AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.12.2025
COM(2025) 767 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le hacmhainneacht agus cúraimí institiúidí fioscacha neamhspleácha san Aontas
{SWD(2025) 417 final}
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le hacmhainneacht agus cúraimí institiúidí fioscacha neamhspleácha san Aontas
1.
Réamhrá
Tháinig Treoir 2011/85/AE ón gComhairle maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát i bhfeidhm i mí na Nollag 2011. Ba chuid thábhachtach é den phacáiste reachtach maidir le rialachas eacnamaíoch a neartú, ar a dtugtar an ‘sé-phaca’ freisin. Leagtar síos sa Treoir, den chéad uair, íoscheanglais le haghaidh creataí buiséadacha do Bhallstáit. Agus an taithí a fuarthas ó bhí 2011 ann á cur san áireamh, rinneadh athbhreithniú le déanaí ar an gcóras iomlán faireachais eacnamaíoch, as ar eascair athchóiriú ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Sa chomhthéacs sin, leasaíodh Treoir 2011/85/AE ón gComhairle le Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle.
Le Treoir 2011/85/AE, tugadh isteach íoscheanglais maidir le córais cuntasaíochta buiséadaí agus tuairiscithe staidrimh, rialacha agus nósanna imeachta lena rialaítear ullmhú réamhaisnéisí le haghaidh pleanáil bhuiséadach, rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha, creataí buiséadacha meántéarmacha, agus sásraí lena rialaítear caidrimh fhioscacha idir údaráis phoiblí ar fud fho-earnálacha an rialtais ghinearálta. Cé gur cumhdaíodh na forálacha sin uile san athbhreithniú, ag féachaint ar cé acu a bhí nó nach raibh siad fós ábhartha agus ar tuigeadh iad agus ar cuireadh i bhfeidhm iad mar a bhí beartaithe, rinneadh gnéithe nua a mheas san athbhreithniú freisin, lena léirítear forbairtí ó bhí 2011 ann. Go háirithe, tá sé cruthaithe ag institiúidí fioscacha neamhspleácha gur féidir leo ról tábhachtach a bheith acu maidir le bonn eolais a chur faoin díospóireacht ar an mbeartas fioscach agus maidir le cleachtais bhuiséadacha fhónta a chothú má tá a leagan amach institiúideach láidir agus má tá acmhainní maithe acu, agus má tá impleachtaí fioscacha an athraithe aeráide ag éirí níos práinní. Léirítear le Treoir (AE) 2024/1265 toradh an athbhreithnithe agus na caibidlíochta leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa, as a n‑eascraíonn leasuithe ar Threoir 2011/85/AE, nach mór do na Ballstáit a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2025.
Luaitear i litir b) nua-leasaithe Airteagal 16(1) de Threoir 2011/85/AE nach mór don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuairisciú ar staid na himeartha maidir le hacmhainneacht agus cúraimí institiúidí fioscacha neamhspleácha san Aontas, agus an dul chun cinn atá déanta ó tháinig an Treoir seo i bhfeidhm á chur san áireamh, ag tógáil ar thorthaí Bhunachar Sonraí an Choimisiúin um Rialachas Fioscach agus ar chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara ábhartha, d’fhonn íoschaighdeáin a fhiosrú’. Chuige sin, chuir an Coimisiún an tuarascáil seo agus doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi ar fáil ina bhfuil bileoga eolais aonair ina bhfuil príomhfhíorais agus príomh-shaintréithe le haghaidh gach ceann de na 31 institiúid fhioscach neamhspleách atá bunaithe san Aontas faoi láthair agus ina bhfuil achoimre ar láidreachtaí agus laigí gach institiúide fioscaí neamhspleáiche. Tá na bileoga eolais bunaithe ar fhaisnéis a chuir na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha ar fáil d’eagrán 2025 de Bhunachar Sonraí an Choimisiúin um Rialachas Fioscach (modúl na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha) agus ar ionchur breise a fuarthas don tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn agus i malartuithe déthaobhacha éagsúla le húdaráis náisiúnta agus le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha. Cuirtear san áireamh sa tuarascáil seo faisnéis atá ar fáil faoi lár mhí Dheireadh Fómhair 2025, lena n‑áirítear reachtaíocht náisiúnta a glacadh go dtí sin. Cuirtear i láthair inti conclúidí ginearálta a baineadh as an bhfaisnéis atá sna bileoga eolais.
Is é is cuspóir don tuarascáil seo breithniú a dhéanamh ar chúraimí agus ar chumas institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais d’fhonn foghlaim fhrithpháirteach agus forbairt institiúidí fioscacha neamhspleácha amach anseo a éascú. Beidh an fhaisnéis a leagtar amach sa tuarascáil seo mar bhonnlíne freisin chun comparáid a dhéanamh idir bearta leantacha athbhreithniúcháin. Mar a tugadh faoi deara cheana féin, iarrtar ar an gCoimisiún leis an Treoir tuairisc a thabhairt ar chúraimí agus ar acmhainneacht institiúidí fioscacha neamhspleácha uair amháin gach 5 bliana. Go háirithe, tabharfaidh sé sin léargas úsáideach maidir le measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá sé d’acmhainn ag institiúidí fioscacha neamhspleácha na cúraimí a bheidh éigeantach, ó 2032 ar aghaidh, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2024/1263 ón gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chomhlíonadh.
Ní hé cuspóir na tuarascála seo measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na bhforálacha náisiúnta leis an Treoir leasaithe. Déanfar measúnú den sórt sin tar éis don spriocdháta trasuite dul in éag i gcomhréir le dlí an Aontais.
Seo é an struchtúr atá ar an tuarascáil. Sa chéad roinn eile tugtar forléargas gairid ar fhorbairtí ó tháinig an Treoir bhunaidh i bhfeidhm in 2011. Déantar achoimre sa dá fhoroinn seo a leanas ar staid na himeartha mar atá faoi láthair maidir le cúraimí agus cumas, faoi seach, institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais. Cumhdaítear leis an bhforoinn dheireanach sin, dá réir sin, acmhainní, neamhspleáchas agus gníomhaíochtaí cumarsáide na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha. Déantar achoimre sa roinn deiridh den tuarascáil ar na príomhthorthaí.
