Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0382

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha (CED) 2021-2027

COM/2025/382 final

An Bhruiséil,8.7.2025

COM(2025) 382 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha (CED)





2021-2027

{SWD(2025) 180 final}


Cúlra

Bunaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) sa tréimhse 2007-2013 chun dlúthpháirtíocht a léiriú le hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht mar gheall ar mhórathruithe struchtúracha ar phátrúin trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Leathnaíodh raon feidhme an chéad Rialacháin 1 in 2009 2 chun iomarcaíochtaí a d’eascair as an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch a chuimsiú. Le haghaidh na tréimhse 2014-2020, leathnaíodh an raon feidhme a thuilleadh 3 chun iomarcaíochtaí a tharlódh mar thoradh ar aon ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch nua a chumhdach. Le linn na tréimhse 2014-2020, chómhaoinigh CED suas le 60 % 4 de na bearta a chuir na Ballstáit chun feidhme chun cuidiú le hoibrithe iomarcacha ath-imeascadh go tapa sa mhargadh fostaíochta. Chun aghaidh a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19, leag an Coimisiún amach plean téarnaimh le haghaidh an gheilleagair 5 , plean inar cuimsíodh CED mar uirlis éigeandála chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a chaill a bpost mar gheall ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch. Leis an Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) 6 , rinneadh acmhainní móra airgeadais a shlógadh go dtí deireadh 2022 chun tionchar diúltach eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a chomhrac. 

Le haghaidh na tréimhse 2021-2027 7 , athainmníodh an Ciste mar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED). Tugadh isteach athruithe móra 8 , amhail raon feidhme na hincháilitheachta a leathnú chun tacú le hoibrithe iomarcacha gan beann ar an gcúis a bhí leis an teagmhas athstruchtúraithe, an tairseach a ísliú ó 500 oibrí iomarcach go 200, nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú, agus an ráta cómhaoinithe a ailíniú le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) 9 . Mhol an Coimisiún leasú ar an Rialachán maidir le CED an 1 Aibreán 2025 10 , chun oibrithe atá ar tí a bpost a chailleadh i bhfiontair a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu a chumhdach freisin. Cuirtear an leasú sin i láthair go hachomair ag deireadh an doiciméid seo.

Raon feidhme na meastóireachta meántéarma

I gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán maidir le CED, rinne an Coimisiún meastóireacht mheántéarma chun measúnú a dhéanamh cibé an bhfuil CED ar an mbóthar ceart agus a mhéid atá sé ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí a bhaint amach sa tréimhse 2021-2027. Leis an meastóireacht, rinneadh measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht, ábharthacht agus breisluach CED. Áirítear freisin ceachtanna teoranta maidir le cur chun feidhme agus dearadh CED.

Dírítear sa mheastóireacht ar na hathruithe a tugadh isteach don tréimhse 2021-2027, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’eascair na torthaí beartaithe as na hathruithe sin. Ós rud é go raibh glacadh an Chiste réasúnta íseal agus go raibh an fhianaise a bhí ar fáil teoranta 11 , rinneadh scrúdú sa mheastóireacht freisin ar na cúiseanna a raibh glacadh íseal le CED, d’ainneoin na rialacha simplithe maidir le cur i bhfeidhm a tugadh isteach leis an Rialachán CED 2021-2027. Is é is cuspóir dó féachaint an leanann CED, faoi na rialacha atá ann faoi láthair, de thacaíocht éifeachtach a thabhairt d’oibrithe a bhfuil tionchar ag claochluithe eacnamaíocha domhanda orthu, agus ar an gcaoi sin ailíniú a dhéanamh le cuspóirí uileghabhálacha bheartas sóisialta an Aontais.

D’ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin meastóireacht chomh leathan agus is féidir a dhéanamh agus dul i gcomhairle chomh forleathan agus is féidir, ní mór a bheith cúramach maidir le torthaí na meastóireachta mar gheall ar na sonraí teoranta atá ar fáil. De bharr uainiú luath mheastóireacht mheántéarma CED, ba theoranta an fhaisnéis, an fhianaise agus an taithí a bhíothas in ann a fháil ón tréimhse reatha. Ba é an feabhas ar an ngeilleagar an chúis a bhí leis an líon níos ísle iarratas ar CED, agus is mar gheall air sin a bhí na sonraí teoranta ag an bpointe sin. I measc na ndúshlán eile a bhí le sárú sa mheastóireacht bhí easpa táscairí feidhmíochta, teorainn a bheith le comparadóirí oiriúnacha le sonraí ón gcéad suíomh clársceidealaithe, agus acmhainní teoranta don mheastóireacht seo.

Tá an mheastóireacht bunaithe ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, ar agallaimh spriocdhírithe agus ar chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara náisiúnta agus an Aontais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme CED.

Cumhdaítear leis an meastóireacht 18 gcás CED (i.e. iarratais fhormheasta), a fuarthas idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le CED an 3 Bealtaine 2021 agus an 31 Nollaig 2024. Astu sin, meastar 11 iarratas ann nach bhfuil anailís déanta ar na torthaí agus nach mbeidh ar fáil go dtí idir 2025 agus 2027 ós rud é go bhfuil na cásanna fós ar siúl. Cumhdaíonn na cásanna, a bhaineann le 7 mBallstát (an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil agus an Spáinn), 13 earnáil eacnamaíocha, go háirithe gníomhaíochtaí mótarfheithiclí, trádstórála agus tacaíochta le haghaidh iompair, trádáil mhórdhíola, aeriompair agus miotail bhunúsacha.

Is féidir an líon íseal iarratas le linn 2021-2024 a mhíniú ar roinnt cúiseanna. Ceann de na cúiseanna a cuireadh i dtábhacht i meastóireachtaí roimhe seo is ea go raibh líon na n‑iarratas ar CED timthriallach i gcónaí agus go raibh sé nasctha leis an treocht ghinearálta san fhostaíocht agus leis na réaltachtaí eacnamaíocha sna Ballstáit. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, bhí borradh faoi ghnó ag dúnadh agus faoi chaillteanas post ar fud na hEorpa in 2021. Mar sin féin, d’éirigh le geilleagair na hEorpa déileáil go maith leis an ngéarchéim a bhuí go páirteach leis na scéimeanna oibre gearr-ama a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Mar thoradh air sin, bhí níos lú teagmhas athstruchtúraithe ar mhórscála ann agus bhí na Ballstáit in ann déileáil le mórtheagmhais athstruchtúraithe ar bhealach níos fearr.

