Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0600

Moladh le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE Lena gceadaítear don Bheilg imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263 (An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú)

COM/2025/600 final

An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 600 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

Lena gceadaítear don Bheilg imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263
(An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú)


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

Lena gceadaítear don Bheilg imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263
(An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 26 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach 1 , mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme 2 , agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát 3 , is croíghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat inbhuanaitheacht fiachais phoiblí agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha i gceist leis.

(2)Na huasrátaí fáis glanchaiteachais a leagtar amach i moladh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagail 17(1) nó 19 de Rialachán (AE) 2024/1263, is iad sin an táscaire oibriúcháin aonair le haghaidh an fhaireachais fhioscaigh bhliantúil a dhéantar ar gach Ballstát agus tá siad i gcroílár an chreata rialachais eacnamaíoch nua. Leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a leagtar amach sa Mholadh sin ón gComhairle, bunaítear srian buiséadach ar feadh 4 bliana nó 5 bliana, rud atá bunaithe ar thréimhse choigeartaithe 4 bliana ar féidir síneadh suas le 3 bliana breise a chur léi i gcás síneadh ama.

(3)Déantar foráil sa chreat maidir le solúbthacht i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag na Ballstáit orthu agus a bhfuil tionchar mór acu ar an airgeadas poiblí, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263. Sa dara cás sin, arna iarraidh sin do Bhallstát agus ar mholadh ón gCoimisiún bunaithe ar a chuid anailíse, féadfaidh an Chomhairle, laistigh de 4 seachtaine ón moladh ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh lena gceadófar do Bhallstát imeacht óna uasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle (i) i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag an mBallstát sin orthu, agus (ii) i gcás ina bhfuil tionchar mór ag na himthosca sin ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, agus (iii) ar choinníoll nach gcuirfear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma mar gheall ar an diall sin. Déanfaidh an Chomhairle teorainn ama a shonrú le haghaidh an diallta sin.

(4)Thug na Cinn Stáit nó Rialtais, nuair a tháinig siad le chéile in Versailles an 10 agus an 11 Márta 2022, gealltanas go ndéanfaí cumais chosanta Eorpacha a neartú i bhfianaise an fhogha mhíleata a thug an Rúis faoin Úcráin. Athdhearbhaíodh na haidhmeanna sin sa Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint. Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le cosaint Eorpach an 6 Márta 2025, chuir sí in iúl gur díol sásaimh di an rún atá ag an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú, ar bhealach comhordaithe, mar bheart láithreach.

(5)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 4 , d’iarr sé ar na Ballstáit uile úsáid a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear leis an gclásal éalaithe náisiúnta ar bhealach comhordaithe d’fhonn an tionchar ar chumais chosanta an Aontais a uasmhéadú. Is é is aidhm don tsolúbthacht sin an taistriú chuig leibhéil níos airde caiteachais cosanta a éascú ar bhonn buan. De réir na Teachtaireachta sin, dá ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú, cheadófaí do na Ballstáit imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle agus na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha á bhformhuiniú acu, nó, agus na conairí ceartaitheacha á mbunú acu faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, a mhéid atá údar leis an diall sin mar gheall ar mhéadú ar chaiteachas cosanta i gcoibhneas leis an mbliain tagartha, agus a mhéid nach rachaidh an barrachas bliantúil le linn 2028 thar 1,5 % de OTI. Bheadh aon mhéadú thar an méid sin faoi réir na ngnáthmheasúnuithe ar chomhlíontacht. Tá gá leis an uasmhéid sin chun a áirithiú nach gcuirfear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol agus, an tráth céanna, chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhiú den tsolúbthacht agus iad ag bogadh i dtreo leibhéal níos airde caiteachais cosanta. Cinnfear na méideanna beachta nuair a bheidh sonraí olltoraidh ar fáil, chun a áirithiú nach núsáidfear an tsolúbthacht bhreise ach amháin chun na críche atá beartaithe dóibh.

(6)Leis an moladh ón gComhairle an [Dáta] 5 , formhuiníodh conair ghlanchaiteachais na Beilge. Ina theannta sin, leis an moladh ón gComhairle an [Dáta] 6 bunaíodh conair cheartaitheach don Bheilg.

(7)An 30 Aibreán 2025, chuir an Bheilg iarraidh faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin chun an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú.

(8)San iarraidh sin, leagann an Bheilg amach, i gcomhthéacs teannas geopholaitiúil méadaithe, gur dúshlán eiseach don Aontas é cogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an bhagairt ar shlándáil na hEorpa a bhaineann leis, ar dúshlán é a dteastaíonn méadú mór ar chaiteachas cosanta chun dul i ngleic leis. Is imthoisc eisceachtúil é sin nach bhfuil smacht ag na Ballstáit uirthi.