2.
Cúraimí agus inniúlacht institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais
2.1
Forbairtí ó tháinig Treoir 2011/85/AE i bhfeidhm
Níl aon amhras ach go bhfuil an creat dlíthiúil atá ag athrú lena rialaítear institiúidí fioscacha neamhspleácha ar cheann de na tosca is cúis leis an méadú géar ar an líon institiúidí fioscacha neamhspleácha a tugadh faoi deara san Aontas le 15 bliana anuas. Léirítear i bhFíor 1 gur bunaíodh líon mór institiúidí fioscacha neamhspleácha nua sna blianta tar éis na géarchéime airgeadais domhanda agus reachtaíocht nua an Aontais a tháinig ina diaidh, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 473/2013. Roimhe sin, ní raibh ach dornán institiúidí fioscacha neamhspleácha san Aontas, cé go raibh stair sheanbhunaithe ag cuid acu, amhail WIFO san Ostair, CPB san Ísiltír, Comhairlí Eacnamaíocha na Danmhairge sa Danmhairg agus an Biúró Pleanála Cónaidhme sa Bheilg. Le déanaí, bunaíodh institiúidí fioscacha neamhspleácha i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro, lena n‑áirítear an tSeicia agus an Pholainn. Is í Comhairle Fhioscach na Polainne an institiúid fhioscach neamhspleách is déanaí atá le bunú, agus tá coinne leis go dtosóidh sí ag feidhmiú an 1 Eanáir 2026. Fágann sé sin go bhfuil suas le 32 institiúid fhioscacha neamhspleácha san Aontas.
Fíor 1.
An líon Institiúidí Fioscacha Neamhspleácha san Aontas Eorpach ó bhí 2010 ann
Foinse: Bunachar Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh um Rialachas Fioscach (eagrán 2025)
NB. Meastar go mbeidh institiúid fhioscach neamhspleách oibríochtúil ag an bPolainn ó 2026 ar aghaidh.
Roghnaigh cúig Bhallstát dhá institiúid fhioscacha neamhspleácha a bheith acu, a bhfuil cúraimí sonracha institiúidí fioscacha neamhspleácha ag gach ceann acu. I ngach ceann de na cúig chás, is institiúid sheanbhunaithe é ceann den dá institiúid fhioscacha neamhspleácha a bhfuil traidisiún réamhaisnéise maicreacnamaíche aici. Agus institiúidí fioscacha neamhspleácha á dtabhairt isteach sa chreat fioscach náisiúnta, mheas na Ballstáit sin go raibh sé éifeachtúil ligean do na hinstitiúidí sin leanúint de chúram a dhéanamh den réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch is bonn le pleananna buiséadacha an rialtais a tháirgeadh, agus ligean d’institiúid eile cúram a dhéanamh de chúram na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche eile a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, i.e. faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha fioscacha, chomh maith le cúraimí eile institiúidí fioscacha neamhspleácha, b’fhéidir, amhail measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach nó ar chostáil bhuiséadach. Leis na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE, ceadaítear go sainráite do Bhallstát níos mó ná institiúid fhioscach neamhspleách amháin a bheith aige, chun freastal ar chomhthéacsanna náisiúnta sonracha amhail na comhthéacsanna sin. D’fhéadfadh na réitigh sin, áfach, an uaillmhian maidir le féiniúlacht institiúide fioscaí neamhspleáiche a chruthú a dhéanamh níos casta, agus institiúid amháin inaitheanta go soiléir ag an bpobal mar fhoras faire an bheartais fhioscaigh náisiúnta.
Tá grúpa institiúidí fioscacha neamhspleácha ann freisin atá ceangailte de mháthairinstitiúid nó leabaithe inti, amhail an Chúirt Iniúchóirí náisiúnta (an Fhionlainn, an Fhrainc agus an Liotuáin), nó i gcás ina sanntar ról na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche d’institiúid a bhfuil cúraimí eile nach cúraimí institiúide fioscaí neamhspleáiche iad uirthi freisin (e.g. an Ostair/WIFO, an Danmhairg, an Ísiltír/CPB agus CoS, Lucsamburg/STATEC, an tSlóivéin/IMAD). Is féidir le réitigh den sórt sin a chur ar chumas institiúide fioscaí neamhspleáiche leas a bhaint as saineolas atá ann cheana nó creidiúnacht sheanbhunaithe institiúide atá ann cheana a ‘fháil ar iasacht’ agus tairbhe á baint as roinnt cosanta buiséid an tráth céanna. Mar sin féin, tá an baol ann arís nach mbeidh ról sonrach na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche chomh hinaitheanta céanna, rud a d’fhéadfadh an chumarsáid leis an bpobal maidir le cúrsaí fioscacha a dhéanamh níos casta.
Ós rud é gur cheart cead a thabhairt do chreataí fioscacha náisiúnta saintréithe agus traidisiúin institiúideacha náisiúnta shonracha a léiriú, ní fhorchuirtear le reachtaíocht an Aontais maidir le institiúidí fioscacha neamhspleácha ‘cur chuige a oireann do chách’ ach ceadaítear léi spás do roghanna tírshonracha agus méid áirithe solúbthachta maidir le léirmhíniú beacht nó cur chun feidhme praiticiúil forálacha áirithe. Mar thoradh air sin, tá difríochtaí sách mór idir institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais. Tugtar forléargas gairid sna ranna seo a leanas ar an staid reatha maidir le cuid de phríomh-shaintréithe na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha.
