Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52025DC0280

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce

COM/2025/280 final

An Bhruiséil,4.6.2025

COM(2025) 280 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce


Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce

1.    Réamhrá – an cúlra a thabhairt

Is é an t‑uisce an bheatha féin. Daoine, formhór na speiceas agus an dúlra ina mairimid agus a mbímid ag brath air, ní féidir leo maireachtáil gan uisce. Ár gcomhshaol, ár ngeilleagar, ár slándáil bia agus fuinnimh agus ár gcáilíocht saoil, tá siad uile ag brath ar sholáthar cobhsaí uisce ar chaighdeán maith.

Sa lá atá inniu ann, áfach, ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den uisce a thuilleadh, agus bíonn tionchar aige sin ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí agus ar an gcomhshaol. Is í an Eoraip an mhór-roinn atá ag téamh ag an ráta is gasta ar domhan de dheasca an athraithe aeráide. Tá méadú ag teacht ar thionchair aeráide ar nós teas foircneach, tuilte tubaisteacha, triomaigh fhada agus dóiteáin foraoise ó thaobh minicíochta agus déine de agus leanfaidh an treocht sin ar aghaidh. Bíonn na teagmhais sin ina gcúis le tionchair ar an tsláinte agus básanna anabaí, cur isteach ar sholáthar fuinnimh agus uisce óil, agus caillteanais eacnamaíocha atá ag dul i méid 1 do ghnólachtaí, d’fheirmeoirí agus don dobharshaothrú. Mura dtugtar aghaidh ar na neamh-chomhionannais a bhaineann le huisce, d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh do chomhtháthú foriomlán eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais 2 agus an domhain. Is fíor sin go háirithe i gcás na réigiún is forimeallaí san Aontas, áit a mbíonn dúshláin ar leith ag baint le rochtain ar uisce sábháilte glan mar gheall ar bhrúnna aeráide agus bearnaí sa bhonneagar. Is ceart de chuid an duine agus is earra poiblí í rochtain ar uisce glan inacmhainne.

Tá an athléimneacht uisce ina hábhar slándála agus ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna don Aontas. Is bunriachtanas é an tuisce agus is acmhainn chriticiúil é. Mar a leagtar amach sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta, ní mór slándáil an tsoláthair fionnuisce ghlain inacmhainne a bheith ina ‘treoirthosaíocht’ don Aontas 3 . 

Trí infheistíocht a dhéanamh i mbainistiú agus nuálaíocht inbhuanaithe uisce, neartófar gnólachtaí na hEorpa agus cuirfear borradh faoin iomaíochas. Cúig cinn de na deich riosca dhomhanda fhadtéarmacha do ghnólachtaí atá sainaitheanta ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda 4 , baineann siad le huisce. Déanann bainistiú neamh-inbhuanaithe uisce dochar do shlándáil fhoriomlán an tsoláthair agus dár niomaíochas, mar a aithnítear sa Chompás Iomaíochais 5 agus sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 6 . Chuige sin, tá gá le hathléimneacht uisce a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcinntí gnó agus le fís chomhtháite i ndáil le bainistiú inbhuanaithe uisce lena gcuirtear cásanna aeráide fadtéarmacha san áireamh.

Is deis mhór ghnó í an athléimneacht uisce do thionsclaíocht an Aontais. Is ceannaire domhanda í an Eoraip sa teicneolaíocht uisce, nó is paitinní Eorpacha iad 40 % de na paitinní uile ar domhan sa réimse sin 7 . In 2022 amháin, ghin earnáil na teicneolaíochta uisce EUR 111,7 billiún i mbreisluach agus thacaigh sí le 1,6 milliún post in 81 500 fiontar, ar FBManna iad an chuid is mó díobh 8 . Ní mór dúinn an leas is fearr is féidir a bhaint as an staid sin agus buntáiste iomaíoch an Aontais a neartú laistigh den Mhargadh Aonair agus thar lear. Mar shampla, laistigh d’earnálacha áirithe d’fhéadfaí laghdú suas le EUR 2,8 billiún a dhéanamh ar chostais uisce agus oibriúcháin in aghaidh na bliana, 9 000 post breise a chruthú in aghaidh na bliana agus an tráth céanna an saineolas domhanda is gá a fhorbairt 9 .

Le ceannaireacht láidir Eorpach ar an leibhéal domhanda maidir leis an athléimneacht uisce, tá an deis ann comhghuaillíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Nuair a bhíonn iomaíocht dhomhanda ann le haghaidh soláthairtí fionnuisce atá ag meathlú, is in olcas a théann coinbhleachtaí agus easáitiú. De réir an luais atá ann faoi láthair, in 2030 beidh an téileamh domhanda ar uisce 40 % thar an méid a bheidh ar fáil 10 . In 2024, easáitíodh 40 milliún duine de dheasca tubaistí a bhaineann le huisce ar fud an domhain agus rinneadh damáistí dar luach níos mó ná EUR 480 billiún 11 . Agus é ag tógáil ar an gcomhdhearcadh domhanda 12 nach inbhuanaithe an múnla atá againn faoi láthair i dtaobh uisce a bhainistiú, tá rún daingean ag an Aontas garsprioc a dhéanamh de Chomhdháil Uisce 2026 na Náisiún Aontaithe chun an dul chun cinn i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a spreagadh.

Ar na cúiseanna sin go léir, tá sé thar am an athléimneacht uisce a chur ar bharr an chláir oibre pholaitiúil mar atá curtha in iúl ag an gComhairle Eorpach 13 , ag Parlaimint na hEorpa 14 agus ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 15 . Sin an fáth ar fhógair an tUachtarán von der Leyen Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce ina Treoirlínte Polaitiúla 2024-2029. Ba cheart go gcuideodh sé sin le gach cuid den Aontas feabhas a chur ar bhainistiú a ndobharlach, dul i ngleic le ganntanas, buntáiste nuálach iomaíoch thionscal an uisce a fheabhsú 16 agus san am céanna cur chuige glan ciorclach a ghlacadh.

Tá an bainistiú uisce eagraithe ar bhealaí difriúla ag na Ballstáit agus bíonn cineálacha éagsúla úinéireachta poiblí nó príobháidí i gceist, nó meascán den dá rud. Leis an Straitéis seo, urramaítear na roghanna náisiúnta sin go hiomlán agus aithnítear nach n‑oireann réiteach amháin do chách, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil éagsúlachtaí móra ann ó Bhallstát go chéile a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht uisce, mar atá ó earnáil go chéile a mhéid a bhaineann le leochaileacht i leith strus acmhainní uisce.

2.    Na Príomhchuspóirí

Sa Straitéis seo leagtar amach bealach chun an Eoraip a dhéanamh athléimneach ó thaobh uisce de, rud atá fréamhaithe go daingean i bhfís 2050 a chuir an tAontas chun cinn ag Comhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe ar son Aontas atá athléimneach ó thaobh uisce de, rud a thabharfaidh slándáil uisce do chách. Is éard atá i gceist leis sin éiceachórais uisceacha a chosaint agus a athchóiriú, agus cothromaíocht chóir a bhaint amach idir an soláthar uisce agus an t‑éileamh ar uisce a fhreagraíonn do na riachtanais atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear ceart an duine i ndáil le huisce óil sábháilte agus leis an tsláintíocht a bhaint amach, gan cearta na nglún amach anseo a chur i mbaol.

Chun an Eoraip a chur ar bhealach a leasa maidir leis an athléimneachta uisce, ní mór dúinn obair a dhéanamh ar thrí chuspóir:

1.An timthriall uisce a athchóiriú agus a chosaint mar bhonn le soláthar inbhuanaithe uisce.

2.Geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a thógáil in éineacht le saoránaigh agus gníomhaithe eacnamaíocha ar bhealach a thacaíonn le hiomaíochas an Aontais, atá tarraingteach d’infheisteoirí agus a thacaíonn le tionscal uisce rathúil san Aontas.

3.Uisce glan inacmhainne agus sláintíocht do chách a chinntiú i gcónaí, agus saoránaigh a chumhachtú i ndáil leis an athléimneacht uisce.

Soláthraíonn reachtaíocht agus beartais an Aontais, lena náirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, bonn láidir chun na cuspóirí sin a bhaint amach 17 . Is minic gurb iad na Ballstáit – agus a núdaráis áitiúla nó réigiúnacha – is fearr atá in ann déileáil le bainistiú uisce ós rud é gur fearr a thuigeann siad a gcúinsí féin, na dúshláin a bhíonn rompu agus na réitigh a d’fhéadfadh ann. Aithnítear go hiomlán sa Straitéis seo go bhfuil saoirse ag na Ballstáit a gcórais soláthair uisce a eagrú de réir mar is cuí leo, laistigh de theorainneacha dhlíthe an Aontais. Chun tacú le tionscnaimh na mBallstát agus chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann maidir le huisce, sainaithnítear cúig réimse gníomhaíochta de chuid an Aontais sa Straitéis: (i) rialachas agus cur chun feidhme; (ii) airgeadas, infheistíochtaí agus bonneagar; (iii) digiteáil; (iv) taighde agus nuálaíocht, tionsclaíocht agus scileanna; agus (v) slándáil agus ullmhacht.

2.1    An timthriall uisce a athchóiriú agus a chosaint mar bhonn le soláthar inbhuanaithe uisce

Tá timthriall uisce dea-fheidhmiúil fíor-riachtanach don athléimneacht uisce. Bogann uisce i dtimthriall a stórálann, a íonaíonn agus a scaoileann uisce go nádúrtha, próiseas a bhíonn ag brath ar ithreacha sláintiúla agus ar bhogaigh, foraoisí agus éiceachórais eile. Mar gheall ar róshaothrú agus míbhainistiú acmhainní uisce, truailliú, an t‑athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil, áfach, imríodh diantionchar ar an timthriall sin agus laghdaíodh cainníocht agus cáilíocht an uisce go mór. 

Le creat an Aontais um fhionnuisce atá ann cheana, lena náirítear an Treoir Réime maidir le hUisce, 18 an Treoir maidir le Bainistiú Tuilte 19 agus an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra 20 , soláthraítear creat rialála cuimsitheach i ndáil le timthriall uisce na hEorpa. Beidh gá le cur chun feidhme éifeachtach, áfach, chun an timthriall uisce a athchóiriú ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de. Cuspóir na Treorach Réime maidir le hUisce dea-stádas na ndobharlach uile a bhaint amach faoi 2027 21 agus cuspóirí na Treorach maidir le Tuilte, is iad na cuspóirí sin atá mar chompás gníomhaíochta fós. San idirphlé a bheidh ar bun ag an gCoimisiún leis na Ballstáit, tabharfaidh sé tús áite don fhorfheidhmiú bunaithe ar an measúnú is déanaí uaidh ar Phleananna Bainistithe Abhantraí agus Pleananna Bainistithe Riosca Tuilte náisiúnta 22 . Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’obair na mBallstát agus iad ag tabhairt aghaidh ar ghanntanas uisce agus ar thriomaigh, forbróidh an Coimisiún táscairí ganntanais uisce agus foilseoidh sé Treoraíocht Theicniúil maidir le Pleananna Bainistithe Triomach. Tugann an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra deis dúinn tacú le bainistiú cainníochta uisce agus feabhas a chur ar athléimneacht in aghaidh triomach agus tuilte araon le réitigh dhúlrabhunaithe. Ní mór an athléimneacht uisce agus an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chomhtháthú go hiomlán sna pleananna athchóirithe náisiúnta atá le forbairt faoi 2026.

Níor baineadh amach sprioc Threoir Réime 2008 um Straitéis Mhuirí, is é sin dea-stádas comhshaoil na nuiscí mara a bhaint amach faoi 2020. Tá an bhithéagsúlacht mhuirí ag meath agus tá truailliú ó aibhneacha fós ag déanamh dochar don bheatha mhuirí. Ag teacht sna sála ar mheastóireacht a rinneadh le déanaí 23 , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas le acquis an Aontais i réimse an fhionnuisce, ag díriú ar thorthaí a bhaint amach trí cheanglais tuairiscithe a laghdú agus trí bhainistiú agus rialachas sonraí a fheabhsú sna Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha.

Chomh maith leis an reachtaíocht atá ann cheana, ní mór dúinn dlús a chur lenár niarrachtaí feabhas a chur ar an gcoinneáil uisce ar talamh. I gcomhréir leis an gComhshocrú Eorpach um an Aigéan, ní mór dúinn tús áite a thabhairt d’úsáid a bhaint as acmhainneacht iomlán ár néiceachóras chun uisce a stóráil, a íonú, a scaoileadh agus a athchóiriú ar talamh agus ar muir, bunaithe ar chur chuige ‘ón bhfoinse go dtí an fharraige’. Ar a bhealach ar ais go dtí an fharraige, stóráiltear fionnuisce go nádúrtha in ithreacha, foraoisí, bogaigh, tuilemhánna agus éiceachórais eile. Is gá an fheidhm atá ag ár dtírdhreacha mar spúinse nádúrtha a leigheas chun ár gcúltaisce screamhuisce a athshlánú agus chun an bhithéagsúlacht a chosaint. Maidir le tionscnaimh atá ann cheana 24 lena ndírítear ar an gcoinneáil uisce ar talamh a mhéadú, chun na tionscnaimh sin a chomhordú agus a uas-scálú ar bhealach níos fearr, forbróidh an Coimisiún ‘Saoráid Spúinse’. Leis an tSaoráid sin cuirfear creat comhleanúnach ar fáil le haghaidh tionscnaimh nua agus tionscnaimh atá ann cheana chun an choinneáil uisce ar talamh a mhéadú. Mar a leagtar amach san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do chleachtais feirmeoireachta lena ndéantar sláinte ithreach a athshlánú, a chothabháil nó a fheabhsú, amhail an fheirmeoireacht orgánach agus cuir chuige agra-éiceolaíocha lena gcoinnítear uisce san ithir. I gceantair uirbeacha, ba cheart ‘cathracha spúinse’ a chur chun cinn, ar cathracha iad ina gcuirtear chun feidhme réitigh dhúlrabhunaithe chun uisce a ionsú agus a scaoileadh ar bhealach rialaithe. Ina theannta sin, tá sé fíor-riachtanach bainistiú comhtháite a dhéanamh ar fhionnuiscí agus uiscí mara. Bíonn tionchar mór ag truailliú abhann, ag cur isteach ar shreabha dríodair agus ag ganntanais uisce ar shláinte na néiceachóras muirí agus ar inmharthanacht na ngníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhíonn ag brath orthu, amhail an tiascach, an dobharshaothrú nó an turasóireacht 25 . Tá ról criticiúil ag limistéir chósta sa timthriall uisce agus tá siad ríthábhachtach chun cosc a chur ar thruailliú ó fhoinsí ar talamh teacht isteach san fharraige. Le pleanáil spásúlachta éifeachtach, is féidir leochaileacht na bpobal cósta, na gcathracha cósta, na gcalafort agus na ndeilteanna abhann ísle i leith an athraithe aeráide a laghdú, agus ní mór do chalafoirt rannchuidiú freisin le truailliú ó longa a íoslaghdú trí chloí le dlíthe agus beartais ábhartha. Tá sin ar cheann de na hábhair a dtabharfar aghaidh orthu sa Straitéis Eorpach um Chalafoirt a d’fhógair an Coimisiún. Ar deireadh, le bainistiú inbhuanaithe comhtháite ar uiscebhealaí intíre, is féidir cur go mór leis an athléimneacht uisce, trí oiriúnú níos fearr do thriomaigh agus do thuilte, agus nascacht na mbealaí loingseoireachta á coinneáil ar bun san am céanna.