Mar sin féin, ó bhí 2024 ann, léirítear i mBunachar Sonraí na Faireachlainne Eorpaí um Athstruchtúrú (FEA) 12 de chuid Eurofound gur tháinig méadú géar 50 % ar an líon teagmhas athstruchtúraithe a raibh caillteanas 200 post nó níos mó ag baint leo ó 2023 go 2024 13 , agus gur le linn na tréimhse 2021-2024 a bhí an buaicleibhéal. Chomh maith leis sin, in 2024, den chéad uair ó bhí 2020 ann, bhí líon foriomlán na bpost a cailleadh níos mó ná an líon post a cruthaíodh le linn mórtheagmhais athstruchtúraithe, go háirithe sna hearnálacha is mó a ndearnadh difear dóibh, earnálacha na déantúsaíochta, iompair/stórála agus miondíola 14 . Léiríonn sé sin cor chun donais ó thaobh an gheilleagair a d’fhágfadh, le roinnt moille i gceist (ag brath ar ré agus ar mhéid na dteagmhas athstruchtúraithe), go mb'fhéidir go ndéanfaí mó iarratas ar CED amach anseo.

Cuirtear an mheastóireacht mheántéarma i láthair mar Dhoiciméad Inmheánach Oibre. Is í Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin a dhréachtaigh an Doiciméad Inmheánach Oibre, bunaithe ar thaighde deisce agus allamuigh, ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara, ar anailís ar iarratais ar CED agus ar thuarascálacha deiridh arna gcur isteach ag na Ballstáit. Áiríodh i bhfoinsí eile tuarascálacha agus meastóireachtaí roimhe sin ar CED, agus torthaí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara CED ábhartha ó na Ballstáit uile. Bailíodh agus anailísíodh tuilleadh fianaise ó thaithí roinnt baill foirne de chuid an Choimisiúin a bhainistíonn CED agus ó bhunachar sonraí inmheánach CED an Choimisiúin lena n‑áirítear sonraí maidir le gach cás CED idir 2007 agus 2024. Cuireann torthaí na meastóireachta ceachtanna ar fáil maidir le cur chun feidhme CED. 

Tugtar na torthaí sin ar aird institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais agus do na comhpháirtithe sóisialta 15 .

Na príomhthorthaí de réir critéir mheastóireachta

Is go cúlghabhálach a thairgtear cúnamh i gcónaí faoi CED, tar éis do na hiomarcaíochtaí tarlú. Ní chuirtear cúnamh ar fáil sa bhreis ar bhearta na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ach amháin nuair a chuireann próisis iomarcaíochta comhchoitinne thobanna na seirbhísí poiblí fostaíochta faoi bhrú urghnách agus nuair a chinneann Ballstát iarratas a dhéanamh ar chistiú faoi CED.

Le CED soláthraítear tacaíocht spriocdhírithe, shaincheaptha agus aonair do thairbhithe 16 , rud a chuireann i staid níos fabhraí iad ná daoine nár thairbhigh de thacaíocht CED chun dul isteach sa mhargadh saothair arís 17 . Freagraíonn bearta CED do riachtanais agus do mhianta aonair na dtairbhithe. Le CED cuirtear deireadh le bacainní ar rannpháirtíocht agus áirithítear leis go gcaitear go cothrom le gach tairbhí  18 , agus ag an am céanna dírítear ar ghrúpaí leochaileacha, amhail tairbhithe faoi mhíbhuntáiste, lena náirítear daoine óga agus daoine scothaosta dífhostaithe agus daoine atá i mbaol bochtaineachta. Cuireann CED ar a gcumas do dhaoine a gcuid eolais agus scileanna a fheabhsú, nó tairbhiú de bhearta oiriúnacha eile (e.g. liúntais soghluaisteachta, liúntais cúraim leanaí nó cúram do dhaoine scothaosta.). 

Cuireann CED ar chumas na mBallstát triail a bhaint as bearta nuálacha gníomhacha maidir leis an margadh saothair nach mbeadh ar fáil go coitianta b’fhéidir d’oibrithe iomarcacha. Má bhí rath ar na bearta nuálacha, rinne na Ballstáit, amhail an Bheilg, an Ghearmáin agus an Spáinn, 19 iad a ionchorprú ina dhiaidh sin ina mbearta cúnaimh caighdeánacha.

Éifeachtacht CED

Leis an gcritéar éifeachtúlachta déantar measúnú ar a éifeachtaí a bhí CED maidir lena aidhm a bhaint amach ar leibhéal na hionstraime agus ar leibhéal an cháis araon. Tá sé d’aidhm ag CED (i) dlúthpháirtíocht a léiriú le hoibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht; agus (ii) a áirithiú i gcás gach cáis CED go bhfaighidh an líon is mó tairbhithe fostaíocht inbhuanaithe a luaithe is féidir. Cuirtear torthaí an mheasúnaithe sin i láthair thíos.

Leis an raon feidhme leathnaithe, na critéir idirghabhála mhodhnaithe, na nósanna imeachta um iarratais simplithe (ina gcuirtear deireadh leis an ngá nasc a léiriú le cúis na n‑iomarcaíochtaí) agus na sprioc-amanna nós imeachta níos giorra i gcás an Choimisiúin agus na mBallstát araon, tá CED níos cothroime, níos cuimsithí agus níos inrochtana. Ina theannta sin, measadh gur toisc spreagúil é ráta cómhaoiniúcháin CED a ailíniú le ráta cómhaoiniúcháin CSE+ (agus 60 % ar a laghad á choinneáil ar bun ag an am céanna), chun iarratas a dhéanamh ar ranníocaíocht airgeadais ó CED.

Tacaíonn CED le gach tairbhí incháilithe ar bhealach níos saincheaptha agus níos déine ná mar a thacaíonn bearta náisiúnta agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Síltear a mhór den tsolúbthacht a bhaineann le CED ó thaobh na gcineálacha beart de. Ba mhaith le roinnt Ballstát céatadán níos airde ná 35 % a úsáid le haghaidh na liúntas 20 , amhail liúntais cuardaigh poist, liúntais oiliúna, liúntais chothaithe agus liúntais soghluaisteachta.

Cuireann bearta CED borradh faoi bhearta náisiúnta toisc go dtairgtear iad i gcónaí sa bhreis ar bhearta náisiúnta. Deimhnítear le torthaí ó mheastóireachtaí roimhe seo agus le haiseolas ó na tairbhithe nach mbeadh an chabhair a tairgeadh ar fáil murach sin. Is léiriú soiléir é sin go gcomhlánaíonn bearta CED an méid atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus go gcuireann siad leis an méid sin.

Bhí tionchar dearfach ag rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na gcuideachtaí i leagan as oibrithe ar éifeachtacht chásanna CED trí rannchuidiú le dearadh agus cur chun feidhme níos fearr na mbeart. Ó am go ham, threoraigh a rannpháirtíocht sa Fhrainc agus sa Spáinn na tairbhithe chun poist nua a aimsiú go tapa.