2.2
Raon feidhme chúraimí institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais
Tá an raon leathan difríochtaí idir institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais le feiceáil go soiléir i raon feidhme a gcúraimí, cibé acu na cúraimí a dhéanann siad iarbhír nó a sainorduithe dlíthiúla. D’fhéadfadh an éagsúlacht sin a léiriú nach raibh ach sainordú réasúnta cúng do ‘chomhlachtaí neamhspleácha’ ag teastáil ó reachtaíocht an Aontais go dtí an t‑athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an gcreat dlíthiúil, lena gcumhdaítear den chuid is mó réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a tháirgeadh nó a fhormhuiniú (don limistéar euro) agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha fioscacha náisiúnta. Níor bunaíodh na cúraimí sin mar chúraimí institiúide fioscaí neamhspleáiche i ngach Ballstát den Aontas ach amháin tar éis na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE agus cuireadh cúraimí eile leis. Mar thoradh air sin, mheas roinnt Ballstát gur leor a cheangal ar a n‑institiúid fhioscach neamhspleách an sainordú cúng sin a chomhlíonadh, agus é sin amháin, agus leathnaigh Ballstáit eile é nó, ar a laghad, thug siad an tsaoirse agus na modhanna do na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha é sin a dhéanamh. Léirítear é sin in innéacs raon feidhme ghníomhaíocht na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha, ar innéacs é atá bunaithe ar shonraí arna mbailiú ag an gCoimisiún ó Institiúidí Fioscacha Neamhspleácha an Aontais le haghaidh Shuirbhé an Bhunachair Sonraí bhliantúil um Rialachas Fioscach (Fíor 2). Tomhaistear leis raon feidhme cúraimí institiúidí fioscacha neamhspleácha, arna n‑ualú de réir a dhéine a shaothraítear iad agus de réir neart dlíthiúil a sainordaithe. Dá bhrí sin, ní táscaire é ar a éifeachtúla ná a neamhspleáiche atá siad ná ar an tionchar atá acu ar an mbeartas fioscach. Mar a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis, léiríonn an t‑innéacs foriomlán ardleibhéal cobhsaíochta le himeacht ama, cé gur neartaigh roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha a n‑innéacs le blianta beaga anuas.
Fíor 2.
Éagsúlacht i raon feidhme ghníomhaíocht na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha (innéacs raoin feidhme ghníomhaíocht na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha)
Foinse: Bunachar Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh um Rialachas Fioscach (eagrán 2025)
N.B. Is é 100 luach innéacs raon feidhme ghníomhaíocht na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha is airde is féidir.
Thuairiscigh cúig institiúid fhioscacha neamhspleácha go dtáirgeann siad na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha foluiteacha le haghaidh phleananna buiséadacha a mBallstát faoi seach. Thuairiscigh 14 institiúid fhioscacha neamhspleácha eile go dtacaíonn siad leis na réamhaisnéisí sin iad féin nó trí choiste atá ceangailte lena n‑institiúid fhioscach neamhspleách nó ina bhfuil cearta vótála acu. Thuairiscigh dhá Bhallstát sa limistéar euro nach ndéanann a gcuid institiúidí fioscacha neamhspleácha measúnú ach ar réamhaisnéisí den sórt sin (an Fhionlainn agus an Fhrainc), agus i bhformhór na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro, thuairiscigh institiúidí fioscacha neamhspleácha nach raibh mórán rannpháirtíochta acu go dtí seo in ullmhú ná i measúnú na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha.
Is lú an bhaint atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha le réamhaisnéisí buiséadacha, agus tuairiscíonn thart ar leath de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha go dtacaíonn siad le réamhaisnéisí buiséadacha nó go ndéanann siad measúnú orthu sula nglacann an pharlaimint pleananna buiséadacha. Ní chiallaíonn sé sin go mbunaíonn na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha sin a measúnuithe ar réamhaisnéis fhioscach lánfheidhme dá gcuid féin, mar nach mbunaíonn a bhformhór, ná ní chiallaíonn sé nach dtáirgeann aon cheann de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha eile a réamhaisnéisí buiséadacha féin, ós rud é go ndéanann roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha amhlaidh. Ní bhunaíonn ach dornán institiúidí fioscacha neamhspleácha a measúnuithe ar chostáil chainníochtúil beartais (e.g. an Ostair (FISK), an Bheilg (FPB), an Iodáil agus an Ísiltír (CPB)).
Thuairiscigh na Ballstáit uile seachas an Pholainn go bhfuil institiúid fhioscach neamhspleách acu ag a bhfuil sainordú faireachán ex post a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha fioscacha náisiúnta, ar príomhghníomhaíocht de chuid institiúidí fioscacha neamhspleácha é sin, agus thuairiscigh beagnach an oiread céanna go bhfuil sainordú acu freisin faireachán ex ante a dhéanamh ar chomhlíonadh.
Thuairiscigh beagán níos mó ná leath de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha go ndéanann siad anailís inbhuanaitheachta fhadtéarmach de chineál éigin, agus luaigh a bhformhór go bhfuil an cúram sin mar chuid dá sainordú go sainráite. Mar léiriú ar an bhfíoras gur gníomhaíocht atá dian ar acmhainní iad anailísí inbhuanaitheachta agus gur minic a dhéantar iad sa bhreis ar na cúraimí eile a luaitear thuas, thuairiscigh na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha is mó a bhfuil acmhainní acu go príomha go bhfuil an cúram sin á dhéanamh acu, e.g. institiúidí fioscacha neamhspleácha san Ostair (WIFO), sa Bheilg (FPB), sa Spáinn, san Iodáil, san Ísiltír (CPB), sa Phortaingéil agus sa tSlóvaic. Mar sin féin, thuairiscigh roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha beaga go raibh siad gníomhach ar leibhéil éagsúla sa réimse sin, e.g. institiúidí fioscacha neamhspleácha san Ostair (FISK), sa tSeicia, in Éirinn, sa Liotuáin, sa Laitvia agus sa tSlóivéin (FC). Astu sin nár thuairiscigh aon ghníomhaíocht i réimse na hinbhuanaitheachta fadtéarmaí, bhí beagnach gach ceann acu réasúnta beag.