Tá gá le haird ar leith mar aon le pleanáil agus comhordú cúramach chun uisce a stóráil i dtaiscumair agus i struchtúir eile de dhéantús an duine ós rud é go mbíonn soláthar cobhsaí uisce de dhíth ar go leor earnálacha eacnamaíocha agus is minic a bhíonn riachtanais éagsúla acu i gcaitheamh na bliana 26 . Le gníomhaíocht maidir le bainistiú uisce, ba cheart tús áite a thabhairt do réitigh dhúlrabhunaithe, ach bíonn struchtúir de dhéantús an duine ag teastáil freisin nó meascán den dá rud. Nuair a bhíonn dambaí agus taiscumair nua á bpleanáil, ba cheart meastóireacht chúramach a dhéanamh ar an tionchar atá acu ar an gcomhshaol, meastóireacht a mbeidh na gníomhaithe ábhartha uile rannpháirteach inti, sin agus a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin mar chuid de straitéis um bainistiú comhtháite inbhuanaithe uisce lena léireofar go hiomlán cásanna agus réamh-mheastacháin tagartha aeráide fhadtéarmacha, chun infheistíochtaí tréigthe a sheachaint.  

Is dhá thaobh den bhonn céanna iad cáilíocht agus cainníocht an uisce, agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh leis an obair ar son truailliú a chosc ag an bhfoinse. In 2021, ní raibh stádas éiceolaíoch maith ach ag 39,5 % d’uiscí dromchla an Aontais, agus ní raibh stádas ceimiceach maith ach ag 26,8 % díobh 27 . Ní mór dlús a chur le gníomhaíocht agus díriú ar chosc a chur ar úsáid agus bainistiú neamh-inbhuanaithe talún, chomh maith le cosc a chur ar athruithe hidreamhoirfeolaíocha, míbhainistiú struchtúrach uisce mar gheall ar ró-astarraingt, bíodh sí dleathach nó neamhdhleathach, neamhéifeachtúlachtaí san úsáid uisce ó earnáil go chéile agus truailliú uisce atá nasctha le gníomhaíochtaí amhail an talmhaíocht, táirgeadh tionsclaíoch, an mhianadóireacht agus bainistiú dramhaíola.

Bíonn tionchar díreach ag an truailliú uisce ar an tsláinte. D’fhéadfadh galair uisce-iompartha a theacht as agus d’fhéadfadh sé cur leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha. Léirigh géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé pataiginí agus paraiméadair sláinte san fhuíolluisce a rianú de réir cur chuige na hAon Sláinte Amháin, ós rud é go bhfuil sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil fite fuaite le chéile 28 . Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta agus d’fhorbairt bonneagair maidir le faireachas fuíolluisce, go háirithe ó tharla go bhfuil na rioscaí sláinte i leith galair a bhaineann le huisce ag dul in olcas de dheasca an athraithe aeráide 29 . 

Tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun dul i ngleic le truailleáin a chuireann ár bhfoinsí uisce óil bunriachtanacha i mbaol. Tá truailleáin thar a bheith marthanacha amhail substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFASanna) 30 ag carnadh ar fud uiscí an Aontais agus meastar go mbíonn tionchair ar an tsláinte idir EUR 52 bhilliún agus 84 bhilliún in aghaidh na bliana mar thoradh orthu 31 . Is cúis mhór imní é sin freisin i ndáil le leas an phobail. Maidir le truailliú uisce agus mara, lena náirítear truailliú ó mhicreaphlaistigh, ní mór dul i ngleic leo ag an bhfoinse nó ar fud na mbealaí truaillithe i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú 32 . Ina theannta sin, ní mór don Aontas iarrachtaí cinntitheacha a dhéanamh chun láithreáin atá truaillithe go láidir cheana féin ag micreaphlaistigh a ghlanadh, agus ag substaintí eile atá uileláithreach, marthanach, bithcharnach agus tocsaineach, go háirithe i gcás ina bhfuil na substaintí sin fós riachtanach d’fheidhmeanna sochaíocha agus tionsclaíocha. Ba cheart an glantachán a bheith bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus ba cheart airgead poiblí a leithdháileadh chun suíomhanna dílleachtacha a ghlanadh, is é sin suíomhanna nárbh fhéidir teacht ar aon eintiteas faoi dhliteanas ina leith. Cé go bhfuil iarrachtaí leasúcháin an-chostasach 33 , le taighde agus nuálaíocht is féidir na costais sin a laghdú go mór trí theicneolaíochtaí nua, lena náirítear teicneolaíochtaí bithbhunaithe a chuirfear chun cinn sa Straitéis Bhithgheilleagair. Ina theannta sin, má aimsítear comhpháirtithe atá toilteanach infheistíocht a dhéanamh in éineacht leis an Aontas, cuirfidh an Coimisiún togra ar aghaidh maidir le tionscnamh poiblí-príobháideach a bhunú ar mhaithe le fionnachtain theicneolaíoch a bhaint amach i ndáil le modhanna indéanta inacmhainne chun PFASanna agus ceimiceáin mharthanacha eile a bhrath agus a leasú.

Teorainn a chur le truailliú na néiceachóras uisceach de dheasca cothaitheach, ba cheart sin a chur i gcroílár athchóiriú cháilíocht an uisce. Bíonn tionchar ag cothaithigh ón talmhaíocht, ó lonnaíochtaí uirbeacha agus ó fhoinsí eile ar shláinte an duine agus bíonn siad ina gcúis le blás algach agus ídiú ocsaigine atá marfach in éiceachórais uisceacha. Is dúshlán mór é sin fós agus is é is cúis le caillteanais shocheacnamaíocha idir EUR 75 bhilliún agus EUR 485 bhilliún in aghaidh na bliana a mhéid a bhaineann le nítrigin agus leis sin amháin 34 . I bhfianaise na gcostas sin, tá gníomhaíocht luathaithe ag teastáil ón bhfoinse go dtí an fharraige, lena náirítear cur chun feidhme feabhsaithe na Treorach maidir le níotráití i ngach Ballstát.

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na laghduithe saincheaptha ar luchtanna cothaitheach a bhfuil gá leo, lena n‑áirítear trí shamhaltú feabhsaithe, léarscáileanna idirghníomhacha agus malartuithe dea-chleachtas. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do bhainistiú feabhsaithe comhtháite na gcothaitheach trí fhóraim éagsúla atá ann cheana, de bheith ag rannchuidiú le saoráidí stórála aoiligh a chistiú agus de chiorclaíocht na gcothaitheach a chur chun cinn, rud a d’fhéadfadh cuidiú le húsáid na leasachán sintéiseach a laghdú. I sineirgíocht leis an sruth oibre um bheostoc a fógraíodh san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, comhlánóidh na gníomhaíochtaí sin forbairt físe fadtéarmaí a urramaíonn éagsúlacht na feirmeoireachta stoic san Aontas agus a áirithíonn a hinbhuanaitheacht san am céanna. Treiseoidh an Coimisiún iarrachtaí freisin chun fairsingiú feirmeoireachta a spreagadh i réigiúin ina bhfuil comhchruinniú ard beostoic.

Gníomhaíochtaí suaitheanta – An timthriall uisce a athchóiriú agus a chosaint

Amlíne

Tosaíochtaí cur chun feidhme an Chreata Uisce agus na dTreoracha maidir le Tuilte a leagan síos, lena n‑áirítear trí Idirphlé Struchtúrtha leis na Ballstáit, ag díriú ar cháilíocht agus cainníocht uisce.

2025-2026

Athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí.

2027

Táscairí ganntanais uisce agus Treoraíocht Theicniúil maidir le Pleananna Bainistithe Triomach a fhorbairt.

2026-2027

Tacaíocht a thabhairt maidir le dul i ngleic leis na príomhfhoinsí truaillithe:

·Tionscnamh poiblí-príobháideach ar mhaithe le fionnachtain theicneolaíoch a bhaint amach i ndáil le modhanna indéanta inacmhainne chun PFASanna agus ceimiceáin mharthanacha eile a bhrath agus a leasú, má aimsítear na comhpháirtithe cearta.

·Bosca Uirlisí Cúnaimh le haghaidh na mBallstát a sheoladh chun tacú le gníomhaíochtaí maidir leis an truailliú cothaitheach a laghdú, lena náirítear trí shamhaltú feabhsaithe, léarscáileanna idirghníomhacha agus malartú dea-chleachtas.

2027

2026-2027

2.2    Geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a thógáil nach bhfágann aon duine ar lár, a thacaíonn le hiomaíochas an Aontais agus a mheallann infheisteoirí

Is acmhainn fhinideach é an tuisce nach mór a úsáid go héifeachtúil. Ní mór dúinn an téileamh a laghdú i ngach earnáil den gheilleagar trí spáráil, éifeachtúlacht agus athúsáid uisce a chur chun cinn. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an nganntanas uisce agus ar thriomaigh, tá sé sin fíor-riachtanach chun leanúint den soláthar uisce a chinntiú, de bheith ag freastal ar éilimh na núsáideoirí éagsúla ar bhealach cothrom agus de bheith ag tacú le héiceachórais uisceacha agus talún. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i réigiúin a bhfuil teophointí géara i ndáil leis an róshaothrú le fáil iontu, ar áiteanna iad ina bhfuil an ganntanas uisce ag teacht chun cinn mar fhadhb chórasach a chuireann srian mór ar an bhforbairt eacnamaíoch, lena náirítear roinnt pobail iargúlta agus oileánacha nach bhfuil teacht acu ar fhionnuisce ach go teoranta. Leis an athrú aeráide, tiocfaidh méadú substaintiúil ar na réigiúin a bheidh buailte ag an nganntanas uisce 35 . Ní mór don éifeachtúlacht díriú ar na húsáideoirí uisce is déine go háirithe, idir na húsáideoirí atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo, arb iadsan is mó ar chun a leasa é astarraingt iomarcach a sheachaint, astarraingt a d’fhéadfadh briseadh soláthair a chruthú.

Tá éifeachtúlacht uisce barrthábhachtach agus ní mór tús áite a thabhairt di. Ag gabháil leis an Straitéis seo tá Moladh maidir leis an bprionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’ a chur i bhfeidhm, arna spreagadh ag an taithí ar an bprionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh’ 36 . Leagtar amach ann treoirphrionsabail le haghaidh na cinnteoireachta agus infheistíochtaí agus iad bunaithe ar ord tosaíochta atá soiléir agus intuartha, ach solúbtha, maidir leis an gcaoi a ndéantar an téileamh ar uisce agus an soláthar uisce a bhainistiú. Ar fud an Aontais, ba cheart tús áite a thabhairt do shrian a chur leis an éileamh agus le ró-astarraingtí. Ba cheart éifeachtúlacht trí dhearadh agus athúsáid a bheith ina dhiaidh sin, agus ba cheart soláthar méadaithe a bheith mar rogha dheiridh. 

Chun gníomhaíocht maidir le héifeachtúlacht uisce ar fud an Aontais a threorú, i bhfianaise na hacmhainneachta spárála uisce 37 , ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas éifeachtúlacht uisce a fheabhsú 10 % ar a laghad faoi 2030. Oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun modheolaíocht chomhpháirteach a fhorbairt maidir le spriocanna éifeachtúlachta uisce, agus na difríochtaí críochacha agus eile atá idir tíortha, réigiúin agus earnálacha á gcur san áireamh. Ar an mbonn sin, san athbhreithniú ar an Straitéis seo in 2027, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tagarmharcanna coiteanna a fhorbairt. Tá spriocanna sonracha leagtha síos ag roinnt Ballstát cheana féin chun éifeachtúlacht uisce a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó abhantraí 38 . Moltar do na Ballstáit a spriocanna féin a leagan síos maidir le héifeachtúlacht uisce bunaithe ar a gcúinsí náisiúnta féin.

Chun geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a bhaint amach, tá gá le rialú acmhainní níos fearr. Bunaithe ar shonraí ó 2010-2021 39 , téann 81 % den tomhaltas uisce iomlán chuig úsáideoirí a astarraingíonn uisce go díreach ag an bhfoinse trí úsáid a bhaint as córais phríobháideacha, agus níl sonraí cruinne ag go leor Ballstát maidir lena ninfhaighteacht fionnuisce. I gcomhréir leis an Treoir Réime maidir le hUisce, ní mór do na húdaráis measúnuithe cothrom le dáta a dhéanamh ar infhaighteacht uisce agus ar astarraingtí arna ndéanamh ag úsáideoirí uisce. Ina theannta sin, ní mór dóibh cur lena niarrachtaí gach astarraingt, caillteanas agus filleadh a chlárú agus a rialú. Méadrú uisce cliste a chur chun úsáide i ngach earnáil eacnamaíoch, sin rud a chuideoidh dianfhaireachán a dhéanamh ar shreabha uisce agus a chuideoidh freisin le saoránaigh agus le gnólachtaí a núsáid uisce a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla. Déanfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas maidir le cothromaíochtaí uisce agus méadrú uisce cliste a chur chun cinn ar fud na nearnálacha eacnamaíocha uile. Oibreoidh sé freisin chun tionscnamh maidir le Bonneagar Uisce an Aontais agus Méadrú Cliste do Chách a sheoladh (féach roinn 3.3). Thairis sin, déanfaidh sé measúnú faoi dheireadh 2026 ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le huisce agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an reachtaíocht ábhartha chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach le haghaidh cuntais uisce 40 .

Ní mór aird ar leith a thabhairt ar mheasúnú a dhéanamh ar na riachtanais uisce a bhaineann leis an gclaochlú tionsclaíochta glaine agus leis an gclaochlú digiteach, agus, nuair is féidir, ar na riachtanais sin a theorannú agus ar thacaíocht a thabhairt do na claochluithe sin trí phleanáil uisce chliste. Sna príomhearnálacha le haghaidh uathriail straitéiseach an Aontais, amhail táirgeadh ceallraí, leathsheoltóirí, hidrigin, micrishliseanna agus lárionaid sonraí, ídítear méideanna móra uisce, ar uisce sár-íon é go minic 41 . An tráth céanna, beidh an taistriú chuig fuinneamh glan agus dícharbónú chóras fuinnimh an Aontais ina gcuidiú le bainistiú uisce a fheabhsú 42 . Sa chomhthéacs sin, ní mór spáráil uisce agus coigilteas fuinnimh a uasmhéadú, rudaí a bhíonn nasctha le chéile de ghnáth, agus ní mór aird ar leith a thabhairt ar an athléimneacht uisce sa phleanáil spásúlachta. Go háirithe, chun spáráil uisce a chur chun cinn sna lárionaid sonraí uile, rátálfaidh an Coimisiún a néifeachtúlacht fuinnimh agus a ninbhuanaitheacht fhoriomlán agus molfaidh sé íoschaighdeáin feidhmíochta, lena náirítear maidir le tomhaltas uisce 43 . Chun tacú leis na Ballstáit na réimsí is fearr a shainaithint ó thaobh oibríochtaí gnó atá dian ar uisce a bhunú agus an infheistíocht uisce is gá a mhealladh, cuirfidh an Coimisiún feabhas ar na huirlisí léirshamhlaithe atá ann cheana lena gcuirtear le chéile sonraí comhshaoil agus sonraí a bhaineann leis na heangacha uisce agus fuinnimh.

