AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.9.2025
COM(2025) 538 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
maidir le gníomhaíocht EURES 2022-2024
Submitted pursuant to Article 33 of Regulation (EU) 2016/589
Clár
1
Achoimre Feidhmiúcháin
2
Réamhrá
3
Soghluaisteacht an lucht saothair san Eoraip agus EURES
4
Forbhreathnú ar na Príomhghníomhaíochtaí
4.1
Seirbhísí tacaíochta d’oibrithe agus d’fhostóirí
4.2
Acmhainní agus rialachas
4.3
Tacaíocht thrasnach ón Oifig Eorpach Comhordúcháin
4.4
Gníomhaíochtaí faoi stiúir an Choimisiúin Eorpaigh
5
Moltaí ón tuarascáil roimhe seo
5.1
Dul chun cinn maidir leis na príomh-mholtaí
5.2
Réimsí atá fós gan réiteach ar gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh ina leith
6
Moltaí
6.1
Moltaí do thíortha rannpháirteacha EURES
6.2
Moltaí le haghaidh na hOifige Eorpaí Comhordúcháin
6.3
Na príomhthátail le haghaidh an Choimisiúin
7
Conclúidí
|
Achoimre Feidhmiúcháin
Tugtar forléargas sa tuarascáil dhébhliantúil seo ar ghníomhaíochtaí EURES idir an 1 Iúil 2022 agus an 30 Meitheamh 2024, mar a leagtar amach in Airteagal 33 de Rialachán EURES (AE) 2016/589. Is é príomhchuspóir EURES tacú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair laistigh den Aontas trí obair fhoireann EURES agus tríd an tairseach Eorpach um shoghluaisteacht ó phost go chéile (tairseach EURES).
In 2024, rinne EURES 30 bliain a chomóradh le feachtas cumarsáide agus imeachtaí forleathana múscailte feasachta a reáchtáladh i bpearsa agus ar líne ar fud na hEorpa.
Le linn na tréimhse tuairiscithe, phróiseáil foireann EURES 474 711 iarratas ar phost agus 663 878 bhfolúntas, agus d’eagraigh siad 20 166 imeacht. Leis na gníomhaíochtaí sin, díríodh ar sheirbhísí tacaíochta ginearálta a sholáthar do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí, chomh maith le seirbhísí spriocdhírithe a bhaineann le printíseachtaí, le cúrsaí oiliúna, le cúnamh iar-earcaíochta agus le scéimeanna soghluaisteachta.
D’ainneoin infheistíochtaí móra i bhforbairt na tairsí, chun a áirithiú go mbeidh sí fós ina huirlis chuí chun daoine a mheaitseáil le poist agus chun faisnéis maidir leis an tsoghluaisteacht a sholáthar, tá laghdú tagtha ar líon na gcuardaitheoirí poist atá cláraithe le EURES le linn na tréimhse tuairiscithe agus tá tairseach EURES agus a feidhmiúlachtaí meaitseála tearcúsáidte. Níl ach fás measartha tagtha ar an líon eagraíochtaí príobháideacha sa líonra agus níl ach cur chun cinn teoranta déanta maidir le leathnú líonra EURES chuig Comhaltaí nó Comhpháirtithe nua.
Chun tionchar EURES a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann cheana, ba cheart don líonra na gníomhaíochtaí seo a leanas a mheas:
·An líonra a leathnú agus a éagsúlú - ba cheart do na tíortha rannpháirteacha páirt ghníomhach a thabhairt do Chomhaltaí agus Comhpháirtithe nua chun líonra EURES níos dinimiciúla agus níos cuimsithí a áirithiú.
·Éifeachtacht thairseach EURES agus a húsáid ag an líonra a uasmhéadú tríd an tairseach a nascadh go córasach leis na hionstraimí atá ann cheana, mar shampla, trí fheidhmiúlachtaí nua a fhorbairt chun tacú le Laethanta Fostaíochta Eorpacha ar Líne, le cur chun feidhme iomlán an tionscnaimh maidir le sineirgí EURES-Europass, leis an Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe agus le Comhpháirtíochtaí Trasteorann, chomh maith le cáilíocht sonraí níos fearr a áirithiú chun CVanna a mheaitseáil le folúntais.
·Inoiriúnaitheacht d’athruithe sa mhargadh saothair a áirithiú: chun leanúint de bheith ábhartha agus éifeachtach, ní mór do EURES a sheirbhísí a ailíniú le ganntanais leanúnacha lucht saothair agus scileanna, le héilimh atá ag teacht chun cinn ar scileanna, leis an digitiú agus leis an aistriú glas.
|
Réamhrá
Is líonra comhoibritheach é EURES, a seoladh in 1994, ina bhfuil an Coimisiún Eorpach, an tÚdarás Eorpach Saothair, seirbhísí poiblí fostaíochta náisiúnta, agus Comhaltaí agus Comhpháirtithe eile i dtíortha an Aontais, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis. Le EURES, tacaítear le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair trí fhaisnéis agus seirbhísí fostaíochta a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí, agus cuirtear feabhas leis ar an gcomhar agus ar an malartú faisnéise laistigh den líonra.
Le Rialachán EURES (AE) 2016/589 neartaíodh an líonra tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) trédhearcacht an éilimh agus an tsoláthair ar an margadh saothair Eorpach a mhéadú; (ii) fógraí faoi fholúntais ar thairseach EURES a leathnú chun printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna a chur san áireamh; (iii) feabhas a chur ar mheaitseáil CVanna le folúntais poist; (iv) seirbhísí do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí a chaighdeánú; agus (v) an líonra a mhéadú agus an tAicmiú Eorpach i dtaca le Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) a thabhairt isteach chun tuairisc a thabhairt ar ghairmeacha, scileanna agus inniúlachtaí in CVanna agus i bhfolúntais poist. Tacaítear leis na hiarrachtaí sin le sé chinneadh cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin a áirithiú ar fud na dtíortha atá rannpháirteach in EURES.
Thar thréimhse 30 bliain, tá EURES anois ina chuid ríthábhachtach de struchtúr tacaíochta mhargadh saothair an Aontais, rud a éascaíonn soghluaisteacht chothrom agus a fheabhsaíonn feidhmíocht shóisialta agus eacnamaíoch. Soláthraítear seirbhísí EURES trína líonra de níos mó ná 1 000 comhairleoir ar fud na hEorpa agus trí thairseach EURES, lena soláthraítear uirlisí ar líne do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí. Is éard atá sa líonra oibríochtúil Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin, a bhíonn nasctha de ghnáth le seirbhísí poiblí fostaíochta nó le haireachtaí saothair, an Oifig Eorpach Comhordúcháin atá á bainistiú ag an Údarás Eorpach Saothair ó 2021, agus Comhaltaí agus Comhpháirtithe eile amhail seirbhísí príobháideacha fostaíochta agus comhpháirtithe sóisialta. In éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an Údarás Eorpach Saothair, tá na hOifigí Náisiúnta Comhordúcháin ina gcomhaltaí den Ghrúpa um Chomhordú Eorpach, a dhéanann maoirseacht ar fheidhmiú agus ar ghníomhaíochtaí an líonra.