Maidir le rannpháirtíocht institiúidí fioscacha neamhspleácha sa chéad bhabhta de phleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta, tá éagsúlacht ann, rud a d’fhéadfadh a léiriú go bhfuil go dtí deireadh 2025 ag na Ballstáit chun na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE a thrasuí agus go raibh teorainn ama acu chun teacht i ngleic le creat nua rialachais fhioscaigh an Aontais. Ina theannta sin, mar a luadh cheana, ní bheidh ceangal dlíthiúil ar na Ballstáit páirt a thabhairt do na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha go dtí an 1 Bealtaine 2032. Mar sin féin, thuairiscigh thart ar leath de na Ballstáit go raibh baint ag institiúid fhioscach neamhspleách amháin ar a laghad ar bhealach éigin leis an gcéad bhabhta de phleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta, den chuid is mó trína iarraidh air na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha is bun leis an bplean a fhormhuiniú (nó i gcásanna áirithe iad a tháirgeadh). D’eisigh roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha a measúnú féin ar na pleananna fiú gan cúram foirmiúil a bheith orthu é sin a dhéanamh.
Ar an gcaoi chéanna, ós rud é nár tháinig measúnú ar chomhsheasmhacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht an chreata fhioscaigh náisiúnta chun bheith ina chúram éigeantach go dtí tar éis an leasaithe ar Threoir 2011/85/AE, ní haon ionadh nár thuairiscigh ach líon teoranta institiúidí fioscacha neamhspleácha go raibh siad gníomhach sa réimse sin agus go minic ar bhonn teoranta gan anailís chuimsitheach a dhéanamh ar an gcreat ina iomláine.
2.3
Acmhainneacht institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais
2.3.1
Acmhainní airgeadais agus soláthar foirne
Tá éagsúlacht nach beag idir institiúidí fioscacha neamhspleácha maidir le leibhéal na n‑acmhainní airgeadais a chuirtear ar fáil d’institiúidí fioscacha neamhspleácha. Ba é EUR 100 000 (Lucsamburg/CNFP) na leithreasuithe buiséid ab ísle a tuairiscíodh le haghaidh 2024, I gcodarsnacht leis sin, thuairiscigh roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha buiséid i bhfad níos airde (thart ar EUR 11 mhilliún sa Spáinn). Ba é thart ar EUR 900 000 an buiséad airmheánach a bhí bunaithe ar na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha sin a bhí in ann a mbuiséad féin a shainaithint. Ní raibh trí institiúid fhioscacha neamhspleácha in ann méid a léiriú toisc gur tuairiscíodh gur tháinig an maoiniú dá ngníomhaíochtaí ó bhuiséad foriomlán máthairinstitiúide, nach raibh mórán smachta acu air (an Bheilg/SPBR, an Fhrainc agus an Ísiltír/CoS). Is léiriú é an raon leathan leithreasuithe buiséid den chuid is mó ar mhéid éagsúil fhoireann theicniúil na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha, ach freisin ar roinnt gnéithe institiúideacha eile a bhfuil tuairisc níos mionsonraithe orthu thíos.
Tá éagsúlacht sna leibhéil foirne idir institiúidí fioscacha neamhspleácha ó thart ar choibhéis lánaimseartha amháin sa Ghearmáin go 67 sa Spáinn. Is é 6.5 ball foirne an leibhéal airmheánach foirne, agus bhí idir 4 agus 20 ball foirne sa dá mheáncheathairíl. Mar thomhas ar chumas anailíseach institiúidí fioscacha neamhspleácha, ceathrar a bhí sa líon airmheánach eacnamaithe agus na saineolaithe dlí, a raibh thart ar dhá thrian den fhoireann iomlán i gceist leo.
Agus léargas ginearálta á thabhairt, ní mór na huimhreacha sin a léirmhíniú go cúramach mar sin féin i bhfianaise roinnt tosca a bhaineann go sonrach le tír faoi leith. Mar shampla, thuairiscigh níos mó ná leath de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha uile go bhfuair siad leibhéil éagsúla cúnaimh ábhartha ó institiúidí eile. Is minic a thagann sé sin i bhfoirm seirbhísí coiteanna amhail TF, acmhainní daonna agus cumarsáid nó i bhfoirm áitribh a bheith á gcur ar fáil nó foireann a bheith á dtabhairt ar iasacht. Thairis sin, i roinnt cásanna, níor áiríodh sna figiúirí a tuairiscíodh acmhainní foirne a soláthraíodh trí choistí i gceangal leis seo a raibh sé de chúram orthu réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a fhormhuiniú (an Ghearmáin agus an tSlóvaic).
I gcás roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha, rinne a leithreasuithe buiséid rómheastachán ar na hacmhainní a bhí ar fáil, toisc gur minic a bhí siad bunaithe ar líon teoiriciúil post san institiúid fhioscach neamhspleách, nár líonadh i gcónaí. Chiallaigh sé sin, i ndáiríre, gur úsáid an institiúid fhioscach neamhspleách níos lú ná a mbuiséad leithdháilte, uaireanta i bhfad níos lú. Bhí deacrachtaí ag institiúidí fioscacha neamhspleácha poist a líonadh ar roinnt cúiseanna. Is minic a thuairiscigh na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha lena mbaineann cúiseanna a bhaineann le tuarastal, á rá nach raibh siad in ann leibhéil phá foirne a shocrú ach go raibh orthu scálaí pá státseirbhíseach seanbhunaithe a leanúint ina ionad sin, rud a d’fhág go raibh sé deacair iarrthóirí a bhfuil próifíl oiriúnach acu a mhealladh agus a choinneáil. Cúis eile a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin anásta a chuireann moill ar nósanna imeachta earcaíochta, rud a chuir teorainn leis an líon iarrthóirí incháilithe.
Níor thuairiscigh ach fíorbheagán Ballstát go raibh cosaintí dlíthiúla i bhfeidhm acu chun cistiú cobhsaí a áirithiú d’institiúidí fioscacha neamhspleácha. Thug Ballstát amháin dlí isteach lena gceanglaítear go mbeadh leithreasuithe institiúide fioscaí neamhspleáiche nasctha le boilsciú (Málta). Bhí ceanglas ag Ballstát eile gur leor cistiú institiúide fioscaí neamhspleáiche chun líon áirithe gníomhaíochtaí institiúide fioscaí neamhspleáiche a chumhdach (an Laitvia). I mBallstát eile, bhí reachtaíocht ann lena leagtar síos nach bhféadfar leithreasuithe buiséid an stáit a laghdú ach amháin in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo (an Phortaingéil). I mBallstáit eile, tá cleachtais sheanbhunaithe ann a shaothraíonn aidhmeanna atá cosúil leo siúd a dtugtar tuairisc orthu thuas (e.g. san Ostair), ach níl siad cumhdaithe sa dlí.
