AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.9.2025
COM(2025) 484 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil 2025 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach
Athléimneacht 2.0: An tAontas a chumhachtú chun go mbeidh rath air le linn suaiteachta agus éiginnteachta
1.Réamhrá
Ó bhí an chéad tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ann in 2020, tá croitheadh mór bainte as an ord domhanda. Cé go ndearnadh iniúchadh sa chéad tuarascáil sin ar choincheap na hathléimneachta a bhaineann go príomha leis na chéad cheachtanna struchtúracha ó phaindéim COVID-19, is mithid dlús a chur le hullmhacht agus athléimneacht araon chun an tAontas a chaomhnú agus a athbhunú mar ghníomhaí láidir sa domhan athraitheach seo.
Dá bhrí sin, tugtar isteach leis an tuarascáil seo an coincheap maidir le hathléimneacht 2.0. Sainíodh an athléimneacht cheana féin i dtuarascáil 2020 mar rud nach n-ionsúann géarchéimeanna chun an status quo a choinneáil. Áitíodh ann go n-éilíonn athléimneacht ar shuaití ar fud an chórais agus treochtaí fadtéarmacha ar an Aontas athrú ó bhonn agus teacht chun cinn a dhéanamh, ar bhealach inbhuanaithe, cothrom agus daonlathach. Agus go deimhin, tá neart agus aontacht léirithe ag an Aontas agus é sin á dhéanamh aige mar fhreagairt ar na suaití a tharla le déanaí, rud a chuidíonn le saoránaigh agus le gnólachtaí iad féin a chur in oiriúint do ghéarchéimeanna móra agus do mhórthreochtaí domhanda (féach Fíor 1).
Fíor 1: Mórghéarchéimeanna agus meigithreochtaí idirnasctha a bhí ann le déanaí lena múnlaítear freagairt an Aontais
Mar sin féin, tá gá le leibhéal nua athléimneachta mar gheall ar scála, castacht, éagsúlacht agus marthanacht na ndúshlán atá romhainn — ó shuaitheadh geopholaitiúil agus geo-eacnamaíoch, coinbhleachtaí agus bagairtí slándála, tríd an ngéarchéim thriarach phláinéadach (an t-athrú aeráide, an truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta), go dtí athruithe teicneolaíocha agus déimeagrafacha, agus bagairtí ar an daonlathas agus ar luachanna. Chuige sin, ní mór cur chuige réamhghníomhach réamhbhreathnaitheach a chur in ionad an chur chuige atá frithghníomhach den chuid is mó, chun imeachtaí a thuar, acmhainní a bharrfheabhsú, agus ullmhú do chásanna éagsúla amach anseo, ós rud é go bhfuil ár ndomhan níos dothuartha anois ná riamh. Tá go leor cásanna éagsúla ann atá sochreidte, lena n-áirítear roinnt cásanna nach bhféadfaí a leithéid a shamhlú go dtí le déanaí. I ndomhan den sórt sin, ní leor a thuilleadh dul i ngleic le gach géarchéim mar chor cinniúnach. Tá cur chuige i leith na hathléimneachta claochlaitheach, réamhghníomhach agus réamhbhreathnaitheach (‘athléimneacht 2.0’) ina bhuntáiste cinntitheach sa réaltacht gheopholaitiúil nua agus ina riachtanas ríthábhachtach don Aontas Eorpach.
Cuireann an tuarascáil seo leis an machnamh ar conas dul chun cinn a dhéanamh i dtreo leibhéal nua athléimneachta. Ag tógáil ar straitéisí agus ar thuarascálacha le déanaí atá ábhartha don athléimneacht agus ag tarraingt ar phróiseas leathan, déantar anailís ar na príomhthreochtaí agus na príomhfhorbairtí fadtéarmacha. Ar an mbonn sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil gníomhaíochtaí féideartha do lucht ceaptha beartas atá le déanamh inniu chun an fhís d’Aontas athléimneach a bhaint amach.
Tá dlúthnasc idir an cur chuige sin agus ullmhacht a tugadh isteach le tuarascáil Niinistö agus a aistríodh i ngníomhaíocht bheartais an Aontais sa Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta. Díríonn an ullmhacht ar chumas an Aontais bagairtí a thuar, a chosc, a sheasamh agus freagairt dóibh. Aithnítear sa straitéis freisin go bhfuil gá ag an Aontas le cumais réamhbhreathnaitheacha agus le bailiú córasach faisnéise, lena n-áirítear trí bhonneagar spáis agus seirbhísí spáis an Aontais féin, chun an staid a réamh-mheas lasmuigh de na bagairtí láithreacha, agus cásanna fadtéarmacha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo nó fiú atá deacair a shamhlú á gcur san áireamh freisin. Chuige sin, tá an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, an fheasacht staide, agus an luathrabhadh ríthábhachtach agus ní mór iad a neartú a thuilleadh.
|
Tráth a bhíonn suaitheadh domhanda ann, cuidíonn an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach leis an Aontas fanacht ar an mbóthar ceart agus breathnú níos faide ná clár oibre an lae inniu. Tugann sé tuiscint shoiléir ní hamháin ar rioscaí atá ag teacht chun cinn ach ar dheiseanna a bheidh ann amach anseo freisin: tríd an dearcadh a scanadh, toimhdí a cheistiú, caochspotaí a aimsiú, imeachtaí a nascadh agus measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtaí comhcheangailte, raon na roghanna féideartha a fhiosrú, lena n-áirítear ionchais inmhianaithe amach anseo agus bealaí chun iad a bhaint amach. Chun é sin a dhéanamh, baintear leas as an intleacht chomhchoiteann ar bhealach struchtúrtha córasach. Tá na léargais sin leabaithe i gceapadh beartas, pleanáil straitéiseach agus ullmhacht an Choimisiúin. Leis sin, is féidir tionchair fhadtéarmacha agus comhleanúnachas na mbeartas a tionscnaíodh inniu a mheas ar bhealach níos fearr, chomh maith lena stóinseacht, i gcásanna éagsúla amach anseo, agus fís dhearfach chomhroinnte a fhorbairt maidir le todhchaí an Aontais. Ó bhí 2020 ann, tá Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ríthábhachtach sa chomhthéacs sin. Is tuarascáil idirthréimhseach í an tuarascáil seo, an chéad tuarascáil faoin sainordú seo, lena réitítear an bealach don phróiseas fadbhreathnaitheachta ina n-úsáidfear raon iomlán na modhanna agus na n-uirlisí fadbhreathnaitheachta a thacóidh leis na chéad eagráin eile ó 2026 ar aghaidh. Is féidir iad a úsáid freisin chun pleananna gníomhaíochta comhleanúnacha a cheapadh chun ár n-athléimneacht a fheabhsú, chun dul i ngleic leis na dúshláin shainaitheanta agus chun na deiseanna a thapú.
|
Ó athléimneacht go hathléimneacht 2.0
Is féidir leis an Aontas brath ar roinnt réamhchoinníollacha fabhracha chun an athléimneacht a neartú.
Ar an gcéad dul síos, tá acmhainní uathúla ag an Aontas chun athléimneacht a áirithiú ar scála nach féidir le haon Bhallstát aonair a bhaint amach ina aonar: 450 milliún duine, agus margadh aonair ina bhfuil 24 mhilliún cuideachta agus foinse 15 % de thrádáil earraí an domhain; earnáil agraibhia a sholáthraíonn soláthar iontaofa bia inacmhainne lena ngabhann ardchaighdeáin inbhuanaitheachta; creata comhchoiteanna daonlathacha seanbhunaithe, agus smacht reachta dá saoránaigh, dá ghnólachtaí agus dá chomhpháirtithe seachtracha araon; raon cumas rialachais, ó ionstraimí láidre beartais trádála go caighdeánú domhanda.
Ar an dara dul síos, tá an scála agus an cumas ag an Aontas freisin freagairt chlaochlaitheach a thabhairt ar shuaitheadh geo-eacnamaíoch, ar an ngéarchéim thriarach phláinéadach, agus ar an aistriú digiteach.
Ar an tríú dul síos, is féidir leis an Aontas dul in oiriúint go tapa le linn géarchéime d’ainneoin cinnteoireacht a bheith casta, agus a shásraí agus a struchtúir a choigeartú. Chruthaíomar an méid sin trí NextGenerationEU a chur chun feidhme chun cabhrú leis na Ballstáit i ndiaidh na paindéime agus trí bhorradh a chur faoi infheistíochtaí Eorpacha chun a áirithiú gur féidir lenár dtionscal cosanta táirgeadh ar luas agus ar mhéid níos mó agus trí imscaradh tapa trúpaí agus sócmhainní míleata ar fud an Aontais a éascú trí Ullmhacht 2030.
