AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.6.2025
COM(2025) 317 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil Eatramhach ar Dhul Chun Cinn maidir le cur chun feidhme Threoir 2024/1265/AE ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 201185/AE ón gComhairle maidir le ceanglais chreataí buiséadacha na mBallstát
{SWD(2025) 161 final}
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme Threoir 2024/1265/AE ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE ón gComhairle maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát
1.
Réamhrá
Tháinig Treoir 2011/85/AE ón gComhairle maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát i bhfeidhm i mí na Nollag 2011. Ba chuid thábhachtach é den phacáiste reachtach maidir le rialachas eacnamaíoch a neartú, ar a dtugtar an ‘sé‑phaca’ freisin. Leagtar síos sa Treoir, den chéad uair, íoscheanglais le haghaidh creataí buiséadacha do Bhallstáit an Aontais. Mar a sonraíodh sa Treoir agus an taithí a fuarthas ó bhí 2011 ann á cur san áireamh, rinneadh athbhreithniú le déanaí ar an gcóras iomlán faireachais eacnamaíoch, as ar eascair athchóiriú ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Sa chomhthéacs sin, leasaíodh Treoir 2011/85/AE ón gComhairle le Treoir 2024/1265/AE ón gComhairle.
Le Treoir 2011/85/AE, tugadh isteach íoscheanglais maidir le córais cuntasaíochta buiséadaí agus tuairiscithe staidrimh, rialacha agus nósanna imeachta lena rialaítear ullmhú réamhaisnéisí le haghaidh pleanáil bhuiséadach, rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha, creataí buiséadacha meántéarmacha, agus sásraí lena rialaítear caidrimh fhioscacha idir údaráis phoiblí ar fud fho‑earnálacha an rialtais ghinearálta. Cé gur cumhdaíodh na forálacha sin go léir san athbhreithniú, ag féachaint ar cé acu a bhí nó nach raibh siad fós ábhartha agus ar tuigeadh iad agus ar cuireadh i bhfeidhm iad mar a bhí beartaithe, rinneadh forbairtí nua a mheas san athbhreithniú freisin. Go háirithe, tá méadú nach beag tagtha ar ról na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha ó bhí 2011 ann agus tá impleachtaí fioscacha an athraithe aeráide níos práinní ná riamh. Ní mór do Bhallstáit an Aontais Treoir 2024/1265/AE, leis na leasuithe a dhéanfar dá bharr ar Threoir 2011/85/AE, a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2025.
Faoi Airteagal 2(5) de Threoir 2024/1265/AE, iarrtar ar an gCoimisiún ‘tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme phríomhfhorálacha na Treorach seo ar bhonn faisnéis ábhartha ó na Ballstáit [a ullmhú], a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2025’. Chuige sin, chuir an Coimisiún ceistneoir faoi bhráid (Chomhaltaí Malartacha) an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais i mí an Mhárta 2025 lena dtugtar deis do na Ballstáit mionsonraí a thabhairt faoi na bearta atá i bhfeidhm, faoi athchóirithe a seoladh cheana agus faoi phleananna sonracha. Dá réir sin, tá an tuarascáil eatramhach seo ar dhul chun cinn bunaithe go príomha ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit. Faoi mhí Aibreáin 2025 bhí an chuid is mó de na Ballstáit tar éis a n‑aighneachtaí a thabhairt. Cuirtear fiches mionsonraithe tíre i láthair sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis seo (SWD(2025) 161).
Is é is cuspóir don tuarascáil eatramhach seo ar dhul chun cinn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE a thrasuí. Níor cheart, dá bhrí sin, é a fhorléiriú mar mheasúnú ar chomhréireacht na bhforálacha náisiúnta leis an Treoir leasaithe, a dhéanfar tar éis dhul in éag an sprioc‑am trasuite i gcomhréir le dlí an Aontais. Chun forléargas oiriúnach a thabhairt, tá Roinn 2 den tuarascáil seo bunaithe ar chúig fhoroinn a chomhfhreagraíonn do na príomhréimsí leasuithe ar an Treoir, agus conclúid ina dhiaidh sin ina ndéantar achoimre ar na príomhthorthaí.
2.