Ní mór athúsáid shábháilte uisce sa talmhaíocht, i dtáirgeadh fuinnimh agus i bpróisis thionsclaíocha a bheith i gcroílár an bhainistithe chomhtháite uisce. Faoi láthair, ní athúsáidtear ach 2,4 % den fhuíolluisce san Aontas agus tá difríochtaí móra idir na Ballstáit ina leith sin, le leibhéil athúsáidte a théann ó nialas go 80 % 44 . Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit trí threoraíocht a thabhairt maidir le hathúsáid shábháilte uisce agus trí fhothú acmhainneachta i gcomhthéacs chur chun feidhme na reachtaíochta atá ann cheana 45 . Faoi mhí an Mheithimh 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce agus déanfaidh sé machnamh ina dhiaidh sin ar raon feidhme an rialacháin a leathnú, ag brath ar na torthaí meastóireachta.

I gcás an tsoláthair uisce phoiblí, a bhfuil 13 % den tomhaltas uisce san Aontas i gceist leis, ní mór díriú ar sceitheadh agus caillteanais neamhbheartaithe a chomhrac, le tacaíocht ó uirlisí digiteacha. Ós rud é go bhfuil na leibhéil náisiúnta sceite atá ann faoi láthair idir 8 % agus 57 %, d’fhéadfaí feabhas mór a bhaint amach, go háirithe trí mhéadrú uisce cliste agus trí chianbhraiteacht. Leis an Treoir maidir le hUisce Óil, ceanglaítear ar na Ballstáit sceitheadh i líonraí soláthair uisce a laghdú. Na Ballstáit a mbeidh leibhéil sceite soláthair uisce acu a sháraíonn an tairseach uile-Aontais, tairseach atá le socrú faoi 2028, beidh orthu pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chur i láthair faoi 2030 chun sceitheadh a laghdú ar fud a líonraí soláthair.

Tá córais bhia inbhuanaithe ina dtacú mór don athléimneacht uisce agus tá ról ríthábhachtach ag an gComhbheartas Talmhaíochta i ndáil leis an méid sin. Cuireann talmhaíocht inbhuanaithe agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí go mór le hathléimneacht uisce agus aeráide a mhéadú agus le triomaigh agus tuilte a mhaolú (Roinn 2.1). Ar an taobh eile, bíonn tionchar ollmhór ag táirgeadh, próiseáil, miondíol, pacáistiú agus iompar bia ar cháilíocht agus cainníocht an uisce. Is í an talmhaíocht is cúis le 51 % de thomhaltas iomlán uisce san Aontas agus tá difríochtaí an-mhóra idir Tuaisceart agus Deisceart na hEorpa 46 . Leagadh béim san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia ar a thábhachtaí atá cáilíocht agus infhaighteacht uisce don tslándáil bia. Thairis sin, ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt don iascach inbhuanaithe agus do mhuirshaothrú inbhuanaithe ós rud é nach mbaineann siad úsáid as fionnuisce.

Cuireann an comhbheartas talmhaíochta (CBT) agus na Pleananna Straitéiseacha Náisiúnta tacaíocht ar fáil maidir le cleachtais talmhaíochta agus infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht, ciorclaíocht agus coinneáil uisce, agus srian á chur le truailliú cothaitheach agus lotnaidicídí san am céanna. Áirítear leis sin freisin tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach agus na tairbhí iomadúla a bhaineann léi ó thaobh sláinte ithreach de, sin agus teorann a chur leis an úsáid a bhaintear as leasacháin shaorga, luibhicídí agus lotnaidicídí. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbainfidh na Ballstáit an leas is mó is féidir as na féidearthachtaí sin agus go gcuirfidh siad cleachtais feirmeoireachta atá athléimneach ó thaobh uisce de chun cinn, amhail feirmeoireacht bheacht, uisciú silte, athúsáid uisce, bainistiú ithreach agus úsáid lotnaidicídí fheabhsaithe, gnéithe tírdhreacha agus barra atá níos frithsheasmhaí in aghaidh an athraithe aeráide. Sa chéad tréimhse chlársceidealaithe eile, leanfaidh an Coimisiún d’fheirmeoirí a dhreasú chun feidhmíocht chomhshaoil agus aeráide a ngabháltais a fheabhsú, lena n‑áirítear chun bainistiú uisce níos fearr a bhaint amach.

Le táirgeadh fuinnimh atá tíosach ar uisce, is féidir cur go mór leis an athléimneacht uisce. Úsáidtear 17 % de thomhaltas uisce iomlán an Aontais mar bhunábhar nó mar oibreán fuaraithe 47 . Má aimsítear na comhpháirtithe cearta atá toilteanach infheistíocht a dhéanamh in éineacht leis an Aontas, cuirfidh an Coimisiún togra ar aghaidh maidir le tionscnamh poiblí-príobháideach a bhunú ar mhaithe le fionnachtain theicneolaíoch a bhaint amach i ndáil le modhanna indéanta inacmhainne le haghaidh fuarú tirim.

Ba cheart athléimneacht uisce a chomhtháthú i ngach earnáil tionsclaíochta. Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, áiritheofar go laghdóidh gníomhaithe tionsclaíocha móra an téileamh ar uisce de réir a chéile agus go gcuirfidh siad feabhas ar éifeachtúlacht uisce agus ar athúsáid uisce ar fud na bpróiseas táirgthe. Ba cheart éifeachtúlacht agus athúsáid uisce a chomhtháthú ar fud na nearnálacha tionsclaíochta is déine ar uisce, go háirithe trí na hardáin tacaíochta do pháirtithe leasmhara atá ar fáil 48 . Sa chomhthéacs sin, seolfaidh an Coimisiún tionscadal píolótach chun éifeachtúlacht uisce a chur chun cinn i mbraislí tionsclaíocha roghnaithe.

An soláthar a mhéadú trí úsáid a bhaint as sáile lena gcur in ionad fionnuisce, d’fhéadfadh sé gur cuid den réiteach é sin, go háirithe i réigiúin atá buailte go mór ag ganntanas uisce, más ar bhealach inbhuanaithe a dhéantar é. Mar chuid de chur chuige bainistíochta comhtháite lena dtugtar tús áite do shrian a chur leis an éileamh roimh sholáthar a mhéadú bunaithe ar dhálaí áitiúla, is féidir soláthar uisce seasta a chur ar fáil lasmuigh den timthriall hidreolaíoch le díshalannú sáile. Tá sé fós costasach agus an-dian ar fhuinneamh, áfach, agus bíonn tionchair mhóra aige ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, tacóidh an Coimisiún leis an nuálaíocht sa réimse sin d’fhonn tomhaltas fuinnimh a theorannú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, go háirithe trí úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. Le réitigh nuálacha, ba cheart na tionchair chomhshaoil a bhaineann le diúscairt sáile a mhaolú freisin agus méadú a dhéanamh ar athchúrsáil agus athúsáid fuinnimh agus mianraí ón sáile in earnáil na tionsclaíochta.

Gníomhaíochtaí suaitheanta – Geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a thógáil nach bhfágann aon duine ar lár, a thacaíonn le hiomaíochas an Aontais agus a mheallann infheisteoirí

Amlíne

Moladh maidir leis an bprionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’, treoirlínte agus tuarascáil ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach ar an acmhainneacht éifeachtúlachta uisce nár baineadh leas aisti go fóill.

2025-2026

Tacú le glacadh na gcleachtas athúsáide uisce lasmuigh den talmhaíocht freisin agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce.

2026-2028

Soláthar uisce poiblí:

·Tacú le laghdú sceite, nuachóiriú bonneagair agus measúnú domhain ar shonraí.

2025-2028

Talmhaíocht:

·An úsáid is mó is féidir a bhaint as na Pleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh athléimneacht uisce trí chomhroinnt eolais agus réitigh nuálacha arna gcur chun cinn ag líonra CBT an Aontais, an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta, agus seirbhísí comhairleacha feirme feabhsaithe neamhspleácha.

·Sa chéad tréimhse chlársceidealaithe eile, leanúint d’fheirmeoirí a dhreasú chun feidhmíocht chomhshaoil agus aeráide a ngabháltais a fheabhsú, lena náirítear chun bainistiú uisce níos fearr a bhaint amach.

2025- 2026

Tionsclaíocht agus Fuinneamh:

·Tionscadal píolótach a sheoladh chun éifeachtúlacht uisce a chur chun cinn, lena náirítear teicneolaíochtaí gan uisce agus teicneolaíochtaí timthrialla uisce iata, i mbraislí tionsclaíocha roghnaithe.

·Úsáid uisce a áireamh i measc na bparaiméadar faoi chuimsiú scéime coitinne de chuid an Aontais chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí a rátáil agus íoschaighdeáin feidhmíochta maidir le tomhaltas uisce a mholadh.

·Tionscnamh poiblí-príobháideach ar mhaithe le fionnachtain theicneolaíoch a bhaint amach i ndáil le modhanna indéanta inacmhainne le haghaidh fuarú tirim, má aimsítear na comhpháirtithe cearta.

2025-2027

2.3    Uisce glan inacmhainne a chinntiú do chách, tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chumhachtú

Is ceart de chuid an duine í rochtain ar uisce óil glan sábháilte agus ar shláintíocht. A bhuí le 30 bliain d’fhorbairt agus de chur chun feidhme dhlí uisce an Aontais, lena náirítear an Treoir maidir le hUisce Óil agus an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, mar aon le hinfheistíocht mhór ón Aontas, rinneadh rochtain ar uisce óil sábháilte agus ar shláintíocht a chinntiú go ginearálta ar fud an Aontais i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta 49 . Mar sin féin, tá 1,5 % de dhaonra an Aontais ag maireachtáil gan áiseanna sláintíochta bunúsacha a bheith acu, agus níl rochtain chuí ag thart ar 4 % den daonra ar uisce óil sábháilte. Le gníomhaíochtaí sa réimse sin, ní mór iarrachtaí cuimsitheacha cothroma a áirithiú lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais na mban agus na ngrúpaí leochaileacha, amhail daoine faoi mhíchumas agus mionlaigh, chomh maith leis na réigiúin is daibhre san Aontas chun comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a chur chun cinn, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí. I gcás na réigiún is forimeallaí, tá tábhacht ar leith ag baint leis na dúshláin shonracha aeráide atá rompu mar aon le bonneagar uisce neamhshásúil, rudaí a dhéanann difear do rochtain ar uisce óil go díreach. Gné ábhartha eile is ea tacú le córais scagacháin uisce i limistéir ina bhfuil an tuisce crua nó an-chrua.

Tá ról fíor-riachtanach ag tomhaltóirí maidir le hathléimneacht uisce a fheabhsú. In éineacht leis an Éicilipéad AE seanbhunaithe, cuideoidh an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe 50 le tomhaltóirí an tomhaltas uisce a laghdú trí tháirgí a roghnú nach bhfuil chomh truaillitheach céanna agus atá níos tíosaí ar uisce. Leis sin, ba cheart an téileamh a aistriú i dtreo táirgí atá cliste ó thaobh uisce de, rud a chuirfeadh borradh faoi iomaíochas glan ciorclach an Aontais. Tá tionscnaimh phríobháideacha nua ag teacht chun cinn, amhail an Unified Water Label, chun an éifeachtúlacht uisce atá ag táirgí a rátáil.

A mhéid a bhaineann le húsáid uisce i gcomhthéacs tithíochta agus na pleanála cathrach, ba cheart coigilteas fuinnimh agus spáráil uisce a bheith nasctha le chéile i gcónaí. Leis an Treoir nua maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh 51 , gníomh a thacaíonn le héifeachtúlacht fuinnimh lena náirítear éifeachtúlacht uisce the mar cheann dá chuspóirí, agus leis an Bauhaus Eorpach Nua, tá deiseanna móra ann borradh a chur faoi iarrachtaí chun athléimneacht uisce a bhaint amach ar fud na timpeallachta tógtha, agus san am céanna feabhas a chur ar rannpháirtíocht úsáideoirí agus saoránach agus ar chomhroinnt dea-chleachtas maidir le pleanáil agus coincheapa an deartha atá athléimneach ó thaobh uisce de. Léireofar an méid sin i gclár oibre 2026-2027 na Saoráide Bauhaus Eorpach Nua, ar clár oibre é atá ar na bacáin, agus sa Phlean um Thithíocht Inacmhainne atá ar na bacáin, plean ina ndéanfar inbhuanaitheacht tithíochta a mheas freisin, lena náirítear athléimneacht uisce.

Ní mór béim níos mó a leagan ar fheasacht agus ar rannpháirtíocht an phobail i mbainistiú uisce. Is féidir le huirlisí digiteacha tacú le feasacht níos láidre, rud atá ríthábhachtach chun toilteanas na saoránach i dtaobh spáráil uisce a mhéadú, ach chun a neamhchosaint ar rioscaí ó thuilte nó ó thriomaigh a laghdú freisin (féach roinn 3). Trí chur chun feidhme iomlán na gceanglas maidir le faisnéis phoiblí agus trédhearcacht a áirithiú, cuideofar le méadú a dhéanamh ar fheasacht na saoránach agus ar a n‑ullmhacht a bheith rannpháirteach mar chuid de rialachas uisce cuimsitheach. Cuirfidh an Coimisiún chun cinn malartú dea-chleachtas maidir le feasacht a mhúscailt agus maidir lena chur ar a cumas don tsochaí a bheith rannpháirteach ar bhealach níos éifeachtaí i mbainistiú uisce, i bPleananna Bainistithe Abhantraí agus i bPleananna Bainistithe Riosca Tuilte.

Beartais praghsála uisce atá bunaithe ar úsáid iarbhír, ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ar acmhainneacht maidir le híocadh, tá siad fíor-riachtanach chun rochtain ar uisce a áirithiú agus na dreasachtaí cearta do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí eile á gcruthú san am céanna. Leis an Treoir Réime maidir le hUisce, dreasaítear beartais náisiúnta fhónta um praghsáil uisce, bunaithe ar ghnóthú costas atá comhroinnte go cothrom agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hUisce Óil agus an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuíolluisce Uirbeach, áirithítear faisnéis thráthrialta chuimsitheach faoi thomhaltas agus praghsanna uisce agus comhairle faoi thomhaltas a laghdú. Beidh malartú dea-chleachtas ina chuidiú do na Ballstáit na huirlisí sin a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí.

Gníomhaíochtaí suaitheanta – Uisce glan inacmhainne a chinntiú do chách, tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chumhachtú

Amlíne

Aghaidh a thabhairt ar lorg uisce na dtáirgí nuair a bhíonn ceanglais faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus faoi chuimsiú Éicilipéad an Aontais á socrú nó á dtabhairt cothrom le dáta.

2025-2027

Dea-chleachtais maidir le feasacht an phobail agus ról na praghsála uisce a chur chun cinn chun éifeachtúlacht uisce, gnóthú costas agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur chun tosaigh, chomh maith le rialachas uisce náisiúnta gaolmhar.

2026-2027

Borradh a chur faoi iarrachtaí chun athléimneacht uisce a bhaint amach ar fud na timpeallachta tógtha trí chlár oibre 2026-2027 na Saoráide Bauhaus Eorpach Nua, ar clár oibre é atá ar na bacáin, agus sa Phlean um Thithíocht Inacmhainne atá ar na bacáin.