(9)San iarraidh sin, tuairiscíonn an Bheilg sonraí maidir le caiteachas cosanta iomlán (Tábla 1). Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an mBeilg a caiteachas cosanta a mhéadú go substaintiúil d’fhonn sprioc ECAT 2 % de OTI a bhaint amach in 2025 agus an caiteachas cosanta méadaithe a choinneáil ar bun le linn an reachtais atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, tá tionchar mór ag an méadú ar chaiteachas cosanta ar airgeadas poiblí na Beilge.

Tábla 1: Caiteachas cosanta iomlán sa Bheilg

2021 a

2022 a

2023 a

2024 b

2025 b

Caiteachas cosanta iomlán rialtais ghinearálta

(% de OTI)

0,9

1,0

0,9

1,3

2,0

Foinse: a: Eurostat; b: Faisnéis a thug an Bheilg don Chomhairle agus don Choimisiún.

(10)Measann an Bheilg go mbeidh an méadú ar chaiteachas cosanta iomlán mar chóimheas le OTI ó 2021 go 2025 thart ar 1,1 pointe céatadáin agus, dá bhrí sin, go rannchuideoidh sé le comhardú an rialtais a laghdú agus le fiachas rialtais a mhéadú.

(11)Agus gach ní eile mar a chéile, beidh fiachas rialtais níos airde agus easnamh níos airde faoi dheireadh na tréimhse a chumhdaítear leis an gclásal éalaithe náisiúnta mar thoradh ar mhéadú ar chaiteachas i gcaitheamh na tréimhse sin. Le réamh-mheastacháin tháscacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ar bhonn na toimhde go gcuirfear an méadú iomlán ar chaiteachas rialtais a cheadaítear leis an moladh seo i bhfeidhm ar bhonn líneach faoi 2028, tugtar le fios go mbeadh an cóimheas idir easnamh agus OTI agus an cóimheas idir fiachas agus OTI in 2028 1,1 pointe céatadáin agus 1,9 pointe céatadáin níos airde, faoi seach, ná mar a bheidís dá bhfásfadh glanchaiteachas i gcomhréir leis treoraíocht 7 ón gComhairle a fuarthas roimhe. Chuige sin, is dócha go mbeadh gá le coigeartú fioscach breise tar éis thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta chun ceanglais an chreata fhioscaigh a chomhlíonadh, lena náirítear é sin a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear nó go bhfanfaidh an cóimheas fiachais ar chonair anuas inchreidte, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an teasnamh faoi bhun 3 % de OTI nó go dtabharfar faoi bhun an chéatadáin sin é agus go gcoinneofar faoi bhun an luacha tagartha é sa mheántéarma. Aithníonn an Bheilg go bhféadfadh sé, amach anseo, go mbeadh gá le beartais chun inbhuanaitheacht fhioscach agus comhlíonadh na rialacha fioscacha a chaomhnú sa mheántéarma mar gheall ar chaiteachas cosanta atá níos airde ó thaobh struchtúir de.

(12)Déanann na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Eurostat sonraí maidir le caiteachas cosanta rialtais ghinearálta a thiomsú agus a eisiúint, de réir Aicmiú Idirnáisiúnta Fheidhmeanna an Rialtais (COFOG) 8 faoi chuimsiú Chóras Eorpach na gCuntas Náisiúnta (CCE2010) 9 . Is iomchuí na sonraí sin a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an chaiteachais cosanta ar easnamh rialtais, ar fhiachas rialtais agus ar ghlanchaiteachas rialtais, agus ar choincheapa gaolmhara. Is é Eurostat, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis na húdaráis staidrimh náisiúnta, a bhunóidh próiseas bailithe sonraí. Ba cheart catagóirí COFOG maidir le cosaint a bheith mar thúsphointe leis sin a dhéanamh, agus ina theannta sin ba cheart sainmhíniú ECAT a chur san áireamh agus an fhéidearthacht a bheith ann i gcónaí aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar dhifríochtaí sna córais tuairiscithe bhliantúla faoi seach. Ní mór an próiseas bailithe sonraí a ailíniú le sprioc-amanna tuairiscithe an nós imeachta um easnamh iomarcach.

(13)Thairis sin, i gcás roinnt de na conarthaí le haghaidh trealamh míleata a shíneofar le linn thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí an trealamh a sheachadadh go dtí céim níos déanaí, rud a d’fhágfadh nach nimreofaí tionchar ar an airgeadas poiblí go dtí go mbeidh tréimhse ghníomhachtaithe an chlásail caite. Chun an cás sin a chumhdach, ba cheart feidhm a bheith ag an tsolúbthacht a dheonaítear faoin gclásal éalaithe náisiúnta freisin maidir le caiteachas cosanta a bhaineann leis an seachadadh níos déanaí sin, ar choinníoll go síneofar na conarthaí comhfhreagracha le linn thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail agus go bhfanfaidh an caiteachas cosanta moillithe sin laistigh den uasteorainn fhoriomlán thuasluaite.

