of Civic Space ).
(18) Féach Straitéis 2020 chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas a neartú , Plean Gníomhaíochta 2020 um an Daonlathas Eorpach , agus samplaí sonracha amhail Straitéisí Aontas an Chomhionannais; an Bauhaus Eorpach Nua , agus an Clár Oibre 2025-2030 maidir le Tomhaltóirí .
(19) Conclúidí ón gComhairle maidir le Cur i bhFeidhm Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh .
(20) Airteagal 21(3) agus aithris 53 de Rialachán (AE) 2024/1624 .
(21) FRA civic space consultations 2024 – key findings [Comhairliúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir leis an spás sibhialta 2024 – príomhthorthaí] ; Tuarascáil achomair fhíorasach ;
(22) Leis an téarma ‘cos ar bolg trasnáisiúnta’, déantar tagairt do chineál cos ar bolg polaitiúil a dhéanann stát lasmuigh dá theorainneacha féin, féach, mar shampla, Nóta ó Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe dar teideal Transnational repression .
(23) Féach, mar shampla, an Lámhleabhar ar Víosaí de chuid an Aontais lena soláthraítear treoraíocht shonrach chun cúnamh a thabhairt do CCDanna.
(24) Féach, mar shampla, Rún 2021/2103(INI) ó Pharlaimint na hEorpa, FRA, Protecting civil society – Update 2023 [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, An tsochaí shibhialta a chosaint – An tEolas is Déanaí 2023] .
(25) Féach, pacáiste um méadú an Aontais , lena gcumhdaítear an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia, an tSeoirsia, an Tuirc agus an Úcráin.
(26)

Féach mar shampla: an tionscadal dar teideal Gníomhaíocht Faireacháin don Spás Sibhialta ; an sa Réigiún um Méadú ; an CSO Meter ; agus Córas an Aontais Eorpaigh le haghaidh Timpeallacht Chumasúcháin don tSochaí Shibhialta .

(27) Féach, mar shampla, an bunachar sonraí a bhaineann le Staid an Smachta Reachta san Eoraip arna choinneáil ar bun ag Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine; an faireachán domhanda a dhéanann an Chomhghuaillíocht Dhomhanda le haghaidh Rannpháirtíocht Saoránach (Civicus) ; tuarascáil 2024 ó Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (OHCHR) na Náisiún Aontaithe maidir le Spás na Sochaí Sibhialta ; sásra tuairiscithe neamhspleách de chuid na Comhpháirtíochta um Rialtas Oscailte; agus Ardán Chomhairle na hEorpa maidir le Sábháilteacht Iriseoirí .
(28) Féach, mar shampla, Straitéis Náisiúnta na Seicia um Chomhar idir an Riarachán Poiblí agus Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha Neamhrialtasacha 2021-2030 agus a Comhairle Rialtais um Eagraíochtaí Neamhbhrabúsacha Neamhrialtasacha; Straitéis Fheidearálach na Gearmáine um Rannpháirtíocht Saoránach agus a Fondúireacht um Rannpháirtíocht Saoránach agus Obair Dheonach; Straitéis na Danmhairge um an tSochaí Shibhialta 2022-2025; Straitéis Sochaí Sibhialta agus Bord Comhairleach na Fionlainne um Beartas na Sochaí Sibhialta; agus Ardán na Portaingéile d’Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta/Teach na Saoránach.
(29) Féach, mar shampla, tionscadail na Gearmáine atá cistithe go feidearálach REspect! agus Hate Aid; comhghuaillíochtaí comhoibritheacha; bonneagar feidearálach ‘ toneshift – Líonra in aghaidh Fuath ar Líne agus Bréagaisnéise ’.
(30) Oibríonn an Iodáil, an Liotuáin, an Phortaingéil, Poblacht na Slóvaice, an Rómáin, an tSlóivéin agus an Ungáir córais den sórt sin.
