AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 6.5.2025
COM(2025) 440 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Treochlár i dtreo deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh ón Rúis
1.Réamhrá
Mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin i mí Feabhra 2022 agus i gcomhréir le Dearbhú Versailles ó Cheannairí Stáit agus Rialtais, sheol an Coimisiún an Plean REPowerEU
i mí na Bealtaine 2022. Iarradh sa phlean deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar fhuinneamh na Rúise trí éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus trí dhlús a chur le cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite agus trí sholáthairtí a éagsúlú. Ó shin i leith, le cur in úsáid breise fuinnimh in-athnuaite agus coigilteas fuinnimh, bhíothas in ann allmhairí gáis a laghdú níos mó ná 60 billiún méadar ciúbach in aghaidh na bliana idir 2022 agus 2024, rud a rannchuidíonn le himeacht ó ghás na Rúise.
D’ainneoin na n‑iarrachtaí sin, in 2024, d’allmhairigh an tAontas 52 bhilliún méadar ciúbach de ghás ón Rúis (32 bhilliún méadar ciúbach trí phíblíne agus 20 billiún méadar ciúbach trí ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) nó thart ar 19 % d’allmhairí gáis iomlána an Aontais), chomh maith le 13 mhilliún tona amhola agus níos mó ná 2 800 tona úráiniam i bhfoirm shaibhrithe nó i bhfoirm breosla. D’allmhairigh deich mBallstát gás ón Rúis in 2024, d’allmhairigh trí Bhallstát ola ón Rúis go fóill agus d’allmhairigh seacht mBallstát seirbhísí úráiniam nó úráiniam saibhrithe ón Rúis.
Mar thoradh ar an spleáchas ar allmhairí fuinnimh na Rúise, tá rioscaí tromchúiseacha slándála agus eacnamaíocha ann don Aontas agus dá Bhallstáit, ós rud é gur bhain an Rúis úsáid leanúnach as an soláthar fuinnimh atá ann cheana mar uirlis troda chun cobhsaíocht agus rathúnas an Aontais a chur i mbaol.
Leagtar amach sa Treochlár seo straitéis an Aontais chun deireadh a chur de réir a chéile leis na hallmhairí fuinnimh ón Rúis atá fós ann. Leagtar amach ann freisin fís choiteann den Eoraip a bheith ag obair le chéile i ndlúthpháirtíocht chun soláthairtí fuinnimh malartacha inacmhainne a áirithiú do na Ballstáit uile, agus gníomhaíocht chomhpháirteach á déanamh ag an am céanna chun ioncam na Rúise a laghdú, rud a chothaíonn a acmhainn cogaíochta agus a chuireann cobhsaíocht na mór-roinne i mbaol. Tríd an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, neartófar slándáil agus ceannasacht fuinnimh an Aontais a thuilleadh i gcomhréir le cuspóir aeráidneodracht an Aontais.
Tá an Treochlár leabaithe inár straitéis chun borradh a chur faoi iomaíochas agus athléimneacht an Aontais agus chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Le glacadh an Chompáis Iomaíochais an 29 Eanáir 2025, leag an Coimisiún amach bealach cuimsitheach uaillmhianach chun buntáiste tionsclaíoch na hEorpa a bhaint amach arís. Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, an Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne agus Straitéis um Aontas na hUllmhachta, treisítear an gealltanas sin a thuilleadh. Aithnítear sna tionscnaimh sin an tionchar diúltach atá ag allmhairí fuinnimh na Rúise ar shlándáil eacnamaíoch agus ar iomaíochas na hEorpa.
Nuair a chomhtháthaítear iad le cur chun úsáide foinsí in-athnuaite fuinnimh a bhfuil bonn curtha leis, lena n‑áirítear gáis in-athnuaite, leictriú breise, éifeachtúlacht fuinnimh agus soláthairtí malartacha, rannchuideoidh deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí na Rúise le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus an Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne. Tá an Treochlár seo gan dochar do smachtbhannaí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
Gníomhaíochtaí a rinneadh chun spleáchas ar fhuinneamh na Rúise a laghdú
Tá spleáchais agus allmhairí fuinnimh ón Rúis laghdaithe go mór cheana féin ag an Aontas, a bhuí le 16 phacáiste smachtbhannaí. Go héifeachtach, chuir smachtbhannaí toirmeasc ar allmhairí guail agus ola ón Rúis chuig an Aontas agus chuir siad toirmeasc ar athlódáil lastaí i gcalafoirt an Aontais a bhfuil GNL ón Rúis á iompar acu. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tsaincheist maidir le dul timpeall ar smachtbhannaí ola an Aontais trí ‘scáthchabhlaigh’ a úsáid.
Chuidigh cur chun feidhme Phlean REPowerEU go mór freisin leis an éileamh ar ghás a laghdú. Meastar go dtiocfaidh cur chun feidhme iomlán an aistrithe fuinnimh agus an Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne a rinneadh le déanaí in ionad suas le 100 billiún méadar ciúbach de ghás nádúrtha faoi 2030. Comhfhreagraíonn sé sin do choigilt níos mó ná 15 bhilliún méadar ciúbach gáis in aghaidh na bliana don Aontas, nó do laghdú breise 40-50 billiún méadar ciúbach ar an éileamh ar ghás faoi 2027, rud a éascóidh freisin deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis.
Mar thoradh ar ghníomhaíocht chomhordaithe idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus ar thaidhleoireacht fuinnimh fheabhsaithe an Aontais le comhpháirtithe idirnáisiúnta, tá laghdú tagtha ar allmhairí gáis (GNL agus píblíne araon) ón Rúis ó 45 % in 2021 go 19 % in 2024. Cuireadh soláthairtí ó fhoinsí níos iontaofa, fuinneamh a táirgeadh ar bhonn intíre agus b’fhéidir trí thomhaltas laghdaithe in ionad na n‑allmhairí sin. Léirítear sna réamh-mheastacháin go dtiocfaidh laghdú breise go 13 % in 2025 nuair a thiocfaidh deireadh le hidirthuras na hÚcráine. Tháinig laghdú freisin ar sciar na n‑allmhairí ola ón Rúis ó 27 % ag tús 2022 go 3 % anois. D’ainneoin dul chun cinn nach beag, tá soláthairtí gáis, ola agus núicléacha na Rúise fós mar chuid de mheascán fuinnimh an Aontais, rud a chuireann ár slándáil eacnamaíoch i mbaol agus a cheadaíonn tacaíocht airgeadais do gheilleagar cogaidh na Rúise.