Dul chun cinn maidir le príomhfhorálacha na Treorach a thrasuí
2.1
Leasuithe ar fhorálacha maidir le cuntasaíocht, staidreamh agus trédhearcacht (Airteagal 3 agus Airteagal 14(1) de Threoir 2011/85/AE)
Ní mór beartas fioscach fónta a bheith bunaithe ar thuairisciú fioscach fónta. Tá faisnéis chuimsitheach, thráthúil agus chruinn maidir le forghníomhú buiséadach ríthábhachtach do lucht ceaptha beartas toisc go n‑áirithítear léi cur i bhfeidhm ceart na mbuiséad, faireachán tráthúil ar dhialltaí a d’fhéadfadh a bheith ann ó phleananna agus pleanáil bhuiséadach atá cothrom le dáta. Éilíonn tuairisciú airgeadais poiblí atá cuimsitheach agus comhsheasmhach trédhearcacht maidir le gnéithe a bhféadfadh tionchar díreach nó indíreach a bheith acu ar an mbuiséad: d’fhéadfaí a áireamh orthu sin, mar shampla, comhlachtaí agus cistí nach bhfuil mar chuid den ghnáthbhuiséad ach atá mar chuid den rialtas ginearálta, caiteachas cánach agus dliteanais theagmhasacha.
Le leasuithe ar Threoir 2011/85/AE sa réimse sin, tugadh isteach go príomha athruithe ar infhaighteacht phoiblí sonraí fioscacha le haghaidh na bhfo‑earnálacha uile den rialtas ginearálta, mar a shainmhínítear in CCE 2010. Go háirithe, cuireadh sonraí míosúla nó ráithiúla maidir le fiachas agus easnaimh do gach fo‑earnáil den rialtas ginearálta in ionad sonraí míosúla agus ráithiúla atá bunaithe ar airgead (nó sonraí coibhéiseacha ón gcuntasaíocht phoiblí). Mar sin féin, má tá córais cuntasaíochta airgeadais fabhraithe i bhfeidhm ag Ballstát atá comhtháite, cuimsitheach agus comhchuibhithe go náisiúnta, ní iarrtar sonraí easnaimh ráithiúla de réir fo‑earnála. Baineann na leasuithe atá fágtha go príomha le soiléirithe agus nuashonruithe ar an téacs i bhfianaise na taithí a fuarthas lena léirmhíniú ó bhí 2011 ann.
Maidir leis an athbhreithniú ar mhinicíocht tuairiscithe sonraí fioscacha áirithe (an príomhathrú a tugadh isteach leis na leasuithe ar Airteagal 3(2)), ag brath freisin ar leitheadúlacht na cuntasaíochta fabhraithe, measann aon trian de na Ballstáit go bhfuil sé sin trasuite go hiomlán agus measann aon trian eile gur baineadh amach go páirteach é. Cé nach dtuairiscíonn na freagróirí sin go léir an bhfuil sé beartaithe acu an ceanglas nua a chumhdach trí shonraí easnaimh ráithiúla a thuairisciú nó le tagairt d’aibíocht a gcórais cuntasaíochta fabhraithe, tá thart ar aon chúigiú de na Ballstáit ag iarraidh gach ceann den dá rogha a roghnú. Díríonn na freagróirí eile níos mó ar an bpróiseas atá beartaithe, go páirteach trí dhlíthe sonracha atá le leasú a lua, go páirteach le níos lú mionsonraí.
Ag féachaint ar an gceanglas soiléirithe faisnéis a fhoilsiú, mar chuid de phróisis bhuiséadacha ilbhliantúla freisin, maidir le comhlachtaí agus cistí nach bhfuil mar chuid den bhuiséad ach atá mar chuid den rialtas ginearálta, agus eolas a thabhairt faoina dtionchar comhcheangailte ar iarmhéideanna rialtais (Airteagal 14(1)), measann aon trian de na Ballstáit go bhfuil sé sin cumhdaithe cheana féin. I measc na bhfreagróirí eile, tá gníomhaíochtaí sonracha beartaithe ag thart ar aon chúigiú de na Ballstáit agus tá sé beartaithe ag aon chúigiú eile meastóireacht a dhéanamh fós ar an ngá sin a dhéanamh.
Ní thuairiscítear go n‑éilíonn athruithe níos lú ar Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) leasuithe sonracha ar dhlíthe náisiúnta.