Ar an gceathrú dul síos, tá athléimneacht léirithe ag an Aontas cheana féin mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna éagsúla a bhí ann le déanaí agus d’fhoghlaim sé uathu. Tugadh isteach agus neartaíodh sásraí comhpháirteacha freagartha Eorpacha: ceannach comhpháirteach vacsaíní COVID-19, éagsúlú soláthairtí gáis le linn na géarchéime fuinnimh le déanaí nó slógadh acmhainní rescEU mar fhreagairt ar fhalscaithe nó ar thubaistí nádúrtha eile — is samplaí iad sin uile de fhreagairtí solúbtha éifeachtacha, bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus inoiriúnaitheacht.
Bunaithe ar an taithí sin, is mithid fís d’Aontas 2040 athléimneach a fhorbairt. Ba cheart an fhís sin a bheith bunaithe ar spriocanna agus ar luachanna an Aontais.. Bheadh ar Aontas athléimneach in 2040 na trí ghné bhunúsacha seo a leanas a chur i gcrích:
·Síocháin trí shlándáil na hEorpa: a bhuí lena chumais láidre, i gcomhréir iomlán le comhghuaillíochtaí idirnáisiúnta, díspreagfaidh an tAontas gníomhaithe díobhálacha stáit nó neamhstáit agus cosnóidh sé é féin ina n-aghaidh; bainfear é sin amach trí mheascán de neart míleata, ullmhacht uile-shochaí, ionstraimí atá in ann a leasanna a chosaint, agus seasamh láidir domhanda, agus taidhleoireacht; beidh Aontas méadaithe ina bhunchloch don tsíocháin, don tslándáil agus don rathúnas marthanach ar fud mhór-roinn na hEorpa; beidh naisc láidre aige le tíortha atá ar aon intinn leis chomh maith le comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar leasanna coiteanna, agus a chumhacht eacnamaíoch agus trádála agus a neamhspleáchas straitéiseach oscailte á ngiaráil aige;
·luachanna i dtaca le daonlathas, dínit an duine, saoirse, comhionannas, smachta reachta, agus meas ar chearta an duine: déanfaidh an tAontas na luachanna sin agus a shamhail dhaonlathach a chaomhnú, a dhearbhú, a chosaint agus a fhorfheidhmiú go hinmheánach agus cuirfidh sé chun cinn iad ar an leibhéal domhanda. Cuirfidh sé rialachas éifeachtach ar fáil trí institiúidí daonlathacha agus cumasóidh sé feidhmiú éifeachtach cearta agus oibleagáidí daoine agus cuideachtaí;
·folláine na ndaoine:: bunaithe ar shlándáil inmheánach agus eacnamaíoch, ar phoist ardcháilíochta, ar dhálaí tarraingteacha d’oibrithe agus do ghnólachtaí, ar rathúnas inbhuanaithe lena n-urramaítear teorainneacha pláinéadacha, ar phláinéad ináitrithe ina bhfuil geilleagar aeráidneodrach agus aeráid-díonach, agus ar thimpeallacht shláintiúil nádúrtha; oideachas agus oiliúint atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus cuimsitheach, agus córais sláinte; Úsáidfidh muintir na hEorpa teicneolaíochtaí sábháilte go muiníneach lena gcuirfear feabhas ar a saol, agus tairbhe á baint acu as obair thairbheach, as saol sásúil, as dálaí fabhracha chun teaghlaigh a thosú agus leanaí a thógáil, as tithíocht inacmhainne, agus as bia sábháilte ar ardchaighdeán; Is áit í an Eoraip ina mbeidh bonneagar, cúram sláinte agus oideachas inrochtana den chéad scoth, agus tíortha, réigiúin agus cathracha rathúla a chuireann ‘an tsaoirse chun fanacht’ ar fáil, agus na glúnta atá ann faoi láthair agus na glúnta atá le teacht á gcur san áireamh.
Ní mór claochluithe misniúla a dhéanamh chun an fhís sin a bhaint amach. Cé go bhfuil intuarthacht agus cobhsaíocht ríthábhachtach agus go bhfuil siad ar cheann de shócmhainní an Aontais, ní mór dúinn a bheith réidh le hathrú nuair is gá, ag fanacht chun tosaigh, chun bunphrionsabail an tionscadail Eorpaigh a chaomhnú agus a neartú.
2.Mórfhorbairtí domhanda agus dúshláin a bhaineann go sonrach leis an Aontas maidir le hathléimneacht mhéadaithe
An spás beartais a bheidh ag an Aontas amach anseo chun feabhas a chur ar a athléimneacht, tá sé bunaithe ar mheigithreochtaí domhanda agus ar dhúshláin a bhaineann go sonrach leis an Aontas agus atá tagtha chun cinn ó bhí an chéad Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ann in 2020. Agus aghaidh á tabhairt aige ar an dá rud i dtreo Aontas athléimneach 2040, beidh ar an Aontas na treochtaí sin a chomhtháthú i gceapadh beartas agus i roghanna polaitiúla, a ghníomhaireacht a leathnú chun gníomhú agus chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis na deiseanna agus na dúshláin atá romhainn.
2.1.Príomhfhorbairtí fadtéarmacha domhanda
Tá an tslándáil anois ina príomhuirlis do bheartais uile an Aontais. Tá athrú tagtha ar an bpeirspictíocht maidir le slándáil mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuireann an suaitheadh geopholaitiúil agus creimeadh an oird iltaobhaigh dhomhanda leis an ngá atá le neamhspleáchas maidir leis an gcumas na glúnta atá ann faoi láthair agus na glúnta atá le teacht a chosaint. Léirítear le blianta beaga anuas gur féidir gach rud a úsáid mar uirlis troda: slabhraí soláthair, imirce, trádáil, cabhair dhaonnúil, spás agus faisnéis. Ós rud é go n-oibríonn bagairtí hibrideacha sa limistéar liath idir an cogadh agus an tsíocháin, cruthaíonn siad débhríocht i dtaca le sannadh, agus gnéithe slándála inmheánaí agus seachtraí ceangailte go dlúth lena chéile níos mó agus níos mó. Téann an tslándáil, nó an easpa slándála, i bhfeidhm ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar ar fad: gnó, infheistíocht, comhtháthú sóisialta agus críochach, rathúnas agus folláine, chomh maith lenár ndaonlathais agus ár luachanna. Thairis sin, le deireadh na díbhinne síochána tar éis an Chogaidh Fhuair agus luaineacht na réamh-mheastachán eacnamaíoch, tugtar dúshlán do na buiséid phoiblí, rud a éilíonn roghanna deacra ach a chuireann deiseanna ar fáil freisin, amhail leas a bhaint as sineirgí sibhialta-míleata.
Táimid ag féachaint ar chreimeadh an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe agus ar bhriseadh an tírdhreacha dhomhanda. Óna Náisiúin Aontaithe go dtí an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, tá príomhcholúin an oird dhomhanda faoi strus. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin don Aontas, a bhfuil a láidreachtaí bunaithe ar oscailteacht: tá an comhbheartas trádála atá ag feidhmiú i sineirgíocht leis an margadh aonair, le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, agus le caighdeáin ag brath ar rialachas idirnáisiúnta riailbhunaithe. Sin an fáth a mbaineann éagobhsaíocht agus mífheidhmiú páirteach an oird idirnáisiúnta, chomh maith le briseadh páirteach na ngeilleagar domhanda, an bonn de chumas an Aontais gníomhú ar mhaithe lena gheilleagar agus le leas a shaoránach. Ní dócha go bhfillfear ar an status quo a bhí ann roimhe seo. D’ainneoin na n-éifeachtaí diúltacha, cruthaíonn sé sin deis don Aontas a bheith níos glóraí maidir le hord idirnáisiúnta riailbhunaithe a sheasfaidh an aimsir a mhúnlú.
Tá tionchair an athraithe aeráide agus díghrádú an dúlra agus acmhainní uisce tar éis dul in olcas, ag sroicheadh leibhéil atá níos deacra déileáil leo. Tá na meánteochtaí domhanda bliantúla 1.5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch cheana féin. D’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar tionchar carnach go sárófaí pointí iompaithe, ó leá oighirchlúideacha go sceireacha coiréil a fhaigheann bás, go cur isteach ar shruthanna Atlantacha, a mbeidh athruithe tobanna agus dochúlaithe ann ina dhiaidh sin. Bhí teagmhais adhaimsire a bhaineann leis an aeráid ina gcúis cheana féin le caillteanais eacnamaíocha EUR 738 mbilliún san Aontas le 40 bliain anuas (idir 1980-2023, le 22 % de na caillteanais sin idir 2021 agus 2023). Dódh falscaithe níos mó ná milliún heicteár talún san Aontas faoi dheireadh an tsamhraidh in 2025, an méid is airde in aon bhliain ó thosaigh na taifid oifigiúla in 2006. Tá bithéagsúlacht na hEorpa agus rannchuidiú ríthábhachtach an dúlra trí sheirbhísí éiceachórais, amhail aer glan agus uisce glan, ag meath ar ráta atá ag dul i méid, rud a chuireann príomhchumasóirí na sláinte i mbaol. Is iolraitheoir riosca é freisin: idir mheige-thriomaigh as a n-eascraíonn neamhshlándáil uisce agus bia, dothuarthacht falscaithe, cur isteach ar bhonneagar criticiúil agus ar bhealaí iompair criticiúla, agus bagairtí ar mhargaí airgeadais.