2026

3.    Cúig Limistéar Cumasúcháin chun an bealach a réiteach d’Eoraip atá Athléimneach ó thaobh Uisce de

Chun na cuspóirí a leagtar amach sa straitéis seo a bhaint amach, tá cur chuige uile-shochaí de dhíth orainn. Mar chuid de sin tá comhar feabhsaithe de dhíth idir saoránaigh, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, agus grúpaí ionadaíochta dúlra agus údaráis riaracháin thiomanta a oibríonn thar shadhlanna beartais agus leibhéil éagsúla, comhar a mbeidh na páirtithe leasmhara uile rannpháirteach ann. Tacóidh an tAontas leis sin trí ghníomhaíochtaí i gcúig réimse.

3.1    Rialachas agus cur chun feidhme chun borradh a chur faoin athrú

Chun athléimneacht uisce a bhaint amach, beifear ag brath ar chur chun feidhme feabhsaithe acquis cuimsitheach an Aontais i réimse an uisce agus ar shineirgí níos láidre le beartais in earnálacha amhail an talmhaíocht, tionsclaíocht, fuinneamh, iompar agus cosaint tomhaltóirí. Tá rialtóirí ag gníomhú le blianta fada chun uisce a chosaint i mbeartais chomhshaoil agus i mbeartais sláinte an Aontais. Tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, rinneadh athbhreithniú agus nuachóiriú ar roinnt príomhphíosaí reachtaíochta, rud a spreag an-dul chun cinn. É sin ráite, mar a léiríodh i dtuarascáil ón gCoimisiún a foilsíodh le déanaí 52 , go dtí seo tá bac mór curtha ar bhaint amach chuspóirí na reachtaíochta maidir le huisce de dheasca bearnaí sa chur chun feidhme agus sa chistiú. Mar shampla, agus a dtríú Plean Bainistithe Abhantraí agus a ndara Plean Bainistithe Riosca Tuilte á nullmhú acu, theip ar roinnt Ballstát obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí ón gCoimisiún a eisíodh in 2019 agus níl cláir, rialuithe ná, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí leormhaithe curtha i bhfeidhm acu go fóill chun ró-astarraingtí a sheachaint.

Agus é ag tógáil ar thorthaí an mheasúnaithe is déanaí uaidh ar na pleananna náisiúnta agus ar a mholtaí uile-Aontais agus tírshonracha, cuirfidh an Coimisiún dlús leis an bhforfheidhmiú. Seolfaidh sé Idirphlé Struchtúrtha leis na Ballstáit chun oibriú i gcomhar le chéile ar mhaithe le cur chun feidhme acquis níos leithne an Aontais i réimse an uisce a threisiú. Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, is féidir cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le huisce, lena n‑áirítear na cinn a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach.

Trí rialacha uisce an Aontais a shimpliú, is féidir cur go mór lena gcur chun feidhme. Déanann an Coimisiún meastóireacht rialta ar phríomhphíosaí reachtaíochta, amhail an Treoir maidir le Níotráití atá á meas faoi láthair. Thairis sin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún éifeachtúlacht an tuairiscithe leictreonaigh a shimpliú agus a fheabhsú faoin Treoir Réime maidir le hUisce, bunaithe ar staidéar leanúnach. Beidh simpliú mór ann freisin mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. I gcomhthéacs chur chun feidhme an chórais freagrachta leathnaithe táirgeora dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2024/3019 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, déanfaidh an Coimisiún staidéar nuashonraithe ar na costais agus ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an gcóras ar na hearnálacha lena mbaineann. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i ndearadh pragmatach na gcóras náisiúnta d’fhonn iarmhairtí gan choinne nó neamhbheartaithe a sheachaint, go háirithe maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht na gcógas leighis 53 .

Ní mór pleanáil spásúlachta atá cliste ó thaobh uisce de a bheith ina treoir chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a leathadh amach ar bhealach inbhuanaithe. Cuirfidh an Coimisiún feabhas ar uirlisí léirshamhlaithe atá ann cheana lena gcuirtear le chéile sonraí comhshaoil agus sonraí a bhaineann leis na heangacha uisce agus fuinnimh. Is é an aidhm atá ann bonn eolais a chur faoi chinntí na mBallstát maidir le pleanáil spásúlachta trí chuidiú leo na réimsí is fearr a shainaithint ó thaobh oibríochtaí gnó atá dian ar uisce a bhunú agus, an tráth céanna, infheisteoirí a mhealladh chun gníomhaíochtaí athchóirithe dúlra a dhéanamh agus líonraí soláthair uisce a nuachóiriú d’fhonn tacú leis na hoibríochtaí gnó sin.

Ní mór tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhar trasteorann. Tá 75 abhantrach trasteorann ann san Eoraip. Cé go gceanglaítear go sainráite ar na Ballstáit leis an Treoir Réime maidir le hUisce cur chun feidhme comhordaithe a áirithiú i gcás abhantracha idirnáisiúnta, tá féidearthachtaí ann measúnú níos comhchuibhithe a dhéanamh ar stádas na ndobharlach, comhsheasmhacht idir bearta a dhéanann tíortha thuas agus thíos an abhainn a fheabhsú, lena náirítear tíortha comhpháirtíochta bruachánacha nach Ballstáit den Aontas iad, agus béim ar bhainistiú cainníochta uisce a mhéadú. Tacóidh an Coimisiún le tionscnaimh idir piaraí chun comhar a chothú idir eagraíochtaí, réigiúin agus cathracha abhantraí agus imchuach farraige, trí bhíthin cláir agus tionscnaimh de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach, an Chomhpháirtíocht Théamach maidir le ‘Cathair Uisce-íogair’ faoi chuimsiú an Chlár Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach (UAEU) agus an pobal cleachtais Comhtháthú le haghaidh Aistrithe 54 . Cinnteoidh sé sin rannpháirtíocht thábhachtach ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, mar a léirítear le tionscnaimh faoi chláir Interreg.



Gníomhaíochtaí suaitheanta – Rialachas agus cur chun feidhme chun borradh a chur faoin athrú

Amlíne

Dlús a chur leis an bhforfheidhmiú agus idirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit uile a thionscnamh ar mhaithe le cur chun feidhme acquis an Aontais i réimse an uisce a luathú agus a uasmhéadú, bunaithe ar phríomhthosaíochtaí forfheidhmiúcháin a eascraíonn as an measúnú is déanaí ar na Pleananna Bainistithe Abhantraí agus ar na Pleananna Bainistithe Riosca Tuilte.

2025-2026

Faoin bpobal cleachtais Comhtháthú le haghaidh Aistrithe, malartuithe rialta a eagrú le réigiúin, cathracha agus údaráis uisce chun malartú dea-chleachtas maidir le ‘tírdhreacha spúinse’ a chur chun cinn, chomh maith le comhar uisce trasteorann, mar a sainaithníodh faoi Interreg.

2025-2027

Amharcóir a sheoladh a chomhtháthóidh sonraí comhshaoil le sonraí a bhaineann leis na heangacha uisce agus fuinnimh ar mhaithe le cúnamh a thabhairt do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí pleanála spásúla chun na limistéir is fearr a shainaithint i ndáil le haimsiú suíomh na n‑oibríochtaí gnó atá dian ar uisce, ar aimsiú suímh é a théann chun tairbhe do chách.

2027

3.2    Maoiniú, infheistíochtaí agus bonneagar chun soláthar cobhsaí a bhaint amach

Mura ndéanfar infheistíochtaí móra poiblí agus príobháideacha ag gach céim den bhainistiú uisce, beidh an dul chun cinn i dtreo athléimneacht uisce rómhall nó ní bheidh aon tionchar fóinteach aige. Is thart ar EUR 55 bhilliún (i bpraghsanna 2022) atá i gceist leis an infheistíocht chaipitil bhliantúil atá ann faoi láthair le haghaidh bearta uisce (ón Aontas, ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus i mbuiséid náisiúnta), rud a thugann le fios go bhfuil bearna infheistíochta bhliantúil de thart ar EUR 23 bhilliún in aghaidh na bliana (0,1 % de OTI an Aontais) ann a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le huisce atá ann cheana 55 . Áirítear leis sin infheistíocht le haghaidh báisteach a thiontú ina huisce glas (uisce a stóráiltear in éiceachórais talún) trí réitigh dhúlrabhunaithe, agus uisce liath (uisce a úsáidtear i lonnaíochtaí uirbeacha nó i bpróisis thionsclaíocha) a thiontú ina uisce gorm (aibhneacha agus farraigí) chun é a chur in oiriúint don dúlra arís. Ní mór gach céim den bhainistiú uisce a chumhdach le hinfheistíochtaí agus ní mór iad a phleanáil ar bhealach comhtháite, agus cásanna aeráide amach anseo agus measúnú ar na rioscaí a thiocfaidh astu sin á gcur san áireamh. Ní mór tacú le teicneolaíochtaí uisce nua freisin le hinfheistíocht. Mar shampla, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na dreasachtaí dá bhforáiltear ar ardán BlueInvest in earnálacha gorma agus as forbairt teicneolaíochtaí criticiúla a bhaineann le huisce, ar teicneolaíochtaí iad a chomhlíonann ceanglais an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP). An tráth céanna, ní mór do na Ballstáit fóirdheontais a sheachaint a d’fhéadfadh, mar fho-éifeacht, dochar a dhéanamh don chomhshaol nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le húsáid uisce neamhéifeachtúil.

San athbhreithniú meántéarma a rinneadh le déanaí ar an mbeartas comhtháthaithe, mhol an Coimisiún pacáiste beart eisceachtúil chun na Ballstáit agus na réigiúin a spreagadh infheistíocht a dhéanamh san athléimneacht uisce. Áirítear sa phacáiste sin suas le 100 % de mhaoiniú ón Aontas agus 30 % de réamh-mhaoiniú in infheistíochtaí athléimneachta uisce arna gclársceidealú faoin tosaíocht thiomnaithe i dtaca leis an gcuspóir sonrach nua sin, chomh maith le solúbthachtaí éagsúla.

Tá deacrachtaí ag roinnt Ballstát na cistí AE atá ar fáil a chaitheamh mar gheall ar easpa acmhainneacht riaracháin agus bacainní dlíthiúla nó eagraíochtúla. Ní mór feabhas a chur ar an acmhainneacht maidir le hinfheistíochtaí athléimneachta uisce a dhéanamh, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha. In éineacht le hathchóirithe rialachais uisce ar an leibhéal ceart, is féidir le cúnamh teicniúil a bheith ina chuidiú chun a áirithiú go n‑úsáidfear na cistí AE atá ar fáil ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir.

Ba cheart cistí AE atá ar fáil a chur chun úsáide go tapa le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh sceitheadh a laghdú trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha, as méadrú cliste agus as teicneolaíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht uisce. An phleanáil a theastaíonn le haghaidh na n‑infheistíochtaí sin, níl sí chomh casta céanna leis an bpleanáil a theastaíonn le haghaidh tionscadail mhóra uisce. Forbróidh an Coimisiún treoraíocht do na Ballstáit maidir le tionscadail (phíolótacha) mhearshuiteála sna réimsí sin chun nósanna imeachta a shimpliú agus a chuíchóiriú.

Is deis é an chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don athléimneacht uisce trí infheistíocht agus athchóirithe. I gcomhthéacs na gcomhaontuithe comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha, d’fhéadfadh na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar réimsí amhail rialachas feabhsaithe, measúnú riosca agus ullmhacht i gcomhair tubaistí, éifeachtúlacht agus athúsáid uisce mhéadaithe, laghdú ar éileamh in ord tosaíochta agus rialuithe feabhsaithe. Thairis sin, spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit dul i gcomhar le chéile i dtionscnamh Conairí Glasa agus Gorma chun tacú le hathchóiriú suíomhanna éiceolaíocha agus bonneagair éiceolaíoch lena n‑áirítear aibhneacha, bogaigh agus cóstaí. 

Ina theannta sin, tá feabhas á chur ag an gCoimisiún ar a chomhar le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) chun dlús a chur le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i réimse an uisce, san Aontas agus ar leibhéal domhanda. Tá Clár Uisce forbartha ag Grúpa BEI, arb é an t‑airgeadaí domhanda is mó in earnáil an uisce sa lá atá inniu ann, chun tacú le Straitéis an Choimisiúin maidir le hathléimneacht i réimse an uisce. Tá breis agus EUR 15 bhilliún de mhaoiniú beartaithe le linn na tréimhse 2025-2027 le haghaidh tionscadail lena bhfeabhsaítear rochtain ar uisce, rialú ar thruailliú, agus athléimneacht agus iomaíochas earnáil uisce an Aontais, lena n‑áirítear trí bhonneagair mhóra agus réitigh dhúlrabhunaithe. Ina theannta sin, tiocfaidh an Coimisiún agus BEI le chéile chun aghaidh a thabhairt ar scrogaill i gcur chun úsáide infheistíochtaí uisce. Áireofar leis sin an togra maidir le Saoráid Chomhairleach nua um Bainistiú Uisce Inbhuanaithe chun cúnamh teicniúil BEI a mhaoiniú i dtaca le píblíne na dtionscadal a thógáil agus cainníochtú níos fearr a dhéanamh ar riachtanais chistiúcháin agus ar roghanna maidir le hinfheistíocht uisce a éascú.

Ní mór dlús mór a chur leis an infheistíocht phríobháideach. Le comhar le hinstitiúidí airgeadais, is féidir níos mó maoiniú príobháideach san athléimneacht uisce a ghiaráil trí chuir chuige airgeadais chumaiscthe, trí mhúnlaí nuálacha amhail Uisce mar Sheirbhís agus trí éiceachórais struchtúrtha le haghaidh Bannaí Glasa agus Gorma. D’fhéadfadh scéimeanna luaíochta um sheirbhísí éiceachórais tacú le cruthú na margaí is gá freisin. Glacfaidh an Coimisiún Treochlár maidir le Creidmheasanna Dúlra chun leas a bhaint as acmhainneacht na n‑ionstraimí sin agus chun uas-scálú na margaí sin a dhreasú. Thairis sin, is é is aidhm do chreat simplithe an Aontais um airgeadas inbhuanaithe agus do leathadh amach an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta na deiseanna cistiúcháin atá ag gnólachtaí an Aontais a mhéadú, lena n‑áirítear in earnáil an uisce.

