AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.9.2025
COM(2025) 588 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil leathbhliantúil maidir le cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus oibríochtaí iasachtaithe gaolmhara de bhun Airteagal 13 de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)8010 ón gCoimisiún
An 1 Eanáir 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2025
Clár
1.Achoimre
2.Réamhrá
3.Cur chun feidhme oibríochtaí trína bhfaightear iasacht sa chéad leath de 2025
4.Costas an chistithe agus costais bainistithe leachtachta
5.Céimeanna chun margadh Bhannaí an Aontais a fhorbairt a thuilleadh
6.Garspriocanna eile sa chéad leath de 2025
7.Ionchas eisiúna don dara leath de 2025
CISTIÚ A CRUINNÍODH SA CHÉAD LEATH DE 2025
Tá na méideanna uile i mbilliún EUR
BANNAÍ AN AONTAIS GAN ÍOC
an 30/6/2025
|
PRÍOMHFHÍORAIS faoi L1 2025
-6 shindeacáitiú agus 7 gceant chun EUR 85,8 billiún a chruinniú, agus meánaibíocht thart ar 12 bhliain i gceist.
-Úsáideadh formhór na gcistí le haghaidh Next Generation EU (EUR 12,8 billiún) agus chun tacú leis an Úcráin (EUR 10,1 billiún), agus rinneadh eisíocaíochtaí breise faoi Shaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar (EUR 118 milliún) agus faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive (EUR 270 milliún).
-Ba é 3,17 % costas an chistithe le haghaidh Next Generation EU (i gcomparáid le 2,99 % sa dara leath de 2024), 2,72 % le haghaidh na Saoráide don Úcráin, 2,53 % le haghaidh na hiasachta cúnaimh macrairgeadais faoi thionscnamh Mhear-iasachtaí G7, 2,77 % le haghaidh na Saoráide Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar, agus 2,89 % le haghaidh na Saoráide Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive.
|
1.Achoimre
Sa chéad leath de 2025, chruinnigh an tAontas EUR 85,8 billiún i gcistiú fadtéarmach trí 6 shindeacáitiú agus 7 gceant. Cruinníodh EUR 6,9 billiún den mhéid sin trí Bhannaí Glasa Next Generation EU. I ndeireadh mhí an Mheithimh 2025, bhí EUR 661,6 billiún i mBannaí an Aontais gan íoc ag an Aontas (le meánaibíocht iarmharach thart ar 12 bhliain), a raibh EUR 75,1 billiún díobh i bhfoirm Bhannaí Glasa Next Generation EU. EUR 33,3 billiún a bhí gan íoc i mBillí an Aontais i ndeireadh mhí an Mheithimh 2025.
Tá an EUR 85,8 billiún a cruinníodh in L1 2025 mar chuid d’eisiúintí bannaí iomlána beartaithe an Choimisiúin le haghaidh 2025 dar luach thart ar EUR 160 billiún, agus fógraíodh eisiúint EUR 70 billiún don dara leath de 2025. Aan eisiúint bhliantúil is airde ón Aontas go dtí seo a bheadh sa mhéid sin, ag tógáil ar an méadú seasta sna blianta roimhe sin (ó EUR 120 billiún in 2023 go EUR 140 billiún in 2024).
D’fhág na fáltais ó na heisiúintí sin go raibh an Coimisiún in ann leanúint de riachtanais eisíocaíochta atá nasctha leis na cláir éagsúla a mhaoinítear le hiasachtaí a chomhlíonadh go tráthúil. As na cláir sin, is é Next Generation EU an ceann is mó, inar eisíocadh EUR 378,6 billiún de chistí a cruinníodh trí iasaíocht an Aontais cheana féin. Mar sin féin, ní mór tacaíocht mhór faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) a eisíoc fós in 2025 agus 2026.
Sa chéad leath de 2025, eisíocadh EUR 12,8 billiún de na fáltais eisiúna chun infheistíochtaí agus athchóirithe Next Generation EU a chur chun feidhme. Fuair an Úcráin EUR 10,1 billiún san iomlán faoin tSaoráid don Úcráin agus faoin gclár cúnaimh macrairgeadais i gcomhthéacs thionscnamh mhear-iasachtaí G7. Úsáideadh EUR 270 milliún breise d’fháltais chun iasacht a mhaoiniú faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive agus úsáideadh EUR 118 milliún chun iasachtaí a chur ar fáil don Mhacadóin Thuaidh, don Albáin, do Mhontainéagró agus don tSeirbia faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar.
Tháinig méadú ar shealúchais leachtachta sa chéad leath de 2025, ós rud é gur thit eisíocaíochtaí Next Generation EU faoi bhun na méideanna a tuaradh bunaithe ar thásca ó na Ballstáit. Murab ionann agus tréimhsí tuairiscithe roimhe seo nuair a ghin iarmhéideanna airgid ioncaim, tháinig costais tháscacha de thart ar EUR 195 mhilliún as na hiarmhéideanna airgid sin mar gheall ar a bpróifíl chistiúcháin fhadtéarmach. Bainistíonn an Coimisiún na hiarmhéideanna airgid sealadacha sin go gníomhach chun na costais sealbhaíochta sin a íoslaghdú. Tá carnadh iarmhéideanna airgid sealadach, mar thoradh ar eisiúint ar sceideal rialta intuartha chun na dálaí margaidh is fearr a áirithiú, agus leanann eisíocaíochtaí sainiúlacht cur chun feidhme gach cláir dá dtugtar tacaíocht, agus go háirithe STA. Agus sinn ag druidim le dáta deiridh 2026 le haghaidh eisíocaíochtaí Next Generation EU, tiocfaidh insreafaí agus eis-sreafaí cistiúcháin le chéile.