Léiríonn aiseolas ó shuirbhéanna atá dírithe ar thairbhithe go bhfuil feabhas tagtha ar an bhfeasacht fhoriomlán atá ar CED i gcomparáid le tréimhsí roimhe sin cé go bhféadfaí feabhas a chur ar an bhfeasacht sin fós. Measadh gur sócmhainn do na tairbhithe i roinnt cásanna é cur chun cinn an Choimisiúin maidir le húsáid CED. I roinnt Ballstát (go háirithe BE, CY, DE, EE, ES, IT, FI, HR, HU, IE, LT, LV, PT, SE), tá feasacht mhéadaithe ar CED toisc gur ghlac eagraíochtaí oibrithe, comhlachtaí cur chun feidhme, lucht ceaptha beartas agus comhpháirtithe sóisialta páirt i roinnt de na bearta a chur i gcrích. I mBallstáit eile (go háirithe FR, CZ, MT, PL, SI, PL, RO, SE), ní raibh na páirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n‑áirítear tairbhithe, ar an eolas faoi CED ná faoi na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar a éifeachtacht. Tá deis ann feabhas a chur ar chumarsáid agus ar fheasacht maidir le CED i measc oibrithe agus a n‑eagraíochtaí ionadaíocha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Bhí thart ar 80 % de fhreagróirí an tsuirbhé ar na tairbhithe ar an eolas gur CED/an tAontas a rinne cómhaoiniú ar an gcistiú a fuair siad, ach ní raibh 20 % díobh.

Déanann bacainní ar éifeachtacht CED torthaí meastóireachtaí roimhe seo a athdheimhniú, lena n‑áirítear (liosta nach bhfuil in ord tosaíochta): a) an próiseas cinnteoireachta fada casta ar leibhéal an Aontais (5.5 mí ar an meán, feabhas i gcomparáid le 7.2 mí in 2014-2020); (b) moill ag tosú ar an gcur chun feidhme; c) na nósanna imeachta riaracháin náisiúnta sna Ballstáit; d) saincheisteanna maidir le bainistiú cásanna ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach agus easpa taithí na mBallstát maidir le CED a úsáid; e) saincheisteanna a bhaineann le haois na dtairbhithe (e.g. daoine scothaosta a dteastaíonn dianoiliúint uathu); f) deacrachtaí maidir le teagmháil a dhéanamh le hoibrithe iomarcacha agus iad a ghníomhachtú (mar thoradh ar dheacrachtaí a sonraí teagmhála a fháil in amanna mar gheall ar shrianta cosanta sonraí); g) easpa toilteanais oibrithe maidir le soghluaisteacht lucht saothair agus athrú; h) fadhbanna agus moilleanna maidir le dearadh agus cur chun feidhme bhearta CED; i) easpa feasachta ar CED i roinnt Ballstát; j) deacracht institiúideach maidir le cistí breise a bhainistiú, lena n‑áirítear ionstraimí eile amhail CSE+, an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA).

Chomh maith le hath-imeascadh sa mhargadh saothair, bhí éifeachtaí fadtéarmacha ag CED ar infhostaitheacht ghinearálta na dtairbhithe, amhail scileanna agus cáilíochtaí nua a thabhairt dóibh. Áirítear ar na héifeachtaí sin scileanna digiteacha agus scileanna comhshaoil/glasa a thabhairt do thairbhithe, féinmheas méadaithe, cáilíochtaí níos fearr a bheith acu le haghaidh oibre, mothú go spreagtar iad chun laofacht inscne i roghnú post a shárú agus a líonraí sóisialta a leathnú ó pháirt a ghlacadh i mbearta CED. Tá na torthaí boga sin le feiceáil go héasca sa suirbhé ar na tairbhithe a ghabhann le gach cás CED, rud a chuireann cur chuige níos cáilíochtúla ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht. Tugadh faoi deara socruithe níos fearr maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú tar éis na táscairí coiteanna sonracha agus an suirbhé ar na tairbhithe le haghaidh gach cás CED a áireamh sa Rialachán maidir le CED 2021-2027. Mar sin féin, ós rud é nach ceanglas faoi láthair é spriocanna cás-shonracha a shocrú ag céim an iarratais, ní féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht gach cáis. Mar sin féin, i ndáil leis an togra ón gCoimisiún maidir le spriocanna cás-shonracha a leagan síos agus go mbeadh tuairisciú de réir cineál fostaíochta san áireamh, níor áiríodh sin sa chomhaontú deiridh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an Rialachán maidir le CED don tréimhse 2021-2027. Go ginearálta, tháinig feabhas ar an bhfaireachán ar éifeachtacht CED le linn 2021-2024.

Ar an iomlán, tá CED éifeachtach, agus bhain sé amach cuspóir na dlúthpháirtíochta i gcás oibrithe iomarcacha agus daoine féinfhostaithe ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht mar gheall ar theagmhais athstruchtúraithe, agus ag an am céanna thug tacaíocht dóibh poist inbhuanaithe a aimsiú nó a ngnó féin a thosú. Ba thart ar 50 % meánráta ath-imeasctha na noibrithe iomarcacha sa mhargadh fostaíochta le haghaidh na seacht gcás a cuireadh i gcrích, ráta a bhí níos ísle ná mar a bhí sa chlárthréimhse roimhe sin (60 % i gcás 46 chás). Ní mór a bheith cúramach maidir leis na torthaí sin mar gheall gur sampla beag a bhí i gceist le linn na tréimhse 2021-2024. Tá an ráta sin ag brath ar shainiúlachtaí cásanna agus ar thosca seachtracha (amhail an staid i margadh an tsaothair, na hearnálacha sonracha gníomhaíochta) agus ar chúiseanna pearsanta na dtairbhithe. San fhadtéarma, tháinig feabhas ar na rátaí ath-imeasctha i bhformhór na gcásanna 21 .

Éifeachtúlacht CED

Leis an gcritéar éifeachtúlachta déantar anailís ar a mhéid a bhí údar cuí leis na costais a bhaineann le cur chun feidhme CED agus na torthaí á gcur san áireamh (anailís costais is tairbhe) 22 . Rinneadh é sin trí anailís a dhéanamh ar na hacmhainní a úsáideadh chun na torthaí a bhaint amach chomh maith leis an bpróiseas cinnteoireachta. Déantar anailís leis freisin féachaint an bhfuil aon neamhéifeachtúlacht nó ualach neamhriachtanach ann ar leibhéal an cháis nó ar leibhéal na hionstraime.

Níl na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le CED, de réir sainmhínithe, in‑ríomhchláraithe toisc gur gan choinne a tharlaíonn teagmhais athstruchtúraithe as a n‑eascraíonn na hiomarcaíochtaí. Dá bhrí sin, ní féidir an líon ollteagmhas comhiomarcaíochta a tharlóidh in aon bhliain ar leith ná próifíl na dtairbhithe a shainiú roimh ré. Chomh maith leis sin, is deacair meastachán cruinn a dhéanamh ar an líon beacht daoine a chláróidh le haghaidh bhearta CED, ar chineál agus ar ré na mbeart is gá, agus ar an méid den bhuiséad atá beartaithe don phacáiste seirbhísí pearsantaithe a chaithfear nuair a dhréachtaíonn na Ballstáit a n‑iarratas ar thacaíocht CED.