Ag tógáil ar an méid a baineadh amach le déanaí maidir le sioncrónú na Stát Baltach agus deireadh an chomhaontaithe idirthurais gáis san Úcráin, is é is aidhm don Treochlár seo tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le neamhspleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise trí dheireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis, núicléacha agus ola chun na rioscaí a bhaineann le soláthairtí fuinnimh a úsáid mar uirlis troda a laghdú agus ioncam do bhuiséad na Rúise ón Aontas a chosc.
D’oibrigh an Coimisiún agus na Ballstáit go dlúth le chéile chun a áirithiú nach ndéanfaí difear do shlándáil an tsoláthair le deireadh idirthuras gáis na Rúise tríd an Úcráin i mí na Nollag 2024. Cé go raibh an tionchar éagsúil i réigiúin éagsúla, ní raibh tionchar mór ar shlándáil fhoriomlán an tsoláthair agus ar phraghsanna ar fud an Aontais. Léiríonn sé sin go bhfuil gníomhaíochtaí ullmhúcháin comhordaithe ar fud an Aontais, iarrachtaí éagsúlaithe agus cur chuige céimnitheach maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ón Rúis fíor-riachtanach chun cobhsaíocht praghsanna, intuarthacht an mhargaidh agus slándáil an tsoláthair san Aontas a chaomhnú.
Ba cheart na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa Treochlár seo a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar bhealach comhordaithe, ionas go n‑íoslaghdófar an tionchar ar phraghsanna fuinnimh, go gcobhsófar na margaí fuinnimh trí sholáthairtí malartacha slána agus intuartha agus go bhféachfar le deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar.
2.An gá atá le beart
2.1 Spleáchais ar allmhairí gáis ón Rúis
Tá an Rúis tar éis bagairt a dhéanamh ar shlándáil soláthair an Aontais arís agus arís eile trí shreafaí gáis chuig a custaiméirí Eorpacha a ghearradh go haontaobhach in 2006, 2009, 2014 agus le déanaí in 2022 tar éis a fogha faoin Úcráin, agus roimh an ionradh. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis chun slándáil fuinnimh an Aontais a neartú i gcoinne allmhairí fuinnimh a úsáid mar uirlis troda. Laghdódh sé freisin ioncam na Rúise a úsáidtear chun an cogadh gan údar i gcoinne na hÚcráine a mhaoiniú agus chun leanúint dá neartú míleata.
Idir 2021 agus 2023, laghdaigh an tAontas allmhairí gáis na Rúise faoi níos mó ná 70 %, ó 150 billiún méadar ciúbach go 43 bhilliún méadar ciúbach. In 2024 cuireadh deireadh leis an treocht anuas sin agus tháinig méadú ar allmhairí ón Rúis. Tháinig méadú 12 % ar allmhairí GNL i gcomparáid le 2023, ó 18 mbilliún méadar ciúbach go 20 billiún méadar ciúbach agus tháinig méadú 26 % ar phíblíne ó 25 bhilliún méadar ciúbach go 32 bhilliún méadar ciúbach.
Tá luathghníomhaíochtaí déanta ag roinnt Ballstát chun allmhairí gáis ón Rúis a laghdú nó a thoirmeasc fiú, lena n‑áirítear trí chonarthaí atá ann cheana le soláthróirí gáis Rúiseacha a fhoirceannadh. Mar sin féin, fiú tar éis dheireadh idirthuras gáis na Rúise tríd an Úcráin in 2025, is as an Rúis a thagann thart ar 13 % d’allmhairí gáis foriomlána an Aontais fós. Faoi láthair, soláthraítear thart ar dhá thrian d’allmhairí gáis na Rúise bunaithe ar chonarthaí fadtéarmacha, le ceann scríbe an Aontais, agus cuirtear thart ar aon trian ar fáil ar an láthair (gearrthéarmach). Ní mheastar go gcuirfear deireadh leis na méideanna atá fágtha gan tuilleadh gníomhaíochta Eorpaí i bhfianaise easpa dreasachtaí tráchtála agus conarthaí fadtéarmacha leanúnacha.
Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun deireadh a chur de réir a chéile leis na soláthairtí gáis sin agus, ag an am céanna, soláthairtí malartacha ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú trí GNL nó gás píblíne, gan spleáchais nua a chruthú. Sa chomhthéacs sin, beidh sé tábhachtach go gcuirfear acmhainneacht bonneagair arna chur in áirithe ar bhonn fadtéarmach d’allmhairí na Rúise ar fáil d’allmhairí gáis ó fhoinsí malartacha. Tá tacaíocht mhór tugtha cheana féin ag an Aontas d’iarrachtaí éagsúlaithe le EUR 184,7 billiún do thionscnaimh a bhaineann le fuinneamh faoi na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta agus faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa-Fuinneamh (SCE) le EUR 5,84 billiún (2021-2027) ag maoiniú bonneagar trasteorann agus EUR 55 bhilliún le buiséad ó bheartas comhtháthaithe an Aontais.
D’ainneoin an t‑aistriú fuinnimh a chur chun cinn, beidh gás fós mar chuid de mheascán fuinnimh an Aontais sna blianta amach romhainn. Chun soláthairtí cobhsaí a áirithiú, ba cheart iarrachtaí chun punann soláthair an Aontais a éagsúlú a bheith ag gabháil le bearta atá dírithe ar dheireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha lena n‑áirítear comhiomlánú éilimh ar leibhéal an Aontais agus trí dhul i mbun socruithe soláthair fadtéarmacha ar phraghas iomaíoch le soláthróirí malartacha, i gcás inarb iomchuí. Leis an gComhshocrú Nua don Mheánmhuir agus leis an Tionscnamh Tras-Mheánmhuirí i leith Fuinnimh go háirithe, cuirfear deiseanna nithiúla ar fáil chun éagsúlú na soláthairtí fuinnimh a neartú a thuilleadh.
Níor cheart iarrachtaí éagsúlaithe a chur i mbaol le socruithe a bhaineann le babhtálacha, i.e. gás Rúiseach a cheannach de facto ó thríú páirtithe. Thiocfadh na cleachtais sin salach ar chuspóirí REPowerEU, toisc go gcoinneoidís na sreafaí ioncaim chuig an Rúis agus leochaileacht an Aontais i leith cúbláil praghsanna ar bun.