Tá an móiminteam polaitiúil maidir le maolú ar an athrú aeráide i mbaol i gcodanna den domhan, agus tá na beartais aeráide agus chomhshaoil ag éirí níos ionstraimithe agus faoi réir na bréagaisnéise. Ag an am céanna, d’fhéadfadh níos mó neamhspleáchais agus fáis a bheith mar thoradh ar an aistriú glas i gcás go leor tíortha. Chomh maith leis sin, i gcás na hEorpa, le haistriú rathúil chuig fás inbhuanaithe, tugtar an deis chun neamhspleáchas straitéiseach agus iomaíochas an Aontais a fheabhsú ag an am céanna, go háirithe trí bhorradh a chur faoi theicneolaíochtaí glana.
2.2.Dúshláin a bhaineann go sonrach leis an Aontas
Tóraíocht chomhuaineach ar iomaíochas eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach. Agus leas á bhaint as an taithí a fuarthas ó ghéarchéimeanna a tharla le déanaí, tá neamhspleáchas straitéiseach á shaothrú go gníomhach ag geilleagair éagsúla, lena n-áirítear an tAontas, chun a slándáil eacnamaíoch fhadtéarmach a áirithiú. Ag an am céanna, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, tá sé d’aidhm ag an Aontas feabhas a chur ar a iomaíochas ar fud na bpríomhearnálacha. Tá an dá thosaíocht ríthábhachtach don athléimneacht: Beidh slándáil agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa ag brath níos mó ná riamh ar ár gcumas chun nuáil a dhéanamh agus chun dul in iomaíocht le geilleagair eile ar domhan, go háirithe i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha agus digiteacha. Dá bhrí sin, chun fíor-athléimneacht a chothú, ní mór don Eoraip an dá rud a shaothrú. Cosnaíonn neamhspleáchas straitéiseach oscailte an tAontas ar shuaití agus ar spleáchais sheachtracha, agus san am céanna spreagann an t-iomaíochas an nuálaíocht agus an neart eacnamaíoch is gá chun oiriúnú, ceannaireacht agus ráthú i ndomhan atá ag athrú go tapa.
I gcóras eacnamaíoch domhanda atá faoi ualach na hiomaíochta geopholaitiúla, an teannais trádála agus an mhéadaithe ar leibhéil an fhiachais phoiblí, ní mór don Aontas breithnithe slándála agus neamhspleáchais straitéisigh a chomhtháthú ar bhealach níos córasaí ina bheartais eacnamaíocha. Chun an t-iomaíochas agus an uathriail straitéiseacharaon a shaothrú go comhuaineach, ní mór beartais a cheapadh go cúramach, ós rud é go bhféadfadh costais tosaigh nó coigeartuithe struchtúracha a bheith i gceist le bearta chun neamhspleáchas a fheabhsú agus d’fhéadfadh sé an éifeachtúlacht ghearrthéarmach a laghdú. Leis an dinimic dhomhanda atá ag teacht chun cinn agus spleáchais straitéiseacha iomarcacha, tugadh aird athnuaite ar úsáid an tsoláthair phoiblí (lena n-áirítear soláthar comhpháirteach agus foinsiú fabhrach an Aontais) mar uirlis bheartais chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte a fheabhsú agus iarrachtaí dícharbónaithe tionsclaíocha a chothú
.
Leis an spleáchas iomarcach ar phríomhsheirbhísí a sholáthraíonn eintitis neamh-AE in earnálacha amhail an earnáil dhigiteach agus an earnáil airgeadais, nochtar an tAontas do rioscaí lena n-áirítear leochaileachtaí slándála sonraí, suaitheadh seirbhíse, spiaireacht, agus comhéigean eacnamaíoch. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le seirbhísí digiteacha atá faoi réir éifeachtaí líonra, rud a chuireann teorainn leis an iomaíocht de ghnáth
. Mar shampla, tá thart ar 70 % de bhonneagar néalríomhaireachta an Aontais á rialú ag 3 chuideachta de chuid na Stát Aontaithe: Amazon Web Services, Microsoft agus Google.
Is príomhbhloc tógála í an tslándáil fuinnimh de gheilleagar athléimneach iomaíoch a sheasfaidh an aimsir, go háirithe ós rud é gur allmhairigh an tAontas 58 % dá fhuinneamh in 2023. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil sé ríthábhachtach dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan chun spriocanna aeráide a bhaint amach ach is riachtanas straitéiseach é freisin chun an spleáchas ar allmhairí breosla iontaise a laghdú agus chun an tAontas a chosaint ar thurraingí geopholaitiúla, amhail na suaití sin a bhí os a chomhair mar gheall ar an bhfuinneamh a bheith in úsáid mar arm ag an Rúis. Trí an tslándáil fuinnimh a neartú, d’fhéadfadh an tAontas laghdú EUR 2.8 trilliún a dhéanamh ar an gcaiteachas ar allmhairiú breoslaí iontaise idir 2031 agus 2050, i gcomparáid leis an meán sa tréimhse 2011-2020. Trí infheistíocht a dhéanamh san fhuinneamh glan dúchasach agus san éifeachtúlacht fuinnimh, treisíonn an tAontas a neamhspleáchas agus tógann sé córas fuinnimh ísealchostais níos athléimní don todhchaí. Mar sin féin, tá spleáchais nua á gcruthú ag an aistriú sin freisin, ar na táirgí teicneolaíochta glaine iad féin, i gcás ina bhfuil an táirgeadh tionsclaíoch faoi cheannas gníomhaithe domhanda eile, agus ar liosta méadaitheach agus cainníochtaí na n-amhábhar criticiúil a théann isteach sna táirgí sin nuair a tháirgtear san Aontas nó in áiteanna eile iad (féach Bosca 1).
Tá ról lárnach ag amhábhair chriticiúla in earnálacha straitéiseacha eile de chuid an Aontais, amhail an chosaint, an tslándáil shibhialta, an cúram sláinte agus an earnáil mótarfheithiclí. D’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha nach beag a bheith ag suaitheadh ina slabhraí soláthair, cibé acu mar gheall ar smachtbhannaí, comhéigean geopholaitiúil, nó smuigleáil amhábhar ag eagraíochtaí coiriúla
don Aontas. Tá rioscaí tromchúiseacha eacnamaíocha agus slándála ag baint le spleáchas an Aontais ar allmhairí na n-ábhar sin, mar aon leis an gcomhchruinniú soláthair a bhíonn ard go minic i roinnt tíortha feadh an tslabhra luacha (in eastóscadh agus i bpróiseáil araon), go háirithe ós rud é go bhfuil méadú faoi chúig tagtha ar na srianta ar onnmhairiú amhábhar tionsclaíoch ó bhí 2009 ann
. Trí chiorclaíocht a neartú san Aontas, is féidir na spleáchais sin a laghdú.
Cur chuige cothrom i leith na teicneolaíochta: tá sé ríthábhachtach an t-iomaíochas a bheidh ann amach anseo a scaoileadh, ach ní mór na rioscaí gaolmhara a bhainistiú. Tá acmhainneacht chlaochlaitheach ag teicneolaíochtaí: idir thacaíocht a thabhairt don aistriú glas agus don aistriú digiteach, nó don chúram sláinte, borradh a chur faoin táirgiúlacht agus faoin iomaíochas, agus an tslándáil a fheabhsú. Dá bhrí sin, is sócmhainn chumhachtach gheopholaitiúil, eacnamaíoch agus shochaíoch é máistreacht a fháil ar theicneolaíochtaí na todhchaí, ón eolaíocht bhunúsach go cur in úsáid oibríochtúil iomlán, agus dá bhrí sin le haghaidh na hathléimneachta freisin. Is bunchloch dár n-iomaíochas amach anseo é glacadh leo agus iad a mhúnlú san Aontas. Áirithíonn sé cumais rialachais úrscothacha agus cumasaíonn sé cumhdach agus cosaint éifeachtach i gcoinne gníomhaithe naimhdeacha stáit agus neamhstáit.