Ina theannta sin, sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 16(1): ‘faoin 31 Nollaig 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le staid na himeartha sna réimsí seo a leanas: (a) cuntasaíocht phoiblí ag an rialtas ginearálta san Aontas agus ag cur san áireamh an dul chun cinn a rinneadh ó chuir sé measúnú i gcrích in 2013 ar oiriúnacht Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí le haghaidh na mBallstát’. I ndáil leis an méid sin, cuireann an ceanglas an tuarascáil seo a fhoilsiú roimh dheireadh 2025 béim bhreise ar a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar chuntasaíocht phoiblí ar bhonn fabhraithe fhónta san Aontas agus í a fhorbairt.
2.2
Forálacha nua maidir le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha (Airteagail 2 agus Airteagal 8a de Threoir 2011/85/AE)
Tá tábhacht nach beag ag baint le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha ó tháinig Treoir 2011/85/AE i bhfeidhm. Ó bhí 2011 ann, iarradh sa Treoir ar ‘chomhlachtaí neamhspleácha nó comhlachtaí a bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil acu maidir le húdaráis fhioscacha na mBallstát’ faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na mBallstát lena rialacha fioscacha uimhriúla náisiúnta. In 2012, áiríodh i gcomhphrionsabail maidir le sásraí ceartúcháin fioscacha náisiúnta (a tugadh isteach le Teideal III, an ‘Comhaontú Buiséadach’, den Chonradh idir‑rialtasach ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) íoscheanglais áirithe do chomhlachtaí faireacháin neamhspleácha. Ina dhiaidh sin, le Rialachán 2013/473/AE, a bhfuil feidhm aige maidir leis an limistéar euro, iarradh ar na comhlachtaí sin na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha is bun leis an bpleanáil bhuiséadach bhliantúil agus mheántéarmach a tháirgeadh nó a fhormhuiniú.
Leis na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE, tugtar le chéile na gnéithe sin go léir atá ann cheana agus déantar infheidhme iad maidir le Ballstáit uile an Aontais. Géaraíonn siad agus feabhsaíonn siad roinnt coimircí neamhspleáchais (e.g. béim a leagan ar chumas cumarsáide institiúidí fioscacha neamhspleácha, acmhainní cobhsaí agus rochtain thráthúil ar fhaisnéis a iarraidh chomh maith le meastóireacht sheachtrach thráthrialta ar institiúidí fioscacha neamhspleácha a éileamh). Baineann roinnt cúraimí nua leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe. Áirítear ar chúraimí nua eile measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht an chreata fhioscaigh náisiúnta agus páirt a ghlacadh, arna iarraidh sin, le haghaidh éisteachtaí parlaiminteacha agus le haghaidh pléití parlaiminteacha. Ar deireadh, tugtar isteach an prionsabal ‘comhlíon nó mínigh’ le haghaidh údaráis náisiúnta maidir le measúnuithe ar institiúidí fioscacha neamhspleácha.
Ní haon ionadh é go bhfuil cuid de na leasuithe nó fiú go leor de na leasuithe ar institiúidí fioscacha neamhspleácha cumhdaithe cheana féin ag na Ballstáit uile sa dlí náisiúnta, ós rud é go dtugtar le chéile leis na leasuithe, go pointe áirithe, forálacha atá ann cheana a bhaineann le dlí an Aontais nó leis an gComhaontú Buiséadach. Is cás sonrach í an Pholainn toisc nach bhfuil aon institiúid fhioscach neamhspleách oibríochtúil i bhfeidhm fós sa tír; mar sin féin, bunaithe ar fhaisnéis a chuir an Pholainn ar fáil, tháinig an reachtaíocht ábhartha i bhfeidhm i mí Eanáir 2025 agus bunófar an institiúid fhioscach neamhspleách faoin 1 Eanáir 2026.
Maidir le formhór na gcoimircí neamhspleáchais a leagtar amach in Airteagal 8a(3) agus (4), measann aon trian de na Ballstáit go bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ina ndlí náisiúnta, agus measann níos mó ná aon trian go bhfuil gá fós le roinnt beart. Is é an eisceacht an ceanglas nua chun na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha a chur faoi mheastóireachtaí seachtracha tráthrialta i gcás nach dtuairiscíonn ach fíorbheagán Ballstát go bhfuil an reachtaíocht is gá i bhfeidhm acu. I roinnt cásanna, tuairiscítear go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe i gcomhréir leis na ceanglais nua. Mar sin féin, bheadh gá fós le códú dlíthiúil.