2.2 Spleáchais ar an Rúis san earnáil núicléach
I gcodarsnacht le spleáchais san earnáil gáis, tá spleáchais san earnáil núicléach ilghnéitheach. Soláthraíonn an Rúis táirgí agus seirbhísí do chustaiméirí an Aontais ar feadh an timthrialla breosla núicléach iomlán. Tá an spleáchas is mó sna cúig Bhallstát ina bhfuil imoibreoirí a dearadh sa Rúis, ar a dtugtar VVER freisin, atá ag brath go traidisiúnta ar bhreosla ó sholáthróir Rúiseach. Ar an gcaoi chéanna, tá Ballstáit eile ag brath ar an Rúis le haghaidh ábhair núicléacha, páirteanna spártha nó seirbhísí timthrialla breosla núicléach. Tá seasamh láidir ag an Rúis freisin i soláthar raidiseatóp áirithe le haghaidh gnáthaimh leighis.
2.2.1 Breoslaí núicléacha na Rúise a athsholáthar le soláthróirí malartacha i gcúig Bhallstát ina bhfuil imoibreoirí núicléacha a dearadh sa Rúis
Tá dul chun cinn déanta maidir le breosla ó tháirgeoirí eile sna cúig Bhallstát ina bhfuil imoibreoirí VVER a dearadh sa Rúis a chur in ionad bhreosla núicléach na Rúise. Tá conarthaí soláthair le haghaidh breosla malartach sínithe ag fóntais i gceithre Bhallstát as cúig Bhallstát lena mbaineann ó bhí 2022 ann. Mar sin féin, ní mór breosla malartach a thástáil agus a cheadúnú i ngach Ballstát sular féidir é a chur in ionad bhreosla na Rúise. In 2024, luchtaíodh na chéad cóimeálacha breosla tástála in imoibreoirí sa Bhulgáir agus san Fhionlainn. Tá tacaíocht airgeadais á tabhairt ag an Aontas freisin d’fhorbairt breoslaí malartacha trína thionscadail SAVE agus APIS
. D’fhéadfadh rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair teacht chun cinn sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma i gcás athruithe tobanna beartais.
Ní mór dlús a chur le forbairt breoslaí núicléacha malartacha le haghaidh imoibreoirí VVER agus lena gceadúnú agus ba cheart dul chun cinn tapa a dhéanamh chun soláthairtí Rúiseacha a ionadú go hiomlán le soláthróirí malartacha. Is féidir ceachtanna tábhachtacha a fhoghlaim ón taithí san Úcráin ina bhfuil dul chun cinn á dhéanamh freisin maidir le breoslaí malartacha nach breoslaí Rúiseacha iad a úsáid, lena n‑áirítear an taithí atá acu ar cheadúnú a bhaineann le sábháilteacht núicléach agus tástáil breosla.
2.2.2 Soláthairtí a éagsúlú agus acmhainneacht mhalartach i dtimthriall breosla núicléach a fhorbairt do na Ballstáit uile a bhfuil saoráidí núicléacha acu
Cé gur foinsíodh níos mó ná 14 % d’úráiniam san Aontas ón Rúis in 2024, tá an margadh domhanda in úráiniam nádúrtha agus próiseáilte sách éagsúlaithe. Bac mór is ea comhchruinniú na seirbhísí tiontaithe agus saibhrithe úráiniam – a bhfuil gá leo chun úráiniam próiseáilte a chlaochlú ina ábhar do mhonarú breosla núicléach – i líon teoranta cuideachtaí. Níl siad siúd atá lonnaithe san Aontas nó i dtíortha eile san Iarthar in ann freastal ar an éileamh foriomlán faoi láthair mar gheall ar acmhainneacht theoranta na ngléasraí tiontaithe agus saibhrithe atá i bhfeidhm. In 2024, shásaigh an Rúis thart ar 23 % d’éileamh iomlán an Aontais ar sheirbhísí tiontaithe úráiniam agus chumhdaigh an Rúis beagnach 24 % de riachtanais an Aontais i seirbhísí saibhrithe úráiniam
.
Cé gur fhógair cuideachtaí saibhrithe Eorpacha pleananna chun a n‑acmhainneacht saibhrithe reatha a leathnú, ní mheastar go mbeidh an chéad suiteáil nua saibhrithe ann níos luaithe ná 2027. Thairis sin, tá bacainní roimh thionscal domhanda an tiontaithe úráiniam maidir le borradh a chur faoin táirgeadh mar gheall ar chastacht theicneolaíoch agus éiginnteachtaí sa mhargadh, agus níl acmhainneachtaí tiontaithe nua fógartha faoi láthair go dtí go luath sna 2030idí. Tá earnáil núicléach an Aontais fós ag brath ar an Rúis le haghaidh roinnt páirteanna spártha agus seirbhísí cothabhála. Tá comhar idirnáisiúnta leanúnach mar shampla an comhar sin i gcomhthéacs G7 ríthábhachtach chun acmhainneacht leordhóthanach saibhrithe agus tiontaithe a áirithiú chomh maith le páirteanna spártha agus seirbhísí sna blianta amach romhainn. Tacóidh athbhreithniú an Choimisiúin ar an gcur chuige maidir le soláthairtí úráiniam saibhrithe freisin le slándáil an tsoláthair agus oscailteacht do sholáthróirí iontaofa a neartú.
Ar deireadh, tá spleáchas nach beag ar an Rúis le haghaidh raidiseatóip chobhsaí áirithe a úsáidtear chun raidiseatóip leighis a tháirgeadh le haghaidh cóireáil ailse agus ní mór don Aontas iarrachtaí a mhéadú chun táirgeadh raidiseatóp leighis den sórt sin san Aontas a fhorbairt ar mhaithe leis na Ballstáit uile. Go háirithe, beidh sé tábhachtach slabhra soláthair raidiseatóp a neartú trí rochtain ar bhunábhair a áirithiú, trí fheabhas a chur ar tháirgeadh raidiseatóp ar scála tionsclaíoch, agus trí thacú le taighde agus nuálaíocht ar theiripí núíosacha leighis núicléach.
