Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0570

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Buiséad AE dinimiciúil i gcomhair thosaíochtaí na todhchaí - Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034

COM/2025/570 final

An Bhruiséil,16.7.2025

COM(2025) 570 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Buiséad AE dinimiciúil i gcomhair thosaíochtaí na todhchaí - Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034





{SWD(2025) 570 final} - {SWD(2025) 571 final}


1.RÉAMHRÁ

Is mó i bhfad ná plean airgeadais a bheidh i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034. Is ráiteas straitéiseach a bheidh ann, ráiteas ina gcuirfear in iúl uaillmhian pholaitiúil chomhchoiteann an Aontais a chuid tosaíochtaí a bhaint amach agus gníomhú go láidir aontaithe ar an leibhéal domhanda sna 10 mbliana atá romhainn. Is é buiséad an Aontais capall na hoibre aige, agus tá sé cruthaithe go mion minic ag an mbuiséad céanna gur dual dó tionchar claochlaitheach a imirt maidir le hinfheistíocht agus fás a spreagadh. Is é an dlúthpháirtíocht Eorpacha ina steillbheatha é. Sna 5 bliana atá imithe tharainn, chuidigh buiséad an Aontais ó thaobh beatha daoine agus slite beatha a shábháil le linn na paindéime, chuir sé ar chumas an Aontais géarchéimeanna fuinnimh agus slabhraí soláthair a shárú, agus ba é an dúshraith é ar ar tógadh tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin.

Tá sé in am Eoraip níos neamhspleáiche a thógáil, mar ní féidir leis an Aontas a fhágáil faoi dhreamanna eile a shlándáil agus a rathúnas fadtéarmach a chinntiú. Dhúisigh an Eoraip de gheit as a suan mar gheall ar an gcogadh foghach atá á fhearadh ag an Rúis ar theorainn an Aontais, ar éagobhsaíocht gheopholaitiúil níos leithne, agus ar shuaitheadh a bheith á bhaint as an gcaidreamh trádála domhanda. I bhfianaise an mhéid sin, ní raibh an dara rogha againn ach athmhachnamh a dhéanamh ar ár gcuid tosaíochtaí straitéiseacha, agus gníomhú ar bhonn práinne chun spleáchais a laghdú agus chun dul i ngleic le leochaileacht i dtaobh bagairtí iomadúla ar ár slándáil agus ar ár modh maireachtála. D’fhág sé sin gur ghá béim a leagan ar an iomaíochas, ar an tslándáil, ar an gcosaint, ar an imirce, ar an tslándáil bia, ar an uathriail straitéiseach, agus ar ár gcuid ullmhúcháin i gcomhair mhéadú an Aontais san am atá le teacht. Is láidre dá bharr ár dtiomantas do na prionsabail agus do na luachanna a fháisceann an Eoraip le chéile agus a fhágann gur eiseamláir chobhsaíochta agus foráis atá san Aontas i ré seo na corraíola.

Más áil linn smacht a bheith againn ar ár gcinniúint féin, caithfear buiséad uaillmhianach ó thaobh méide agus dearaidh de a chur ar fáil don Aontas. Ar mhaithe le deiseanna a chruthú do mhuintir na hEorpa, idir na glúine atá anois ann agus iad siúd a bheidh ann amach anseo, agus cabhrú leis an té atá i ngátar. Ar mhaithe lenár gcuid leasanna agus luachanna straitéiseacha a chosaint. Ar mhaithe le tuilleadh forbartha a dhéanamh de réir an mhianaigh chun feabhais atá sa mhargadh aonair, agus le leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun fás agus nuálaíocht a spreagadh. Ar mhaithe lenár gcuid spriocanna aeráide a bhaint amach agus le tacú le gnólachtaí, gnólachtaí beaga go háirithe, agus le saoránaigh maidir leis an aistriú chuig geilleagar astaíochtaí nialasacha. Ar mhaithe leis an gcomhshaol a chosaint, ár gcuid acmhainní nádúrtha a chaomhnú, an chiorclaíocht a chur chun cinn, agus iomaíochas agus athléimneacht na hEorpa a neartú, an athléimneacht uisce san áireamh. Ar mhaithe lenár slándáil chomhchoiteann a ráthú, buntáiste iomaíoch na hEorpa a thabhairt ar an bhfód arís, an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a threisiú, agus na hiarmhairtí a bhaineann le treochtaí déimeagrafacha a bhainistiú. Ar mhaithe le teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú, an imirce a bhainistiú agus dea-fheidhmiú limistéar Schengen a chinntiú. Ar mhaithe le deis stairiúil an mhéadaithe a thapú chun an tAontas a neartú a thuilleadh. Agus ar mhaithe le comhpháirtíochtaí domhanda straitéiseacha a fhorbairt a fhágfaidh go mbeidh an tAontas ina ghníomhaí láidir iontaofa ar an leibhéal domhanda, comhpháirtíochtaí a bheidh fréamhaithe go daingean i bprionsabail na trádála idirnáisiúnta riailbhunaithe.

Ní mór don Eoraip a chuid béasa a athrú – agus ní haon eisceacht é buiséad an Aontais. I ré seo na fíor-éiginnteachta eacnamaíche agus geopholaitiúla, is tnúthán géar ag go leor é go dtiocfaidh an tAontas ar na freagraí a fhuasclóidh dúshláin éagsúla ár linne. An méid atá á éileamh anois, sáraíonn sé ar éilíodh riamh, agus caithfidh buiséad an Aontais a bheith chomh mór agus go mbeidh sé ag freagairt don mhéadú atá tagtha ar fhreagrachtaí an Aontais. Mar sin féin, ní hé nach bhfuil teorainn leis na hacmhainní atá ar fáil. Tá na buiséid náisiúnta faoi bhrú agus ní hacmhainn dóibh dul i ngleic le dúshláin trasteorann astu féin. An iasachtaíocht chomhpháirteach trína bhfuiltear ag tacú le NextGenerationEU, caithfear í a aisíoc sna blianta atá romhainn. Fágann sé sin nach mór dúinn leas iomlán a bhaint as gach euro dá bhfuil i mbuiséad an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh sna réimsí inar mó an breisluach AE, agus chun infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a mhealladh.

Tá buiséad níos uaillmhianaí de dhíth ar an Aontas, buiséad a bheadh níos simplí, níos solúbtha agus níos straitéisí. Agus thar aon ní eile, ní mór toradh a bheith ar bhuiséad an Aontais. Cuireadh an méid sin os ard go lom láidir le linn na gcomhairliúcháin poiblí leathana a reáchtáil an Choimisiúin maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile 1 , sna moltaí ó Phainéal Saoránach Eorpach tiomnaithe 2 , agus le linn obair for-rochtana fhairsing ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Tá sé in am anois beart a dhéanamh de réir na gceachtanna sin agus buiséad nua-aimseartha a bhronnadh ar an Aontas, buiséad a oirfidh do shaol seo na mear-athruithe.

Cruthaíodh san am atá caite go bhfuil an tsolúbthacht ríthábhachtach. An chobhsaíocht agus an intuarthacht a fhágann go bhfuil buiséad an Aontais ina spreagadh cumhachtach don infheistíocht fhadtéarmach, is ón gcreat airgeadais ilbhliantúil a eascraíonn siad. Ach i ré seo na corraíola agus na héiginnteachta, ní mór acmhainneacht struchtúrach i bhfad níos láidre a bheith i mbuiséad an Aontais freisin, sa chaoi go bhféadfaí dul in oiriúint do chúinsí a thiocfadh i gceist gan choinne. An fhreagairt bhuiséadach i leith géarchéimeanna agus riachtanais nua, is rómhinic í ina cur chuige ad hoc agus ina seift nuacheaptha de réir an cháis. Ní bonn fónta é sin do bheartas fadtéarmach. Sin é an fáth a bhfuil buiséad níos sofhreagrúla á mholadh ag an gCoimisiún, buiséad a bheadh níos ullmhaithe i gcomhair an mhéid atá a fhios againn a bheith i ndán dúinn – agus an méid nach eol dúinn go fóill é a bheith i ndán dúinn. Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a stiúrann an buiséad, agus cinnteoidh sé sin go mbeidh ardleibhéal maoirseachta polaitiúla, trédhearcachta agus cuntasachta daonlathaí ann i gcaitheamh an ama.

Tá iarracht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana á déanamh ag an gCoimisiún chun an Eoraip a dhéanamh níos simplí — agus caithfidh buiséad an Aontais a bheith ina chuid den iarracht sin. Deimhníodh sna comhairliúcháin phoiblí go bhfuil cláir airgeadais an Aontais ró-ilroinnte, agus go bhfuil siad thíos le forluí, le bearnaí agus le rialacha nach bhfuil ag teacht le chéile. Is údar mearbhaill atá sa mhéid sin, agus is lú inrochtaineacht, solúbthacht agus éifeacht atá i gceist dá bharr. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cláir airgeadais an Aontais a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé i bhfad níos éasca deiseanna cistiúcháin a shainaithint, sineirgí a spreagadh, agus buiséad barainneach, trédhearcach, comhleanúnach a chruthú a rachaidh chun fónaimh do mhuintir na hEorpa trí chéile.

Is deis atá sa chéad bhuiséad fadtéarmacha eile de chuid an Aontais tiomantas na hEorpa dár gcuid spriocanna agus luachanna coiteanna a athdhearbhú. Ceapadh na tograí ón gCoimisiún sa chaoi go gcinnteofar gurb iad ár gcuid tosaíochtaí polaitiúla a stiúrfaidh infheistíocht an Aontais, rud a mbeidh toradh níos fearr air ná mar a bheadh ar ghníomhaíocht na mBallstát, dá mba ag gníomhú astu a bheidís. Is tograí iad atá fréamhaithe san urraim don smacht reachta, agus a d’eascair ó thiomantas láidir a chinntiú go gcaitear airgead an Aontais ar bhealach fiúntach, a chloíonn leis na caighdeáin is airde maidir le bainistíocht fhónta airgeadais.

Is buiséad uaillmhianach dar luach EUR 1.98 trilliún atá á mholadh ag an gCoimisiún don tréimhse 2028-2034, suim airgid is ionann agus 1.26% de OIN an Aontais. Ní féidir leis an Aontas a chuid uaillmhianta a chomhlíonadh d’uireasa buiséad a bheadh ag teacht leis na huaillmhianta sin. Cuirfidh an buiséad seo tuilleadh gaoithe fós i seolta an Aontais, tráth atá sé ag imeacht le cóir cheana a bhuí le NextGeneration EU, agus cuirfidh sé ar a chumas na cúraimí agus na freagrachtaí atá leagtha air a chomhlíonadh.

Cuid ríthábhachtach den phacáiste seo is ea maoiniú bhuiséad an Aontais a nuachóiriú, rud a réiteoidh an bealach do ranníocaíochtaí cobhsaí náisiúnta, in ainneoin méadú a bheith tagtha ar an mbuiséad. Córas ioncaim níos nua-aimseartha agus níos Eorpaí, sin é an bhunchloch ba cheart a bheith ag buiséad uaillmhianach a bheadh dírithe ar thosaíochtaí Eorpacha. Chuige sin, tá togra á dhéanamh ag an gCoimisiún le haghaidh pacáiste nua acmhainní dílse, pacáiste ina bhfuil coigeartuithe ar thogra 2023 maidir le hacmhainní dílse nua agus iarrthóirí breise. Tríd an ioncam a ghinfear leis sin, féadfar féachaint chuige go mbeidh buiséad an Aontais ag teacht lena chuid uaillmhianta, agus go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá ar an Aontas iasachtaíocht NextGenerationEU a aisíoc.

Is deis uathúil atá i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 ár mbuiséad fadtéarmach a athchóiriú ionas go mbeidh sé in oiriúint do shaol seo an tsíor-athraithe. Is de dhlúth agus d’inneach an Aontais seo againne buiséad an Aontais agus na comhbheartais a dtacaíonn sé leo. Ní thiocfaidh aon athrú ar na bunphrionsabail agus na bunchuspóirí a bhfuil buiséad an Aontais á mhúnlú acu ó bunaíodh é. Ach tá na dúshláin atá le sárú ag an Aontas chomh mór sin nach féidir seadú san áit a bhfuilimid. Trí bhuiséad an Aontais agus na cláir a ghabhann leis a dhéanamh níos simplí agus níos solúbtha, agus trí iad a chur i dtiúin le tosaíochtaí an lae inniu agus an lae amárach, tabharfaimid don Aontas an buiséad nua-aimseartha atá de dhíth air chun saoránaigh na hEorpa a chosaint, chun cabhrú le gnólachtaí Eorpacha bláthú agus chun samhail shóisialta na hEorpa a neartú. Sin é an buiséad atá de dhíth air chun go dtabharfar ar shaoránaigh, ar thaighdeoirí agus ar ghnólachtaí ón Aontas agus ó níos faide i gcéin an Eoraip a Roghnú.

Is é sin le rá, i mbeagán focal, chun Eoraip neamhspleách a thógáil a bheidh in acmhainn a cinniúint féin a mhúnlú.