Chuir giorrú na nósanna imeachta chun iarratais aonair a ghlacadh le haghaidh an Choimisiúin agus na mBallstát araon feabhas ar éifeachtúlacht CED. Ba 5.5 mí ar an meán an tam iomlán le haghaidh nósanna imeachta ar leibhéal an Aontais le linn na tréimhse 2021-2024 23 , is é sin laghdú i gcomparáid le 7.2 mí in 2014-2020. Ina ainneoin sin, measann 16 Bhallstát fós go bhfuil an próiseas cinnteoireachta ar leibhéal an Aontais fada agus/nó casta. 24 I roinnt Ballstát, 25 meastar gurb é an nós imeachta fada an taon bhacainn ar iarratas a dhéanamh ar thacaíocht CED. Bíonn próiseas fada den sórt sin ina chúis le moilleanna ar chur chun feidhme tionscadal, ach léiríonn torthaí go bhfuil nósanna imeachta ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach ina mbacainn níos mó ar éifeachtúlacht i gcásanna áirithe.

De réir na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara ar leibhéal an cháis, meastar gur leor na méideanna atá ar fáil le haghaidh na mbeart. Chreid formhór na bhfreagróirí ar chomhairliúchán i scríbhinn an Choimisiúin nárbh fhéidir na torthaí céanna a bhaint amach le níos lú acmhainní ná i dtréimhse ama níos giorra.

Scrúdaítear an ráta ionsúcháin (an céatadán den chúnamh a deonaíodh a caitheadh) agus anailís á déanamh ar na hacmhainní a úsáideadh cás ar chás. Mar sin féin, ní léirítear leis an chostéifeachtúlacht ar leibhéal an cháis. Thairis sin, níl aon sprioc chás-shonrach aige agus ní féidir é a mheas mar tháscaire feidhmíochta ná mar tháscaire ar rath an cháis. Mar a tharla i gclárthréimhsí roimhe seo, is gnách nach núsáideann formhór chásanna CED ach cuid anbheag de na hacmhainní a leithdháiltear orthu. Léirítear dul chun cinn sa tréimhse 2021-2024 maidir le rátaí ionsúcháin chómhaoiniú CED. Maidir leis na seacht gcás ó 2021-2024, ba é 63 % an meánráta ionsúcháin (maidir le 7 gcás CED), ar feabhas é i gcomparáid leis na tréimhsí roimhe sin (55 % ar an meán le haghaidh 73 chás in 2007-2013 agus 59 % ar an meán le haghaidh 46 chás in 2014-2020) 26 , rud a léiríonn, go pointe áirithe, úsáid níos fearr á baint as acmhainní a leithdháileadh.

Ar leibhéal na mBallstát, tar éis comparáid a dhéanamh idir an méid iomlán CED a caitheadh in aghaidh an cháis agus an líon tairbhithe ar tugadh cúnamh dóibh, is é an treocht ghinearálta gur tugadh cúnamh do níos mó tairbhithe i gcásanna a fuair níos mó cistiú CED. Tá líon níos airde tairbhithe ag iarraidh níos mó acmhainní airgeadais. Mar sin féin, tá feidhm aige sin nuair a bhíonn oiliúint níos déine nó níos casta agus níos costasaí de dhíth ar na tairbhithe. Ar an iomlán,, níorbh fhéidir teacht ar aon chonclúid fhiúntach maidir leis an gcostéifeachtúlacht in aghaidh an tairbhí toisc go bhfuil difríocht mhór de réir an cháis, na hearnála agus an Bhallstáit idir na hacmhainní a caitheadh in aghaidh an cháis, agus líon na dtairbhithe ar tugadh cabhair dóibh agus a ath-imeascadh i margadh an tsaothair mar thoradh air sin. Braitheann costais den chuid is mó ar shainiúlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le cineál na mbeart a thairgtear, agus cúlra na dtairbhithe.

Faoi mar a bhí i gclárthréimhsí roimhe seo, b’fhéidir fós cistí a ath-leithdháileadh idir bearta bunaithe ar riachtanais a tháinig chun cinn le linn na tréimhse cur chun feidhme. Mar sin féin, i gcás ath-leithdháiltí os cionn 20 %, ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas. Tharla ath-leithdháiltí den sórt sin in 22 % de chásanna (4 as 18) 27 agus in 2014-2020 tharla siad sin i dtuairim is 10 % de chásanna (5 as 46).

Comhleanúnachas CED

Tá CED comhleanúnach le beartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus tá dóthain solúbthachta ag baint leis chun na bearta maidir leis an margadh saothair a chuireann na Ballstáit ar fáil ar an leibhéal náisiúnta a chomhlánú agus/nó cur leo. I gcásanna áirithe, bhí idirghabháil CED mar chuid de chreat beartais níos leithne a bhí dírithe ar iarmhairtí comhiomarcaíochtaí i réigiún a íoslaghdú, agus ar an gcaoi sin comhleanúnachas a áirithiú idir na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag páirtithe leasmhara réigiúnacha agus áitiúla eile, agus inbhuanaitheacht thorthaí CED a mhéadú freisin 28 .

Ar leibhéal an cháis, níor sainaithníodh aon fhorluí le cistiú eile ón Aontas ná le cistiú náisiúnta eile. Aimsíodh comhlántachtaí láidre idir CED agus CSE+. Go háirithe, áirithítear comhlántacht trí chomhordú idir na cistí ar an leibhéal náisiúnta. Tá deis ann CED agus CSE+ a ailíniú ar bhealach níos fearr ó thaobh infhaighteachta de, toisc go roghnaíonn roinnt Ballstát bearta de chineál CED a chistiú trí úsáid a bhaint as CSE+, CUAC agus STA toisc go bhfuil na hionstraimí sin ar fáil cheana féin agus go soláthraíonn siad níos mó solúbthachta chun méideanna a ath-leithdháileadh go tapa.

Leis an gceanglas nua atá ar na Ballstáit míniú a thabhairt i ngach iarratas CED ar an gcaoi a ndéantar é a chomhordú trí úsáid a bhaint as na moltaí a leagtar amach i gCreat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh maidir le réamhaíocht ar athrú agus athstruchtúrú, creat dea-chleachtais chun réamh-mheas a dhéanamh ar athstruchtúrú corparáideach agus chun déileáil leis, soláthraítear tuilleadh fianaise maidir le comhlántacht CED le bearta agus ionstraimí náisiúnta.

Breisluach AE maidir le CED

Le breisluach AE, déantar anailís ar a mhéid a tharla athruithe a bhuí le hidirghabháil seo an Aontais. Déantar é sin trí anailís a dhéanamh ar na tairbhí breise a bheadh ann i gcomparáid le cás ina dtabharfadh na Ballstáit cúnamh agus an éifeacht a bheadh ann deireadh a chur le CED.