2.3 Spleáchríocha ar an Rúis in earnáil na hola
In 2022, ba as an Rúis a tháinig 27 % d’allmhairí amhola an Aontais ach anois ní thagann ach 3 % asti. Is iarmhairt dhíreach é sin ar thabhairt isteach agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach smachtbhannaí an Aontais, lenar cuireadh cosc ar allmhairí amhola muiriompartha ón Rúis ó mhí na Nollag 2022 agus ar tháirgí peitriliam scagtha ó mhí Feabhra 2023.
Mar sin féin, b’ionann ola phíblíne na Rúise agus sciar tábhachtach d’iomlán na n‑allmhairí don tSeicia, don tSlóvaic agus don Ungáir ag deireadh 2024, a bhfuil díolúintí sealadacha acu faoi láthair ó chóras smachtbhannaí an Aontais.
Agus tionscadal TAL-PLUS curtha i gcrích i mí Aibreáin 2025, tá an tSeicia in ann foinsí malartacha a chur in ionad a soláthairtí ola ón Rúis. I gcás na Slóvaice agus na hUngáire, ar an taobh eile, is ionann ola na Rúise agus os cionn 80 % dá n‑allmhairí ola iomlána. D’fhéadfadh an spleáchas ard sin slándáil an tsoláthair a chur i mbaol. Leanann an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sin ola na Rúise a ionadú de réir a chéile agus soláthróirí malartacha a áirithiú trí phíblíne Adria.
Bhraith an Rúis ar scáthchabhlach tancaer chun a honnmhairí ola a choinneáil ar bun agus chun dul timpeall ar smachtbhannaí. Is minic a bhíonn na soithí sin sean, i ndrochchaoi, le húinéireacht agus árachas doiléir. Dá bhrí sin, baineann riosca inbhraite leo don chomhshaol mar gheall ar an mbaol go dtarlódh doirteadh ola agus truailliú eile ó longa, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le tubaistí comhshaoil. Tá smachtbhannaí curtha ag an Aontas ar longa sonracha, rinne sé for-rochtain taidhleoireachta fhairsing ar stáit bhrataí agus chalafoirt, agus threisigh sé oibleagáidí sábháilteachta muirí, go háirithe trí ghníomhaíocht chomhpháirteach ó na tíortha Nordacha-Baltacha 8++.
Bheadh gá le tuilleadh oibre agus gníomhaíochtaí chun scáthchabhlach na Rúise a shuaitheadh agus a dhíspreagadh agus cosaint an chomhshaoil, sábháilteacht agus slándáil mhuirí a fheabhsú, agus cistiú do gheilleagar cogaidh na Rúise a laghdú ag an am céanna.
3.Gníomhaíochtaí chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh ón Rúis
3.1 Gás píblíne agus GNL
Gníomhaíocht 1: Trédhearcacht, faireachán agus inrianaitheacht
Is iad trédhearcacht, faireachán agus inrianaitheacht an túsphointe is gá le haghaidh gníomhaíochta chun deireadh éifeachtach a chur le gás na Rúise de réir a chéile agus chun forfheidhmiú a áirithiú. Chuir reachtaíocht an Aontais atá ann cheana le níos mó trédhearcachta agus inrianaitheachta maidir le hallmhairí gáis chuig an Aontas, ach níl an fhaisnéis gráinneach go leor:
·le rialacha an Aontais, ceanglaítear ar na Ballstáit mionsonraí áirithe faoin gconradh gáis a thuairisciú don Choimisiún, amhail conarthaí fadtéarmacha lena gcumhdaítear gás de thionscnamh na Rúise. Roinntear iad sin in aghaidh an Bhallstáit gan céannacht chontrapháirtithe na gconarthaí aonair a nochtadh. Ní féidir conarthaí iomlána a iarraidh ach amháin i gcúinsí sonracha.
·I gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, cuirtear roinnt faisnéise faoi ghás allmhairithe in iúl d’údaráis chustaim agus é ag teacht isteach i gCríoch Chustaim an Aontais. Níl aon oibleagáid ann, áfach, tuairisciú do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as beartas fuinnimh.
Cé go bhfuil rialacha náisiúnta i bhfeidhm ag roinnt Ballstát maidir le hinrianaitheacht ghás na Rúise, níl aon chreat comhleanúnach de chuid an Aontais ann maidir le trédhearcacht, faireachán agus inrianaitheacht allmhairí gáis na Rúise chuig an Aontas.
Dá bhrí sin, molfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun faireachán agus inrianaitheacht níos éifeachtaí a dhéanamh. Cheanglódh beart amháin ar chuideachtaí faisnéis maidir le conarthaí gáis Rúiseacha (e.g. toirteanna, fad) a sholáthar d’údaráis ábhartha na mBallstát agus don Choimisiún. D’áiritheofaí le gníomhaíocht eile go roinnfí faisnéis maidir le hallmhairí iarbhír gáis ón Rúis idir údaráis chustaim, údaráis náisiúnta fuinnimh agus údaráis náisiúnta slándála, agus an Coimisiún.
Thabharfadh na bearta sin rochtain do rialtais agus don Choimisiún ar fhaisnéis ábhartha maidir le gás na Rúise a théann isteach ina gcórais fuinnimh, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí bearta spriocdhírithe éifeachtacha a chur chun feidhme ar fud an Aontais agus soláthairtí malartacha a ullmhú. Leis an bhfaisnéis sin, is fearr a bheadh an Coimisiún in ann comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar fud an Aontais chun deireadh a chur de réir a chéile le soláthairtí malartacha ar fud an Aontais Eorpaigh.
Chun é sin a bhaint amach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh faoin mí seo chugainn maidir le rialacha le haghaidh trédhearcacht, faireachán agus inrianaitheacht mhéadaithe ghás na Rúise. D’fhonn slándáil an tsoláthair agus ullmhacht a fheabhsú, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún ceanglais trédhearcachta chomhchosúla a chur san áireamh, le haghaidh na n‑allmhairí gáis uile chuig an Aontas san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an ailtireacht slándála fuinnimh in 2026.
Gníomhaíocht 2: Pleananna náisiúnta chun tacú le gníomhaíocht an Aontais chun deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise
Trí deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise san Aontas ar bhealach dea-ullmhaithe, ordúil agus slán, íoslaghdaítear an tionchar ar phraghsanna, ar mhargaí agus ar shlándáil an tsoláthair. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh lena gceanglófar ar na Ballstáit pleanáil le haghaidh deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise ar fud an Aontais agus faireachán a dhéanamh air sin.