Maidir le cúraimí na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha, baineann na Ballstáit leas as an deis forálacha na Treorach a thrasuí chun socruithe institiúideacha nó reachtaíocht fholuiteach a shonrú a thuilleadh. D’fhéadfadh sé sin míniú a thabhairt ar an bhfáth a dtuairiscíonn níos mó ná aon trian de na Ballstáit nach bhfuil an trasuí curtha i gcrích le haghaidh cúraimí dlíthiúla na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha atá ann faoi láthair (i.e. réamhaisnéisí maicreacnamaíocha is bun leis an bpleanáil bhuiséadach a chur ar fáil nó a fhormhuiniú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha fioscacha náisiúnta). Ar an gcaoi chéanna, is minic a bhíonn ar an leagan amach dlíthiúil cúraimí nua na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha atá leagtha síos sa chuid choisctheach agus cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a léiriú, mar aon leis an gcúram measúnú tráthrialta a dhéanamh ar chomhsheasmhacht, ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht na gcreataí náisiúnta fioscacha.
Ar an gcaoi chéanna, cé go bhfuil an prionsabal ‘comhlíon nó mínigh’ i bhfeidhm go pointe áirithe i roinnt mhaith Ballstát (mar a tugadh isteach é leis na prionsabail choiteanna a bhaineann leis an gComhaontú Buiséadach), is gá fós é a oiriúnú dá úsáid níos leithne i gcomhréir le leasuithe ar an Treoir.
2.3
Leasuithe ar fhorálacha maidir le creataí buiséadacha meántéarmacha (Airteagal 2, Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Threoir 2011/85/AE)
Faoi Threoir 2011/85/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit creat buiséadach meántéarmach inchreidte éifeachtach a bhunú, lena gcuirfear ar a gcumas dóibh an phleanáil fhioscach a leathnú thar an tréimhse bhliantúil agus, ar an gcaoi sin, ceapadh beartas atá níos comhsheasmhaí, níos éifeachtaí agus a d’fhéadfadh a bheith uaillmhianach a chothú sa mheántéarma. Ní mór cuspóirí buiséadacha ilbhliantúla a bheith sa chreat in éineacht le réamh‑mheastacháin ar gach mórmhír ioncaim agus chaiteachais bunaithe ar bheartais gan athrú, le mínithe ar na beartais atá beartaithe sa mheántéarma chun an bhearna idir na réamh‑mheastacháin a dhéantar ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann agus na spriocanna beartais a dhúnadh. Ina theannta sin, ní mór measúnú a bheith ann ar an gcaoi ar dócha go ndéanfaidh na beartais atá beartaithe difear d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí.
Leis na leasuithe ar Threoir 2011/85/AE, feabhsaítear na gnéithe is gá den chreat buiséadach meántéarmach trína iarraidh go dtabharfaí tuairisc ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe mar aon le measúnú ar thionchar na mbeartas atá beartaithe ar fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Soiléirítear iontu freisin nach mór do bhuiséid bhliantúla a bheith comhsheasmhach leis an bpleanáil mheántéarmach.
Tuairiscítear go bhfuil sainmhíniú na Treorach ar chreataí buiséadacha meántéarmacha i bhfeidhm cheana féin d’aon cheathrú de na Ballstáit. Tuairiscíonn thart ar aon cheathrú de na freagróirí go bhfuil sé ar intinn acu an fhoráil sin a thrasuí nó tá sé beartaithe acu é sin a dhéanamh de réir amlíne shoiléir roimh dheireadh 2025 nó faoi dheireadh 2025. Níor chuir aon cheathrú eile de na Ballstáit faisnéis ar fáil maidir lena measúnú ar staid na himeartha maidir le trasuí na forála sin ná maidir leis an ngá atá ann bearta breise a dhéanamh.
Tuairiscíonn leath na mBallstát trasuí iomlán nó páirteach na forála chun a áirithiú go bhfuil an creat náisiúnta bunaithe ar chuspóirí buiséadacha náisiúnta cuimsitheacha trédhearcacha sa mheántéarma atá comhsheasmhach leis na rialacha fioscacha uimhriúla tírshonracha atá i bhfeidhm agus le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/1263. Tá sé tugtha le fios ag níos mó ná aon trian de na freagróirí nár trasuíodh na forálacha sin go fóill.