D’ainneoin fianaise theoranta a bailíodh ó chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, léiríonn torthaí na meastóireachta sin go soláthraíonn CED breisluach i gcomparáid leis an méid a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach ina naonar trí bhearta náisiúnta atá dírithe ar chabhrú le hoibrithe a rinneadh iomarcach. Léiríonn torthaí na gcomhairliúchán i scríbhinn go raibh thart ar 70 % de na freagróirí den tuairim go raibh breisluach ag baint le CED 29 . Mheas thart ar 62 % de fhreagróirí an tsuirbhé ar na tairbhithe go raibh CED fabhrach i gcomparáid le foinsí eile tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach, agus luaigh siad gur tairbhe amháin a bhain le tacaíocht CED í a bheith saincheaptha do riachtanais shonracha na dtairbhithe. 

Tá rath ar CED agus gineadh breisluach mór AE leis in 2021-2024. Mar a deimhníodh i meastóireachtaí CED roimhe seo, tá sé sin fíor go háirithe maidir lena éifeachtaí toirte, a raon feidhme (e.g. bearta nuálacha 30 ), a ról agus a éifeachtaí próisis 31 , cé go bhfuil siad éagsúil ó Bhallstát go Ballstát agus go mbraitheann siad den chuid is mó ar struchtúir náisiúnta tacaíochta. Maidir leis an mbreisluach atá ann maidir le héifeachtaí toirte, tá an breisluach sin suntasach rud a chiallaíonn go méadaíonn cúnamh CED ní hamháin líon agus éagsúlacht na seirbhísí a thairgtear, ach a leibhéal déine freisin, agus leis sin féachtar le gan aon duine a fhágáil ar lár.

Ós rud é go gcomhlánaíonn CED ionstraimí eile de chuid an Aontais den chuid is mó (go háirithe CSE+), tá breisluach AE leis i gcomparáid le raonta feidhme agus spriocghrúpaí na n‑ionstraimí sin.

De chonclúid air sin, nuair a chuirtear san áireamh na teorainneacha atá ar an meastóireacht seo, leanann CED, faoin gcreat rialála atá ann faoi láthair, de bhreisluach AE a sholáthar trí thacaíocht éifeachtach a thabhairt d’oibrithe a bhfuil tionchar ag claochluithe eacnamaíocha domhanda orthu, agus dá bhrí sin tá sé i gcomhréir le cuspóirí uileghabhálacha bheartas sóisialta an Aontais.

Ábharthacht CED

Déantar measúnú ar ábharthacht CED leis na critéir mheastóireachta maidir le hábharthacht. Cumhdaítear leis trí ghné lárnacha: (i) oiriúnacht agus úsáideacht raon feidhme leathnaithe CED; (ii) critéir idirghabhála mhodhnaithe CED mar a leagtar amach i Rialachán CED 2021-2027; agus (iii) a mhéid a riar sé ar riachtanais na mBallstát.

Le linn na tréimhse 2021-2024, léirigh an fhianaise go bhfuil an raon feidhme leathnaithe ábhartha, úsáideach dá aidhmeanna, ós rud é gur fearr a léiríonn sé an staid eacnamaíoch agus go bhfágann sé go bhfuil CED níos inrochtana. D’aontaigh formhór na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo freisin go bhfuil an nós imeachta um iarratais níos simplí agus níos tapúla de bharr nach gá an chúis atá leis na hiomarcaíochtaí a léiriú níos mó.

Leis an raon feidhme leathnaithe agus an nós imeachta um iarratais simplithe, tá CED ar fáil chun gach oibrí iomarcach a chumhdach le linn mórtheagmhas athstruchtúraithe, agus ar an gcaoi sin féachtar le gan aon duine a fhágáil ar lár. Tá cinntí maidir le cómhaoiniú CED bunaithe ar an tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí (arna sainiú leis an tairseach 200 oibrí iomarcach), seachas ar an gcúis atá leo. Leis an bhfíoras sin, tugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit chun díriú ar riachtanais na n‑oibrithe iomarcacha. Bunaithe ar an bhfianaise a bailíodh, tá raon feidhme CED oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh saothair a bhaineann le huathoibriú, IS, an t‑aistriú digiteach agus an t‑aistriú glas, etc agus a bhíonn ag síorathrú.

Fuarthas go raibh na critéir idirghabhála mhodhnaithe lena laghdaítear an tairseach iomarcaíochtaí go 200 ábhartha agus úsáideach. Chuir roinnt Ballstát in iúl go bhféadfadh margaí saothair níos lú tairbhe a bhaint anois as an íostairseach le haghaidh iomarcaíochtaí a ísliú. Measann formhór na bpáirtithe leasmhara gur toisc spreagúil í an tairseach íslithe do na Ballstáit le hiarratas a dhéanamh, de bhrí gur measadh gurbh bhacainn í an tairseach roimhe sin le haghaidh 2014-2020. Go ginearálta, tá líon iomlán na n‑oibrithe spriocdhírithe níos ísle ná líon na n‑oibrithe iomarcacha toisc nach mbíonn tacaíocht de dhíth ar gach oibrí a dhífhostaítear. Maidir le tairseach na n‑oibrithe dífhostaithe, i gcúig iarratas (as 18 n‑iarratas a fuarthas in 2021-2024), i.e. 27 %, bhí líon iomlán na n‑oibrithe dífhostaithe faoi bhun 500 dífhostú, agus sa chuid eile (13 chás) bhí sé os cionn 500. I dtaobh líon na n‑oibrithe ar díríodh orthu le haghaidh bhearta CED, bhí líon na n‑oibrithe a rabhthas ag díriú orthu níos lú ná 500 in 11 iarratas, agus ba mhó ná 500 an líon oibrithe a rabhthas ag díriú orthu i seacht n‑iarratas..

Ar bhonn mheastóireachtaí CED roimhe seo, le Rialachán CED 2021-2027, modhnaíodh an tréimhse thagartha chun an tairseach 200 oibrí iomarcach a ríomh go 4 mhí (i gcás dífhostú i gcuideachta nó i gcás réigiúnach 32 ) agus go 6 mhí 33 (i gcás dífhostú i gcás earnála). Lasmuigh den tréimhse thagartha 4 mhí nó 6 mhí, d’fhéadfaí níos mó oibrithe iomarcacha agus daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht, a chuimsiú mar thairbhithe incháilithe, ar choinníoll go dtarlaíonn an dífhostú 6 mhí roimh thosach na tréimhse tagartha nó idir deireadh na tréimhse tagartha agus an lá deireanach sula dtabharfaidh an Coimisiún an measúnú i gcrích. Go ginearálta, measadh go raibh an modhnú sin úsáideach i bhfianaise riachtanais na noibrithe iomarcacha.