Le linn an chéad leath de 2025, lean eisiúint an Aontais de thairbhiú d’éileamh láidir infheisteoirí, agus ghéaraigh torthaí ar Bhannaí an Aontais i gcomparáid le formhór na mbannaí rialtais Eorpacha. Tháinig laghdú ar an difreálach rátaí úis 10 mbliana idir Bannaí an Aontais agus ciseán 50/50 de bhannaí ceannasacha na Gearmáine/na Fraince ó thart ar 13 bhonnphointe i dtús 2025 go 5 bhonnphointe faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2025. Mar sin féin, mar gheall ar dhálaí an mhargaidh a dhéanann difear do na heisitheoirí uile, tháinig méadú ar chostas cistithe an Aontais le linn na tréimhse sin go 3,17 % i gcomparáid le 2,99 % don tréimhse chistiúcháin roimhe sin.
Mar chuid dá iarrachtaí leanúnacha chun a chlár eisiúna le haghaidh Bhannaí an Aontais agus Bhillí an Aontais a chomhdhlúthú agus a fheabhsú, i mí Aibreáin 2025 thug an Coimisiún ceantanna bannaí trí chéim isteach (ceantanna le haghaidh trí aibíocht éagsúla), rud a chuir ar a chumas dó na méideanna a cruinníodh ag gach ceant a mhéadú. Comhlánófar an chéim sin le leithdháiltí ceantála neamhiomaíocha a thabhairt isteach i bhfómhar 2025, rud a chuirfeadh leis an éileamh ar bhannaí a dhíoltar trí cheant. I mí Eanáir 2025, thug an Coimisiún ceantanna billí trí chéim isteach freisin, le seoladh línte Bille nua 12 mhí an Aontais sa bhreis ar na haibíochtaí 3 mhí agus 6 mhí. Go neamhspleách ar an gCoimisiún, lean páirtithe leasmhara margaidh dá gcuid tionscnamh. Tar éis todhchaí innéacsbhunaithe a sheoladh i mí na Nollag 2024, fógraíodh seoladh conartha todhchaíochtaí Bhannaí an Aontais a shocraítear go fisiceach ó mhí Mheán Fómhair 2025 sa chéad leath de 2025.
I ndeireadh mhí na Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle an ionstraim nua um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE). Cuireann sé sin ar a chumas don Aontas suas le EUR 150 billiún a chruinniú trí mhargaí caipitil faoi dheireadh 2030 chun iasachtaí a mhaoiniú do na Ballstáit is féidir a úsáid chun dlús a chur le soláthar cumas cosanta. Leis an sainordú nua sin, mar aon le riachtanais mhóra athmhaoinithe na mbannaí atá gan íoc cheana féin, tugtar le tuiscint go mbeidh láithreacht sheasta ar mhargadh an Aontais tar éis 2027. Ó seoladh Next Generation EU i mí an Mheithimh 2021, tá sainorduithe faighte ag an gCoimisiún chun beartais eile a mhaoiniú le haghaidh comhiomlán EUR 240 billiún, agus síneadh go dtí 2030 curtha le tréimhsí ama le haghaidh eisiúint fiachais nua. Déantar na riachtanais chistiúcháin uile a chomhthiomsú agus a chistiú trí Bhannaí an Aontais agus Billí an Aontais a eisiúint faoi chlár cistiúcháin aonair, rud a thacaíonn le láithreacht mhargaidh an Aontais mar eisitheoir.
2.Réamhrá
Tá cistí á bhfáil ar iasacht ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais le breis agus 40 bliain anuas. Le 5 bliana anuas tháinig méadú mór ar eisiúint bhannaí an Aontais ós rud é go mbraitheann sé ar mhargaí caipitil chun cláir mhóra a mhaoiniú amhail SURE, Next Generation EU, agus cúnamh airgeadais don Úcráin (an Ionstraim MFA+, an tSaoráid don Úcráin agus an iasacht cúnaimh macrairgeadais mar chuid de thionscnamh Mhear-iasachtaí G7). An 30 Meitheamh 2025, EUR 694,9 billiún a bhí i bhfiachas iomlán an Aontais gan íoc, agus bhí EUR 33,3 billiún de sin i bhfoirm Bhillí an Aontais.
Déantar athbhreithniú sa tuarascáil leathbhliantúil seo ar chur chun feidhme na n‑oibríochtaí trína bhfaightear iasacht idir an 1 Eanáir 2025 agus an 30 Meitheamh 2025. Soláthraítear sa tuarascáil freisin ionchas le haghaidh eisiúint Bhannaí an Aontais sa dara leath de 2025. Ní dhéantar meastóireacht inti ar conas a úsáidtear na fáltais ó eisiúintí bhannaí an Aontais, lena n‑áirítear úsáid le haghaidh caiteachas glas, ós rud é go gcumhdaítear an méid sin i dtuarascálacha ar leithligh faoi na rialacháin le haghaidh gach ionstraime.
Sa bhreis ar mholtaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i mí an Mheithimh 2023, leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo cuirtear táscairí i láthair ar féidir iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise uileghabhálaí um bainistiú fiach lena dtreoraítear cur chuige cistithe aontaithe an Choimisiúin.
3.Cur chun feidhme oibríochtaí trína bhfaightear iasacht sa chéad leath de 2025
Sa chéad leath de 2025, lean an Coimisiún de chistiú a chruinniú sna margaí agus úsáid á baint as a chur chuige aontaithe cistiúcháin. Chomh maith leis na gealltanais eisíocaíochta uile a chomhlíonadh in am, lean méideanna agus aibíochtaí na mbannaí a eisíodh de bheith laistigh de na paraiméadair réamhshocraithe, agus bhí na téarmaí maoiniúcháin i gcomhréir leo sin de chuid eisitheora ar mhéid agus rátáil an Aontais. Cuirtear i láthair sna ranna thíos cuid de na príomh-chomhpháirteanna d’oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Choimisiúin sa chéad leath de 2025. Déantar tuilleadh táscairí a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis chistiúcháin an Choimisiúin a phlé san iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo.
Forghníomhú oibríochtaí cistithe sa Chéad leath de 2025
Chruinnigh an Coimisiún EUR 85,8 billiún san iomlán i mBannaí an Aontais, agus meánaibíocht thart ar 12 bliana acu (atá cosúil le meanaibíocht an chistithe a cruinníodh sa dara leath de 2024). Le linn an chéad leath de 2025, ba é EUR 6,9 billiún eisiúint Bhannaí Glasa Next Generation EU.