2.BUISÉAD AN AONTAIS EORPAIGH: BEART A DHÉANAMH DE RÉIR THOSAÍOCHTAÍ AN AONTAIS

Is buiséad beartasbhunaithe a bheidh i mbuiséad nua an Aontais. An chéad ghlúin eile de chláir airgeadais AE, caithfidh siad a bheith comhleanúnach, ionas go n‑oibreoidh siad as lámh a chéile chun an comhar Eorpach a thabhairt céim eile chun tosaigh i réimsí tosaíochta ar nós an iomaíochais, na slándála, an dícharbónaithe, na hinbhuanaitheachta, agus an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh. Na cláir atá ag gabháil le buiséad athchóirithe an Aontais, ceapadh iad sa chaoi go bhfuil siad comhlántach, ionas gur féidir acmhainní a chomhcheangal chun tacú le tosaíochtaí Eorpacha, bíodh sin laistigh den Aontas féin nó ar fud an domhain mhóir.

I.Rathúnas, inbhuanaitheacht agus slándáil a spreagadh – infheistíochtaí agus athchóirithe saincheaptha trí phleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí

Le pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, déanfar cistí AE arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag na réigiúin a chomhcheangal, ionas gur próiseas pleanála comhleanúnach saincheaptha a bheidh i gceist, próiseas a bheidh ag teacht go hiomlán le tosaíochtaí coiteanna an Aontais. Trí na pleananna sin, féachfar chuige go mbeidh a oiread tionchair agus is féidir ag gach aon euro dá gcaithfear, cuirfear tuilleadh solúbthachta ar fáil chun oiriúnú do riachtanais réigiúnacha agus áitiúla, agus simpleofar rialacha i gcás na mBallstát agus na réigiún.

Is iad comhbheartais shár-rathúla na hEorpa an dúshraith ar a dtógfar na pleananna nua comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí maidir le hinfheistíochtaí agus athchóirithe, agus is amhlaidh go ndéanfar na comhbheartais sin a neartú agus go gcuirfear lena dtionchar de bharr na bpleananna céanna. Na beartais atá ann cheana chun tacú le tosaíochtaí Eorpacha, fágfaidh na comhpháirtíochtaí gur dlúithe a bheidh siad ag feidhmiú i bpáirt le chéile, rud a neartóidh an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Chomh maith leis sin, cuirfidh na comhpháirtíochtaí borradh faoi ghníomhaíocht an Aontais chun deireadh a chur le bacainní ar an margadh inmheánach. Agus imchlúdach EUR 865 bhilliún ag gabháil leis na pleananna (EUR 50 billiún ón gCiste Aeráide Sóisialta san áireamh), cinnteoidh siad go dtacófar go leanúnach le comhbheartais na hEorpa trí chur chuige nuachóirithe.

Imchlúdach Phleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí 2028-2034

Beidh na pleananna comhpháirtíochta fréamhaithe i dtosaíochtaí Eorpacha ach beidh siad ag teacht le riachtanais shonracha na mBallstát agus na réigiún éagsúil. Tabharfaidh na pleananna  aghaidh ar na príomhthosaíochtaí agus na príomhdhúshláin a sainaithníodh, cinn a sainaithníodh tríd an Seimeastar Eorpach san áireamh. Beidh siad faoi chomhúinéireacht, i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha, agus is i gcomhar leis na húdaráis sin a cheapfar iad. Freastalóidh an córas seachadta nua ar éagsúlacht na mBallstát, trína thabhairt de shaoirse dóibh caibidlí náisiúnta agus earnálacha a fhorbairt, chomh maith le caibidlí réigiúnacha agus críochacha i gcás inarb ábhartha, mar a dhéantar faoi na rialacha reatha, de réir struchtúir agus thraidisiúin bhunreachtúla gach Ballstáit. I gcás bheartais an Aontais trí chéile, cuirfidh na pleananna tacaíocht spriocdhírithe ar fáil do thosaíochtaí práinneacha, ar nós na ndúshlán atá le sárú ag na réigiún ar theorainn thoir an Aontais is mó atá thíos leis an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin. Go ginearálta, ní bheidh na comhpháirtíochtaí chomh saintreorach sin ar fad maidir le conas cuspóirí coiteanna a bhaint amach, ach beidh siad docht maidir leis an méid atá le baint amach, sa tslí gur cinnte go n‑urramófar prionsabal na coimhdeachta go hiomlán.

Leis na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí,  cruinneofar le chéile 14 chiste atá ann cheana agus cinnteofar go mbeidh comhleanúnachas eatarthu agus gur clársceidealú comhpháirteach a bheidh ag baint leo, cé go ndéanfar sainiúlachtaí na gclár éagsúil a urramú chomh maith. De bharr an mhéid sin, déanfar próisis chasta chlársceidealaithe a chuíchóiriú, ciorrófar nósanna imeachta fada bailíochtaithe, agus cruthófar deiseanna nua le haghaidh sineirgí.

ØTosaíocht is ea an talmhaíocht agus na ceantair thuaithe i gcónaí, ionas go neartófar uathriail straitéiseach, slándáil bia agus inbhuanaitheacht an Aontais. Is deis atá sna comhpháirtíochtaí ar an gComhbheartas Talmhaíochta a fhorbairt ionas gur creat beartais níos simplí, níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a bheidh ann, ar mhaithe leis an gcothromaíocht cheart a aimsiú idir dreasachtaí, infheistíochtaí agus rialacha. An tacaíocht ioncaim a fhaigheann feirmeoirí ó bhuiséad an Aontais, beidh sí cobhsaí intuartha i gcónaí, ach beidh deiseanna breise ann le haghaidh infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha i dtaca le ceantair thuaithe. Beidh na Ballstáit in ann sineirgí a bhaint amach a chuirfidh ar a gcumas dóibh aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos fearr, ar na dúshláin atá le sárú ag feirmeoirí agus ag pobail tuaithe, rud a chruthóidh deiseanna d’fheirmeoirí óga, a dhéanfaidh cothú na chéad ghlúine eile a chur chun cinn, agus a chinnteoidh an tslándáil bia san fhadtéarma. Cuirfidh an tAontas dlús le cur chun cinn táirgí talmhaíochta AE chun nideoga nua a chruthú. Tá méadú ag teacht ar an éiginnteacht atá le sonrú ar na margaí talmhaíochta, agus déanfaidh an tAontas feirmeoirí a chosaint agus margaí a chobhsú tráth a bheidh suaitheadh á bhaint as na margaí, rud a dhéanfar tríd an Líontán Sábháilteachta Aontachta.

ØDéanfar an beartas comhtháthaithe a neartú agus a nuachóiriú, agus na réigiúin ina chroílár istigh, agus seasfar i gcónaí lena chuid bunphrionsabal, is é sin an chomhpháirtíocht, an rialachais il-leibhéil agus an ghníomhaíocht áitbhunaithe. Oibreoidh sé i bpáirt leis na beartais eile, beidh tionchar níos láidre aige a bhuí le hinfheistíochtaí agus athchóirithe spriocdhírithe, agus leanfaidh sé d’Eoraip níos comhtháite a chur chun cinn, sa chaoi go gcinnteofar go mbeidh rochtain ag muintir na hEorpa trí chéile ar dheiseanna eacnamaíocha agus ar cháilíocht saoil níos fearr, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu. Cuideoidh sé le réigiúin lagfhorbartha teacht suas le réigiúin eile, agus cuideoidh sé freisin le réigiúin an aistrithe chóir, sa chaoi go gcinnteofar nach bhfágfar aon duine ar lár. Déanfaidh sé cúram ar leith de réigiúin fhorimeallacha, de réir na ndúshlán ar leith atá le sárú acu, agus an mhianaigh ar leith atá iontu.

ØNí cumhacht na hEorpa go cumhachtú a cuid saoránach – agus ós amhlaidh atá, is tacaíocht do mhuintir agus do shamhail shóisialta na hEorpa a bheidh i gcroílár na bpleananna. Beidh sprioc shóisialta 14 % ag gabháil leis na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, ionas go ndéanfar infheistíochtaí móra a stiúradh i dtreo chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a thacóidh le fostaíocht ardcháilíochta, le scileanna, le cuimsiú sóisialta agus le tithíocht i ngach aon Bhallstát, réigiún agus earnáil. 

ØTacaíocht ón Aontas i dtaobh dúshláin maidir leis an imirce, le bainistiú teorainneacha agus leis an tslándáil, cinnteoidh na comhpháirtíochtaí go mbeidh an tacaíocht sin ag freagairt do na riachtanais atá ag gach Ballstáit agus a chuid réigiún éagsúil. A bhuí leis an nasc idir athchóirithe agus infheistíochtaí, tabharfar dreasachtaí níos láidre do na Ballstáit chun an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann agus an Straitéis AE um an tSlándáil Inmheánach a chur chun feidhme. Cinnteoidh an tSaoráid AE freagairt sholúbtha choiteann ón Aontas i leith riachtanais phráinneacha agus dúshláin nua.

ØIs é an tiascach croí agus anam phobail agus gheilleagair an chósta, agus is mar sin a bheidh i gcónaí. Neartóidh na comhpháirtíochtaí an ceangal atá ag beartas iascaigh agus aigéanbhunaithe an Aontais, ag an mbeartas comhtháthaithe, agus ag an gComhbheartas Talmhaíochta le chéile. Is ar mhaithe le tacaíocht níos láidre a thabhairt do lucht iascaigh a dhéanfar an méid sin, sin agus ar mhaithe le cuidiú a thabhairt ó thaobh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a spreagadh, ar nós an dobharshaothraithe, na turasóireachta, agus na loingseoireachta, ó thaobh poist a chruthú, agus ó thaobh slite beatha a fheabhsú i réigiúin chósta. 

Na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, in éineacht le cláir eile de chuid an Aontais, cuideoidh siad leis an Aontas an cúrsa a sheasamh de réir ár ngealltanais an Eoraip a dhícharbónú faoi 2050. Na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a gheobhaidh tacaíocht ón bplean, spreagfaidh siad nuálaíocht, cuirfidh siad leis an athléimneacht in aghaidh thionchar an athraithe aeráide, cuirfidh siad leis an nascacht, agus cuideoidh siad maidir leis an Eoraip a dhéanamh níos neamhspleáiche ó thaobh fuinnimh de. Tacóidh siad le gnólachtaí agus le saoránaigh i ngach cuid den Aontas agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar glan, sa tslí go gcinnteofar nach bhfágfar aon duine ar lár.

Maoiniú le haghaidh imirce agus bainistiú teorainneacha i mbuiséad 2028-2034

De bharr gur seachadadh ar bhonn torthaí a bheidh i gceist, agus de bharr mar a bheidh infheistíochtaí agus athchóirithe ag treisiú le chéile, imreofar tionchar níos láidre, agus gheofar luach níos fearr ar airgead. Chun go ndéanfar íocaíochtaí, caithfear garspriocanna agus spriocanna infheistíochta agus athchóiriúcháin a chomhlíonadh, agus tá siad sin nasctha le tosaíochtaí comhaontaithe. Meastar gurb é an toradh a bheidh air sin gur tapúla agus gur éifeachtúla mar a chuirfear cistiú ar fáil agus mar a bhainfear torthaí amach. Fágfaidh sé sin gur ar thorthaí chaiteachas an Aontais a leagfar an bhéim, agus go deimhin sin é an áit ar cheart an bhéim a leagan. Le socruithe láidre iniúchóireachta agus rialúcháin, cinnteofar gur de réir na gcaighdeán is airde maidir le bainistíocht fónta airgeadais a chuirfear na pleananna comhpháirtíochta chun feidhme.

Níl aon dul thar phrionsabail an smachta rachta agus Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leanfaidh an Rialachán maidir le Coinníollacht 3 d’fheidhm a bheith aige maidir le buiséad Aontais ina iomláine (féach Roinn 5). Neartóidh na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí an ceangal idir na moltaí sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus tacaíocht airgeadais. Sa chás go gcuirfí deireadh leis an gcistiú do Bhallstát áirithe mar gheall ar sháruithe leanúnacha ar an Smacht Reachta nó ar an gCairt um Chearta Bunúsacha, chuirfí an cistiú sin ar fáil chun go bhféadfadh cláir atá faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach úsáid a bhaint as, go háirithe iad siúd a chuireann le tacaíocht do dhaonlathas na hEorpa, don tsochaí shibhialta, do luachanna an Aontais nó don chomhrac i gcoinne an éillithe.

Tacóidh Saoráid AE  leis an gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Tacóidh an tsaoráid le gníomhaíochtaí arb ar leibhéal an Aontais is éifeachtúla is féidir iad a chur i gcrích, agus iad ag comhlánú tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag na réigiúin. Ar na rudaí atá i gceist leis sin, tá inniúlachtaí eisiacha an Aontais a chur chun feidhme i réimsí ar nós chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara faoin gcomhbheartas iascaigh, tacú le beartas na n‑aigéan, cur chun cinn gníomhaíochtaí sóisialta agus infheistíochtaí sa bhonneagar sóisialta agus sa gheilleagar sóisialta ar leibhéal an Aontais, trí úsáid ionstraimí ráthaíochta i measc rudaí eile, agus cur chun cinn comhair idir-réigiúnaigh nó idirchathraigh. Cuideoidh an tsaoráid ó thaobh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a fhreagairt, rud a dhéanfaidh sí trí bheith ag cothú sineirgí le réimsí beartais eile a chumhdaítear faoi na comhpháirtíochtaí, an talmhaíocht cuir i gcás. A bhuí le cúlchiste neamh‑leithdháilte, féadfar teagmhais agus tubaistí gan choinne sna Ballstáit a fhreagairt ar bhealach níos tréine, sa chás nár leor na solúbthachtaí a bheadh ann laistigh de na leithdháiltí náisiúnta agus réigiúnacha.

Leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú go láidir le Pobal Turcach na Cipire trí ionstraim thiomnaithe.

II.Borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa: an Ciste Eorpach um Iomaíochas agus Fís Eorpach

(*) T & N comhoibríoch atá i gcomhréir le gníomhaíochtaí an Chiste Iomaíochais

Leis an gCiste Eorpach nua um Iomaíochas, rud a mbeidh dlúthchomhar ann idir é féin agus Fís Eorpach, cuirfear tacaíocht gan uaim ar fáil do nuálaithe Eorpacha ó chéim an taighde go dtí céim an chur in úsáid, ó na smaointe bunaidh go dtí an t‑am a chuirfear gnólachtaí nuathionscanta ar bun, agus ar aghaidh uaidh sin arís go dtí an t‑am a dhéanfar gnólachtaí a mhéadú. Is tríd an gCiste sin a dhéanfar cur chun feidhme an Chompáis Iomaíochais a chumhachtú, agus cuideoidh sé leis an Aontas buntáiste iomaíoch a bhaint amach in earnálacha straitéiseacha, trí éascaíocht a dhéanamh do thionscadail ilnáisiúnta agus tionscadail trasteorann lena mbaineann breisluach AE ard, i measc rudaí eile. Ar an gcaoi sin, spreagfaidh sé rathúnas agus cruthú post ardcháilíochta.

Leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, caithfear cur go mór leis an tacaíocht a thugann an Eoraip don iomaíochas. Is í an Eoraip tobar na nuálaíochta, an dul chun cinn eolaíoch agus na fiontraíochta, agus tá lorg tionsclaíoch den chéad scoth aici. Mar sin féin, tá iomaíochas agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa thíos le bacainní sa mhargadh aonair, le margaí caipitil ilroinnte, le digitiú neamhleor, le hiomaíocht idirnáisiúnta éagórach, le praghsanna arda fuinnimh, le ganntanais scileanna agus saothair, lena laghad torthaí indíolta a bhíonn ar an taighde, agus le baic a thagann idir tionscadail agus cistiú.

Ní mór don Eoraip cruthú i bhfad níos fearr maidir le féachaint chuige go mbeidh na dálaí cearta ann chun go mbeidh rath ar scoth a cuid tionscadal agus cuideachtaí agus go dtiocfaidh méadú orthu, rud a léiríodh i dtuarascáil Draghi 4 , i dtuarascáil Letta 5 , agus sa Chompás Iomaíochais 6 . Mar a leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, beidh sé ríthábhachtach an dícharbónú agus an fás eacnamaíoch a chomhcheangal, trí phraghsanna inacmhainne fuinnimh, trí thacaíocht do tháirgí glana de dhéantús an Aontais (tríd an nGníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch), trí phoist ardcháilíochta agus trí mhaoiniú treisithe, maoiniú tríd an mbanc dícharbónaithe tionsclaíoch san áireamh. Rud eile a chaithfidh a bheith ina chuspóir lárnach is ea slándáil eacnamaíoch na hEorpa a neartú, trína a chinntiú go mbeidh earnálacha ríthábhachtacha athléimneach agus iomaíoch i gcónaí, in ainneoin athruithe geopholaitiúla agus teicneolaíocha. Ní mór don Aontas tús áite a thabhairt freisin d’infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta atá ríthábhachtach i gcomhair na todhchaí, teicneolaíochtaí i réimse an spáis, na hintleachta saorga agus na ríomhaireachta candamaí cuir i gcás. Chun go leanfaidh an Eoraip de bheith iomaíoch, uathrialach agus slán, ní mór di bonneagar digiteach slán den chéad scoth a thógáil, líonraí ardacmhainneachta agus gigeamhonarchana IS cuir i gcás.

An Ciste Eorpach um Iomaíochas, lena ngabhann imchlúdach iomlán EUR 409 mbilliún, Fís Eorpach san áireamh, cuirfidh sé borradh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana faoi thacaíocht bhuiséadach ón Aontas don taighde, don nuálaíocht, don fhorbairt agus don chur in úsáid 7 . 

Leis an gCiste Eorpach nua um Iomaíochas, déanfar cumhacht infheistíochta a chruinniú ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur le huas‑scálú, monarú agus cur in úsáid teicneolaíochtaí straitéiseacha san Eoraip. Beidh sé ina uirlis ríthábhachtach maidir le treisiú le hiomaíochas cuideachtaí Eorpacha agus le bonn tionsclaíoch an Aontais, trí bheith ag tacú le teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí arb í ‘an Eoraip áit a ndéanta’. Tiocfaidh an Ciste in ionad an mheascáin de chláir fhorluiteacha atá ann faoi láthair, agus toisc gur de réir leabhar rialacha aonair a bheidh sé, déanfaidh sé cistiú ón Aontas a shimpliú agus a luathú go mór i gcás gnólachtaí beaga i measc dreamanna eile. Cuirfidh sé ar chumas an Aontais infheistíocht a dhéanamh san áit a bhfuil sí ag teastáil, agus infheistíocht a dhéanamh go héifeachtach. Na nósanna imeachta roghnúcháin, meastóireachta agus dámhachtana a bheidh ag dul leis an gciste, is nósanna imeachta meara, simplithe a bheidh iontu, agus fágfaidh an Ciste gur ceanglais tuairiscithe shimplithe a bheidh le comhlíonadh ag faighteoirí cistithe ón Aontas, rud a thabharfaidh cistiú do thionscnóirí tionscadail ar bhealach níos tapúla.

De réir ar moladh i dtuarascáil Draghi, is ar earraí poiblí an Aontais a dhíreoidh an Ciste Eorpach um Iomaíochas. Tacóidh an ciste le réimsí atá ríthábhachtach ó thaobh iomaíochas an Aontais de: an t‑aistriú glan agus an dícharbónú; an cheannaireacht dhigiteach; an athléimneacht agus an tslándáil, an tionscal cosanta agus an spás; agus an tsláinte, an bhith‑theicneolaíocht, an talmhaíocht agus an bithgheilleagar. Le cois an mhéid sin, cuirfidh sé seirbhísí comhairleacha ar fáil do thionscnóirí tionscadail.

Infheistíocht phoiblí ar an leibhéal Eorpach, is rud í a bhfuil ról ríthábhachtach aici ó thaobh infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Cuirfidh an Ciste Eorpach um Iomaíochas bosca uirlisí cuimsitheach um chistiúchán ar fáil chun infheistíocht phríobháideach a phlódú isteach. Cuirfidh sé sin ar chumas gach tionscadail roghnaithe rochtain a fháil ar an gcineál tacaíochta is iomchuí, bíodh an tacaíocht sin i bhfoirm deontas, i bhfoirm iasachtaí, i bhfoirm soláthair, nó i bhfoirm ionstraimí airgeadais, infheistíochtaí cothromais san áireamh. Thar aon ní eile, a bhuí leis an gcumhacht chruthaithe atá ag baint le InvestEU, déanfar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a ghiaráil i dtreo earnálacha tosaíochta an Aontais, i ndlúthchomhar le chomhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU, mar atá an Banc Eorpach Infheistíochta agus bainc náisiúnta eile le haghaidh spreagadh. Tacóidh an Ciste freisin le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, lena n‑áirítear Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne.

 

Leis an gclár taighde agus nuálaíochta Fís Eorpach, clár a bhfuil cáil air ar fud an domhain, leanfar d’infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ceannródaíoch bunúsach agus comhoibríoch, agus i nuálaíocht shuaiteach i réimsí straitéiseacha. Feidhmeoidh sé mar chlár neamhspleách i ndlúthchomhar leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas, comhar arb é atá i gceist leis cláir oibre chomhtháite le haghaidh taighde comhoibríoch agus leabhar rialacha coiteann. An Fhís Eorpach nua seo, beidh sí simplithe agus treisithe le hais mar a bhí sí roimhe seo, agus de bharr rialacha níos soiléire agus nósanna imeachta níos trédhearcaí d’iarratasóirí agus do pháirtithe leasmhara, réiteoidh sí an bealach do chaiteachas AE níos tapúla agus níos straitéisí. Agus í ag cloí lena cur chuige seanbhunaithe, cur chuige atá dírithe ar bharr feabhais a bhaint amach, tacóidh sí le gníomhaíochtaí taighde bunúsacha trasearnála, agus ullmhóidh sí na foinsí spreagtha óna n‑eascróidh an fás agus agus an cheannaireacht theicneolaíoch amach anseo. Beidh Fís Eorpach bunaithe ar cheithre cholún: Eolaíocht den Scoth, Iomaíochas agus an tSochaí, an Nuálaíocht agus an Limistéar Eorpach Taighde. Leathnófar an Chomhairle Eorpach um Thaighde, agus is í a chuirfidh eolaíocht bhunúsach chun cinn. Treiseofar an tacaíocht a thugann an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach do ghnólachtaí nuathionscanta. Maoineoidh clár taighde agus oiliúna Euratom taighde agus oiliúint núicléach agus rannchuideoidh sé le tionscadal comhleá ITER.

III.Aontas Eorpach um Chosaint a thógáil

Le buiséad fadtéarmach nua an Aontais, tabharfar an tAontas Eorpach um Chosaint céim eile chun tosaigh, rud atá ina thosaíocht phráinneach ó tharla go bhfuil ag géarú ar na bagairtí agus an éiginnteacht atá i gceist faoi láthair. Le cistiú ón gCiste Eorpach um Iomaíochas, ó phleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, i dteannta cistiú seachtrach, déanfar breisluach Eorpach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a chur le caiteachas cosanta náisiúnta.

Leis an mbuiséad a bheidh ag an Aontas san am atá romhainn, caithfear spreagadh nua a thabhairt maidir le cruthú fíor-Aontais Eorpaigh um an gCosaint. Agus an Rúis ag cur cogadh foghach ar an Úcráine, tá sé ina chogadh arís ar thalamh na hEorpa, agus tá acmhainn an Aontais ar ullmhacht cosanta a mhaoiniú treisithe dá réir faoi bhuiséad fadtéarmach reatha an Aontais. Ar na rudaí atá i gceist leis an treisiú acmhainne sin, tá an Gníomh nua chun Tacú le Táirgeadh Armlóin, an Ionstraim um Sholáthar Comhoibríoch Cosanta, agus treisiú na Saoráide Eorpaí Síochána.

Sa Pháipéar Bán maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030, leagtar amach an méid is féidir leis an Aontas a dhéanamh chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát ar a mbonn tionsclaíoch cosanta agus ullmhacht cosanta foriomlán an Aontais a dhaingniú. Laistigh den chreat sin, beidh saoirse bhuiséadach bhreise ag na Ballstáit maidir lena gcaiteachas cosanta a mhéadú, trí iasachtaí breise arna maoiniú trí iasachtaíocht choiteann (an ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip 8 ) i measc rudaí eile . Ach ní leor an méid sin. Caithfidh an chéad bhuiséad eile tús a chur le ré nua, is é sin ré na hinfheistíochta straitéisí i gcumais chosanta agus in ullmhacht cosanta na hEorpa, forbairt comhpháirteach cumas cosanta criticiúil na hEorpa san áireamh. Tosaíocht ar leith is ea dul i ngleic leis na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit is lú a bhfuil cosaint acu ar ghnáthbhagairtí míleata, rud a dhéanfar trí thionscadail chomhpháirteacha ar nós Sciath na Teorann Thoir.

Soláthróidh an Ciste Eorpach um Iomaíochas tacaíocht mhór d’infheistíocht sa chosaint, sa tslándáil agus sa spás. Molann an Coimisiún an maoiniú a mhéadú go suntasach i gcomparáid leis an gcreat airgeadais atá i bhfeidhm faoi láthair. Is céim mhór chun cinn é freisin sa chur chuige, trí thacaíocht a sholáthar feadh an turais infheistíochta ó thaighde go forbairt, monaraíocht agus imscaradh laistigh d’aon ionstraim amháin, agus trí rannchuidiú le comhthionscadail chosanta a dhí‑rioscú. Neartóidh sé sin an comhordú trí thacaíocht a thabhairt d’fheidhmeanna dé-úsáide agus don chibearshlándáil. Leanfaidh an tAontas dá chórais spáis a uasghrádú, go háirithe Galileo, EGNOS, Copernicus agus IRIS², agus acmhainneachtaí nua á bhforbairt aige i rith an ama chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dé-úsáide, mar shampla seirbhís rialtais um fhaire na Cruinne agus suí, loingseoireacht agus uainiú íseal-domhanfhithiseach.