Tá an cás gnó le haghaidh infheistíochtaí uisce á neartú ag suaití arb é an tathrú aeráide is cúis leo, agus is féidir le cuir chuige nuálacha cuidiú le hinfheistíocht phríobháideach nach beag a ghnóthú. Aithnítear níos mó ná riamh gur toisc atá ábhartha ó thaobh airgeadais de é an tuisce le haghaidh gnólachtaí, infheisteoirí agus rialtas. Mar sin féin, tá constaicí móra ann i dtaobh infheistíochtaí príobháideacha san uisce a spreagadh, constaicí a mbíonn dlúthchomhar i measc páirtithe leasmhara éagsúla ag teastáil ina leith go minic, go háirithe chun fadhbanna saorthairbhithe a shárú. Bunóidh an Coimisiún Luasaire um Infheistíocht san Athléimneacht Uisce chun 20 cás píolótach nuálach a chur chun feidhme maidir le coinneáil uisce nádúrtha agus éifeachtúlacht uisce, lena dtabharfar le chéile infheisteoirí uisce áitiúla, soláthraithe réiteach agus páirtithe atá buailte ag fadhbanna chun gníomhaíochtaí comhchosúla a spreagadh ar fud an Aontais. D’fhéadfadh sé sin tógáil ar líonraí na Saotharlann Beo a bunaíodh freisin e.g. i gComhpháirtíochtaí agus Misin Eorpacha. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán méadaitheach a bhaineann le caillteanais eacnamaíocha de dheasca tubaistí nádúrtha a árachú, lena náirítear tubaistí a bhaineann le huisce san Aontas, fiosróidh an Coimisiún réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an mbearna i dtaobh cosaint árachais a laghdú, trí obair leantach a dhéanamh ar na tograí ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde 56 . Le dreasachtaí i leith faisnéis fheabhsaithe, praghsáil uisce agus rialú ar an uisce a úsáidtear (féach roinn 2.3), cuideofar leis an gcás gnó le haghaidh infheistíochtaí uisce a dhéanamh níos tarraingtí, lena náirítear in earnálacha atá ag brath go mór ar uisce agus atá ag éirí níos leochailí i leith ganntanas uisce, amhail an talmhaíocht, an dobharshaothrú agus fuinneamh.

Gníomhaíochtaí suaitheanta – Airgeadas, infheistíochtaí agus bonneagar chun soláthar cobhsaí a bhaint amach

Amlíne

Clár Uisce BEI agus an tSaoráid Chomhairleach um Bainistiú Uisce Inbhuanaithe a sheoladh i gcomhar leis an gCoimisiún chun dlús a chur leis an gcúnamh d’iasachtaithe féideartha, rud a mhéadóidh píblíne na dtionscadal.

2025

Tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin cistí an bheartais comhtháthaithe a chur i dtreo na hathléimneachta uisce laistigh den athbhreithniú meántéarma.

2025

Luasaire um Infheistíocht san Athléimneacht Uisce a bhunú

2026-2027

Tionscnamh Conairí Glasa agus Gorma a sheoladh chun tacú le hathchóiriú suíomhanna éiceolaíocha agus bonneagair éiceolaíoch lena n‑áirítear aibhneacha, bogaigh agus cósta ar mhaithe leis an timthriall uisce a athchóiriú le cur chuige ón bhfoinse go dtí an fharraige.

2027

Treochlár maidir le Creidmheasanna Dúlra a ghlacadh chun leas a bhaint as acmhainneacht na n‑ionstraimí sin agus chun uas-scálú na margaí sin a dhreasú.

2025

3.3    Digiteáil agus an Intleacht Shaorga chun bainistiú uisce fónta a luathú agus a shimpliú

Tá acmhainneacht mhór ag an digiteáil maidir le bainistiú uisce a athrú ó bhonn agus úsáid uisce inbhuanaithe a chur chun cinn. Tabharfaidh sí léargas tráthúil ar mhaithe le ceapadh beartas níos fearr mar aon le dearadh agus oibriú feabhsaithe bonneagair agus seirbhísí uisce. Tá go leor réiteach digiteach le fáil ar an margadh, lena náirítear an Intleacht Shaorga 57 . Tá glacadh na réiteach sin fós rómhall agus míchothrom, áfach.

Chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin atá fós gan saothrú den chuid is mó, agus chun tógáil ar na Teachtaireachtaí atá ar na bacáin maidir leis an Aontas Sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga, glacfaidh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha earnáil an uisce amhail córais analógacha agus córais atá ag dul in aois, chomh maith le tacair sonraí an-mhóra atá scaipthe in go leor stórais éagsúla. Beidh dhá phríomhcholún ann: (i) réitigh dhigiteacha a chur chun úsáide trí chistiú agus comhroinnt eolais chun scileanna digiteacha a fhorbairt agus chun aistriú teicneolaíochta a spreagadh in earnáil an uisce; agus (ii) tacú le comhroinnt sonraí uisce trí fhorbairt na dtairseacha sonraí náisiúnta a chothú chun an ilroinnt a shárú agus chun sonraí a dhéanamh so-aimsithe, inrochtana saor in aisce, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte, i gcomhréir le ceanglais na Treorach maidir le Sonraí Oscailte 58 .

Le ‘ionad ilfhreastail’ le haghaidh táirgí Fhaire na Cruinne atá ábhartha maidir le bainistiú uisce, beidh bainistiú uisce ón spás inrochtana go héasca ag cách. Cé go bhfuil Faire na Cruinne in úsáid le blianta fada chun triomaigh agus tuilte a thuar, níl a húsáid laethúil le haghaidh bainistiú uisce chomh forleathan céanna. Déanann Copernicus agus a shé sheirbhís speisialaithe punann leathan táirgí a bhaineann le huisce a chur ar fáil ar bhonn iomlán, saor in aisce agus oscailte. Tá an fhaisnéis sin scaipthe, áfach. Bunóidh an Coimisiún ‘ionad ilfhreastail’ le haghaidh táirgí Fhaire na Cruinne atá ábhartha do bhainistiú uisce – Mol Téamach um Uisce – chun sonraí, táirgí agus uirlisí Copernicus a bhaineann le huisce a thabhairt le chéile, agus chun rochtain ar na sonraí sin agus úsáid na sonraí sin a éascú. Cothóidh sé comhar idir pobal Fhaire na Cruinne agus an pobal bainistithe uisce, i gcomhpháirtíocht le Lárionad Eolais um Fhaire na Cruinne an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, lena n‑áiritheofar go bhfreagróidh táirgí Copernicus do riachtanais úsáideoirí agus luchta ceaptha beartas.

D’fhéadfadh cúnamh a bheith ag teastáil ó údaráis bainistithe uisce agus ó údaráis phleanála agus cheadúcháin agus ón earnáil phríobháideach freisin maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí de dheasca an athraithe aeráide. Samhlacha digiteacha atá á bhforbairt ag an gCoimisiún amhail Digital Twin of the Ocean agus Destination Earth, tacóidh siad leis an measúnú ar dhálaí uisce fadtéarmacha agus ar infhaighteacht uisce fhadtéarmach i gcásanna éagsúla athraithe aeráide nó gníomhaíochtaí daonna. D’fhéadfadh sé go mbeadh na cumais sin ar fáil d’údaráis riaracháin náisiúnta agus áitiúla roimh 2030.



Gníomhaíochtaí suaitheanta – Digiteáil agus an Intleacht Shaorga chun bainistiú uisce fónta a luathú agus a shimpliú

Amlíne

Feidhmeanna athléimneachta uisce Destination Earth agus Digital Twin of the Ocean a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus na cumais a chur ar fáil d’údaráis riaracháin náisiúnta agus áitiúla san Aontas agus níos faide i gcéin faoi 2030.

2025-2030

Plean Gníomhaíochta uile-Aontais um digiteáil in earnáil an uisce a fhorbairt, lena n‑áirítear tionscnamh uile-Aontais maidir le méadrú cliste do chách.

2026

Mol Téamach um Uisce faoi chuimsiú Copernicus a sheoladh.

2026

3.4    Taighde agus nuálaíocht, tionscal an uisce agus scileanna chun an tiomaíochas a neartú

Ní mór an nuálaíocht uisce a uas-scálú, bunaithe ar an Straitéis AE um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú. Cuid thábhachtach de Chláir Réime an Aontais le haghaidh T&N is ea uisce agus tá punann mhór smaointe agus réiteach nuálach ann cheana féin a forbraíodh san Eoraip. Tá cur chun úsáide iarbhír na réiteach sin i ndiaidh chéim an tionscadail fós mall, áfach. Chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin, bunóidh an Coimisiún comhéadan eolaíochta/beartais chun luach a chur ar an eolas ó ghníomhaíochtaí T&N arna gcistiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

Seolfaidh an Coimisiún Comhghuaillíocht Thionsclaíoch Chliste i Réimse an Uisce chun tacú le comhdhlúthú sa réimse sin tríd an nuálaíocht agus an t‑iomaíochas a spreagadh agus trí na scileanna uisce is gá a chinntiú. Thairis sin, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, fiosróidh an Coimisiún bealaí a bhféadfaí breithnithe athléimneachta uisce a chur chun cinn leis an soláthar poiblí i dtairiscintí poiblí ábhartha, sin agus rochtain shimplithe ar an margadh do FBManna chun cuidiú leo leas a bhaint as a n‑acmhainneacht nuálaíochta. Agus na tionscnaimh sin á gcomhlánú aige, seolfaidh an Coimisiún Acadamh Eorpach um Uisce freisin chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais acmhainneachta in earnáil uisce na hEorpa, lena gcothófar comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, nuálaíocht agus aistriú teicneolaíochta chun bearnaí scileanna a líonadh.

Ní mór do dhaoine de gach aois agus i ndisciplíní éagsúla scileanna nua a fhorbairt. Tá fás tagtha ar an bhfostaíocht in earnáil an uisce le blianta beaga anuas agus leanfaidh sin ar aghaidh 59 . Tá na húdaráis phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag dul i ngleic le lucht saothair atá ag dul in aois agus bearna scileanna, áfach, go háirithe i réimsí teicniúla amhail cóireáil agus bainistiú uisce, agus bearna i ndáil le scileanna digiteacha. Le pacáiste scileanna an Aontais, lena náirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, is féidir borradh a chur faoin oiliúint a chuirtear ar fáil d’údaráis, gairmithe bainistithe uisce agus pobail. I gcás an fhionnuisce agus an aigéin, ní mór scileanna san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM) a chur chun cinn 60 . Chun na scileanna cearta a thabhairt do lucht saothair uisce an Aontais, oibreoidh an Coimisiún, tionscal uisce an Aontais agus páirtithe leasmhara le chéile, lena náirítear ar sheoladh féideartha Comhpháirtíochta Scileanna ar Mórscála. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún feabhas ar an ngairmoiliúint trína thacaíocht don Ardán Bairr Feabhais Gairme um Uisce a mhéadú. Bainfidh sé úsáid freisin as Líonra na Scoileanna Gorma Eorpacha atá ann cheana ar mhaithe le litearthacht agus feasacht a mhúscailt chun aghaidh a thabhairt ar chosaint an fhionnuisce agus an aigéin i gcur chuige ón bhfoinse go dtí an fharraige.

D’ainneoin bonn láidir eolais, tá bearnaí tuisceana fós ann maidir le fionnuiscí agus uiscí mara na hEorpa, infhaighteacht acmhainní uisce, athruithe aeráide agus an nasc idir uisce, fuinneamh, bia agus éiceachórais. Trí úsáid éifeachtach a bhaint as cistí taighde an Aontais, is féidir cuidiú le teicneolaíochtaí nuálacha a chur ar an margadh agus tacaíocht a thabhairt do FBManna. Agus é ag tógáil ar an taighde ceannródaíoch faoi Mhisean an Aontais chun ár nAigéan agus ár nUiscí a Athbhunú agus faoi Mhisean an Aontais um Oiriúnú don Athrú Aeráide, glacfaidh an Coimisiún Straitéis T&N um an Athléimneacht Uisce faoi dheireadh 2026 lena dtabharfar aghaidh ar ilroinnt thionscnaimh T&N an Aontais.

Ar deireadh, chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa i réimse an uisce trí nuálaíocht a spreagadh agus na bearnaí scileanna agus eolais a líonadh, ní mór dúinn tuilleadh sineirgí a chruthú agus an tionsclaíocht, an t‑oideachas agus an taighde a nascadh le chéile faoi chur chuige ón bhfoinse go dtí an fharraige. Is é sin an fáth a seolfaidh an Coimisiún Pobal Eolais agus Nuálaíochta in Earnálacha agus Éiceachórais Uisce, Mhara agus Mhuirí faoin Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht in 2026.

Gníomhaíochtaí suaitheanta – Taighde agus nuálaíocht, tionscal an uisce agus scileanna chun an t‑iomaíochas a neartú

Amlíne

Comhéadan eolaíochta/beartais chun torthaí tionscadal T&N arna gcistiú ag an Aontas a scaipeadh e.g. trí ardán ilfhreastail.

2026

Straitéis T&N um an Athléimneacht Uisce.

2026

Comhghuaillíocht Thionsclaíoch Chliste i Réimse an Uisce chun iomaíochas a spreagadh.

2026

Acadamh Eorpach um Uisce.

2026-2027

Pobal Eolais agus Nuálaíochta in Earnálacha agus Éiceachórais Uisce, Mhara agus Mhuirí faoin Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).

2026

3.5    Slándáil agus ullmhacht chun borradh a chur faoin athléimneacht chomhchoiteann

Bagairtí de dheasca an athraithe aeráide agus caillteanais bhithéagsúlachta, ionsaithe mailíseacha atá nasctha le cur isteach ar bhonneagar agus soláthar uisce criticiúil, chomh maith le truailliú uiscí intíre agus mara de thaisme, tá na nithe sin sainaitheanta ag na Ballstáit mar phríomhrioscaí uisce. Mar thoradh ar thubaistí den sórt sin, tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an líon iarrataí ar chúnamh ó Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, san Eoraip agus in áiteanna eile ar domhan. Leanfaidh an tAontas de dhlúthpháirtíocht a léiriú maidir le comhar trasteorann, ach chun úsáid éifeachtúil a bhaint as na cistí atá ar fáil agus chun an gá atá le fóirithint tubaistí a laghdú, ní mór an dlúthpháirtíocht sin a chomhlánú le prionsabail na hullmhachta trí dhearadh. Nithe atá ábhartha sa chomhthéacs sin go háirithe is ea an Rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra, lena dtacaítear leis na Ballstáit cistí a shlógadh go tapa 61 agus an tathbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe.

Tá réitigh áitiúla de dhíth ar shaoránaigh a chosnaíonn iad agus a fhágann gur féidir leo a bheith ullamh don mhéid nach féidir a chosc, i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta 62 . Leis na gníomhaíochtaí sin ní mór breithnithe pleanála uirbí a chomhtháthú chun dul i ngleic leis an truailliú, agus san am céanna an tathrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, bainistiú riosca triomach agus tuilte a fheabhsú, úsáid uirlisí digiteacha agus córas mear-rabhaidh a bharrfheabhsú, agus na naisc atá idir uirlisí bainistithe riosca atá ann cheana a neartú ar an leibhéal Eorpach (amhail uirlisí luathrabhaidh Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus 63 ), ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil. Ní mór é a thabhairt de chumhacht do shaoránaigh agus do phobail gníomhú chun oiriúnú don athrú aeráide agus chun cosaint a thabhairt ar rioscaí tuilte agus triomach. Is é an chéad chéim i dtreo athléimneacht sochaí a mhéadú faisnéis a chur ar fáil faoi na rioscaí sonracha d’fhoirgnimh agus don talamh i leith tuilte agus triomach.