(31) Is féidir na cláir sin a reáchtáil faoi bhainistiú díreach, indíreach nó comhroinnte. Is iad tíortha an Aontais Eorpaigh féin a bhainistíonn thart ar 80 % d’fhoinsí cistiúchain ón Aontas le haghaidh ENRanna. Soláthraíonn gach tír  faisnéis mhionsonraithe faoi chistiú  agus faoi nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás bainistíochta. Dámhtar cistí ón Aontas faoi bhainistiú díreach tar éis glaonna a bhíonn ar fáil go poiblí. Ar bhonn na rialacha atá bunaithe i Rialachán Airgeadais an Aontais   (AE, Euratom) 2024/2509 , lena n-áirítear príomhphrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne, déantar measúnú ar na hiarratais bhailí uile ar chistiú in aghaidh na gcritéar incháilitheachta, eisiaimh, roghnúcháin agus dámhachtana a shonraítear sna glaonna. Chun forléargas a fháil, féach Deiseanna cistiúcháin do ENRanna . 
(32) Neartaíodh an prionsabal tríd an bhféidearthacht a chuimsiú go leithdháilfí céatadán iomchuí d’acmhainní a thagann isteach ar son fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus ESSanna ó thaobh riaracháin de, agus trí ról an Chóid Iompair Eorpaigh i ndáil le Comhpháirtíocht a chur i dtábhacht sna céimeanna uile den chlársceidealú agus den chur chun feidhme.
(33) Tá an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Chóras Trédhearcachta Airgeadais (FTS) an Choimisiúin. Leis an athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an Rialachán Airgeadais, tugadh isteach forálacha trédhearcachta níos uaillmhianaí, ó thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027 ar aghaidh.
(34) Féach freagraí an Choimisiúin ar an Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh 11/2025 .
(35) Tuarascáil achomair fhíorasach ;
(36) ar an meastóireacht eatramhach ar chlár CERV ; agus Tuarascáil 2024 maidir leis an gCairt .
(37) Féach anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin togra ón Aontas le haghaidh CAI 2028-2034.
(38) Le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, bunaítear nach bhféadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le sochair chánach, sa chaoi nach bhfaighidh ach eagraíochtaí carthanachta intíre iad nó síntiúis/tiomnachtaí a thugtar d’eintitis intíre, agus carthanais eachtracha nó síntiúis/tiomnachtaí inchomparáide a thugtar do charthanais eachtracha inchomparáide á n-eisiamh ó na sochair sin. Féach Moladh C(2023) 1344 ón gComhairle maidir le creatdálaí geilleagair shóisialta a fhorbairt agus Doiciméid Inmheánacha Oibre ghaolmhara.
(39) Féach, mar shampla, na seirbhísí a sholáthraíonn PILnet .
(40) Ag gabhail leis an leathnú ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, bhí Conclúidí ón gComhairle , inar athdhearbhaíodh tacaíocht an Aontais don tsochaí shibhialta agus do chosantóirí chearta an duine mar phríomhthosaíocht i mbeartas eachtrach an Aontais.
(41) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Applying the Human Rights Based Approach to international partnerships. [An Cur Chuige Bunaithe ar Chearta an Duine a chur i bhfeidhm maidir le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta.]
(42) Áirítear leis sin tacaíocht do ESSanna, go háirithe eagraíochtaí an phobail, i roinnt tíortha laistigh de réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir (EaP).
(43) Is clár comhpháirtíochta é EU SEE lena bhféachtar le tacú leis an tsochaí shibhialta chun go mbeidh rath uirthi ar fud an domhain trí chosc a chur ar iarrachtaí chun srian a chur leis an spás sibhialta.
(44) Reáchtáiltear na cúrsaí oiliúna go háirithe trí thionscadal arna chómhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach faoin  Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí  (BMVI), tionscadal atá forbartha ag Gníomhaireacht Imirce na Sualainne.
(45) Is eagraíocht neamhspleách í an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais a thugann deontais, agus a bhunaigh an tAontas agus a Bhallstáit in 2013 mar Chiste Iontaobhais Idirnáisiúnta neamhspleách chun an daonlathas a chothú i gComharsanacht na hEorpa, sna Balcáin Thiar, sa Tuirc agus níos faide i gcéin.
(46) Thacaigh an sásra le breis agus 85 000 CCDanna ó bhí 2015 ann .
Top