Tá roinnt buntáistí ag baint leis an maoiniú don chosaint agus don spás a chomhtháthú laistigh den Chiste Eorpach um Iomaíochas. Ar an gcéad dul síos, déanfaidh sé rialacha comhsheasmhacha do thairbhithe a chinntiú, rud a éascóidh an rochtain ar chistiú. Ar an dara dul síos, baineann sé leas as na sineirgí idir tacaíocht don tionscal cosanta agus do thionscal an spáis, ós rud é go gcuireann siad sin deiseanna cros‑toirchithe ar fáil, agus tacaíocht leanúnach láidir á cinntiú an tráth céanna le haghaidh infheistíocht an Aontais i mbonneagar spáis agus i bpríomhshócmhainní spáis Eorpacha. Ar an tríú dul síos, cuirfidh sé rochtain ar fáil ar an tsraith iomlán uirlisí airgeadais a bheidh ar fáil faoin gCiste Eorpach um Iomaíochas, chun cur chuige níos saincheaptha a chur ar fáil.

Beidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann tacaíocht a thabhairt freisin d’infheistíochtaí agus athchóirithe i réimse chumais chosanta agus thionscadail slándála an Aontais trína gcistiú faoi na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus i bpáirt le cistiú ar leibhéal an Aontais. Rannchuideoidh bearta den sórt sin le hiomaíochas bhonn tionsclaíoch cosanta, slándála agus teicneolaíoch na hEorpa agus le tacú le hullmhacht, brath bagairtí agus freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna, mar shampla tríd an gcibearshlándáil a neartú agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a chinntiú. Beidh na Ballstáit in ann codanna náisiúnta na nGréasán Tras‑Eorpach Iompair, líonraí náisiúnta tarchurtha agus dáilte fuinnimh agus Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (cuir i gcás i réimse na cosanta) a mhaoiniú freisin faoi na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúna.  

An cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, is léiriú é ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh sa tsoghluaisteacht mhíleata, chun a chinntiú gur féidir le fórsaí na mBallstát freagairt go tapa agus ar scála leordhóthanach do ghéarchéimeanna atá ag briseadh amach ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, méadóidh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a fócas ar shoghluaisteacht mhíleata agus uasmhéadóidh sí na sineirgí le hinfheistíochtaí eile sa ghréasán iompair. Tacóidh infheistíochtaí le trúpaí agus trealamh a iompar trí iarnróid, bóithre, aerfoirt, calafoirt mhuirí, uiscebhealaí intíre agus críochfoirt ilmhódacha.

Leanfaidh an tSaoráid Eorpach Síochána de bheith ag feidhmiú mar ionstraim sheachbhuiséid agus rannchuideoidh sí le hiarrachtaí an Aontais an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú. Maoineoidh an tSaoráid gníomhaíochtaí a chinnfidh an Chomhairle faoin dá cholún seo a leanas: costais choiteanna a bhaineann le misin mhíleata agus le hoibríochtaí míleata agus na bearta cúnaimh 9 . I bhfianaise na timpeallachta geopholaitiúla atá ag athrú go tapa, ba cheart an tSaoráid a bheith in ann leanúint ag tabhairt tacaíocht do chomhpháirtithe ar fud an domhain thar amlíne an chéad chreata airgeadais eile, an Úcráin san áireamh, agus ba cheart í a threisiú ionas gur luach EUR 30.5 billiún a bheadh i gceist léi.

 

IV.Margadh aonair na hEorpa a neartú

Tá an margadh aonair ar cheann d’éachtaí sainiúla an Aontais. Mar sin féin, léiríodh arís sa Straitéis maidir le Margadh Aonair 10 a foilsíodh le déanaí go bhfuil an margadh aonair i bhfad ó bheith iomlán. Baintear an breisluach is mó agus is féidir as an infheistíocht ó bhuiséad an Aontais nuair a chabhraíonn sí le bacainní a bhriseadh síos agus naisc a chruthú. Cuireadh an méid sin san áireamh agus buiséad nua an Aontais á cheapadh.

Bhí buiséad an Aontais riamh mar bhonn taca faoi leathnú agus doimhniú mhargadh aonair na hEorpa. Éiríonn leis é sin a dhéanamh trí chomhbheartais ar nós an chomhtháthaithe agus an chomhbheartais talmhaíochta. Déanann sé amhlaidh freisin trí infheistíochtaí sa bhonneagar fisiceach lena mbaintear gréasáin thras‑Eorpacha amach, agus trí infheistíochtaí bonneagair riaracháin lena gcruthaítear na coinníollacha ina mbeidh rath ar an margadh aonair.

Leis an tSaoráid nua um Chónascadh na hEorpa, maoineofar cur i gcrích na nGréasán Tras‑Eorpach agus cothófar aistriú glan an Aontais i réimse an fhuinnimh agus an iompair. An cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus an gá atá le díchúpláil ó bhreoslaí iontaise na Rúise, is léiriú iad ar a ríthábhachtaí atá fíor-Aontas Fuinnimh agus líonraí bonneagair dea-chomhtháite de chuid an Aontais. Mar sin féin, is rómhall a bhí an dul chun cinn maidir le príomhbhonneagar ar nós naisc iarnróid agus idirnascairí trasteorann. Tabharfaidh an tSaoráid spreagadh athnuaite do na hinfheistíochtaí bunriachtanacha sin in athléimneacht agus slándáil na hEorpa, mar shampla trí thacú le tionscadail sna codanna den Aontas is lú atá insroichte, cuir i gcás oileáin agus na réigiúin is forimeallaí. Déanfar infheistíocht léi in idirnascairí agus in eangacha trasteorann, i naisc iompair trasteorann, i ngréasáin amach ón gcósta, i bhfoinsí fuinnimh in‑athnuaite agus i mbonneagar stórála agus breoslaí malartacha, rud a thacóidh le huaillmhianta aeráide an Aontais. Leis an tSaoráid, déanfar tionscadail iompair shibhialta-mhíleata dé-úsáide a chistiú chun soghluaisteacht mhíleata gan uaim a chumasú ar fud an Aontais, ar réamhriachtanas é le haghaidh Aontas Eorpach um Chosaint a bheidh níos láidre agus níos ullmhaithe.

Le Clár nua an Mhargaidh Aonair, comhthiomsófar bearta a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais chun bacainní trasteorann agus trasteorann a bhriseadh síos agus chun comhar a chothú idir riaracháin náisiúnta. Rannchuideoidh sé sin le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais maidir le margadh aonair agus beartas iomaíochta, bearta um chaighdeánú, cosaint tomhaltóirí agus comhar idir údaráis staidrimh maidir le staidreamh ardcháilíochta chun tacú le ceapadh bheartais uile an Aontais agus le monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Thairis sin, cuirfidh sé deireadh leis an ilroinnt atá fós ann i gcistiú an Aontais sa réimse seo chun tacú le comhar i measc riaracháin náisiúnta agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú i réimsí an chustaim, an chánachais agus na frithchalaoise, ar nithe iad uile atá ríthábhachtach d’fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh aonair. Rannchuideoidh sé freisin le cur chun feidhme athchóiriú custaim an Aontais a luaithe a ghlacfar é agus le cur chun feidhme an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta.

V.Eoraip láidir i ndomhan éiginnte: ionstraim ‘An Eoraip Dhomhanda’

Déanfaidh an Eoraip Dhomhanda cistí an Aontais a dhíriú ar phríomhthosaíochtaí ar bhealach níos straitéisí, tacaíocht a chur in oiriúint do riachtanais chomhpháirtithe na hEorpa agus do leasanna an Aontais, agus oiriúnú ar bhealach solúbtha de réir mar a thagann athrú ar dhálaí áitiúla, réigiúnacha agus domhanda. Soláthróidh sí tacaíocht láidir do thíortha is iarrthóirí ar a gconair Eorpach agus cuirfidh sí cobhsaíocht chun cinn i ngarchomharsanacht an Aontais. Leanfaidh an Eoraip Dhomhanda le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin agus beidh sí mar bhonn thaca faoi fhreagairt an Aontais ar dhúshláin ar nós coinbhleachtaí sa Mheánoirthear agus ina ndiaidh.

Tá an tírdhreach polaitiúil agus eacnamaíoch domhanda ag éirí níos luainí agus níos dothuartha. Tá coinbhleachtaí leanúnacha agus coinbhleachtaí ag teacht chun cinn, tá iomaíocht éagórach ann, agus tá seasamh eacnamaíoch agus geopholaitiúil na ngníomhaithe idirnáisiúnta ag éirí níos teanntásaí. Tá tosca eile ar nós an athruithe aeráide, brúnna ón imirce agus bagairtí slándála fós ina ndúshláin don Aontas agus dá chomhpháirtithe ar fud an domhain.

Sa chomhthéacs sin, ní mór don Aontas a mhaoiniú gníomhaíochta seachtraí a athdhearadh agus a neartú sa chéad chreat airgeadais eile. Ní mór gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a dhíriú níos fearr ar ár gcomhpháirtithe agus aghaidh a thabhairt léi ar riachtanais phráinneacha ar an láthair. Leis an ngníomhaíocht sin, ba cheart tacú le leasanna straitéiseacha an Aontais ar an leibhéal domhanda trí chistí a dhíriú ar phríomhthosaíochtaí polaitiúla agus trí oiriúnú go solúbtha d’imthosca atá ag teacht chun cinn. Is ionstraim threisithe den Eoraip Dhomhanda dar luach EUR 200 billiún a bheidh i mbunús na gníomhaíochta sin. As an méid sin, ba cheart EUR 25 bhilliún táscach a thiomnú don Chabhair Dhaonnúil.

Leis an Ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda, déanfar maoiniú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a bharrfheabhsú, a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile. Beidh leithdháileadh airgeadais táscach ag gach macrairéigiún chun intuarthacht a chinntiú le haghaidh chomhpháirtithe an Aontais, agus beidh an tsolúbthacht ann chun cistí a ath‑leithdháileadh idir imchlúdaigh agus cúlchiste neamh‑leithdháilte foriomlán a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tosaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn. Beidh colún domhanda san Eoraip Dhomhanda freisin le haghaidh gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar domhanda acu ó nádúr, mar shampla maoiniú do thionscnaimh trí eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós na Náisiún Aontaithe agus maidir le saincheisteanna ar nós na frithsceimhlitheoireachta, na sláinte domhanda, na cibearshlándála,, na hionramhála agus an chur isteach eachtraigh ar fhaisnéis agus an rialachais aeráide idirnáisiúnta agus rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan.

Beidh gach uirlis beartais um ghníomhaíocht sheachtrach ar fáil chun tacaíocht an Aontais a dhíriú ar gach macrairéigiún. Cuimseofar san Eoraip Dhomhanda cláir ilbhliantúla comhair le comhpháirtithe chomh maith le gníomhaíochtaí nach bhfuil clársceidealaithe, ina measc sin cabhair dhaonnúil 11 , agus riachtanais ghéarchéime, síochána agus beartais eachtraigh. Ina theannta sin, cuirfidh sé cúnamh ar fáil bunaithe ar choinníollacha beartais, mar shampla athchóirithe agus infheistíochtaí. Cuirfidh an Ionstraim don Eoraip Dhomhanda ar a chumas don Aontas leas a bhaint as an meascán ceart d’uirlisí beartais atá ceaptha chun freagairt ar an mbealach is éifeachtaí do chuspóirí beartais eachtraigh atá ag teacht chun cinn agus do riachtanais shonracha chomhpháirtithe an Aontais.

Cuirfidh an tAontas pacáistí comhpháirtíochta cuimsitheacha a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh ar fáil chun maoiniú gníomhaíochta seachtraí níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe a bhaint amach. Beidh na pacáistí comhpháirtíochta saincheaptha do chomhpháirtithe nó do réigiúin, agus bainfear leas as an tacar iomchuí uirlisí beartais chun tionchar an Aontais ar an láthair a uasmhéadú, chun aghaidh a thabhairt ar leasanna straitéiseacha an Aontais, agus chun infheictheacht agus tuiscint ar ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a fheabhsú. Cuirfidh sé Beartas Eachtrach Eacnamaíoch Eorpach nua chun cinn, lena neartófar an t‑ailíniú le tosaíochtaí inmheánacha an Aontais, cuir i gcás slándáil eacnamaíoch, trádáil agus iomaíochas, slándáil fuinnimh agus dícharbónú, slándáil bia, bainistiú imirce, naisc iompair, cosaint na haeráide agus an chomhshaoil, táirgeadh fuinnimh in‑athnuaite, nascacht arna cur ar fáil ag díoltóirí iontaofa, agus rochtain ar amhábhair chriticiúla.