Mar sin féin, tá gá le coimircí dea-spriocdhírithe chun rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil, do chearta na saoránach agus na n-oibrithe, don phríobháideachas, don aeráid agus don chomhshaol, agus don daonlathas, don mhuinín agus don chomhtháthú sóisialta agus críochach a sheachaint. Feicimid cheana féin go bhfuil teicneolaíochtaí nua ag dul i bhfód go tapa agus go heaspónantúil ar an margadh, teicneolaíochtaí atá á spreagadh den chuid is mó ag dornán de na cuideachtaí domhanda is mó ar domhan. Beidh a lán teicneolaíochtaí nua le feiceáil sna deich mbliana amach romhainn: candamach, biteicneolaíocht, néartheicneolaíocht, agus ábhair shárfhorbartha nó róbataic, agus deiseanna forleathana ag gach ceann acu, ach géar-rioscaí freisin. Tá go leor easaontais ann maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as roinnt eile, amhail an geo-innealtóireacht ghréine (nó modhnú grianradaíochta) (féach Bosca 2).
Seasann an intleacht shaorga (IS) amach mar theicneolaíocht ilchuspóireach a bhfuil impleachtaí forleathana aici do gach réimse de ghníomhaíocht an duine. Cuireann sé fionnachtain eolaíoch chun cinn — mar a fheictear i nuálaíocht ábhar nó ina hacmhainneacht maidir le ríomhaireacht chandamach, claochlú na monaraíochta tionsclaíche, cúram sláinte, barrfheabhsú soláthairtí fuinnimh agus gnéithe éagsúla eile de shaol an duine, lena n-áirítear méaduithe féideartha táirgiúlachta chomh maith le suaitheadh i margadh an tsaothair. Is féidir breathnú ar an intleacht shaorga mar iolraitheoir fórsa, lena soláthraítear eolas agus cumais – lena n-áirítear bonneagar criticiúil, bith-airm ardfhorbartha, cibearchumais, nó faireachas uathrialach – arbh réimsí eisiacha iad a bhain le rialtais nó saineolaithe tráth. Is annamh a d’éirigh le teicneolaíocht glacadh an phobail a bhaint amach go tapa. Déanann ceannasacht agus tionchar margaidh roinnt gníomhaithe domhanda, ó chláir thaighde a leagan síos go treonna beartais, doiléiriú ar na teorainneacha idir gníomhaithe agus spásanna tráchtála agus poiblí. Chuige sin, ní mór machnamh práinneach a dhéanamh ar chásanna éagsúla, lena n-áirítear na cásanna foircneacha, agus cruthaítear réasúnaíocht shoiléir leis an ngníomhaíocht chinntitheach beartais.
Le samhail nuálaíochta an Aontais, cuirtear chun cinn an smaoineamh gur cheart sonraí a ghintear sa tsochaí – bídís pearsanta nó tionsclaíoch – a bheith inrochtana lena n-úsáid tháirgiúil, idir-inoibritheach faoi dhálaí soiléire eiticiúla. Ina theannta sin, cuireann cur chuige rialála an Aontais cosc ar rochtain gan seiceáil ar shonraí faoi mhuintir na hEorpa. Ag an am céanna, is féidir leis an tsamhail sin bac a chur ar nuálaíocht agus ar iontráil sa mhargadh agus tá saincheisteanna ann maidir le cistiú agus cur in úsáid. Mar shampla, is minic a bhíonn fiontraithe an Aontais ag brath ar mhaoiniú bainc agus bíonn rochtain níos teoranta acu ar chothromas nó ar chineálacha eile caipitil riosca, ós rud é go bhfuil baint níos mó ag gcaipiteal sin le forbairt teicneolaíochtaí suaiteacha ar féidir leo nuálaíocht a chothú agus fás eacnamaíoch a spreagadh.
Le forbairtí teicneolaíochta atá ag éirí níos gasta, tá sé ag éirí níos ábhartha samhail nuálaíochta an Aontais atá bunaithe ar luachanna a neartú, seachas samhail na Stát Aontaithe atá faoi thionchar an mhargaidh nó samhail na Síne atá faoi thionchar an stáit. Tá ilroinnt rialachas teicneolaíochta an Aontais agus beartais ghaolmhara, idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar cheann de na príomhdhúshláin a bhaineann leis an aidhm nuálaíocht a chothú atá bunaithe ó thaobh eitice de agus iomaíoch ar fud an domhain.
Fíor 2: Athruithe ar dhaonra an Aontais faoi 2040
Folláine na ndaoine agus athléimneacht na sochaí faoi bhrú. Tá folláine mhuintir an Aontais i measc phríomhchuspóirí an Aontais. Tá luach intreach ag baint le cáilíocht saoil agus taithí, oideachas agus scileanna, obair, meabhairshláinte agus sláinte coirp agus an comhshaol. Is bunchloch iad freisin d’athléimneacht na sochaí – cumas dhaoine teacht slán as suaití agus claochluithe. Sa chomhthéacs sin, tá an tsamhail Eorpach ar cheann de na príomhláidreachtaí atá againn. Tá go leor tíortha san Aontas i measc na n-áiteanna cónaithe is sona ar domhan agus tá cuid de na leibhéil neamhionannais is ísle ag muintir na hEorpa i gcomparáid le háiteanna eile ar domhan. Mar sin féin, tá an tsamhail sin faoi bhrú: tá an comhionannas fós míchothrom, agus ní féidir teacht ar an gcuimsiú iomlán go fóill. Chun stát leasa na hEorpa a chothú, tá gá le hairgeadas poiblí inbhuanaithe, agus le geilleagar táirgiúil iomaíoch.
Beidh éifeachtaí iarmhartacha nach beag ag an athrú déimeagrafach amach anseo, cé go ndéantar neamhaird air go minic. Maireann muintir na hEorpa níos faide. Ó bhí 2002 ann, tá fás beagnach 4 bliana tagtha ar an meánionchas saoil agus is 81.4 bliain atá ann anois. Cuireann fad saoil sláintiúil deiseanna éagsúla ar fáil ach bíonn dúshláin ag baint leis freisin, go háirithe i dteannta laghdú comhthreomhar ar rátaí torthúlachta; meastar go mbeidh 17 milliún níos lú daoine in aois oibre san Aontas faoi 2040 ná mar a bhí in 2023. Déanfaidh sé sin difear dár n-iomaíochas agus cuirfidh sé brú mór ar mhargadh an tsaothair agus ar bhuiséid phoiblí, lena n-áirítear cumas an chánachais saothair ioncam leordhóthanach a ghiniúint. Treisítear an tsaincheist le héagothromaíochtaí réigiúnacha suntasacha réamh-mheasta maidir le laghdú daonra, le codarsnachtaí géara idir ceantair uirbeacha agus thuaithe, go háirithe ceantair níos iargúlta (féach Fíor 2).
Cuirfidh forbairtí domhanda leis an mbrú ar shreabha imirce chuig an Aontas – go háirithe ón Afraic, áit a meastar go méadóidh an daonra ó 1.2 billiún go 1.8 billiún idir 2017 agus 2035, tráth a mbeadh thart ar leath den daonra faoi bhun 21 bhliain d’aois. Ag an am céanna, beidh imirce rialta de dhíth ar an Aontas mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha, agus an imirce neamhrialta á comhrac ag an am céanna. I dteannta a chéile, cuireann sé sin bealach beartais féideartha ar fáil chun na riachtanais i margaí saothair an Aontais a mheaitseáil le tallann ó thar lear. Mar sin féin, is léiriú casta atá i gceist leis an imirce mar gheall ar luaineacht na dtreochtaí imirce rialta agus neamhrialta, agus mar gheall ar riachtanais an mhargaidh, agus toisc gur saincheist í atá íogair ó thaobh na polaitíochta de agus a bhfuil díospóireacht fianaise-bhunaithe dhípholaraithe ag teastáil ina leith.
Ó thaobh réigiúin de, tá méadú ag teacht ar éagothromaíochtaí san Aontas agus tá siad ag éirí níos casta. Tá aghaidh á tabhairt againn freisin ar theacht chun cinn ‘tíreolaíochta míshástachta’, agus níl na tairbhí eacnamaíocha dáilte go cothrom. D’fhéadfadh dul chun cinn teicneolaíoch agus tionchair an athraithe aeráide an scéal sin a dhéanamh níos casta, rud a chuirfeadh le hathdháileadh tionsclaíoch.