Ba cheart an méid seo a leanas, inter alia, a leagan amach sna pleananna náisiúnta:
·méid na n‑allmhairí gáis ón Rúis faoi chonarthaí atá ann cheana, lena n‑áirítear le haghaidh conarthaí ina bhfuil clásail lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta;
·amlíne, lena n‑áirítear garspriocanna lena dtacaítear le bearta an Aontais chun an cuspóir a bhaint amach maidir le deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise;
·roghanna éagsúlaithe agus cumais theicniúla chun gás na Rúise a ionadú, lena n‑áirítear trí chomhar i ngrúpaí réigiúnacha atá ann cheana.
Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus na pleananna á n‑ullmhú acu, trí ghrúpaí oibre agus comhordaithe bunaithe, ar nós an Grúpa Comhordaithe Gáis, nó foghrúpa tiomnaithe chomh maith le grúpaí réigiúnacha.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh an mhí seo chugainn maidir le pleananna náisiúnta chun deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise, agus molann sé do na Ballstáit a gcéad phleananna náisiúnta a thíolacadh faoi dheireadh 2025 chun go bhféadfar deireadh a chur de réir a chéile ar bhealach slán, comhordaithe agus dea-ullmhaithe.
Gníomhaíocht 3: Toirmeasc céim ar chéim ar allmhairí gáis ón Rúis
Ag tógáil ar ullmhúcháin chomhpháirteacha Eorpacha, ar an measúnú ar thionchar na mbeart a rinne an Coimisiún ó Dhearbhú Versailles, lena n‑áirítear éifeachtaí ar shlándáil an tsoláthair gáis, ar an margadh, ar phraghsanna agus ar ghnéithe dlíthiúla (lena n‑áirítear conarthaí), tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bearta dlíthiúla a mholadh chun deireadh éifeachtach a chur le hallmhairí gáis ón Rúis de réir a chéile.
Ar choinníoll go gcuirfear deireadh le gás na Rúise de réir a chéile, seachas go tobann, agus go n‑áiritheofar gurb ann do sholáthairtí malartacha, meastar go mbeidh tionchar teoranta ag an toirmeasc ar allmhairí gáis na Rúise ar phraghsanna agus ar shlándáil an tsoláthair sna Ballstáit ar na cúiseanna seo a leanas:
·Le cur chun feidhme spriocanna fuinnimh an Aontais agus creataí rialála tacúla, cuirfear dlús le cur chun úsáide fuinnimh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh ar fud an Aontais. Meastar gur féidir leis an Aontas níos mó ná 15 bhilliún méadar ciúbach gáis a shábháil in aghaidh na bliana, rud a laghdóidh éileamh foriomlán an Aontais ar ghás faoi 40-50 billiún méadar ciúbach faoi 2027.
·Meastar go mbeidh soláthar breise domhanda GNL ar fáil sna blianta amach romhainn chun feabhas a chur ar chothromaíocht an mhargaidh dhomhanda, de réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA). Cé go leanfaidh margaí domhanda GNL de bheith docht in 2025, táthar ag tuar go mbeidh acmhainneachtaí nua GNL 85-90 billiún méadar ciúbach ann ag deireadh 2026, go háirithe ó na Stáit Aontaithe, ó Cheanada, ó Chatar agus ó thíortha na hAfraice. Meastar gur mó é sin ná an méadú réamh-mheasta ar an éileamh domhanda. Faoi 2030, tiocfaidh méadú thart ar 250 billiún méadar ciúbach ar an acmhainneacht onnmhairiúcháin GNL domhanda, méadú beagnach 50 % i gcomparáid leis an soláthar GNL atá ann cheana.
·Tá na Ballstáit feistithe go maith chun soláthairtí GNL a fháil ó chomhpháirtithe domhanda mar gheall ar iarrachtaí agus infheistíochtaí comhordaithe ag tús na géarchéime fuinnimh. Idir 2022 agus 2024, coimisiúnaíodh dhá chríochfort déag GNL nua agus sé thionscadal leathnaithe, rud a chuir 70 billiún méadar ciúbach d’acmhainneacht allmhairiúcháin GNL leis an Aontas. Áirítear orthu sin críochfoirt GNL in Alexandroupolis (an Ghréig), Ravenna (an Iodáil), Krk (an Chróit), Swinoujscie (an Pholainn) agus Wilhelmshaven 2, Mukran, Stade agus Lubmin (an Ghearmáin). Mar thoradh air sin, is ionann acmhainneacht allmhairiúcháin GNL iomlán an Aontais agus thart ar 250 billiún méadar ciúbach in aghaidh na bliana, níos mó ná dhá oiread na n‑allmhairí GNL atá ann faoi láthair.
·Beidh níos mó toirteanna gáis ar fáil freisin sna blianta amach romhainn i Lár agus in Oirdheisceart na hEorpa, réigiún atá ag brath go traidisiúnta ar sholáthairtí píblíne na Rúise. Ó 2027 ar aghaidh, táthar ag súil leis go dtáirgfidh gáscheantar Neptun Deep amach ón gcósta sa Rómáin 8 mbilliún méadar ciúbach de ghás nádúrtha in aghaidh na bliana sna chéad 10 mbliana dá oibriú. Ó 2026 ar aghaidh, leathnófar acmhainneacht an Phíblíne Thrasaidriadach faoi 1.2 billiún méadar ciúbach, rud a fhágfaidh go mbeidh méadú ar allmhairí gáis ón Asarbaiseáin.
·Tá an bonneagar gáis san Aontas solúbtha go leor, agus tá bealaí malartacha agus pointí idirnaisc trasteorann ann a chuireann ar chumas na mBallstát uile rochtain a fháil ar allmhairí GNL agus píblíne ó fhoinsí nach foinsí Rúiseacha iad. Ó 2022 i leith, tá príomhbhonneagar forbartha ag na Ballstáit, agus tabharfar cinn bhreise chun críche faoi dheireadh 2028.
Tá thart ar dhá thrian d’allmhairí GNL agus gáis píblíne na Rúise bunaithe ar chonarthaí fadtéarmacha atá ann cheana le ceann scríbe an Aontais. Soláthraítear na méideanna atá fágtha ar bhonn gearrthéarmach (ar an láthair) agus déanann allmhaireoirí cinneadh maidir le ceannacháin bunaithe ar a riachtanais agus ar na dálaí margaidh atá i réim. Agus fad conartha níos faide agus toirteanna níos airde sna teagmhálacha fadtéarmacha atá ann cheana ná na toirteanna a cheannaítear de ghnáth i gconarthaí spotsoláthair, is iomchuí dhá chéim a dhéanamh as deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis na Rúise, ag tosú láithreach le gach conradh nua agus spotchonradh (gearrthéarmach) atá ann cheana.