2.3.2
Neamhspleáchas
Ní hamháin go mbaineann cumas institiúide fioscaí neamhspleáiche chun tionchar a imirt ar bheartas fioscach lena hacmhainní buiséadacha nó leis an líon foirne cáilithe (féach an fhoroinn roimhe seo), ach baineann sé freisin le neamhspleáchas na hinstitiúide. Mura mbreathnaítear ar institiúid fhioscach neamhspleách mar institiúid neamhspleách, tá an baol ann go mbreathnófar ar a hanailís agus ar a thuairimí mar anailís agus tuairimí atá claonta agus, ina dhiaidh sin, gur lú an tionchar a bheidh acu sa phlé. Níl aon bhealach amháin is fearr ann chun neamhspleáchas institiúid fhioscach neamhspleách a thomhas. Mar sin féin, is féidir le príomhghnéithe institiúideacha mar aon le táscairí a bhaineann le cumas na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche sa chleachtas gníomhú agus cumarsáid a dhéanamh gan bhac laistigh dá sainchúram go leor de na gnéithe is tábhachtaí a ghabháil chun neamhspleáchas a ráthú.
Is é an chéad chosaint ar chur isteach míchuí reachtaíocht a bheith i bhfeidhm lena gcuirtear toirmeasc ar institiúidí fioscacha neamhspleácha treoracha a ghlacadh ó aon duine. Cumhdaítear thart ar leath d’institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais leis na forálacha sin. Tá tagairtí níos ginearálta sa reachtaíocht do neamhspleáchas na hinstitiúide ag an tríú cuid eile. Ós rud é go n‑áirítear go sainráite sa leasú ar Threoir 2011/85/AE ceanglas chun toirmeasc a chur ar institiúidí fioscacha neamhspleácha treoracha a ghlacadh, ceanglófar ar na Ballstáit nár thug foráil shonrach isteach go fóill chuige sin déanamh amhlaidh.
Critéar eile, arb é is aidhm dó a áirithiú go gceapfar daoine oiriúnacha chun an institiúid fhioscach neamhspleách a stiúradh, mar Cheann na hinstitiúide nó mar chomhalta dá cheannaireacht, is ea nósanna imeachta ceapacháin trédhearcacha agus ceanglais leordhóthanacha maidir le hinniúlacht ghairmiúil a bheith i bhfeidhm. Tá nósanna imeachta ceapacháin bunaithe sa dlí ag formhór na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha, cé gur minic a bhíonn tionchar láidir ag ionadaithe an rialtais, go háirithe ón Aireacht Airgeadais, ar an nós imeachta ainmniúcháin, rud a fhágann go bhfuil baol éigin ann go mbeidh claontacht fhéinleasaithe ann. Sa Phortaingéil agus sa Ghréig, baineann nósanna imeachta ainmniúcháin leas as grúpa níos leithne páirtithe leasmhara, ina bhfuil Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí agus gobharnóir an bhainc ceannais rannpháirteach. In Éirinn, fógraítear comórtas oscailte go poiblí, agus ina dhiaidh sin déanann coiste roghnúcháin gearrliosta a tharraingt suas, ar a bhfuil, i measc nithe eile, cathaoirleach reatha na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche agus páirtí leasmhar seachtrach. San Iodáil, roghnaítear iarrthóirí ó liosta de dheichniúr, ar an ngearrliosta ag coistí buiséid an dá theach parlaiminte, de réir riail tromlaigh dhá thrian.
Maidir le ceanglais inniúlachta gairmiúla, tá rialacha nó reachtaíocht i bhfeidhm ag beagnach gach institiúid fhioscach neamhspleách ina sonraítear na cáilíochtaí agus an taithí is gá chun feidhm cheannaireachta a ghlacadh, agus béim á leagan go minic ar eacnamaíocht agus ar shaineolas airgeadais phoiblí. Mar sin féin, tá cásanna ann freisin ina leagtar amach ceanglais ghairmiúla i dtéarmaí níos ginearálta (go háirithe in institiúidí a bhfuil cúraimí nach cúraimí institiúide fioscaí neamhspleáiche iad orthu freisin) nó ina n‑úsáidtear critéir a d’fhéadfadh srian gan ghá a chur leis an líon iarrthóirí, amhail ceanglas a bheith i do shaoránach den Bhallstát atá i gceist. I gcás roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha, níl aon cheanglas sainráite ann maidir le hinniúlacht ghairmiúil, cé go bhfuil cáilíocht an-mhaith ag an gceannaireacht i ndáiríre.
Ráthaíocht fhíor-riachtanach maidir le neamhspleáchas institiúidí fioscacha neamhspleácha is ea a gcumas cumarsáid a dhéanamh gan bhac (tabhair faoi deara go scrúdaítear gnéithe níos praiticiúla den chritéar sin sa chéad fhoroinn eile). Tá ceart foirmiúil ag institiúidí fioscacha neamhspleácha i ngach Ballstát seachas an Fhrainc (nach féidir lena n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha tuairimí a fhoilsiú ach amháin ar liosta sainithe de dhlíthe buiséadacha) cumarsáid a dhéanamh gan bhac. Baineann ráthaíocht atá chomh tábhachtach céanna le ceart institiúidí fioscacha neamhspleácha rochtain a fháil ar fhaisnéis agus le cur i bhfeidhm praiticiúil an chirt sin. Tá ceart dlíthiúil ag thart ar thrí cheathrú de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Tá an ceart sin códaithe ag institiúidí fioscacha neamhspleácha eile trí chomhaontuithe foirmiúla. I gcás líon beag institiúidí fioscacha neamhspleácha, ní leagtar síos an ceart sin sa dlí ná i gcomhaontú foirmiúil. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas nach ráthaítear le ceart foirmiúil ar bhealach ar bith rochtain thráthúil iomlán ar fhaisnéis sa chleachtas. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá meabhráin tuisceana nó comhaontuithe comhchosúla sínithe ag roinnt institiúidí fioscacha neamhspleácha ina sonraítear ábhar, amlíne agus formáid na faisnéise atá le soláthar. Mar sin féin, tagann saincheisteanna chun cinn fós, go minic maidir le sonraí buiséadacha agus faisnéis faoi bhearta fioscacha a áirítear i mbuiséid agus i bpleananna rialtais.