Is é is cuspóir don tuarascáil seo forbhreathnú a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a rinneadh le líonra EURES idir mí Iúil 2022 agus mí an Mheithimh 2024 agus príomh-mholtaí a roinnt arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar éifeachtacht EURES maidir le tacú le soghluaisteacht chothrom agus éifeachtúil an lucht saothair ar fud na hEorpa.
Bailíodh na sonraí dá dtagraítear sa tuarascáil seo ó na hOifigí Náisiúnta Comhordúcháin agus rinne an Oifig Eorpach Comhordúcháin iad a chomhiomlánú. Tagann cuid de na sonraí ó thuarascálacha chórais bainistíochta feidhmíochta EURES, agus tá tuairisciú déanta ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar ghníomhaíochtaí ar a leibhéal féin. Tá roinnt léargais á spreagadh freisin ag torthaí Thuarascáil Mheastóireachta an Údaráis Eorpaigh Saothair a foilsíodh i mí na Bealtaine 2025.
Soghluaisteacht an lucht saothair san Eoraip agus EURES
Tá soghluaisteacht an lucht saothair idir Ballstáit an Aontais ag fás i gcónaí. An 1 Eanáir 2023, bhí cónaí ar 10,1 milliún saoránach den Aontas (20 - 64 bliana d’aois) i mBallstát nach saoránaigh den Bhallstát sin iad, 2 % níos mó ná an bhliain roimhe sin. Tháinig méadú thart ar 3 % go 1,83 milliún ar líon na n‑oibrithe trasteorann agus tháinig méadú ar líon na bpostuithe (arna mheasadh leis an líon doiciméad iniompartha A1 a soláthraíodh) go 5,5 milliún in 2023. Trí bhreathnú ar na figiúirí sin, is féidir a ríomh go bhfuil gné thrasteorann i gceist le níos mó ná 8 % de na poist íoctha laistigh den Aontas. Tá méadú níos tapúla fós ag teacht ar na figiúirí maidir le haistrithe trasteorann: in 2023, d’fhill 738 000 saoránach den Aontas agus den CSTE ar a dtír náisiúntachta tar éis dóibh a bheith ina gcónaí thar lear (6 % níos mó ná an bhliain roimhe sin) agus bhog 976 000 saoránach go tír de chuid an Aontais/CSTE, i.e. tír nach saoránaigh di iad), 14 % níos mó ná an bhliain roimhe sin
.
Idir an dá linn, tá laghdú tagtha ar aschuir líonra EURES le blianta beaga anuas. D’éascaigh EURES 84 580 socrúchán ar a laghad in 2018 agus 83 360 socrúchán in 2019, agus measadh sna tuarascálacha bliantúla maidir le Soghluaisteacht an Lucht Saothair laistigh den Aontas gur bhog 880 000 duine go tír eile laistigh den Aontas le haghaidh oibre in 2018, agus 825 000 in 2019. Dá bhrí sin, socrúcháin EURES a bhí i gceist le 9,6 % de na hoibrithe taistil a bhí gníomhach sa mhargadh saothair in 2018, agus 10,1 % in 2019. In 2021, 2022 agus 2023 (le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh), bhí 53 200, 48 731 agus 48 129 socrúchán EURES ann faoi seach, i gcomparáid le líon na n‑oibrithe taistil gníomhacha de chuid an Aontais sna blianta sin: 650 000, 713 000 agus 976 000 faoi seach. Ciallaíonn sé sin gur thit sciar EURES de shocrúcháin laistigh den Aontas
sna blianta sin go 8,2 % (2021), 6,8 % (2022) agus 4,9 % (2023).
Tá dúshláin shuntasacha ag baint le digitiú sheirbhísí EURES, go háirithe maidir le tairseach EURES. Go háirithe, léiríonn na staitisticí le haghaidh 2024 nach ndearna foireann EURES athbhreithniú ach ar thart ar 3 % de na CVanna ar an tairseach, d’ainneoin infheistíochtaí i bhfeabhsuithe ar an tairseach, i bhforbairt ábhair agus in iarrachtaí an tairseach a chur chun cinn. Tá os cionn 1,1 milliún CV ar an tairseach ó chuardaitheoirí poist a chuir in iúl go bhfuil siad toilteanach fostaíocht a fháil i dtír eile, ach níl a bpróifílí á n‑úsáid go gníomhach, agus tá cuardaitheoirí poist agus fostóirí ag cailleadh amach ar dheiseanna.
Os a choinne sin, sampla de thionscnamh a bhfuil tábhacht agus breisluach méadaitheach ag baint leis is ea na Laethanta Fostaíochta Eorpacha ar Líne, rud a léiríonn comhar trasteorann rathúil, mar tagann tíortha le chéile chun na himeachtaí sin a eagrú agus a éascú. Léiríodh gur acmhainn an-luachmhar don líonra é ardán na Laethanta Fostaíochta Eorpacha ar Líne, rud a chuireann le cáil EURES as seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar, in éineacht leis an tacaíocht dhíreach phearsantaithe ó chomhairleoirí do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí. Níl tairseach EURES nasctha go fóill, áfach, leis na Laethanta Fostaíochta Eorpacha ar Líne; dá bhrí sin níl iniúchadh á dhéanamh ar shineirgí atá bunaithe ar an dá ionstraim EURES sin a chomhcheangal ar bhealach níos fearr.
Léirítear i suirbhéanna, in agallaimh agus i gcás-staidéar EURES go bhfuil imní ar roinnt grúpaí páirtithe leasmhara faoi éifeachtacht oibríochtúil an líonra
. Tá gá le mionanailís chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil baill foirne EURES ag déanamh meaitseáil poist mura bhfuil sí á dhéanamh acu tríd an tairseach. Trí na modhanna malartacha ar a bhfuil siad ag brath a shainaithint, cuideofar le measúnú a dhéanamh an bhfuil na cleachtais sin níos éifeachtaí agus ar cheart acmhainní a ath-leithdháileadh chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do phríomhchuspóirí EURES. Ba cheart don Oifig Eorpach Comhordúcháin córas a thabhairt isteach arís chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar an tairseach agus ar a dtorthaí.