D’úsáid an Coimisiún meascán de shé shindeacáitiú (59 % den mhéid a cruinníodh) agus seacht gceant (41 % den mhéid a cruinníodh), ag teacht leis an sprioc a fógraíodh. I mí an Mhárta 2025, thug an Coimisiún isteach úsáid ceantanna bannaí trí chéim (úsáideadh ceantanna bannaí dhá chéim roimhe sin) chun méadú beag ar mhéideanna in aghaidh an cheant a cheadú. Eisíodh Bannaí an Aontais go tráthrialta le linn na tréimhse sé mhí, agus dálaí leachtachta an mhargaidh á gcur san áireamh agus láithreacht rialta sa mhargadh á háirithiú an tráth céanna.
Leis na hidirbhearta sa chéad leath de 2025, tugadh méid iomlán Bhannaí an Aontais gan íoc go EUR 661,6 billiún an 30 Meitheamh 2025, agus eisíodh EUR 516,2 billiún de sin trí chur chuige cistiúcháin aontaithe an Aontais. Ba é EUR 75,1 billiún luach iomlán Bhannaí Glasa Next Generation EU gan íoc.
I mí Eanáir 2025, thug an Coimisiún ceantanna billí trí chéim isteach freisin, le seoladh línte Bille nua 12 mhí an Aontais sa bhreis ar na haibíochtaí 3 mhí agus 6 mhí. I ndeireadh mhí an Mheithimh 2025, bhí creidmheas EUR 33,3 billiún gan íoc ag an Aontas trí Bhillí an Aontais.
Cairt 1: Cistiú a cruinníodh faoin gcur chuige aontaithe cistiúcháin
* Tharla an chéad dá idirbheart de Next Generation EU i mí an Mheithimh 2021. Áiríodh iad sin san fhigiúir do L2 2021 ós rud é go raibh siad mar chuid den phlean cistiúcháin céanna leis na hidirbhearta a tharla in L2 2021.
Tá na méideanna uile i mbilliún EUR
Eisíocaíochtaí
De bharr na n‑idirbheart sin, lean an Coimisiún de phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát a chistiú trí na fáltais a eisíoc go tráthúil (laistigh de 9 lá oibre ar an meán).
Ar an iomlán, sa chéad leath de 2025, d’eisíoc an Coimisiún EUR 23,3 billiún san iomlán le haghaidh na mbeartas uile le chéile. Eisíocadh EUR 12,8 billiún chun Next Generation EU a mhaoiniú. As an méid sin, úsáideadh EUR 8,2 billiún chun pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát a mhaoiniú faoi STA. Is féidir é sin a mhiondealú ina EUR 5,7 billiún i bhfoirm deontas do 11 Bhallstát agus ina EUR 2,5 billiún i bhfoirm iasachtaí do thrí Bhallstát. Úsáideadh an EUR 4,6 billiún a bhí fágtha chun cláir arna mbainistiú ag an Aontas agus a fhaigheann tacaíocht ó Next Generation EU a mhaoiniú
.
Ar an iomlán, ó bhí samhradh 2021 ann, tá EUR 391 billiún eisíoctha ag an gCoimisiún chun tacú le Next Generation EU. Cuimsítear leis sin EUR 205,9 billiún i ndeontais agus EUR 111,2 billiún in iasachtaí do na Ballstáit faoi STA agus EUR 73,9 billiún do chláir Next Generation EU atá á mbainistiú ag an Aontas. As an EUR 391 bhilliún san iomlán mar thacaíocht do Next Generation EU, maoiníodh EUR 378,6 billiún trí fhiachas a eisiúint
.
Sa bhreis ar eisíocaíochtaí Next Generation EU, d’eisíoc an Coimisiún EUR 10,1 billiún leis an Úcráin le linn an chéad leath de 2025, a raibh EUR 3,1 billiún de faoin tSaoráid don Úcráin agus EUR 7 mbilliún de faoin gclár cúnaimh macrairgeadais don Úcráin mar chuid de thionscnamh Mhear-iasachtaí G7.
Le linn an chéad leath de 2025, mhaoinigh eisiúint Bhannaí an Aontais EUR 118 milliún in iasachtaí don Mhacadóin Thuaidh, don Albáin, do Mhontainéagró agus don tSeirbia faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar agus EUR 270 milliún in iasachtaí faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive.
Éileamh infheisteoirí agus leachtacht margaidh thánaistigh
Lean eisiúintí Bhannaí an Aontais de leas a bhaint as éileamh ó bhonn infheisteoirí domhanda atá cothrom agus éagsúlaithe.
Cairt 2: Infheisteoirí in idirbhearta sindeacáite a forghníomhaíodh i L1 2025 de réir cineál infheisteora
Le linn L1 2025, cheannaigh infheisteoirí a raibh tréimhsí infheistíochta níos faide acu de ghnáth (i.e. bainisteoirí cistí, cuideachtaí árachais agus cistí pinsin) os cionn 40 % de Bhannaí an Aontais a eisíodh trí shindeacáitiú. Bainc cheannais/institiúidí oifigiúla ar fearr leo infheistíocht a dhéanamh i mbannaí le haibíochtaí suas le 10 mbliana a bhí i gceist le thart ar 17 % d’eisiúintí sindeacáite Bhannaí an Aontais, agus ba iad státchistí bainc a bhí gceist le 33 % de leabhair orduithe sindeacáitithe, an fhoinse éilimh ba mhó.
Cairt 3: Infheisteoirí in idirbhearta sindeacáite a forghníomhaíodh i L1 2025 de réir tíre/réigiúin
Ó cuireadh tús le Next Generation EU in 2021, mheall Bannaí an Aontais a eisíodh trí shindeacáitiú níos mó ná 1 900 infheisteoir éagsúil ó bhreis agus 70 tír éagsúil. Sa chéad leath de 2025, tháinig níos mó ná 66 % den infheistíocht i sindeacáitiú bhannaí an Aontais ó infheisteoirí atá lonnaithe san Aontas, agus tháinig níos mó ná 22 % di ó infheisteoirí idirnáisiúnta a oibríonn ón Ríocht Aontaithe. Tháinig an chuid a bhí fágtha ó infheisteoirí idirnáisiúnta san Áise nó i dtíortha Eorpacha eile nach tíortha den Aontas iad amhail an Iorua agus an Eilvéis.