Chun a áirithiú go mbeidh an plé maidir leis an mbeartas fioscach go maith ar an eolas agus chun ról institiúidí fioscacha neamhspleácha sa phlé sin a neartú, tá sé tábhachtach go rachadh institiúidí fioscacha neamhspleácha i mbun idirphlé leanúnach leis an rialtas maidir le saincheisteanna ríthábhachtacha a bhaineann leis an mbeartas fioscach. D’fhéadfadh sé sin tarlú go spontáineach nó d’fhéadfadh oibleagáid dhlíthiúil ar na húdaráis é sin a spreagadh chun measúnuithe agus tuairimí éagsúla na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche a chomhlíonadh nó chun a mhíniú cén fáth nach bhfuil sé i gceist acu déanamh amhlaidh; tá an prionsabal ‘comhlíon nó mínigh’ sin san áireamh anois i dTreoir 2011/85/AE agus ní mór é a thrasuí sa dlí náisiúnta faoi 2026. I bhformhór na mBallstát, níor cuireadh an prionsabal ‘comhlíon nó mínigh’ i bhfeidhm i ndáiríre go dtí seo ach amháin i ndáil leis an sásra ceartúcháin, i.e. i gcás ina bhfaightear amach nár chomhlíon Ballstát riail fhioscach. Ní bhíonn sé chomh coitianta céanna go ginearálta go mbeadh na húdaráis faoi oibleagáid dhlíthiúil den sórt sin i ndáil le measúnuithe agus tuairimí eile arna n‑eisiúint ag institiúidí fioscacha neamhspleácha. I roinnt Ballstát, go háirithe na Ballstáit sin ina bhfuil an institiúid fhioscach neamhspleách ina hinstitiúid sheanbhunaithe (e.g. an Danmhairg agus an Ísiltír/CPB), is traidisiún seanbhunaithe é go bhfreagraíonn an rialtas do mheasúnuithe na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche, sa réimse fioscach freisin, fiú gan oibleagáid dhlíthiúil é sin a dhéanamh. Os a choinne sin, ní ráthaíonn oibleagáid dhlíthiúil ann féin freagairt fhóinteach ná cumhdach leathan sna meáin ar aon idirghníomhaíochtaí idir an institiúid fhioscach neamhspleách agus an rialtas.
Príomhpháirtí leasmhar eile d’institiúidí fioscacha neamhspleácha is ea an pharlaimint náisiúnta. Trí theacht le chéile le reachtóirí agus trí fhreagra a thabhairt ar a gceisteanna maidir le beartas fioscach, d’fhéadfaí féachaint ar institiúidí fioscacha neamhspleácha mar réiteoirí neodracha ar shaincheisteanna fioscacha agus d’fhéadfaí an deis a bheith acu a dtuairimí a chur in iúl. Cé go dtugann formhór na mBallstát cuireadh d’institiúidí fioscacha neamhspleácha chuig éisteachtaí de ghnáth, níl oibleagáid dhlíthiúil iarbhír ach ar roinnt Ballstát é sin a dhéanamh, ach is iondúil go dtarlaíonn sé ar aon nós. In 2024, bhí thart ar aon trian de na hinstitiúid fioscacha neamhspleácha uile sa pharlaimint ceithre huaire ar a laghad. I gcodarsnacht leis sin, níor tugadh cuireadh don cheathrú cuid díobh ar chor ar bith. Níl cleachtas na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha a fhreagraíonn ceisteanna parlaiminteacha an-fhorleathan in AE. Níor ghlac leath na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha páirt sa ghníomhaíocht sin ar chor ar bith in 2024, agus ní dhearna ach dornán acu amhlaidh níos mó ná ceithre huaire.
Ar deireadh, is féidir le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha a neamhspleáchas a neartú trí mheastóireachtaí seachtracha a dhéanamh go rialta ag meastóirí neamhspleácha. De ghnáth, is é an toradh a bhíonn ar mheastóireachtaí seachtracha ná moltaí do na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha agus do na húdaráis araon maidir le conas eagrú, obair agus tionchar na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche a fheabhsú. Cé nach raibh an cleachtas sin an-fhorleathan san Aontas go dtí seo, agus nach ndearnadh meastóireacht den sórt sin riamh ar thart ar dhá thrian de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, leis an Treoir leasaithe déantar meastóireachtaí den sórt sin éigeantach amach anseo. Faoi láthair, i gcás ina ndéantar meastóireachtaí, is ar bhonn deonach a dhéantar iad den chuid is mó. I gcásanna ina bhfuil creat dlíthiúil nó taithí sheanbhunaithe ar mheastóireachtaí ann, déantar iad ag eatraimh iomchuí de ghnáth, is é sin gach 4-6 bliana (e.g. an Liotuáin agus Éire).
2.3.3
Cumarsáid
An tríú gné atá mar bhonn agus mar thaca ag acmhainneacht (agus neamhspleáchas) institiúidí fioscacha neamhspleácha is ea a gcumas sa chleachtas dul i bhfeidhm ar phobal leathan, agus dá bhrí sin cáil a chothú as saineolas teicniúil agus neamhchlaontacht i measc príomhpháirtithe leasmhara — lena n‑áirítear an pobal i gcoitinne — agus iad féin a bheith ina bpointe tagartha fíor-riachtanach sa phlé maidir leis an mbeartas fioscach. Institiúidí fioscacha neamhspleácha a leagann tábhacht ar chumarsáid sheachtrach, a úsáideann raon bealaí agus asraonta chun a dteachtaireachtaí a chur in iúl agus a choigeartaíonn a straitéis chumarsáide go gníomhach bunaithe ar a tionchar, is mó seans go bhfágfaidh siad a lorg ar an bplé maidir leis an mbeartas fioscach ná institiúidí níos éighníomhaí. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag institiúidí fioscacha neamhspleácha gníomhaíochtaí cumarsáide den sórt sin a fhorbairt.