Forbhreathnú ar na Príomhghníomhaíochtaí
1.1Seirbhísí tacaíochta d’oibrithe agus d’fhostóirí
Gníomhaíochtaí meaitseála agus socrúcháin
Idir mí Iúil 2022 agus mí an Mheithimh 2024, phróiseáil foireann EURES 474 711 iarratas ar phost, rud a léiríonn méadú ó 445 206 sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Le linn na tréimhse céanna, próiseáladh 663 878 bhfolúntas, laghdú ó 718 168 sa tréimhse roimhe sin. D’eagraigh EURES 20 116 imeacht san iomlán, agus bhí 70 % díobh dírithe ar fhaisnéis a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí, bhí 8 % díobh dírithe ar an earcaíocht, agus bhí 22 % díobh dírithe ar ghníomhaíochtaí earcaíochta agus faisnéise araon. Ba é 93 785 an líon iomlán socrúchán a baineadh amach le linn na tréimhse tuairiscithe, rud a léiríonn méadú ó 85 780 sa tréimhse roimhe sin. I dtéarmaí bainistíocht cuntas, cruthaíodh 3 643 chuntas nua le linn na tréimhse tuairiscithe. Ina theannta sin, baineadh 5 320 cuntas mar gheall ar neamhghníomhaíocht mar chuid de ghlantachán cuntas a rinneadh i mí Eanáir 2024.
Faisnéis agus treoraíocht
Chuir baill foirne EURES raon seirbhísí ar fáil le linn na tréimhse tuairiscithe, lena n‑áirítear comhairleoireacht i bpearsa agus ar líne, tacaíocht le folúntais a dhréachtú, agus eagrú ceardlanna. Le linn na tréimhse sin, tuairiscíodh 3 666 663 idirghníomhaíocht aonair le hoibrithe agus 383 325 idirghníomhaíocht le fostóirí. Sa chuid is mó de na hidirghníomhaíochtaí le hoibrithe is ar shocrúcháin a díríodh; sin a bhí i gceist le 43 % de na hidirghníomhaíochtaí, agus bhí 47 % de na hidirghníomhaíochtaí le fostóirí dírithe ar fhaisnéis ghinearálta faoi EURES a sholáthar. Treocht shuntasach le linn na tréimhse tuairiscithe ba ea an t‑athrú ar thionscnamh na n‑idirghníomhaíochtaí. Tháinig méadú ar na hidirghníomhaíochtaí le hoibrithe laistigh den tír go 53 % de na hidirghníomhaíochtaí iomlána, ó 44 % sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Ar an gcaoi chéanna, tháinig méadú ar na hidirghníomhaíochtaí le fostóirí laistigh den tír chéanna go 79 %, rud a léiríonn fócas ar earcaíocht intíre.
Seirbhísí tacaíochta sonracha
Bhí cúnamh iar-earcaíochta fós ina thosaíocht do thíortha EURES, lena ndírítear ar threoraíocht a bhaineann le cáin, leis an tslándáil shóisialta, leis an tithíocht agus le hoideachas le haghaidh teaghlach. Leathnaigh roinnt tíortha a n‑iarrachtaí trí chúrsaí teanga agus uirlisí ríomhfhoghlama saor in aisce a thairiscint chun coinneáil agus lánpháirtiú fadtéarmach oibrithe taistil a chur chun cinn. Rinneadh dul chun cinn le linn na tréimhse tuairiscithe ar ghníomhaíochtaí chun tacú le daoine óga, go háirithe maidir le printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna. Tairgeadh 468 108 bprintíseacht agus 27 364 intéirneacht ar tairseach EURES. Is méadú é sin ó 212 726 agus 17 001 faoi seach sa tréimhse roimhe sin. Tionscnamh suntasach amháin ab ea feachtas Bhliain Eorpach na hÓige.
1.2Acmhainní agus rialachas
Acmhainní daonna
Áirítear le foireann EURES comhairleoirí a oibríonn i seirbhísí poiblí fostaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus in eagraíochtaí eile is Comhaltaí nó Comhpháirtíochta de chuid EURES. Idir 2022 agus 2024, tháinig laghdú beag ar líon iomlán fhoireann EURES ó 2 371 go 2 345, agus tháinig laghdú freisin ar an líon foirne lánaimseartha ó 1 179 go 1 153. Áirítear leis na figiúirí sin comhairleoirí a oibríonn ar EURES i seirbhísí poiblí fostaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus in eagraíochtaí eile is Comhaltaí nó Comhpháirtíochta de chuid EURES.
Acmhainní airgeadais
Ní hionann comhdhéanamh buiséad Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin ó thír EURES go chéile. Thuairiscigh seacht dtír go bhfuair siad cistiú Eorpach (an tSeicia, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Íoslainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic), thuairiscigh 16 thír nach bhfuair siad ach cistiú náisiúnta (an Bheilg, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, Lichtinstéin, an Liotuáin, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an Fhionlainn agus an Eilvéis), agus thuairiscigh na tíortha eile samhlacha cistiúcháin mheasctha (an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Ghréig, Lucsamburg, an Ungáir, an Pholainn agus an tSualainn).
Bonneagar TF
Lean tíortha EURES d’fheabhas a chur ar a seirbhísí digiteacha agus d’fheabhas a chur ar idir-inoibritheacht a n‑ardán chun aistriú folúntas agus CVanna chuig tairseach EURES a éascú. Mar thoradh ar fhíorú sainordaitheach dhá fhachtóir a thabhairt isteach in 2022, tháinig laghdú ar na cuntais chláraithe ar dtús, ach tar éis fíorú deonach aon fhachtóir a thabhairt isteach arís i mí Dheireadh Fómhair 2023, tháinig méadú ar na hinsreafaí míosúla ar an meán. Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024, bhí 114 408 gcuntas cláraithe ag tairseach EURES, lena n‑áirítear 109 521 chuardaitheoir poist agus 3 246 bhainisteoir cuideachta.
Rialachas agus comhar le páirtithe leasmhara
Baineann comhar le páirtithe leasmhara laistigh de EURES le hOifigí Náisiúnta Comhordúcháin, le seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, le comhpháirtithe sóisialta, agus le heagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha eile. Bíonn príomh-idirghníomhaíochtaí ar siúl i gcruinnithe an Ghrúpa um Chomhordú Eorpach, i seisiúin dhéthaobhacha le hOifigí Náisiúnta Comhordúcháin, agus i meithleacha foirmiúla um an gcumarsáid, um an oiliúint agus um an idir-inoibritheacht. Chomh maith leis sin, thug an Oifig Eorpach Comhordúcháin tacaíocht airgeadais agus riaracháin do chruinnithe malartaithe bainisteoirí líne agus comhordaitheoirí, agus d’eagraigh sí ceardlanna ar ábhair amhail an timthriall clársceidealaithe agus an córas tomhais feidhmíochta. Ina theannta sin, thacaigh an Oifig Eorpach Comhordúcháin le malartuithe idir Comhaltaí an Ghrúpa um Chomhordú Eorpach trí Ionad Acmhainní Cumarsáide agus Faisnéise um Riaracháin, Gnólachtaí agus Saoránaigh a chur ar bun agus oiliúint a chur orthu maidir lena úsáid mar ardán comhoibríoch atá bunaithe ar TF. I suirbhé ina ndearnadh measúnú ar chomhar Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus i gcruinnithe déthaobhacha ar líne le comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, cuireadh i dtábhacht toilteanas Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin maidir le comhar feabhsaithe, agus spreagadh rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcruinnithe an Ghrúpa um Chomhordú Eorpach.