Is riachtanas polaitiúil agus geostraitéiseach é an méadú. Fiche bliain tar éis an mhéadaithe is mó i stair an Aontais, tá an méadú fós ina infheistíocht ríthábhachtach sa tslándáil fhadtéarmach, sa tsíocháin, sa chobhsaíocht agus sa rathúnas inbhuanaithe san Eoraip. An cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, is léiriú é ar a thábhachtaí atá lánpháirtíocht na hEorpa agus ar an ngá atá le hAontas níos mó agus níos láidre chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Tá an tAontas an‑tiomanta do bheith ag obair le tíortha is iarrthóirí agus le hiarrthóirí féideartha chun ullmhú don aontachas, agus lánurraim á tabhairt aige don phróiseas bunaithe ar fhiúntas agus é lánchinnte gur todhchaí san Aontas Eorpach atá i ndán do na tíortha sin. Cuirfidh an Eoraip Dhomhanda tacaíocht bhunriachtanach airgeadais agus tacaíocht atá bunaithe ar bheartais ar fáil chun cuidiú le tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí féideartha dul chun cinn a dhéanamh ar an gconair sin.

Tacóidh an tAontas leis an Úcráin a fhad is gá. Seasfaidh an tAontas leis an Úcráin, bíodh tacaíocht sa phróiseas aontachais i gceist nó atógáil níos fadtéarmaí. Cuimseofar leis an tacaíocht sin iasachtaí a mhaoineofar trí iasachtaíocht choiteann AE le tacaíocht ó lamháil bhuiséad an Aontais. Cuirfear tacaíocht don Úcráin chun feidhme faoi cholún geografach na hEorpa Domhanda agus gheofar í ó os cionn na n‑uasteorainneacha buiséid ó chúlchiste tiomnaithe speisialta i bhfianaise scála agus éiginnteacht na riachtanas.

Comhlánófar an Eoraip Dhomhanda le cineálacha eile gníomhaíochta seachtraí de chuid an Aontais, a chaithfear a mhaoiniú faoi chláir ar leith ar chúiseanna dlíthiúla, . Leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, cuirfear dlús leis an tacaíocht do Thíortha agus Críocha Thar Lear 12 agus leanfar ag maoiniú ghníomhaíochtaí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.

VI.Infheistíocht a dhéanamh san oideachas, sa daonlathas agus i luachanna Eorpacha

Buiséad do mhuintir uile na hEorpa a bheidh i mbuiséad fadtéarmach nua an Aontais. Cuirfidh sé dlús leis an infheistíocht san oideachas agus i scileanna chun cabhrú le mic léinn agus le hoibrithe an Aontais deiseanna a thapú ar fud an Aontais. Leanfaidh sé ag cur chun cinn éagsúlacht chultúrtha shaibhir, luachanna daonlathacha agus shaoirsí na hEorpa. Beidh sé fréamhaithe san urraim do na cearta agus do na luachanna ar cuid shainiúil iad den Aontas seo againne.

Trí thacú leis an oideachas, leis an gcultúr, leis na meáin agus le luachanna daonlathacha, tá infheistíocht á déanamh inár dtodhchaí choiteann. Tá ról lárnach ag buiséad an Aontais sa tacaíocht sin leis na cláir a mhaoiníonn sé. Rannchuidíonn sé le haghaidh a thabhairt ar chomhar trasnáisiúnta i gcás forbairt scileanna, aghaidh a thabhairt ar shaoránacht an Aontais agus tuiscint fhrithpháirteach a chothú, trí luachanna an Aontais a chur chun cinn, tacú le hathléimneacht dhaonlathach agus shochaíoch, idirmhalartú cultúrtha agus spás iontaofa faisnéise.

Neartóidh sé an clár Erasmus+ - clár a chomhcheanglaíonn an Erasmus+ atá ann faoi láthair leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach - agus sa chaoi sin léireoidh sé an stádas atá ag an gclár sin mar cheann de na cláir is suaithinsí de chuid an Aontais. Leanfaidh Erasmus+ ag tabhairt tacaíocht d’oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán, rud a chuireann le soghluaisteacht foghlama daoine óga chun scileanna a fhorbairt agus taithí chomhroinnte a chruthú. Trí infheistíocht a dhéanamh san óige, san obair dheonach agus sa spórt, cuideoidh Erasmus+ le sochaithe níos láidre agus níos nasctha a thógáil, spreagfaidh sé rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach, agus cuirfidh sé le comhtháthú sóisialta ar gach leibhéal. Cuirfidh na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí tacaíocht láidir ar fáil freisin d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí a thacaíonn le forbairt scileanna agus le bonneagar sóisialta gaolmhar, agus iad ag teacht go hiomlán le moltaí tírshonracha.

Tacóidh an clár nua AgoraEU le colúin an daonlathais láidir, an cultúr, na meáin agus an tsochaí shibhialta cuir i gcás. Is colún tábhachtach de gheilleagar agus de shochaí an Aontais í earnáil chultúrtha, chruthaitheach, chlosamhairc agus meán an Aontais. Tá iomaíocht láidir roimh earnáil an chlosamhairc freisin ón gcoigríoch agus dúshláin roimpi a bhaineann leis an ról méadaithe atá ag ardáin ar líne. I réimse na meán nuachta, an laghdú ar iolrachas na meán agus an bhréagaisnéis, tá siad ina mbagairt ar an tionscadal Eorpach agus ar an daonlathas. Tá dúshláin roimh an Eoraip freisin a bhaineann le rannpháirtíocht dhaonlathach, comhionannas, éagsúlacht chultúrtha agus bagairtí ar an tsaoirse ealaíne. Chun na treochtaí sin a fhrithchothromú, tá ról tábhachtach ag tacaíocht airgeadais atá dea-cheaptha agus treisithe ar an leibhéal Eorpach. An éagsúlacht chultúrtha agus teanga, ár n‑oidhreacht chultúrtha agus ár gcomhluachanna comhionannais agus daonlathais, is nithe iad sin atá ina gcuid shainiúil den fhéiniúlacht Eorpach agus leanfar ag tabhairt tacaíocht dóibh sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile. Ach tacaíocht don chultúr, do na meáin agus don tsochaí shibhialta a thabhairt le chéile faoi AgoraEU, cinnteofar rochtain níos simplí do thairbhithe trí rialacha comhchoiteanna agus socruithe cistiúcháin.

Rannchuideoidh an clár um Cheartas le limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt a bheidh éifeachtúil, cuimsitheach agus athléimneach. Tacóidh sé freisin le digitiú an cheartais ar leibhéal an Aontais.

VII.Daoine a chosaint agus ullmhacht agus athléimneacht a fhorbairt 

Le buiséad fadtéarmach nua an Aontais, cuirfear na huirlisí ar fáil chun Aontas na hUllmhachta agus an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach a chur chun feidhme. 13 , 14 Léirigh tubaistí agus géarchéimeanna a tharla le déanaí, ina measc sin an phaindéim, an cogadh san Úcráin agus géarchéimeanna fuinnimh, mar aon leis an iliomad bagairtí slándála, an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais agus na mBallstát chun dlús a chur leis an ullmhacht agus chun ár slándáil inmheánach a chosaint. Leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, neartófar acmhainneacht choisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais agus déanfar infheistíocht in Eoraip atá slán sábháilte.

I dtuarascáil Niinistö 15 , leagadh béim ar an iliomad bagairtí atá os comhair an Aontais agus rinneadh moltaí nithiúla maidir le conas géarchéimeanna móra a dhéanann difear don Aontas nó do roinnt dá Bhallstáit a chosc agus a fhreagairt. Leis an mbuiséad fadtéarmach a bheidh ann amach anseo, tabharfar aghaidh ar gach gné den bhainistiú géarchéime: cosc, ullmhacht, freagairt, agus téarnamh agus uasghrádú bhosca uirlisí ullmhachta an Aontais le tacaíocht mhór airgeadais ó bhuiséad an Aontais.

Leis an Sásra Aontais nua um Chosaint Shibhialta agus le tacaíocht ón Aontas d’ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte, bainfear leas as na sineirgí idir gníomhaíocht an Aontais maidir le cosaint shibhialta agus ullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte. I gcás CAI atá bunaithe ar ‘phrionsabal na hullmhachta trí dhearadh’, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an cistiú sa réimse sin a mhéadú faoi chúig, go EUR 10.7 billiún. Leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, cinnteofar go ndéanfar acmhainneachtaí freagartha, mar shampla stoc-chairn, a fhorbairt agus a chothabháil ar leibhéal an Aontais ar fud na n‑earnálacha ábhartha uile, rud a chuirfidh le hiarrachtaí náisiúnta. Le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta atá treisithe go mór, in éineacht le hullmhacht agus freagairt i dtaca le héigeandáil sláinte, cinnteofar comhordú trasearnála níos fearr agus tabharfar aghaidh ar bhearnaí acmhainneachta le haghaidh éigeandálaí arb é an t‑athrú aeráide is cúis leo, mar shampla, nó an tírdhreach slándála atá ag athrú, cuir i gcás le haghaidh bonneagar criticiúil, agus an tírdhreach sláinte domhanda atá ag teacht chun cinn.

Cuirfear an cuspóir ‘ullmhacht trí dhearadh’ san áireamh i struchtúr an chéad chreata airgeadais eile. Sa bhreis ar acmhainneacht lárnach an Aontais arna soláthar ag an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, tacóidh pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe chun feabhas a chur ar chosc géarchéimeanna, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus ullmhacht lena aghaidh ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal réigiúnach. Maoineoidh Saoráid an Aontais an fhreagairt ar thubaistí agus ar theagmhais gan choinne, chun cur le leithdháiltí airgeadais náisiúnta nó chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú go díreach ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh an Ciste Eorpach um Iomaíochas feabhas ar ullmhacht agus uathriail straitéiseach an Aontais i bpríomhearnálacha, i bpríomhtheicneolaíochtaí agus i bpríomhbhonneagar. Tacóidh sé le hacmhainneachtaí tionsclaíocha agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt (e.g. uirlisí géarchéime Copernicus, Galileo agus IRIS²; nuálaíocht agus monaraíocht sláinte), rud a chuirfidh le hathléimneacht an Aontais, mar shampla trí infheistíocht a dhéanamh i gcosaint an bhonneagair chriticiúil. Cuirfidh an Eoraip Dhomhanda bosca uirlisí cuimsitheach ar fáil le haghaidh gníomhaíochta i dtríú tíortha.

Is í an tslándáil bunchloch na saoirsí uile atá againn. Tá cumas Bhallstáit an Aontais slándáil a ráthú dá saoránaigh ag brath ar chur chuige aontaithe Eorpach chun ár slándáil inmheánach a chosaint. Le buiséad nua fadtéarmach an Aontais, tacófar leis an Eoraip a gealltanas marthanach i leith na síochána agus na cobhsaíochta a bhaint amach. Sa Straitéis ProtectEU, leagtar amach tiomantas an Aontais d’Eoraip níos sábháilte agus níos sláine dá saoránaigh uile.

An buiséad fadtéarmach a bheidh ann amach anseo, beidh sé mar bhonn taca faoin ngealltanas Eoraip níos sábháilte agus níos sláine a bhaint amach. Déanfaidh sé amhlaidh trí thacú le hathléimneacht na mbonneagar criticiúil, trí chomhar a chumasú idir seirbhísí éigeandála na mBallstát agus iad ag freagairt do bhagairtí ar shlándáil inmheánach an Aontais, trí chórais le haghaidh malartú faisnéise agus comhair a uasghrádú, agus trí fhreagairt choiteann ar choireanna tromchúiseacha a chothú, ina measc sin an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe. Le buiséad nua fadtéarmach an Aontais, beifear in ann comhar níos dlúithe a dhéanamh le tríú tíortha chun tacú le slándáil inmheánach an Aontais, tríd an Eoraip Dhomhanda.

Leanfaidh an tAontas ag tabhairt tacaíocht don tsábháilteacht núicléach. Cuimseofar leis sin comhar idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, chomh maith le díchoimisiúnú gníomhaíochtaí núicléacha sa Liotuáin agus shuiteálacha núicléacha an Aontais féin. Rannchuideoidh an tAontas le díchoimisiúnú suiteálacha núicléacha sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic, agus tá coinne leis go cion an Aontais curtha i gcrích faoi 2027. Rannchuideoidh maoiniú ó bhuiséad an Aontais le tacaíocht a thabhairt do shláinte na n‑oibrithe agus an phobail i gcoitinne, don tsábháilteacht núicléach agus le díghrádú an chomhshaoil a chosc.

VIII.Riarachán poiblí nua-aimseartha éifeachtúil don Eoraip

Mar thoradh ar laghdú 5 % ar an líon foirne sna blianta 2013 go 2017, agus ar an líon foirne a bheith cobhsaí ar feadh tréimhse fhada ina dhiaidh sin, tá coigilteas mór déanta ar chaiteachas riaracháin – ach fágadh bearna acmhainneachta mhór sa Choimisiún freisin agus nochtadh é do rioscaí leanúnachais gnó. Mar gheall ar an tírdhreach eacnamaíoch agus domhanda a bheith ag athrú go tapa, tá riachtanais nua beartais ann agus tá tionscnaimh agus cúraimí nua tugtha don Choimisiún a bhfuil acmhainní breise ag teastáil ina leith. Chun na cúraimí nua sin a chur chun feidhme, ní mór an leibhéal ceart foirne a bheith ag an gCoimisiún, agus daoine a bhfuil na próifílí cearta acu. Tugtar le tuiscint leis sin freisin nach mór don Choimisiún a bheith in ann an tallann is fearr a mhealladh agus cothromaíocht gheografach a fhoirne a fheabhsú.