D’ainneoin thimpeallacht shuaite an mhargaidh mar gheall ar éiginnteacht sa bheartas trádála domhanda, bhí an phréimh eisiúna nua
, a éilíonn infheisteoirí mar lamháltas nuair a eisíonn an tAontas bannaí trí shindeacáitiú, fós maolaithe sa chéad leath de 2025 agus thart ar 1,6 bonnphointe ar an meán ann. Bhí sé sin i gcomhréir leis an meánphréimh eisiúna nua 1,65 bonnphointe in 2024 agus le préimh eisiúnaithe eile maidir le hidirbhearta inchomparáide (arna tomhas de réir méide agus aibíochta).
An tráth céanna, bhí leachtacht margaidh thánaistigh Bhannaí an Aontais fós láidir, le tacaíocht ó na socruithe luachana atá i bhfeidhm ó bhí mí na Samhna 2023 ann. Faoi na socruithe sin, moltar do phríomhdhéileálaithe an Aontais praghsanna iontaofa Bhannaí an Aontais a phostáil ar na príomhardáin trádála bannaí leictreonacha. Ó tugadh isteach na socruithe luachana sin, tá méideanna trádála laethúla Bhannaí an Aontais ar an bpríomhardán trádála leictreonaí i bhfad os cionn EUR 767 milliún ar an meán agus tá buaicphointí laethúla os cionn EUR 2 bhilliún ann. In L1 2025, bhí an meán sin beagán níos ísle le meánláimhdeachas laethúil de EUR 643 mhilliún, rud a léiríonn an cúlra infheistíochta níos luainí.
Thacaigh an Coimisiún freisin le leachtacht chuar bhannaí an Aontais trí línte atá ann cheana a thapáil, chomh maith le línte nua a chruthú chun freastal ar riachtanais an chláir agus ar éileamh na n‑infheisteoirí. Dá thoradh sin, d’fhan an meánmhéid gan íoc in aghaidh Bhanna an Aontais ag thart ar EUR 16 bhilliún i ndeireadh L1 2025, níos airde ná EUR 14,8 billiún i ndeireadh 2024. Seoladh línte nua 3 bliana, 10 mbliana agus 7 mbliana sa chéad leath de 2025 freisin.
Cairt 4: Láimhdeachas ráithiúil margaidh thánaistigh bhannaí an Aontais agus na mbannaí rialtais Eorpacha (% den mhéid gan íoc)
Foinse: An Coimisiún Eorpach bunaithe ar shonraí ón bhFochoiste um Margaí Fiachais Cheannasaigh an Aontais Eorpaigh (ESDM) den Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.
Tabhair faoi deara: Sa chairt sin, cuimsítear le margadh na mbannaí rialtais Eorpacha bannaí arna n‑eisiúint ag eisitheoirí ceannasacha sa limistéir euro, an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Níl sonraí ar fáil fós le haghaidh R3 2025 ná R4 2025.
4.Costas an chistithe agus costais bainistithe leachtachta
Costas an chistithe
Leis an modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe, cuirtear ar chumas an Choimisiúin costais an chistithe a ghearrtar ar thairbhithe (buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó tairbhithe iasachta) a nascadh leis na coinníollacha a fuarthas sa mhargadh nuair a maoiníodh na heisíocaíochtaí
. Ina theannta sin, ceadaítear leis an modheolaíocht sin costais iasachtaíochta a leithdháileadh ar bhonn clárbhunaithe. Léiríonn sé sin an líon méadaithe clár beartais arna gcistiú ag an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe faoin gcur chuige aontaithe cistiúcháin.
I gcomhréir leis an modheolaíocht sin, meastar gurb é 3,17 % an costas cistiúcháin le haghaidh íocaíochtaí Next Generation EU san urrann ama idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2025 (‘UA8’ sa tábla thíos), i gcomparáid le 2,99 % don urrann ama 6 mhí roimhe sin. Bhí costas an chistithe le haghaidh eisíocaíochtaí faoin tSaoráid don Úcráin, faoi chlár cúnaimh macrairgeadais na hÉigipte agus faoin tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar idir 2,70 % agus 2,80 % i ndeireadh mhí an Mheithimh 2025. Ba é 2,53 % costas an chistithe don iasacht cúnaimh macrairgeadais don Úcráin mar chuid de thionscnamh Mhear-iasachtaí G7.
Léirítear leis na difríochtaí sna costais chistiúcháin idir urranna cláir saintréithe an chláir, amhail difríochtaí i meánaibíochtaí na n‑ionstraimí iasachtaíochta
.
Cairt 5: Costas an chistithe
|
Next Generation EU
|
UA1
|
UA2
|
UA3
|
UA4
|
UA5
|
UA6
|
UA7
|
UA8
|
|
|
0,15 %
|
1,38 %
|
2,61 %
|
3,22 %
|
3,53 %
|
3,19 %
|
2,99 %
|
3,17 %
|
|
An tSaoráid don Úcráin
|
An Ionstraim MFA+
|
Cúnamh macrairgeadais don Úcráin (Mear-iasachtaí G7)
|
|
2,72 %
|
3,16 %
|
2,53 %
|
|
Cúnamh macrairgeadais don Éigipt
|
Na Balcáin Thiar (CP1)
|
An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na Moldóive
|
|
2,70 %
|
2,77 %
|
2,89 %
|
Léirítear le hathruithe ar chostas an chistithe freisin na dálaí margaidh atá i réim, a mbíonn tionchar acu ar chostas iasachtaíochta le haghaidh eisiúintí an Aontais. Le linn na chéad 6 mhí de 2025, bhí luaineacht mhór le feiceáil i rátaí úis mar thoradh ar éiginnteachtaí eacnamaíocha agus airgeadais a rinne difear do na heisitheoirí uile. Mar thoradh air sin, bhí an ráta úis ar Bhannaí 10 mbliana an Aontais idir 2,8 % agus 3,3 % le linn an tseimeastair, agus ag 2,95 % roimh dheireadh an tseimeastair, i gcomparáid le 2,93 % i dtús mhí Eanáir 2025. An tráth céanna, ghéaraigh raonta difríochta toraidh idir eisitheoirí an Aontais agus formhór eisitheoirí bannaí rialtais Eorpacha, agus tháinig méadú beag ar an raon difríochta ráta úis 10 mbliana idir Bannaí an Aontais agus ciseán 50/50 de bhannaí ceannasacha na Gearmáine/na Fraince ó thart ar 13 bhonnphoine i dtús na bliana go 5 bhonnphointe i mí an Mheithimh 2025.