Leis an athrú ar na critéir idirghabhála chun an rogha tacú le hoibrithe iomarcacha ó roinnt earnálacha eacnamaíocha i réigiún a chur san áireamh, tugadh aghaidh ar an aiseolas ó údaráis náisiúnta agus réigiúnacha sa mheastóireacht roimhe sin, inar measadh go raibh an tairseach ard ina bacainn ar iarratas a dhéanamh ar thacaíocht CED. Dá bhrí sin, tá cur chuige níos solúbtha ag CED anois maidir le teagmhais athstruchtúraithe a bhfuil baint ag níos mó ná cuideachta amháin leo. Baineadh úsáid as an rogha sin i gcás earnála amháin lenar cumhdaíodh oibrithe ó dhá earnáil eacnamaíocha (innealra agus trealamh, agus páipéar).

Maidir le hábharthacht, i dtaca leis an gceist faoina mhéid a thugann CED aghaidh ar riachtanais na mBallstát, athdheimhnítear torthaí mheastóireachtaí CED roimhe seo le torthaí na meastóireachta seo. Is é sin go bhfuil comhaontú forleathan ann ar fud gach grúpa páirtithe leasmhara go bhfuil CED saincheaptha go leordhóthanach do riachtanais shonracha na spriocghrúpaí ábhartha. Léirítear sna hagallaimh a rinneadh ar leibhéal an Aontais freisin feabhsuithe i ndearadh an phacáiste beart ar leibhéal na mBallstát le gach clárthréimhse, agus luaitear iontu gur cuireadh an comhthéacs socheacnamaíoch san áireamh níos mó agus níos mó i mbearta CED. Ós rud é gur tugadh aghaidh níos cuimsithí ar riachtanais oibrithe den sórt sin, mar shampla trí thacaíocht bhreise do chúram leanaí agus sochair a sholáthar le linn an phróisis athoiliúna (sa Spáinn).

Mar a tharla i gclárthréimhsí roimhe seo, ceadaítear leis an Rialachán maidir le CED 34 méid áirithe solúbthachta chun cistí a ath-leithdháileadh idir bearta bunaithe ar riachtanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na tréimhse cur chun feidhme, ar choinníoll nach sáraítear buiséad iomlán CED.

Mar fhocal scoir, léirítear sa mheastóireacht leibhéal ard ábharthachta maidir le cistiú CED le linn na tréimhse 2021-2024. Léiríonn an fhianaise freisin go bhfuil an raon feidhme leathnaithe agus na critéir idirghabhála mhodhnaithe ábhartha, gur fearr a léiríonn siad na réaltachtaí eacnamaíocha agus go ndéanann siad CED níos inrochtana.

I dtaobh na riachtanas a bheidh ann amach anseo, trí fhéachaint ar shonraí meigithreochtaí 35 a bhaineann leis an gcaoi a noibríonn daoine agus a bhfoghlaimíonn siad, na dúshláin a bhaineann leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, tionchar na hintleachta saorga, mar aon le daonra an Aontais atá ag laghdú agus ag dul in aois, agus an timpeallacht gheopholaitiúil, is cosúil go léiríonn na sonraí go bhfuil géarghá le scileanna nua. Trí infheistíocht a dhéanamh in athsciliú agus in uas-sciliú na noibrithe, go háirithe oibrithe leochaileacha e.g. an earnáil monaraíochta nó san earnáil mótarfheithiclí, d’fhéadfaí tacú le próiseas claochlaithe na nearnálacha sin, nó i gcásanna áirithe, caillteanas post amach anseo a chosc. Nuair nach féidir an tathstruchtúrú a chosc, is fearr a bheadh sé d’acmhainn ag oibrithe a ndearnadh athoiliúint orthu cheana post nua a aimsiú go tapa agus dífhostaíocht a sheachaint.

Ceachtanna a foghlaimíodh

Léirítear sna comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara roinnt príomhcheachtanna a foghlaimíodh ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais araon, rud a chuir feabhas ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus ábharthacht CED.

Ar leibhéal na mBallstát, tá roinnt príomhcheachtanna foghlamtha.

·Cuirtear próiseas iarratais níos tapúla ar fáil do Bhallstáit a bhfuil taithí acu roimhe seo ar chásanna CED, trí iarratais níos iomláine a ullmhú, as a dtiocfaidh barainneachtaí scála de bharr taithí a fuarthas leis an bpróiseas iarratais. Mar sin féin, tá an nós imeachta fadálach fós ina bhac ar roinnt Ballstát.

·Trí úsáid a bhaint as cúnamh CED spreagtar forbairt sásra seachadta ghinearálta i dtaca le cúnamh a athstruchtúrú i mBallstáit atá ar bheagán taithí maidir le bheith ag dul i ngleic le comhiomarcaíochtaí.

·Tús a chur luath le nósanna imeachta náisiúnta chun luath-idirghabháil a áirithiú.

·Bearta margaidh saothair a dhearadh chun tacaíocht shaincheaptha bunaithe ar riachtanais na dtairbhithe a chuimsiú.

·An tábhacht a bhaineann le tacaíocht atá i ngaireacht fhisiceach agus atá inrochtana go héasca do thairbhithe. In go leor cásanna, bhí tionchar dearfach ag tacaíocht CED ar an gcaoi a ndéantar bearta gníomhacha mhargadh an tsaothair a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus na comhpháirtíochtaí a chuireann leo.

·An gá le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí cumarsáide. Is féidir é sin a bhaint amach trí na bearta agus na gníomhaíochtaí a dtacaíonn CED leo agus mar a thacaíonn sé leo a mhíniú, sa bhreis ar oibreoirí náisiúnta CED, trí chumarsáid arna cur in oiriúint do pháirtithe leasmhara éagsúla (tairbhithe, cuideachtaí agus soláthraithe oiliúna). Ba cheart do na Ballstáit cumarsáid ghníomhach a dhéanamh agus feasacht a mhúscailt maidir le CED, go háirithe i measc tairbhithe, ós rud é nach ndéantar é sin go córasach ná den mhéid céanna i dtíortha uile an Aontais.

Ar leibhéal an Aontais, tá roinnt príomhcheachtanna foghlamtha. 

·Mar gheall ar an raon feidhme a leathnú chun daoine a chuirtear as a bpost in aon teagmhas athstruchtúraithe ar mhórscála a chumhdach, gan beann ar an gcúis, tá CED níos inrochtana.

·Trí CED a shlógadh ar bhealach níos tapúla agus níos simplí mar thoradh ar an bpróiseas iarratais, agus níos lú fianaise ag teastáil agus spriocdhátaí níos giorra ann, tá CED níos inrochtana. Meastar, mar sin féin, go bhfuil fad an nós imeachta fós rófhada agus róchasta. Chuirfí feabhas ar inrochtaineacht CED agus ar a ghlacadh ach an próiseas cinnteoireachta a dhéanamh níos tapúla fós.