Tráth an athbhreithnithe meántéarma ar chreat airgeadais 2021-2027 16 , rinne an Coimisiún measúnú ar na riachtanais atá ag institiúidí an Aontais de bharr cúraimí nua, agus ar an ngá atá le saineolas cibearshlándála. Ó cuireadh i láthair an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma, tá tuilleadh tionscnaimh reachtacha glactha, ach gan treisiú comhfhreagrach. Bhí dúshláin nua roimh institiúidí eile den Aontas freisin, go háirithe i ndáil le slándáil, IS agus oibleagáidí rialála nua atá ag cur brú as cuimse ar a nacmhainneachtaí. Is suntasach an bhearna atá ann sa chibearshlándáil freisin, i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an líon ionsaithe agus ar a ndéine.

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an 2500 post breise a cuireadh leis an bhfoireann a chur san áireamh sa cheannteideal riaracháin thar na chéad 3 bliana den tréimhse nua, lena gcumhdófar na riachtanais sheanbhunaithe agus na forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann go dtí 2027, i gcomhréir leis na tograí reachtacha. Tríd an méadú sin a thabhairt isteach de réir a chéile sna chéad bhlianta den chéad tréimhse eile, bheadh na hacmhainní is gá ag an gCoimisiún chun cur chun feidhme agus dúnadh cuí na gclár reatha a chinntiú, agus chun dlús a chur le tús na glúine nua clár agus an tAontas a ullmhú le haghaidh méaduithe amach anseo. Agus súil ar an todhchaí, meastar go dtiocfaidh gnóthachain éifeachtúlachta as an simpliú atá beartaithe agus as an laghdú ar an líon clár, rud a chuideoidh le freastal ar chúraimí nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile. Mar thoradh air sin, mar aon leis an athbhreithniú mórscála ar eagrú agus ar oibríochtaí an Choimisiúin, ba cheart an institiúid a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amach anseo, agus an struchtúr foirne is fearr is féidir a bheith aici agus an tsolúbthacht is fearr a bheith aici chun gníomhú.

Maidir le caiteachas nach mbaineann le tuarastal, tá méadú bliantúil 2 % fós indéanta le linn an chéad chreata airgeadais eile, ar choinníoll go gcuirtear na fíor-riachtanais san áireamh ón tús. Tá sé beartaithe ag roinnt institiúidí móroibreacha tógála a dhéanamh sna blianta amach romhainn. Tá gá le hinfheistíocht iomchuí in TF, an chibearshlándáil san áireamh, rud a chuideoidh ar deireadh leis na costais a bheidh ann sa todhchaí a chuíchóiriú. Ar deireadh, ní mór don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith in ann slándáil na dtoscaireachtaí a chinntiú. Sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile, ní mór freastal ar éiginnteacht maidir le forbairtí praghais a dhéanann difear go háirithe do chostais sheasta agus d’oibleagáidí dlíthiúla eile (féach Roinn 3).

3.BUISÉAD AE NÍOS SOFHREAGRÚLA

Buiséad níos sofhreagrúla a bheidh sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais, lena gcomhcheanglófar cobhsaíocht agus intuarthacht agus acmhainneacht níos struchtúrtha chun dul i ngleic le riachtanais agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Ní mór an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais a bheith ina bhuiséad ceart, ní hamháin an 1 Eanáir 2028 ach le linn a chur chun feidhme go dtí 2034 agus ina dhiaidh sin: ní mór é a bheith oiriúnach don todhchaí.

Gné ríthábhachtach den chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheidh sa tsolúbthacht. Tá an tsolúbthacht ríthábhachtach chun a chinntiú go seasfaidh buiséad an Aontais an aimsir, agus go mbeidh sé freagrúil agus ábhartha a fhad agus a mhairfidh sé. Tá gá le cothromaíocht níos fearr idir intuarthacht infheistíochta agus solúbthacht chun an fócas caiteachais a choigeartú agus chun freagairt do riachtanais agus do ghéarchéimeanna gan choinne sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile. Cinnteofar go mbeidh intuarthacht ann i gcónaí le haghaidh infheistíochtaí ar nós infheistíochtaí móra fuinnimh agus iompair, chomh maith le hinfheistíochtaí taighde agus nuálaíochta, a bhfuil pleanáil fhadtéarmach i gceist leo dár dtairbhithe, dár dtionscnóirí tionscadail agus dár n‑údaráis bhainistíochta. An tráth céanna, má laghdaítear an líon ceannteideal agus clár, beidh sé níos éasca acmhainní nach bhfuil réamh‑chlársceidealaithe laistigh de na cláir agus thar chláir a ath‑leithdháileadh. Beidh níos mó deiseanna ann acmhainní a aistriú idir sraitheanna nó fuinneoga de chláir bhuiséad an Aontais. Ina theannta sin, treiseofar na huirlisí agus na hionstraimí tiomnaithe solúbthachta.

Beidh struchtúr níos simplí ag an gcéad chreat airgeadais eile ina mbeidh níos lú clár, sciar níos airde de mhéideanna neamhchláraithe, chomh maith le sásraí agus cúlchistí ionsuite lenar féidir freagairt níos fearr, níos tapúla agus nach bhfuil chomh suaiteach céanna a thabhairt ar riachtanais atá ag teacht chun cinn. Éascófar athleithdháiltí laistigh de chláir agus thar chláir trí dholúbthacht ionsuite sa bhuiséad a laghdú, agus trí leanúint de dhálaí cobhsaí a chruthú le haghaidh infheistíocht fhadtéarmach an tráth céanna. Déanfar an fhreagairt ar thubaistí a chuíchóiriú trí na huirlisí atá ann faoi láthair a chomhtháthú laistigh d’uasteorainneacha an chreata airgeadais agus laistigh de chláir, i bhfoirm cúlchistí, agus trí nósanna imeachta níos simplí chun cistiú a atreorú. Déanfar na hionstraimí speisialta ‘os cionn’ na nuasteorainneacha a chuíchóiriú, agus cuirfear tacaíocht ar fáil leis an Ionstraim Sholúbthachta do riachtanais nua nó do riachtanais gan choinne nuair nach bhfuil solúbthachtaí eile ar fáil. Cuimseofar san Ionstraim Sholúbthachta, sa bhreis ar mhéid seasta bliantúil, méideanna atá coibhéiseach le saoradh a rinneadh an bhliain roimhe sin chomh maith le glanfhíneálacha a iontráladh sa bhuiséad an bhliain roimhe sin. 17

Ina theannta sin, tá sé léirithe le blianta beaga anuas go bhfuil méadú tagtha ar mhinicíocht, ar dhéine agus ar dhoimhneacht na ngéarchéimeanna, na gcruatan agus na mbagairtí tromchúiseacha. Chuir dolúbthacht an struchtúir buiséid atá ann faoi láthair srian ar an Aontas ina fhreagairt ar ghéarchéimeanna den sórt sin. Leag an méid sin béim ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go mbeidh uirlisí solúbtha agus iomchuí ag an Aontas ó thaobh struchtúir de chun freagairt dóibh.

Bunófar sásra nua urghnách sealadach chun freagairt d’iarmhairtí géarchéimeanna tromchúiseacha, dianchruatan nó bagairtí tromchúiseacha lena ndéantar difear don Aontas nó dá Bhallstáit. Leis an uirlis ghéarchéime urghnách sin, cuirfear iasachtaí ar fáil do na Ballstáit, le tacaíocht ó iasachtaíocht an Aontais, ar feadh thréimhse an bhuiséid fhadtéarmaigh atá ar na bacáin, agus ar feadh na tréimhse sin amháin, má tharlaíonn géarchéim thromchúiseach. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le gníomhachtú na huirlise freagartha géarchéime urghnáiche spriocdhírithe sin, tar éis di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus sainiúlachtaí agus riachtanais na géarchéime á gcur san áireamh. Tabharfaidh an Chomhairle údarás don Choimisiún méid na n‑iasachtaí le haghaidh na mBallstát a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil, de réir mar is gá agus de réir na n‑imthosca. Ní mór don chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheith réidh chun freagairt go tapa agus go héifeachtúil má tharlaíonn géarchéim mhór. Cinnteofar cothromaíocht institiúideach le cur chun feidhme na huirlise freagartha sin ar ghéarchéimeanna, cuir i gcás trí rannpháirtíocht chuí agus leordhóthanach Pharlaimint na hEorpa.

Cuirfidh sásra stiúrtha polaitiúil nua rialachas láidir idirinstitiúideach ar leithdháileadh acmhainní solúbtha ar fáil. Beidh rialachas láidir agus próiseas trédhearcach mar bhonn taca leis an tsolúbthacht, agus is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a threoróidh tosaíochtaí infheistíochta do chláir an Aontais. Agus níos mó solúbthachta sa bhuiséad, ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha na príomhthosaíochtaí atá le maoiniú a shainaithint, rud a bheidh ina bhonn eolais ansin don nós imeachta buiséadach bliantúil. Leis an sásra stiúrtha, coinneofar buiséad an Aontais ailínithe le tosaíochtaí an Aontais ar bhealach níos dlúithe, agus beifear in ann freagairt ar bhealach níos solúbtha do réaltacht atá ag athrú go tapa. Tacófar leis le tuarascáil straitéise chomhtháite, a chuireann leis na próisis earnála agus na tuarascálacha earnála atá ann cheana, ina measc sin an Seimeastar Eorpach, an Uirlis nua um Chomhordú Iomaíochais, Staid an Aontais Fuinnimh, na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, an tAthbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil agus an Tuarascáil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas. Beidh an tuarascáil struchtúrtha de réir mór-réimsí beartais, agus sainaithneofar inti tosaíochtaí ar leibhéal an Aontais a bheidh le plé agus le comhaontú ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.

Níor cheart acmhainneacht an bhuiséid a bheith ag brath ar thurraingí boilscitheacha gan choinne. Le blianta beaga anuas, tá tionchar suntasach ag an mboilsciú ard ar chumhacht ceannaigh bhuiséad an Aontais 18 . Mar thoradh air sin, tháinig laghdú ar bhuiséad na núdarás réigiúnach, na bhfeirmeoirí nó na dtaighdeoirí. Don chéad bhuiséad fadtéarmach eile, tá sé molta ag an gCoimisiún go leanfaidh na huasteorainneacha de bheith bunaithe ar dhíbhoilsceoir seasta 2 % nuair a bhíonn boilsciú an Aontais idir 1 % agus 3 %. Nuair a bheidh an boilsciú iarbhír faoi bhun 1 % nó os cionn 3 %, déanfar coigeartú bunaithe ar an mboilsciú iarbhír, rud a chinnteoidh nach ndéanfar difear míchuí do chumas bhuiséad an Aontais na spriocanna luaitear leis a bhaint amach.

Cé go gceadaítear leis an tsolúbthacht oiriúnú d’imthosca athraitheacha, tá gá le hintuarthacht do thairbhithe agus do phleanáil airgeadais na mBallstát. Cuirfidh roinnt gnéithe de na tograí ón gCoimisiún feabhas ar intuarthacht laistigh den chéad bhuiséad fadtéarmach eile, ag tosú le laghdú ionstraimí agus cuíchóiriú ionstraimí os cionn na n‑uasteorainneacha. Beidh aisíocaíocht NextGenerationEU níos intuartha ná mar atá sa tréimhse reatha, ós rud é nach mbeidh aon ghlaneisiúint nua bannaí ann. Cumhdófar an luaineacht atá fágtha de bharr oibríochtaí athmhaoiniúcháin go hiomlán le himchlúdach bliantúil seasta le haghaidh aisíocaíocht NextGenerationEU, lena gcumhdófar ús agus príomhshuim araon.

4.BUISÉAD AN AONTAIS A BHEIDH NÍOS SIMPLÍ AGUS A mBEIDH TIONCHAR NÍOS MÓ AIGE

Tugtar tús áite do na faighteoirí deiridh, thar aon ní eile, agus buiséad an Aontais á dhearadh. Trí rialacha agus próisis maidir le rochtain ar chistiú ón Aontas a shimpliú agus a chomhchuibhiú, laghdaítear an t‑ualach ar fhaighteoirí agus ar thairbhithe chistí an Aontais, go háirithe gnólachtaí beaga. Beidh tionscnóirí tionscadail in ann díriú ar thorthaí a bhaint amach de bharr rialacha agus socruithe iniúchóireachta simplithe.

Beidh sé níos éasca do thairbhithe rochtain a fháil ar chistí an Aontais. Le tairseach aonair, déanfar eolas maidir le deiseanna cistiúcháin a chomhdhlúthú agus cuirfear tairseach aonair ar fáil do thionscnóirí tionscadail an Aontais le haghaidh rochtain shimplithe ar eolas, rud a chuirfidh leis an taithí a fuarthas ón Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ agus ó Thairseach STEP. Déanfar seirbhísí comhairleacha agus seirbhísí tacaíochta gnó a chuíchóiriú. Leis sin, laghdófar an t‑am is gá chun eolas ábhartha maidir le deiseanna maoiniúcháin a aimsiú.