Maidir le cumarsáid ar bhealach níos foirmiúla, tá straitéis cumarsáide shonrach ag thart ar aon trian de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha agus sannann dhá thrian díobh ról foirmiúil cumarsáide seachtraí don chathaoirleach. Go praiticiúil, ceann de na modhanna cumarsáide seachtraí is coitianta ná go gcuirfí ceann na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche faoi agallamh ar an teilifís phríomhshrutha, ar an raidió nó i nuachtáin laethúla. Thuairiscigh trí cheathrú de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha go ndearnadh agallaimh go rialta le linn 2024, agus bhí cuid acu nasctha le heisiúint tuairimí/moltaí ó institiúidí fioscacha neamhspleácha. Thuairiscigh sciar comhchosúil d’institiúidí fioscacha neamhspleácha freisin go n‑eisíonn siad ailt phreasa (op-eds. etc.) sna meáin intíre phríomhshrutha. Bealach coiteann eile chun cumarsáid a dhéanamh ná trí phreaseisiúintí, agus thuairiscigh leath na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha gur eisigh siad seacht bpreaseisiúint ar a laghad in 2024 agus gur eisigh an ceathrú cuid eile ceithre phreaseisiúint ar a laghad. Ní raibh na preasagallaimh chomh coitianta céanna, agus ní dhearna ach an tríú cuid d’institiúidí fioscacha neamhspleácha trí cinn ar a laghad in 2024, agus rinne aon trian eile gan ach aon cheann amháin nó dhá cheann agus ní dhearna an trian eile ceann ar bith.
Thuairiscigh thart ar leath de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha go raibh ball foirne páirtaimseartha amháin ar a laghad acu atá speisialaithe sa chumarsáid sheachtrach. Ní nach ionadh, bhí rochtain níos fearr ag na hinstitiúidí is mó (an Ostair/WIFO, an Bheilg/FPB, an Spáinn, an Iodáil, Lucsamburg/STATEC, an Ísiltír/CPB, an Phortaingéil, an tSlóivéin/IMAD agus an tSlóvaic) nó ag na hinstitiúidí atá leabaithe in institiúidí níos mó (an Fhionlainn, an Liotuáin agus an Ísiltír/CoS) ar fhoireann chumarsáide speisialaithe ná na hinstitiúidí beaga nach raibh aon speisialtóirí cumarsáide acu go ginearálta, seachas roinnt eisceachtaí. Bhí cuntas meán sóisialta amháin ar a laghad ag níos mó ná trí cheathrú d’institiúidí fioscacha neamhspleácha. Ba ghnách le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha nach bhfuil aon láithreacht acu ar na meáin shóisialta a bheith ar na hinstitiúidí sin ar lú an dóchúlacht go n‑eagróidh siad preasagallaimh nó comhdhálacha i gcoitinne nó go nglacfaidh siad páirt i gcomhdhálacha arna n‑eagrú ag daoine eile. Bhí sé de nós ag na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha céanna sin gan a dtionchar ar na meáin a rianú ar bhealach ar bith, murab ionann agus dhá thrian de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha a thuairiscigh go raibh céimeanna éagsúla rianaithe á ndéanamh acu.
3.
Conclúid
Nuair a tugadh isteach reachtaíocht AE a raibh tionchar aici ar institiúidí fioscacha neamhspleácha in 2011 tar éis na géarchéime airgeadais, ní raibh institiúidí fioscacha neamhspleácha ach ag thart ar dhosaen Ballstát agus i roinnt cásanna, ní raibh cúraimí na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha sin bunaithe go hiomlán. Faoi 2018, bhí líon mór institiúidí fioscacha neamhspleácha breise curtha ar bun agus faoi láthair, tá — nó beidh go luath — institiúid fhioscacha neamhspleách ag na Ballstáit uile (beidh institiúid fhioscacha neamhspleách na Polainne i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026). Ina theannta sin, ó bhí 2011 ann, tá roinnt mhaith institiúidí fioscacha neamhspleácha tar éis iad féin a bhunú mar ghníomhaithe tábhachtacha i bplé náisiúnta maidir leis an mbeartas fioscach, mar gheall ar cháilíocht a n‑anailísí.
Chun na traidisiúin riaracháin éagsúla sna Ballstáit a urramú agus chun úinéireacht náisiúnta a spreagadh, le reachtaíocht an Aontais tugadh deis nach beag do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le conas na forálacha éagsúla a chur chun feidhme, ar forálacha iad, in aon chás, nár bhain ach le Ballstáit sa limistéar euro den chuid is mó. Mar thoradh air sin, bhí difríochtaí móra idir institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais, rud is feiceálaí ó thaobh raon feidhme na gcúraimí a shanntar dóibh agus ó thaobh na n‑acmhainní a leithdháiltear orthu chun na cúraimí sin a shaothrú. Tá difríochtaí móra idir institiúidí fioscacha neamhspleácha an Aontais freisin maidir le coimircí neamhspleáchais, amhail cosaintí dlíthiúla ar chur isteach seachtrach agus cumas praiticiúil institiúidí fioscacha neamhspleácha foireann oiriúnach a mhealladh agus an fhaisnéis uile a theastaíonn uathu a fháil go tráthúil. Is féidir éagsúlacht chomhchosúil a fheiceáil freisin i gcumas institiúidí fioscacha neamhspleácha teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara éagsúla agus leis an bpobal, agus bíonn innealra cumarsáide níos casta i bhfeidhm ag institiúidí níos mó de ghnáth.
Is minice a oibríonn institiúidí a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm reachtaíocht na hinstitiúide fioscaí neamhspleáiche de réir cleachtas bunaithe agus rialacha neamhscríofa ná institiúidí fioscacha neamhspleácha a bunaíodh le déanaí. Cé go léiríonn sé sin ardleibhéal úinéireachta náisiúnta, is é is aidhm do na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE ar deireadh na cleachtais sin a dhaingniú go foirmiúil sa reachtaíocht náisiúnta chun cosaint mhéadaithe a sholáthar.