Ar an gcaoi chéanna, dearbhaíonn níos mó ná ann trian de na Ballstáit go bhfuil an fhoráil trasuite go hiomlán nó go páirteach chun tuairisc a áireamh ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí atá beartaithe a mbeidh tionchar acu ar fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Tuairiscíonn thart ar leath de na freagróirí go bhfuil sé ar intinn acu an fhoráil sin a thrasuí nó tá sé beartaithe acu é sin a dhéanamh de réir amlíne shoiléir roimh dheireadh 2025 nó faoi dheireadh 2025.
I thart ar aon cheathrú de na cásanna, tuairiscíonn na Ballstáit go bhfuil forálacha náisiúnta i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeartas atá beartaithe ar fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach. Bhí sciar comhchosúil de na Ballstáit ar aon intinn nár trasuíodh na forálacha sin go fóill.
Dearbhaíonn 13 Bhallstát go bhfuil an fhoráil trasuite go hiomlán nó go páirteach chun comhsheasmhacht na reachtaíochta buiséadaí bliantúla leis na cuspóirí buiséadacha náisiúnta sa mheántéarma a áirithiú. Ní chuireann deich mBallstát faisnéis ar fáil maidir le staid na himeartha i ndáil le trasuí an cheanglais sin nó cuireann siad in iúl nár trasuíodh go fóill é. Tugann ocht mBallstát tásca soiléire maidir leis an bhféilire trasuite atá beartaithe acu, agus tá amlíne fós le sainiú ag cúig Bhallstát eile.
Tuairiscítear go bhfuil na soiléirithe ar Airteagal 11 trasuite go hiomlán nó go páirteach cheana féin ag naoi mBallstát; cuireann cúig Bhallstát in iúl go bhfuil sé beartaithe acu sprioc‑am trasuí dheireadh 2025 a chomhlíonadh.
2.4
Forálacha nua maidir le ceanglais tuairiscithe a bhaineann le rioscaí macraifhioscacha ó thubaistí nádúrtha agus ón athrú aeráide (Airteagal 9(2)(d) agus Airteagal 14(3) de Threoir 2011/85/AE)
Ó tháinig Treoir 2011/85/AE i bhfeidhm, tá impleachtaí an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha níos soiléire le haghaidh beartas fioscach. Tá an dá ghné nasctha ach ní hionann iad. Bíonn tubaistí nádúrtha níos minice agus níos déine ag na Ballstáit, tubaistí a bhaineann go minic le leibhéil teochta atá ag ardú, agus d’fhéadfadh costais fhioscacha nach beag agus dliteanais theagmhasacha nach beag a bheith mar thoradh orthu sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh costais fhioscacha a bhaineann leis an athrú aeráide eascairt as bearta maolaithe agus oiriúnaithe.
Dá bhrí sin, le Treoir 2024/1265/AE, tugtar isteach ceanglais nua i dTreoir 2011/85/AE. Iarrtar ar na Ballstáit anois measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeartas atá beartaithe ar inbhuanaitheacht mheántéarmach agus fhadtéarmach an airgeadais phoiblí, agus na rioscaí macraifhioscacha ón athrú aeráide á gcur san áireamh ina ndoiciméid pleanála buiséadaí meántéarmacha. Ní mór dóibh faisnéis a fhoilsiú maidir le tubaistí nádúrtha agus dliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an aeráid agus tuairisc a thabhairt ar na costais fhioscacha ghaolmhara a tabhaíodh. I bhfianaise chastacht na gcúraimí sin agus na bhforbairtí tapa sa réimse sin, ní mór na ceanglais sin go léir a chomhlíonadh ‘a mhéid is féidir’. Maidir leis an trasuí, iarrtar ar na Ballstáit forálacha a áireamh ina ndlíthe náisiúnta lena n‑áirithítear an measúnú agus an tuairisciú is gá.
Níl ach roinnt creataí fioscacha náisiúnta ann ina n‑áirítear cheana féin, go hiomlán nó go páirteach, forálacha lena mbreithnítear rioscaí macraifhioscacha ón athrú aeráide agus a thionchar comhshaoil agus dáileacháin sa mheasúnú ar thionchar na mbeartas meántéarmach atá beartaithe ar inbhuanaitheacht mheántéarmach agus fhadtéarmach an airgeadais phoiblí. San am céanna, tugann níos mó ná aon trian de na freagróirí tásca maidir leis an bhféilire atá beartaithe chun na forálacha sin a ghlacadh sa chreat fioscach náisiúnta. Tagann pictiúr comhchosúil chun cinn maidir leis an gceanglas faisnéis a fhoilsiú maidir le dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tubaistí agus leis an aeráid agus maidir le costais fhioscacha arna dtabhú mar gheall ar thubaistí nádúrtha agus suaití a bhaineann leis an aeráid.