Beidh struchtúr níos simplí ag an gcéad chreat airgeadais eile, agus beidh níos lú clár ann, rud a laghdóidh an t‑ualach riaracháin. Leis sin, laghdaítear forluí, uasmhéadaítear sineirgí agus barainneachtaí scála agus méadaítear inléiteacht an bhuiséid do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara araon. Ina theannta sin, trí chreataí rialála cobhsaí a chruthú faoi bhainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach, laghdaítear an t‑ualach riaracháin. Leis na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, beimid in ann laghdú mór i líon na ndoiciméid chlársceidealaithe a bhaint amach, i gcomparáid leis an iolrú atá ann faoi láthair ar phleananna agus ar chláir oibre faoi chistí iomadúla, rud a laghdóidh an t‑ualach ar riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha.

Chun tionchar a mhéadú, beidh buiséad fadtéarmach nua an Aontais ag brath go forleathan ar chistiú atá bunaithe ar thorthaí. Leis sin, díreofar an bhéim ar na nithe riachtanacha seo a leanas: a chinntiú go bhfuil na torthaí inmhianaithe á mbaint amach leis an infheistíocht. Le maoiniú bunaithe ar thorthaí, inar féidir cistiú a íoc amach chun céimeanna idirmheánacha a chur i gcrích, cinntítear go sroichfidh cistiú ón Aontas an fíorgheilleagar ar bhealach níos tapúla. Trí úsáid níos forleithne a bhaint as roghanna costais níos simplí agus as maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, tiocfaidh laghdú mór ar oibleagáidí tuairiscithe faighteoirí cistí, agus déanfar seiceálacha agus rialuithe a dhíriú ar tháirgí insoláthartha na dtionscadal seachas ar na costais.

Trí úsáid níos leithne a bhaint as ionstraimí airgeadais agus as ráthaíochtaí buiséadacha, méadófar an ghiaráil agus beidh buiséad an Aontais in ann ról níos láidre a bheith aige maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a dhí‑rioscú agus maoiniú ó infheisteoirí institiúideacha a scaoileadh. Tá comhpháirtithe príobháideacha agus infheistíocht ón earnáil phríobháideach ag éirí níos ábhartha do réimse leathan beartas agus clár. Dá bhrí sin, beidh ról lárnach ag ráthaíochtaí buiséadacha, ionstraimí airgeadais agus oibríochtaí measctha (tacaíocht inaisíoctha a chomhcheangal le comhpháirt deontais) maidir leis an gcistiú, chun tacú le táirgí ar nós fiachas fiontair, iasachtaí agus infheistíochtaí cothromais.

Beidh rialachas simplithe ag gabháil leis an úsáid mhéadaithe a bhainfear as ionstraimí airgeadais agus as ráthaíochtaí buiséadacha. Le sraith chomhchuibhithe rialacha teicniúla do chláir inmheánacha agus cláir sheachtracha araon, cuirfear comhleanúnachas chun cinn ar fud an bhuiséid agus laghdófar an t‑ualach riaracháin ar chomhpháirtithe cur chun feidhme. Leagfar síos ráthaíocht bhuiséadach aonair do bheartais inmheánacha, a bhunófar laistigh den Chiste Eorpach um Iomaíochas ach a mbeidh rochtain ag cláir eile uirthi. Beidh ráthaíocht ar leith ag gabháil leis le haghaidh beartais sheachtracha arna mbunú laistigh den Eoraip Dhomhanda. Beidh an ailtireacht oscailte - lenar féidir comhordú a dhéanamh le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta éagsúla, mar shampla an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus institiúidí airgeadais forbartha - fós ina príomhghné de bhuiséad fadtéarmach an Aontais.

Méadófar tionchar an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais a thuilleadh trí úsáid a bhaint as iasachtaí beartais do na Ballstáit agus, faoin Ionstraim don Eoraip Dhomhanda, do thríú tíortha, déanfar struchtúr airgeadais an Aontais a ghiaráil a thuilleadh. Leis sin, méadófar tionchar bhuiséad an Aontais, trí acmhainní airgeadais breise a chur ar fáil chun tacú le spriocanna beartais an Aontais iasachtaí a fháil agus a thabhairt agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin thírshonracha an tráth céanna. Beidh tacaíocht bhreise den sórt sin ar fáil do na Ballstáit agus a bpleananna tosaigh á ndearadh acu, ionas go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar mhéid cistiúcháin atá i gcomhréir lena riachtanais agus lena n‑uaillmhianta.

Déanfar tionchar agus éifeachtacht an chistithe a uasmhéadú le chomhsheasmhacht níos fearr idir tosaíochtaí infheistíochta an Aontais agus tosaíochtaí infheistíochta náisiúnta. Cuideoidh na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí a bheidh ann amach anseo leis an Aontas, leis na Ballstáit agus leis na réigiúin a dtosaíochtaí infheistíochta agus athchóirithe a ailíniú le chéile. Leis na comhpháirtíochtaí sin, comhcheanglófar cómhaoiniú ón Aontas agus cómhaoiniú náisiúnta chun maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh a fhreastalaíonn ar thosaíochtaí an Aontais agus a fhreagraíonn do riachtanais áitiúla ag an am céanna.

Le creat feidhmíochta feabhsaithe, tacófar le tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach agus cuirfear leis an trédhearcacht. Leis sin, cinnteofar go gcuirfear tosaíochtaí cothrománacha i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud bhuiséad an Aontais, don aeráid agus don bhithéagsúlacht, don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, do bheartais shóisialta agus don chomhionannas inscne.

Le sprioc fhoriomlán maidir le caiteachas aeráide agus comhshaoil a bhfuil 35 % ar a laghad de mhéid iomlán an bhuiséid i gceist léi, déanfar tacaíocht a stiúradh i dtreo spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Leis an gcreat feidhmíochta, cuirfear tacar aonair comhréireach rialacha ar fáil freisin chun an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur chun feidhme ar fud chláir an Aontais.

Simpliú mór a bheidh sa chreat feidhmíochta sin, rud a laghdóidh an tualach riaracháin a bhaineann le faireachán agus tuairisciú. Ina theannta sin, beidh feidhm ag córas faireacháin caiteachais agus feidhmíochta aonair maidir leis na cláir ábhartha uile, rud a chiallaíonn go mbeifear in ann forléargas cuimsitheach a fháil ar an áit a leithdháiltear cistí an Aontais agus ar an méid a chuireann siad ar fáil. Leis an gcreat, beidh tacar cuíchóirithe ina bhfuil thart ar 900 táscaire aschuir agus toraidh i gceist, in ionad tacar ina bhfuil os cionn 5,000 táscaire, déanfar 32 thuarascáil chlárshonracha a chomhdhlúthú in aon Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht amháin, agus déanfar níos mó ná 30 tairseach ar líne ina bhfuil faisnéis faoin mbuiséad a thabhairt le chéile i bpointe iontrála amháin atá éasca le húsáid (‘Tairseach Aonair’), rud a chiallaíonn go mbeidh ualach níos ísle i gceist do thairbhithe agus go mbeidh rochtain phoiblí níos fearr ar eolas buiséadach. I gcomhréir leis na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, cinnteofar leis sin gur féidir measúnú comhsheasmhach a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht bhuiséad an Aontais 19 . 

5.AN SMACHT REACHTA, CEARTA BUNÚSACHA AGUS COSAINT LEASANNA AIRGEADAIS AN AONTAIS

Ní mór an smacht reachta a urramú chun chistiú a fháil. Tá sé ríthábhachtach coimircí láidre a bheith ag caiteachas an Aontais maidir leis an smacht reachta chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a chinntiú. An tráth céanna, is léir ón taithí a fuarthas ar na hionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair gur féidir tacaíocht airgeadais ón Aontas a úsáid chun fíor-bhreisluach a chur ar fáil d’infheistíochtaí agus d’athchóirithe lena neartaítear an smacht reachta. Leis na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí, cinnteofar nasc láidir idir na moltaí sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus tacaíocht airgeadais d’athchóirithe agus do bhearta spriocdhírithe lena gcuirtear borradh faoi acmhainneachtaí institiúideacha agus na sochaí sibhialta maidir leis an smacht reachta a chaomhnú. Trí thacaíocht airgeadais d’athchóirithe ar an smacht reachta a nascadh le cur i bhfeidhm docht coimircí agus coinníollacha, cinnteofar go gcosnófar buiséad an Aontais agus go n‑úsáidfear é chun Aontas atá bunaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha a bhaint amach.

Leis na comhpháirtíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha, cuirfear ceangal ar na Ballstáit prionsabail an smachta reachta agus na Cairte um Chearta Bunúsacha a urramú. Rud é sin a thógfaidh ar ghnéithe de Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus fágfaidh sé go mbeidh sreabhadh airgid ann nuair a chomhlíonfar príomhchoinníollacha comhlíontachta phrionsabail an smachta reachta agus na Cairte um Chearta Bunúsacha. Sa chéad chreat airgeadais eile, ba cheart an deis a bheith ann, mar atá inniu in NextGenerationEU, bac a chur ar na híocaíochtaí uile i gcás easnaimh shistéamacha a bhaineann leis an smacht reachta, mar shampla tríd an maoiniú a bhaineann le hinstitiúidí oideachais a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil fadhb leis an gceart bunúsach a bhaineann leis an tsaoirse acadúil.

Tacóidh buiséad an Aontais freisin le hathchóirithe lena neartaítear an smacht reachta sna Ballstáit, i gcomhréir leis na moltaí sa Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta. Cuirfidh sé sin dreasachtaí dearfacha ar fáil do na Ballstáit uile chun a n‑acmhainneachtaí seasamh leis an smacht reachta a neartú trí shochaithe atá oscailte, bunaithe ar chearta, daonlathach, comhionann agus cuimsitheach a chothú agus a fhorbairt a thuilleadh, tríd an smacht reachta a chur chun cinn agus a chaomhnú trí chórais cheartais, creataí frithéillithe, iolrachas na meán agus srianta agus ceartúcháin éifeachtacha a neartú, agus trí éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí agus cumas institiúideach a fheabhsú.

Leis an Rialachán Airgeadais, tugtar cosaint do leasanna airgeadais an Aontais agus ceanglaítear ar na Ballstáit a chinntiú go gcomhlíonfar an Chairt um Chearta Bunúsacha agus urraim a thabhairt do luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE atá ábhartha i gcur chun feidhme an bhuiséid.  Leis an Rialachán maidir le Coinníollacht, nach bhfuil faoi cheangal ama, leanfar de bhuiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Is í an chosaint dheireanach a bheidh againn, agus beidh feidhm aici maidir le gach clár de chuid an Aontais.

Treiseofar trédhearcacht maidir le tairbhithe bhuiséad an Aontais. Ó 2028 ar aghaidh, foilseofar eolas faoi fhaighteoirí chistí an Aontais i mbunachar sonraí lárnach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Ina theannta sin, chun buiséad an Aontais a chosaint, go háirithe ar mhí-úsáid chun tuairimí radacacha nó antoisceacha a chothú sna Ballstáit, tá an Coimisiún sásta féachaint ar phróisis nó ar bhearta nua chun scagadh críochnúil rioscabhunaithe a dhéanamh ar thairbhithe chistiú an Aontais maidir le rioscaí slándála agus neamh‑chomhoiriúnacht le luachanna an Aontais. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais arna leasú in 2024, is foras nua eisiaimh ó chistiú an Aontais é an ciontú as gríosú chun idirdhealaithe, fuatha nó foréigin, agus cuirfear sin i bhfeidhm go críochnúil. Leathnófar an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh, lena gcosnaítear buiséad an Aontais ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí, chun cistí a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte a chumhdach.

Le buiséad an Aontais ní mór brath ar straitéis láidir iniúchóireachta agus rialaithe, dlúthchomhar idir an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa san áireamh, chun a chinntiú go gcaitear cistí an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Maidir leis na Comhpháirtíochtaí Náisiúnta agus Réigiúnacha, beidh an Coimisiún ag brath ar rialuithe arna ndéanamh ag na Ballstáit agus déanfaidh sé na rialuithe sin a chomhlánú lena chinn féin, ar rialuithe iad atá dírithe ar na córais atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun dianchosaint leasanna airgeadais an Aontais a chinntiú. Déanfaidh sé freisin rialuithe ex ante agus ex post ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n‑íocaíochtaí, i.e. comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna, a chomhcheangal, ag tosú leis an anailís ar na pleananna arna gcur isteach ag na Ballstáit, agus ansin rialuithe a dhéanamh ar na hiarrataí ar íocaíocht arna gcur isteach, agus ar deireadh, iniúchtaí ex post a dhéanamh.

Leis an athbhreithniú leanúnach ar an struchtúr frithchalaoise, cinnteofar go gcomhoibreoidh na gníomhaithe uile lena mbaineann – OLAF, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus Europol ina measc – ar bhealach níos dlúithe, chun calaois agus éilliú neamhrialtachtaí a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais a chomhrac. Leis an athbhreithniú cuimsitheach sin, ina mbeidh na gníomhaithe ábhartha uile laistigh d’ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais páirteach, cruthófar níos mó sineirgí agus éifeachtúlachtaí lena seachnófar dúbláil ag gach céim den timthriall frithchalaoise: calaois a chosc, a bhrath, a imscrúdú, a cheartú, agus na méideanna lena mbaineann a aisghabháil, méideanna a bhaineann le buiséad an Aontais san áireamh.