Is léir ón taithí a fuarthas freisin gur féidir dul chun cinn nach beag a dhéanamh in achar réasúnta gearr ama. Léiríonn samplaí ón Spáinn, ó Éirinn agus ón bPortaingéil, má thugtar na creatdálaí cearta d’institiúidí fioscacha neamhspleácha, gur féidir leo iad féin a bhunú go réasúnta tapa mar ghníomhaithe láidre sa phlé maidir leis an mbeartas fioscach.
Tá sé léirithe freisin go n‑imríonn leibhéal na n‑acmhainní airgeadais agus daonna a shanntar d’institiúidí fioscacha neamhspleácha tionchar mór ar an méid is féidir le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha a dhéanamh. Ní hamháin go mbaineann sé sin leis an líon cúraimí is féidir le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha a chumhdach, ach baineann sé freisin lena fheabhas is féidir leo na cúraimí sin a shaothrú agus leis an méid infheistíochta is féidir leo a dhéanamh sa chúram ríthábhachtach a bhaineann le teachtaireachtaí institiúidí fioscacha neamhspleácha a chur in iúl do phríomhpháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne. Leis na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE tar éis cúraimí nua agus coimircí neamhspleáchais níos éilithí a thabhairt isteach, beidh sé níos tábhachtaí fós a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a bhfuil smacht iomlán acu orthu amach anseo.
Fónann an fhaisnéis agus an anailís a sholáthraítear sa tuarascáil seo, a thabharfar cothrom le dáta i mbearta athbhreithniúcháin comhchosúla amach anseo, mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ‘acmhainneacht leordhóthanach forbartha’ ag institiúidí fioscacha neamhspleácha ‘chun tuairim a eisiúint maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca leis an gconair ghlanchaiteachais’. Chun a chinneadh an gcomhlíonann institiúid fhioscach neamhspleách “íoschaighdeáin áirithe” maidir lena chumas, beidh gá le measúnú cuimsitheach ar roinnt tréithe de chuid institiúidí fioscacha neamhspleácha lena mbaineann breithiúnas saineolach. Ceanglaítear le caighdeáin den sórt sin go mbreithneofar ionchuir agus aschuir araon, agus cumhdaítear leis an gcéad cheann saintréithe amhail na saintréithe a ghabhtar leis na critéir neamhspleáchais a leagtar síos sna leasuithe ar Threoir 2011/85/AE, agus baineann an dara ceann níos mó le raon feidhme agus cáilíocht táirgí institiúidí fioscacha neamhspleácha agus leis an gcaoi a gcuirtear in iúl iad. I ndáil leis an méid sin, beidh tábhacht ar leith ag baint leis na meastóireachtaí seachtracha a iarrtar leis na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE chun measúnú níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a fháil ar acmhainneacht institiúidí fioscacha neamhspleácha.
Iarscríbhinn 1.
Institiúidí fioscacha neamhspleácha san Aontas Eorpach
|
Ballstát
|
Institiúid Fhioscach Neamhspleách — ainm iomlán
|
Institiúid Fhioscach Neamhspleách — acrainm/foirm ghearr
|
|
AT
|
Comhairle Chomhairleach Fhioscach na hOstaire
|
FISK
|
|
|
Institiúid na hOstaire um Thaighde Eacnamaíoch
|
WIFO
|
|
BE
|
An Biúró Pleanála Cónaidhme
|
FPB
|
|
|
An Ard-Chomhairle Airgeadais — Ceanglais Iasachtaíochta san Earnáil Phoiblí
|
HCF — PSBR
|
|
BG
|
Comhairle Fhioscach na Bulgáire
|
FCB
|
|
CY
|
Comhairle Fhioscach na Cipire
|
FCC
|
|
CZ
|
Comhairle Fhioscach na Seicia
|
CFC
|
|
DE
|
Bord Comhairleach Neamhspleách leis an gComhairle Cobhsaíochta
|
Bord Comhairleach
|
|
DK
|
Comhairlí Eacnamaíocha na Danmhairge
|
NOLL
|
|
EE
|
Comhairle Fhioscach na hEastóine
|
FCE
|
|
EL
|
An Chomhairle Fhioscach Heilléanach
|
HFISC
|
|
ES
|
An tÚdarás Neamhspleách um Fhreagracht Bhuiséadach
|
AIReF
|
|
FI
|
Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Fionlainne
|
NAOF — FPMD
|
|
FR
|
Ard-Chomhairle an Airgeadais Phoiblí
|
HCPF
|
|
HR
|
An Coimisiún um Beartas Fioscach
|
FPC
|
|
HU
|
Comhairle Fhioscach na hUngáire
|
FCH
|
|
IE
|
Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
|
IFC
|
|
IT
|
An Oifig um Buiséad Parlaiminteach
|
PBO
|
|
LT
|
Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Liotuáine (An Roinn um Fhaireachán Buiséid)
|
NAOL — BMD
|
|
LU
|
An Chomhairle Náisiúnta Airgeadais Phoiblí
|
CNFP
|
|
|
Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch Ard-Diúcacht Lucsamburg
|
STATEC
|
|
LV
|
Comhairle Smachta Fhioscaigh Phoblacht na Laitvia
|
FDC
|
|
MT
|
Comhairle Chomhairleach Fhioscach Mhálta
|
MFAC
|
|
NL
|
An Chomhairle Stáit
|
CoS — AD
|
|
|
Biúró na hÍsiltíre um Anailís ar Bheartas Eacnamaíoch
|
CPB
|
|
PT
|
Comhairle Airgeadais Phoiblí na Portaingéile
|
CBI
|
|
RO
|
Comhairle Fhioscach na Rómáine
|
IAA
|
|
SE
|
Comhairle na Sualainne um Beartas Fioscach
|
SFPC
|
|
SI
|
An Chomhairle Fhioscach
|
FC
|
|
|
Institiúid na hAnailíse Maicreacnamaíche agus na Forbartha Maicreacnamaíche i bPoblacht na Slóivéine
|
IMAD
|
|
SK
|
An Chomhairle um Fhreagracht Bhuiséadach
|
CBR
|