Maidir leis an tsláinte, áirítear ar na dúshláin fhadtéarmacha na héilimh ar chórais cúraim sláinte agus ar chórais cúraim do dhaoine scothaosta, rud atá níos measa fós mar gheall ar ghanntanais saothair agus scileanna agus tionchair an athraithe aeráide. Is cúis imní ar leith iad an leithlisiú agus an t-uaigneas atá ag méadú, agus an méadú ollmhór ar fhadhbanna meabhairshláinte i measc daoine óga, go páirteach mar gheall ar éifeachtaí díobhálacha na meán sóisialta, chomh maith le rátaí méadaitheacha galar neamhtheagmhálach.
Tá an athléimneacht agus an fholláine nasctha freisin le sláinte an phláinéid. Tá sineirgí ann idir gníomhú ar son na haeráide, ar son an uisce agus ar son an chomhshaoil agus idir na réimsí beartais tosaíochta eile. Mar shampla, tá éiceachórais shláintiúla amhail dobharlaigh fionnuisce nó an t-aigéan, foraoisí nó tailte portaigh ar chuid de na linnte carbóin is éifeachtaí agus cuidíonn siad le maolú a dhéanamh ar thionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide amhail maidhmeanna báistí agus triomaigh fhada. Trí ghníomhú i gcomhréir leis an dúlra, cuirtear leis an tslándáil agus leis an rathúnas eacnamaíoch; mar shampla, cuidíonn maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin le paindéimí a shrianadh agus tacaíonn sé leis an tslándáil bia. Is féidir le cur chuige sistéamach maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, ar cur chuige é a sheasfaidh an aimsir, cuidiú le cuspóirí iomadúla: e.g. athléimneacht an bhonneagair agus na bhfoirgneamh i gcoinne guaiseacha a bhaineann leis an aeráid agus guaiseacha eile araon. Tá seirbhísí criticiúla éiceachórais, amhail uisce glan, ithir nó aer, ríthábhachtach do dhaoine agus don gheilleagar freisin.
Mar sin féin, tá go leor dúshlán práinneach fós ann maidir le leas a bhaint as na sineirgí sin. Cé go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun a sprioc maidir le laghdú 55 % ar astaíochtaí a bhaint amach faoi 2030, ní leor fós an dul chun cinn i dtreo chuspóirí comhshaoil an Aontais. Ag an am céanna, tá an teannas a d’fhéadfadh a bheith ann idir beartais inbhuanaitheachta agus cothroime shóisialta le feiceáil, rud a mhéadaíonn an gá atá le tacaíocht a thabhairt do na daoine agus do na háiteanna sin is mó atá buailte.
Tá deiseanna ag teacht chun cinn freisin maidir le sláinte an phláinéid. Mar shampla, d’fhéadfadh ár dtuiscint ar éiceachórais leathnú go suntasach (féach Bosca 3), rud a d’fhéadfaí leas a bhaint as le haghaidh athrú ar fud na gcóras agus le haghaidh príomhshruthú na bithéagsúlachta mar thosaíocht beartais thrasearnálach. Ar fud an domhain, d’fhéadfadh ‘geopholaitíocht na bithéagsúlachta’ atá ag teacht chun cinn cuidiú le haird a dhíriú ar aitheantas a thabhairt do luach na n-acmhainní nádúrtha atá gann agus ar a n-úsáid inbhuanaithe, agus aird a tharraingt ón saothrú.
Ár ndaonlathas agus ár mbunluachanna faoi bhagairt. Measann muintir na hEorpa gurb iad an daonlathas agus an rialachas (41 %) an réimse is tábhachtaí don athléimneacht. I gcomparáid le córais eile, tá athléimneacht ó fhréamh ag daonlathais shláintiúla atá nasctha le hinoiriúnaitheacht, tacaíocht an phobail, cuntasacht agus sásraí féincheartaithe. Mar sin féin, gan sásraí láidre cosanta, is féidir leo a bheith i mbaol creimthe, agus níl sé éasca iad a athdhaonlathú fiú tar éis athruithe toghcháin lena ngealltar an cúlú daonlathach a aisiompú. Ag an am céanna, tá an daonlathas san Aontas faoi bhrú seachtrach agus inmheánach: ón mbonn a bhaint den smacht reachta agus de shaoirse na meán, ionsaithe ar an tsochaí shibhialta, earraí spiaireachta, ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus bréagaisnéis, go cur isteach toghchánach. Tá méadú ag teacht ar insintí agus dearcthaí frithdhaonlathacha, lena n-áirítear i measc daoine óga, agus ar dhúshaothrú leochaileachtaí sochaíocha, polaitiúla, eacnamaíocha agus teicneolaíocha.
Cé nach bhfuil siad sin go léir nua, tá méadú tagtha ar scála agus ar oscailteacht na mbagairtí sin. Tá méadú ag teacht ar an tionchar a bhíonn ag foinsí pearsantaithe atá bunaithe ar algartaim ar thuairimí na ndaoine, rud a chuireann teorainn leis an spás comhroinnte le haghaidh díospóireacht dhaonlathach bunaithe ar fhíricí agus ar fhianaise chomhroinnte. Tá 42 % d’Eorpaigh óga ag brath go príomha ar TikTok, Instagram, nó YouTube chun nuacht a fháil
. Tá na meáin shóisialta ag cur le bothanna macalla idé-eolaíocha agus ag spreagadh polaraithe, agus tá algartaim ag tabhairt tús áite d’ábhar deighilteach. Is cosúil go bhfuil bearna pholaitiúil agus idé-eolaíoch ag teacht chun cinn idir mná óga agus fir óga. Feicimid freisin na héifeachtaí a bhíonn ag olagarcacht dhomhanda nua, agus tá tionchar níos mó agus níos mó ag roinnt billiúnaithe teicneolaíochta ar an bpolaitíocht. Cé go bhféadfadh an intleacht shaorga an éifeachtúlacht, an trédhearcacht agus an chuimsitheacht a fheabhsú i bpróisis dhaonlathacha, tá feachtais ionramhála ina n-úsáidtear domhainbhrionnuithe nó bréagnuacht a ghintear leis an intleacht shaorga in ann rialtais a lagú cheana féin, muinín a laghdú, margaí a dhíchobhsú, nó tionchar a imirt ar thoghcháin (féach Bosca 4). Léiríonn an cur isteach eachtrach agus mí-úsáid ardán na meán sóisialta le haghaidh bréagaisnéise le linn na dtoghchán le déanaí i roinnt Ballstát an méid sin. D’fhéadfadh forbairt theicneolaíoch thapa agus neamhrialaithe an dúshlán a bhaineann leis an mbréagaisnéis a dhéanamh níos casta.
Mar sin féin, níl an scéal go hiomlán diúltach má ghlacaimid muinín as rialtais mar tháscaire ar an tsláinte dhaonlathach. Is gnách go mbíonn muinín ag 52 % de mhuintir na hEorpa as an Aontas, an toradh is airde ó bhí 2007 ann (féach Fíor 3). I measc daoine óga (15-24) tá an leibhéal sin níos airde fós – 59 %.
Fíor 3: Muinín sa rialtas náisiúnta agus san Aontas (2019 agus 2025)
Tá fréamhacha na hathléimneachta daonlathaí agus na hathnuachana le fáil sa chomhtháthú sóisialta, i sásraí institiúideacha na srianta agus na gceartúchán, agus sa nuálaíocht chun an daonlathas a fheabhsú. Tá na huirlisí ag an Aontas chun gníomhú ina leith sin go léir go comhleanúnach trína bheartais agus trína ionstraimí.
3.An bealach i dtreo Aontas athléimneach in 2040: réimsí gníomhaíochta
Ag tógáil ar na tionscnaimh Eorpacha éagsúla a bhí ann le déanaí atá ábhartha don athléimneacht, ní mór don Aontas leanúint de mheascán beartais a chur in iúl, bunaithe ar chur chuige comhleanúnach cuimsitheach, chun athléimneacht eacnamaíoch, shochaíoch, chomhshaoil agus pholaitiúil a fhorbairt. Chuige sin, tá gá le cur chuige uile-rialtais chomh maith le ‘tástáil struis’ a dhéanamh go comhsheasmhach ar bheartais an Aontais maidir leis an athléimneacht atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ar bhonn níos bunúsaí fós, i bhfianaise na ndúshlán atá ann cheana agus i bhfianaise na físe d’Aontas níos mó, ní mór don Aontas na hathchóirithe is gá a dhéanamh chun leagan amach institiúideach il-leibhéil agus sásraí a ráthú a chuirfidh ar a chumas ní amháin feidhmiú go héifeachtúil, ach a áiritheoidh freisin go mbeidh sé in ann cinntí misniúla a dhéanamh trí vótáil trí thromlach cáilithe a fheabhsú i gcás inar gá. Tá Creat Airgeadais Ilbhliantúil de dhíth ar an Aontas freisin a bheidh oiriúnach dá thosaíochtaí agus a bheidh níos dírithe, níos simplí agus a mbeidh tionchar níos mó aige. Ní mór d’institiúidí an Aontais riarachán poiblí athléimneach, nua-aimseartha agus éifeachtúil a áirithiú a bheidh in ann ár dtosaíochtaí polaitiúla a bhaint amach i gcomhthéacs dúshlánach.