Cairt 6: Torthaí ar Bhannaí 10 mbliana an Aontais
COSTAIS bainistithe leachtachta
Le linn an chéad leath de 2025, ba é EUR 71,1 billiún meánleibhéal na sealúchas leachtachta, i gcomparáid le EUR 50,7 billiún sa dara leath de 2024. Tharla sé sin go príomha mar gheall ar mhoilleanna ar eisíocaíochtaí Next Generation EU i gcomparáid le réamhaisnéisí. Go háirithe, eis-sreafaí eisíocaíochta de bheagnach EUR 45 bhilliún a tuaradh do dheireadh an chéad leath de 2025, cuireadh siar iad go dtí níos déanaí sa samhradh. Bhí roinnt moilleanna beaga ar chláir eile freisin i gcomparáid le réamhaisnéisí.
Mínítear an méadú mór ar shealúchais leachtachta leis an ngá atá le hiasachtaíocht fhoriomlán ard a choinneáil i bhfianaise an mhéid mhóir cistí atá fós le heisíoc faoi chlár Next Generation EU idir seo agus deireadh 2026
. I bhfianaise na méideanna móra cistiúcháin is gá le linn na bliana deiridh de chur chun feidhme Next Generation EU, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Coimisiún dá oibríochtaí trína bhfaightear iasacht ar sceideal rialta intuartha chun na dálaí margaidh is fearr a áirithiú agus chun intuarthacht a choimirciú le haghaidh infheisteoirí.
Cé gur ghin na hiarmhéideanna airgid sin brabús sna blianta roimhe seo, d’fhág an t‑athrú ar thimpeallacht an ráta úis gur thosaigh na hiarmhéideanna airgid sin ag giniúint glanchostais. Go deimhin, mar gheall ar na hathruithe tapa ar rátaí beartais airgeadaíochta agus géarú na gcuar toraidh ar fud an mhargaidh, tá méadú tagtha ar chostais na sealúchas leachtachta sin.
Chun an toradh ó na hiarmhéideanna airgid sin a infheistiú sa ghearrthéarma a uasmhéadú, thug an Coimisiún faoi oibríochtaí fairsinge bainistithe leachtachta, agus úsáid á baint as taiscí téarma agus idirbhearta athcheannaigh chun thart ar 50-60 % de na hiarmhéideanna airgid a infheistiú ar an meán thar na chéad sé mhí de 2025. Chuidigh na hinfheistíochtaí gearrthéarmacha sin leis an iompar diúltach a bhaineann leis an iarmhéid airgid a infheistíodh a laghdú suas le 20 go 25 bhonnphointe. Ar an iomlán, meastar gurb é tuairim is EUR 195 mhilliún
an glanchostas táscach bainistithe leachtachta don chéad leath de 2025 i gcomparáid le hioncam EUR 140 milliún ar shealúchais leachtachta in 2024.
5.Céimeanna chun margadh Bhannaí an Aontais a fhorbairt a thuilleadh
Le cur chun feidhme na socruithe luachana i ndeireadh 2023 agus seoladh saoráide athcheannaigh i mí Dheireadh Fómhair 2024, cuireadh feabhas ar athléimneacht, doimhneacht agus leachtacht mhargadh Bhannaí an Aontais. In L1 2025, lean an Coimisiún d’infheistíocht a dhéanamh i ndoimhniú mhargadh bhannaí an Aontais. Tar éis atreisiú chlár Bhillí an Aontais agus líne 12 mhí curtha leis i mí Eanáir 2025 (i dteannta na n‑aibíochtaí 3 mhí agus 6 mhí atá ann cheana) agus tar éis fhormáid nua cheantanna trí chéim Bhannaí an Aontais a tugadh isteach i mí an Mhárta 2025, tá an obair tar éis leithdháiltí ceantála neamhiomaíocha a thabhairt isteach.
Trí leithdháiltí ceantála neamhiomaíocha a thabhairt isteach, beidh an Coimisiún in ann méideanna breise bannaí a cuireadh ar ceant (20 % den mhéid ceantála a leithdháileadh ar dtús) a thairiscint dá phríomhdhéileálaithe an lá tar éis cheant an bhanna. Baineann go leor clár ceantála ceannasaí úsáid as an ngné nua sin chun dreasacht a thabhairt dá bpríomhdhéileálaithe páirt a ghlacadh i gceantanna agus níos mó spéise a chothú i measc infheisteoirí. Tá obair ullmhúcháin ar siúl faoi láthair leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus é mar aidhm aici na tairiscintí neamhiomaíocha a sheoladh ó fhómhar 2025.
An tráth céanna, leanadh de thionscnaimh neamhspleácha ó pháirtithe leasmhara margaidh. Tar éis sheoladh an chonartha todhchaíochtaí innéacs-bhunaithe ICE i mí na Nollag 2024, d’fhógair EUREX seoladh conarthaí todhchaíochtaí bhannaí an Aontais arna seachadadh go fisiciúil i mí Mheán Fómhair 2025. Is féidir le margadh todhchaíochtaí dea-fheidhmiúil cuidiú le rannpháirtithe sa mhargadh Bannaí an Aontais a phraghsáil agus suíomhanna oscailte a fhálú. Dá bhrí sin, is tacaíocht bhreise é a d’fhéadfadh a bheith luachmhar d’fheidhmiú mhargadh bhannaí an Aontais agus do ról Bhannaí an Aontais mar shócmhainní sábháilte leachtacha. Cé nach bhfuil aon ról díreach ná aon fhreagracht ag an gCoimisiún as oibriú conarthaí todhchaíochtaí, is díol sásaimh dó na tionscnaimh neamhspleácha sin mar aitheantas ar an tábhacht d’infheisteoirí a bhaineann leis an margadh atá ag teacht in aibíocht go tapa le haghaidh Bhannaí an Aontais.