Tá go leor uirlisí san Aontas chun an daonra a chosaint ar thubaistí a bhaineann le huisce, nó chun an tionchar a mhaolú, ach ní i gcónaí a bhíonn a ndóthain eolais ag daoine orthu nó a bhaintear dóthain úsáide astu. Tá sé tábhachtach é a thabhairt de chumhacht do shaoránaigh foghlaim faoi na rioscaí méadaitheacha a bhaineann le tubaistí uisce arb é an tathrú aeráide is cúis leo agus na rioscaí sin a bhainistiú, mar a iarradh i Spriocanna an Aontais maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí a forbraíodh faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta 64 . Cuirfidh an Coimisiún feabhas ar chórais luathrabhaidh agus faireacháin fíor-ama an Aontais le haghaidh tuilte agus triomach trí thacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus trí neartú a dhéanamh ar an bhFaireachlann Eorpach um Thriomach agus ar an gCóras Eorpach maidir le Feasacht Tuile, ar córas de chuid Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus é.

Má bhíonn muid ar an eolas faoi na laigí atá againn agus má thugaimid aghaidh orthu, beimid níos athléimní. De réir mar atá méadú ag teacht ar mhinicíocht agus ar dhéine thionchar na gcibirionsaithe in aghaidh saoráidí uisce, cuideoidh pleanáil slándála iomchuí agus tuiscint níos fearr ar leochaileachtaí leis an Aontas agus le hoibreoirí eacnamaíocha gníomhaíochtaí naimhdeacha i gcoinne na sláine fisiciúla agus na cibearshláine a chomhrac, lena náirítear bonneagar soláthair uisce óil agus bonneagar cóireála fuíolluisce, sin agus éilliú uisce-iompartha d’aon ghnó a chomhrac. Bainfidh an phleanáil sin tairbhe mhór as cur chun feidhme iomlán na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil 65 agus na Treorach maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (an Dara Treoir NIS) 66 . An Teachtaireacht ón gCoimisiún atá ar na bacáin lena leagtar síos treoirlínte neamhcheangailteacha chun tacú leis na Ballstáit a neintitis chriticiúla a shainaithint agus tuairisciú a dhéanamh ar thoradh a measúnuithe riosca, beidh feidhm aici maidir le hearnálacha an uisce óil agus an fhuíolluisce, i gcomhréir le raon feidhme na Treorach maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil. Gné thábhachtach eile a bhaineann le hathléimneacht an Aontais a neartú is ea tacú le húdaráis phoiblí, le gnólachtaí agus leis an bpobal ullmhú do rioscaí aeráide a bheidh ann amach anseo, lena náirítear trí úsáid a bhaint as cásanna tagartha aeráide coiteanna agus as uirlisí digiteacha le haghaidh chórais luathrabhaidh agus faireacháin fíor-ama an Aontais.

 Gníomhaíochtaí suaitheanta – Slándáil agus ullmhacht chun borradh a chur faoin athléimneacht chomhchoiteann

Amlíne

Feabhas a chur ar athléimneacht an bhonneagair uisce ar tír agus amach ón gcósta tríd an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur chun feidhme.

2025

Córais luathrabhaidh agus faireacháin fíor-ama an Aontais a fheabhsú trí neartú a dhéanamh ar an bhFaireachlann Eorpach um Thriomach agus ar an gCóras Eorpach maidir le Feasacht Tuile, ar córas de chuid Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus é.

Ó 2025 ar aghaidh

Plean Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide a ghlacadh.

2026

4.    Gníomhú ar bhonn domhanda – dea-shampla a thabhairt, tiomantas agus tionscnaimh

Beidh 5 bliana ann go dtí deireadh Chlár Oibre 2030. Tá an dul chun cinn i dtreo Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 67 i bhfad níos moille ná mar ba cheart. Tá 2,2 billiún duine ar domhan fós gan rochtain ar uisce óil sábháilte, níl rochtain ag níos mó ná leath de dhaonra an domhain ar shláintíocht shábháilte, agus tá an leibhéal díghrádaithe atá i gceist le go leor dobharcheantar ar fud an domhain ag dul i méid, rud a chuireann sláinte na néiceachóras agus infhaighteacht uisce i mbaol agus atá ag dul in olcas mar gheall ar an athrú aeráide. Is iad bogaigh na bainisteoirí uisce is éifeachtaí atá le fáil sa dúlra, ach tá siad ag dul i léig ar fud an domhain trí huaire níos tapúla ná foraoisí, rud a mhéadaíonn an riosca gaineamhlaithe agus tuilte. Meastar go mbeidh beagnach leath de dhaonra an domhain buailte ag an strus acmhainní uisce faoi 2030 68

Chun géarchéim uisce luathaithe a sheachaint, tá gá le gníomhaíocht dhomhanda chlaochlaitheach ghasta, lena náirítear athshainiú ar an gcaoi a ndéanaimid uisce a luacháil agus a rialú, ar mhaithe leis an leas coiteann. Trína ghníomhaíochtaí faoin straitéis Global Gateway, rannchuideoidh an tAontas leis an timthriall domhanda uisce a chosaint agus a athchóiriú, le geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a thógáil agus le slándáil an tsoláthair uisce a chinntiú do chách, i gcomhréir le cuspóirí na straitéise sin ar leibhéal an Aontais agus leis an gComhshocrú don Todhchaí 69 . Leathnóidh an tAontas comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus taidhleoireacht uisce chun na nithe seo a leanas a chur chun cinn: Bainistiú Comhtháite Acmhainní Uisce, an cur chuige ón bhfoinse go dtí an fharraige, úsáid na réiteach dúlrabhunaithe, infheistíocht in uisce agus sláintíocht inbhuanaithe do chách, agus athchóirithe beartais ar son na nuálaíochta. Mar chuid de gheilleagar atá cliste, ciorclach agus iomaíoch ó thaobh uisce de a thógáil, tacóidh an tAontas le tionscnaimh dhomhanda chun éifeachtúlacht agus athúsáid uisce a chur chun cinn i ngach earnáil eacnamaíoch. Ina theannta sin, tacóidh an tAontas le tabhairt chun críche agus glacadh Threoirlínte Codex Alimentarius 70 chun úsáid agus athúsáid uisce atá sábháilte ó thaobh na micribhitheolaíochta de i dtáirgeadh bia ar fud an domhain a áirithiú.

Neartófar an nasc idir an tuisce, an tsíocháin agus an tslándáil trí ghníomhaithe daonnúla, forbartha agus síochána a thabhairt le chéile, agus iad ag moladh go gcomhlíonfaí an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta chun tacú le sábháilteacht agus slándáil acmhainní uisce, pearsanra uisce agus bonneagair i limistéir choinbhleachta. Trí íoscheanglais chomhshaoil a leagan síos le haghaidh oibríochtaí cabhrach daonnúla arna gcistiú ag an Aontas, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na nacmhainní uisce chun cinn i gcomhthéacsanna ina bhfuiltear buailte go dona ag ganntanais uisce 71 . 

Tá rialachas domhanda uisce níos láidre fíor-riachtanach chun dul chun cinn seasta a dhéanamh, chun stiúradh straitéiseach a dhéanamh agus chun an ilroinnt a shárú. Chuir Comhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe an tuisce i lár an aonaigh i gcomhthéacs na polaitíochta domhanda leis an gClár Oibre Gníomhaíochta Uisce uaillmhianach 72 , agus ina dhiaidh sin leis an rún maidir le huisce ón séú seisiún de Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA-6) 73 , leis an straitéis uile-chórais maidir le huisce agus sláintíocht 74 agus le ceapadh Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le hUisce. Oibreoidh an tAontas chun toradh uaillmhianach gníomhaíocht-dhírithe ar Chomhdhálacha Uisce na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, ar comhdhálacha iad atá ar na bacáin, lena náirítear próiseas idir-rialtasach tráthrialta de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le huisce, príomhshruthú uisce i bpróisis iltaobhacha, agus rannpháirtíocht i bpríomh-chomhghuaillíochtaí. Rachaidh an tAontas i mbun plé le tíortha comhpháirtíochta freisin maidir le rialachas uisce, lena náirítear trí Líonra Thoscairí Uisce Bhallstáit an Aontais a thógáil.

Tacóidh an tAontas le leathnú Choinbhinsiún Uisce na Náisiún Aontaithe 75 mar bhealach chun bainistiú inbhuanaithe acmhainní comhroinnte uisce, cosc coinbhleachtaí, cothú na síochána, slándáil agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn. Trí Global Gateway 76 , tá Foireann na hEorpa (an Coimisiún, BEI agus Institiúidí Maoinithe Forbraíochta na mBallstát) ag cur os cionn EUR 1,2 billiún ar fáil chun tacú le rialachas, eolas agus infheistíochtaí in 18 mór-imchuach uisce trasteorann ar fud 47 dtír san Afraic agus san Áise Láir. Áirítear leis sin tionscnaimh amhail an Ciste Idirnáisiúnta maidir le Muir Aral a Shábháil agus an clár um Inbhuanaitheacht Ghorm na hAfraice, Blue Africa.

Neartóidh an tAontas comhpháirtíochtaí le tíortha agus le réigiúin maidir le huisce. Áirítear leis sin Clár Oibre Uisce 2030 an Aontais don Réigiún Meánmhuirí agus an Comhshocrú Nua don Mheánmhuir atá ar na bacáin, chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas uisce atá ag dul i méid agus ar thionchair athraithe aeráide sa réigiún. Tacóidh an tAontas le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha comharsanachta, lena náirítear trí Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar agus Chomharsanacht an Oirthir agus tríd an tSaoráid don Úcráin. Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cur chuige straitéiseach an Aontais i leith na Mara Duibhe 77 chun tacú le pobail áitiúla i gcoinne, inter alia, damáiste don chomhshaol a bhaineann leis an gcogadh. Molfaidh an tAontas an reachtaíocht ábhartha maidir le huisce a thabhairt isteach san acquis a chumhdaítear le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh 78 . Cuirfidh an tAontas agus an Áise Láir feabhas ar a gcomhar tríd an gcomhpháirtíocht straitéiseach a comhaontaíodh le déanaí, le pacáiste infheistíochta Global Gateway dar luach EUR 12 bhilliún chun díriú ar cheithre phríomhthosaíocht, lena náirítear an aeráid, uisce agus fuinneamh. Tá tionscal ceannródaíoch uisce an Aontais barrthábhachtach chun tacú le tíortha comhpháirtíochta, teicneolaíochtaí atá tíosach ar uisce a fhorbairt, bonneagar inbhuanaithe a mhaoiniú agus an nuálaíocht a spreagadh. Tacóidh an tAontas le dreasachtaí beartais, le sásraí maoiniúcháin agus le FBManna uisce agus iad ag iarraidh deiseanna margaidh ábhartha a thapú.

Tá an tAontas tiomanta i gcónaí cuidiú leis an mbearna mhór sa mhaoiniú idirnáisiúnta le haghaidh réimse an uisce a líonadh. Trí Global Gateway, tá an tAontas agus a Bhallstáit fós ar an ranníocóir is mó le cabhair oifigiúil um fhorbairt, lena náirítear maidir le bonneagar uisce agus réitigh dhúlrabhunaithe, rud atá neartaithe ag slógadh ranníocaíocht na hearnála príobháidí tríd an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+). Tá gealltanas tugtha ag BEI agus ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, agus ag bainc forbartha iltaobhacha eile, maidir le leibhéil níos airde maoinithe le haghaidh na slándála uisce agus neartóidh siad an comhar atá eatarthu 79 . Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí go príomha trí shásraí agus ráthaíochtaí a chumasc agus feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta, rud a bhainfear amach trí athchóirithe dlíthiúla a éascú agus ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn. Áirítear leis sin tionscnaimh amhail Infheisteoir Aeráide 2, saoráid mhaoiniúcháin chumaiscthe lena slógtar suas le EUR 2,2 billiún le haghaidh tionscadail uisce, sláintíochta agus bonneagair aigéin, chomh maith le soláthar straitéiseach agus tacaíocht do chreataí comhshaoil, sóisialta agus rialachais. D’fhéadfadh ról a bheith ag Comhpháirtíochtaí um Thrádáil agus Infheistíocht Ghlan freisin.



Gníomhaíochtaí suaitheanta – Gníomhú ar bhonn domhanda – dea-shampla a thabhairt, tiomantas agus tionscnaimh

Amlíne 

An athléimneacht uisce a chur chun cinn trí bhíthin an Global Gateway trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh thosaíochta a bhaineann le huisce agus rannpháirtíocht a threisiú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

Ó 2025 ar aghaidh

5.    Conclúidí

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, ar chomhpháirtithe institiúideacha, ar ghnólachtaí agus ar gach cuid den tsochaí gníomhaíocht a dhéanamh de réir mar a shonraítear sa Straitéis seo.

Ó mhí na Nollag 2025 ar aghaidh, tionólfaidh an Coimisiún Fóram maidir le hAthléimneacht Uisce gach 2 bhliain, fóram ina ndéanfaidh páirtithe leasmhara an Aontais agus páirtithe leasmhara eile idirphlé cuimsitheach chun machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh feabhas a chur ar athléimneacht uisce ar gach leibhéal rialtais agus gnó agus ar gach leibhéal den tsochaí shibhialta, agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Straitéise seo.

In 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a chuimsítear sa Straitéis seo. Déanfaidh sé an chéad mheastóireacht ar ghlacadh an Mholta maidir le Tús Áite don Éifeachtúlacht Uisce freisin. Sa chomhthéacs sin, féadfar roinnt de na gníomhaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta nó a athbhreithniú.

In 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an dul chun cinn a bheidh déanta, lena n‑áirítear meastóireacht iomlán ar ghníomhaíochtaí náisiúnta arna ndéanamh i gcomhréir leis an Moladh maidir le Tús Áite don Éifeachtúlacht Uisce. Sainaithneoidh an Coimisiún gníomhaíochtaí breise freisin a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní atá ag teacht chun cinn agus dá réir sin déanfaidh sé athbhreithniú, de réir mar is iomchuí, ar na spriocanna agus ar na gníomhaíochtaí arna sainaithint, d’fhonn athléimneacht uisce a bhaint amach i ngach earnáil den tsochaí.



Iarscríbhinn I – Liosta Iomlán na nGníomhaíochtaí

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Amlíne

An timthriall uisce a athchóiriú agus a chosaint

Tosaíochtaí cur chun feidhme an Chreata Uisce agus na dTreoracha maidir le Tuilte a leagan síos, lena n‑áirítear trí Idirphlé Struchtúrtha leis na Ballstáit, ag díriú ar cháilíocht agus cainníocht uisce.

2025-2026

Athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí.

2027

Táscairí ganntanais uisce agus Treoraíocht Theicniúil maidir le Pleananna Bainistithe Triomach a fhorbairt.

2026-2027

Chun aghaidh a thabhairt ar phríomhfhoinsí an truaillithe:

·Tionscnamh poiblí-príobháideach ar mhaithe le fionnachtain theicneolaíoch a bhaint amach i ndáil le modhanna indéanta inacmhainne chun PFASanna agus ceimiceáin mharthanacha eile a bhrath agus a leasú, má aimsítear na comhpháirtithe cearta.

·Bosca Uirlisí Cúnaimh le haghaidh na mBallstát a sheoladh chun tacú le gníomhaíochtaí maidir leis an truailliú cothaitheach a laghdú, lena náirítear trí shamhaltú feabhsaithe, léarscáileanna idirghníomhacha agus malartú dea-chleachtas.

2027

2026-2027

Geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a thógáil nach bhfágann aon duine ar lár, a thacaíonn le hiomaíochas an Aontais agus a mheallann infheisteoirí

Moladh maidir leis an bprionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht uisce’, treoirlínte agus tuarascáil ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach ar an acmhainneacht éifeachtúlachta uisce nár baineadh leas aisti go fóill.