Leis na ceanglais tuairiscithe nua, cuirtear feabhas ar an bhfaireachán ar éifeachtacht an Chiste. D’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar thomhas agus ar fhaireachán éifeachtacht CED, dá bhforbródh na Ballstáit spriocanna cás-shonracha. Tá roinnt Ballstát den tuairim, mar sin féin, go bhfuil ualach rómhór ag baint leis na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe mar atá.

Togra ón gCoimisiún chun Rialachán CED 2021-2027 a leasú

Mhol an Coimisiún leasú ar Rialachán CED an 1 Aibreán 2025 36 . Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an raon feidhme a leathnú chun oibrithe atá i mbaol a bpost a chailleadh go luath i gcuideachtaí a bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh orthu a chumhdach freisin. Thacódh CED le hoibrithe na scileanna is gá a shealbhú chun cabhrú leo aistriú go ról eile, nó chun post a athrú. Trí thacaíocht a shlógadh go tapa sula dtarlaíonn dífhostú comhchoiteann agus caillteanais post, cuirfidh CED cosc ar shuaitheadh níos mó agus cinnteoidh sé aistrithe poist níos rianúla. Beidh ar chuideachtaí cuid den chúnamh a thairgtear d’oibrithe a chómhaoiniú.

Cé nach bhfuil siad mar chuid de raon feidhme tosaigh na meastóireachta, bunaithe ar na torthaí teoranta, d’fhéadfaí tarraingt ar roinnt ceachtanna a áirítear sa mheastóireacht le haghaidh an togra chun an Rialachán a leasú. Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta seo, molann an Coimisiún cuíchóiriú agus dlús a chur leis na nósanna imeachta chun tacaíocht CED a shlógadh, chun a áirithiú go mbeidh sí ar fáil go tapa sna háiteanna is mó a bhfuil gá léi.

Faoi na rialacha atá ann faoi láthair, ní mór do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach iarraidh ar thacaíocht faoi CED a athbhreithniú agus a fhormheas. Faoin togra, bheadh an rogha acu buiséad CED a fhormheas uair sa bhliain, agus leithdháilfeadh an Coimisiún an cistiú ar na Ballstáit bunaithe ar a n‑iarrataí.

Chomh maith leis an nós imeachta slógtha níos tapúla ar leibhéal an Aontais, molann an Coimisiún spriocdhátaí níos giorra do na Ballstáit agus don Choimisiún araon agus iarrataí ar chúnamh á bpróiseáil aige. Laghdódh sé sin amlíne iomlán formheasa cáis ó 21 sheachtain go 11 sheachtain, agus ar an gcaoi sin thabharfaí aghaidh ar an ngné sin de thorthaí na meastóireachta.

Tá plé ar an togra ar bun i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.

(1)

Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006, IO L 406, 30.12.2006, lch. 1 .

(2)

      Rialachán (CE) Uimh. 546/2009, IO L 167, 29.6.2009, lch. 26 .

(3)

  Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, IO L 347, 20.12.2013, lgh. 855–864 , ( ‘Rialachán CED’).

(4)

Idir 2007-2009 agus 2012-2013, ba 50 % ráta cómhaoinithe CED agus méadaíodh é go 60 % le linn 2009-2011 agus 2014-2020 (Féach Iarscríbhinn 6 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo).

(5)

Féach an teachtaireacht The EU budget powering the recovery plan for Europe [Buiséad an Aontais Eorpaigh lena gcumhachtaítear an plean téarnaimh don Eoraip], 27.5.2020.

(6)

Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020, IO L 159, 20.5.2020, lgh. 1–7

(7)

  Rialachán (AE) 2021/691, IO L 153, 3.5.2021, lgh. 48–70. .

(8)

Tugadh na hathruithe isteach den chuid is mó bunaithe ar an Measúnú tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialachán maidir le CED 2021-2027 , ar an  meastóireacht ex post ar CED 2014-2020 agus ar mheastóireachtaí CED roimhe sin agus ar thuarascálacha ar CED, amhail an mheastóireacht ex post ar CED 2007-2013 , tuarascáil speisialta Uimh. 7 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le CED (2013) , Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach CED 2007-2014 ó Pharlaimint na hEorpa .

(9)

Tá ráta cómhaoiniúcháin CED ailínithe leis an ráta cómhaoiniúcháin CSE+ is airde sa Bhallstát lena mbaineann, agus ag an am céanna coimeádtar 60 % mar íosráta.

(10)

  COM(2025)140

(11)

Ní raibh torthaí na chéad seacht gcás CED ar fáil go dtí an dara leath de 2024.

(12)

 Is é FEA an fhoinse sonraí is cuimsithí ina dtaifeadtar gach fógra maidir le hiomarcaíochtaí in aon bhliain ar leith. Taifeadtar fógraí athstruchtúraithe i FEA bunaithe ar scagadh a dhéantar ar phríomhfhoinsí na meán i ngach ceann de na Ballstáit. An Fhaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú| An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú

(13)

 San Aontas, in 2024, tharla 309 dteagmhas athstruchtúraithe inar cailleadh 200 post nó níos mó i gcás inar taifeadadh iad, i gcomparáid le 205 in 2023.

(14)

  An Fhaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú| An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú . Mar shampla, chláraigh FEA in 2024 in AE27, gur cailleadh 39706 phost ach nár cruthaíodh ach 5727 bpost san earnáil monaraíochta gluaisteán (is iad seo a leanas earnálacha NACE a chuimsítear: C27.1, 29.1, 29.2, 29.3, 30.3, 30.9, 74.9).

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 22(2) den Rialachán CED.

(16)

De réir na seacht suirbhé ar thairbhithe CED, d’aontaigh 62 % de na freagróirí (645 fhreagra san iomlán) go raibh CED saincheaptha dá riachtanais.

(17)

 Study supporting the ex post evaluation of the European Globalisation Adjustment Fund (2014-2020),[Staidéar lena dtacaítear leis an meastóireacht ex post ar an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020),] lch. 13, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/ceb95383-a24f-11eb-b85c-01aa75ed71a1.

(18)

Sa Spáinn, tugtar aird ar leith freisin ar inrochtaineacht i ngach áit a bhaineann le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an tionscadail (gníomhaíochtaí faisnéise, múscailt feasachta, etc.) chun rannpháirtíocht chomhionann daoine faoi mhíchumas a bhaint amach. Áirítear sa Bheilg bearta lena dtairgtear dreasachtaí airgeadais do gach fostóir in earnáil an gheilleagair shóisialta a fhostóidh oibrí atá 50 bliain d’aois nó níos sine. Sampla eile ón mBeilg is ea go dtugann siad faisnéis chomhchoiteann do dhaoine atá i mbaol bochtaineachta maidir leis na tionchair chánach a bhaineann leis an athrú stádais ó oibrí go duine dífhostaithe ach freisin maidir le rófhéichiúnas a chosc. Déanann an Bheilg agus an Spáinn araon iarracht steiréitíopaí inscne a shárú trí dhreasachtaí airgeadais a thairiscint do mhná a ghlacann páirt i gcláir oiliúna nó a shaothraíonn poist ar gnách d’fhir iad a shaothrú nó a dhéanamh.