6.Garspriocanna eile sa chéad leath de 2025
Gníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE): Ionstraim airgeadais nua de chuid an Aontais atá le maoiniú trí iasachtaíocht an Aontais
An 27 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Rialachán
lena mbunaítear ionstraim airgeadais nua chun cuidiú leis na Ballstáit dlús a chur le soláthar cumas cosanta - an Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE). Faoin ionstraim sin, tá sainordú ag an gCoimisiún suas le EUR 150 billiún de chistiú breise a eisiúint go dtí deireadh 2030. Aistreofar na fáltais chuig na Ballstáit mar iasachtaí chun soláthar cumas cosanta tábhachtach a mhaoiniú.
Tá go dtí deireadh mhí na Samhna 2025 ag na Ballstáit chun a n‑iarrataí ar iasacht a chur isteach. Leagfar amach méid na n‑iasachtaí agus aon réamh-mhaoiniú (ar féidir suas le 15 % den iasacht a bheith i gceist leis) i gcinntí cur chun feidhme, ar ar a mbonn a dhéanfar eisíocaíochtaí faoin ionstraim nua.
Fágann an tréimhse ama fhadaithe de SAFE (go dtí deireadh 2030) agus cineál éileamh-bhunaithe na n‑eisíocaíochtaí go mbeidh an Coimisiún in ann na cistí a shlógadh go rianúil agus de réir mar is gá le cistiú gearrthéarmach agus fadtéarmach ar fud an chuair toraidh. Ós rud é go ndéanfar an cistiú a chomhtháthú faoi chur chuige cistiúcháin aontaithe an Aontais, maoineofar eisíocaíochtaí le bannaí fadtéarmacha an Aontais ar phraghas iomaíoch agus aisíocfaidh na Ballstáit is tairbhithe iad.
Meastar go gcuirfear tús le cistiú iasachtaí SAFE in 2026 a luaithe a fhormheasfar pleananna agus comhaontuithe iasachta na mBallstát. Déanfar gach eisiúint chun iasachtaí SAFE a mhaoiniú faoi ‘Bannaí an Aontais’ aon-bhranda.
7.Ionchas eisiúna don dara leath de 2025
Lean an Coimisiún de phlean cistiúcháin rialta, intuartha agus mórmhéide a chur chun feidhme le linn an chéad leath de 2025 i gcomhthéacs margaí luaineacha. Tar éis EUR 85,8 billiún de chistiú fadtéarmach a chruinniú i bhfoirm Bhannaí an Aontais ó bhí mí Eanáir 2025 ann, tá a phlean cistiúcháin le haghaidh L1 2025 curtha i gcrích ag an gCoimisiún i gcomhréir lena amchlár foilsithe agus lena ionchais mhargaidh. Baineadh úsáid as na fáltais chun réimse éagsúil beartas de chuid an Aontais a mhaoiniú, lena n‑áirítear Next Generation EU, cúnamh airgeadais don Úcráin, agus cláir le haghaidh tíortha is iarrthóirí agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.
Lean eisiúint an Aontais de bheith ag freastal ar éileamh láidir infheisteoirí mar a léirítear sna leabhair orduithe le haghaidh sindeacáitithe agus tacaíocht sheasta chomhsheasmhach do cheantanna Bhillí an Aontais agus Bhannaí an Aontais. Is léiriú é sin ar an tslándáil agus ar an leachtacht a chuireann Bannaí an Aontais ar fáil d’infheisteoirí Eorpacha agus domhanda atá ag lorg deiseanna maithe infheistíochta in urrúis ardrátáilte atá ainmnithe in euro.
An 23 Meitheamh 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach inné go bhfuil sé ar intinn aige suas le EUR 70 billiún de Bhannaí an Aontais a eisiúint sa dara leath de 2025. Cuireann an plean cistiúcháin leis an bplean cistiúcháin EUR 90 billiún don chéad leath de 2025 agus tá sé i gcomhréir leis na méideanna eisiúna bliantúla thart ar EUR 160 billiún le haghaidh 2025 ar cuireadh in iúl go raibh coinne leo roimhe seo.
Bheadh an sprioc sin ina taifead bliantúil eisiúna do chlár Bhannaí an Aontais, ag tógáil ar bhlianta roimhe sin (ó EUR 120 billiún in 2023 go EUR 140 billiún in 2024) agus lena léirítear na riachtanais chistiúcháin sa chéad dá bhliain eile, lena n‑áirítear beagnach EUR 335 bhilliún de chistí STA thar shaolré an chláir sin atá fágtha. Sa Teachtaireacht uaidh an 4 Meitheamh 2025
, tugann an Coimisiún tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta
agus iarrann sé ar na Ballstáit dlús a chur lena gcur chun feidhme.
Ina theannta sin, úsáidfear na fáltais chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil don Úcráin, do na tíortha is iarrthóirí agus do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, agus chun bannaí atá ag teacht in aibíocht a thar-rolladh.
Déanfar méideanna a chruinneofar trí Bhannaí an Aontais a fhorlíonadh le cistiú gearrthéarmach trí Bhillí an Aontais. Beidh eisiúintí Bhannaí Glasa Next Generation EU (atá cothrom le EUR 75,1 billiún faoi láthair) fós calabraithe go dlúth le caiteachas glas tuairiscithe ó na Ballstáit, rud a mhaoineoidh an chomhpháirt ghlas de STA. Beidh eisiúint Bhannaí Glasa Next Generation EU ag brath ar fhógra a thabhairt agus bailíochtú a dhéanamh ar chaiteachas breise atá ábhartha don aeráid ag na Ballstáit faoina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.