2025-2026

Tacú le glacadh na gcleachtas athúsáide uisce lasmuigh den talmhaíocht freisin agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce.

2026-2028

Soláthar uisce poiblí: 

·Tacú le laghdú sceite, nuachóiriú bonneagair agus measúnú domhain ar shonraí.

2025-2028

Talmhaíocht:

·An úsáid is mó is féidir a bhaint as na Pleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh athléimneacht uisce trí chomhroinnt eolais agus réitigh nuálacha arna gcur chun cinn ag líonra CBT an Aontais, an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta, agus seirbhísí comhairleacha feirme feabhsaithe neamhspleácha.

·Sa chéad tréimhse chlársceidealaithe eile, leanúint d’fheirmeoirí a dhreasú chun feidhmíocht chomhshaoil agus aeráide a ngabháltais a fheabhsú, lena náirítear chun bainistiú uisce níos fearr a bhaint amach.

2025-2026

Tionsclaíocht agus Fuinneamh:

·Tionscadal píolótach a sheoladh chun éifeachtúlacht uisce a chur chun cinn, lena náirítear teicneolaíochtaí gan uisce agus teicneolaíochtaí timthrialla uisce iata, i mbraislí tionsclaíocha roghnaithe.

·Úsáid uisce a áireamh i measc na bparaiméadar faoi chuimsiú scéime coitinne de chuid an Aontais chun inbhuanaitheacht na lárionad sonraí a rátáil agus íoschaighdeáin feidhmíochta maidir le tomhaltas uisce a mholadh.

·Tionscnamh poiblí-príobháideach ar mhaithe le fionnachtain theicneolaíoch a bhaint amach i ndáil le modhanna indéanta inacmhainne le haghaidh fuarú tirim, má aimsítear na comhpháirtithe cearta.

2025-2026

 

Malartú dea-chleachtas a chur chun cinn maidir le cothromaíochtaí fionnuisce, cuntasaíocht ar shreabha uisce, éifeachtúlacht uisce, agus méadrú cliste uisce sna hearnálacha eacnamaíocha uile

Ó 2025 ar aghaidh

Measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le huisce agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh maidir le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach le haghaidh cuntais uisce. 

Faoi dheireadh 2026

Uisce glan inacmhainne a chinntiú do chách, tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chumhachtú

Aghaidh a thabhairt ar lorg uisce na dtáirgí nuair a bhíonn ceanglais faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus faoi chuimsiú Éicilipéad an Aontais á socrú nó á dtabhairt cothrom le dáta.

2025-2027

Dea-chleachtais maidir le feasacht an phobail agus ról na praghsála uisce a chur chun cinn chun éifeachtúlacht uisce, gnóthú costas agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur chun tosaigh, chomh maith le rialachas uisce náisiúnta gaolmhar.

2026-2027

Borradh a chur faoi iarrachtaí chun athléimneacht uisce a bhaint amach ar fud na timpeallachta tógtha trí chlár oibre 2026-2027 na Saoráide Bauhaus Eorpach Nua, ar clár oibre é atá ar na bacáin, agus sa Phlean um Thithíocht Inacmhainne atá ar na bacáin.

2026

Rialachas agus cur chun feidhme chun borradh a chur faoin athrú

Dlús a chur leis an bhforfheidhmiú agus idirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit uile a thionscnamh ar mhaithe le cur chun feidhme acquis an Aontais i réimse an uisce a luathú agus a uasmhéadú, bunaithe ar phríomhthosaíochtaí forfheidhmiúcháin a eascraíonn as an measúnú is déanaí ar na Pleananna Bainistithe Abhantraí agus ar na Pleananna Bainistithe Riosca Tuilte.

2025-2026

Faoin bpobal cleachtais Comhtháthú le haghaidh Aistrithe, malartú rialta a eagrú le réigiúin, cathracha agus údaráis uisce chun malartú dea-chleachtas maidir le ‘tírdhreacha spúinse’ a chur chun cinn, chomh maith le comhar uisce trasteorann, mar a sainaithníodh faoi Interreg.

2025-2027

Amharcóir a sheoladh a chomhtháthóidh sonraí comhshaoil le sonraí a bhaineann leis na heangacha uisce agus fuinnimh ar mhaithe le cúnamh a thabhairt do na Ballstáit ina n‑iarrachtaí pleanála spásúla chun na limistéir is fearr a shainaithint i ndáil le haimsiú suíomh na n‑oibríochtaí gnó atá dian ar uisce, ar aimsiú suímh é a théann chun tairbhe do chách.

2027

 

Fóram maidir le hAthléimneacht Uisce a chruthú.

Ó 2026 ar aghaidh

Maoiniú, infheistíochtaí agus bonneagar chun soláthar cobhsaí a bhaint amach

Clár Uisce BEI agus an tSaoráid Chomhairleach um Bainistiú Uisce Inbhuanaithe a sheoladh i gcomhar leis an gCoimisiún chun dlús a chur leis an gcúnamh d’iasachtaithe féideartha, rud a mhéadóidh píblíne na dtionscadal.

2025

Tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin cistí an bheartais comhtháthaithe a chur i dtreo na hathléimneachta uisce laistigh den athbhreithniú meántéarma.

2025

Luasaire um Infheistíocht san Athléimneacht Uisce a bhunú.

2026-2027

Tionscnamh Conairí Glasa agus Gorma a sheoladh chun tacú le hathchóiriú suíomhanna éiceolaíocha agus bonneagair éiceolaíoch lena n‑áirítear aibhneacha, bogaigh agus cósta ar mhaithe leis an timthriall uisce a athchóiriú le cur chuige ón bhfoinse go dtí an fharraige.

2027

Treochlár maidir le Creidmheasanna Dúlra a ghlacadh chun leas a bhaint as acmhainneacht na n‑ionstraimí sin agus chun uas-scálú na margaí sin a dhreasú.

2025

 

An Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a úsáid chun cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le huisce, go háirithe na cinn a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach.

Ó 2025 ar aghaidh

Digiteáil agus an Intleacht Shaorga chun bainistiú uisce fónta a luathú agus a shimpliú

Feidhmeanna athléimneachta uisce Destination Earth agus Digital Twin of the Ocean a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus na cumais a chur ar fáil d’údaráis riaracháin náisiúnta agus áitiúla san Aontas agus níos faide i gcéin faoi 2030.

2025-2030

Plean Gníomhaíochta uile-Aontais um digiteáil in earnáil an uisce a fhorbairt, lena n‑áirítear tionscnamh uile-Aontais maidir le méadrú cliste do chách.

2026

Mol Téamach um Uisce faoi chuimsiú Copernicus a sheoladh.

2026

Taighde agus nuálaíocht, tionscal an uisce agus scileanna chun an tiomaíochas a neartú

Comhéadan eolaíochta/beartais chun torthaí tionscadal T&N arna gcistiú ag an Aontas a scaipeadh e.g. trí ardán ilfhreastail.

2026

Straitéis T&N um an Athléimneacht Uisce.

2026

Comhghuaillíocht Thionsclaíoch Chliste i Réimse an Uisce chun iomaíochas a spreagadh.

2026

Acadamh Eorpach um Uisce.

2026-2027

Pobal Eolais agus Nuálaíochta in Earnálacha agus Éiceachórais Uisce, Mhara agus Mhuirí faoin Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).

2026

 

Tuilleadh taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn ar mhaithe le díshalannú inbhuanaithe a chur chun tosaigh.

2026

Dúshlán na Teicneolaíochta Uisce, i gcomhar leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach.

le cinneadh

Slándáil agus ullmhacht chun borradh a chur faoin athléimneacht chomhchoiteann

Feabhas a chur ar athléimneacht an bhonneagair uisce ar tír agus amach ón gcósta tríd an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur chun feidhme.

2025

Córais luathrabhaidh agus faireacháin fíor-ama an Aontais a fheabhsú trí neartú a dhéanamh ar an bhFaireachlann Eorpach um Thriomach agus ar an gCóras Eorpach maidir le Feasacht Tuile, ar córas de chuid Sheirbhís Bainistithe Práinne Copernicus é.

Ó 2025 ar aghaidh

Plean Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide a ghlacadh.

2026

Cosc na ngalar tógálach uisce-iompartha a neartú trí chur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

Ó 2022 ar aghaidh

Gníomhú ar bhonn domhanda – dea-shampla a thabhairt, tiomantas agus tionscnaimh

An athléimneacht uisce a chur chun cinn trí bhíthin an Global Gateway trí thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh thosaíochta a bhaineann le huisce agus rannpháirtíocht a threisiú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

Ó 2025 ar aghaidh

Rialachas uisce domhanda a neartú trí dhul i mbun plé maidir le creat domhanda um rialachas uisce a bheidh ann amach anseo.

Ó 2025 ar aghaidh

Comhar trasteorann maidir le huisce a chothú trí thacú le haontachas le Coinbhinsiún Uisce na Náisiún Aontaithe.

Ó 2025 ar aghaidh

Tacú le rochtain a bheith ag 70 milliún duine ar a laghad ar fhoinse uisce óil agus/nó ar áis sláintíochta fheabhsaithe, infheistíochtaí níos mó a ghnóthú agus borradh a chur faoi iomaíochas thionscal uisce an Aontais.

leanúnach

Infheistíocht i réitigh dhúlrabhunaithe mar chuid de bhonneagair nó i gcomhar le bonneagair a uas-scálú go mór.

Ó 2026 ar aghaidh

Uisce a phríomhshruthú i bpróisis idirnáisiúnta, lena n‑áirítear na trí Choinbhinsiún Rio maidir leis an athrú aeráide, maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir leis an ngaineamhlú, ar coinbhinsiún de chuid na Náisiún Aontaithe iad.

Ó 2025 ar aghaidh

Feabhas a chur ar chur chun feidhme cuspóirí agus spriocanna 80 Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal.

leanúnach

Rannpháirtíocht an Aontais i gCoinbhinsiún Ramsar a fheabhsú.

Ó 2025 ar aghaidh 

Rannpháirtíocht a neartú inter-alia in G7, in G20, sa Chomhghuaillíocht um Chomhar i réimse na nUiscí Trasteorann, sa Dúshlán maidir le Fionnuisce agus in Idirphlé Baku maidir le hUisce.

Ó 2025 ar aghaidh  

Measúnú a dhéanamh ar na riachtanais infheistíochta atá ag gach tír is iarrthóir chun an acquis i réimse an uisce a chomhlíonadh.

Ó 2026 ar aghaidh 

Dlús a chur le rannpháirtíocht san Aontas don Réigiún Meánmhuirí agus i gComhpháirtíocht na Meánmhara Goirme.

Ó 2025 ar aghaidh 

Iarscríbhinn II – Príomhspriocanna idirmheánacha 2027-2033



An timthriall uisce a athchóiriú agus a chosaint

Faoi 2030, cuirfear bearta athchóirithe i bhfeidhm ar 30 % ar a laghad de ghnáthóga cósta agus fionnuisce an Aontais nach bhfuil dea-bhail orthu (an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra).

30 % ar a laghad de na speicis agus na gnáthóga nach bhfuil stádas fabhrach acu faoi láthair, beidh an stádas sin bainte amach acu faoi 2030 nó beidh treocht dhearfach láidir ann a léiríonn go bhfuil siad ag dul sa treo sin (Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030).

Faoi 2030, beidh ar a laghad 25 000 km d’aibhneacha an Aontais athchóirithe ina n‑aibhneacha saorshreafa (Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030).

Faoi 2027, déanfaidh na Ballstáit gach dobharlach uisce dromchla agus screamhuisce a chosaint, a fheabhsú agus a athchóiriú d’fhonn dea-stádas a bhaint amach (an Treoir Réime maidir le hUisce).

Geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a thógáil nach bhfágann aon duine ar lár, a thacaíonn le hiomaíochas an Aontais agus a mheallann infheisteoirí

Faoi 2030, beidh cleachtais atá tíosach ar uisce glactha agus feabhsaithe ag na hearnálacha is déine ar uisce, lena n‑áirítear na hearnálacha seo a leanas, bunaithe ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana:

·Fuinneamh: na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh atá le cur isteach faoi 2026, tosófar á gcur chun úsáide i ngach Ballstát chun athchóiriú céimnitheach na bhfoirgneamh atá ann cheana ina bhfoirgnimh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, lena náirítear trí chuir chuige agus cláir a thugann aghaidh ar chóireáil uisce (an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh).

·Tionsclaíocht:  cuirfear tús le laghdú follasach ar úsáid uisce ar fud na bpróiseas táirgthe tionsclaíochta agus feirmeoireachta stoic is mó san Aontas (an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha).

Ina theannta sin, i ndáil leis an talmhaíocht, faoi 2027 beidh tacaíocht curtha ar fáil leis na Pleananna Straitéiseacha CBT do chleachtais (nach ceanglais éigeantacha iad) lena ndéantar sláinte ithreach a fheabhsú (agus ar an gcaoi sin coinneáil uisce a fheabhsú agus creimeadh a theorannú) ar 47 % de limistéar talmhaíochta an Aontais. Le tacaíocht do chleachtais maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí agus bainistiú feabhsaithe cothaitheach, cumhdófar 27 % agus 15 % de limistéar talmhaíochta an Aontais faoi seach (tacaíocht CBT agus Pleananna Straitéiseacha CBT).

Faoi 2030, na Ballstáit a mbeidh leibhéil sceite soláthair uisce acu a sháraíonn an tairseach uile-Aontais, tairseach atá le socrú faoi 2028, cuirfidh siad plean gníomhaíochta i láthair ina mbeidh bearta chun sceitheadh a laghdú ar fud a líonraí soláthair (an Treoir maidir le hUisce Óil).

Faoi 2030, cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit chun cinn athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte chun gach críche iomchuí lasmuigh den talmhaíocht agus déanfaidh siad measúnú ar a indéanta agus a iomchuí atá sé sprioc AE a leagan síos maidir le hathúsáid uisce sna hearnálacha eacnamaíocha uile (an Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce).

Uisce glan inacmhainne a chinntiú do chách, tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chumhachtú

Faoi 2027, bunóidh na Ballstáit billí uisce óil agus fuíolluisce trédhearcacha, chun feasacht tomhaltóirí ar a dtomhaltas féin agus ar fhíorphraghas an uisce a mhéadú, chomh maith le córais faireachais le haghaidh faireachán a dhéanamh ar pharaiméadair sláinte poiblí i bhfuíolluisce uirbeach i gcás éigeandálaí (an Treoir maidir le hUisce Óil, an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh).

Faoi 2029, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a bheidh déanta acu chun feabhas a chur ar an rochtain ar uisce óil agus ar shláintíocht do chách, lena n‑áirítear grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus coinneoidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin ábhar sin gach 6 bliana (an Treoir maidir le hUisce Óil agus an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh).

Faoi 2030, tacóidh an tAontas le rochtain a bheith ag 70 milliún duine ar fhoinse uisce óil agus/nó ar áis sláintíochta fheabhsaithe (tiomantas an Aontais don Chlár Oibre Gníomhaíochta Uisce). 

Faoi 2033, déanfaidh cathracha uile an Aontais ina bhfuil os cionn 100 000 áitritheoir pleananna comhtháite um bainistiú fuíolluisce uirbigh ar bun lena dtabharfar tús áite do réitigh dhúlrabhunaithe agus do bhonneagair ghlasa/ghorma (an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh).