(19)

Sa Bheilg, sa Danmhairg, sa Ghearmáin, sa Ghréig, san Iodáil agus sa Spáinn. I bhFlóndras na Beilge, áirítear ar shamplaí aontaí poist a eagrú chun cabhrú le hoibrithe iomarcacha poist nua a aimsiú, agus sa Vallúin tugadh dreasachtaí do thairbhithe chun páirt a ghlacadh in oiliúint dhigiteach. Sa Ghearmáin freisin, tugadh táibléad do thairbhithe a thug an oiliúint dhigiteach i gcrích. Sa Spáinn, úsáideadh cásanna CED mar phointe tagartha i ndearadh tionscadal socrúcháin cuardaitheora poist eile agus tionscnamh fostaíochta áitiúil.

(20)

Mar a tharla le linn na tréimhse 2014-2020, is é an uasteorainn atá fós le cómhaoiniú liúntas 35 % den phacáiste iomlán de bhearta pearsantaithe, chun cúnamh comhréireach a sholáthar, agus i gcomhréir leis na torthaí a bhí ar iniúchadh ar CED 2007-2013 ( CIE (2013), lch. 28 ). Ní féidir liúntais den sórt sin a chómhaoiniú ach amháin má tá siad coinníollach ar rannpháirtíocht ghníomhach i mbearta CED.

(21)

 I ngach ceann de na seacht gcás CED ó 2021 ina raibh suirbhéanna ar na tairbhithe ar fáil, léirigh an t-aiseolas a fuarthas ó na tairbhithe gur tháinig feabhas sa bhfadtéarma ar an ath-imeascadh sa mhargadh saothair i gcomparáid leis an ngearrthéarma tar éis páirt a ghlacadh sa bheart deireanach CED. Áiríodh an toradh céanna sa mheastóireacht a rinneadh ar CED roimhe seo freisin.

(22)

Breithnítear le costéifeachtúlacht CED a mhéid atá na costais arna dtabhú comhréireach leis na torthaí (a shainmhínítear mar líon na dtairbhithe ar tugadh cabhair dóibh, líon na dtairbhithe a ath-imeasctar, céatadán na dtairbhithe san oideachas nó san oiliúint agus a bhain cáilíocht amach agus éifeachtaí fadtéarmacha ar infhostaitheacht ghinearálta na dtairbhithe) agus an bhféadfaí iad a bheith bainte amach le níos lú acmhainní (ráta ionsúcháin) agus/nó i dtréimhse ama níos giorra. Nuair a bhí anailís á déanamh ar choincheap an ama, rinneadh anailís ar na gnéithe seo a leanas: uainiú agus fad na n-iarratas, uainiú agus fad na mbeart athfhostaíochta.

(23)

Ó dháta an iarratais go dtí dáta na híocaíochta.

(24)

AT, CY, CZ, DE, FI, HR, HU, IE, IT, LT, LU, MT, PL, PT, SE, SI (de réir an tsuirbhé i scríbhinn a rinne an Coimisiún i mí na Samhna 2024, i gcás na mBallstát nach ndearna iarratas ar CED le linn 2021-2024)..

(25)

AT, CY, FI, HR.

(26)

Meastóireacht ex post ar CED 2014-2020, SWD(2021)381/13.12.2021, lch. 37.

(27)

I gcás EGF/2021/002 IT/Air Italy agus EGF/2021/003 IT/Porto Canale, d’iarr an Iodáil roinnt ath-leithdháiltí buiséid. I gcás Air Italy, méadaíodh dhá bheart chun níos mó aisíocaíochta ar chostas soghluaisteachta a sholáthar chomh maith le ranníocaíochtaí i leith lóistín agus costais taistil le linn oiliúna. Chomh maith leis sin, rinneadh na línte cúnaimh theicniúil a choigeartú chun an méid nár caitheadh ar bhearta ullmhúcháin a úsáid chun na gníomhaíochtaí bainistíochta agus rialaithe a fhorlíonadh. I gcás Porto Canale, iarradh an t-ath-leithdháileadh buiséid chun níos mó tacaíochta oiliúna a thairiscint. I gcás EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive, cuireadh beart breise leis: dreasacht rannpháirtíochta a tairgeadh do na hoibrithe chun rannpháirtíocht oibrithe a spreagadh. Is ón dreasacht athfhostaíochta a thagann na cistí don bheart seo. I gcás EGF/2022/003 ES/Alu Ibérica, iarradh an t-ath-leithdháileadh chun níos mó cúnaimh a thairiscint chun poist a chuardach agus cúrsaí oiliúna a sholáthar.

(28)

Meastóireacht ex post ar CED 2014-2020, SWD(2021)381/13.12.2021, lch. 43.

(29)

Suirbhéanna i scríbhinn le páirtithe leasmhara ó na Ballstáit uile a rinneadh le linn mhí Dheireadh Fómhair-Nollaig 2024.

(30)

Sa Bheilg, sa Danmhairg, sa Ghearmáin, sa Ghréig, san Iodáil agus sa Spáinn. Sa Ghearmáin, le linn turas bus aon lae ó Vallourec (EGF/2023/003 DE/Vallourec), tugadh iar-oibrithe ar cuairt chuig cuideachtaí a bhféadfadh deiseanna fostaíochta ar fáil uathu agus le plé a dhéanamh leo. Sa Ghearmáin freisin, tugadh táibléad do thairbhithe a thug an oiliúint dhigiteach i gcrích. I bhFlóndras na Beilge, (EGF/2024/002 Be/Limburg machinery and paper), eagraíodh aonach poist, agus sa Vallúin tugadh dreasachtaí do thairbhithe chun páirt a ghlacadh in oiliúint dhigiteach.

(31)

Meastóireacht ex post ar CED 2014-2020, SWD(2021)381/13.12.2021, lgh. 46-47.

(32)

Tugadh an ‘cás earnála’ isteach den chéad uair le haghaidh na tréimhse 2021-2027 i gcás 200 oibrí iomarcach ar a laghad (nó deireadh teacht le gníomhaíocht daoine féinfhostaithe) in imeacht tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontair, go háirithe FBManna a bhaineann leis na hearnálacha eacnamaíocha céanna nó le hearnálacha eacnamaíocha éagsúla céanna arna sainiú ar leibhéal rannáin an dara hathbhreithniú ar NACE sa réigiún céanna arna shainiú ar leibhéal NUTS 2.

(33)

Ba é 9 mí an tréimhse thagartha chun an tairseach 500 iomarcaíocht a ríomh i gcásanna réigiúnacha le linn 2014-2020.

(34)

Féach Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/691.

(35)

  ESPAS-Global-Trends-to-2040-Choosing-Europes-Future-EN.pdf

(36)

  COM(2025)140

Top