Iarscríbhinn: Táscairí cur chun feidhme maidir le húsáid na modhanna chun cuspóirí éifeachtúlachta agus éifeachtachta uileghabhálacha na straitéise um bainistiú fiach an Choimisiúin a bhaint amach
|
Modh
|
Táscaire
|
Luach in L1 2025 (mura gcuirtear a mhalairt in iúl)
|
Barúil ar fhorghníomhú in L2 2024
|
|
Cur chun feidhme chlár bhannaí an Aontais
|
a) Eisiúintí tráthrialta ar fud an chuair
Eisiúintí tráthrialta bhannaí an Aontais (agus Bannaí Glasa Next Generation EU) sna haibíochtaí uile ar fud an chuair (suas le 30 bliain) chun deiseanna infheistíochta a chur ar fáil do chineálacha éagsúla infheisteoirí mar bhealach chun éileamh láidir infheisteoirí a choinneáil ar bun agus leis sin an tsolúbthacht chun méideanna eisiúna agus aibíochtaí a chinneadh le haghaidh idirbhearta aonair bunaithe ar dhálaí an mhargaidh.
|
I.Scoilt aibíochta an chláir eisiúna
|
1-4 bhliana: 21 %
4-8 mbliana: 21 %
8-12 bhliain: 19 %
12-17 mbliana: 10 %
17-23 bliana: 12 %
23-31 bhliain: 17 %
|
In L1 2025, shaothraigh an Coimisiún a chuspóir trí eisiúintí bannaí tráthrialta ar fud aibíochtaí éagsúla chun leachtacht a sholáthar do chuar an Aontais ar na deighleoga uile. Leathadh idirbhearta cistithe le linn na tréimhse 6 mhí chun láithreacht thráthrialta a áirithiú sa mhargadh. Bhí níos lú idirbheart ann ná mar a bhí in L2 2024, ós rud é go raibh sprioc chistiúcháin L1 2025 de suas le EUR 90 billiún níos airde ná sprioc chistiúcháin L2 2024 de EUR 65 bhilliún.
Bhí eisiúint bannaí glasa beagáinín níos ísle ná mar a bhí sa dara leath de 2024, rud a léiríonn na caiteachais ghlasa charnacha a tuairiscíodh ó na Ballstáit, agus an calabrú iomchuí ar eisiúintí bannaí glasa chuig na caiteachais sin.
|
|
|
b)
|
II.Dáileadh tráthúil eisiúintí
|
Sé shindeacáitiú agus seacht gceant bannaí, rud a fhágann go ndéantar ar a laghad dhá eisiúint in aghaidh na míosa.
|
|
|
|
c)
|
III.Eisiúintí glasa
|
EUR 6,9 billiún trí bhannaí an Aontais 2033 agus 2050 a thapáil.
|
|
|
|
d) Cothromaíocht chuí de cheantanna agus sindeacáitiú a bhaint amach
Teicnící cistithe éagsúla a úsáid agus cothromaíocht chuí ann, de réir na méideanna eisiúna iomlána agus dhálaí an mhargaidh, chun rioscaí forghníomhaithe a bhainistiú, feabhas a chur ar leachtacht an mhargaidh thánaistigh agus feabhas a chur ar chostais iasachtaíochta.
|
I.Ceant / sindeacáitiú a scoitear mar %
|
41 % d’eisiúintí bannaí trí cheant.
|
In L1 2025, d’eisigh an Coimisiún 41 % de bhannaí an Aontais trí cheant, i gcomhréir leis an gcion in L2 2024 (42 %).
|
|
|
e) Bannaí tagarmhairc móra agus leachtacha a bhunú
Bannaí an Aontais a thapáil chun an méid atá gan íoc de línte éagsúla a thabhairt chuig leibhéil atá i gcomhréir le línte tagarmhairc móra agus leachtacha.
|
I.Eisiúintí trí bhannaí nua i gcomparáid leis an méid a eisíodh trí thapálacha
|
·EUR 22 bhilliún trí bhannaí nua
·EUR 64 bhilliún trí thapálacha
|
Chun tacú le leachtacht urrúis an Aontais, d’úsáid an Coimisiún a idirbhearta chun na línte cistithe atá ann cheana a thapáil, agus slógadh thart ar 75 % den mhéid cistiúcháin trí thapálacha.
Seoladh línte cistithe nua chun línte tagarmhairc nua a sholáthar don mhargadh i gcás inar gá ar an gcuar, agus bunaithe ar mholtaí phríomhdhéileálaithe an Aontais. Seoladh bannaí nua 3 bliana, 10 mbliana agus 20 bliain sa chéad leath de 2025.
Dá thoradh sin, tháinig méadú ar mheánmhéid gan íoc in aghaidh an bhanna go dtí thart ar EUR 16 bhilliún faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2025, rud a d’áirithigh leachtacht chomhsheasmhach na mbannaí.
|
|
|
f)
|
II.An luas a bhaineann le bannaí nua a thapáil
|
Tuairim is 3 mhí
|
|
|
|
g)
|
III.Meánmhéid na mbannaí gan íoc
|
Thart ar EUR 16 bhilliún
|
|
|
|
h)
|
IV.Láimhdeachas i gcoibhneas le méid na heisiúna
|
Tuairim agus 174 % in L1 2025 i gcomparáid le 155 % in L2 2024
|
|
|
|
i)
|
V.Dearbh‑láimhdeachas
|
EUR 1 154 bhilliún i L1 2025 i gcomparáid le EUR 894 bhilliún i L2 2024
|
|
|
|
d) Próifíl aibíochta eisiúintí bhannaí an Aontais a bhainistiú agus aird chuí á tabhairt ar an méid seo a leanas:
·an lamháil bhreise shealadach (le haghaidh iasachtaíocht a bhaineann le Next Generation EU) agus lamháil bhuan (le haghaidh na hionstraime MFA+) faoi bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh
·eisíocaíochtaí a fhuascailt amach anseo in aon bhliain ar leith
·riachtanais maidir le tar-rolladh a bheith cobhsaí amach anseo
·an gá le rátáil an Aontais a chosaint chun costais iasachtaíochta ísle san fhadtéarma agus éileamh láidir óna bhonn príomhinfheisteoirí a áirithiú.
|
I.Meánaibíocht na heisiúna
|
Thart ar 12 bhliain
|
In L1 2025, bhí meánaibíocht 12 bhliain ag eisiúintí Bhannaí an Aontais. Leis sin léirítear an gá leis an bpróifíl fuascailtí a leathadh le himeacht ama agus, an tráth céanna, infheisteoirí a mhealladh chuig idirbhearta i mbunmhargadh an Aontais. Lean an mheánaibíocht de bheith faoin meánaibíocht uasta de 17 mbliana a leagtar amach sa chinneadh bliantúil iasachtaíochta le haghaidh 2025.