Moltar sa tuarascáil seo príomhréimsí gníomhaíochta neamh-uileghabhálacha a bhféadfadh tionchar dearfach ollmhór a bheith acu agus ina bhfuil sé de chumhacht ag an Aontas agus ag a Bhallstáit gníomhú.
Príomhréimse Uimh°1: Fís dhomhanda chomhleanúnach a fhorbairt don Aontas Eorpach
Ní mór don Aontas a sheasamh mar bhaile agus mar chomhpháirtí domhanda atá láidir, cobhsaí agus iontaofa a ghiaráil, bunaithe ar a bhunluachanna agus ar a bhunchuspóirí. Ní mór don Aontas a bheith níos soiléire faoina seasann sé agus ní mór dó a bheith níos teanntásaí agus é ag seasamh ar son a shamhla sainiúil féin. Chuige sin, ní mór coincheap straitéiseach soiléir de chuid an Aontais a fhorbairt, ina mbeidh prionsabail bhunúsacha chun beartais inmheánacha a mhúnlú, chun a bhealach a dhéanamh ar an leibhéal domhanda agus chun an córas idirnáisiúnta riailbhunaithe a neartú. Ní mór cur chun feidhme tionscadal a bhaineann le daoine agus áiteanna san Eoraip a bheith ag gabháil leis, bunaithe ar a leasanna agus ar luachanna Eorpacha. Ba cheart dóibh an Eoraip a léiriú mar ghníomhaí agus mar chomhpháirtí iontaofa, a dhíríonn ar chomhar seachas ar iomaíocht, ach atá in ann í féin a dhearbhú agus í féin a chosaint orthu siúd a chuireann a leasanna i mbaol. Áirítear leis sin freisin daoine tréitheacha a mhealladh ón gcoigríoch chuig an saol acadúil, chuig an taighde agus chuig earnálacha ríthábhachtacha eile, amhail an bhith-theicneolaíochtaí.
Chun an cur chuige sin a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas tacú leis an euro ról níos lárnaí a ghlacadh ar an leibhéal domhanda agus timpeallacht rialála chobhsaí a chur ar fáil a chuideoidh le hinfheistíochtaí a mhealladh. Ba cheart aontachas na dtíortha is iarrthóirí a bheith ina thosaíocht d’Aontas atá níos láidre ó thaobh an gheilleagair agus na geopholaitíochta de. De réir mar a chuirtear dlús le próiseas méadaithe an Aontais agus a théann an lánpháirtiú de réir a chéile i dtreis, ba cheart na tíortha is iarrthóirí, na tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus na comharsana is gaire don Aontas a chomhtháthú de réir a chéile i dtionscnaimh bheartais an Aontais. Ní mór don Aontas comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí nua a bhunú bunaithe ar leasanna coiteanna, ag tógáil ar an Straitéis Global Gateway, agus sásraí á neartú ag an am céanna chun a shlándáil fuinnimh agus eacnamaíoch a chosaint mar aon le cosaint na haeráide. Ba cheart don Aontas an plé faoi ord nua domhanda riailbhunaithe agus faoi athchóiriú ar an iltaobhachas a mhúnlú go gníomhach agus le cur chuige comhleanúnach, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Níor cheart don Aontas cloí a thuilleadh le cur chuige frithghníomhach atá faoi thionchar géarchéime maidir leis an mbeartas comharsanachta, ach ba cheart dó comhpháirtíochtaí fadtéarmacha comhthairbheacha a chothú. D’fhéadfadh siad sin cobhsaíocht a chothú ina chomharsanacht i gcoitinne, agus rathúnas comhroinnte a chruthú agus a thionchar domhanda a threisiú ag an am céanna.
Príomhréimse Uimh°2: An tslándáil inmheánach agus sheachtrach a mhéadú
Ní mór don Aontas agus dá Bhallstáit, in éineacht leis na tíortha is iarrthóirí, na comharsana is gaire agus na comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, cur chuige réamhbhreathnaitheach a fhorbairt lena mbainfear an úsáid is fearr is féidir as an teicneolaíocht. Leis an gcur chuige sin, ba cheart leas a bhaint as sineirgí sibhialta-míleata, gníomhaithe a bhfuil drochrún acu a dhíspreagadh agus saoránaigh, gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta a chosaint ar bhagairtí slándála inmheánacha agus seachtracha le chéile, i gcomhréir iomlán le luachanna an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chinnteoireacht chuíchóirithe i gcásanna géarchéime agus ar chumasóirí straitéiseacha arna bhfoinsiú ag an Aontas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, amhail bonneagair dhigiteacha shlána, gréasáin fuinnimh, gréasáin agus bonneagar iompair, bonneagar agus seirbhísí spáis, agus córais bailithe agus anailíse faisnéise. Ba cheart é sin a dhéanamh trí úsáid níos fearr a bhaint as barainneachtaí scála an Aontais, mar shampla trí sholáthar a chomhthiomsú, go háirithe le haghaidh bonneagair mhórscála agus i réimse na slándála. Chun déileáil go héifeachtach le rioscaí slándála, tá gá le staid réidhe agus ullmhachta fheabhsaithe sa slabhra ar fad idir dhaoine aonair den phobal agus eagraíochtaí sibhialta áitiúla, agus an tionscal, gníomhaithe rialtais agus fórsaí armtha Bhallstáit an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart na hacmhainneachtaí fadbhreathnaitheachta atá ann cheana i réimsí amhail an tslándáil shibhialta, bainistiú teorainneacha agus athléimneacht ó thubaistí a neartú. Ba cheart an comhar idir an tAontas agus ECAT a fheabhsú chun ilroinnt a sheachaint agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin slándála. Ní mór dul i ngleic leis an tslándáil sna príomhbheartais agus sna príomhearnálacha uile le peirspictíocht chríochach chomhtháite.
Príomhréimse Uimh. 3: Leas a bhaint as cumhacht na teicneolaíochta agus an taighde
Ba cheart don Aontas ról ceannasach a ghlacadh maidir le rialachas domhanda agus ráillí cosanta a mhúnlú le haghaidh teicneolaíochtaí ardtionchair, go háirithe teicneolaíochtaí nuálacha glana, lena n-áirítear teicneolaíochtaí gorma, agus ag an am céanna a áirithiú go mbeidh rogha teicneolaíochtaí criticiúla de chuid an Aontais againn.
Chun leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór chlaochlaitheach na hintleachta saorga ó thaobh rannchuidiú dearfach leis an tsochaí de, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit a áirithiú gur féidir an intleacht shaorga cheannródaíoch a fhorbairt go sábháilte san Eoraip agus go mbeidh a glacadh agus a scaipeadh ailínithe le luachanna Eorpacha na dínite, na cothroime agus na dlúthpháirtíochta, agus ní mór dóibh ullmhú go córasach do na hathruithe móra a thiocfaidh as an intleacht shaorga, i margadh an tsaothair agus i dtimpeallacht na slándála, cuir i gcás. Trí chaighdeáin dhomhanda a leagan síos agus neamhspleáchas straitéiseach a fhorbairt i bpríomhréimsí an taighde, an bhonneagair agus na mbunsamhlacha, is féidir leis an Aontas a áirithiú go mbeidh cumhacht shuaiteach na hintleachta saorga ina spreagadh don rathúnas, don chuimsitheacht, don tsábháilteacht, don tslándáil agus don mhuinín dhaonlathach. Ba cheart dó a bheith ina cheannaire domhanda i múnlú nuálaíochtaí eiticiúla agus sábháilte san intleacht shaorga, intleacht shaorga thrédhearcach, chuntasach agus dhuinelárnach a chur chun cinn, agus rioscaí sistéamacha a bhaineann le mí-úsáid, mífheidhmiú nó mí-ailíniú na samhlacha intleachta saorga is forbartha a mheasúnú agus a mhaolú go córasach.