(1)

     Bhí triomaigh ina gcúis le caillteanais urghnácha a raibh thart ar EUR 40 billiún i gceist leo in 2022 amháin. Idir 1980 agus 2023, bhí tuilte ina gcúis le caillteanais EUR 325 bhilliún. Mar bharr ar na dúshláin sin, gineann an truailliú uisce costais idir EUR 55 bhilliún agus EUR 73 bhilliún. Féach an staidéar ón gCoimisiún maidir le costas na neamhghníomhaíochta i gcomhthéacs an Athbhreithnithe ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil atá ar na bacáin.

(2)

     An Naoú Tuarascáil faoin gComhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach, Caibidil 4 ‘An tAistriú Glas’, 2024 ( https://ec.europa.eu/regional_policy/information-sources/cohesion-report_en ).

(3)

      Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas na hUllmhachta, JOIN(2025) 130 final.

(4)

     The Global Risks Report 2024. Is iad seo a leanas na cúig riosca dhomhanda a bhaineann le huisce: 1) Teagmhais adhaimsire, 2) Athrú Criticiúil ar Chórais an Domhain, 3) Cailliúint bithéagsúlachta agus cliseadh éiceachórais, 4) Ganntanais acmhainní nádúrtha agus 5) Truailliú https://www.weforum.org/publications/global-risks-report-2024/ .

(5)

     COM (2025) 30 final Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach.

(6)

     COM(2025) 85 final An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú.

(7)

     Oifig Eorpach na bPaitinní, Innovation in water-related technologies (mí Iúil 2024), le fáil anseo .

(8)

     Eurostat, Businesses in the water supply, sewerage, waste management and remediation sector [Gnólachtaí in earnáil an tsoláthair uisce, an tséarachais, an bhainistithe dramhaíola agus an leasúcháin dramhaíola] (sonraí arna nasbhaint i mí Feabhra 2025), le fáil anseo .

(9)

     Water Europe (2024) Socio-economic study on the value of the EU investing in water.

(10)

     Tuarascáil ón gCoimisiún Domhanda um Eacnamaíocht an Uisce, 2024.

(11)

     Global water monitor: 2024 summary report | PreventionWeb.

(12)

     Comhdhearcadh ar thángthas air ag Comhdháil Uisce 2023 na Náisiún Aontaithe.

(13)

     Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Márta 2023 – EUCO 4/23

(14)

     Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ar an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce (2024/2104(INI)).

(15)

     Scáth-thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ‘Achainí ar son Comhaontú Gorm don Eoraip’ CCMI/209 an 25 Deireadh Fómhair 2023.

(16)

     Sa Teachtaireacht seo, is éard a chumhdaítear le tionscal an uisce gnóthais, bídís poiblí nó príobháideach, a bhfuil baint acu le huisce (óil) a sholáthar agus fuíolluisce a chóireáil, lena náirítear fuíolluisce uirbeach agus tionsclaíoch. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, innealtóireacht uisce, tógáil bonneagair uisce, mar aon le forbairt agus soláthar trealaimh agus teicneolaíochtaí a bhaineann le huisce.

(17)

     Féach an forléargas in Iarscríbhinn II ar na príomhchuspóirí a leagtar amach sa reachtaíocht atá ann cheana.

(18)

     Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj ).

(19)

     Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lgh. 27-34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2007/60/oj ).

(20)

     Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 (IO L 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj ).

(21)

     Tuarascáil ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach ar staid uisce na hEorpa https://www.eea.europa.eu/en/analysis/publications/europes-state-of-water-2024

(22)

     D’eisigh an Coimisiún moltaí tírshonracha agus iad roinnte ina seacht gcnuasach: (a) gníomhaíocht luathaithe chun an bhearna chomhlíontachta a laghdú; (b) infheistíochtaí a uas-scálú; (c) dul i ngleic leis na príomhbhrúnna; (d) feabhas a chur ar athléimneacht in aghaidh tarluithe adhaimsire a bhaineann le huisce (lena náirítear moladh sonrach i ndáil leis an Treoir maidir le Tuilte a chur chun feidhme go héifeachtach); (e) comhar trasteorann; (f) díolúintí agus (g) monatóireacht, measúnú agus tuairisciú. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach https://environment.ec.europa.eu/topics/water/water-framework-directive/implementation-reports_ga  

(23)

      Meastóireacht ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (SWD(2025)50)  agus an  iarscríbhinn a ghabhann léi .

(24)

     Misin Oiriúnaithe agus Ithreach, Treoraíocht maidir le Tírdhreacha atá Athléimneach ó thaobh na hAeráide de, an Chomhpháirtíocht Théamach maidir le ‘Cathair Uisce-íogair’ faoi chuimsiú an Chlár Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach (UAEU) agus tionscadal um Chathair Spúinse Réigiún na Danóibe, ar tionscadal Interreg é.

(25)

     Macias, D., Bisselink, B., Carmona-Moreno, C. et al. The overlooked impacts of freshwater scarcity on oceans as evidenced by the Mediterranean Sea. Nature Communications 16, 998 (2025).

(26)

     Straitéis um Chur Chun Feidhme Coiteann faoin Treoir Réime maidir le hUisce, Treoirdhoiciméad Uimh. 24 maidir le Bainistiú Abhantrach in Aeráid atá ag Athrú, le fáil anseo . 

(27)

     Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce (2000/60/CE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE) (An tríú plean bainistithe abhantraí An dara plean bainistithe riosca tuilte), COM(2025) 2 final.

(28)

     Moladh 2023/C 220/01 ón gComhairle maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an Aontais chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac; an pacáiste cógaisíochta; agus Treoir athmhúnlaithe maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh ((AE) 2024/3019).

(29)

     An Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (2024) Responding to climate change impacts on human health in Europe: focus on floods, droughts and water quality [Ag freagairt do thionchair an athraithe aeráide ar shláinte an duine san Eoraip: béim ar thuilte, triomaigh agus cáilíocht an uisce]. Tuarascáil ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach 3/2024.

(30)

     Substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile.

(31)

      Comhairle na nAirí Nordacha, sonraí 2019.

(32)

     Na gníomhaíochtaí maidir le leasúchán PFASanna a leagtar amach sa Straitéis seo, comhlánaíonn siad iarrachtaí an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí PFASanna ag an bhfoinse faoin Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (Rialachán REACH). Sa chomhthéacs sin, ba cheart a lua go bhfuil sé beartaithe ag an Coimisiún srian a ghlacadh faoi dheireadh 2025 ar gach PFAS i gcúir comhraic dóiteáin, ar ceann de na príomhfhoinsí astaíochtaí iad.

(33)

     Meastar gur idir EUR 5 bhilliún agus EUR 100 billiún in aghaidh na bliana a bheidh an costas eacnamaíoch a bhaineann le héilliú PFASanna a ghlanadh san Eoraip. I gcás earnáil an uisce amháin, beifear ag dul i ngleic le méadú suas le EUR 18 mbilliún in aghaidh na bliana le haghaidh cóireáil uisce óil, agus meastar go mbeidh an costas a bhaineann le cóireáil fuíolluisce agus bainistiú sloda séarachais níos airde fós. Rinne foireann The Forever Lobbying Project an costas sin a mheas; tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://foreverpollution.eu/lobbying/  

(34)

     Van Grinsven et al, Costs and Benefits of Nitrogen for Europe and Implications for Mitigation, 2013. Cuimsíonn astaíochtaí N agus na costais a bhaineann leis an damáiste a dhéanann siad astaíochtaí ó gach earnáil in uiscí dromchla, uiscí talún agus uiscí mara agus san aer.

(35)

     An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, European Climate Risk Assessment [Measúnú ar Riosca Aeráide na hEorpa], 2024. Féach caibidil 5 ‘Slándáil uisce’ go háirithe chun faisnéis mhionsonraithe a fháil maidir le ganntanas uisce.

(36)

      https://energy.ec.europa.eu/topics/energy-efficiency/energy-efficiency-targets-directive-and-rules/energy-efficiency-first-principle_ga  

(37)

     Spáráil uisce le haghaidh Eoraip atá athléimneach ó thaobh uisce de, an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach 2025, le teacht.

(38)

     Mar shampla, tá sprioc leagtha síos ag an bhFrainc astarraingt uisce a laghdú faoi 10 % go dtí 2030.

(39)

     Water Europe (2024) Socio-economic study on the value of the EU investing in water.

(40)

     Rialachán (AE) 2024/3024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach.

(41)

     Water Europe (2024) Socio-economic study on the value of the EU investing in water.

(42)

     An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh Clean energy can help to ease the water crisis, an 22 Márta 2023.

(43)

     Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig an bParlaimint de bhun Airteagal 12 de Threoir 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú).

(44)

     Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Measúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce, SWD(2018) 249 final.

(45)

     An Rialachán maidir le hAthúsáid Uisce, an Treoir athbhreithnithe maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus an Treoir athbhreithnithe maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh.

(46)

     An Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (2024) Europe’s state of water 2024 [Staid uisce na hEorpa 2024]. Tuarascáil ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach 7/2024, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. https://www.eea.europa.eu/en/analysis/publications/europes-state-of-water-2024

(47)

     An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (2024) Tuarascáil ar staid uisce na hEorpa 2024. https://www.eea.europa.eu/en/analysis/publications/europes-state-of-water-2024

(48)

     Mar shampla, an tArdán Tacaíochta do Pháirtithe Leasmhara na gConairí um Aistriú atá ann faoi láthair.

(49)

      https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/economy-works-people/jobs-growth-and-investment/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-20-principles_en  

(50)

     Sa Phlean Oibre um Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus Lipéadú Fuinnimh 2025-2030 a glacadh le déanaí, cuimsítear teicstílí/éadach, iarann agus cruach, agus alúmanam mar tháirgí a bhforbrófar ceanglais nua ina leith, chomh maith le roinnt táirgí a bhaineann le fuinneamh agus atá ábhartha maidir le huisce amhail miasniteoirí agus meaisíní níocháin, táirgí a mbeidh ceanglas éicidhearthóireachta agus/nó lipéid fuinnimh ar fáil ina leith.

(51)

     Leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go nullmhóidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla ar a laghad i mbardais ina bhfuil níos mó ná 45 000 áitritheoir.

(52)

     Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce (2000/60/CE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE) (An tríú plean bainistithe abhantraí An dara plean bainistithe riosca tuilte), COM(2025) 2 final.

(53)

     Mar a iarradh freisin sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ar an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce (2024/2104(INI)).

(54)

      https://ec.europa.eu/regional_policy/policy/communities-and-networks/cohesion-4-transition_en  

(55)

     Ard-Stiúrthóireacht um an gComhshaol, Riachtanais infheistíochta sa chomhshaol, maoiniú agus bearnaí in AE-27 – nuashonrú 2024 (anailís inmheánach). Ba cheart a lua go bhfuil an méid sin bunaithe den chuid is mó ar riachtanais soláthair uisce agus sláintíochta, agus d’fhéadfadh sé nach léireofaí go hiomlán na costais a bhaineann le bearta eile i dtaca le cur chun feidhme na Treorach Réime maidir le hUisce agus na Treorach maidir le Tuilte.

(56)

     An Banc Ceannais Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, Towards a European system for natural disaster risk management [I dtreo córas Eorpach um bainistiú riosca tubaistí nádúrtha], Páipéar Comhpháirteach, mí na Nollag 2024.

(57)

     Ina measc sin, tá méadrú cliste lena soláthraítear sonraí fíor-ama maidir le húsáid uisce, cothabháil thuarthach agus córais aimsithe sceite, leathchúplaí digiteacha, agus táirgí atá bunaithe ar shonraí arna nginiúint ag braiteoirí in situ, braiteoirí ladrainn nó braiteoirí satailíte.

(58)

     Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí.

(59)

     Cedefop (2023). Skills in transition: the way to 2035 [Scileanna á naistriú: an bealach go dtí 2035]. Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán. https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/1b44cf81-5826-11ee-9220-01aa75ed71a1  

(60)

Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM: scileanna don iomaíochas agus don nuálaíocht COM(2025)89.

(61)

     Rialachán (AE) 2024/3236 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1057 agus (AE) 2021/1058 a mhéid a bhaineann le Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil (RESTORE).

(62)

     JOIN(2025) 130 final. Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Straitéis Eorpach um Aontas na hUllmhachta.

(63)

     Seirbhís Bainistithe Práinne Copernicus lena córais luathrabhaidh le haghaidh dóiteáin foraoise (an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise (EFFIS)), tuilte (an Córas Eorpach maidir le Feasacht Tuile (EFAS) agus an Córas Domhanda maidir le Feasacht Tuile (GloFAS)), agus triomach (an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach (EDO) agus an Fhaireachlann Dhomhanda um Thriomach (GDO)), agus an tAmharcóir Limistéar Riosca Tuilte, ar uirlis múscailte feasachta é.

(64)

     Bunaíodh na chéad Spriocanna de chuid an Aontais maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí faoi Airteagal 6(5) den Chinneadh maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, agus foilsíodh iad i mí Feabhra 2023. Moladh lena mbunaítear Spriocanna an Aontais maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí IO C 56, 15.2.2023, lch. 1. Teachtaireacht dar teideal Spriocanna an Aontais maidir le hAthléimneacht ó Thubaistí: Ag gníomhú le chéile chun déileáil le héigeandálaí amach anseo, COM(2023) 61.

(65)

     Faoi 2026, glacfaidh na Ballstáit straitéis chun athléimneacht na neintiteas criticiúil a fheabhsú lena gcumhdófar earnálacha an uisce óil agus an fhuíolluisce.

(66)

     Treoir (AE) 2022/2555 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais (an Dara Treoir NIS), IO L 333, 27.12.2022, lch. 80.

(67)

     SFI 6 Rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach duine.

(68)

     Tuarascáil 2024 na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Uisce an Domhain: Water for Prosperity and Peace.

(69)

      Rún 79/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

(70)

      fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/tr/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FStandards%252FCXG%2B100-2023%252FCXG_100e.pdf  

(71)

      https://civil-protection-humanitarian-aid.ec.europa.eu/what/humanitarian-aid/climate-change-and-environment_en  

(72)

      https://sdgs.un.org/conferences/water2023/action-agenda , le 33 ghealltanas AE https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7443-2023-INIT/en/pdf .

(73)

      https://docs.un.org/en/UNEP/EA.6/RES.13 .

(74)

      UN_System-wide_Strategy_for_Water_and_Sanitation_July2024_vs23July2024.pdf .

(75)

     An Coinbhinsiún maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta.

(76)

     Straitéis Eorpach chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda is práinní agus chun infheistíochtaí suas le EUR 300 billiún a shlógadh le haghaidh tionscadail inbhuanaithe ardcháilíochta https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/priorities-2019-2024/stronger-europe-world/global-gateway_ga .

(77)

     JOIN(2025) 135/3, Joint Communication to the European Parliament and the Council: The European Union's strategic approach to the Black Sea region [Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith réigiún na Mara Duibhe].

(78)

      An Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh – Leathanach Baile an Chomhphobail Fuinnimh

(79)

      https://www.eib.org/files/press/CommitmenttoWaterSecuritywithlogos.pdf  

(80)

      https://www.cbd.int/gbf/targets  

Top