Cumarsáid i dtíortha EURES
Le linn na tréimhse tuairiscithe, reáchtáladh 20 451 imeacht san iomlán, lenar bhain 648 019 rannpháirtí. Is méadú é sin i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin (12 887 n‑imeacht agus 537 696 rannpháirtí). Bhí Feachtas Óige EURES in 2022 agus 2023 ar cheann de na himeachtaí is suntasaí. Bhí buiséad EUR 146 000 ag an bhfeachtas agus baineadh amach 20,5 milliún amharc ar na meáin shóisialta leis. Mar chuid d’fheachtas comórtha 30 bliain EURES, chomhoibrigh an Oifig Eorpach Comhordúcháin freisin le feachtas an Choimisiúin don Bhliain Eorpach um Scileanna. Cuimsíodh san fheachtas gníomhaíochtaí agus ábhair feachtais ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Cláraíodh 566 imeacht le 47 190 rannpháirtí i dtorthaí an chéad seimeastair de 2024, agus ghlac na 31 tír uile páirt i ngníomhaíochtaí feachtais. Faoi mhí Mheán Fómhair 2024, bhí baint ag meáin shóisialta an fheachtais le 41 mhilliún duine, gineadh 120 milliún amharc, agus baineadh 23 mhilliún amharc físe amach, agus tháinig méadú 20 % ar an trácht chuig tairseach EURES. EUR 1,2 milliún a bhí i mbuiséad iomlán an fheachtais sa chéad leath de 2024.
1.3Tacaíocht thrasnach ón Oifig Eorpach Comhordúcháin
Comhordú, rialachas agus acmhainní airgeadais
Leanann an Oifig Eorpach Comhordúcháin den timthriall clársceidealaithe a mhaoirsiú agus a éascú agus comhordaíonn sí gníomhaíochtaí Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin ar fud an líonra. Mar phríomhfhóram rialachais an líonra, thionóil an Grúpa um Chomhordú Eorpach seacht n‑uaire chun gníomhaíochtaí a stiúradh agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí straitéiseacha. Ina theannta sin, tionóladh cruinnithe ad hoc chun ábhair chriticiúla a phlé, lena n‑áirítear straitéis EURES 2025 - 2030 atá beartaithe, tionscnaimh don óige, ganntanais lucht saothair, agus forbairtí a bhaineann le tairseach EURES. Bhí ról lárnach ag na cruinnithe sin maidir le hailíniú straitéiseach a chothú agus comhar éifeachtach a áirithiú ar fud an líonra. Leithdháileadh EUR 19,49 milliún ar oibríochtaí EURES ó bhuiséad an Údaráis Eorpaigh Saothair le linn na tréimhse tuairiscithe.
Tairseach EURES a oibriú agus a fhorbairt
Is é an tÚdarás Eorpach Saothair, mar Oifig Eorpach Comhordúcháin, ag a bhfuil an ról mar úinéir an chórais le haghaidh thairseach EURES, agus leanann an Coimisiún Eorpach dá fhorbairt theicniúil agus dá chothabháil a bhainistiú. Rinneadh obair chun an tairseach a ailíniú le creat foriomlán deartha agus feidhmiúlachta an Choimisiúin Eorpaigh, agus tá coinne le tuilleadh nuashonruithe. Cáilíocht shonraí na bhfolúntas poist agus na CVanna a mhéadú chun feabhas a chur ar na feidhmeanna meaitseála uathoibrithe, a bhraitheann ar ghlacadh an Aicmithe Eorpaigh i dtaca le Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), áiríodh sin ar na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar chumais na tairsí. Tá roinnt dul chun cinn déanta sa réimse sin i roinnt tíortha rannpháirteacha EURES, agus cuireann an Oifig Eorpach Comhordúcháin, an Coimisiún agus líon beag Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin tacaíocht leanúnach ar fáil chun feabhas a chur ar cháilíocht na mapála ar fud an líonra. Le hardán na Laethanta Fostaíochta Eorpacha (Ar Líne) tacaíodh le 70 imeacht le linn na tréimhse tuairiscithe, imeachtaí ina raibh cuardaitheoirí poist agus fostóirí rannpháirteach go gníomhach. Eagraíodh na himeachtaí sin le buiséad EUR 1,39 milliún agus cuireadh deiseanna luachmhara ar fáil leo chun 105 198 rannpháirtí a mheaitseáil agus a earcú ó Laethanta Fostaíochta Eorpacha ar Líne ar fud an líonra.
Oiliúint agus forbairt ghairmiúil
Le hAcadamh Oiliúna EURES, soláthraíodh 154 sheisiún oiliúna san iomlán le linn na tréimhse tuairiscithe, ar ar fhreastail 3 369 rannpháirtí i measc Chomhairleoirí EURES agus baill foirne eile de chuid Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES. Clúdaíodh ábhair éagsúla sna seisiúin sin, lena n‑áirítear mapáil ESCO, úsáid uirlisí cumarsáide, agus nascleanúint a dhéanamh ar thairseach EURES. In 2023, tugadh isteach bearta rialaithe cáilíochta chun feabhas a chur ar an taithí oiliúna. Rinne an Oifig Eorpach Comhordúcháin athbhreithniú ar 10 % de na seisiúin oiliúna gach sé mhí chun a chinntiú gur coinníodh na caighdeáin is airde ar bun. Tugadh isteach formáidí oiliúna nuálacha freisin, le himeachtaí amhail ‘EURES in Action’, lena ndearnadh comóradh 30 bliain ar EURES. Bhí rannpháirtíocht hibrideach agus gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla idirghníomhacha mar chuid de na himeachtaí sin, rud a chothaigh comhar agus rannpháirtíocht laistigh den líonra a thuilleadh.
