Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0412

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch

COM/2025/412 final

An Bhruiséil,22.7.2025

COM(2025) 412 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch

1.RÉAMHRÁ

Le Rialachán (AE) 2016/1013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , rinneadh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 2 , i measc nithe eile, a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, arna leasú, is féidir leis an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun na gcríoch seo a leanas:

Øchun na leibhéil miondealaithe gheografaigh, na leibhéil miondealaithe earnálacha institiúideacha agus na leibhéil miondealaithe gníomhaíochta eacnamaíche, leibhéil a leagtar amach i dTábla 6, 7 agus 8 in Iarscríbhinn I, a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe eacnamaíocha nó teicniúla a léiriú (Airteagal 2(3));

Øchun ceanglais áirithe maidir le sreafaí sonraí in Iarscríbhinn I a dhíchur nó a ísliú, ar an gcoinníoll nach laghdódh an díchur nó an tísliú sin caighdeán an staidrimh arna tháirgeadh i gcomhréir leis an rialachán sin (Airteagal 2(3));

Øchun síneadh a chur le sprioc-am na tuarascála faoi Airteagal 5(5) den rialachán sin a mhéid a bhaineann le torthaí treoirstaidéar maidir le staidreamh infheistíochta dírí ón gcoigríoch (IDC) bunaithe ar choincheap na húinéireachta deiridh agus staidreamh IDC lena ndéantar idirbhearta úrnua IDC a idirdhealú ó tháthcheangail (Airteagal 5(6)).

Le linn don Choimisiún na cumhachtaí sin a fheidhmiú, ba cheart dó a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoi na forálacha sin ualach mór breise ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí, ar ualaí iad is mó ná mar is gá chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, ná nach modhnaítear an bunchreat coincheapúil is infheidhme. Déantar foráil in Airteagal 10(4) le haghaidh comhairliúcháin chórasacha le saineolaithe ó na Ballstáit ag an gCoimisiún le linn a chuid oibre ullmhúcháin ar ghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 3 . Faoi Airteagal 10(5) den rialachán sin, ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe.

2.BUNÚS DLÍ

Faoi Airteagail 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 19 Iúil 2021 ar aghaidh. Tá síneadh le cur go hintuigthe le tarmligean na cumhachta go ceann tréimhsí 5 bliana, ach amháin má chuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínidh sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Comhlíonann an tuarascáil seo an oibleagáid sin.

3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ AG AN gCOIMISIÚN

I dtuarascáil 2020 4 , rinne an Coimisiún athbhreithniú ar úsáid tharmligean na gcumhachtaí le linn na chéad 5 bliana de chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 184/2005. Ó theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1013, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe amháin, is é sin Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/505 5 . Leis an ngníomh seo, atá bunaithe ar Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, tugtar cothrom le dáta na leibhéil miondealaithe gheografaigh, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a léiriú.

I rith na tréimhse ama seo a leanas, dar tús an 19 Iúil 2021, de réir shíneadh intuigthe tharmligean na gcumhachtaí, measadh go raibh an creat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair atá bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maith a dhóthain chun freastal ar riachtanais staidrimh agus mhodheolaíochta an chomhardaithe íocaíochtaí, na trádála idirnáisiúnta i seirbhísí, agus fhearainn IDC i rith na tréimhse tuairiscithe. Deimhníodh é sin trí chomhairliúcháin fhairsinge leis an sainghrúpa maidir le comhordú íocaíochtaí agus sainghrúpaí ábhartha eile, lena n‑áirithítear rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara chun faireachán a dhéanamh ar aon ghá le gníomhartha tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith ann.

Ar an taobh eile, d’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, a thugtar dó le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 chun tagairtí a oiriúnú d’aicmiú ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na hAinmníochta Staidrimh maidir le Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha san Aontas Eorpach (NACE) le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3104 ón gCoimisiún 6 .



4.CONCLÚID

Ó bhí an 19 Iúil 2021 ann, d’fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar dó le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 chun tagairtí a oiriúnú d’aicmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha (NACE).

Measann an Coimisiún gur cheart dó na cumhachtaí tarmligthe a sholáthraítear leis an Rialachán a choinneáil chuige féin. Tá na cumhachtaí sin fíor-riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais fhéideartha amach anseo, mar shampla aicmiúcháin, modheolaíochtaí nó athróga a thabhairt cothrom le dáta, agus chun a áirithiú go mbaintear amach ardchaighdeáin cháilíochta leis na staidrimh ón Aontas Eorpach i réimse an chomhordaithe íocaíochtaí, na trádála idirnáisiúnta i seirbhísí agus IDC i gcónaí.

Iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.

(1)

  Rialachán (AE) 2016/1013  ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (IO L 171, 29.6.2016, lch. 144).

(2)

  Rialachán (CE) Uimh. 184/2005   ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (IO L 35, 8.2.2005, lch. 23).

(3)

  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(4)

 Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch, COM(2020) 490 final, 10.9.2020,  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52020DC0490 .

(5)

  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/505 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na leibhéil miondealaithe gheografaigh (IO L 85, 27.3.2019, lch. 1).

(6)

  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/3104 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le tagairtí d’aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíochta NACE a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 2024/3104, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/3104/oj).

Top