6.BUISÉAD UAILLMHIANACH DE CHUID AN AONTAIS A MHAOINÍTEAR LE hIONCAM NUA-AIMSEARTHA

Ní mór cumhacht airgeadais bhuiséad an Aontais a bheith ag teacht le huaillmhianta an Aontais. Fágann scála na ndúshlán inmheánach atá os comhair an Aontais, mar aon le héiginnteacht gheopholaitiúil níos airde agus iomaíocht atá ag dul i ndéine, nach mór buiséad a bheith ag an Aontas atá mór go leor chun fíordhifríocht a dhéanamh ar fud na réimsí tosaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht seo. Ní mór dó an méid sin a dhéanamh i gcomhthéacs na hoibleagáide iasachtaí NextGenerationEU a aisíoc ó 2028 ar aghaidh.

Tá an Coimisiún ag moladh buiséad fadtéarmach AE dar luach EUR 1.98 trilliún, suim airgid is ionann agus 1.26% de OIN an Aontais. Is dhá chuid den chur chuige céanna iad an taobh caiteachais agus an taobh ioncaim de bhuiséad an Aontais. Is deis ar leith é an meascán uathúil de dhúshláin phráinneacha agus srianta dochta airgeadais chun nuachóiriú a dhéanamh ar thaobh caiteachais agus ar thaobh ioncaim an bhuiséid, rud a bhfuil géarghá leis.

Chun tacú le creat airgeadais ilbhliantúil níos uaillmhianaí a fhreagraíonn go héifeachtach do thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus chun aisíocaíocht NextGenerationEU a éascú, tá acmhainní dílse nua fíor-riachtanach. Tá comhiarracht airgeadais de dhíth ar an Aontas nach féidir a bhaint amach trí ranníocaíochtaí náisiúnta amháin. Trí acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, laghdófar an t‑ualach ar na Ballstáit agus cinnteofar cistiú inbhuanaithe chomhbheartais an Aontais, agus na ranníocaíochtaí náisiúnta á gcoinneáil cobhsaí ar an iomlán. Tá sé d'aidhm ag buiséad an Aontais breisluach Eorpach a chruthú do chách, agus leis sin tá gá ann go ndéanfaí tosaíochtaí coiteanna a mhaoiniú go comhpháirteach.

Dá bhrí sin, mar chuid den togra le haghaidh an bhuiséid fhadtéarmaigh nua, tá Cinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse molta ag an gCoimisiún. Leis an togra sin, déantar na foinsí ioncaim do bhuiséad an Aontais a nuachóiriú agus a éagsúlú. Ag an am céanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún uasteorainneacha na n‑acmhainní dílse le haghaidh íocaíochtaí agus gealltanas a mhéadú go 1.75 % d’ollioncam náisiúnta AE-27 chun freastal ar riachtanais mhaoinithe níos airde agus ar an ngá atá le corrlach leordhóthanach a bheith ann chun a chinntiú go mbeidh an tAontas in ann – in imthosca ar bith – a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh.

Leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, féachadh leis an gcaibidlíocht maidir le hacmhainní dílse nua tar éis 2020 a cheapadh agus a stiúradh. Tá stop curtha leis an gcaibidlíocht sin. Chun dlús nua a chur leis an gcaibidlíocht, tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar thaobh ioncaim bhuiséad an Aontais ina iomláine. I measc na rudaí atá i gceist leis sin, tá catagóirí nua acmhainní dílse a thabhairt isteach agus coigeartuithe spriocdhírithe ar acmhainní dílse atá ann cheana a mholadh. Is féidir maoiniú bhuiséad an Aontais a threisiú freisin trí fhoinsí ioncaim eile a thabhairt isteach. Tá an pacáiste atá beartaithe i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, bunaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana nó ar an gCinneadh féin maidir le hAcmhainní Dílse, agus is féidir é a chur chun feidhme le hualach riaracháin réasúnta.

Acmhainní dílse nua chun tosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú

Tá dlúthnasc idir an acmhainn dhílis atá bunaithe ar an Scéim Trádála Astaíochtaí agus spriocanna aeráide an Aontais, agus tá acmhainneacht ioncaim mhór aici. Tá buntáistí ar leith ag baint le hacmhainn dhílis de chuid na Scéime Trádála Astaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh infhaighteacht láithreach agus scála leordhóthanach de. Fiú agus 30 % den ioncam á chur le buiséad an Aontais, bheadh formhór an ioncaim ó cheantáil lamháltas astaíochtaí fós á chur ar aghaidh chuig na buiséid náisiúnta.

Is féidir acmhainn dhílis an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a mheas mar ‘ghné sheachtrach’ den Scéim Trádála Astaíochtaí, agus dá bhrí sin tá an acmhainn dhílis ghaolmhar fós ina gné lárnach den phacáiste. Cinntítear le SCCT go bhfuil iompórtálacha chuig an Aontas faoi réir an phraghais carbóin atá coibhéiseach le táirgeadh na n‑earraí céanna sin san Aontas.

Le hacmhainn nua atá bunaithe ar an méid trealaimh leictrigh agus leictreonaigh neamhbhailithe, bheifí in ann torthaí dearfacha comhshaoil a bhaint amach, agus tacú le huathriail straitéiseach an Aontais in amhábhair chriticiúla ag an am céanna. Tá dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, nó dramhaíl leictreonach, ar cheann de na cineálacha dramhaíola is mó fás. Ós rud é go bhfuil amhábhair chriticiúla thábhachtacha i gceist le dramhthrealamh leictreonach, tá ról mór ag an athchúrsáil agus ag an athúsáid maidir leis an spleáchas ar sholáthróirí eachtracha a laghdú. Cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach maidir leis an athchúrsáil, tá an ráta bailithe fós go mór faoi bhun spriocanna an Aontais. Trí acmhainn dhílis nua bunaithe ar an dramhaíl neamhbhailithe a thuairiscíonn na Ballstáit a chur i bhfeidhm, spreagfar laghdú dramhaíola agus dul chun cinn i scéimeanna bailiúcháin.

Faoin togra atá beartaithe dar teideal Acmhainn Chorparáideach don Eoraip, rannchuideoidh cuideachtaí le maoiniú bhuiséad an Aontais. Tacaíonn roinnt cláir chistiúcháin de chuid an Aontais le cuideachtaí chun nuachóiriú, nuáil agus leathnú a dhéanamh. Cuirfidh buiséad nua fadtéarmach an Aontais borradh faoin iomaíochas agus faoin bhfás eacnamaíoch agus cuirfidh sé feabhas ar an timpeallacht ghnó trí infheistíochtaí fadtéarmacha, go háirithe tríd an gCiste Eorpach um Iomaíochas. I bprionsabal, ní bheidh feidhm ag an acmhainn dhílis maidir le FBManna.

Thacódh Acmhainn Dhílis maidir le Dleacht Mháil Tobac le cuspóirí bheartas sláinte an Aontais, agus ag an am céanna dhéanfaí ioncam a ghiniúint do bhuiséad an Aontais. Tá córais chánachais éagsúla ann ar fud an Aontais, rud a chuireann isteach ar bheartais na mBallstát chun tomhaltas tobac a dhíspreagadh trí chánachas. Tá an togra le haghaidh Acmhainn Dhílis ar Dhleacht Máil Tobac ag teacht leis an athmhúnlú atá ar na bacáin ar an treoir maidir le dleacht mháil tobac, a bhfuil sé d’aidhm aici dleachtanna máil íosta an Aontais agus catagóirí áirithe táirgí traidisiúnta tobac a oiriúnú, rud a chinnteoidh cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair.

Coigeartuithe ar acmhainní dílse atá ann cheana

Moltar coigeartuithe spriocdhírithe ar acmhainní dílse atá ann cheana chun bonn ioncaim bhuiséad an Aontais a chaomhnú. Bailíonn na Ballstáit Acmhainní Dílse Traidisiúnta, a bhfuil dleachtanna custaim i gceist leo den chuid is mó, thar ceann an Aontais. Thairis sin, tá sé beartaithe an glaoráta le haghaidh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh‑athchúrsáilte, a tugadh isteach ag tús an chreata airgeadais reatha, a mhéadú chun athruithe boilscithe a chur san áireamh.

Ioncam eile

Is féidir buiséad an Aontais a mhaoiniú trí ioncam eile freisin. Cuireann ioncam eile le hacmhainní dílse. Téann an t‑ioncam sin go díreach isteach i mbuiséad an Aontais, rud a laghdaíonn an brú ar ranníocaíochtaí náisiúnta ó na Ballstáit. Déanfar ioncam breise eile a ghiniúint, mar shampla, tríd an ETIAS atá ann cheana a mhéadú chun go mbeidh sí i gcomhréir le dlínsí eile. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair chun táillí nua a bhaineann le beartais an Aontais a thabhairt isteach freisin.

7.CONCLÚID

Is deis don Aontas í an chaibidlíocht maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 aontacht cuspóra a léiriú agus na modhanna a chur ar fáil don Aontas a uaillmhianta comhchoiteanna a bhaint amach.

Tá buiséad fadtéarmach an Aontais uaillmhianach, solúbtha agus réamhbhreathnaitheach molta ag an gCoimisiún. Cuireann sé le láidreachtaí agus bunphrionsabail an chreata atá ann faoi láthair, agus ag an am céanna déanann sé níos simplí, níos solúbtha agus níos éifeachtaí é. Ní leor athruithe incriminteacha chun cothromóid bhuiséadach chasta a réiteach, agus ionchas ollmhór ann go ndéanfaidh an tAontas beart de réir a bhriathair agus a oibleagáidí airgeadais faoi NextGenerationEU á gcomhlíonadh aige. Mar sin, ciallaíonn sé sin go mbeidh sé de mhisneach againn rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil, agus a chinntiú go gcuidíonn gach euro leis an Eoraip dul chun cinn a dhéanamh.

rialachas láidir, trédhearcacht agus maoirseacht láidir pholaitiúil ina gcuid dhílis de gach cuid de na tograí sin. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun comhaontú uaillmhianach, cothrom agus tráthúil a bhaint amach maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus maidir leis na cláir earnála. Mar údarás buiséadach, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle s dhéanfaidh an buiséad fadtéarmach a stiúradh, rud a chinnteoidh go mbeidh sé ailínithe go hiomlán lenár dtosaíochtaí comhroinnte le linn a ré.

Más mian leis an Eoraip a bheith níos neamhspleáiche, ní mór di beart a dhéanamh ar a son féin. Ní féidir leis an Aontas brath ar dhaoine eile amháin chun a leasanna agus a luachanna a chosaint. Ciallaíonn sé sin nach mór dúinn na huirlisí uile atá ar fáil a úsáid chun ár gclár oibre comhroinnte a chur chun feidhme agus chun ár n‑uaillmhianta a bhaint amach. Trí bhuiséad an Aontais, féadfaimid leas a bhaint as na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe atá ríthábhachtach do rathúnas, comhtháthú, slándáil agus inbhuanaitheacht an Aontais amach anseo.

Tá sé in am oibriú le chéile chun é sin a bhaint amach.



Iarscríbhinn. Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034 — Táblaí

(1)

  EU’s next long-term budget (MFF) – implementing EU funding with Member States and regions[An chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (CAI) — cistiú ón Aontas a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na réigiúin]

(2)

  An Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an mbuiséad Eorpach nua - An Coimisiún Eorpach

(3)

Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(4)

Draghi, M. (2024) A competitiveness strategy for Europe [Straitéis Iomaíochais don Eoraip].

(5)

Letta, E. (2024) Much more than a market More than a market [Níos mó ná margadh].

(6)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach, COM (2025) 30 final.

(7)

Agus tacaíocht bhreise á cur ar fáil tríd an gCiste don Nuálaíocht, EUR 450.8 billiún is luach don Chiste Eorpach um Iomaíochas agus d’Fhís Eorpach i dteannta a chéile.

(8)

Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) tríd Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh.

(9)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle.

(10)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Margadh Aonair na hEorpa: margadh baile na hEorpa i ndomhan éiginnte , COM(2025)500

(11)

Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil.

(12)

Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1764/oj ). 2021/1764

(13)

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta, JOIN(2025) 130 final.

(14)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an maidir le ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, COM(2025) 148 final

(15)

Niinistö, S. (2024) Safer together – Strengthening Europe’s civilian and military preparedness and readiness. .

(16)

SWD(2023) 336 final.

(17)

Molfaidh an Coimisiún leasú in am trátha ar an Rialachán Airgeadais lena gcuirfear síneadh le láimhseáil ioncaim dhiúltaigh a leagtar amach in Airteagal 48(2) de tar éis 2027.

(18)

Chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an méid sin i dtábhacht ina Tuarascálacha Bliantúla 2022 ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2022, ar ghníomhaíochtaí faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEFanna) do bhliain airgeadais 2022 .

(19)

 ECA Review 03/2025 Opportunities for the post-2027 Multiannual Financial Framework [Athbhreithniú CIE 03/2025 Deiseanna don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2027].

Top