Chun a luachanna a leabú, ní mór don Aontas a bheith in ann tionchar a imirt ar an gcaoi a dtógtar córais agus bonneagair teicneolaíochta agus ar na spriocanna a bharrfheabhsaíonn siad. Dá bhrí sin, tá comhordú leis na Ballstáit, tacaíocht airgeadais, simpliú rialála le haghaidh tionscadail straitéiseacha (amhail lárionaid sonraí shlána agus na bunsamhlacha intleachta saorga Eorpacha is forbartha), eolaíocht oscailte, bonneagair thaighde an Aontais, boscaí gainimh rialála, caighdeáin thrédhearcacha agus formhaoirseacht láidir institiúideach ríthábhachtach. Samplaí a bhfuil gealladh fúthu de chineálacha cur chuige cliste agus straitéiseacha den sórt sin is ea Gigeamhonarchana IS mar bhonneagar, nó an Cód Cleachtais Intleachta Saorga ilchuspóireach, mar chaighdeán de facto maidir le sábháilteacht agus slándáil na hintleachta saorga ardfhorbartha.
Ní mór don Aontas a cheannasacht teicneolaíochta a neartú i réimsí ríthábhachtacha freisin, trí dhíriú ar shlabhraí luacha straitéiseacha don todhchaí, trína ról mar chomhpháirtí réigiúnach iontaofa a fhorbairt, agus trí thástáil struis a dhéanamh ar bheartais an Aontais (agus na mBallstát) i leith a n-éifeachtaí neamhspleáchais straitéisigh. Ba cheart don Aontas ceannaireacht eiticiúil agus eolaíochtbhunaithe a léiriú trína chur chuige freagrach agus réamhchúramach i leith teicneolaíochtaí conspóideacha nua amhail an tsárintleacht shaorga nó méadú daonna, ardtaiscéalaíocht aigéin, nó modhnú grianradaíochta, lena n-áirítear trí struchtúir rialachais chomhoibríocha dhomhanda a chothú chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, na tairbhí agus na héifeachtaí dáileacháin a d’fhéadfadh a bheith ann. Ag tógáil ar thaithí líonra cumarsáide satailíte IRIS2, d’fhéadfaí comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí Eorpacha a bheartú i gcásanna ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí nua mar earraí poiblí, i.e. ardáin dhigiteacha, IS agus algartaim i seirbhísí poiblí agus sláinte, nó bonneagar straitéiseach, lena n-áirítear an taighde. Ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar ilroinnt beartais i rialachas teicneolaíochta. D’fhágfadh comhleanúnachas ar gach leibhéal agus réimse go bhféadfaí comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a bhainistiú go réamhghníomhach (e.g. idir éifeachtúlacht an tslabhra soláthair agus uathriail straitéiseach; teicneolaíochtaí digiteacha nua agus tomhaltas fuinnimh), neartófaí sineirgí idir réimsí beartais ar leith (e.g. beartas tionsclaíoch agus slándáil), agus cheadófaí comhar idirnáisiúnta méadaithe agus socrú caighdeán le comhpháirtithe atá ar aon intinn.
Príomhréimse Uimh. 4: Athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach a neartú agus ullmhú do shuaitheadh sa mhargadh saothair
Ní mór don Aontas cur leis an gcumas fás cuimsitheach inbhuanaithe a chur ar fáil mar aon leis an gcumas suaití seachtracha a sheasamh agus dul in oiriúint dóibh go tapa. Ba cheart dó oibriú chun tionscail a neartú agus a athrú ó bhonn, chun tairbhí comhchoiteanna na dteicneolaíochtaí nua a chumasú. Ba cheart don Aontas measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na hearnálacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, go háirithe na hearnálacha sin atá ríthábhachtach dá uathriail straitéiseach, agus gníomhaíocht chomhleanúnach a dhéanamh chun slabhraí soláthair, acmhainní (lena n-áirítear scileanna), cumais, acmhainneachtaí agus rialú a neartú, agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais á áirithiú ag an am céanna. Ba cheart don Aontas ullmhú freisin do na suaithí agus na hathchumraíochtaí a bhfuil coinne leo sa mhargadh saothair, mar gheall ar mheigithreochtaí éagsúla, idir gheopholaitíocht, claochluithe glasa agus teicneolaíocha, agus cineál athraitheach na bpost agus na déimeagrafaíochta.
Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i ndícharbónú gheilleagar an Aontais agus i ngníomhaíocht dhomhanda a chur chun cinn chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus i mbonneagar den chéad scoth atá athléimneach ó thaobh na haeráide de. Ba cheart don Aontas geilleagar ciorclach a fhorbairt a thuilleadh, eastóscadh, monarú agus athchúrsáil amhábhar criticiúil ar a chríoch a neartú, agus ag an am céanna infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt chun ábhair neamh-iontaise a chur in ionad na n-ábhar sin in earnálacha straitéiseacha, agus comhoibriú níos dlúithe freisin leis na tíortha comhpháirtíochta maidir le hamhábhair chriticiúla.
Tá sé ríthábhachtach fíor-Aontas Coigiltis agus Infheistíochta a thógáil chun coigilteas Eorpach a dhíriú ar infheistíochtaí straitéiseacha le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, an iomaíochais agus na nuálaíochta, chun an caipiteal príobháideach is gá a shlógadh ar mhórscála. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit leanúint dá n-iarrachtaí maidir le simpliú, go háirithe i gcás FBManna.
Is deis é forbairt an Aontais Eorpaigh um an gCosaint chun beartas comhordaithe a achtú (idir an tAontas agus na Ballstáit, agus laistigh de bheartais an Aontais araon) ina dtugtar iomaíochas, slándáil, scileanna, nuálaíocht agus ullmhacht le chéile. Ba cheart infheistíochtaí breise sa chosaint, agus sa taighde agus sa nuálaíocht a úsáid chun tacú le teicneolaíochtaí agus bonneagair dé-úsáide nuair is féidir, agus béim á leagan ar shineirgí sibhialta-míleata a ghiaráil feadh an tslabhra nuálaíochta ina iomláine, ó thaighde bunúsach go soláthar cumas. Ar an gcuma chéanna, ba cheart teicneolaíochtaí sibhialta a ghiaráil ar an mbealach is fearr chun tacú leis an ullmhacht cosanta.
Príomhréimse Uimh. 5: Tacú le folláine inbhuanaithe agus chuimsitheach
Ba cheart don Aontas leanúint den gheilleagar sóisialta margaidh agus den aistriú cóir chuig geilleagar glan a neartú. Ba cheart a áireamh leis sin tacaíocht leanúnach d’aistriú cánachais ó cháin a ghearradh ar shaothar i dtreo cáin a ghearradh ar sheachtrachtaí diúltacha, ar bhealach cothrom lena n-áirithítear ioncam cánach inbhuanaithe, chomh maith le hinacmhainneacht agus infhaighteacht táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe. Agus an t-aistriú cóir á shaothrú aige, ba cheart dó a fhócas a athnuachan ar thacaíocht thráthúil agus inláimhsithe do na pobail agus do na grúpaí lena mbaineann agus ar rannpháirtíocht leo, agus ar fhís tharraingteach iarcharbóin dóibh. Ba cheart dó machnamh a dhéanamh ar chonradh sóisialta nua lena n-athchruthaítear muinín ar mhaithe le gach Eorpach, le beartais leasa athnuaite agus béim ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán agus ar na réigiúin agus ar na pobail is mó a bhfuil tionchar ag éagothromaíochtaí orthu. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shlabhraí soláthair sábháilte athléimneach a áirithiú le haghaidh cógas, agus ar chúram sláinte coisctheach a fheidhmiú, teiripí agus cóireálacha éifeachtacha inacmhainne a chur ar fáil d’othair, aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte, agus stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua. Tá obair an Choimisiúin ar raon táscairí folláine inbhuanaithe agus cuimsitheacha a d’fhéadfadh ualaí tuairiscithe a laghdú aibí go leor anois le bheith leabaithe i meastóireacht ar bheartais, agus i gcinnteoireacht infheistíochta agus athchóirithe. Ba cheart don Choimisiún an comhar le ECFE agus leis na Náisiúin Aontaithe a neartú (mar obair leantach ar an gComhshocrú don Todhchaí) maidir leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta chun creataí ‘thar OTI’ a fhorbairt, ag tógáil ar Chlár Oibre 2030 agus ar a spriocanna forbartha inbhuanaithe.
Príomhréimse Uimh. 6: An t-oideachas a athshamhlú
Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar an oideachas agus an obair a athshamhlú i bhfianaise teicneolaíochtaí nua, déimeagrafaíochta, suaití agus claochluithe amach anseo. Is éard atá i gceist leis sin foghlaim ar feadh an tsaoil a leabú mar ghnáthchleachtas sochaíoch, timpeallachtaí sábháilte cothaitheacha a áirithiú do leanaí, curaclaim a chur in oiriúint do riachtanais scileanna amach anseo agus conairí solúbtha a chruthú idir an t-oideachas, an oiliúint agus an fhostaíocht. Éilítear leis freisin inoiriúnaitheacht agus cruthaitheacht a chothú, agus saoránaigh a ullmhú ní hamháin do phoist shonracha, ach d’aistrithe iomadúla ar feadh a saoil freisin. Trí fheabhas a chur ar shoghluaisteacht foghlaimeoirí, ón scoil go dtí an ollscoil, chun tairbhe a bhaint as an oideachas is fearr a chuireann an Eoraip ar fáil, ullmhaítear iad don éiginnteacht, don oscailteacht agus don smaointeoireacht chriticiúil.
