Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0507

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce

COM/2025/507 final

An Bhruiséil,22.9.2025

COM(2025) 507 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú an tarmligin a thugtar don Choimisiún de bhun Threoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce

1. RÉAMHRÁ

Le Treoir 2008/105/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, arna leasú le Treoir 2013/39/AE 2 , leagtar síos caighdeáin cáilíochta comhshaoil i gcás na substaintí tosaíochta a shainaithnítear faoin Treoir Réime maidir le hUisce 3 (2000/60/CE) mar shubstaintí lena mbaineann riosca mór ar fud an Aontais le haghaidh éiceachórais uisceacha nó trí na héiceachórais sin. Is fo-threoir den Treoir Réime maidir le hUisce í Treoir 2008/105/CE, lena bhféachtar le stádas na néiceachóras uisceach a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú.

Le Treoir 2008/105/CE (arna leasú), cumhachtaítear an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na sonraíochtaí i bpointe 3 de Chuid B dIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir a oiriúnú dfhorbairtí eolaíocha nó teicniúla, i.e. sonraíochtaí a bhaineann leis an gcodán uisce 4 a bhfuil feidhm ag na caighdeáin cáilíochta comhshaoil in uisce maidir leis, agus chun na sonraíochtaí sin a oiriúnú do thosca a fhéadfar a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil le haghaidh miotal.

2. BUNÚS DLÍ

Ceanglaítear an tuarascáil seo faoi Airteagal 9a(2) de Threoir 2008/105/CE arna leasú le Treoir 2013/39/AE. De bhun na forála sin, tugtar don Choimisiún an chumhacht gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(8) a ghlacadh ar feadh tréimhse 6 bliana ón 13 Meán Fómhair 2013 ar aghaidh agus ní mór don Choimisiún tuarascáil a ullmhú i leith tharmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana. Cuirtear síneadh go uathoibríoch le tarmligean na cumhachta ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an tsínidh sin i gcomhréir le hAirteagal 9(a).

3. AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

An 17 Nollaig 2018, ghlac an Coimisiún an chéad tuarascáil le haghaidh Pharlaimint na hEorpa agus le haghaidh na Comhairle 5 inar míníodh nár úsáideadh an cumhachtú.

 

Na forbairtí eolaíocha agus teicniúla a tháinig ó shin, níor fhág siad go raibh aon oiriúnú breise le déanamh fós ar phointe 3 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, agus dá bhrí sin níor fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht tharmligthe le linn na tréimhse tuairiscithe reatha. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur ghá an chumhacht tharmligthe a úsáid amach anseo, go háirithe ós rud é go bhféadfadh sé nár ghá forbairtí eolaíocha nó teicniúla ábhartha a chur san áireamh i gcomhthráth le huainiú leasuithe eile a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an Treoir.

4. CONCLÚID

Níor fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht tharmligthe a thugtar dó faoi Threoir 2008/105/CE ach d’fhéadfadh sé go mbeadh air é sin a dhéanamh amach anseo. Iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

(1)

IO L 348, 24.12.2008, lgh. 84–97

(2)

IO L 226, 24.8.2013, lgh. 1–17

(3)

IO L 327, 22.12.2000, lgh. 1–73

(4)

i.e. uisce iomlán nó codán tuaslagtha.

(5)

COM(2018) 847 final

Top