Le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis ón Rúis, bheadh margaí in ann an tionchar ar an margadh agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair a choigeartú agus a íoslaghdú ar bhealach níos fearr.
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na bearta chun deireadh a chur le hallmhairí gáis ón Rúis a dhearadh ar bhealach lena n‑íoslaghdófar an tionchar eacnamaíoch ar ghníomhaithe margaidh agus go mbeidh siad i gcomhréir iomlán le dlí agus oibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta.
a.Toirmeasc ar allmhairí faoi chonarthaí nua agus spotchonarthaí atá ann cheana maidir le gás na Rúise
Ós rud é go mbaineann spotchonarthaí le cuid nach bhfuil chomh mór céanna de mhéideanna foriomlána na Rúise agus go mbaineann seachadtaí gearrthéarmacha leo, is féidir deireadh a chur de réir a chéile leis na méideanna comhfhreagracha laistigh de thréimhse ama réasúnta níos giorra. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra dlíthiúil a thíolacadh an mhí seo chugainn chun toirmeasc a chur ar gach allmhairiú faoi chonarthaí nua gáis ón Rúis agus faoi spotchonarthaí atá ann cheana. Ba cheart éifeacht a bheith ag toirmeasc den sórt sin faoi dheireadh 2025 ar a dhéanaí.
b.Toirmeasc ar allmhairiú gáis ón Rúis faoi chonarthaí fadtéarmacha atá ann cheana
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bearta a mholadh an mhí seo chugainn chun toirmeasc a chur ar na hallmhairí gáis ón Rúis atá fágtha, idir phíblíne agus GNL, ar nós na méideanna a allmhairítear faoi chonarthaí fadtéarmacha atá ann cheana. Chun deireadh a chur de réir a chéile leis na hallmhairí sin, tá gá le ham aistrithe níos faide mar gheall ar na méideanna níos mó le haghaidh allmhaireoirí lena mbaineann. Ba cheart éifeacht a bheith ag toirmeasc den sórt sin tráth nach déanaí ná deireadh 2027.
Tabharfaidh an Coimisiún ról do na Ballstáit lena mbaineann agus áiritheoidh sé go mbeidh an togra bunaithe ar mheasúnú leordhóthanach ar na tionchair dhlíthiúla agus eacnamaíocha.
Gníomhaíocht 4: Tacú le héagsúlú trí chomhiomlánú éilimh agus úsáid níos fearr a bhaint as bonneagar
Tá sé ríthábhachtach soláthairtí malartacha a fháil ó chomhpháirtithe iontaofa chun teorainn a chur le haon tionchar ar an margadh nó ar shlándáil an tsoláthair. Mar shampla, is féidir leis an Iorua, an soláthróir gáis is mó san Aontas, chomh maith leis an Rómáin agus an Ghréig, cuidiú le héagsúlú i Lár agus in Oirthear na hEorpa, arb é gás na Rúise is mó úsáidtear inti go traidisiúnta, tríd an bPíobán Baltach agus tríd an bpíblíne Thras-Bhalcánach faoi seach. Leanfaidh an Coimisiún dá phlé le soláthróirí iontaofa agus cuirfidh sé dlús nach beag lena chomhar fuinnimh le tíortha comhpháirtíochta sa Mheánoirthear, i dTuaisceart na hAfraice, timpeall na Mara Duibhe, agus trí Global Gateway.
San am céanna, ba cheart leanúint de roghanna malartacha ar allmhairí gáis nádúrtha a fhorbairt i gcás inar féidir, go háirithe trí leictriú nó trí bhorradh a chur faoi tháirgeadh bithgháis agus bithmheatáin agus hidrigine glaine i gcomhréir le REPowerEU.
Le linn na géarchéime, léiríodh gur uirlis éifeachtach é AggregateEU a rannchuidíonn le cuspóirí REPowerEU trí thacú le tomhaltóirí agus cuideachtaí Eorpacha gás nach gás Rúiseach é a sholáthar. Tugadh an dara babhta meántéarmach de chomhiomlánú agus meaitseáil éilimh faoi AggregateEU chun críche an 26 Márta 2025 agus bailíodh spéis nach beag ann ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon, le 29 mbilliún méadar ciúbach d’éileamh, 31 bhilliún méadar ciúbach de thairiscintí soláthair agus beagnach 20 billiún méadar ciúbach de leasanna comhoiriúnaithe soláthair-éilimh. Chumhdaigh sé an t‑éileamh ar ghás idir 2025 agus 2030 agus chuir sé ar a gcumas do cheannaitheoirí críochfort tosaíochta san Aontas nó seachadtaí saor ar bord a chur in iúl, rud a thug solúbthacht bhreise do cheannaitheoirí.
Ag breathnú chun cinn, ba cheart féachaint freisin ar roghanna a théann níos faide ná comhiomlánú éilimh d’fhonn leas a bhaint as cumhacht ceannaigh an Aontais chun tacú lena iarrachtaí éagsúlaithe.
Bunaithe ar thaithí AggregateEU, tá meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar a indéanta atá ardán chun tacú le méadú agus trádáil móilíní gásacha de thionscnamh neamh-iontaise, lena n‑áirítear bithmheatán.
Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag obair leis an tionscal agus le páirtithe leasmhara eile chun cur chun úsáide bithgháis inbhuanaithe agus bithmheatáin inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá dul chun cinn nach beag déanta ó glacadh an Plean Gníomhaíochta maidir le Bithmheatán in 2022, lena n‑áirítear tríd an gComhpháirtíocht Thionsclaíoch um Bithmheatán. Ag tógáil ar thabhairt i gcrích rathúil na Comhpháirtíochta Tionsclaíche um Bithmheatán, bunóidh an Coimisiún líonra nua bithgháis de chuid na mBallstát mar chuid de chonradh trípháirteach chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na riachtanais éagsúla i réimsí éagsúla den Aontas agus chun páirtithe leasmhara náisiúnta agus áitiúla a chur san áireamh.