(14)An caiteachas a mhaoinítear le hiasachtaí a chuirtear ar fáil leis an ionstraim nua um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) 10 chun an tionscal cosanta Eorpach a threisiú, thairbheodh sé go huathoibríoch den tsolúbthacht thuasluaite. Chuige sin, an caiteachas uile a bhaineann le cosaint a dhéanfar faoi ionstraim SAFE faoi na catagóirí ‘táirgí cosanta’ agus ‘táirgí eile chun críche cosanta’ mar a shainmhínítear sa togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Ionstraim SAFE, dhéanfadh na Ballstáit é sin a thuairisciú do Eurostat.

(15)Ní mhodhnaítear leis an moladh seo na sainmhínithe ar easnamh rialtais, ar fhiachas rialtais agus ar ghlanchaiteachas rialtais, agus ar choincheapa gaolmhara. Ní mór don Bheilg sonraí bunaithe ar na coincheapa sin a thiomsú agus a thuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1263, Rialachán (AE) Uimh. 479/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.

AG MOLADH LEIS SEO:

1. Le linn na tréimhse 2025-2028, ceadaítear don Bheilg imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais a leagtar amach le Moladh C/2025/... ón gComhairle 11 , agus na huasrátaí sin a shárú, a mhéid nach mó an glanchaiteachas atá de bhreis ar na huasrátaí fáis sin ná an méid seo a leanas:

(i)    an méadú ar an gcaiteachas cosanta mar chéatadán de OTI ó bhí 2021 ann;

(ii)    ar choinníoll nach mó an diall atá de bhreis ar na huasrátaí fáis glanchaiteachais ná 1,5 faoin gcéad de OTI.

2.    Sna blianta tar éis 2028, féadfaidh an Bheilg imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais a leagtar amach le Moladh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagail 17 nó 19 de Rialachán (AE) 2024/1263, agus na huasrátaí sin a shárú, a mhéid a bhaineann an glanchaiteachas atá de bhreis ar na huasrátaí fáis sin le seachadtaí trealaimh mhíleata ar síníodh conradh ina leith roimh dheireadh 2028 agus a mhéid a fhanann an glanchaiteachas sin laistigh den uasteorainn fhoriomlán thuasluaite.

3.     I gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Rialachán (AE) 2024/1263, na dialltaí ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle agus a cheadaítear leis an Moladh seo, ní dhéanfar iad a thaifeadadh mar dhochair i gcuntas rialaithe na Beilge.

4.     Chun a áirithiú go ndéanfar an caiteachas breise a thaifeadadh i gceart, déanfaidh an Bheilg sonraí iarbhír agus sonraí beartaithe maidir le caiteachas cosanta iomlán (rannán 02 de COFOG) agus infheistíocht chosanta (rannán 02 P.51 de COFOG) agus aon chaiteachas arna mhaoiniú le hiasachtaí SAFE nach gcumhdaítear in COFOG-02 a chur san áireamh:

(a) le haghaidh na mblianta T‑4, T‑3, T‑2 agus T‑1 (sa chás inarb í bliain T an bhliain reatha), sa tuairisciú don Choimisiún (Eurostat) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle;

(b) le haghaidh na mblianta 2021 go bliain T (an bhliain reatha), i bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta agus i dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagail 11(1) agus 15, agus 21(1) de Rialachán (AE) 2024/1263;

(c) le haghaidh na mblianta T (an bhliain reatha) agus T+1, i ndréachtphleananna buiséadacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 472/2013.

Is chuig an mBeilg a dhírítear an moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)

   Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ).

(2)

   Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/2024-04-30 ).

(3)

   Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/85/2024-04-30 ).

(4)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún (C(2025) 2000 final) an 19 Márta 2025.

(5)    Tagairt.
(6)    Tagairt.
(7)    Le fáil ag: https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/stability-and-growth-pact/preventive-arm/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#belgium .  
(8)

   Lámhleabhar maidir le foinsí agus modhanna chun staidreamh COFOG a thiomsú — Aicmiú Fheidhmeanna an Rialtais (COFOG) — eagrán 2019.

(9)

   Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(10)    Rialachán (AE) 2025/… ón gComhairle lena mbunaítear an Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) tríd an Ionstraim chun Tionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú.
(11)    Tagairt.
Top