Deasc Chabhrach
Le linn na tréimhse tuairiscithe, phróiseáil deasc chabhrach EURES 22 359 bhfiosrúchán úsáideora san iomlán, laghdú beag i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin. In 2023, tugadh creatchonradh nua isteach, rud a chuir feabhas ar chumas na deisce cabhrach cúnamh a thabhairt do chuardaitheoirí poist, d’fhostóirí agus d’fhoireann EURES ar bhealach níos éifeachtaí.
Líonrú, malartú dea‑chleachtas agus foghlaim fhrithpháirteach
Le linn na tréimhse tuairiscithe, d’eagraigh EURES roinnt imeachtaí inar cuireadh i dtábhacht a thiomantas don chomhar agus don chomhroinnt eolais. I measc na n‑imeachtaí suntasacha bhí ceardlanna foghlama frithpháirtí, cruinnithe comhchéime maidir leis an timthriall clársceidealaithe, agus seoladh tuarascálacha ar ghanntanais agus barrachais lucht saothair. Comhlánaíodh na hiarrachtaí sin le comhpháirtíochtaí leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (EUROFOUND) agus leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), inar díríodh ar léargais ar shoghluaisteacht agus feidhmiúlachtaí dheais EURES a fheabhsú. Leanadh de léiriú a thabhairt ar thiomantas EURES do chomhar trasteorann a chothú trí thionscadail nasctha, trí cheardlanna fadbhreathnaitheachta straitéisí agus trí imeachtaí náisiúnta, a raibh ról mór acu maidir le comhar a neartú agus malartú eolais a éascú ar fud an líonra.
Gníomhaíochtaí cumarsáide
Leathnaigh EURES a raon feidhme go mór le linn na tréimhse tuairiscithe trí fheachtais spriocdhírithe ar na meáin shóisialta a reáchtáil an Oifig Eorpach Comhordúcháin. Mhéadaigh na hiarrachtaí sin infheictheacht ar fud na n‑ardán, agus tháinig méadú ar líon na leantóirí ar Facebook go dtí os cionn 1 mhilliún, ar LinkedIn go 437 027, ar Twitter/X go 71 053 agus ar na meáin shóisialta eile (Instagram agus YouTube) go 81 591. Le feachtais chomhoibríocha, cuireadh i dtábhacht a thuilleadh tiomantas EURES dá sheirbhísí a chur chun cinn. Thacaigh líonra EURES le tionscnaimh amhail an Bhliain Eorpach um Scileanna, agus comhpháirtíochtaí, tionchairí agus ábhair thírshonracha á ngiaráil chun éifeachtacht agus for-rochtain na bhfeachtas sin a fheabhsú. Bhí tionchar ar leith ag feachtas an chomórtha 30 bliain, mar a thuairiscítear thuas.
Anailís ar threochtaí soghluaisteachta agus ar threochtaí sa mhargadh saothair
Foilsíodh tuarascálacha EURES 2022 agus 2023 maidir le ganntanais agus barrachais lucht saothair le linn na tréimhse tuairiscithe. Sna tuarascálacha sin, cuireadh anailísí ar fáil ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh saothair agus fiosraíodh na féidearthachtaí maidir le hacmhainneacht mheaitseála thrasnáisiúnta agus treochtaí soghluaisteachta. Leis an gcomhar le Cedefop agus le EUROFOUND, cuireadh forbairt deaiseanna idirghníomhacha chun cinn a thuilleadh, rud a chuir feabhas ar inrochtaineacht agus ar inúsáidteacht sonraí ar an margadh fostaíochta.
1.4Gníomhaíochtaí faoi stiúir an Choimisiúin Eorpaigh
Le linn na tréimhse tuairiscithe, rinne an Coimisiún obair leantach ar chur chun feidhme Rialachán EURES ag na Ballstáit trí litreacha a sheoladh chuig gach ceann de na 27 mBallstát. Sna litreacha sin, fiosraíodh an easpa cur chun feidhme ceart maidir le gnéithe sonracha den Rialachán, agus ba é is aidhm dóibh comhlíonadh iomlán Rialachán EURES a áirithiú, is é sin na próisis iontrála, folúntais agus CVanna a tharchur, agus cur chun feidhme mapálacha ESCO in aistrithe sonraí. Rinneadh iarracht leis an tionscnamh seo cur chun feidhme comhsheasmhach chreat EURES a áirithiú ar fud an Aontais. Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí d’fhaireachán a dhéanamh ar na réimsí sin agus déanfaidh sé gníomhaíochtaí leantacha i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar aon bhearna nó aon fhadhb chomhlíontachta, chun feabhas a chur ar shláine agus ar éifeachtacht an líonra.
Ina theannta sin, thuairiscigh an Coimisiún gach sé mhí i gcruinnithe an Ghrúpa um Chomhordú Eorpach maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh Rialachán EURES.
Chuir an Coimisiún tacaíocht dhéthaobhach ar fáil do thíortha EURES chun a n‑aicmithe náisiúnta a mhapáil de réir ESCO. Le linn na tréimhse tuairiscithe, chuir an Liotuáin agus an Ostair mapáil a n‑aicmithe náisiúnta de réir gairme de réir ESCO i gcrích, agus tá obair ar siúl i Lichtinstéin. Thairis sin, tá a n‑aicmiú scileanna mapáilte de réir ESCO ag an tSeicia, ag an Eastóin agus ag an Ostair nó tá an mhapáil tosaithe acu.
Chun tacú le tíortha EURES a n‑oibleagáidí a bhaineann le cur chun feidhme ESCO in EURES a chomhlíonadh, d’eagraigh an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach Saothair seisiún oiliúna dhá lá d’fhoireann theicniúil EURES agus d’fhoireann seirbhísí poiblí fostaíochta an 30 Samhain agus an 1 Nollaig 2023. Ina theannta sin, cuireadh liosta ESCO de scileanna glasa i láthair i seisiún oiliúna EURES a d’eagraigh an tÚdarás Eorpach Saothair an 19 Meitheamh 2024.
Tionscnamh ríthábhachtach i bhfómhar 2024 ba ea an tionscadal maidir le sineirgí EURES-Europass, lena gcruthaítear cur chuige níos comhtháite ar fud an dá thairseach Eorpacha sin. Beartaítear leis an tionscadal na seirbhísí a thairgtear do chuardaitheoirí poist a mhéadú trí nascleanúint rianúil a chumasú idir na tairseacha agus trí dheireadh a chur le haon dúbailt seirbhísí. Beidh Europass ina lárphointe iontrála do chuardaitheoirí poist, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh próifíl a chruthú, measúnú a dhéanamh ar a scileanna, moltaí a fháil le haghaidh post agus oiliúna agus a bpróifíl a roinnt ar EURES.