I bhfianaise na ndúshlán sonrach atá ag na Ballstáit agus ag Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh i Lár agus in Oirdheisceart na hEorpa sa trádáil trasteorann, oibreoidh an Coimisiún faoin nGrúpa Ardleibhéil maidir leis an Nascacht Gháis do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa, le Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus le tíortha an mhéadaithe chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana, arb é is aidhm dó deireadh a chur le bacainní rialála agus margaidh agus an t‑éagsúlú a fheabhsú agus cabhrú le tíortha is iarrthóirí a spleáchas ar allmhairí fuinnimh na Rúise a scoitheadh.
3.2. Fuinneamh núicléach
Gníomhaíocht 5: Srianta nua chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí úráiniam, úráiniam shaibhrithe agus ábhar núicléach eile ón Rúis
I gcodarsnacht le spleáchais in earnáil an gháis, tá spleáchais san earnáil núicléach ilghnéitheach agus d’fhéadfadh rioscaí a bheith ann fós maidir le slándáil an tsoláthair sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma i gcás athruithe tobanna beartais. Dá bhrí sin, is é is cuspóir don ghníomhaíocht seo tacú le deireadh a chur de réir a chéile le soláthar úráiniam, úráiniam shaibhrithe agus ábhar núicléach eile ón Rúis, a úsáidtear chun breosla a mhonarú d’imoibreoirí núicléacha na hEorpa, lena n‑áirítear ag soláthróir breosla na Rúise d’imoibreoirí VVER a dearadh sa Rúis.
a. Bearta maidir le húráiniam saibhrithe
Féachfaidh an Coimisiún le hallmhairí úráiniam saibhrithe ón Rúis a laghdú ó thaobh na heacnamaíochta de trí bhearta trádála a chur i láthair, an mhí seo chugainn, maidir le hallmhairiú úráiniam shaibhrithe. Leis sin, beidh cothrom na Féinne ann agus spreagfar cinntí polaitiúla agus gnó sna Ballstáit ábhartha chun dlús a chur leis an infheistíocht agus leis an bhfothú acmhainneachta, chun slabhra luacha an Aontais a fhorbairt agus chun éagsúlú a dhéanamh de réir a chéile ón Rúis, agus soláthairtí ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta eile á gceadú san am céanna.
b.Srianta ar chonarthaí arna gcomhshíniú ag Gníomhaireacht Soláthair Euratom
An mhí seo chugainn tá sé beartaithe ag an gCoimisiún srian a chur le conarthaí soláthair nua arna gcomhshíniú ag Gníomhaireacht Soláthair Euratom le haghaidh úráiniam, úráiniam saibhrithe agus ábhair núicléacha eile le soláthróirí Rúiseacha ó dháta áirithe ar aghaidh. Leanfar de sheachadtaí bunaithe ar chonarthaí atá ann cheana ach ní dhéanfadh Gníomhaireacht Soláthair Euratom faduithe ná conarthaí soláthair nua a fhormheas a thuilleadh. Leis an mbeart sin, neartófar slándáil fhadtéarmach an tsoláthair agus intuarthacht, agus tacófar le gníomhaithe tionsclaíocha agus eacnamaíocha Eorpacha a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an timthrialla breosla núicléach trí dhearbhú agus intuarthacht a sholáthar le haghaidh cinntí infheistíochta.
Gníomhaíocht 6: Oibleagáid maidir le héagsúlú agus trédhearcacht: pleananna náisiúnta chun deireadh a chur de réir a chéile le soláthairtí núicléacha na Rúise
Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáitgníomhaíocht chórasach a dhéanamh chun deireadh a chur de réir a chéile le soláthairtí breosla núicléach, seirbhísí breosla agus páirteanna spártha ón Rúis agus chun roghanna malartacha lán-Eorpacha a chur ina n‑ionad le himeacht ama. Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit pleananna náisiúnta a fhorbairt a mbeidh gníomhaíochtaí agus amlínte nithiúla ag gabháil leo, agus molann sí do na Ballstáit a gcéad phleananna náisiúnta a thíolacadh cheana féin faoi dheireadh 2025, arb é is aidhm dóibh athdhearbhú agus intuarthacht a chur ar fáil do ghníomhaithe eacnamaíocha agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu chun acmhainneacht leordhóthanach tiontaithe agus saibhrithe úráiniam a chur ar fáil.
Go nithiúil, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra reachtach a mholadh, an mhí seo chugainn, ina mbeidh spriocanna sonracha do na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Breoslaí malartacha a chur in ionad bhreoslaí núicléacha na Rúise trí dhlús a chur le conraitheoireacht agus ceadúnú na mbreoslaí sin agus trí roghanna malartacha lán-Eorpacha breise a fhorbairt.
·Deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas ar an Rúis i gcás úráiniam, úráiniam saibhrithe agus ábhair núicléacha eile.
·Trédhearcacht maidir le spleáchais a mhéadú agus éagsúlú soláthairtí páirteanna spártha agus seirbhísí cothabhála na Rúise a spreagadh.
Leanfaidh an Coimisiún agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom dá rannpháirtíocht agus dá n‑idirphlé leis na cúig Bhallstát lena mbaineann agus le páirtithe leasmhara san earnáil núicléach chun dea-chomhordú agus faireachán ar dhul chun cinn na n‑iarrachtaí éagsúlaithe a áirithiú.
Gníomhaíocht 7: Borradh a chur faoi tháirgeadh an Aontais: Togra le haghaidh Tionscnamh Eorpach um Ghleann Raidiseatóp
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh go gcruthófaí struchtúr de chuid an Aontais — Gleann Raidiseatóp Eorpach — chun soláthar raidiseatóp míochaine san Aontas a dhaingniú trí tháirgeacht féin méadaithe, spleáchas an Aontais ar sholáthróirí eachtracha a laghdú, go háirithe an Rúis, agus athléimneacht shlabhra soláthair na hEorpa a mhéadú, agus riachtanais éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh.
3.3 Ola
Gníomhaíocht 8: Pleananna náisiúnta chun deireadh a chur de réir a chéile le hola na Rúise agus soláthairtí malartacha a áirithiú
I gcomhréir leis an togra maidir le pleananna náisiúnta a ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise, molann an Coimisiún don dá Bhallstát lena mbaineann pleanáil agus faireachán a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis. Tá bonneagar leordhóthanach ar fáil chun soláthar nach dtagann ón Rúis a chur in ionad na n‑allmhairí ola sin. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún oibleagáid a mholadh lena gceanglófar ar na Ballstáit sin plean den sórt sin a bhunú agus faireachán a dhéanamh air.