Tá cur chuige soiléir de dhíth ar an Aontas chun lucht saothair oilte a mhealladh agus oiliúint a chur orthu don gheilleagar seirbhísí agus cúraim atá ag dul i méid agus don chumhacht inchinne is gá chun a acmhainneacht taighde agus nuálaíochta a neartú, agus míchothromaíochtaí réigiúnacha á seachaint ag an am céanna. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag eolaithe agus ag innealtóirí maidir leis an nuálaíocht a chur chun cinn, iomaíochas a áirithiú agus an t-aistriú chuig an inbhuanaitheacht a chumasú, ba cheart don Aontas an leas is fearr is féidir a bhaint as a bhuanna chun líon na gcéimithe ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint agus ón ardoideachas a mhéadú.
Ba cheart don Aontas ullmhú chun leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le dlús a chur le huathoibriú agus le córais intleachta saorga giniúnaí trí infheistíocht a dhéanamh in athsciliú agus uas-sciliú ar mhórscála, rud a chothóidh litearthacht intleachta saorga i measc na saoránach. Leis sin, neartófaí an athléimneacht, laghdófaí neamhionannais, agus d’áiritheofaí go ndéanfaí tairbhí na hintleachta saorga a chomhroinnt go forleathan. Trí athchóiriú oideachais a chúpláil le beartais mhargadh an tsaothair agus beartais shóisialta atá dírithe ar an todhchaí, is féidir leis an Aontas an t-athrú suaiteach a iompú ina dheis le haghaidh cothromas, cumhachtú agus dlúthpháirtíocht idirghlúine níos fearr.
Príomhréimse Uimh. 7: Bonn an daonlathais a neartú mar leas coiteann
Ba cheart don Aontas beart a dhéanamh chun an polarú, an ionramháil faisnéise agus an bhréagaisnéis, rud atá á mhéadú níos mó ag na meáin shóisialta agus ag algartaim IS, a chomhrac. Ba cheart go n-áireofaí leis sin aghaidh a thabhairt ar litearthacht sna meáin agus ar litearthacht dhigiteach agus tacú le héiceachórais iontaofa neamhspleácha faisnéise a chuidíonn le spásanna plé comhroinnte a chruthú, rud a sháraíonn bolgáin faisnéise. Ba cheart tuilleadh cumhachta a thabhairt do scoileanna chun leas a bhaint as an ról ríthábhachtach atá acu maidir le litearthacht sna meáin a chur chun cinn agus athléimneacht a chothú i gcoinne na bréagaisnéise. Tá gá le gníomhaíocht fhianaise-bhunaithe agus chomhordaithe chun daoine óga a chosaint ar thionchair dhiúltacha na meán sóisialta agus teicneolaíochtaí digiteacha, go háirithe ar a meabhairshláinte agus ar a bhfolláine, agus chun go mbeidh siad in ann leas níos fearr a bhaint as na tairbhí a bhaineann leo.
Ba cheart don Aontas an tacaíocht don chomhtháthú sóisialta agus don tógáil pobail a neartú trí bhealaí nuálacha chun dul i dteagmháil agus dul i gcomhpháirtíocht le pobail áitiúla, lena n-áirítear ionstraimí forbartha críochaí rannpháirtíochta. Ba cheart don Aontas, do na Ballstáit agus do na tíortha is iarrthóirí an fhís chomhroinnte don Aontas a shaothrú go teanntásach (féach príomhréimse uimh. 1), an smacht reachta, saoirse na meán agus saoirsí na sochaí sibhialta a chosaint agus a chur chun cinn, agus an bosca uirlisí a neartú chun ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac. Ba cheart don Choimisiún agus d’Institiúidí eile an Aontais straitéis chumarsáide níos soiléire a fhorbairt chun saoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoin Aontas agus chun a dtuiscint agus a dtacaíocht a choinneáil. Ba cheart don Aontas leanúint d’iarrachtaí maidir leis an daonlathas dioscúrsach, trí dhíospóireachtaí oscailte, fianaise-shaibhrithe faoi roghanna beartais. Ba cheart dó freisin na naisc leis an tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe daonlathacha áitiúla a neartú. Ba cheart don Choimisiún bearta a mholadh maidir le hathléimneacht dhaonlathach agus an tsochaí shibhialta a neartú ar fud na hEorpa trí chreataí, straitéisí agus tacaíocht thiomnaithe a chur ar fáil.
Príomhréimse Uimh°8: An claochlú déimeagrafach a thuar agus cothroime idirghlúine a neartú
Ba cheart don Aontas creat a fhorbairt maidir leis an gcothroime idirghlúine, chun a áirithiú nach ndéanfaidh cinntí an lae inniu dochar do na glúnta atá le teacht agus chun an dlúthpháirtíocht agus an rannpháirtíocht idir daoine d’aoiseanna éagsúla a mhéadú, agus ar an gcaoi sin beidh an claochlú déimeagrafach ina dheis seachas ina fhórsa díchobhsaitheach. Ba cheart di a bheith trasnach agus ba cheart é a bheith d’aidhm aici na leochaileachtaí casta forluiteacha a chuireann athléimneacht shochaithe na hEorpa i mbaol a mhaolú, ón athrú aeráide go soláthar seirbhísí bunúsacha, rochtain ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach, nó cuimsiú sóisialta. Leis an straitéis, ba cheart go mbeifí in ann beartais Eorpacha a chur in oiriúint do na glúnta atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht, trí athmhachnamh a dhéanamh ar ár gcinnteoireacht agus í a choigeartú chun a áirithiú go mbeidh luachanna agus spriocanna mar bhonn taca léi chun go mbeidh rath ar mhuintir na hEorpa san fhadtéarma.
4.Conclúid
Trí ghníomhaíochtaí a chur i gcrích i dtreo Aontas athléimneach 2040, bunaithe ar mhodhanna agus próisis fadbhreathnaitheachta, beidh an tAontas in ann leas iomlán a bhaint as a chumhacht chlaochlaitheach sa chomhthéacs domhanda atá ag athrú. Beidh ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí forbairtí domhanda fadtéarmacha éagsúla agus ar a dhúshláin shonracha féin a shonraítear sa tuarascáil seo. Le gníomhaíocht agus rialachas comhleanúnach, beidh an tAontas in ann, ar deireadh, aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna tobanna agus ar athruithe struchtúracha. Chuige sin, ní mór machnamh a dhéanamh thar na timthriallta polaitiúla gearrthéarmacha agus meántéarmacha agus dearcadh a ghlacadh lena dtuigtear ar bhealach níos fearr tionchair fhadtéarmacha na mbeartas a tionscnaítear sa lá atá inniu ann, chomh maith lena stóinseacht i gcásanna éagsúla amach anseo.
Chuige sin, ag tógáil ar an obair a rinneadh in 2019-2024, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag cur fadbhreathnaitheacht straitéiseach mar bonn taca lena bheartais, lena n-áirítear trí Thuarascálacha bliantúla maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach a ghlacadh lena gcumhdaítear ábhair thrasearnálacha ábhartha.
Ó 2026 ar aghaidh, beidh na tuarascálacha sin bunaithe ar phróiseas láidir fadbhreathnaitheachta, lena n-áirítear féachaint ar chásanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ar bhealach comhleanúnach ar fud beartais éagsúla. Chomh maith leis na tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú, áiritheoidh an Coimisiún, le linn an tsainordaithe nua seo, go ndéanfar uirlisí fadbhreathnaitheachta a chomhtháthú go hiomlán sa cheapadh beartas ionas go mbeidh níos mó tionchair ag ár mbeartais agus go mbeidh siad níos oiriúnaí don todhchaí, agus chun ionas gur féidir tionchar suntasach marthanach a bheith ag an Aontas i bhfianaise na castachta atá ag dul i méid. Beidh na cumais láidre fadbhreathnaitheachta a forbraíodh le blianta beaga anuas mar bhonn taca leis sin, cumais a ceapadh go sonrach chun éiginnteacht a réamh-mheas agus aghaidh a thabhairt uirthi. Díreofar i dTuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach 2026 ar thodhchaí an Aontais i ndomhan atá ag athrú.