Tairbhíonn comhpháirtíochtaí trasteorann EURES de thacaíocht faoin tsraith EaSI (Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta) de CSE+. Mar a shainaithnítear in Airteagal 3 de Rialachán EURES, is éard atá i gcomhpháirtíochtaí trasteorann EURES grúpálacha Comhaltaí nó Comhpháirtithe EURES agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile lasmuigh de líonra EURES, a bhfuil struchtúir réigiúnacha curtha ar bun acu le haghaidh comhar fadtéarmach i réigiúin trasteorann chun seirbhísí a thairiscint i réimsí an tsocrúcháin, na hearcaíochta agus na faisnéise do chomaitéirí trasteorann. Thuairiscigh comhpháirtíochtaí trasteorann EURES 72 761 idirghníomhaíocht aonair le cuardaitheoirí poist, 7 724 idirghníomhaíocht aonair le fostóirí, agus níos mó ná 3 145 earcaíocht sa tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo. Bhí gníomhaíochtaí na gcomhpháirtíochtaí trasteorann dírithe freisin ar fhaisnéis a sholáthar do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí, agus ba iad na hábhair ba mhó a pléadh leis an dá ghrúpa an tslándáil shóisialta, socrúcháin agus ceisteanna ginearálta maidir le EURES.
|
Tacaíonn na comhpháirtíochtaí trasteorann go gníomhach le cothromaíocht a bhaint amach idir ganntanais scileanna agus ganntanais lucht saothair ina limistéir teorann gheografacha, go minic trí bhearta an-nuálach, amhail an tionscnamh ‘Ón staid go dtí an post’, a chuir
EURES-T Oberrhein/Rhin supérieur
chun feidhme sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus san Eilvéis. Tugann sé fostóirí agus cuardaitheoirí poist le chéile chun dul san iomaíocht in imeacht spóirt i staid nó i saoráid spóirt eile. Ag an tús, ní bhíonn a fhios ag na rannpháirtithe cé hiad na fostóirí agus cé hiad na cuardaitheoirí poist. Déanann na fostóirí iad féin a shainaithint ag deireadh an lae agus cuireann siad na cuardaitheoirí poist is mian leo a fhostú faoi agallamh. Ní gá do na cuardaitheoirí poist CV ná litir inspreagtha a chur ar fáil. Reáchtáladh an chéad imeacht i mí an Mheithimh 2024 le 124 chuardaitheoir poist agus 18 ngnólacht earcaíochta, idir FBManna agus cuideachtaí móra. Bhí na torthaí an-sásúil toisc gur fhostaigh gach gnólacht, seachas ceann amháin, cuardaitheoirí poist.
|
Tairbhíonn Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES freisin de thacaíocht faoi shraith EaSI de CSE+. Is é cuspóir ginearálta na Scéime Soghluaisteachta Spriocdhírithe cabhrú le cuardaitheoirí poist (go háirithe daoine óga, daoine atá dífhostaithe agus daoine ó ghrúpaí leochaileacha) post, cúrsa oiliúna nó printíseacht a aimsiú i mBallstát eile den Aontas, san Íoslainn nó san Iorua, agus cabhrú le fostóirí (go háirithe FBManna) a bhfolúntais a líonadh ar deacair iad a líonadh trí oibrithe a earcú ó thír eile san Aontas, ón Íoslainn nó ón Iorua. Le linn na tréimhse tuairiscithe, rinne an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSualainn an ghníomhaíocht agus iad ina gceannairí cuibhreannais agus cumasaíodh 4 955 shocrúchán agus tacaíodh le 402 FBM leis an ngníomhaíocht sin.
Moltaí ón tuarascáil roimhe seo
Oibríonn líonra EURES laistigh de chreat rialála dea-shainithe ina leagtar amach na feidhmeanna atá beartaithe dó, na róil a bhfuil coinne leis go gcomhlíonfaidh a chomhaltaí iad agus na seirbhísí a bhfuil coinne leis go soláthróidh siad iad. Bhí roinnt moltaí sa tuarascáil dheireanach chun comhlíonadh Rialachán EURES a áirithiú agus chun feidhmiú níos fearr an líonra a chur chun cinn.
1.5 Dul chun cinn maidir leis na príomh-mholtaí
D’éirigh go maith leis na hiarrachtaí an líon CVanna a aistríodh chuig tairseach EURES a mhéadú, agus tá tíortha uile EURES nasctha go hiomlán anois le haistriú uathoibríoch CVanna. Áirithítear leis sin sreabhadh níos rianúla agus níos comhsheasmhaí sonraí cuardaitheora poist, rud a fheabhsaíonn cumais meaitseála poist ar fud an líonra.
Tá dul chun cinn mór déanta maidir le feabhas a chur ar na huirlisí faireacháin agus tuairiscithe, go háirithe trí uirlis chlársceidealaithe dhea-fheidhmiúil ar líne a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Leis sin, rinneadh bailiú agus tuairisciú sonraí a chuíchóiriú, rud a laghdaíonn ualaí riaracháin ar Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin agus a chuireann feabhas ar an éifeachtúlacht fhoriomlán.
Ina theannta sin, is cosúil gur leithdháil an Oifig Eorpach Comhordúcháin acmhainní daonna leordhóthanacha ar EURES agus neartaigh sé sin a chumas tacú leis an líonra, comhordú a éascú agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpríomhthionscnamh.
1.6 Réimsí atá fós gan réiteach ar gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh ina leith
Cé go bhfuil dul chun cinn déanta sna réimsí a chumhdaítear le moltaí na tuarascála roimhe seo, tá dúshláin áirithe fós ann maidir le héifeachtacht iomlán líonra EURES a áirithiú.
Cé go bhfuil próiseas mapála ESCO i bhfeidhm go teicniúil i mbeagnach gach Ballstát, níl leas iomlán á bhaint as. Níl folúntais agus CVanna á mapáil mar a bhí beartaithe sula seoltar chuig tairseach EURES iad, rud a dhéanann dochar mór do chuspóir aicmiú ESCO, agus a chuireann teorainn lena chumas feabhas a chur ar chruinneas meaitseála post agus ar idir-inoibritheacht trasteorann. Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin chun leas iomlán a bhaint as na tairbhí a bhaineann le comhtháthú ESCO.