Tháinig laghdú beag ar an meán-am ualaithe go dtí aibíocht an fhiachais gan íoc (go dtí thart ar 11 bhliain tar éis gur bhog sé faoi bhun 11,5 bliain) arna spreagadh ag an bpróifíl eisiúna agus ag rolladh síos an fhiachais atá ann cheana.
Lean an t‑athmhaoiniú de bheith cobhsaí freisin, rud a léiríonn na heisiúintí roimhe sin agus an próifíl fuascailtí.
|
|
|
e)
|
II.Meánaibíocht an fhiachais gan íoc
|
Thart ar 11 bhliain
|
|
|
|
f)
|
III.Athmhaoiniú sa ghearrthéarma, i.e. céatadán den stoc bannaí agus billí gan íoc a aibíonn sa chéad 12 mhí eile
|
Níos lú ná 10 %
|
|
|
|
g)
|
IV.Athmhaoiniú sa mheántéarma, i.e. céatadán den stoc bannaí agus billí gan íoc a aibíonn sna chéad 5 bliana eile
|
Níos lú ná 37 %.
|
|
|
Cur chun feidhme Chlár Bhillí an Aontais
|
Billí an Aontais ag a bhfuil aibíochtaí suas le 1 bhliain a eisiúint go tráthrialta trí cheant chun infheisteoirí breise a mhealladh (nó punanna breise de na hinfheisteoirí atá ann cheana) agus tacú le bainistiú leachtachta.
|
I.Méid gan íoc de Bhillí an Aontais
|
Thart ar EUR 30 billiún
|
Tháinig méadú ar fhiachas gan íoc faoi chlár Bhillí an Aontais ó thart ar EUR 25 bhilliún go dtí thart ar EUR 30 billiún le linn na tréimhse mar chuid d’fhorbairt an chláir chun leachtacht bhreise a sholáthar nuair is gá. Áiríodh leis sin freisin líne nua Bhillí an Aontais 12 mhí a thabhairt isteach.
|
|
|
|
II.Líon cheantanna Bhillí an Aontais
|
12
|
|
|
Bainistiú leachtachta
|
Tiomsú leachtachta a bhainistiú bunaithe ar oibleagáidí íocaíochta, riachtanais eisíocaíochta agus na costais sealbhaíochta airgid, agus aird chuí á tabhairt ar dhálaí an mhargaidh atá i réim.
|
I.An líon clistí íocaíochta de dheasca easpa leachtachta
|
Dada
|
Chomhlíon an Coimisiún na riachtanais eisíocaíochta uile agus ní raibh aon chliseadh socraíochta ann le linn an dara leath de 2024.
|
|
Líonra na bpríomhdhéileálaithe
|
Raon leathan institiúidí airgeadais a mhealladh le tiomantas láidir chun tacú le heisiúintí an Aontais.
|
I.An líon institiúidí a shínigh gealltanais frithgheallta le haghaidh idirbhearta le 6 mhí anuas
|
19 (i gcomparáid le 18 in L2 2024)
|
Lean príomhdhéileálaithe an Aontais de thacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus bhí uainíocht ag an sindeacáitiú ina cuidiú ag an gCoimisiún chun an úsáid is fearr a bhaint as na bainc uile atá incháilithe chun bheith ina gcuid de shindeacáitiú.
|
|
Cumarsáid le geallsealbhóirí agus piareisitheoirí éagsúla sa mhargadh
|
An t‑iontaobhas a choinneáil ar bun agus a chothú leis an mbonn infheisteoirí, le rannpháirtithe sa mhargadh agus le piareisitheoirí chun tacú leis an éileamh ar fhiachas an Aontais agus feabhas a chur ar thuiscint an Aontais ar dhinimic an mhargaidh agus riachtanais infheisteoirí.
|
I.Diallais ó na huainithe réamhfhógartha chun pleananna cistiúcháin a fhoilsiú
|
Dada
|
Choinnigh an Coimisiún cumarsáid thráthrialta agus intuartha ar bun leis na margaí, i gcomhréir le fógraí roimhe sin.
Le linn an dara leath de 2025, tharla leithdháileadh laghdaithe de EUR 4 bhilliún de bharr gur daingníodh dálaí maoiniúcháin tarraingteacha sna ceantanna bannaí.
D’fhoilsigh an Coimisiún staidreamh infheisteoirí go tráthrialta, agus lean a bhonn infheisteoirí éagsúlaithe de bheith ag méadú.
|
|
|
|
II.Diallas ó na méideanna a fógraíodh sa phlean cistiúcháin
|
Tuairim is EUR 4 bhilliún nó níos lú ná 5 % (i gcomparáid le níos lú ná 2 % in L2 2024).
|
|
|
|
|
III.Staidreamh dáileacháin infheisteoirí
|
In aghaidh an chineáil:
bainc cheannais/institiúidí oifigiúla 17 %, bainisteoirí cistí 24 %, státchistí bainc 33 %, cistí árachais agus pinsin 17 %, bainc 8 %, cistí fálaithe 2 %
In aghaidh na tíre/an réigiúin: An Ríocht Aontaithe 22 %, tíortha Nordacha 11 %, an Fhrainc 10 %, BENELUX 9 %, an Iodáil 9 %, réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise 5 %, an Ghearmáin 8 %, an Ibéir 12 %, tíortha eile san Aontas 7 %, tíortha eile san Eoraip nach tíortha den Aontas iad 2 %, Críocha Mheiriceá 1 %, an Meánoirthear agus an Afraic 2 %
|
|