Cheanglófaí ar na Ballstáit lena mbaineann pleananna náisiúnta a dhréachtú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfaí amach a straitéisí chun an méid seo a leanas a chur in ionad allmhairí ola ón Rúis faoi dheireadh 2027:
·amlíne, lena n‑áirítear garspriocanna lena mbaineann bearta comhfhreagracha, chun an cuspóir a bhaint amach maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hola na Rúise;
·roghanna éagsúlaithe agus cumais theicniúla chun ola na Rúise a ionadú;
·méid na n‑allmhairí ola ón Rúis faoi chonarthaí atá ann cheana, agus dul in éag na gconarthaí sin.
D’fhéadfaí pleananna den sórt sin a áireamh mar chaibidil sna pleananna náisiúnta chun deireadh a chur de réir a chéile le gás na Rúise.
Áiritheoidh grúpaí oibre agus comhordaithe atá ann cheana, amhail an Grúpa Comhordaithe Ola nó foghrúpaí tiomnaithe, agus grúpaí réigiúnacha comhordú agus tacaíocht. Molann an Coimisiún do na Ballstáit lena mbaineann tosaíocht a thabhairt do bhonneagar soláthair malartach nuair a bheidh sé ar fáil.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra reachtach maidir le pleananna náisiúnta chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis atá fós ann a chur isteach an mhí seo chugainn agus molann sé do na Ballstáit lena mbaineann a gcéad phleananna náisiúnta a chur isteach faoi dheireadh 2025.
Gníomhaíocht 9: Leanúint de smachtbhannaí a fhorchur agus a fhorfheidhmiú ar eintitis agus ar shoithí a bhfuil amhras ina leith go bhfuil gníomhaíochtaí aindleathacha ar bun acu
Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le teacht timpeall ar smachtbhannaí ola an Aontais trí ‘scáthchabhlaigh’ a úsáid, tá na gníomhaíochtaí seo a leanas beartaithe:
·Leanúint den fhor-rochtain agus den idirphlé leis na tríú tíortha lena mbaineann.
·Oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n‑áirítear leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) chun dianchaighdeáin sábháilteachta agus slándála muirí a bhunú agus a chaomhnú.
·Na Ballstáit a spreagadh chun feabhas a chur ar an bhfaireachas muirí, ag tógáil ar na seirbhísí comhtháite atá á n‑óstáil sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, lena gcumasaítear an méid seo a leanas:
oFaireachán agus comhroinnt faisnéise leanúnach maidir le soithí ar díol spéise iad chun gníomhaíocht nó iompar amhrasach a shainaithint;
odíspreagadh feabhsaithe ar ghníomhaíochtaí muirí neamhdhleathacha agus forfheidhmiú an dlí mhuirí idirnáisiúnta.
·Féachfaidh an tArdionadaí, i gcomhar leis na Ballstáit, ar chur in úsáid misin de chuid Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
oFaireachas agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí muirí chun soithí nó iompraíochtaí amhrasacha a shainaithint;
oGníomhaíochtaí muirí neamhdhleathacha a dhíspreagadh;
oAn dlí muirí idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear trína iarraidh ar Stát Brataí soithigh amhrasaigh, nó ar a mháistir, go rachadh an soitheach isteach i bhfarraige theorann Stáit, i gcás ina bhféadfaidh an Stát cósta sin gach beart is gá a dhéanamh i gcomhréir le UNCLOS agus lena dhlí náisiúnta.
oDul ar bord soithí ar díol spéise iad sa mhórmhuir nó i limistéir eacnamaíocha eisiacha Bhallstáit an Aontais agus cigireacht a dhéanamh orthu, i gcás ina gceadaítear sin faoi UNCLOS nó tar éis toiliú a fháil ón Stát Brataí chuige sin.
·Comhaontuithe a thabhairt i gcrích leis na Stáit Bhrataí lena mbaineann chun a dtoiliú a áirithiú maidir le hoibríochtaí bordála réamhúdaraithe ar an mórmhuir nó i limistéir eacnamaíocha eisiacha Bhallstáit an Aontais.
4.Conclúidí
Is é is aidhm don Treochlár seo i dtreo deireadh a chur le hallmhairí fuinnimh na Rúise neamhspleáchas an Aontais ar fhuinneamh na Rúise a áirithiú trí dheireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis, núicléach agus ola ar bhealach ordúil, slán agus dea-ullmhaithe i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais.
Comhlánaítar leis spriocanna straitéiseacha an Aontais, mar a leagtar amach sa Chompás Iomaíochais don Aontas, sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Fuinneamh Inacmhainne trí laghdú a dhéanamh ar allmhairí breoslaí iontaise ó sholáthróirí a chruthaíonn ábhair imní maidir leis an tslándáil eacnamaíoch agus a chuireann dlús leis an aistriú glan, ag imeacht ó bhreoslaí iontaise.
Leis na naoi mbeart atá beartaithe sa Treochlár seo, bainfear fuinneamh na Rúise de mhargaí an Aontais go héifeachtach, gan slándáil an tsoláthair a chur i mbaol agus an tionchar ar phraghsanna agus ar mhargaí a íoslaghdú san am céanna.
Chun an Treochlár a bhaint amach, beidh gá le tiomantas, dlúthpháirtíocht, rannpháirtíocht agus comhar láidir ó na Ballstáit uile, ó institiúidí an Aontais agus ó ghníomhaithe sa mhargadh fuinnimh.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a bheidh ag deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh ón Rúis agus déanfaidh sé dlúthfhaireachán ar an dul chun cinn sin agus cuirfidh sé an tacaíocht is gá ar fáil do na Ballstáit uile chun aghaidh a thabhairt ar aon dúshlán a d’fhéadfadh a bheith rompu. Áiritheofar leis na malartuithe rialta faisnéise sin sna grúpaí comhordaithe agus sna grúpaí um chomhar réigiúnach atá ann cheana go leanfaidh an tAontas de bheith ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí a bhaint amach, agus ag an am céanna déanfar aon choigeartú is gá ar bhealach tráthúil agus éifeachtach i bhfianaise shlándáil an tsoláthair agus forbairtí dinimiciúla sa mhargadh.