Ar an gcaoi chéanna, cé go bhfuil córas iontrála curtha ar bun ag gach tír le haghaidh Comhaltaí agus Comhpháirtithe nua, níl na hOifigí Náisiúnta Comhordúcháin uile ag obair go gníomhach chun an líonra a leathnú. Sa tréimhse idir an 1 Iúil 2022 agus an 30 Meitheamh 2024, tháinig glanmhéadú 24 eagraíocht ar an líonra (18 gComhpháirtí, trí Chomhalta, agus trí Chomhalta de sheirbhísí poiblí fostaíochta), rud a d’fhág gur ligeadh 271 eagraíocht isteach san iomlán faoin 30 Meitheamh 2024, rud a léiríonn fás 10 % ó 247 n‑eagraíocht an 30 Meitheamh 2022. Tá gá le cur chuige níos spriocdhírithe chun a áirithiú go dtiocfaidh fás breise ar an líonra mar thoradh ar an gcóras iontrála, agus chun na difríochtaí san fhócas, sna hoibríochtaí agus san fhorbairt idir tíortha a oibríonn le Comhaltaí agus le Comhpháirtithe agus leo siúd nach n‑oibríonn leo a laghdú.
Ar deireadh, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun feabhas a chur ar shineirgí idir EURES agus tionscnaimh soghluaisteachta eile de chuid an Aontais. Áirítear leis sin an tionscadal maidir le sineirgí EURES-Europass a bhfuil moilleanna tagtha air agus ar gá tuilleadh airde a thabhairt air chun a áirithiú go gcuirfear an príomhthionscnamh seo chun feidhme go rathúil.
Moltaí
1.7 Moltaí do thíortha rannpháirteacha EURES
Feabhas a chur ar cháilíocht sonraí agus ar úsáid thairseach EURES
Tá sé tábhachtach go leanfaidh na Ballstáit de bheith ag obair i dtreo feabhas a chur ar cháilíocht sonraí chun éifeachtacht thairseach EURES a fheabhsú. Tá ról ríthábhachtach ag aiseolas soiléir ó fhoireann EURES chuig an Oifig Eorpach Comhordúcháin maidir leis na seirbhísí atá ag teastáil chun a áirithiú go mbainfidh siad lántairbhe as na seirbhísí atá ar fáil ar an tairseach.
Feabhas a chur ar fhor-rochtain agus rannpháirtíocht laistigh de líonra EURES
Ba cheart d’Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin straitéisí for-rochtana spriocdhírithe a chur chun cinn chun Comhaltaí agus Comhpháirtithe nua a mhealladh trí phríomhthairbhí a chur i dtábhacht, príomhthairbhí amhail rochtain ar CVanna agus folúntais ar thairseach EURES, deiseanna oiliúna, líonrú, agus lógó EURES atá ina shéala cáilíochta a bhfuil ardmheas air. Ina theannta sin, is féidir le Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES feidhmiú mar ambasadóirí trí theistiméireachtaí agus scéalta ratha a chomhroinnt chun an líonra a chur chun cinn. Chun rannpháirtíocht a fheabhsú a thuilleadh, ba cheart do chomhairleoirí EURES an tairseach a úsáid go gníomhach chun a tionchar a uasmhéadú maidir le tacaíocht a thabhairt do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí, agus ba cheart do chomhaltaí an líonra breithniú a dhéanamh ar leas a bhaint as an idir-inoibritheacht atá ar fáil tríd an gcomhéadan feidhmchláir (API) aschuir le haghaidh CVanna agus folúntas. Ba cheart do líonra EURES sineirgí le líonraí áitiúla ábhartha eile a fhiosrú freisin.
Feabhas a chur ar chláir oibre, ar ailíniú leis an margadh saothair agus ar chur chun cinn imeachtaí
Ba cheart d’Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin moltaí ón gclár oibre agus ó mheasúnuithe ar thuarascálacha ar ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme. Ba cheart clársceidealú, lena n‑áirítear Laethanta Fostaíochta Eorpacha (Ar Líne) a threorú freisin le léargais ar mhargadh an tsaothair agus le riachtanais náisiúnta, agus úsáid á baint as tuarascálacha ar ghanntanais agus ar bharrachais chun tionscadail comhair trastíre spriocdhírithe a fhorbairt le haghaidh grúpaí úsáideoirí sonracha amhail earnálacha sonracha, gairmeacha beatha, daoine óga nó FBManna, etc. Chun for-rochtain a uasmhéadú, ba cheart imeachtaí náisiúnta a chur chun cinn go gníomhach ar roinn imeachtaí thairseach EURES agus ba cheart do EURES leanúint de theagmháil a dhéanamh leis an spriocphobal trí fheachtais spriocdhírithe ar na meáin shóisialta arna reáchtáil ag an Oifig Eorpach Comhordúcháin.
1.8Moltaí le haghaidh na hOifige Eorpaí Comhordúcháin
Comhlíonadh iomlán Rialachán EURES
Ba cheart don Oifig Eorpach Comhordúcháin leanúint dá hiarrachtaí chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán Rialachán EURES agus a chinntí cur chun feidhme maidir le cúraimí agus freagrachtaí uile na hOifige Eorpaí Comhordúcháin mar a shainítear i gcreat dlíthiúil EURES.
Acmhainní agus iarrachtaí leordhóthanacha chun tacú leis an tionscadal maidir le sineirgí EURES-Europass
Ba cheart don Oifig Eorpach Comhordúcháin tuilleadh tacaíochta a thabhairt don chomhar laistigh den líonra agus dóthain acmhainní agus ama a leithdháileadh ar chur chun feidhme rathúil an thionscadail maidir le sineirgí EURES-Europass. Áirítear leis sin straitéis thairseach EURES agus creataí straitéiseacha eile a ailíniú le cuspóirí an tionscnaimh thábhachtaigh seo, arb é is aidhm dó seirbhísí do chuardaitheoirí poist ar fud na hEorpa a fheabhsú agus a leathnú. Tá sé ríthábhachtach an tsineirge sin a neartú chun feabhas a chur ar inrochtaineacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n‑uirlisí digiteacha lena dtacaítear le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud na hEorpa.
Meaitseáil éifeachtúil, APInna agus tairseach luachmhar don líonra a éascú
Molann an Coimisiún don Oifig Eorpach Comhordúcháin leanúint den obair theicniúil is gá chun feidhmiú cuí mheaisín meaitseála EURES agus úsáid éifeachtach an Aicmithe Eorpaigh i dtaca le Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) chun na críche sin a áirithiú. Iarrtar ar an Oifig Eorpach Comhordúcháin céimeanna réamhghníomhacha breise a ghlacadh chun feabhas a chur ar sheirbhísí do Chomhaltaí agus Comhpháirtithe EURES, agus béim ar leith á leagan ar úsáid uirlisí digiteacha a fheabhsú. Ba cheart API so-úsáidte agus lán-chomhlíontach a fhorbairt chun é a chur ar a cumas d’fhoireann EURES ina dtimpeallachtaí TF faoi seach úsáid níos fearr a bhaint as na folúntais agus na CVanna ar an tairseach, chomh maith leis an API a thairiscint do Chomhaltaí agus Comhpháirtithe nua. Tá sé ríthábhachtach an rannpháirtíocht dhigiteach a neartú chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an líonra a áirithiú.