2.5
Leasuithe soiléirithe (Airteagal 2, Airteagal 3, Airteagal 4, Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 2011/85/AE)
Ó tháinig Treoir 2011/85/AE i bhfeidhm, is léir ón gcleachtas gur baineadh ciall as roinnt coincheap agus téarmaí ar bhealaí éagsúla nó go dtairbheoidís de thuilleadh soiléireachta nó dá nuashonrú. Mar shampla, cuireadh tagairt níos dinimiciúla in ionad tagairt d’úsáid chaighdeán cuntasaíochta CEC 95 (in Airteagal 3(1) roimhe seo). I gcás fhormhór na soiléirithe sin, iarradh go príomha ar na Ballstáit a sheiceáil an mbeadh gá le hathruithe comhfhreagracha ar a ndlíthe buiséadacha náisiúnta freisin.
Measann leath na mBallstát go bhfuil na leasuithe soiléirithe cumhdaithe go hiomlán cheana féin lena ndlíthe náisiúnta. Léiríonn aon cheathrú eile, cé go gcumhdaítear na soiléirithe go forleathan, go mbeadh gá fós le roinnt athruithe ar fhorálacha náisiúnta sonracha. Tuairiscíonn aon cheathrú eile faisnéis níos ginearálta maidir leis an bpróiseas trasuite nó luann sí measúnuithe leanúnacha.
3.
Conclúid
Ar an iomlán, thuairiscigh na Ballstáit dul chun cinn míchothrom maidir leis na leasuithe ar an Treoir a thrasuí. Dá réir sin, bhí éagsúlacht mhór san fhaisnéis maidir leis na céimeanna trasuite a rinneadh cheana ó thaobh substainte de agus ó thaobh tagairtí do na gníomhartha dlí sonracha atá le leasú. Go ginearálta, tá amlíne shoiléir maidir leis na céimeanna atá fágtha in easnamh.
Measann formhór na mBallstát a thuairiscíonn go sonrach ar thrasuí na leasuithe ar staidreamh, ar chuntasaíocht agus ar thrédhearcacht go bhfuil na ceanglais cumhdaithe nó go bhfuil siad insroichte, cé nach bhfuil mórán mionsonraí ar fáil i gcás roinnt Ballstát.
Is cosúil go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha le tacaíocht ó fhorálacha atá comhchosúil ach nach bhfuil comhionann agus a bhfuil feidhm acu maidir le gach Ballstát nó formhór na mBallstát ó bhí 2011 ann. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit breithniú cúramach a dhéanamh ar roinnt d’fhorálacha na Treorach agus measúnú á dhéanamh acu ar an ngá atá ann bearta a dhéanamh chun iad a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta. I gcásanna áirithe, is cleachtas sách seanbhunaithe iad roinnt gnéithe dearfacha maidir le neamhspleáchas agus bheadh códú dlíthiúil ag teastáil ina leith. Go háirithe, is minic a bhíonn céimeanna dlíthiúla fós ag teastáil maidir le gnéithe nua, amhail an bhéim ar chumas cumarsáide nó meastóireacht sheachtrach ar institiúidí fioscacha neamhspleácha.
Cé go dtuairiscíonn go leor Ballstát go bhfuil an sainmhíniú ar an gcreat buiséadach meántéarmach i gcomhréir leis an Treoir leasaithe, tá roinnt coigeartuithe fós beartaithe nó de dhíth i bhformhór na mBallstát chun an creat a neartú agus chun comhsheasmhacht le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a áirithiú maidir leis an rialachán nua maidir leis an gcuid choisctheach agus leis an rialachán leasaithe maidir leis an gcuid cheartaitheach.
Tá aghaidh fós le tabhairt den chuid is mó ar na forálacha nua a bhaineann leis an aeráid agus ní mór do na Ballstáit fós a n‑amlínte a shainiú chun é sin a dhéanamh.
Leanfaidh an Coimisiún den Treoir a chur chun feidhme maidir leis na ranna a bhfuil sé freagrach astu. Tar éis an sprioc‑am trasuite, tabharfaidh sé faoi mheasúnú comhlíontachta lánfheidhme i gcomhréir le nósanna imeachta caighdeánacha an Aontais.