Dá gcothófaí comhar níos láidre le príomhpháirtithe leasmhara amhail an Grúpa um Chomhordú Eorpach agus dá nglacfaí cur chuige atá dírithe níos mó ar an úsáideoir – ní hamháin maidir le dearadh seirbhísí tairsí ach maidir le forbairt seirbhísí tacaíochta trasearnálacha don líonra freisin – rannchuideofaí le feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán EURES.
Ina theannta sin, moltar don Oifig Eorpach Comhordúcháin sraith príomhchuspóirí a shainaithint le haghaidh na seirbhísí ar an tairseach, agus ar bhonn níos ginearálta le haghaidh ghníomhaíochtaí an líonra. Ba cheart iad sin a úsáid chun spriocanna a bhunú agus chun tionchar agus dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a thomhas. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé níos éasca an tionchar agus an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a thomhas agus cé acu is féidir nó nach féidir gníomhaíocht a cháiliú mar ghníomhaíocht ‘rathúil’ a thomhas, agus go mbeidh sé níos éasca plé a dhéanamh le comhaltaí an líonra ar cén fáth nár baineadh amach roinnt spriocanna.
1.9Na príomhthátail le haghaidh an Choimisiúin
Róil agus freagrachtaí a shoiléiriú
I bhfianaise cásanna inar cosúil go raibh róil agus freagrachtaí EURES doiléir, moltar don Choimisiún cumarsáid oscailte a choinneáil ar bun leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin agus le comhaltaí EURES chun na soiléirithe is gá a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a ról a neartú maidir le comhlíonadh chreat dlíthiúil EURES a áirithiú, mar a shainaithnítear i roinn 4.4, agus ar an gcaoi sin cur i bhfeidhm an chreata sin agus tuiscint chomhsheasmhach ar an gcreat sin ag na páirtithe uile lena mbaineann a éascú.
Comhlíonadh agus comhsheasmhacht a áirithiú
Tá faireachán agus tacaíocht ghníomhach déanta ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme Rialachán EURES sna Ballstáit. Chun comhlíonadh a threisiú agus chun comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart dó leanúint de ghníomhaíochtaí leantacha réamhghníomhacha a dhéanamh, lena n‑áirítear tuairisciú struchtúrtha, tacaíocht dhéthaobhach spriocdhírithe, agus tionscnaimh oiliúna. Trí chomhar a neartú maidir le cur chun feidhme ESCO agus trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i gcomhlíonadh, cuirfear tuilleadh feabhais ar éifeachtacht agus sláine líonra EURES.
Sineirgí a fheabhsú agus tionchar a uasmhéadú
Ós rud é go ndéanann an Coimisiún maoirseacht ar scéimeanna airgeadais na Scéime Soghluaisteachta Spriocdhírithe agus comhpháirtíochtaí trasteorann, le fócas méadaithe ar chomhar níos dlúithe idir na tionscadail agus gníomhaíochtaí EURES eile, lena n‑áirítear an tairseach, d’áiritheofaí sineirge, éifeachtúlacht agus luach níos fearr don líonra.
Ba cheart go leanfadh an tionscadal maidir le sineirgí EURES-Europass de bheith ina thosaíocht chun comhtháthú rianúil idir na hardáin a áirithiú, agus chun inrochtaineacht, trédhearcacht agus inúsáidteacht uirlisí soghluaisteachta lucht saothair a fheabhsú.
Conclúidí
Le linn na tréimhse tuairiscithe, lean EURES de ról ríthábhachtach a bheith aige maidir le tacú le soghluaisteacht chothrom agus éifeachtúil an lucht saothair laistigh den Eoraip. Leis an líonra, éascaíodh socrúcháin poist, neartaíodh seirbhísí comhairleacha do dhaoine aonair, agus cuidíodh le daoine poist a aimsiú thar theorainneacha trína ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n‑áirítear feachtais chumarsáide uile-Aontais, agus móriarrachtaí for-rochtana agus rannpháirtíochta a neartaigh a ról.
Mar sin féin, tá dúshláin fós ann maidir le hacmhainneacht thairseach EURES a bhaint amach a thuilleadh, a huirlisí digiteacha a bharrfheabhsú, agus sineirgí a fheabhsú idir uirlisí EURES éagsúla agus líonraí áitiúla ábhartha. Le tearcúsáid na bpríomhacmhainní digiteacha, go háirithe maidir le meaitseáil post, léirítear go bhfuil gá le cur chuige níos straitéisí chun a áirithiú go dtugann infheistíochtaí uasluach do chuardaitheoirí poist, d’fhostóirí, agus do Chomhaltaí agus Comhpháirtithe EURES. Ina theannta sin, maidir le luas mall chomhtháthú na gComhaltaí agus na gComhpháirtithe nua sa líonra, léirítear go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí spriocdhírithe chun raon EURES a leathnú agus a éagsúlú. Ba cheart straitéis thiomnaithe for-rochtana agus chumarsáide a fhorbairt ag a bhfuil cuspóirí atá sainithe go soiléir.
Ag féachaint chun cinn, maidir le hiarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar chomhar, comhlíonadh iomlán a áirithiú, agus leas a bhaint as an nuálaíocht dhigiteach, beidh siad ríthábhachtach chun a áirithiú go rachaidh líonra EURES in oiriúint do riachtanais athraitheacha mhargadh saothair na hEorpa. Tá athruithe struchtúracha amhail an digitiú, an t‑aistriú glas agus athruithe déimeagrafacha ag athmhúnlú an éilimh saothair agus na riachtanas scileanna ar fud earnálacha éagsúla. Maidir le ganntanais lucht saothair in go leor tionscal, mar aon le mí-oiriúint scileanna agus bearnaí inniúlachta, cuirtear i dtábhacht leo an gá atá le creat soghluaisteachta níos freagrúla agus níos inoiriúnaithe fós. Tríd an ailíniú idir tairseach EURES, Europass agus ESCO a neartú a thuilleadh, agus trí shineirgí a chothú idir an tairseach agus uirlisí EURES amhail na Laethanta Fostaíochta Eorpacha ar Líne, an Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe agus comhpháirtíochtaí trasteorann, cuirfear feabhas ar chumas an líonra tacú le hoibrithe agus le fostóirí dul i ngleic leis na haistrithe sin.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ní mór don Choimisiún, don Oifig Eorpach Comhordúcháin agus do thíortha rannpháirteacha EURES oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oibríochtúla, chun feabhas a chur ar úsáid straitéiseach acmhainní, agus chun a áirithiú go leanfaidh EURES de bheith ina phríomhcholún chun tacú le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud na hEorpa.